An Bhruiséil,6.6.2024

COM(2024) 236 final

2024/0133(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, Phrótacal (2024-2029) Cur Chun Feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Síníodh an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde an 12 Feabhra 2007 agus tháinig sé i bhfeidhm an 30 Márta 2007 ar feadh tréimhse 5 bliana. Tá an comhaontú in-athnuaite go hintuigthe, agus dá bhrí sin tá sé fós i bhfeidhm. Bhí prótacal cur chun feidhme 5 bliana de chuid an CCI ann roimhe sin, tháinig sé i bhfeidhm an 20 Bealtaine 2019 agus chuaigh sé in éag an 19 Bealtaine 2024.

An 19 Nollaig 2023, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht le haghaidh prótacal nua (dá ngairtear ‘an Prótacal nua’ anseo feasta) a ghabhann leis an CCI.

Ar bhonn na dtreoracha caibidlíochta ábhartha 1 , rinne an Coimisiún caibidlíocht le Cabo Verde maidir prótacal nua cur chun feidhme de chuid an CCI idir an Comhphobal Eorpach agus Cabo Verde a thabhairt i gcrích. Is é an cuspóir atá ann ceadú do shoithí an Aontais rochtain a fháil ar limistéar iascaireachta Cabo Verde agus tuinníní agus speicis ghaolmhara a iascach ann, comhlíonadh na mbeart arna nglacadh ag an gCoimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (CITAC). De thoradh na caibidlíochta sin, cuireadh inisealacha le téacs nua den phrótacal cur chun feidhme an 15 Aibreán 2024.

Leis an bPrótacal nua, cumhdaítear tréimhse 5 bliana ó dháta an chur i bhfeidhm shealadaigh atá leagtha síos in Airteagal 17.

Is é is cuspóir don Phrótacal nua deiseanna iascaireachta a dheonú do shoithí an Aontais sna limistéir iascaireachta in uiscí Cabo Verde, i gcomhréir le comhairle eolaíoch agus moltaí CITAC. Cuspóir eile is ea an comhar idir an tAontas agus Cabo Verde a neartú trí chreat comhpháirtíochta an CCI a chur chun feidhme ar mhaithe le beartais iascaigh inbhuanaithe a fhorbairt agus le saothrú freagrach na hacmhainne iascaigh in uiscí Cabo Verde, chun leasa an dá pháirtí.

Leis an bPrótacal nua ceadaítear do shoithí an Aontais iascaireacht a dhéanamh in uiscí Cabo Verde le haghaidh speiceas tuinníní agus déantar foráil ann maidir leis na deiseanna iascaireachta seo a leanas:

   24 bhád saighne tuinníní;

   22 bhád spiléireachta dromchla;

   10 soitheach cleithe agus dorú;

- mar aon le soithí tacaíochta de réir rúin ábhartha CITAC.

Is é is cuspóir don togra seo tabhairt i gcrích Phrótacal Cur Chun Feidhme an CCI a údarú.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Is é is príomhaidhm don Phrótacal nua a ghabhann leis an CCI creat cothrom le dáta a sholáthar lena gcuirtear san áireamh tosaíochtaí an chomhbheartais iascaigh (CBI) agus a ghné sheachtrach. Cuideoidh sé sin le leanúint den chomhpháirtíocht straitéiseach idir an tAontas Eorpach agus Cabo Verde agus í a neartú.

Leis an bprótacal nua, déantar foráil maidir le deiseanna iascaireachta le haghaidh shoithí an Aontais a dhíríonn ar thuinníní agus speicis ghaolmhara in uiscí Cabo Verde. Tá sé bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil agus ar na moltaí a rinne CITAC, an eagraíocht réigiúnach bainistithe iascaigh a bhainistíonn stoic éisc mhórimirceacha. Na bearta bainistíochta a ghlac CITAC, tá siad san áireamh freisin i bhforálacha ábhartha CBI is infheidhme maidir le limistéar CITAC, go háirithe iad siúd sa Rialachán lena socraítear na deiseanna iascaireachta 2 .

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Is cuid de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais maidir le tíortha na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin prótacal nua a ghabhann leis an CCI a chaibidliú agus cuirtear san áireamh ann, go háirithe, cuspóirí an Aontais maidir le prionsabail dhaonlathacha agus cearta an duine a urramú.

Tá an chaibidlíocht maidir le prótacal nua a ghabhann leis an CCI a thabhairt i gcrích comhleanúnach i gcomhthéacs an chomhair idir na Páirtithe i ndáil le hearnáil an iascaigh agus tráchtáil a cuid táirgí a fhorbairt. Baineann Cabo Verde tairbhe as ‘maolú sealadach’ 3 ar na rialacha maidir le tionscnamh fabhair le haghaidh méideanna teoranta d’fhilléid tuinnín agus de luanta tuinnín ullmhaithe nó leasaithe, agus filléid ronnach agus tuinníní frigéid ullmhaithe nó leasaithe nach de thionscnamh an Aontais iad. Leis an maolú sin, na táirgí sin nach de thionscnamh an Aontais ná Cabo Verde iad a phróiseáiltear in Cabo Verde, glacann siad tionscnamh ‘Cabo Verde’ chucu, agus féadfar iad a onnmhairiú chuig an Aontas mar sin gan dleachtanna custaim agus iad ag teacht isteach i margadh an Aontais (córas GSP+).

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é an bunús dlí Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena mbunaítear an comhbheartas iascaigh agus Airteagal 218(6)(a)(v) agus Airteagal 218(7) CFAE maidir le comhaontuithe a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus tríú tíortha agus an fhéidearthacht atá ann an t‑idirbheartaí a údarú chun leasuithe a fhormheas thar ceann an Aontais, is iad sin modhnuithe ar an gcomhaontú arna nglacadh trí nós imeachta simplithe nó ag comhlacht arna bhunú leis an gcomhaontú.

Leagtar síos in Airteagal 17(1) de CFAE, cé is moite den chomhbheartas eachtrach agus slándála, go bhfuil an Coimisiún le hionadaíocht sheachtrach an Aontais a áirithiú. Dá bhrí sin, is é an Coimisiún amháin atá inniúil chun fógra a thabhairt do Cabo Verde faoi chur i gcrích an phróisis daingniúcháin.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh de bhun Airteagal 3(1)(d) CFAE. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.

Comhréireacht

Tá an togra comhréireach leis an gcuspóir creat rialachais dlíthiúil, comhshaoil, eacnamaíoch agus sóisialta a bhunú le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann soithí an Aontais in uiscí tríú tír, mar a leagtar amach in Airteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 lena mbunaítear an Comhbheartas Iascaigh. Tá sé i gcomhréir leis na forálacha sin chomh maith leis na forálacha maidir le cúnamh airgeadais do thríú tíortha a leagtar síos in Airteagal 32 den Rialachán sin.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

In 2023, d’ordaigh/rinne an Coimisiún meastóireacht ex post ar Phrótacal 2019-2024 a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh le Cabo Verde, mar aon le meastóireacht ex ante ar athnuachan a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an bPrótacal 4 .

Thángthas ar an gconclúid sa mheastóireacht ex post ar Phrótacal 2015-2018 gur chomhlánaigh sé na socruithe rochtana eile a bunaíodh sa réigiún, socruithe lena gceadaítear do shoithí an Aontais saothrú na stoc imirceach a bharrfheabhsú i gcomhréir leis na rialacha réigiúnacha arna leagan síos ag CITAC.Ar bhonn na meastóireachta sin, dealraíonn sé go gcuireann earnáil iascaireachta an Aontais spéis mhór sa deis a gníomhaíocht a dhéanamh in Cabo Verde agus go mbeadh sé chun leasa an dá pháirtí prótacal nua a chaibidliú. Ina theannta sin, le prótacal nua a chaibidliú, chuideofaí le faireachán, rialúchán agus faireachas a neartú agus chuideofaí le feabhas a chur ar rialachas na ngníomhaíochtaí iascaireachta sa réigiún.

Maidir leis an Aontas, tá sé tábhachtach go gcoinneofaí ionstraim ar bun lena gceadófaí comhar domhain earnála le himreoir mór a bhfuil tionchar mór aige i rialachas aigéan ar an leibhéal fo-réigiúnach mar gheall ar mhéid an limistéir iascaireachta atá faoina dhlínse. I gcás chabhlach an Aontais, ciallaíonn sé sin go n‑athbhunófar rochtain ar limistéar tábhachtach iascaireachta chun straitéisí saothraithe a chur i bhfeidhm faoi chreat dlí idirnáisiúnta ilbhliantúil. Ina theannta sin, mar gheall ar láthair fhabhrach Chalafort Mindelo (Ile São Vicente), i limistéar a ndéantar dúshaothrú mór air, d’fhéadfadh sé a bheith ina chalafort díluchtaithe tábhachtach, rud a chuirfeadh le fiúntas an phrótacail nua atá beartaithe, le haghaidh earnáil iascaigh an Aontais agus na tíre comhpháirtíochta araon. I gcás údaráis Cabo Verde, is é an aidhm atá ann leanúint den chaidreamh leis an Aontas Eorpach chun rialachas na n‑aigéan a neartú, ag baint tairbhe as tacaíocht earnála thiomnaithe lena gcuirtear deiseanna maoinithe ilbhliantúla ar fáil, agus tionsclú earnáil an athchóirithe a chur ar bun trí bhíthin ghníomhaíocht na soithí, mar chuid d’éagsúlú a gheilleagair.

Ó thaobh an Aontais de, tá sé tábhachtach ionstraim a choinneáil ar bun lena gceadaítear dlúthchomhar earnála le tír atá ina príomh-chomhpháirtí, ina soláthróir táirgí éisc don Aontas, le páirtithe leasmhara ar an leibhéal idirnáisiúnta agus a bhfuil meánna iascaireachta aici atá chun leas chabhlach an Aontais.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Mar chuid den mheastóireacht thuasluaite, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit, le hionadaithe tionscail agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta na sochaí sibhialta, chomh maith le údaráis na n‑iascach agus ionadaithe shochaí shibhialta Cabo Verde. Reáchtáladh comhairliúcháin freisin laistigh den Chomhairle Chomhairleach um Iascaireacht Fadraoin. Ar bhonn na gcomhairliúchán sin, dealraíonn sé gur chun leasa an Aontais Eorpaigh agus Cabo Verde é ionstraim a choimeád lena gceadaítear comhar domhain earnála, le deiseanna maoinithe ilbhliantúla le haghaidh Cabo Verde. I gcás armálacha an Aontais, is chun a leasa é rochtain ar limistéar tábhachtach iascaireachta a choimeád trí chomhaontú in earnáil an iascaigh.

Bailiú agus úsáid saineolais

D’úsáid an Coimisiún comhairleoir neamhspleách le haghaidh na meastóireachtaí ex post agus ex ante, i gcomhréir le forálacha Airteagal 31(10) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 lena mbunaítear an comhbheartas iascaigh.

Measúnú tionchair

Neamhbhainteach.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Neamhbhainteach.

Cearta bunúsacha

Sa phrótacal a caibidlíodh, cuimsítear clásal a bhaineann leis na hiarmhairtí má sháraítear na heilimintí fíor-riachtanacha a bhaineann le cearta daonna a leagtar síos in Airteagail 8 agus 9 de Chomhaontú Shamó 5 .

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Is é EUR 3 900 000 an ranníocaíocht airgeadais le haghaidh fhad iomlán an Phrótacail (i.e. EUR 780 000 in aghaidh na bliana), ar bhonn na nithe seo a leanas:

(a) tonnáiste tagartha 7 000 tona, ar socraíodh méid bliantúil ina leith maidir le rochtain ag EUR 350 000;

(b) tacaíocht chun beartas earnála iascaigh Cabo Verde a fhorbairt, ar fiú EUR 430 000 in aghaidh na bliana é.

Leis an tacaíocht sin, comhlíontar cuspóirí an chomhair i réimsí an tsaothraithe inbhuanaithe acmhainní iascaigh, an dobharshaothraithe, fhorbairt inbhuanaithe na n‑aigéan, chosaint na muirthimpeallachta agus an gheilleagair ghoirm.

Déantar an méid bliantúil le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a bhunú le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil, lena náirítear an líne chúltaca le haghaidh prótacail nár tháinig i bhfeidhm go fóill ag tús na bliana 6 .

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déantar foráil maidir leis na socruithe faireacháin sa CCI agus sa Phrótacal nua.

2024/0133 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, Phrótacal (2024-2029) Cur Chun Feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a)(v) agus le hAirteagal 218(7) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (…) 7

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)I gcomhréir le Cinneadh [XXX] ón gComhairle an [...] 8 , síníodh Prótacal (2024-2029) Cur Chun Feidhme (‘an Prótacal’) an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde an [….], faoi réir a thabhairt i gcrích dáta is faide anonn.

(2)Tá sé d’aidhm ag an bPrótacal ligean do shoithí an Aontais a ngníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh i limistéar iascaireachta Cabo Verde agus ligean don Aontas agus do Cabo Verde comhoibriú go dlúth le chéile chun leanúint d’fhorbairt beartais iascaigh inbhuanaithe agus do shaothrú freagrach na hacmhainne iascaigh i limistéar iascaireachta Cabo Verde agus san Aigéan Indiach a chur chun cinn. Tacaíonn an comhar sin le dálaí oibre cuibhiúla a bhunú in earnáil an iascaigh freisin.

(3)Ba cheart an Prótacal a fhormheas thar ceann an Aontais Eorpaigh.

(4)Chun go dtiocfaidh an Prótacal i bhfeidhm, ba cheart don Choimisiún, ina cháil mar ionadaí an Aontais, obair leantach a dhéanamh ar an gCinneadh ón gComhairle agus ba cheart dó fógra a thabhairt do Cabo Verde faoi thoiliú an Aontais a bheith faoi cheangal ag an bPrótacal.

(6)Le hAirteagal 9 den Chomhaontú, bunaítear Comhchoiste atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe agus an Phrótacail. Tá sé de chumhacht ag an gCoiste sin leasuithe áirithe ar an bPrótacal a fhormheas. Ionas go néascófaí formheas na leasuithe sin, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún, faoi réir coinníollacha substainteacha agus nós imeachta, iad a fhormheas thar ceann an Aontais de réir nós imeachta simplithe.

(7)Ba cheart don Chomhairle seasamh an Aontais a bhunú maidir leis na leasuithe ar an bPrótacal atá beartaithe. Ba cheart na leasuithe atá beartaithe a fhormheas mura rud é go ndéanann mionlach blocála de na Ballstáit agóid in aghaidh na leasuithe i gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

(8)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 9 agus thug sé tuairim an [cuir isteach dáta],

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Prótacal (2024-2029) Cur Chun Feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde (‘an Prótacal’), formheastar leis seo é thar ceann an Aontais.

Tá téacs an Phrótacail i gceangal leis an gCinneadh seo mar Iarscríbhinn 1.

Airteagal 2

I gcomhréir leis na forálacha agus na coinníollacha a leagtar síos in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gCinneadh seo, údaraítear an Coimisiún leis seo, thar ceann an Aontais, leasuithe ar an bPrótacal arna nglacadh ag an gComhchoiste arna bhunú faoi Airteagal 9 den Chomhaontú Comhpháirtíochta a ghlacadh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.CREAT AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

1.4.2.Cuspóirí sonracha

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil coinne leo

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

1.5.2.Breisluach Eorpach (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, mar shampla, gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach Eorpach’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

2.2.3.Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.2.An taschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus le cur i bhfeidhm sealadach Phrótacal (2024-2029) Cur Chun Feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann 

08 – Talmhaíocht agus Beartas Muirí

08.05 – Comhaontuithe agus Comhpháirtíochtaí Iascaigh Inbhuanaithe agus Eagraíochtaí Réigiúnacha Bainistithe Iascaigh

08.05.01 – Creat rialachais a bhunú le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta shoithí iascaireachta an Aontais in uiscí tríú tíortha

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le: 

X beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 10  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

Trí chaibidlíocht a dhéanamh ar na comhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe le tríú tíortha agus iad a thabhairt i gcrích, comhlíontar an cuspóir ginearálta maidir le rochtain a thabhairt do shoithí iascaireachta an Aontais Eorpaigh ar limistéir iascaireachta tríú tíortha agus comhpháirtíocht a fhorbairt leis na tíortha sin d’fhonn saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh a neartú lasmuigh d’uiscí an Aontais Eorpaigh.

Leis na conarthaí comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe, áirithítear freisin comhsheasmhacht idir na prionsabail lena rialaítear an comhbheartas iascaigh agus na gealltanais a rinneadh faoi bheartais Eorpacha eile amhail úsáid inbhuanaithe acmhainní tríú tíortha, an comhrac in aghaidh na hiascaireachta neamhdhleathaí, neamhthuairiscithe agus neamhrialaithe, comhtháthú na dtíortha comhpháirtíochta sa gheilleagar domhanda, rannchuidiú le forbairt inbhuanaithe i ngach gné, agus rialachas polaitiúil agus airgeadais níos fearr ar iascaigh.

1.4.2.Cuspóirí sonracha

Cuspóir sonrach Uimh.º1 

Cur le hiascaireacht inbhuanaithe in uiscí nach uiscí de chuid an Aontais iad, láithreacht Eorpach a choinneáil ar bun in iascaigh i bhfarraigí i bhfad i gcéin agus leasanna earnáil iascaigh na hEorpa agus tomhaltóirí a chosaint trí idirbheartaíocht agus comhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe a thabhairt i gcrích le Stáit chósta, i gcomhréir le beartais Eorpacha eile.

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil coinne leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Le tabhairt i gcrích Phrótacal Cur Chun Feidhme an Chomhaontaithe, leantar den chomhpháirtíocht iascaigh straitéiseach idir an tAontas Eorpach agus an Cabo Verde agus treisítear í. Le tabhairt i gcrích an Phrótacail, cruthófar deiseanna iascaireachta le haghaidh shoithí an Aontais i limistéar iascaireachta Cabo Verde.

Leis an gComhaontú agus an Prótacal, is fearr a dhéanfar na hacmhainní iascaigh a bhainistiú agus a chaomhnú, trí thacaíocht airgeadais (tacaíocht earnála) a chur ar fáil chun cláir arna nglacadh ar an leibhéal náisiúnta ag an tír chomhpháirtíochta a chur chun feidhme, go háirithe an Plean Cuimsitheach Iascaigh, faireachas a dhéanamh ar an iascaireacht neamhdhleathach agus an comhrac ina haghaidh agus tacaíocht a thabhairt d’earnáil an iascaigh ar mionscála.

Ar deireadh, leis an gComhaontú agus an Prótacal, cuirfear le saothrú inbhuanaithe na n‑acmhainní muirí in Cabo Verde agus le geilleagar iascaireachta Cabo Verde, trí fhás agus dálaí oibre cuibhiúla a chur chun cinn, maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann leis an iascaireacht.

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

Rátaí úsáide deiseanna iascaireachta (glacadh bliantúil na n‑údaruithe iascaireachta mar chéatadán den infhaighteacht faoin bPrótacal).

Sonraí maidir le gabhálacha (bailiú agus anailísiú) agus luach tráchtála an Chomhaontaithe.

Ranníocaíocht le fostaíocht agus dálaí oibre cuibhiúla san iascach agus le breisluach san Aontas agus le margadh an Aontais a chobhsú (go comhiomlán le Comhaontuithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe eile).

Tacaíocht leis an tír chomhpháirtíochta chun feabhas a chur ar thaighde, faireachas agus rialú ar ghníomhaíochtaí iascaireachta agus ar fhorbairt a hearnála iascaigh, go háirithe an earnáil a bhaineann le hiascaigh ar mionscála.

1.5.Forais an togra/tionscnaimh 

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Tá sé beartaithe go mbeidh feidhm ag an bprótacal nua cur chun feidhme ar bhonn sealadach ó dháta a shínithe, ionas go gcuirfear laghdú ar aon chur isteach ar oibríochtaí iascaireachta mar gheall ar dhul in éag an Phrótacail reatha.

Leis an bPrótacal nua cuirfear creat ar fáil do ghníomhaíochtaí iascaireachta de chabhlach an Aontais i limistéar iascaireachta Cabo Verde agus tabharfar údarú d’úinéirí soithí an Aontais iarratas a dhéanamh ar údaruithe iascaireachta chun dul i mbun iascaireachta sa limistéar sin. Ina theannta sin, leis an bPrótacal nua, cuirfear feabhas ar an gcomhar idir an tAontas Eorpach agus Cabo Verde d’fhonn forbairt ar bheartas iascaigh inbhuanaithe i ngach gné a chur chun cinn. Foráiltear ann, go háirithe, go ndéanfar faireachán ar shoithí trí VMS agus go dtarchuirfear sonraí gabhála go leictreonach. Leis an tacaíocht earnála atá ar fáil faoin bPrótacal cuideofar le Cabo Verde lena straitéis iascaigh náisiúnta, lena n‑áirítear an iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chomhrac agus dálaí oibre cuibhiúla a chur chun cinn i ngníomhaíochtaí iascaireachta.

1.5.2.Breisluach Eorpach (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, mar shampla, gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach Eorpach’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

Mura dtabharfaidh an tAontas comhaontú nua i gcrích, ní fhéadfaidh soithí an Aontais leanúint dá ngníomhaíochtaí iascaireacht ós rud é go bhfuil clásal sa Chomhaontú reatha lena n‑eisiatar gníomhaíochtaí iascaireachta nach bhfuil sa chreat a shainítear le prótacal a ghabhann leis an gComhaontú. Dá bhrí sin, tá an luach breise do chabhlach fadraoin an Aontais Eorpaigh an-soiléir. Leis an bPrótacal cuirtear creat ar fáil freisin maidir le comhar feabhsaithe idir an tAontas agus Cabo Verde

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

De thoradh na hanailíse ar ghabhálacha a fuarthas i limistéar iascaireachta Cabo Verde san am atá thart, agus ar na measúnuithe agus ar an gcomhairle eolaíoch atá ar fáil, tá na Páirtithe in ann tonnáiste tagartha a shocrú le haghaidh tuinníní agus speicis chosúla cothrom le 7 000 tona in aghaidh na bliana, tonnáiste ag a mbeidh deiseanna iascaireachta le haghaidh 24 bhád peas‐saighne tuinníní agus 22 bhád spiléireachta dromchla agus 10 soitheach cleithe agus dorú. Socraíodh tacaíocht earnála ar ardleibhéal chun tosaíochtaí na straitéise iascaigh náisiúnta, agus go háirithe tosaíochtaí an Phlean Chuimsithigh Iascaigh, a chur san áireamh.

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Na cistí a sholáthraítear mar chúiteamh airgeadais le haghaidh rochtana faoin CCI, is ioncam inmhalartaithe i mbuiséad náisiúnta Cabo Verde iad. Mar sin féin, leithdháiltear cistí atá beartaithe le haghaidh tacaíocht earnála (de ghnáth trína thabhairt isteach sa dlí buiséadach bliantúil) ar an Aireacht atá freagrach as an iascach, agus is coinníoll é sin go dtabharfaí na CCInna i gcrích agus go ndéanfaí faireachán orthu. Tá na hacmhainní airgeadais sin comhoiriúnach le foinsí maoinithe eile ó dheontóirí idirnáisiúnta eile chun tionscadail agus/nó cláir a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta in earnáil an iascaigh

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

Ní bhaineann le hábhar

1.6.
Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

X tréimhse theoranta

X    I bhfeidhm ón 20 Bealtaine 2024 go dtí an 19 Bealtaine 2029 (faoi réir a shínithe roimh an 20 Bealtaine 2024)

X    Tionchar airgeadais ó 2024 go 2028 maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó 2024 go 2029 maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

 tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modh nó modhanna bainistíochta atá beartaithe 11

X Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

X ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   a dhéanann na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí poiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’ le do thoil.

Nótaí

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

Áiritheoidh an Coimisiún (AS MARE, i gcomhar lena attaché iascaigh, arb é atá freagrach as an réigiún — , agus i gcomhar le Toscaireacht an Aontais Eorpaigh in Cabo Verde agus seirbhísí ábhartha an Choimisiúin), áiritheoidh sé go ndéanfar faireachán rialta ar chur chun feidhme an Phrótacail maidir le húsáid deiseanna iascaireachta oibreoirí, sonraí gabhála agus comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le tacaíocht earnála.

Ina theannta sin, foráiltear sa CCI maidir le cruinniú den Chomhchoiste, cruinniú a reáchtálfar uair amháin ar a laghad sa bhliain agus a ndéanfaidh an Coimisiún agus Cabo Verde athbhreithniú ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe agus an Phrótacail ann agus, más gá, déanfar na cláir agus an ranníocaíocht airgeadais a choigeartú

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Cuirfear íocaíochtaí chun feidhme ar bhealach díchúpláilte maidir leis an ranníocaíocht le haghaidh rochtana agus an ranníocaíocht le haghaidh tacaíocht earnála.Déanfar na híocaíochtaí le haghaidh rochtana ar bhonn bliantúil ar dháta comórtha an Phrótacail, ach amháin sa chéad bhliain, nuair a dhéanfar an íocaíocht sna 3 mhí tar éis thús an iarratais shealadaigh. Déanfar rochtain ar shoithí a rialú trí údaruithe iascaireachta a eisiúint.

Íocfar an tacaíocht den chéad uair laistigh de 3 mhí ó thús an chur i bhfeidhm shealadaigh, faoi réir comhaontú maidir leis an gclár cur chun feidhme bliantúil agus ilbhliantúil agus faoi réir ídiú na leithreasuithe arna leithdháileadh ar thacaíocht earnála le haghaidh thréimhse 2019-2024 a chomhfhreagraíonn don phrótacal cur chun feidhme roimhe sin; sna blianta ina dhiaidh sin, is ar na torthaí a bhainfear amach a bheidh sé ag brath. Déanfar faireachán ar na torthaí a baineadh amach agus ar an ráta cur chun feidhme de réir na dTreoirlínte maidir le Tacaíocht Earnála a Chur Chun Feidhme do Bheartas Iascaigh Cabo Verde atá le comhaontú ag na Páirtithe, ar bhonn tuarascálacha nó fianaise dhoiciméadach arna soláthar ag an tír chomhpháirtíochta agus iniúchtaí teicniúla a dhéanann an attaché iascaigh.

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Is é an riosca a aithníodh tearc-úsáid na ndeiseanna iascaireachta ag úinéirí shoithí an Aontais agus tearc-úsáid nó úsáid mhall ag Cabo Verde as cistí atá beartaithe chun an beartas iascaigh earnála a mhaoiniú. Tá idirphlé forleathan beartaithe maidir le clárú agus cur i bhfeidhm an bheartais earnála a leagtar síos sa Chomhaontú agus sa Phrótacal. Tá anailís chomhpháirteach ar thorthaí, dá dtagraítear in Airteagal 6 den Phrótacal, mar chuid de na modhanna rialaithe sin freisin. Ina theannta sin, tá clásail shonracha sa Chomhaontú agus sa Phrótacal lena gcur ar fionraí, faoi choinníollacha áirithe agus in imthosca áirithe.

2.2.3.Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh) 

Tá íocaíochtaí a bhaineann le costais rochtana faoi Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe (CCII) faoi réir seiceálacha atá dírithe ar a áirithiú go gcomhlíontar forálacha comhaontuithe idirnáisiúnta. Tá seiceálacha a bhaineann le tacaíocht earnála dírithe ar fhaireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na tacaíochta sin. Is iad baill foirne an Choimisiúin a dhéanfaidh an faireachán i dToscaireachtaí an Aontais Eorpaigh agus le linn cruinnithe Comhchoistí. Úsáidtear maitrís chlársceidealaithe ilbhliantúil chun an dul chun cinn a mheas. Mura bhfuil dul chun cinn leordhóthanach ann, cuirfear íocaíocht an chéad tráinse eile ar fionraí nó b’fhéidir go laghdófaí é. Meastar gurb é costas fhoriomlán na seiceálacha ar gach Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe 1,8 % (de na ranníocaíochtaí in 2018). Tá na nósanna imeachta maidir le seiceálacha ar chonarthaí comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe bunaithe go príomha ar riachtanais rialála fíor-riachtanacha. Mura mbraitear aon easnamh a d’fhéadfadh tionchar ach beag a imirt ar dhlíthiúlacht agus rialtacht na n‑idirbheart airgeadais, measfar go bhfuil na seiceálacha éifeachtach. Meastar gurb é an meánráta earráide 0,0 %.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Geallann an Coimisiún go mbunófar idirphlé polaitiúil agus comhordú rialta le Cabo Verde d’fhonn bainistiú an Chomhaontaithe agus an Phrótacail a fheabhsú, agus tacaíocht an Aontais le bainistiú acmhainní inbhuanaithe a neartú. Aon íocaíocht a dhéanann an Coimisiún faoi Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe, is faoi réir rialacha caighdeánacha agus nósanna imeachta buiséid agus airgeadais an Choimisiúin a dhéanfar iad. Go háirithe, aithnítear cuntais bhainc na dtríú tíortha a n‑íocfar an ranníocaíocht airgeadais iontu. Foráiltear le hAirteagal 5(7) den Phrótacal nach mór an ranníocaíocht airgeadais le haghaidh rochtana a íoc isteach i gcuntas Státchiste Poiblí agus nach mór an ranníocaíocht airgeadais atá beartaithe chun an earnáil a fhorbairt a íoc isteach i gcuntas oifigiúil atá faoi mhaoirseacht na hAireachta atá freagrach as an iascach.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar 

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

An cineál
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir

LD/LN 12

ó thíortha de chuid CSTE 13

ó thíortha is iarrthóirí 14

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

Creat rialachais a bhunú le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann soithí an Aontais Eorpaigh in uiscí tríú tíortha

08.05.01

Difreáilte

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

·Línte nua buiséid atá á niarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

An cineál
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir

LD/LN

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

[XX.YY.YY.YY]

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

   Ní éilítear leis an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

X    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil

Uimh. 2

Fás inbhuanaithe: acmhainní nádúrtha

AS MARE

Bliain
2024 15

Bliain
2025

Bliain
2026

Bliain
2027

Bliain
2028

IOMLÁN

□ Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Líne bhuiséid 16 08.05.01

Gealltanais

(1a)

0,780

0,780

0,780

0,780

0,780

3,900

Íocaíochtaí

(2a)

0,780

0,780

0,780

0,780

0,780

3,900

Líne bhuiséid

Gealltanais

(1b)

Íocaíochtaí

(2b)

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 17  

Líne bhuiséid

(3)

IOMLÁN na leithreasuithe
le haghaidh AS MARE

Gealltanais

=1a+1b +3

0,780

0,780

0,780

0,780

0,780

3,900

Íocaíochtaí

=2a+2b

+3

0,780

0,780

0,780

0,780

0,780

3,900




IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

0,780

0,780

0,780

0,780

0,780

3,900

Íocaíochtaí

(5)

0,780

0,780

0,780

0,780

0,780

3,900

□IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach clár sonrach

(6)

IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 2
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

=4+6

0,780

0,780

0,780

0,780

0,780

3,900

Íocaíochtaí

=5+6

0,780

0,780

0,780

0,780

0,780

3,900

Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal oibríochta amháin, líon isteach an chuid thuas arís i gcás gach ceann de na ceannteidil sin:

□ IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (gach ceannteideal oibríochta)

Gealltanais

(4)

0,780

0,780

0,780

0,780

0,780

3,900

Íocaíochtaí

(5)

0,780

0,780

0,780

0,780

0,780

3,900

IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach (gach ceannteideal oibríochta)

(6)

IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 6
den chreat airgeadais ilbhliantúil
(Méid tagartha)

Gealltanais

=4+6

0,780

0,780

0,780

0,780

0,780

3,900

Íocaíochtaí

=5+6

0,780

0,780

0,780

0,780

0,780

3,900





Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil

7

‘Caiteachas riaracháin’

Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart leas a bhaint as na ‘sonraí buiséid de chineál riaracháin’ atá le hiontráil ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach (Iarscríbhinn V a ghabhann leis na rialacha inmheánacha) agus a uaslódáiltear chuig an gcóras DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

Ard-Stiúrthóireacht: <…….>

□ Acmhainní daonna

□ Caiteachas riaracháin eile

IOMLÁN AS <…….>

Leithreasuithe

IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N 18

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 à 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Gealltanais

Íocaíochtaí

3.2.2.An taschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain
2024

Bliain
2025

Bliain
2026

Bliain
2027

Bliain

2028

IOMLÁN

ASCHUIR

Cineál 19

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 20 ...

- Rochtain

0,350

0,350

0,350

0,350

0,350

1,750

- Tacaíocht earnála

0,430

0,430

0,430

0,430

0,430

2,150

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

0,780

0,780

0,780

0,780

0,780

3,900

IOMLÁIN

0,780

0,780

0,780

0,780

0,780

3,900

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin 

X    Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin.

   Éilítear leis an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N 21

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas riaracháin eile

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 22
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eile
de chineál riaracháin

Fo-iomlán
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

X    Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

   Éilítear leis an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain N+2

Bliain N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

□ Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

01 01 01 01 (Taighde indíreach)

01 01 01 11 (Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

Foireann sheachtrach (in aonaid de choibhéis lánaimseartha: FTE) 23

20 02 01 (AC, END, INT ón imchlúdach iomlánaíoch)

20 02 03 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

XX 01 xx yy zz   24

- sa cheanncheathrú

- i dtoscaireachtaí

01 01 01 02 (AC, END, INT – Taighde indíreach)

01 01 01 12 (CA, INT, SNE – taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Pearsanra seachtrach

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

X    is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. Cuir tábla Excel ar fáil i gcás athchlárú mór.

   is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann, na méideanna comhfhreagracha agus na hionstraimí atá beartaithe a úsáid.

   is gá athbhreithniú ar CAI.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

X    ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N 25

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe


3.3.
An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

X    Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam ilghnéitheach

má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin    

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 26

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá sannta, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

(1)    Tagairt 15485/23 + ADD 1, a d’fhormheas Coreper, cuid 1, 15.12.2023 ; https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-16673-2023-INIT/en/pdf
(2)    IO L 28, 31.1.2023, lgh. 1–219. Féach roinn 3 agus Iarscríbhinn ID.
(3)    Rinneadh an maolú ‘sealadach’ sin a athnuachan go tráthrialta ó bhí 2008 ann – lena náirítear táirgí leasaithe, filléid tuinnín agus luanta tuinnín ó bhí 2017 ann, go dtí go bhforbrófaí cabhlach náisiúnta agus go síneofaí comhaontú comhpháirtíochta eacnamaíche (CCE) réigiúnach le Ballstáit Chomhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Thiar (ECOWAS), a bhfuil Cabo Verde ina chuid de.
(4)    An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Muirí agus na hIascaireachta, Defaux, V., Cappell, R., Évaluation rétrospective et prospective du Protocole de mise en œuvre de l’accord de partenariat dans le domaine de la pêche entre l’Union européenne et la République de Cabo Verde – Rapport final [Meastóireacht Chúlghabhálach agus Ionchasach ar Phrótacal Cur Chun Feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Cabo Verde – Tuarascáil Chríochnaitheach], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2023, https://data.europa.eu/doi/10.2771/814998  
(5)    Comhaontú Comhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Comhaltaí Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin, den pháirt eile (IO L, 2023/2861, 28.12.2023) https://data.europa.eu/eli/reg/2023/02862/oj
(6)    I gcomhréir leis an gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha, pointe 20 (IO L 433I, 22.12.2020)
(7)    tagairt le cur isteach
(8)    (…) (IO L […], […], lch. […]).
(9)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(10)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(11)    Tá mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais le fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
(12)    LD = Leithreasuithe difreáilte/LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(13)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(14)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d’fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí.
(15)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
(16)    De réir ainmníocht oifigiúil an bhuiséid.
(17)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(18)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
(19)    Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a tógadh, etc.).
(20)    Mar a thugtar tuairisc air i gcuid 1.4.2. ‘Cuspóirí sonracha...’.
(21)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
(22)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(23)    AC = Ball foirne ar conradh; AL= Ball foirne áitiúil; END= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
(24)    Fo-uasteorainneacha d’fhoireann sheachtrach arna gcumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte ‘BA’).
(25)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
(26)    A mhéid a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.

An Bhruiséil,6.6.2024

COM(2024) 236 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann le

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, Phrótacal (2024-2029) Cur Chun Feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde


IARSCRÍBHINN 1

 PRÓTACAL (2024-2029) maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde

Airteagal 1
Sainmhínithe

Chun críocha an Phrótacail seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 2 den Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde (dá ngairtear ‘an Comhaontú’ anseo feasta).

Beidh feidhm freisin ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)an tAontas Eorpach, ar a dtugtaí an Comhphobal Eorpach roimhe seo: dá ngairtear ‘an tAontas’ anseo feasta;

(b)Poblacht Cabo Verde: dá ngairtear ‘Cabo Verde’ anseo feasta;

dá ngairtear na ‘Páirtithe’ go comhpháirteach anseo feasta;

(c)Ciallaíonn ‘limistéar iascaireachta Cabo Verde’ uiscí Cabo Verde a bhféadfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais rochtain a fháil orthu chun a ngníomhaíochtaí a dhéanamh iontu;

(d)Ciallaíonn ‘gabhálacha’ speicis uisceacha mhuirí a ghabhtar le trealamh iascaireachta a úsáideann soitheach iascaireachta;

(e)Ciallaíonn ‘tabhairt i dtír’ aon chainníocht táirgí iascaigh a dhíluchtú ar tír ó shoitheach iascaireachta;

(f)Ciallaíonn ‘toscaireacht’ toscaireacht an Aontais Eorpaigh in Cabo Verde;

(g)Ciallaíonn ‘ceadúnas iascaireachta’ an teidlíocht nó an ceadúnas chun gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh, i gcás speicis áirithe, le trealamh iascaireachta áirithe, laistigh de limistéir shonraithe iascaireachta agus le linn tréimhse shonrach; is ionann é agus an téarma ‘údarú iascaireachta’ i ndlí an Aontais;

(h)Ciallaíonn ‘ascaireacht inbhuanaithe’ an iascaireacht atá i gcomhréir leis na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar síos leis an gCód Iompair le haghaidh Iascach Freagrach a glacadh ag Comhdháil Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta (FAO) in 1995;

(i)Ciallaíonn‘soitheach de chuid an Aontais’ soitheach iascaireachta a bhfuil bratach Ballstáit den Aontas ar foluain aige agus atá cláraithe san Aontas;

(j)Ciallaíonn ‘iascaire’ aon duine atá fostaithe nó atá ag gabháil do ghníomhaíocht ghairmiúil in aon cháil ar bord soithigh iascaireachta, lena náirítear daoine atá ag obair ar bord mar scair-iascairí, cé is moite de phíolótaí, de chriúnna cabhlaigh cogaidh, de dhaoine eile i mbuanseirbhís an rialtais, de dhaoine ar talamh atá freagrach as obair a dhéanamh ar bord soithigh iascaireachta agus de bhreathnóirí iascaigh. Tuigfear gur iascairí de réir bhrí an tsainmhínithe seo maraithe ACC mar atá sainmhínithe sa Chomhaontú;

(k)ciallaíonn ‘oibreoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a oibríonn nó a shealbhaíonn gnóthas ar bith atá ag tabhairt faoi cheann ar bith de na gníomhaíochtaí a bhaineann le céim ar bith de na slabhraí táirgthe, próiseála, margaíochta, dáilte agus miondíola ar tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe;

(l)Ciallaíonn ‘Prótacal’ an Prótacal seo maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe, chomh maith leis an Iarscríbhinn agus na Foscríbhinní a ghabhann leis;

(m)Ciallaíonn ‘imthosca neamhghnácha’ imthosca seachas feiniméin nádúrtha nach bhfuil neart réasúnach ag ceann de na Páirtithe orthu agus ar imthosca iad de chineál a choiscfeadh gníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí Cabo Verde.

(n)Ciallaíonn ‘deiseanna iascaireachta’ teidlíocht dhlíthiúil chainníochtaithe iascaireachta a léirítear i dtéarmaí gabhálacha nó líon na soithí;

(o)ciallaíonn ‘soitheach tacaíochta’ aon soitheach de chuid an Aontais seachas árthaigh a iompraítear ar bord, lena néascaítear oibríochtaí iascaireachta, lena gcuidítear leo nó lena nullmhaítear dóibh, nach bhfuil feistithe chun éisc a ghabháil agus nach núsáidtear le haghaidh oibríochtaí trasloingsithe;

(p)Ciallaíonn ‘táirgí iascaigh’ na horgánaigh uisceacha a eascraíonn as gníomhaíocht iascaireachta;

(q)Ciallaíonn ‘táirgí dobharshaothraithe’ orgánaigh uisceacha a eascraíonn as gníomhaíocht dobharshaothraithe, beag beann ar chéim a saolré, nó táirgí a dtagann astu;

(r)Ciallaíonn‘earnáil an iascaigh’ an earnáil eacnamaíoch lena gcumhdaítear gach gníomhaíocht táirgthe, phróiseála agus mhargaíochta a bhaineann le táirgí iascaigh nó dobharshaothraithe.

Airteagal 2
Prionsabail

1.Geallann na Páirtithe iascaireacht fhreagrach a chur chun cinn i limistéar iascaireachta Cabo Verde ar bhonn phrionsabal an neamh-idirdhealaithe. Geallann Cabo Verde na bearta teicniúla agus caomhnúcháin céanna a chur i bhfeidhm maidir le gach cabhlach tuinníní tionsclaíoch a oibríonn ina limistéar iascaireachta d’fhonn cur le rialachas cuí iascaigh.

2.Geallann na Páirtithe go náiritheoidh siad cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde 1 (dá ngairtear ‘an Comhaontú’ anseo feasta) i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 9 den Chomhaontú Comhpháirtíochta idir Comhaltaí Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin, de pháirt, agus an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile 2 , (dá ngairtear ‘Comhaontú Shamó’ anseo feasta), maidir le heilimintí bunriachtanacha a bhaineann le cearta an duine, prionsabail dhaonlathacha agus an smacht reachta, agus an eilimint bhunúsach a bhaineann le dea-rialachas, forbairt inbhuanaithe agus bainistiú inbhuanaithe agus fónta an chomhshaoil.

3.Níor cheart téarmaí agus coinníollacha fostaíochta iascairí ar bord shoithí de chuid an Aontais a bheith contrártha do na hionstraimí is infheidhme maidir le hiascairí na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) agus na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO), go háirithe Dearbhú EIS maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha san Obair (1998), arna leasú in 2022, agus Coinbhinsiún Uimh. 188 ó EIS maidir le hObair san Iascaireacht.. Áirítear leis sin urraim don tsaoirse comhlachais agus aitheantas éifeachtach do cheart na noibrithe chun cómhargála, deireadh a chur le saothar éigeantais agus saothar leanaí, deireadh a chur le hidirdhealú i ndáil le fostaíocht agus slí bheatha, chomh maith le timpeallacht oibre shábháilte shláintiúil agus dálaí cuibhiúla maireachtála agus oibre ar bord shoithí iascaireachta de chuid an Aontais.

4.Gabhann na Páirtithe orthu féin daingniú choinbhinsiúin EIS agus IMO is infheidhme maidir le hiascairí a chur chun cinn. Geallann siad freisin oiliúint leordhóthanach a chur chun cinn d’iascairí, go háirithe an oiliúint dá bhforáiltear i gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta IMO maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Phearsanra Soithí Iascaireachta (STCW-F).

5.Geallann na Páirtithe faisnéis a chur ar fáil go poiblí agus a mhalartú maidir le haon chomhaontú lena dtugtar rochtain do shoithí eachtracha ar an limistéar iascaireachta agus maidir leis an iarracht iascaireachta a eascraíonn as sin, go háirithe líon na gceadúnas a eisíodh agus na gabhálacha a rinneadh, gan dochar d’Airteagal 14.

6.De bhun Airteagal 6 den Chomhaontú, ní fhéadfaidh soithí an Aontais dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta i limistéar iascaireachta Cabo Verde ach amháin má tá údarú iascaireachta bailí acu arna eisiúint ag Cabo Verde faoin bPrótacal seo.

7.Áiritheoidh údaráis Cabo Verde go mbeidh cearta eisiacha ag iascairí Cabo Verde ar na limistéir iascaireachta atá faoi bhun na dteorainneacha a leagtar síos sa Phrótacal seo.

Airteagal 3
Tréimhse cur i bhfeidhm

Beidh feidhm ag an bPrótacal seo agus ag an Iarscríbhinn a ghabhann leis ar feadh tréimhse 5 bliana ón gcéad lá den chur i bhfeidhm sealadach i gcomhréir le hAirteagal 17, mura dtabharfar fógra foirceanta i gcomhréir le hAirteagal 16.

Airteagal 4
Deiseanna iascaireachta

1.Eiseoidh Cabo Verde údaruithe iascaireachta do shoithí de chuid an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 6 den Chomhaontú laistigh de na teorainneacha seo a leanas:

(a) báid saighne tuinníní ina bhfuil saoráidí reoiteora: 24 shoitheach;

(b) soithí tuinníní cleithe agus dorú: 10 soitheach;

(c) báid spiléireachta dromchla; 22 shoitheach.

Baineann na deiseanna iascaireachta sin le hiascaireacht a dhéanamh ar speicis mhórimirceacha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige 1982, laistigh de na teorainneacha a leagtar amach i bhFoscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal seo agus cé is moite de speicis atá faoi chosaint nó faoi thoirmeasc faoin gCoimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (CITAC) nó faoi choinbhinsiúin idirnáisiúnta eile.

2.I gcomhréir le moltaí CITAC, geallann na Páirtithe go noibreoidh siad le chéile chun gabhálacha de thaisme d’éin mhara, de thurtair mhara, de shiorcanna agus de mhamaigh mhuirí atá faoi chosaint a laghdú. Chuige sin, áiritheoidh soithí an Aontais go gcuirfear bearta teicniúla arna gcruthú go heolaíoch i bhfeidhm chun feabhas a chur ar roghnaíocht na dtrealamh iascaireachta agus chun gabhálach theagmhasach a laghdú maidir le speicis nach speicis spriocspeicis iad.

3.Ceadófar rochtain ar bhaoite beo do shoithí tuinníní cleithe agus dorú an Aontais, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta.

4.Beidh feidhm ag mír 1 faoi réir Airteagail 7 agus 9.

Airteagal 5
Ranníocaíocht airgeadais

1.EUR 3 900 000 a bheidh sa ranníocaíocht airgeadais iomlán dá dtagraítear in Airteagal 7 den Chomhaontú don tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 3. Ina theannta sin, íocfaidh úinéirí soithigh ranníocaíocht airgeadais mar a leagtar amach san Iarscríbhinn.

2.Is é seo a leanas a bheidh sa ranníocaíocht airgeadais iomlán sin:

(a)méid bliantúil EUR 350 000 a chomhfhreagraíonn do thonnáiste tagartha 7 000 tona in aghaidh na bliana le haghaidh rochtain ar uiscí agus ar acmhainní iascaigh Cabo Verde;

(b)méid sonrach EUR 430 000 in aghaidh na bliana chun tacú le beartas iascaigh earnálach Cabo Verde agus chun é a chur chun feidhme;

3.Íocfar an ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear i mír 2(a) den Airteagal seo gach bliain i gcomhréir leis an bPrótacal agus faoi réir fhorálacha an Phrótacail, i gcás ina dtiocfaidh athrú ar mhéid na ranníocaíochta de dhroim chur i bhfeidhm Airteagail 7, 9, 12 agus 16 den Phrótacal seo agus Airteagail 7, 12 agus 13 den Chomhaontú.

4.Má sháraíonn cainníocht iomlán na ngabhálacha ag soithí an Aontais sa limistéar iascaireachta an tonnáiste tagartha dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2, déanfar méid na ranníocaíochta airgeadais a chinnfear san fhoráil sin a mhéadú, i gcás gach tona breise a ghabhfar, le EUR 50. Mar sin féin, an méid bliantúil iomlán a íocann an tAontas, ní bheidh sé níos mó ná dhá oiread an mhéid a shonraítear i bpointe (a) de mhír 2(a). I gcás inar mó na cainníochtaí a ghabh soithí de chuid an Aontais ná na cainníochtaí a chomhfhreagraíonn do dhá oiread an mhéid bhliantúil iomláin, íocfar an méid a bheidh dlite as an gcainníocht a sháraíonn an teorainn sin an bhliain ina dhiaidh sin.

5.Déanfar an ranníocaíocht airgeadais faoi mhír 2 (a) a íoc tráth nach déanaí ná 90 lá tar éis dháta chur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail seo don chéad bhliain agus tráth nach déanaí ná dáta comórtha an Phrótacail seo do na blianta ina dhiaidh sin.

6.Beidh lánrogha ag údaráis Cabo Verde maidir leis an gcaoi a núsáidfear an ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear i mír 2, pointe (a).

7.Déanfar na ranníocaíochtaí airgeadais dá bhforáiltear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 2 a íoc isteach i gcuntais Státchiste Cabo Verde. Cuirfear isteach sa bhuiséad náisiúnta iad. Tabharfaidh údaráis Cabo Verde fógra don Choimisiún Eorpach maidir leis na huimhreacha cuntais bainc ábhartha ar bhonn bliantúil.

Airteagal 6
Tacaíocht earnála

1.Rannchuideoidh tacaíocht earnála, faoin bPrótacal seo, le cur chun feidhme na straitéise náisiúnta don iascach agus don gheilleagar gorm. Is é is aidhm dó tacú le bainistiú inbhuanaithe acmhainní iascaigh agus le forbairt na hearnála, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)Faireachán, rialú agus faireachas ar ghníomhaíochtaí iascaireachta a neartú;

(b)le forbairt an eolais eolaíochta maidir le hacmhainní iascaigh a neartú,

(c)inniúlachtaí rialaithe sláintíoch le haghaidh táirgí iascaigh a neartú;

(d)tacaíocht do phobail chósta (gníomhaíochtaí iascaireachta, oiliúint, fostaíocht, sábháilteacht iascairí agus forbairt eacnamaíoch), agus béim ar leith á leagan ar ghníomhaíochtaí atá dírithe ar mhná agus ar dhaoine óga;

(e)an comhar idirnáisiúnta a neartú;

(f)dobharshaothrú inbhuanaithe a fhorbairt;

(g)tacaíocht don gheilleagar gorm.

2.Tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Phrótacail seo, comhaontóidh na Páirtithe sa Chomhchoiste dá bhforáiltear in Airteagal 9 den Chomhaontú maidir le clár earnála ilbhliantúil agus rialacha mionsonraithe maidir lena chur chun feidhme, go háirithe:

(a)treoirlínte bliantúla agus ilbhliantúla a leanfar a dhéanfar an ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(2), pointe (b) den Phrótacail seo, a úsáid;

(b)na cuspóirí atá le baint amach, ar bhonn bliantúil agus ilbhliantúil, chun go mbeifear in ann iascaireacht fhreagrach agus inbhuanaithe a thabhairt isteach in am agus i dtráth, agus tosaíochtaí Cabo Verde á gcur san áireamh laistigh den bheartas iascaigh náisiúnta nó beartais eile atá nasctha le hiascaireacht fhreagrach agus inbhuanaithe a thabhairt isteach nó a bhfuil tionchar acu ar thabhairt isteach na hiascaireachta sin;

(c)critéir agus nósanna imeachta chun meastóireacht a dhéanamh ar na torthaí a fhaightear ar bhonn bliantúil;

3.Íocfar méid sonrach na ranníocaíochta airgeadais le haghaidh tacaíocht earnála dá dtagraítear in Airteagal 5(2), pointe (b), gach bliain de réir an dul chun cinn atá déanta.

4.I gcás na chéad bhliana de chur i bhfeidhm an Phrótacail, íocfar an ranníocaíocht airgeadais ar bhonn an chlársceidealaithe ilbhliantúil arna fhormheas ag an gComhchoiste. Ní fhéadfaidh an tAontas an ranníocaíocht airgeadais sin a íoc ach amháin tar éis do Cabo Verde a oibleagáidí tacaíochta earnála a chomhlíonadh faoin bPrótacal roimhe seo (2019-2024) 3 , agus tar éis don Aontas na híocaíochtaí tacaíochta earnála gaolmhara atá dlite faoin bPrótacal roimhe seo a dhéanamh.

5.I dtaca leis na blianta de chur i bhfeidhm an Phrótacail ina dhiaidh sin, íocfar na ranníocaíochtaí airgeadais ar bhonn na dtorthaí a fuarthas agus an clár earnála á chur chun feidhme i gcomhréir leis na critéir agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 2(c) agus leis na gníomhaíochtaí maidir le hinfheictheacht ar na tionscadail a rinneadh. Déanfar an ranníocaíocht airgeadais a íoc tráth nach déanaí ná 45 lá tar éis don Chomhchoiste cinneadh a dhéanamh maidir leis na torthaí a baineadh amach.

6.I bhfianaise na moille ar thacaíocht earnála a chur chun feidhme faoi Phrótacal 2019-2024, go háirithe mar thoradh ar an ngéarchéim atá ann de dheasca phaindéim COVID-19, ba cheart síneadh 6 mhí eile a chur leis an tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(7) de Phrótacal 2019-2024. Mar sin féin, ní íocfar amach an ranníocaíocht airgeadais shonrach dá bhforáiltear in Airteagal 2 mír 2(b) an Phrótacail seo níos mó ná tréimhse 6 mhí tar éis don Phrótacal 4 seo dul in éag.

7.Déanfaidh an Comhchoiste aon leasú atá beartaithe ar an gclár earnála bliantúil nó ilbhliantúil a fhormheas, trí mhalartú litreacha i gcás inarb iomchuí.

8.Gach bliain, cuirfidh Cabo Verde tuarascáil ar dhul chun cinn na dtionscadal faoi bhráid an Chomhchoiste, tionscadail a cuireadh chun feidhme le tacaíocht earnála. Scrúdóidh an Comhchoiste an tuarascáil sin, agus déanfaidh sé meastóireacht ar na torthaí.

9.Íocfar an tacaíocht earnála i dtráthchodanna de réir na riachtanas a shainaithneofar sa chlársceidealú agus de réir na dtorthaí a gheofar.

10.Féadfaidh an tAontas íocaíocht na ranníocaíochta airgeadais sonraí dá bhforáiltear in Airteagal 5(2)(b) den Phrótacal seo a athbhreithniú nó a chur ar fionraí, go páirteach nó go hiomlán, i gcás nach gcuirfear an ranníocaíocht airgeadais sin chun feidhme nó i gcás nach mbeidh na torthaí a gheofar i gcomhréir leis an gclársceidealú, tar éis meastóireacht arna déanamh ag an gComhchoiste.

11.Atosófar ar an ranníocaíocht airgeadais a íoc tar éis don dá Pháirtí dul i gcomhairle le chéile agus teacht ar chomhaontú nuair a bheidh údar cuí leis sin de bharr thorthaí an chur chun feidhme. Mar sin féin, ní íocfar amach an ranníocaíocht airgeadais shonrach dá bhforáiltear in Airteagal 2 mír 2(b) an Phrótacail seo níos mó ná tréimhse 6 mhí tar éis don Phrótacal seo dul in éag.

12.Áiritheoidh na páirtithe infheictheacht na ngníomhaíochtaí a mhaoinítear trí bhíthin tacaíocht earnála. Cuirfidh Cabo Verde tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Chomhchoiste maidir leis na gníomhaíochtaí infheictheachta sin.

13.Na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 8 agus na gníomhaíochtaí infheictheachta dá dtagraítear i mír 12, beidh siad ina gcoinníollacha bunriachtanacha le go bhféadfaidh an tAontas tráthchodanna na tacaíochta airgeadais dá dtagraítear i mír 5 a aistriú ina dhiaidh sin.

14.Beidh an ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(2)(b) faoi réir rialacha agus nósanna imeachta maidir le bainistíocht airgeadais phoiblí Cabo Verde. Cuirfear prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais san áireamh, go háirithe prionsabal na barainneachta, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta, agus prionsabail na trédhearcachta, na comhréireachta, an neamh-idirdhealaithe agus na córa comhionainne á nurramú, go háirithe.

15.Féadfaidh an Coimisiún Eorpach agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa iniúchadh a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí agus ar thionscadail arna maoiniú le tacaíocht earnála agus féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise iad a imscrúdú.

Airteagal 7
Comhar eolaíoch chun iascaireacht inbhuanaithe a áirithiú

1.Le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an bPrótacal seo, déanfaidh an tAontas agus údaráis Cabo Verde faireachán ar athruithe a thagann ar ghabhálacha, ar iarracht iascaireachta agus ar staid na nacmhainní i limistéar iascaireachta Cabo Verde i ndáil le gach speicis a chumhdaítear faoin bPrótacal seo. Go háirithe, comhaontaíonn na Páirtithe bailiú agus anailís sonraí a neartú, lena bhféadfar plean gníomhaíochta náisiúnta a fhorbairt chun siorcanna a chaomhnú agus a bhainistiú.

2.Comhlíonfaidh na Páirtithe moltaí agus rúin CITAC maidir le bainistiú inbhuanaithe iascach.

3.I gcomhréir le hAirteagal 4 den Chomhaontú, ar bhonn moltaí agus rún arna nglacadh laistigh de CITAC agus i bhfianaise na comhairle eolaíche is fearr atá ar fáil, féadfaidh na Páirtithe, trí chomhaontú frithpháirteach, cruinniú eolaíoch comhpháirteach a thionól chun scrúdú a dhéanamh ar stádas na bpríomhspeiceas a bhfuil soithí de chuid an Aontais ag díriú orthu, go háirithe siorcanna peiligeacha. Cuirfear torthaí an chruinnithe eolaíoch faoi bhráid an Chomhchoiste. Glacfaidh an Comhchoiste, i gcás inarb iomchuí, bearta breise chun bainistiú inbhuanaithe acmhainní iascaigh arna ngabháil ag soithí an Aontais a áirithiú.

4.Ós rud é go bhféadfadh siorcanna peiligeacha a bheith i measc na speiceas a ghabhann soithí an Aontais i dtaca le hiascaigh tuinníní, agus i bhfianaise leochaileacht na speiceas sin mar a cuireadh in iúl i dtuairimí eolaíocha CITAC, ní mór aird ar leith a thabhairt, i gcomhréir le prionsabal an réamhchúraim, ar aon ghabháil de na speicis atá i gceist ag báid spiléireachta atá i mbun iascaireachta faoin bPrótacal seo. Oibreoidh an dá Pháirtí i gcomhar le chéile d’fhonn feabhas a chur ar infhaighteacht sonraí eolaíocha a bhaineann leis na speicis a ghabhtar agus ar an bhfaireachán ar na sonraí sin.

5.Chuige sin, bunóidh an dá Pháirtí sásra chun dianfhaireachán a dhéanamh ar an iascach sin chun saothrú inbhuanaithe na hacmhainne sin a áirithiú. Beidh an sásra faireacháin bunaithe, go háirithe, ar mhalartú ráithiúil sonraí maidir le gabhálacha siorcanna. Más rud é, i gcaitheamh bliana, go sáróidh na gabhálacha sin 20 % den tonnáiste tagartha dá dtagraítear in Airteagal 5(2)(a), bunófar faireachán treisithe a bheidh bunaithe ar mhalartú míosúil sonraí agus ar chomhairliúchán idir na Páirtithe. Más rud é, i gcaitheamh bliana, go sroicheann gabhálacha den sórt sin 30 % den tonnáiste tagartha dá dtagraítear thuas, glacfaidh an Comhchoiste, i gcás inarb iomchuí, bearta breise lena leagfar síos creat ionas gur fearr is féidir gníomhaíochtaí an chabhlaigh spiléireachta a bhainistiú.

6.Féadfaidh an Comhchoiste a chinneadh an sásra faireacháin thuasluaite a choigeartú ar bhonn thorthaí an chruinnithe eolaíoch chomhpháirtigh.

Airteagal 8
Comhar i réimse an fhaireacháin, an rialaithe agus an fhaireachais ar an iascach agus sa chomhrac in aghaidh na hiascaireachta NNN

1.Tugann na Páirtithe gealltanas go noibreoidh siad i gcomhar le chéile sa chomhrac in aghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta NNN d’fhonn iascaireacht inbhuanaithe a chur chun feidhme.

2.Ar bhonn comhairliúcháin laistigh den Chomhchoiste, féadfaidh na Páirtithe comhaontú go noibreoidh siad i gcomhar le chéile agus go ndéanfaidh siad cláir iniúchta rioscabhunaithe ar shoithí an Aontais, chun cur i bhfeidhm fhorálacha faireacháin, rialaithe agus faireachais iascaigh an Phrótacail a neartú maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe reatha agus chun na bearta ceartaitheacha gaolmhara a neartú freisin.

Airteagal 9
Athbhreithniú trí bhíthin comhaontú frithpháirteach ar na deiseanna iascaireachta agus ar na bearta teicniúla

1.Féadfaidh an Comhchoiste na deiseanna iascaireachta dá dtagraítear in Airteagal 4 a athbhreithniú agus a choigeartú trí chomhaontú frithpháirteach a mhéid a dheimhneofar leis na moltaí agus leis na rúin arna nglacadh ag CITAC go náirithítear leis an gcoigeartú sin bainistiú inbhuanaithe na speiceas iascaigh a chumhdaítear leis an bPrótacal seo. Sa chás sin,déanfar an ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(2), pointe (a), a choigeartú go comhréireach agus pro rata temporis agus déanfar na leasuithe is gá ar an bPrótacal seo agus ar an Iarscríbhinn a ghabhann leis. Más gá, aisíocfaidh Cabo Verde na suimeanna a ró-íocadh.

2.Más gá, féadfaidh an Comhchoiste na forálacha a bhaineann leis na coinníollacha lena rialaítear gníomhaíochtaí iascaireachta agus na socruithe maidir le tacaíocht earnála a chur chun feidhme dá bhforáiltear sa Phrótacal seo a scrúdú agus a oiriúnú trí chomhaontú frithpháirteach.

Airteagal 10
Cur chun cinn an chomhair idir oibreoirí eacnamaíocha

1.Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile d’fhonn feabhas a chur ar na deiseanna maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír i gcalafoirt Cabo Verde.

2.Féachfaidh na Páirtithe le dálaí a chruthú a bheidh fabhrach do chaidreamh a chur chun cinn idir a bhfiontair sna réimsí teicniúla, eacnamaíocha agus tráchtála, trí chabhrú le timpeallacht a chruthú a bheidh fabhrach d’fhorbairt gnó agus infheistíochta.

Airteagal 11
Comhar i réimse an gheilleagair ghoirm

1.Geallfaidh na Páirtithe go noibreoidh siad i gcomhar le chéile chun an geilleagar gorm a chur chun cinn, go háirithe i réimsí an dobharshaothraithe, na pleanála spásúla muirí, an fhuinnimh, na biteicneolaíochta muirí agus chosaint na néiceachóras muirí.

2.Geallann na Páirtithe infheistíocht san iascach agus sa gheilleagar muirí a chur chun cinn, i gcomhréir le cuspóirí na Comhpháirtíochta Speisialta idir Cabo Verde agus an tAontas.

3.Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile chun feasacht a mhúscailt i measc oibreoirí príobháideacha an Aontais maidir le deiseanna tráchtála agus tionsclaíocha in earnáil an iascaigh agus an gheilleagair mhuirí in Cabo Verde.

4.Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile d’fhonn gníomhaíochtaí comhpháirteacha a fhorbairt agus faisnéis agus dea-chleachtais a mhalartú. Chuige sin, tiocfaidh siad ar chomhaontú maidir le pointí fócasacha agus socruithe cumarsáide.

Airteagal 12
Cur chun feidhme an Phrótacail seo a chur ar fionraí

1.Féadfar cur chun feidhme an Phrótacail seo, lena náirítear íocaíocht na ranníocaíochta airgeadais, a chur ar fionraí ar thionscnamh ceachtar Páirtí, má tá feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas:

(a)Force majeure nó imthosca gan choinne lena gcuirtear cosc ar ghníomhaíochtaí iascaireachta i limistéar iascaireachta Cabo Verde;

(b)Athruithe suntasacha ar fhoirmliú nó ar chur chun feidhme bheartas iascaigh ceachtar de na Páirtithe ar athruithe iad a dhéanann difear d’fhorálacha an Phrótacail seo;

(c)Na sásraí comhairliúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 101 de Chomhaontú Shamó a ghníomhachtú, ar sásraí iad a bhaineann le sárú ar eilimintí bunriachtanacha agus bunúsacha de chearta an duine agus de na prionsabail dhaonlathacha mar a shainmhínítear in Airteagal 9 den Chomhaontú sin;

(d)Íocaíochtaí atá dlite ach nár íoc an tAontas ar chúiseanna seachas na cúiseanna dá bhforáiltear in Airteagail 5, 7, 9, 12 agus 16 den Phrótacal seo;

(e)Díospóid thromchúiseach gan réiteach maidir le cur i bhfeidhm nó léirmhíniú an Phrótacail seo idir an dá Pháirtí.

2.I gcás ina gcuirfear cur i bhfeidhm an Phrótacail seo ar fionraí ar chúiseanna seachas na cúiseanna a thugtar i mír 1, pointe (c) ceanglófar ar an bPáirtí lena mbaineann fógra a thabhairt i scríbhinn faoina rún 3 mhí ar a laghad roimh an dáta a bheidh éifeacht ag an bhfionraí. Déanfar fionraí an Phrótacail seo ar chúiseanna a leagtar amach i mír 1, pointe (c) a chur i bhfeidhm láithreach tar éis fógra a thabhairt faoin gcinneadh maidir le fionraí.

3.I gcás fionraí, leanfaidh na Páirtithe de dhul i gcomhairle le chéile d’fhonn teacht ar réiteach cairdiúil ar an díospóid eatarthu. I gcás ina dtiocfar ar réiteach den sórt sin, cuirfear tús an athuair le cur i bhfeidhm an Phrótacail seo.

4.I gcás fionraí, déanfar íocaíocht na ranníocaíochta airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5 den Phrótacal seo don bhliain ina dtagann an fionraí i bhfeidhm a laghdú go comhréireach agus pro rata temporis. Más gá, aisíocfaidh Cabo Verde na suimeanna a ró-íocadh.

Airteagal 13
Malartú leictreonach sonraí

1.Áiritheoidh Cabo Verde agus an tAontas go mbeidh córais i bhfeidhm chun faireachán agus malartú leictreonach a dhéanamh ar an bhfaisnéis agus na doiciméid uile a bhaineann le cur chun feidhme an Phrótacail seo maidir le gníomhaíochtaí soithí de chuid an Aontais, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn.

2.Measfar ag aon tráth an fhoirm leictreonach de dhoiciméad a bheith coibhéiseach leis an leagan páipéir.

3.Tabharfaidh Cabo Verde agus an tAontas fógra dá chéile gan mhoill faoi aon mhífheidhmiú ar chóras TF. Déanfar an fhaisnéis agus na doiciméid a bhaineann le cur chun feidhme an Chomhaontaithe a tharchur go huathoibríoch ansin trí mhodh cumarsáide malartach.

4.Áiritheoidh an tAontas go ndéanfaidh soithí an Aontais an méid seo a leanas a tharchur go tráthrialta chuig Cabo Verde:

sonraí suíomhanna na soithí in limistéar eacnamaíoch eisiach Cabo Verde,

faisnéis maidir le gabhálacha laethúla de chuid na soithí in limistéar eacnamaíoch eisiach Cabo Verde,

fógraí maidir le soithí ag teacht isteach in limistéar eacnamaíoch eisiach Cabo Verde,

fógraí maidir le soithí ag imeacht amach as limistéar eacnamaíoch eisiach Cabo Verde,

réamhfhógraí trasloingsithe agus dearbhuithe trasloingsithe ó shoitheach de chuid an Aontais i gcalafort de chuid Cabo Verde,

réamhfhógraí maidir le soithí ag filleadh ar an gcalafort agus dearbhuithe maidir le tabhairt i dtír i gcalafort Cabo Verde.

Na módúlachtaí a bhaineann le tarchur sonraí, lena n‑áirítear na forálacha maidir le leanúnachas gnó, leagtar amach san Iarscríbhinn iad.

Airteagal 14
Cosaint sonraí

1.Áiritheoidh Cabo Verde agus an tAontas go núsáidfidh an túdarás inniúil na sonraí a mhalartófar faoin gComhaontú chun an Comhaontú Iascaigh a chur chun feidhme, agus chun na críche sin amháin, agus go háirithe chun bainistíocht agus taighde eolaíoch a dhéanamh agus chun faireachán agus faireachas a dhéanamh ar an iascaireacht.

2.Maidir le sonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus sonraí pearsanta a bhaineann le soithí an Aontais agus a ngníomhaíochtaí iascaireachta, ar sonraí iad a fuarthas i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Iascaigh, mar aon le faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála a bhaineann le córais chumarsáide a úsáideann an tAontas, geallann na Páirtithe go náiritheoidh siad go bpléifear leo mar fhaisnéis atá rúnda. Áiritheoidh na Páirtithe nach gcuirfear ar fáil go poiblí ach sonraí comhiomlánaithe a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta sa limistéar iascaireachta.

3.Ní mór sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach dlíthiúil, cóir agus trédhearcach i ndáil leis anábhar sonraí.

4.Déanfar sonraí pearsanta a mhalartófar faoin gComhaontú a phróiseáil i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach i bhFoscríbhinn 6 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal seo. Féadfaidh an Comhchoiste coimircí agus leigheasanna breise maidir le sonraí pearsanta agus cearta na nábhar sonraí a bhunú.

5.Na sonraí a mhalartaítear faoin gComhaontú, leantar dá bpróiseáil i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le Foscríbhinn 6, fiú tar éis don Phrótacal seo dul in éag.

Airteagal 15
Forálacha is infheidhme sa dlí náisiúnta

1.Gníomhaíochtaí soithí de chuid an Aontais a oibríonn in uiscí Cabo Verde faoin bPrótacal seo, beidh siad faoi rialú ag an reachtaíocht atá i bhfeidhm in Cabo Verde, go háirithe an Plean maidir le Bainistiú Acmhainne Iascaigh in Cabo Verde, mura bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú nó sa Phrótacal seo leis an Iarscríbhinn agus leis na Foscríbhinní a ghabhann leis.

2.Cuirfidh údaráis Cabo Verde an Coimisiún Eorpach ar an eolas faoi aon athrú nó aon reachtaíocht nua a bhaineann le hearnáil an iascaigh.

Airteagal 16
Séanadh

1.Féadfaidh ceachtar den dá pháirtí an Prótacal seo a fhoirceannadh i gcás imthosca neamhghnácha mar atá díghrádú na stoc lena mbaineann, teacht ar leibhéal laghdaithe maidir le saothrú na ndeiseanna iascaireachta a dheonaítear don Aontas, nó gealltanais gan a bheith comhlíonta, gealltanais arna ndéanamh ag na Páirtithe maidir leis an gcomhrac in aghaidh na hiascaireachta neamhdhleathaí, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte.

2.I gcás ina bhfoirceannfar an Prótacal seo, tabharfaidh an páirtí lena mbaineann fógra i scríbhinn don Pháirtí eile go bhfuil sé ar intinn aige é a fhoirceannadh 6 mhí ar a laghad roimh an dáta a thiocfadh an foirceannadh sin i bhfeidhm.

3.Is é seoladh an fhógra dá dtagraítear i mír 2 a osclaíonn na comhairliúcháin idir na Páirtithe.

4.Déanfar íocaíocht na ranníocaíochta airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(2)(a) den Phrótacal seo don bhliain ina dtagann an foirceannadh i bhfeidhm a laghdú go comhréireach agus pro rata temporis. Más gá, aisíocfaidh Cabo Verde na suimeanna a ró-íocadh.

Airteagal 17
Cur chun feidhme sealadach

Beidh feidhm shealadach ag an bPrótacal seo ón 20 Bealtaine 2024 faoi réir a shínithe ag na Páirtithe, nó ó dháta an tsínithe má shínítear é tar éis an 20 Bealtaine 2024.

Airteagal 18
Teacht i bhfeidhm

1.Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm an dáta a thabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile go bhfuil na nósanna imeachta is gá chun go nglacfar é curtha i gcrích acu.

2.Seolfar an fógra dá dtagraítear i mír 1, a mhéid a bhaineann leis an Aontas, chuig údaráis an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 19
Téacsanna barántúla

Tarraingeofar an Prótacal seo suas i ndúblach sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis, san Ungáiris, agus comhúdarás ag an téacs i ngach ceann de na teangacha sin.



IARSCRÍBHINN

COINNÍOLLACHA DO SHOITHIGH IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS CHUN GNÍOMHAÍOCHTAÍ IASCAIREACHTA A CHUR I gCRÍCH I LIMISTÉAR IASCAIREACHTA CABO VERDE

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

1. An t‑údarás inniúil a ainmniú

Chun críocha na hIarscríbhinne seo agus mura sonraítear a mhalairt, ciallóidh aon tagairt don Aontas nó do Cabo Verde mar údarás inniúil:

(a) i gcás an Aontais: an Coimisiún Eorpach, i gcás inarb iomchuí trí Thoscaireacht an Aontais in Cabo Verde;

(b) i gcás Cabo Verde: an Aireacht atá freagrach as an iascach.

2. Limistéar iascaireachta

Is iad comhordanáidí limistéar iascaireachta Cabo Verde na comhordanáidí sin a shonraítear i bhFoscríbhinn 1. Féadfaidh soithí an Aontais a ngníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh thar na teorainneacha a leagtar síos do gach catagóir i bhFoscríbhinn 2, agus beidh cearta iascaireachta eisiacha faoi bhun na dteorainneacha sin á gcoinneáil ag iascairí Cabo Verde.

Nuair a eiseofar an t‑údarú iascaireachta, tabharfaidh Cabo Verde fógra d’oibreoirí faoi theorainneacha na limistéar a bhfuil toirmeasc ar loingseoireacht agus ar iascaireacht iontu. Cuirfear an tAontas ar an eolas freisin faoi.

3. Gníomhaire áitiúil a cheapadh

Gach soitheach de chuid an Aontais a bhfuil sé beartaithe aige tabhairt i dtír nó trasloingsiú a dhéanamh i gcalafort Cabo Verde, féadfaidh gníomhaire a bhfuil cónaí air in Cabo Verde ionadaíocht a dhéanamh air.

4. Cuntas bainc

Cuirfidh Cabo Verde an tAontas ar an eolas, roimh theacht i bhfeidhm an Phrótacail seo, maidir le mionsonraí an chuntais bainc/na gcuntas bainc ina n‑íocfar na méideanna airgeadais is iníoctha ag soithí de chuid an Aontais faoin gComhaontú. Is ar na hoibreoirí a bheidh na costais a bhaineann le haistrithe bainc.

CAIBIDIL II

ÚDARUITHE IASCAIREACHTA

Roinn 1

Na nósanna imeachta is infheidhme

1. Coinníoll maidir le húdarú iascaireachta a fháil — soithí incháilithe.

Eiseofar na húdaruithe iascaireachta dá dtagraítear in Airteagal 6 den Chomhaontú ar choinníoll go bhfuil an soitheach cláraithe i gclár shoithí iascaireachta an Aontais. Déanfar údaruithe iascaireachta a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha. Na hoibleagáidí uile a bhí ann roimhe a bhaineann leis an oibreoir, leis an gcaptaen nó leis an soitheach féin, oibleagáidí a eascraíonn as a ngníomhaíochtaí iascaireachta in Cabo Verde faoin gComhaontú, ba cheart iad a chomhlíonadh roimh an eisiúint sin.

2. Iarratas ar údarú iascaireachta (córas LICENCE)

2.1 Cuirfidh an tAontas iarratas ar údarú iascaireachta faoi bhráid údaráis inniúla Cabo Verde maidir le gach soitheach de chuid an Aontais a bhfuil rún aige iascaireacht a dhéanamh faoin gComhaontú 15 lá oibre ar a laghad roimh thús na tréimhse bailíochta a iarradh.

2.2 Is féidir iarratais ar údaruithe iascaireachta agus an eisiúint a ghabhann leo a tharchur go leictreonach tríd an gcóras LICENCE, an córas leictreonach chun údaruithe iascaireachta a bhainistiú, arna chur ar fáil ag an gCoimisiún Eorpach. Comhoibreoidh seirbhísí an Choimisiúin Eorpaigh le húdaráis Cabo Verde chun úsáid chéimseach an chórais LICENCE a éascú. Cuirfidh Cabo Verde an Coimisiún Eorpach ar an eolas a luaithe is féidir an córas LICENCE a úsáid.

2.3. Go dtí go mbeidh an córas LICENCE ag feidhmiú go hiomlán agus go mbeidh Cabo Verde in ann é a úsáid, déanfar údaruithe iascaireachta a tharchur le ríomhphost.

2.4 I ngach iarratas ar údarú iascaireachta beidh an fhaisnéis a liostaítear i bhFoscríbhinn 4 agus na doiciméid seo a leanas:

(a) cruthúnas gur íocadh an réamh-mhuirear don tréimhse údaraithe bhliantúil lena mbaineann, agus na costais a bhaineann leis an mbreathnóir 6 . Níl an réamhíocaíocht inaisíoctha, ach amháin má chealaítear an tiarratas sula neisítear an túdarú; sa chás sin, féadfar an réamhíocaíocht a chur chun sochair d’oibreoir as iarratas eile a dhéanamh nó féadfar í a íoc ar ais leis an oibreoir;

(b) grianghraf digiteach daite den soitheach de ghléine leormhaith agus a tógadh le déanaí, ar grianghraf é ina dtaispeántar radharc cliathánach mionsonraithe den soitheach, lena n‑áirítear ainm agus uimhir aitheantais an tsoithigh agus iad le feiceáil go soiléir ar an gcabhail;

(c) cóip de dheimhniú clárúcháin na brataí;

Agus údarú iascaireachta á athnuachan faoin bPrótacal seo, ní bheidh san iarratas ar athnuachan ach an fhaisnéis dá bhforáiltear i bhFoscríbhinn 4 agus cruthúnas gur íocadh an muirear agus na costais a bhaineann leis an mbreathnóir.

3. Údaruithe iascaireachta a eisiúint

Eiseoidh údaráis Cabo Verde na húdaruithe iascaireachta bunaidh d’oibreoirí, nó dá ngníomhaire, laistigh de 15 lá oibre ón iarratas iomlán a fháil.

Tar éis dóibh an t‑údarú iascaireachta a eisiúint, déanfaidh údaráis Cabo Verde cóip leictreonach den bhunchóip shínithe a uaslódáil go pras chuig LICENCE nuair a bheidh sé ag feidhmiú go hiomlán agus seolfaidh siad í trí ríomhphost chuig údaráis an Aontais idir an dá linn.

Déanfaidh soithí údaraithe de chuid an Aontais an t‑údarú iascaireachta bunaidh a choimeád ar bord. Mar sin féin, féadfar cóip leictreonach den údarú iascaireachta a úsáid ar feadh uastréimhse 60 lá féilire tar éis dháta eisiúna an údaraithe iascaireachta sin. Le linn na tréimhse sin, measfar go bhfuil an chóip coibhéiseach leis an mbunchóip.

4. Mífheidhmiú an chórais LICENCE

4.1 I gcás ina dtiocfaidh deacrachtaí chun cinn maidir le faisnéis a tharchur sa chóras LICENCE idir an Coimisiún Eorpach agus Cabo Verde, déanfar malartuithe leictreonacha údaruithe iascaireachta trí ríomhphost go dtí go mbeidh an córas ag feidhmiú arís.

4.2 A luaithe a athbhunófar an córas, déanfaidh gach Páirtí an fhaisnéis a thabhairt cothrom le dáta sa chóras LICENCE.

5. Liosta de na soithí atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh

A luaithe a eiseofar an t‑údarú iascaireachta, tarraingeoidh Cabo Verde suas, gan mhoill, le haghaidh gach catagóire soithigh, liosta cinntitheach de na soithí atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh i limistéar Cabo Verde. An liosta sin, cuirfear láithreach é chuig an gcomhlacht náisiúnta atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an iascaireacht, agus chuig an Aontas. Féadfaidh soithí tús a chur le gníomhaíochtaí iascaireachta a luaithe a bheidh siad ar an liosta sin.

6. Tréimhse bhailíochta an údaraithe iascaireachta

Beidh tréimhse bhailíochta bhliantúil ag údaruithe iascaireachta agus beidh siad in-athnuaite.

Ciallaíonn ‘tréimhse bhliantúil’:

(a)    sa chéad bhliain ina gcuirfear an Prótacal seo i bhfeidhm, an tréimhse idir dáta a theacht i bhfeidhm agus an 31 Nollaig an bhliain chéanna;

(b)    ina dhiaidh sin, gach bliain féilire iomlán;

(c)    i gcás na bliana deireanaí a chuirfear an Prótacal seo i bhfeidhm, an tréimhse idir an 1 Eanáir agus an dáta a rachaidh an Prótacal seo in éag.

7. Coinneáil ar bord an údaraithe iascaireachta

Coinneofar bunchóip an údaraithe iascaireachta ar bord, nó cóip de ar feadh na huastréimhse úsáide dá dtagraítear i mír 3.

8. An t‑údarú iascaireachta a aistriú

8.1 Eiseofar an t‑údarú iascaireachta le haghaidh soitheach ar leith agus ní bheidh sé inaistrithe. I gcás force majeure, mar sin féin, mar shampla soitheach a chailleadh nó a choinneáil ar feadh tréimhse fhada mar gheall ar dhamáiste tromchúiseach teicniúil agus arna iarraidh sin don Aontas, cuirfear údarú nua in ionad an údaraithe iascaireachta, arna eisiúint thar ceann soitheach eile cosúil leis an soitheach atá le hionadú, gan aon mhuirear breise a ghearradh.

8.2 Déanfar an t‑aistriú tríd an údarú iascaireachta atá le hionadú ag an oibreoir nó ag a ghníomhaire in Cabo Verde a thabhairt ar láimh agus déanfaidh Cabo Verde an t‑údarú athsholáthair a tharraingt suas a luaithe is féidir. Eiseofar an t‑údarú ionaid gan a thuilleadh moille don oibreoir nó dá ghníomhaire nuair a thabharfar an t‑údarú atá le hionadú ar ais. Gabhfaidh éifeacht leis an údarú athsholáthair an lá a chuirfear an t‑údarú atá le hionadú ar ais.

8.3 Tabharfaidh na Páirtithe an fhaisnéis maidir leis an aistriú sin cothrom le dáta in LICENCE.

8.4 Tabharfaidh Cabo Verde an liosta soithí atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh cothrom le dáta a luaithe is féidir. An liosta nua sin, cuirfear láithreach é chuig an gcomhlacht náisiúnta atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an iascaireacht, agus chuig an Aontas.

9. Soithí tacaíochta

Arna iarraidh sin don Aontas agus tar éis do na húdaráis inniúla scrúdú a dhéanamh, údaróidh Cabo Verde do shoithí iascaireachta de chuid an Aontais a bhfuil údarú iascaireachta acu cúnamh a fháil ó shoithí tacaíochta.

Ní bheidh na soithí tacaíochta feistithe le haghaidh iascaireachta. Ní fhéadfar athbhreoslú ná trasloingsiú gabhálacha a áireamh sa tacaíocht sin.

Beidh soithí tacaíochta faoi réir an nós imeachta chéanna maidir le hiarratais ar údaruithe iascaireachta a leagtar amach sa Chaibidil seo a a tharchur, a mhéid is infheidhme. Tarraingeoidh Cabo Verde liosta de na soithí tacaíochta údaraithe suas agus seolfaidh sé láithreach chuig an Aontas é.

Beidh na soithí sin faoi réir muirear bliantúil EUR 3 500 a íoc.

I gcás ina gcealófar an t‑údarú iascaireachta le haghaidh soitheach tacaíochta sula n‑eiseoidh údaráis Cabo Verde an ceadúnas nó sula gcuirfidh an soitheach tús le hoibríochtaí i limistéar iascaireachta Cabo Verde, aisíocfar an méid a íocadh. Féadfar é a chur chun sochair don oibreoir nó don chomhlachas táirgeoirí freisin agus féadfar é a úsáid le haghaidh íocaíocht eile.

Roinn 2

Muirir agus réamhíocaíochtaí

1. Socrófar an muirear a íocfaidh na hoibreoirí mar a leanas:

i gcás na mbád saighne: EUR 80 in aghaidh an tona a ghabhtar le linn na chéad trí thréimhse bhliantúla 7 ; EUR 85 in aghaidh an tona a ghabhtar sna trí thréimhse bhliantúla dheireanacha.

i gcás báid spiléireachta agus soithí cleithe agus dorú: EUR 75 in aghaidh an tona a ghabhtar le linn na chéad trí thréimhse bhliantúla 8 ; EUR 80 in aghaidh an tona a ghabhtar sna trí thréimhse bhliantúla dheireanacha.

2. Maidir leis na réamh-mhuirir ar ráta comhréidh seo a leanas a bhfuil coinne leo, eiseofar údaruithe iascaireachta a luaithe a bheidh siad íoctha le húdaráis inniúla Cabo Verde:

I gcás na mbád saighne tuinnín:

EUR 6 800 do bhliain iomlán féilire, méid atá coibhéiseach le tonnáiste 85 t i gcás ina bhfuil feidhm ag an muirear EUR 80 in aghaidh an tona, agus 80 t i gcás ina bhfuil feidhm ag an muirear EUR 85 in aghaidh an tona;

I gcás soithí tuinníní cleithe agus dorú:

EUR 1 500 le haghaidh bliain féilire iomlán, méid atá coibhéiseach le tonnáiste 20 t i gcás ina bhfuil feidhm ag an muirear EUR 75 in aghaidh an tona, agus 18.75 t i gcás ina bhfuil feidhm ag an muirear EUR 80 in aghaidh an tona

I gcás na mbád spiléireachta:

EUR 3 900 le haghaidh bliain féilire iomlán, méid atá coibhéiseach le tonnáiste 52 t i gcás ina bhfuil feidhm ag an muirear EUR 75 in aghaidh an tona, agus 48.75 t i gcás ina bhfuil feidhm ag an muirear EUR 80 in aghaidh an tona

3. Áireofar i méid an réamh-mhuirir ar ráta comhréidh a bhfuil coinne leis gach cáin áitiúil agus náisiúnta cé is moite de chánacha calafoirt, cánacha trasloingsithe agus táillí chun seirbhísí a sholáthar. Don chéad tréimhse bhliantúil agus don tréimhse bhliantúil dheireanach, déanfar an muirear ar ráta comhréidh a bhfuil coinne leis agus a choibhéis i dtéarmaí tonnáiste in aghaidh an tsoithigh a ríomh pro rata temporis.

Déanfar na réamh-mhuirear ar ráta comhréidh agus na hiarmhéideanna dá dtagraítear i mír 5 a íoc isteach i gcuntas sonrach Stát Cabo Verde, a soláthróidh Cabo Verde na tagairtí dó.

4. Tarraingeoidh an tAontas suas, i gcás gach soithigh, ar bhonn a dhearbhuithe gabhála, ráiteas deiridh maidir leis na muirir atá dlite don soitheach i ndáil lena ghníomhaíochtaí le linn na tréimhse bliantúla roimhe sin. Seolfaidh an tAontas an ráiteas deiridh sin chuig Cabo Verde agus chuig an oibreoir trí na Ballstáit roimh an 30 Aibreán den bhliain reatha. Féadfaidh Cabo Verde agóid a dhéanamh in aghaidh an ráitis deiridh, ar bhonn cruthúnas doiciméadach, laistigh de 30 lá tar éis dó é a fháil. I gcás easaontais, rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile sa Chomhchoiste. Mura ndéanfaidh Cabo Verde agóid laistigh de 30 lá, measfar gur glacadh an ráiteas deiridh.

5. Má tá an ráiteas deiridh níos airde ná an réamh-mhuirear ar ráta comhréidh a íocadh as an údarú iascaireachta a fháil, íocfaidh an t‑oibreoir an t‑iarmhéid le Cabo Verde laistigh de 45 lá, ach amháin má chuireann sé in aghaidh a agóide. Mar sin féin, i gcás ina mbeidh méid an ráiteas deiridh níos lú ná an réamh-mhuirear ar ráta comhréidh a íocadh roimh ré, ní fhéadfaidh an t‑oibreoir soithigh an tsuim iarmhair a fháil ar ais.

CAIBIDIL III

BEARTA TEICNIÚLA CAOMHNÚCHÁIN

Leagtar síos bearta teicniúla is infheidhme maidir le soithí a bhfuil údarú iascaireachta acu i ndáil le limistéir iascaireachta, trealamh iascaireachta agus foghabhálacha le haghaidh gach catagóire iascaireachta i bhFoscríbhinn 2.

Comhlíonfaidh soithí na bearta agus na moltaí arna nglacadh ag CITAC sa réigiún maidir le trealamh iascaireachta agus feistí comhthiomsaithe éisc (FADanna), sonraíochtaí teicniúla na mbeart sin agus gach beart teicniúil eile is infheidhme maidir lena ngníomhaíochtaí iascaireachta.

I gcomhréir leis na bearta agus na moltaí sin, féachfaidh na Páirtithe le leibhéil foghabhála turtar, éan mara agus speiceas eile nach spriocspeicis iad a laghdú. Scaoilfidh soithí an Aontais aon fhoghabháil den sórt sin ar mhaithe leis an deis is mó is féidir a thabhairt do na speicis lena mbaineann teacht slán.

CAIBIDIL IV

TUAIRISCIÚ GABHÁLA

Roinn 1

Taifeadadh sa logleabhar iascaireachta agus tuairisciú gabhálacha ag ERS 

1. Coinneoidh captaen ar shoitheach gabhála de chuid an Aontais a bhfuil ceadúnas iascaireachta aige a eisíodh faoin bPrótacal seo logleabhar iascaireachta i gcomhréir le moltaí agus rúin ábhartha CITAC. 

Is é an captaen atá freagrach as cruinneas na sonraí arna dtaifeadadh sa logleabhar iascaireachta.

2. Aon soitheach gabhála de chuid an Aontais a bhfuil ceadúnas iascaireachta aige a eisíodh faoin bPrótacal seo, feisteofar é le córas leictreonach (dá ngairtear ‘ERS’ anseo feasta) lenar féidir sonraí a bhaineann le gníomhaíocht iascaireachta an tsoithigh a thaifeadadh agus a tharchur (dá ngairtear ‘sonraí ERS’ anseo feasta).

3. Ní fhéadfaidh soitheach gabhála de chuid an Aontais nach bhfuil feistithe le ERS, nó nach bhfuil a ERS ag feidhmiú, dul isteach i limistéar iascaireachta Cabo Verde chun gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh ann.

4. Déanfaidh an captaen an logleabhar iascaireachta a líonadh isteach le haghaidh gach lae a bheidh an soitheach i limistéar iascaireachta Cabo Verde. Déanfaidh an soitheach sonraí ERS a tharchur chuig a Stát brataí, rud a fhágfaidh go mbeidh siad ar fáil go huathoibríoch do LFI Cabo Verde. 

 

5. Déanfar sonraí ERS a tharchur trí úsáid a bhaint as na modhanna cumarsáide leictreonacha a oibríonn an Coimisiún Eorpach chun sonraí iascaigh a mhalartú i bhfoirm chaighdeánaithe. Na ceanglais theicniúla maidir le cumarsáid ERS, tá siad leagtha amach i bhFoscríbhinn 5, Ranna 1 agus 3.

6. I gcás nach gcomhlíontar na forálacha a leagtar amach sa Chaibidil seo, forchoimeádann údaráis Cabo Verde an ceart chun údarú iascaireachta an tsoithigh chiontaigh a chur ar fionraí go dtí go mbeidh an fhoirmiúlacht curtha i gcrích agus chun an pionós dá bhforáiltear leis na rialacha atá i bhfeidhm in Cabo Verde a chur i bhfeidhm maidir le hoibreoir an tsoithigh. Cuirfear an tAontas Eorpach agus an Ballstát brataí ar an eolas faoi sin. Má dhéanann cliseadh teicniúil difear, áfach, don tarchur idir LFInna na bPáirtithe de shonraí na gníomhaíochta iascaireachta (‘sonraí ERS’), ní mheasfar soithí de chuid an Aontais a ndearna an cliseadh sin difear dóibh a bheith i gcás neamhchomhlíonta.

Roinn 2 

Tuairisciú ráithiúil ar shonraí comhiomlánaithe gabhála 

1. Roimh dheireadh an tríú mí de gach ráithe, soláthróidh an tAontas sonraí maidir le gabhálacha do Cabo Verde, sonraí a tógadh i míonna na ráithe nó na ráithí roimhe sin den bhliain reatha. Cuirfear na sonraí sin i láthair go míosúil, de réir catagóir iascaireachta, soithigh agus speicis a léirítear lena chód FAO. 

2. Measfar na sonraí comhiomlánaithe sin ó logleabhair iascaireachta a bheith sealadach go dtí go dtabharfaidh údaráis an Aontais fógra faoi chuntas bliantúil críochnaitheach ar ghabhálacha de réir fhorálacha Roinn 2 de Chaibidil II.

3. Bainfidh Cabo Verde úsáid as na sonraí sin agus tuairisceoidh sé neamhréireachtaí leis na sonraí a fhaigheann ERS i gcomhréir le Roinn 1 den Chaibidil seo.

CAIBIDIL V

TABHAIRT I dTÍR AGUS TRASLOINGSIÚ

1. Fógra agus dearbhú

An captaen ar shoitheach de chuid an Aontais ar mian leis tabhairt i dtír i gcalafort Cabo Verde nó gabhálacha a gabhadh i limistéar Cabo Verde a thrasloingsiú, comhlíonfaidh sé moltaí ICCAT ina leagtar amach na spriocdhátaí agus an fhaisnéis atá le cur in iúl do Cabo Verde mar Stát Calafoirt maidir leis an méid seo a leanas:

- an réamhiarraidh ar dhul isteach i gcalafort 9 ;

- réamhfhógra faoi thrasloingsiú 10 ;

- an dearbhú trasloingsithe 11 .

Ina theannta sin, cuirfear dearbhuithe maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír i gcalafoirt Cabo Verde in iúl do Cabo Verde freisin laistigh de na spriocdhátaí agus na formáidí céanna a leagtar síos chun iad a chur in iúl don Stát brataí.

2. Socruithe maidir le fógraí agus dearbhuithe a chur isteach

Déanfaidh ERS na fógraí agus na dearbhuithe dá dtagraítear sa Chaibidil seo a chur in iúl mar ábhar tosaíochta idir an Stát brataí agus údaráis Cabo Verde. Mar sin féin, mura dtarchuireann ERS an fhaisnéis uile dá bhforáiltear sna fógraí agus sna dearbhuithe sin, cuirfidh an t‑oibreoir an fhaisnéis uile le haghaidh an imeachta lena mbaineann isteach trí ríomhphost chuig údaráis Cabo Verde. Sa chás sin, admhóidh siad gan mhoill go bhfuarthas an iarraidh.

Déanfar an oibríocht trasloingsithe in uiscí calafoirt atá údaraithe chun na críche sin i Cabo Verde. Tá toirmeasc ar thrasloingsiú ar muir.

Mura gcomhlíonfar na coinníollacha sin, gearrfar na pionóis dá bhforáiltear i reachtaíocht Cabo Verde i bhfeidhm.

3. Rialú oibríochtaí

Is é Cabo Verde a rialaíonn oibríochtaí trasloingsithe agus tabhairt i dtír i gcalafoirt i gcomhréir lena oibleagáidí faoin gComhaontú ar Bhearta Stát an Chalafoirt. Déanfaidh captaein na soithí de chuid an Aontais atá ag gabháil d’oibríochtaí tabhairt i dtír nó trasloingsithe á gcur féin faoi rialú na n‑oibríochtaí sin. Beidh feidhm ag na nósanna imeachta iniúchta a leagtar amach i gCaibidil VI, mír 3.

Arna iarraidh sin do na cigirí, éascóidh an captaen rochtain ar fhaisnéis a bhaineann le formheas sláintíoch an tsoithigh.

4. Dreasachtaí maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír

Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile chun rannchuidiú le forbairt earnáil an iascaigh in Cabo Verde agus chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an Chomhaontaithe a neartú, go háirithe trí thabhairt i dtír soithí de chuid an Aontais a mhéadú agus trí luach táirgí iascaigh a fheabhsú.

Déanfaidh oibreoirí atá ag iascach tuinníní iarracht cuid de na gabhálacha a gabhadh in uiscí Cabo Verde a thabhairt i dtír. Féadfar an ghabháil arna tabhairt i dtír a dhíol le fiontair áitiúla ar phraghas a shocrófar le hidirbheartaíocht idir na hoibreoirí.

Beidh cur chun feidhme na straitéise atá dírithe ar ráta na ngabhálacha a thugtar i dtír a mhéadú agus ar dhea-ord oibre an bhonneagair calafoirt agus próiseála faoi réir faireachán rialta ag an gComhchoiste, tar éis dul i gcomhairle leis na hoibreoirí lena mbaineann.

Cuirfidh údaráis Cabo Verde na bearta is gá i bhfeidhm chun rochtain ar chalafort a éascú do shoithí de chuid an Aontais maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír.

CAIBIDIL VI

RIALÚ AGUS INIÚCHADH

1. Dul isteach i limistéar iascaireachta Cabo Verde agus imeacht as

Maidir le soitheach de chuid an Aontais a bhfuil údarú iascaireachta aige dul isteach i limistéar iascaireachta Cabo Verde nó imeacht as, ní mór dó fógra a thabhairt do Cabo Verde faoi laistigh de 3 uair an chloig roimh an dul isteach nó an imeacht.

Nuair a bheidh fógra á thabhairt ag an soitheach go bhfuil sé ag dul isteach nó ag imeacht, sonróidh sé an méid seo a leanas go háirithe:

(a)    an dáta, an tam agus an pointe seolta a sceidealaíodh;

(b)    cainníocht gach speicis a choimeádtar ar bord, arna shainaithint lena chód alfa 3 FAO agus arna shloinneadh i gcileagraim beomheáchain nó, más gá, i líon na niasc aonair;

Má chuirtear an t‑imeacht ar ceal, ní mór fógra a thabhairt ina leith a luaithe is féidir freisin. Tabharfar fógra maidir le dul isteach agus imeacht mar ábhar tosaíochta trí ERS nó, ina éagmais sin, trí ríomhphost nó ar an raidió. Cuirfidh Cabo Verde na soithí lena mbaineann agus an tAontas ar an eolas láithreach faoi aon athrú ar an seoladh ríomhphoist nó ar mhinicíocht an tarchuir.

Aon soitheach a fhaightear i mbun iascaireachta i limistéar iascaireachta Cabo Verde gan fógra a thabhairt sula ndeachaigh sé isteach ann, measfar gur soitheach é atá ag sárú na rialacha.

Tabharfar fógra mar ábhar tosaíochta trí ERS nó i gcás mhífheidhmiú an chórais, trí ríomhphost. Cuirfidh údaráis Cabo Verde na soithí lena mbaineann agus an tAontas ar an eolas láithreach faoi aon athrú ar an seoladh ríomhphoist.

2. Sonraí shuímh na soithí VMS – gléas faireacháin an tsoithigh

Ní mór do gach soitheach de chuid an Aontais atá údaraithe faoin bPrótacal seo a bheith feistithe le gléas faireacháin an tsoithigh, gléas a bheidh ag feidhmiú go hiomlán agus é nasctha, lena mbeifear in ann é a aimsiú agus a shainaithint go huathoibríoch le gaireas rianaithe, a bhuí le sonraí suímh an tsoithigh a bheith á dtarchur go huathoibríoch go tráthrialta, dá ngairfear sonraí VMS anseo feasta.

Beidh toirmeasc ar an ngaireas rianaithe leanúnaigh a bhogadh, a dhícheangal, a scriosadh, a dhamáistiú nó a chur ó mhaith trí úsáid a bhaint as cumarsáid satailíte a chuirtear ar bord an tsoithigh chun sonraí a tharchur nó chun sonraí a astaítear nó a thaifeadtar leis an gcóras sin a athrú, a atreorú nó a fhalsú d’aon ghnó.

Agus iad i limistéar iascaireachta Cabo Verde, ní mór do shoithí de chuid an Aontais a bhfuil údarú iascaireachta acu a áirithiú go gcuirtear a suíomh in iúl go huathoibríoch agus go leanúnach, gach uair an chloig, do Lárionad Faireacháin Iascaigh (LFI) a Stáit brataí. Cuirfear na sonraí sin ar fáil do Cabo Verde i gcomhréir leis na sonraíochtaí a leagtar amach i bhFoscríbhinn 5.

Ní mheasfar soithí de chuid an Aontais a bheith neamhchomhlíontach i gcás cliseadh teicniúil i dtarchur sonraí VMS idir na LFInna lena mbaineann.

Le gach teachtaireacht suímh, soláthrófar suíomh geografach is déanaí an tsoithigh (domhanfhad, domhanleithead) le lamháil earráide is lú ná 500 méadar agus eatramh muiníne 99 %; agus an fhaisnéis san fhormáid a shonraítear i bhFoscríbhinn 5.

3. Iniúchtaí

Is iad soithí agus cigirí Cabo Verde, a shainaithneofar go soiléir gur sannadh iad chun seiceálacha iascaireachta a dhéanamh, a dhéanfaidh iniúchadh ar muir i limistéar iascaireachta Cabo Verde, nó i gcalafort, ar shoithí de chuid an Aontais a bhfuil údarú iascaireachta acu.

Roimh dhul ar bord, cuirfidh cigirí Cabo Verde soitheach an Aontais ar an eolas maidir lena gcinneadh iniúchadh a dhéanamh. Beirt chigirí ar a mhéad a dhéanfaidh an chigireacht, agus ní mór dóibh cruthúnas a sholáthar ar a gcéannacht agus ar a bpost oifigiúil mar chigire sula ndéanfaidh siad an t‑iniúchadh.

Ní fhanfaidh cigirí Cabo Verde ar bord an tsoithigh de chuid an Aontais ach ar feadh an ama is gá chun na cúraimí a bhaineann leis an iniúchadh a dhéanamh. Déanfaidh siad an t‑iniúchadh ar bhealach a n‑íoslaghdóidh an tionchar ar an soitheach, ar a ghníomhaíocht iascaireachta agus ar a lasta.

Déanfaidh captaen an tsoithigh de chuid an Aontais bordáil agus obair chigirí Cabo Verde a éascú.

Ag deireadh gach iniúchta, déanfaidh chigirí Cabo Verde tuarascáil iniúchóireachta a tharraingt suas. Beidh sé de cheart ag captaen an tsoithigh de chuid an Aontais a bharúlacha a chur leis an tuarascáil iniúchóireachta. Is iad na daoine seo a leanas a shíneoidh an tuarascáil iniúchóireachta: an cigire a tharraing suas í agus captaen an tsoithigh de chuid an Aontais.

Tabharfaidh cigirí Cabo Verde cóip den tuarascáil iniúchta do chaptaen an tsoithigh de chuid an Aontais sula bhfágfaidh sé an soitheach. Seolfaidh Cabo Verde cóip den tuarascáil iniúchta chuig an Aontas laistigh de thréimhse 8 lá tar éis na cigireachta.

Féadfaidh údaráis Cabo Verde a údarú d’údaráis an Aontais páirt a ghlacadh in iniúchadh mar bhreathnóir.

4. Iniúchtaí comhpháirteacha

Ar bhonn measúnú riosca, féadfaidh na Páirtithe a chomhaontú go ndéanfaidh siad iniúchtaí comhpháirteacha ar shoithí de chuid an Aontais, go háirithe le linn oibríochtaí tabhairt i dtír agus trasloingsithe, chun a áirithiú go gcomhlíonfar reachtaíocht an Aontais agus reachtaíocht Cabo Verde araon. Le linn do na cigirí arna n‑imlonnú ag na Páirtithe a gcuid dualgas a chomhlíonadh, cloífidh siad leis na forálacha maidir le hiniúchtaí dá bhforáiltear i reachtaíocht an Aontais agus i reachtaíocht Cabo Verde faoi seach.

Féadfaidh na Páirtithe, i gcomhthéacs a gcuid freagrachtaí mar Stáit bhrataí agus mar Stáit chósta, cinneadh a dhéanamh a bheith ag oibriú i gcomhar ar ghníomhaíochtaí rialaithe, de bhun a gcuid reachtaíochta ábhartha. Ina theannta sin, ar iarraidh a fháil ón Aontas, féadfaidh údaráis Cabo Verde a údarú do chigirí iascaigh ó Bhallstáit de chuid an Aontais iniúchtaí a dhéanamh ar shoithí de chuid an Aontais a bhfuil a mbratach ar foluain acu laistigh de theorainneacha a n‑inniúlachta faoina ndlí náisiúnta.

I gcás nach gcomhlíontar na forálacha a leagtar amach sa Chaibidil seo, forchoimeádann údaráis Cabo Verde an ceart chun údarú iascaireachta an tsoithigh chiontaigh de chuid an Aontais a chur ar fionraí go dtí go mbeidh na foirmiúlachtaí curtha i gcrích agus chun an pionós a leagtar síos i reachtaíocht Cabo Verde a chur i bhfeidhm. Cuirfear Ballstát brataí an Aontais agus an tAontas ar an eolas faoi sin.

5. Faireachán rannpháirteach maidir leis an gcomhrac in aghaidh na hiascaireachta NNN

Chun an comhrac in aghaidh na hiascaireachta NNN a neartú, gach soitheach a bheidh i limistéar iascaireachta Cabo Verde atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí amhrasta a d’fhéadfadh a bheith ina iascaireacht NNN, déanfaidh captaein na soithí de chuid an Aontais iad a thuairisciú, agus soláthróidh siad a mhéid faisnéise agus is féidir maidir leis an méid a bhí le feiceáil. Seolfar tuarascálacha amhairc gan mhoill chuig údaráis Cabo Verde agus chuig údarás inniúil Bhallstát brataí an tsoithigh óna bhfuarthas an t‑amharc ar na gníomhaíochtaí amhrasta sin, a tharchuirfidh láithreach iad chuig an Aontas nó chuig an gcomhlacht arna ainmniú aige. Seolfaidh údaráis Cabo Verde gach tuarascáil amhairc a bheidh acu ar shoithí an Aontais a bheith i mbun gníomhaíochtaí a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iascaireacht NNN i limistéar iascaireachta Cabo Verde.

CAIBIDIL VII

SÁRAITHE

1. Láimhseáil sáruithe

Ní mór aon sárú arna dhéanamh ag soitheach de chuid an Aontais a bhfuil údarú iascaireachta aige faoin Iarscríbhinn seo a lua i dtuarascáil iniúchta.

Beidh síniú na tuarascála cigireachta ag an gcaptaen gan dochar do cheart cosanta an oibreora in aghaidh an tsáraithe a ndearnadh gearán ina leith.

2. Dul ar bord soithigh – cruinniú faisnéise

Má dhéantar foráil i reachtaíocht Cabo Verde atá i bhfeidhm maidir leis an sárú a ndearnadh gearán ina leith, féadfar a cheangal ar aon soitheach de chuid an Aontais a rinne sárú scor dá ghníomhaíocht iascaireachta agus, i gcás ina mbeidh an soitheach ar muir, filleadh ar chalafort Cabo Verde.

Tabharfaidh Cabo Verde fógra don Aontas laistigh d’aon lá oibre ar a mhéad faoi shoitheach de chuid an Aontais a bhfuil údarú iascaireachta aige a choinneáil. Ní mór an fógra a sheoladh in éineacht le heilimintí lena dtugtar údar leis an gcoinneáil.

Sula ndéanfaidh sé aon bheart in aghaidh an tsoithigh, an chaptaein, an chriú nó an lastais, cé is moite de bhearta arb é is aidhm dóibh fianaise a chosaint, eagróidh Cabo Verde, arna iarraidh sin don Aontas, laistigh de lá oibre amháin tar éis fógra a thabhairt faoi choinneáil an tsoithigh, cruinniú faisnéise chun na fíricí a shoiléiriú as ar eascair coinneáil an tsoithigh agus chun míniú a thabhairt ar an ngníomhaíocht bhreise a d’fhéadfaí a dhéanamh. Féadfaidh ionadaí Stát brataí an tsoithigh a bheith i láthair ag an gcruinniú faisnéise sin.

3. Pionós mar gheall ar shárú – nós imeachta um réiteach

Socróidh Cabo Verde an pionós as an sárú a ndearnadh gearán faoi i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta atá i bhfeidhm.

I gcás ina mbainfidh imeachtaí breithiúnacha le réiteach an tsáraithe, sula dtionscnófar iad, agus ar choinníoll nach mbaineann gníomh coiriúil leis an sárú, tionscnófar nós imeachta um réiteach idir údarás Cabo Verde agus an tAontas chun téarmaí agus leibhéal an phionóis a chinneadh. Féadfaidh ionadaí Stát brataí an tsoithigh a bheith rannpháirteach sa nós imeachta sin um réiteach. Tiocfaidh deireadh leis an nós imeachta um réiteach 3 lá ar a dhéanaí tar éis fógra a thabhairt faoi choinneáil an tsoithigh.

4. Imeachtaí breithiúnacha – urrús bainc

Má theipeann ar an nós imeachta um réiteach agus má thugtar an sárú os comhair na cúirte inniúla, déanfaidh an t‑oibreoir soithigh a rinne an sárú urrús bainc a thaisceadh i mbanc arna ainmniú ag Cabo Verde, agus cumhdófar le méid an urrúis, arna socrú ag Cabo Verde, na costais a bhaineann leis an soitheach a choinneáil, an fhíneáil mheasta agus aon chúiteamh a d’fhéadfadh a bheith ann. Ní fhéadfar an t‑urrús bainc a aisghabháil go dtí go gcuirfear na himeachtaí breithiúnacha i gcrích.

Scaoilfear an t‑urrús bainc agus tabharfar ar ais don oibreoir é díreach tar éis don bhreithiúnas a bheith tugtha:

(a)    ina iomláine, murar gearradh aon phionós;

(b)    tabharfar ar ais méid an iarmhéid atá fágtha, más fíneáil atá sa phionós atá níos lú ná méid an urrúis bainc.

Cuirfidh Cabo Verde an tAontas ar an eolas faoi thoradh na n‑imeachtaí breithiúnacha laistigh de 8 lá tar éis thabhairt an bhreithiúnais.

5. Scaoileadh an tsoithigh agus an chriú

Údarófar don soitheach agus dá chriú an calafort a fhágáil a luaithe a réiteofar an pionós arna eascairt as an nós imeachta um réiteach, nó a luaithe a thaiscfear an t‑urrús bainc.

CAIBIDIL VIII

FOSTAÍOCHT IASCAIRÍ ACC AR BORD SOITHÍ DE CHUID AN AONTAIS

Chun críocha na Caibidle seo, ciallaíonn ‘úinéir soithigh iascaireachta’ úinéir an tsoithigh nó aon eintiteas nó duine eile, amhail an bainisteoir, an gníomhaire nó an cairtfhostóir lánchostais, a ghlac an fhreagracht as oibriú an tsoithigh ón úinéir agus a chomhaontaigh, ar ghlacadh na freagrachta sin, dul i gceann dhualgais agus oibleagáidí na n‑úinéirí soithí iascaireachta faoin gCoinbhinsiún seo, is cuma cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann eintitis nó daoine eile cuid de na dualgais nó de na freagrachtaí sin thar a gceann.

1. An líon iascairí ACC is gá a thabhairt ar bord

1.1. Tabharfaidh an t‑úinéir soithigh iascaireachta iascairí de chuid na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin (dá ngairtear ‘ACC’ anseo feasta) ar bord chun oibriú ar bord a shoithigh mar bhaill den chriú fad a mhairfidh gníomhaíochtaí iascaireachta an tsoithigh faoin bPrótacal.

1.2. Is mar seo a leanas a bheidh an t‑íoslíon iascairí atá le tabhairt ar bord i gcomhréir le pointe 1.1:

(a) tabharfaidh cabhlach na mbád saighne tuinníní seisear iascairí ar a laghad ar bord;

(b) tabharfaidh an cabhlach soithí tuinníní cleithe agus dorú beirt iascairí ar a laghad ar bord;

(c) tabharfaidh cabhlach na mbád spiléireachta dromchla cúigear iascairí ar a laghad ar bord.

úinéirí soithí iascaireachta a bhíonn ag iascaireacht i soithí de chuid an Aontais, déanfaidh siad iarracht maraithe bhreise ó Cabo Verde a fhostú ar bord.

1.3. Na hiascairí atá le tabhairt ar bord de bhun phointe 1.1, comhlíonfaidh siad ceanglais reachtaíocht an Stáit brataí lena dtrasuitear Treoir (AE) 2017/159 ón gComhairle 12 , lena náirítear a mhéid a bhaineann leis an bpas, le leabhar mairnéalaigh, leis an deimhniú leighis agus leis an mbundeimhniú oiliúna. Cuirfidh an Stát brataí liosta na gceanglas a eascraíonn as an reachtaíocht sin in iúl d’údaráis Cabo Verde luath go leor roimh ré. Na hiascairí ACC atá le tabhairt ar bord i gcomhréir le pointe 1.1, beidh siad in ann an teanga oibre atá bunaithe ar bord an tsoithigh iascaireachta a thuiscint, orduithe agus treoracha a thabhairt agus tuairisciú sa teanga sin.

1.4. Déanfaidh údaráis inniúla Cabo Verde liosta de na hiascairí inniúla a tharraingt suas, a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta agus a chur in iúl d’úinéirí soithí iascaireachta.

1.5. Déanfaidh an máistir báid liosta an chriú a tharraingt suas, a nuashonrú agus a shíniú i gcomhréir le Foirm 5 de Choinbhinsiún IMO maidir le Muirthrácht Idirnáisiúnta a Éascú (Coinbhinsiún FAL), agus cuirfidh sé cóip den liosta sin ar aghaidh chuig údaráis ainmnithe Cabo Verde sula bhfágfaidh an soitheach limistéar an chalafoirt.

1.6. Diúltóidh an t‑úinéir soithigh iascaireachta nó, diúltóidh an máistir thar ceann an úinéara, iascaire a ligean ar bord ar a shoitheach mura gcomhlíonann an t‑iascaire sin na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 1.3.

2. Dálaí oibre

Na dálaí faoina dtabharfar iascairí ACC ar bord, beidh siad i gcomhréir le reachtaíocht an Stáit brataí lena dtrasuitear Treoir (AE) 2017/159 ón gComhairle, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann le huaireanta oibre nó uaireanta scíthe, cearta aisdúichithe agus sábháilteacht agus sláinte cheirde.

3. Comhaontú fostaíochta an iascaire

3.1. I gcás gach iascaire a bheidh a fostaítear ar bord soithigh de chuid an Aontais i gcomhréir le pointe 1.1, déanfaidh an t‑iascaire agus an fostóir araon comhaontú fostaíochta i scríbhinn a chaibidliú agus a shíniú.

3.2. Beidh an Comhaontú i gcomhréir le ceanglais reachtaíocht an Stáit brataí lena dtrasuitear Treoir (AE) 2017/159 ón gComhairle (Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir).

4. Luach saothair na n‑iascairí

4.1. Íocfar costas an luacha saothair agus na costais saothair bhreise go díreach nó, i gcás inar seirbhís phríobháideach sa mhargadh saothair é fostóir an iascaire, íocfaidh úinéir an tsoithigh iascaireachta go hindíreach iad.

4.2. Ba cheart tuarastal ráthaithe míosúil nó tráthrialta a íoc le hiascairí ACC, trí aistriú bainc más féidir, beag beann ar ghabhálacha iarbhír agus/nó díolacháin éisc. Bunófar é trí chomhaontú frithpháirteach idir na húinéirí soithí iascaireachta nó a ngníomhairí agus na maraithe agus/nó a gceardchumainn nó a n‑ionadaithe. I gcás nár tugadh comhaontuithe comhchoiteanna i gcrích agus nach bhfuil feidhm ag bunphá íosta na Stát brataí, ní fhéadfaidh na bunchoinníollacha pá a thugtar d’iascairí ACC a bheith níos ísle ná na bunchoinníollacha pá a chuirtear i bhfeidhm maidir le criúnna óna dtíortha faoi seach ná, in imthosca ar bith, caighdeáin EIS do mharaithe arb é is aidhm dóibh líontán sábhála idirnáisiúnta a bhunú chun obair chuibhiúil maraithe a chosaint agus rannchuidiú leis an bpá sin a áirithiú.

4.3. Na costais fhéideartha a bhfuil baint acu le híocaíochtaí a fuarthas, ní gá d'iascairí iad a iompar. Tabharfar caoi d’iascairí chun na híocaíochtaí uile a gheofar, nó cuid díobh, lena n‑áirítear réamhíocaíochtaí, a sheoladh chuig a dteaghlach saor in aisce.

4.4. Ní mór don iascaire duillín pá a fháil ar gach íocaíocht dá thuarastal agus, má iarrann sé amhlaidh, cruthúnas gur íocadh an tuarastal.

5. Slándáil shóisialta

Áiritheoidh Cabo Verde go mbeidh iascairí a bhfuil gnáthchónaí orthu ar a chríoch maille lena gcuid cleithiúnaithe, a mhéid a fhoráiltear dó leis an dlí náisiúnta, i dteideal cosaint shóisialta faoi choinníollacha atá chomh fabhrach céanna leis na coinníollacha is infheidhme maidir le hoibrithe eile, go háirithe oibrithe agus daoine féinfhostaithe, a bhfuil gnáthchónaí orthu ar a chríoch.

6. Seirbhísí príobháideacha mhargadh an tsaothair

6.1. Seo a leanas seirbhísí príobháideacha arna soláthar ag margadh an tsaothair:

(a) seirbhís earcaíochta agus socrúcháin, i.e. aon duine, cuideachta, institiúid, gníomhaireacht nó eagraíocht eile de chuid na hearnála poiblí nó príobháidí atá i mbun iascairí a earcú nó a shuíomh thar ceann úinéirí soithí iascaireachta;

(b) gníomhaireacht phríobháideach fostaíochta, i.e. aon duine, aon chuideachta, aon institiúid, aon ghníomhaireacht nó aon eagraíocht eile de chuid na hearnála príobháidí a dhéanann gníomhaíochtaí a bhaineann le fostú nó le hearcú iascairí d'fhonn iad a chur ar fáil d'úinéirí soithí iascaireachta a shannann cúraimí dóibh agus a dhéanann maoirseacht ar chomhlíonadh na gcúraimí sin.

6.2. Áiritheoidh údaráis inniúla Cabo Verde an méid seo a leanas maidir le gníomhairí Cabo Verde a sholáthraíonn seirbhísí príobháideacha sa mhargadh saothair d’iascairí agus d’úinéirí soithí iascaireachta araon:

(a) gan úsáid a bhaint as modhanna, sásraí nó liostaí atá dírithe ar iascairí a chosc nó a dhíspreagadh ó fhostaíocht a fháil;

(b) gan táillí ná costais eile a ghearradh ar iascairí, in airgead tirim ná i gcomhchineál, go díreach nó go hindíreach, go hiomlán nó go páirteach, as na seirbhísí atá á soláthar acu i margadh an tsaothair;

(c) gan iasachtaí a dheonú ná earraí nó seirbhísí a sholáthar don iascaire a mhéid a chaithfidh an t‑iascaire iad a aisíoc nó íoc astu;

(d) gan íocaíocht nó aisíocaíocht iasachtaí, earraí nó seirbhísí a sholáthraítear roimh fhostaíocht an iascaire a dhealú ó luach saothair an iascaire; agus

(e) a áirithiú:

(i) go gcomhlíonann comhaontú fostaíochta an iascaire an Chaibidil seo, na dlíthe, na rialacháin agus na comhaontuithe comhchoiteanna lena rialaítear comhaontú fostaíochta an iascaire;

(ii) go ndéantar comhaontú fostaíochta an iascaire a scríobh i dteanga a thuigeann an t‑iascaire agus i dteanga oifigiúil nó oibre shoitheach iascaireachta de chuid an Aontais lena mbaineann;

(iii) go gcuirfear na hiascairí atá fostaithe ar an eolas, sula síneofar a gcomhaontú fostaíochta, faoina gcearta agus faoina n‑oibleagáidí;

(iv) go ndéantar na bearta is gá chun a chur ar chumas na n‑iascairí atá i mbun scrúdú a dhéanamh ar théarmaí a gcomhaontaithe fostaíochta agus comhairle a lorg ina leith sula síníonn siad é;

(v) go bhfaigheann iascairí fostaithe cóip shínithe dá gcomhaontú fostaíochta;

(vi) go gcomhlíonfaidh iascairí a n‑oibleagáidí faoin gCaibidil seo; agus

(vii) go bhfaighidh an t‑úinéir soithigh iascaireachta in am trátha cóip de gach duillín pá agus cruthúnas gur íocadh gach íocaíocht luach saothair má íocann an gníomhaire an luach saothair.

6.3. Áiritheoidh údaráis inniúla Cabo Verde go léireoidh gníomhairí Cabo Verde a fhostaíonn iascairí chun iad a phostú ar bord soithí iascaireachta de chuid an Aontais go soiléir i gcomhaontuithe rannpháirtíochta an iascaire a fhostaíonn siad ar bord leis na hiascairí sin go bhfuil an t‑iascaire lena mbaineann fostaithe ag an ngníomhaire chun é a chur ar fáil d’úinéirí soithí iascaireachta a shannann cúraimí dóibh agus a dhéanann maoirseacht ar fheidhmiú na gcúraimí sin.

6.4. De mhaolú ar phointe 6.2 (b), is ar an iascaire nó ar dhuine nó eagraíocht eile arna gcinneadh leis an reachtaíocht is infheidhme, le comhaontú fostaíochta nó le comhaontú comhchoiteann an iascaire, i gcás inarb infheidhme, a bheidh na costais a bhaineann le leabhar mairnéalaigh, teastas leighis agus pas a fháil. Is é an fostóir a íocfaidh na costais a bhaineann le víosa agus cead oibre a fháil, i gcás inarb infheidhme.

7. Comhlíonadh na Caibidle seo

7.1. Áiritheoidh údaráis inniúla an dá Pháirtí go mbeidh an reachtaíocht is infheidhme maidir le hiascairí inrochtana go héasca agus saor in aisce i bhfoirm chuimsitheach thrédhearcach.

7.2. Áiritheoidh údaráis Cabo Verde cur chun feidhme cuí na Caibidle seo i gcomhréir lena n‑oibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta agus i gcomhréir leis na hoibleagáidí a leagtar amach sa Chaibidil seo.

7.3. Áiritheoidh údaráis an Stáit brataí go gcuirfear Ranna 1, 2 agus 3 i bhfeidhm go cuí ar bord soithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu. Feidhmeoidh siad a bhfreagracht i gcomhréir le Treoracha EIS maidir leis an iniúchadh ag an Stát brataí ar dhálaí maireachtála agus oibre ar bord soithí iascaireachta.

7.4. Beidh an t‑úinéir soithigh iascaireachta díolmhaithe ó mhéid an chothromráta dá dtagraítear i bpointe 7.4 a íoc sna cásanna seo a leanas:

— is cosúil nach gcomhlíonann an t‑iascaire atá beartaithe sa liosta dá dtagraítear i bpointe 1.4 na ceanglais a leagtar amach i bpointe 1.3;

— ní thagann an t‑iascaire a bhfuil comhaontú fostaíochta sínithe aige de bhun phointe 3.1 i láthair an mháistir báid ar an dáta agus ag an am a shonraítear ina chomhaontú fostaíochta;

— ní sholáthraíonn údaráis Cabo Verde an liosta dá dtagraítear i bpointe 1.4.

7.5. Déanfaidh an Comhchoiste comhlíonadh na n‑oibleagáidí a leagtar amach sa Chaibidil seo a rialú.

8. Gan iascairí a thabhairt ar bord

Na húinéirí soithí iascaireachta a bhaineann leis na soithí nach dtugann iascairí Cabo Verde ar bord, íocfaidh siad cnapshuim EUR 20 in aghaidh an lae ar a bhfuil a soithí i limistéar iascaireachta Cabo Verde roimh an 30 Meán Fómhair den bhliain reatha, le haghaidh gach mairnéalach faoi bhun an lín a leagtar síos i mír 1.

CAIBIDIL IX

BREATHNÓIRÍ

1. Breathnóireacht ar na gníomhaíochtaí iascaireachta

Go dtí go gcuirfear córas breathnóirí réigiúnacha chun feidhme, na soithí atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh i limistéar iascaireachta Cabo Verde faoin gComhaontú, tabharfaidh siad ar bord, in ionad breathnóirí réigiúnacha, breathnóirí arna n‑ainmniú ag Cabo Verde i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sa Chaibidil seo.

Na soithí a bhfuil údarú iascaireachta acu, beidh siad faoi réir scéim chun breathnú ar a ngníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanfar faoin gComhaontú.

Beidh an scéim bhreathnóireachta sin i gcomhréir leis na forálacha dá bhforáiltear sna moltaí arna nglacadh ag CITAC.

2. Soithí agus breathnóirí ainmnithe

Gan dochar d’fhorálacha mhír 1 den Chaibidil seo, geallann na Páirtithe dálaí teicniúla agus lóistíochta a chruthú chun gur féidir líon íosta breathnóirí a thabhairt ar bord faoi na coinníollacha agus na teorainneacha seo a leanas:

(a) I gcás chabhlach na mbád saighne tuinnín, tabharfar breathnóir eolaíoch amháin ar a laghad ar bord in aghaidh an tsoithigh, agus sin suas le trí (3) shoitheach ar a mhéad a léireofar ar bhonn randamach.

(b) I gcás an chabhlaigh spiléireachta, tabharfar breathnóir eolaíoch amháin ar a laghad ar bord in aghaidh an tsoithigh agus sin suas le trí (3) shoitheach ar a mhéad a léireofar ar bhonn randamach.

(c) I gcás an chabhlaigh cleithe agus dorú, tabharfar breathnóir eolaíoch amháin ar a laghad ar bord in aghaidh an tsoithigh, agus sin suas le dhá (2) shoitheach ar a mhéad a léireofar ar bhonn randamach.

Ainmneoidh Cabo Verde na soithí de chuid an Aontais nach mór cead a thabhairt do bhreathnóir dul ar bord agus ainmneoidh sé an breathnóir a shannfar dóibh 15 lá ar a dhéanaí roimh an dáta dá bhforáiltear maidir leis an mbreathnóir a thabhairt ar bord.

Agus an t‑údarú iascaireachta á eisiúint aige, cuirfidh Cabo Verde an tAontas agus an t‑oibreoir, nó a ghníomhaire, ar an eolas faoi na soithí agus na breathnóirí atá ainmnithe, chomh maith leis an am a bhfuil an breathnóir ar bord gach soithigh. Cuirfidh Cabo Verde an tAontas agus an t‑oibreoir, nó a ghníomhaire, ar an eolas gan mhoill faoi aon athrú ar na soithí agus na breathnóirí ainmnithe.

Féachfaidh Cabo Verde leis gan breathnóirí a ainmniú le haghaidh soithí a bhfuil breathnóir ar bord acu cheana féin, nó a bhfuil oibleagáid fhoirmiúil orthu cheana breathnóir a thabhairt ar bord le linn an tséasúir iascaireachta i dtrácht mar chuid dá ngníomhaíochtaí i limistéir iascaireachta seachas limistéar Cabo Verde.

Ní chaithfidh na breathnóirí níos mó ama ar bord an tsoithigh ná mar is gá chun a ndualgais a chomhlíonadh.

Ní mór an oiliúint is gá a bheith curtha ar gach breathnóir ar bord soithigh de chuid an Aontais chun a shábháilteacht ar bord a áirithiú agus chun dualgais an bhreathnóra atá le déanamh a chomhlíonadh.

Cuirfidh Cabo Verde oiliúint ar fáil dá bhreathnóirí. Maidir leis an oiliúint a chuirfear ar bhreathnóirí, áireofar inti cur san áireamh na nósanna imeachta a chuirfear ar bun le haghaidh breathnóireachta ar bord shoithí de chuid an Aontais, agus é d’aidhm acu cláir breathnóirí náisiúnta a chomhchuibhiú agus a chomhordú.

Comhaontaíonn na Páirtithe féachaint an bhféadfaí úsáid a bhaint as faireachán leictreonach mar chuid dá gcláir bhreathnóireachta. Oibreoidh Cabo Verde agus an tAontas i gcomhar leis na Stáit chósta eile in oirthear an Aigéin Atlantaigh, d’fhonn tacú le cur chun feidhme comhbheartaithe réigiúnach na gclár breathnóirí, faoi chuimsiú CITAC.

3. Ranníocaíocht airgeadais ar ráta comhréidh

Nuair a íocfar an muirear, íocfaidh an t‑oibreoir méid comhréidh EUR 200 in aghaidh na bliana le Cabo Verde le haghaidh gach soithigh.

4. Tuarastal an bhreathnóra

Is é Cabo Verde a iompróidh tuarastal agus ranníocaíochtaí sóisialta an bhreathnóra.

5. Coinníollacha bordála

Déanfar coinníollacha bordála an bhreathnóra, go háirithe an fad a bheidh sé i láthair ar bord, a shainiú trí chomhaontú frithpháirteach idir an oibreoir nó a ghníomhaire agus Cabo Verde.

Is mar oifigigh a dhéileálfar le breathnóirí ar bord. Mar sin féin, cuirfear struchtúr teicniúil an tsoithigh san áireamh maidir le cóiríocht an bhreathnóra ar bord.

Is ar an oibreoir a thiteann costas na cóiríochta agus an bhia ar bord an tsoithigh.

Déanfaidh an captaen gach beart laistigh dá réimse freagrachta chun sábháilteacht fhisiceach agus folláine ghinearálta an bhreathnóra a áirithiú.

Tabharfar gach saoráid is gá don bhreathnóir chun a chuid cúirimí a chomhlíonadh. Beidh rochtain aige ar mhodhanna cumarsáide agus ar dhoiciméid a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta an tsoithigh, go háirithe an logleabhar iascaireachta agus an loga loingseoireachta, agus ar na codanna den soitheach a bhaineann go díreach lena cúraimí.

6. Oibleagáid an bhreathnóra

Fad a bheidh an breathnóir ar bord, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)    déanfaidh sé gach beart iomchuí ionas nach gcuirfear stop leis na hoibríochtaí iascaireachta ná nach gcuirfear bac orthu;

(b)    tabharfaidh sé urraim do na hearraí agus don trealamh atá ar bord;

(c)    tabharfaidh sé urraim do rúndacht gach doiciméid ar leis an soitheach é.

7. An breathnóir a thabhairt ar bord agus a thabhairt i dtír

Tabharfar an breathnóir ar bord i gcalafort a roghnóidh an t‑oibreoir.

10 lá roimh an mbreathnóir a thabhairt ar bord, tabharfaidh an t‑oibreoir nó a ionadaí fógra do LFI Cabo Verde faoin dáta agus faoin am a thabharfar ar bord é, mar aon leis an gcalafort bordála. I gcás ina dtabharfar an breathnóir ar bord i dtír eachtrach, is é an t‑oibreoir a iompróidh a chostais taistil chun an calafort bordála a bhaint amach.

Mura dtagann an breathnóir i láthair chun dul ar bord laistigh de 12 uair an chloig ón dáta agus ón am sceidealta, scaoilfear an t‑oibreoir go huathoibríoch ón oibleagáid atá air an breathnóir a thabhairt ar bord. Beidh cead aige an calafort a fhágáil agus dul i mbun oibríochtaí iascaireachta.

I gcás nach dtabharfar an breathnóir i dtír i gcalafort de chuid Cabo Verde, is ar an oibreoir a bheidh an costas a bhaineann leis an mbreathnóir a aisdúichiú chuig Cabo Verde a luaithe is féidir.

8. Cúraimí an bhreathnóra

Déanfaidh an breathnóir na cúraimí seo a leanas:

a)    breathnóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iascaireachta an tsoithigh;

b)    suíomh an tsoithigh a dheimhniú le linn a chuid oibríochtaí iascaireachta;

c)    sampláil bhitheolaíoch a dhéanamh i gcomhthéacs clár eolaíochta;

d)    taifead a dhéanamh ar an trealamh iascaireachta a úsáidtear;

e)    na sonraí gabhála a thógtar i limistéar iascaireachta Cabo Verde a thaifeadtar sa logleabhar a fhíorú;

f)    céatadáin na bhfoghabhálacha a fhíorú agus meastachán a dhéanamh ar na gabhálacha a aischuireadh;

g)    a bharúlacha a chur in iúl trí bhíthin raidió, facs nó ríomhphost, uair sa tseachtain ar a laghad nuair atá an soitheach ag oibriú i limistéar iascaireachta Cabo Verde, lena náirítear tonnáiste na ngabhálacha agus na bhfoghabhálacha ar bord.

9. Tuarascáil ón mbreathnóir

Sula bhfágfaidh an breathnóir an soitheach, cuirfidh sé tuarascáil ar a chuid barúlacha faoi bhráid chaptaen an tsoithigh. Beidh sé de cheart ag captaen an tsoithigh tráchtanna a dhéanamh sa tuarascáil ón mbreathnóir. Déanfaidh an breathnóir agus an captaen araon an tuarascáil a shíniú. Gheobhaidh an captaen cóip de thuarascáil an bhreathnóra.

Cuirfidh an breathnóir a thuarascáil faoi bhráid Cabo Verde, a sheolfaidh cóip di chuig an Aontas laistigh de 8 lá féilire tar éis dhíbhordáil an bhreathnóra.

________________________________________

FOSCRÍBHINNÍ A GHABHANN LEIS AN IARSCRÍBHINN

Foscríbhinn 1 – Limistéar iascaireachta Cabo Verde

Foscríbhinn 2 – Bearta teicniúla caomhnúcháin

Foscríbhinn 3 – Sonraí teagmhála le haghaidh na cumarsáide dá bhforáiltear sa phrótacal seo

Foscríbhinn 4 – Foirm iarratais ar údarú

Foscríbhinn 4a - Faisnéis atá le soláthar agus iarratas á dhéanamh ar cheadúnas faoi Phrótacal Cur Chun Feidhme an Chomhaontaithe Iascaigh Cabo Verde - Aontas Eorpach

Foscríbhinn 5 – Ceanglais theicniúla maidir le cur chun feidhme an chórais um fhaireachán soithí (VMS) agus an chórais um chlárú gníomhaíochtaí iascaireachta (ERS)

Foscríbhinn 6 – Próiseáil sonraí pearsanta



FOSCRÍBHINN 1

LIMISTÉAR IASCAIREACHTA CABO VERDE

Síneann limistéar iascaireachta Cabo Verde amach suas le 200 muirmhíle ó na bunlínte seo a leanas:

Pointí

Domhanleithead Ó Thuaidh

Domhanfhad Siar

Oileán

A.

14° 48′ 43,17″

24° 43′ 48,85″

I. Brava

C-P1 a Rainha

14° 49′ 59,10″

24° 45′ 33,11″

C-P1 a Faja

14° 51′ 52,19″

24° 45′ 09,19″

D-P1 Vermelharia

16° 29′ 10,25″

24° 19′ 55,87″

S. Nicolau

E.

16° 36′ 37,32″

24° 36′ 13,93″

Ilhéu Raso

F-P1 a da Peça

16° 54′ 25,10″

25° 18′ 11,00″

Santo Antão

F.

16° 54′ 40,00″

25° 18′ 32,00″

G-P1 a Camarín

16° 55′ 32,98″

25° 19′ 10,76″

H-P1 a Preta

17° 02′ 28,66″

25° 21′ 51,67″

I-P1 A Mangrade

17° 03′ 21,06″

25° 21′ 54,44″

J-P1 a Portinha

17° 05′ 33,10″

25° 20′ 29,91″

K-P1 a do Sol

17° 12′ 25,21″

25° 05′ 56,15″

L-P1 a Sinagoga

17° 10′ 41,58″

25° 01′ 38,24″

M-Pta Espechim

16° 40′ 51,64″

24° 20′ 38,79″

S. Nicolau

N-Pta Norte

16° 51′ 21,13″

22° 55′ 40,74″

Sal

O-Pta Casaca

16° 50′ 01,69″

22° 53′ 50,14″

P-Ilhéu Cascalho

16° 11′ 31,04″

22° 40′ 52,44″

Boa Vista

Pl-Ilhéu Baluarte

16° 09′ 05,00″

22° 39′ 45,00″

Q-Pta Roque

16° 05′ 09,83″

22° 40′ 26,06″

R-Pta Flamengas

15° 10′ 03,89″

23° 05′ 47,90″

Maio

S.

15° 09′ 02,21″

23° 06′ 24,98″

Santiago

T.

14° 54′ 10,78″

23° 29′ 36,09″

U-D. Maria Pia

14° 53′ 50,00″

23° 30′ 54,50″

I. de Fogo

V-Pta Pesqueiro

14° 48′ 52,32″

24° 22′ 43,30″

I. Brava

X-Pta Nho Martinho

14° 48′ 25,59″

24° 42′ 34,92″

II >

14° 48′ 43,17″

24° 43′ 48,85″

De bhun an chonartha a síníodh an 17 Feabhra 1993 idir Poblacht Cabo Verde agus Poblacht na Seineagáile, is leis na pointí seo a leanas a dhéantar an teorainn mhuirí leis an tSeineagáil a theormharcáil:

Pointí

Domhanleithead ó thuaidh

Domhanfhad siar

A

13° 39′ 00″

20° 04′ 25″

B

14° 51′ 00″

20° 04′ 25″

C

14° 55′ 00″

20° 00′ 00″

D

15° 10′ 00″

19° 51′ 30″

E

15° 25′ 00″

19° 44′ 50″

R

15° 40′ 00″

19° 38′ 30″

G

15° 55′ 00″

19° 35′ 40″

H

16° 04′ 05″

19° 33′ 30″

De bhun an chonartha a síníodh idir Poblacht Cabo Verde agus Poblacht Ioslamach na Máratáine, is leis na pointí seo a leanas a dhéantar an teorainn mhuirí idir an dá thír a theormharcáil:

Pointí

Domhanleithead ó thuaidh

Domhanfhad siar

H

16° 04,0′

019° 33,5′

I

16° 17,0′

019° 32,5′

J

16° 28,5′

019° 32,5′

K

16° 38,0′

019° 33,2′

L

17° 00,0′

019° 32,1′

M

17° 06,0′

019° 36,8′

N

17° 26,8′

019° 37,9′

É

17° 31,9′

019° 38,0′

P

17° 44,1′

019° 38,0′

Q

17° 53,3′

019° 38,0′

R

18° 02,5′

019° 42,1′

S

18° 07,8′

019° 44,2′

T

18° 13,4′

019° 47,0′

U

18° 18,8′

019° 49,0′

V

18° 24,0′

019° 51,5′

X

18° 28,8′

019° 53,8′

Y

18° 34,9′

019° 56,0′

Z

18° 44,2′

020° 00,0′



FOSCRÍBHINN 2

BEARTA TEICNIÚLA CAOMHNIÚCHÁIN

1.   Bearta is infheidhme maidir le gach catagóir:

(a)

Speicis atá faoi thoirmeasc:

I gcomhréir leis an gCoinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine agus le rúin CITAC, tá toirmeasc ar iascaireacht a dhéanamh ar roc na caille (Manta birostris), an liamhán gréine (Cetorhinus maximus), an siorc bán mór (Carcharodon carcharías), an siorc súisteála mórshúileach (Alopias superciliosus), siorcanna ceann casúir san fhine Sphyrnidae (seachas an siorc ceann casúir), an siorc bán aigéanach (Carcharhinus longimanus) agus an síodsiorc (Carcharhinus falciformis).

I gcomhréir le reachtaíocht Cabo Verde, tá toirmeasc ar iascaireacht a dhéanamh ar an míolsiorc (Rhincondon typus).

Toirmeasc ar eití siorcanna a bhaint: tá toirmeasc ar eití siorcanna a bhaint ar bord soithí agus eití siorcanna a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír. Gan dochar don mhéid thuas, féadfar eití siorcanna a pháirtsliseadh agus iad a fhilleadh siar ar an gconablach chun an stóráil ar bord a éascú, ach ní fhéadfar iad a bhaint den chonablach sula dtugtar í dtír é.

(b)

Trasloingsiú ar muir:

Tá toirmeasc ar an trasloingsiú ar muir. Ní mór an oibríocht trasloingsithe a dhéanamh in uiscí calafoirt de chuid Cabo Verde atá údaraithe chun na críche sin.

2.   Bearta sonracha

BILEOG 1: SOITHÍ TUINNÍNÍ CLEITHE AGUS DORÚ

1)     Limistéar iascaigh: níos faide ná 12 mhuirmhíle ón mbunlíne.

2)    Trealamh údaraithe: cleitheanna.

3)    Spriocspeicis: tuinnín buí (Thunnus albacares), tuinnín mórshúileach (Thunnus obesus), tuinnín aigéanach (Katsuwonus pelamis).

4)    Foghabhálacha: comhlíonadh mholtaí CITAC agus FAO.

5)    Baoite beo: Iascaireacht baoite bheo

Tá an iascaireacht baoite bheo teoranta do líon laethanta in aghaidh na míosa a bheidh le leagan síos ag an gComhchoiste. Tiocfaidh na Páirtithe ar chomhaontú maidir leis na socruithe praiticiúla chun go mbeidh an chatagóir sin in ann an baoite beo a iascach nó a bhailiú, ar baoite é a theastaíonn chun go bhféadfaidh na soithí sin a ngníomhaíocht a dhéanamh. I gcás ina ndéantar na gníomhaíochtaí sin i limistéir íogaire nó le trealamh neamhghnách, leagtar síos na socruithe sin ar bhonn na moltaí ó Institiúid Eolaíochta Cabo Verde agus i gcomhaontú le húdaráis Cabo Verde.

BILEOG 2: BÁID SAIGHDE TUINNÍNÍ

1)     Limistéar iascaigh: níos faide ná 18 muirmhíle ón mbunlíne, agus cineál oileánrach limistéar iascaireachta Cabo Verde á chur san áireamh.

2)    Trealamh údaraithe: saighean.

3)    Spriocspeicis: tuinnín buí (Thunnus albacares), tuinnín mórshúileach (Thunnus obesus), tuinnín aigéanach (Katsuwonus pelamis).

Foghabhálacha: comhlíonadh mholtaí CITAC agus FAO.

BILEOG 3: BÁID SPILÉIREACHTA DROMCHLA

1)     Limistéar iascaigh: níos faide ná 18 mhuirmhíle ón mbunlíne.

2)    Trealamh údaraithe: spiléar dromchla.

3)    Spriocspeicis: colgán (Xiphias gladius), siorc gorm (Prionace glauca), tuinnín buí (Thunnus albacares), tuinnín mórshúileach (Thunnus obesus).

Foghabhálacha: comhlíonadh mholtaí CITAC agus FAO.

3.   Tabhairt cothrom le dáta

Rachaidh an dá Pháirtí i gcomhairle le chéile laistigh den Chomhchoiste chun na bearta teicniúla caomhnúcháin sin a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn moltaí eolaíocha.



FOSCRÍBHINN 3

Sonraí teagmhála le haghaidh na cumarsáide dá bhforáiltear sa phrótacal seo

I - I gcás an Aontais

An Coimisiún Eorpach — Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Muirí agus na hIascaireachta (AS MARE)

Seoladh poist: Rue Joseph II 99 — 1049 Bruxelles — BELGIQUE

Ríomhphost: MARE-B3@ec.europa.eu

Iarratas ar cheadúnais, bileoga cigireachta, fógraí faoi thuarascálacha ar shárú:

Ríomhphost: MARE-LICENCES@ec.europa.eu

Faireachán ar ghabhálacha:

Ríomhphost: MARE-CATCHES@ec.europa.eu

Nasc ERS VMS trí FLUX:

Ríomhphost: fish-fidesinfo@ec.europa.eu  

II - I gcás Cabo Verde :  

DNPA- DIREÇÃO NACIONAL DE PESCA E AQUACULTURA

Cova de Inglesa (Edifício do Campus do Mar)

C. Postal 132 Mindelo São Vicente República de Cabo Verde

Teileafón: + 238 230 00 68 / 986 48 25

Ríomhphost: acordo.dgpescas@dgpescas.gov.cv  

COSMAR – CENTRO DE OPERAÇÕES DE SEGURANÇA MARÍTIMA

Antigo Aeroporto da Praia- Achada Grande Frente -Ilha Santiago

República de Cabo Verde

Teileafón: + 238 2631043

Ríomhphost: cosmar.secretaria@gmail.com  

IGP - INSPEÇÃO GERAL DAS PESCAS

Avenida Marginal, Mindelo, Cape Verde

(Edifício do Ex-Comando Naval, Mindelo São Vicente

C. Postal 34 - Teileafón: + 238 230 00 85 / 238 516 26 52

238 991 77 84

Ríomhphost:

IMAR - INSTITUTO DO MAR

Cova de Inglesa (Edifício do Campus do Mar)

C. Postal 132 Mindelo São Vicente República de Cabo Verde

Teileafón: + 238232 13 73/74

Ríomhphost: gabinete.cd@imar.gov.cv  

FOSCRÍBHINN 4

FOIRM IARRATAIS AR ÚDARÚ IASCAIREACHTA

COMHAONTÚ IASCAIGH CABO VERDE– AONTAS EORPACH

I.   IARRATASÓIR

1.

Ainm an iarratasóra:

2.

Ainm na heagraíochta táirgeoirí nó ainm úinéir an tsoithigh:

3.

Seoladh na heagraíochta táirgeoirí nó seoladh úinéir an tsoithigh:

4.

Uimh. theileafóin:

Meaisín facsála

Ríomhphost:

5.

Ainm an chaptaein:

Náisiúntacht:

Ríomhphost:

6.

Ainm agus seoladh an ghníomhaire áitiúil:

II.   SONRAÍ AITHEANTAIS AN tSOITHIGH

7.

Ainm an tsoithigh:

8.

Stát brataí:

Calafort clárúcháin:

9.

Marcáil sheachtrach:

Uimhir aitheantais na seirbhíse muirí soghluaiste:

Uimh. IMO:

10.

Dáta clárúcháin na brataí reatha (LL/MM/BBBB): …/…/…

Bratach roimhe (más infheidhme):

11.

Áit tógála:

Dáta (LL/MM/BBBB): …/…/…

12.

Minicíocht glao raidió: HF:

VHF:

13.

Uimhir teileafóin satailíte:

IRCS:

III.    SONRAÍ TEICNIÚLA AN tSOITHIGH

14.

Fad foriomlán an tsoithigh (méadair):

Leithead foriomlán (méadair):

Tonnáiste (arna shloinneadh in GT Londan):

15.

Cineál innill:

Cumhacht an innill (in kW):

16.

Líon chomhaltaí an chriú:

17.

Modh leasaithe ar bord:

☐ oighear

☐ fuarú

☐ measctha

☐ reo

18.

Acmhainneacht phróiseála in aghaidh an lae (24u) i dtonaí:

Líon bolg éisc:

Toilleadh iomlán na mbolg éisc (in m3):

19.

VMS. Mionsonraí maidir leis an ngaireas rianaithe uathoibríoch:

Monaróir:

Cineál:

Sraithuimhir:

Leagan an bhogearraí:

Oibreoir satailíte (MCSP):

IV.   GNÍOMHAÍOCHT IASCAIREACHTA

20.

Trealamh iascaireachta údaraithe:

☐ peas-saighean

☐ spiléir

☐ cleith agus dorú

21.

Áit tabhairt i dtír na ngabhálacha:

22.

Iarrtar an ceadúnas le haghaidh na tréimhse ón (LL/MM/BBBB) …/…/… go dtí an (LL/MM/BBBB)

Deimhnímse, a bhfuil mo shíniú anseo thíos, go bhfuil an fhaisnéis atá tugtha san iarratas seo fíor agus ceart agus go bhfuilim á tabhairt de mheon macánta.

Arna dhéanamh i/in/sa/san …, an …/…/…

Síniú an iarratasóra: …



FOSCRÍBHINN 4A

Faisnéis atá le soláthar agus iarratas á dhéanamh ar cheadúnas faoi Phrótacal Cur Chun Feidhme an Chomhaontaithe Iascaigh Cabo Verde - Aontas Eorpach

An fhaisnéis seo a leanas a bhaineann leis an iarratasóir, úinéir an tsoithigh, aitheantas an tsoithigh, na sonraí teicniúla a ghabhann leis agus an tréimhse lena mbaineann, ní mór í a sholáthar, mura sonraítear a mhalairt.

Ainm an iarratasóra 

Uimh. theileafóin an iarratasóra 

Ríomhphost an iarratasóra: 

Ainm úinéir an tsoithigh 

Seoladh úinéir an tsoithigh: 

Ainm an chaptaein 

Náisiúntacht an chaptaein: 

Ríomhphost an chaptaein: 

Ainm agus seoladh an ghníomhaire áitiúil 

Ainm an tsoithigh 

Stát brataí 

Calafort clárúcháin 

IRCS 

Marcáil sheachtrach 

Uimhir aitheantais na seirbhíse muirí soghluaiste 

Uimh. IMO (más infheidhme)

Uimh. CITAC

Dáta clárúcháin na brataí reatha 

Bratach roimhe (más infheidhme) 

Áit tógála 

Dáta tógála 

Minicíocht glao raidió 

Uimhir teileafóin satailíte 

Fad foriomlán (méadair): 

Tonnáiste (arna shloinneadh in GT Londan): 

Cineál innill 

Cumhacht an innill (in kW) 

Líon chomhaltaí an chriú 

Náisiúntachtaí chomhaltaí an chriú 

Modh leasaithe ar bord 

Acmhainneacht phróiseála in aghaidh an lae (24u) i dtonaí 

Líon bolg éisc 

Toilleadh iomlán na mbolg éisc (m3) 

VMS monaróir (roghnach). 

VMS cineál (roghnach) 

VMS sraithuimhir (roghnach). 

VMS leagan bogearraí (roghnach) 

Oibreoir satailíte (roghnach). 

Trealamh iascaireachta údaraithe: 

Áit tabhairt i dtír na ngabhálacha 

Dáta tosaigh an údaraithe arna iarraidh 

Dáta deiridh an údaraithe arna iarraidh 



FOSCRÍBHINN 5

Ceanglais theicniúla maidir le cur chun feidhme an chórais um fhaireachán soithí (VMS) agus an chórais um chlárú gníomhaíochtaí iascaireachta (ERS)

Roinn 1- Forálacha coiteanna maidir le tarchur sonraí suímh na soitheach agus maidir leis na Páirtithe ag cur ERS chun feidhme; leanúnachas gnó 

(1)Ní mheasfar soithí an Aontais a bheith neamhchomhlíontach i gcás mainneachtain theicniúil i dtarchur sonraí suímh na soitheach nó i dtarchur sonraí gníomhaíochtaí iascaireachta (‘sonraí ERS’) idir na LFInna lena mbaineann.

(2)Bunóidh na Páirtithe nasc trí úsáid a bhaint as an mbogearraí ‘FLUX Transportation Layer’ arna soláthar ag an gCoimisiún Eorpach agus cuirfidh siad formáid UN/FLUX chun feidhme. Áiritheoidh Cabo Verde go mbeidh a threalamh leictreonach comhoiriúnach le córas an Aontais.

(3)Cuirfidh an dá Pháirtí timpeallacht inghlacthachta chun feidhme chun críoch tástála, sula núsáidfidh siad an timpeallacht táirgthe. Seolfaidh an tAontas teachtaireachtaí tástála chuig LFI Cabo Verde sa timpeallacht inghlacthachta. Nuair a bheidh na tástálacha rite, tiocfaidh an dá Pháirtí ar chomhaontú maidir leis an dáta óna seolfar sonraí suímh na soithí agus na sonraí ERS go huathoibríoch trí bhogearraí FLUX

(4)Go dtí an dáta sin, seolfar sonraí suímh shoithí an Aontais agus na sonraí ERS trí úsáid a bhaint as na formáidí agus na rialacha mionsonraithe atá i bhfeidhm cheana féin tráth theacht i bhfeidhm an Phrótacail seo.

(5)Malartóidh LFI an Stáit brataí agus LFI Cabo Verde a seoltaí ríomhphoist agus cuirfidh siad a chéile ar an eolas gan mhoill faoi aon athrú ar na seoltaí sin.

(6)Cuirfidh LFI an Stáit brataí agus LFI Cabo Verde a chéile ar an eolas a luaithe is féidir faoi aon bhriseadh sa chumarsáid uathoibríoch, déanfaidh siad a ndícheall an chumarsáid uathoibríoch a athbhunú agus tabharfaidh siad fógra don Pháirtí eile go ndearnadh iad a athbhunú. Pléifidh an Comhchoiste le haon díospóid a d’fhéadfadh teacht chun cinn.

(7)Má mhaireann an briseadh níos faide ná 24 uair an chloig, soláthróidh LFI an Stáit brataí na sonraí le ríomhphost idir an dá linn ag minicíocht a leagtar síos i Ranna 2 agus 3, go dtí go gcuirfear tús arís leis an gcumarsáid uathoibríoch.

(8)Ina theannta sin, déanfar sonraí a ndearna an briseadh difear dóibh a sheoladh arís trí úsáid a bhaint as na córais chumarsáide uathoibríocha a luaithe a bheidh siad ar bun arís.

(9)Áiritheoidh gach Páirtí comhsheasmhacht na sonraí agus áiritheoidh siad go háirithe go ndéanfar scagairí iomchuí a chomhtháthú ina gcórais agus a chur i bhfeidhm maidir leis na sonraí ionas nach gcuirfear san áireamh ach sonraí a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta i limistéar iascaireachta Cabo Verde.

Roinn 2- Ceanglais theicniúla maidir le tarchur sonraí VMS 

1.    Sonraí maidir le suíomh na soithí — córas um fhaireachán soithí

Áiritheoidh LFI an Stáit brataí go ndéanfar sonraí suímh na soitheach a phróiseáil agus a tharchur go huathoibríoch trí úsáid a bhaint as an nasc láraithe arna sholáthar ag an gCoimisiún Eorpach. Ní mór sonraí suímh na soithí a chlárú ar bhealach slán agus ní mór do na Páirtithe iad a shábháil ar feadh tréimhse 3 bliana.

Is leis an gcód ‘ENT’ a shainaithneofar an chéad suíomh a chlárófar tar éis dul isteach i limistéar iascaireachta Cabo Verde. Is leis an gcód ‘POS’ a shainaithneofar gach suíomh ina dhiaidh sin, cé is moite den chéad suíomh a chlárófar tar éis limistéar iascaireachta Cabo Verde a fhágáil, suíomh a shainaithneofar leis an gcód ‘EXI’.

2.         Tarchur a dhéanfaidh an soitheach i gcás ina gclisfidh ar ghaireas faireacháin an tsoithigh

Soithí atá ag iascaireacht i limistéar iascaireachta Cabo Verde a bhfuil gaireas faireacháin an tsoithigh lochtach, ní mór dóibh a dteachtaireachtaí maidir le suíomh a sheoladh chuig LFI an Stáit brataí le ríomhphost, gach 4 uair an chloig ar a laghad, agus ní mór dóibh an fhaisnéis éigeantach uile a sholáthar. Cuirfidh LFI an Stáit brataí LFI Cabo Verde ar an eolas faoin athrú sin. Déanfar na sonraí suímh a tharchur ansin ag an minicíocht sin.

Cuirfidh LFI Cabo Verde LFI an stáit brataí agus an tAontas ar aon eolas faoi aon bhriseadh ar theachtaireachtaí maidir le suíomh a fháil ó shoitheach a bhfuil údarú iascaireachta aige, i gcás nár thug an soitheach lena mbaineann fógra faoin limistéar iascaireachta a fhágáil.

I gcás ina ndéanann an mhífheidhm difear do na córais leictreonacha faoi rialú an Aontais, seolfaidh LFI an Stáit brataí gach teachtaireacht maidir le suíomh a fuarthas chuig LFI Cabo Verde gach 24 uair an chloig le ríomhphost. Féadfaidh LFI Cabo Verde an malartú sin a iarraidh ar LFI an Stáit brataí má bhaineann an mhífheidhm lena chóras agus má mhaireann an mhífheidhm níos faide ná 48 uair an chloig d’ainneoin na n‑iarrachtaí a rinneadh chun í a réiteach.

Cuirfidh údaráis Cabo Verde a seirbhísí maoirseachta inniúla ar an eolas ionas nach bhfaighfear go ndearna soithí an Aontais sárú ós rud é nach ndearnadh sonraí suímh sa soithí a tharchur.

Struchtúr na dteachtaireachtaí lena gcuirtear sonraí suímh an tsoithigh in iúl do Cabo Verde

Sonra 

Cód 

Éigeantach (É) / Roghnach (R) 

Ábhar 

Tús an chlárúcháin 

SR 

É 

Mionsonra a bhaineann leis an gcóras lena gcuirtear tús an chlárúcháin in iúl 

Seolaí

AD

É

Mionsonra a bhaineann leis an teachtaireacht – Seolaí Cód 3-alfa na tíre (ISO-3166) 

Seoltóir

FR

É

Mionsonra a bhaineann leis an teachtaireacht – Seoltóir Cód 3-alfa na tíre (ISO-3166) 

Stát brataí

FS

É

Mionsonra a bhaineann leis an teachtaireacht – Bratach an Stáit Cód 3-alfa (ISO-3166) 

Cineál teachtaireachta

TM

É

Mionsonra a bhaineann leis an teachtaireacht – Cineál teachtaireachta (ENT, POS, EXI, MAN) 

Comhartha glao raidió (IRCS)

RC

É

Mionsonra a bhaineann leis an soitheach – Comhartha idirnáisiúnta glao raidió an tsoithigh (IRCS) 

Uimhir thagartha inmheánach don Pháirtí Chonarthach 

IR

R

Mionsonra a bhaineann leis an soitheach – Uimhir uathúil an pháirtí chonarthaigh Cód 3-alfa (ISO-3166) agus an uimhir ina dhiaidh sin 

Aitheantóir uathúil an tsoithigh (uimhir aitheantais IMO) 

IM

É

Sonra a bhaineann leis an soitheach - uimhir aitheantais IMO 

Éigeantach má tá uimhir den sórt sin ag an soitheach 

Uimhir chlárúcháin sheachtrach

XR

É

Mionsonra a bhaineann leis an soitheach – Uimhir ar thaobh an tsoithigh (ISO 8859.1) 

Domhanleithead

LT

É

 Mionsonraí maidir le suíomh an tsoithigh – Domhanleithead an tsuímh arna sloinneadh i gcéimeanna deachúla (WGS84) +/-DD.ddd.  Uimhreacha deimhneacha i gcás an leathsféir thuaidh; luachanna diúltacha i gcás an leathsféir theas. Níor cheart an comhartha (+) a tharchur. Féadfar nialais neamhthábhachtacha a fhágáil ar lár. Ní mór an luach a bheith idir -90 agus +90.

Domhanfhad

LG

É

Mionsonraí maidir le suíomh an tsoithigh – Domhanfhad an tsuímh arna sloinneadh i gcéimeanna deachúla (WGS84) +/-DDD.ddd.  Uimhreacha deimhneacha i gcás an leathsféir thuaidh; luachanna diúltacha i gcás an leathsféir theas. Níor cheart an comhartha (+) a tharchur. Féadfar nialais neamhthábhachtacha a fhágáil ar lár. Ní mór an luach a bheith idir -180 agus +180.

Cúrsa

CO

É

Cúrsa an tsoithigh scála 360 céim 

Luas

SP

É

Luas an tsoithigh i ndosaenacha de mhuirmhílte san uair 

Dáta

DA

É

Sonra maidir le suíomh an tsoithigh – Dáta chlárú an tsuímh AUL (BBBBMMLL) 

Am

TI

É

Sonraí maidir le suíomh an tsoithigh – Am chlárú an tsuímh AUL (UUMM) 

Deireadh an chlárúcháin

ER

É

Mionsonra a bhaineann leis an gcóras lena gcuirtear deireadh an chlárúcháin in iúl 

Roinn 3- Ceanglais theicniúla maidir le cur chun feidhme an chórais um chlárú gníomhaíochtaí iascaireachta maidir le sonraí ERS a sheoladh

1. Maidir le captaen soithigh iascaireachta de chuid an Aontais a bhfuil údarú aige a eisíodh faoin bPrótacal seo, ní mór dó an méid seo a leanas a dhéanamh i gcás ina mbeidh sé i limistéar iascaireachta Cabo Verde

(a) gach dul isteach sa limistéar iascaireachta agus imeacht uaidh a chlárú le teachtaireacht shonrach lena léirítear cainníochtaí gach speicis atá á choimeád ar bord ar dhul isteach sa limistéar iascaireachta nó imeacht uaidh, mar aon leis an dáta, an t‑am agus an suíomh a ndearnadh an dul isteach nó an t‑imeacht sin. Déanfar an teachtaireacht sin tráth nach déanaí ná 2 uair an chloig roimh an dul isteach nó an t‑imeacht a tharchur chuig LFI Cabo Verde trí bhíthin ERS nó trí mhodhanna cumarsáide eile;

(b) suíomh an tsoithigh ag meán lae a chlárú go laethúil i gcás nach ndearnadh aon ghníomhaíocht iascaireachta;

(c) na nithe seo a leanas a chlárú i gcás gach oibríochta iascaireachta a dhéantar: suíomh na hoibríochta sin, an cineál trealaimh agus cainníochtaí de gach speiceas a ghabhtar, agus idirdhealú á dhéanamh idir gabhálacha a choimeádtar ar bord agus gabhálacha a aischuirtear. Déanfar gach speicis a shainaithint lena chód alfa 3 FAO; déanfar na cainníochtaí a shloinneadh i gcileagraim de choibhéis bheomheáchain agus, i gcás inar gá, i líon na n‑aonán;

d) na sonraí a chláraítear sa logleabhar iascaireachta leictreonach a tharchur ar bhonn laethúil chuig a Stát brataí, tráth nach déanaí ná 24:00; déanfar an tarchur sin i gcás gach lae a chaithfear i limistéar iascaireachta Cabo Verde, lena n‑áirítear in éagmais gabhála. Déanfar é freisin sula bhfágfar an limistéar iascaireachta.

2. Cuirfidh LFI an Stáit brataí na sonraí ERS ar fáil do LFI Cabo Verde. Déanfaidh LFI an Stáit brataí teachtaireachtaí meandracha de chuid an ERS (COE, COX, PNO) a tharchur go huathoibríoch agus gan mhoill chuig LFI Cabo Verde. Déanfaidh sé teachtaireachtaí eile de chuid an ERS a thagann ón soitheach a tharchur go huathoibríoch uair amháin sa lá.

3. Go dtí deireadh na gcéimeanna tástála dá bhforáiltear i Roinn 1:

- déanfar na sonraí a iompar trí DEH (mórbhealach malartaithe sonraí) i bhformáid EU-ERS (v 3.1).

- déanfar fógraí faoi thrasloingsiú le ríomhphost chuig údarás inniúil Cabo Verde

- is iad na teachtaireachtaí meandracha amháin (COE, catch on entry ; COX, catch on exit ; PNO, prior notification) a tharchuirfear go huathoibríoch agus gan mhoill. Cuirfear na cineálacha eile teachtaireachtaí ar fáil le haghaidh iarraidh uathoibríoch ó LFI Cabo Verde. Ó chur chun feidhme iarbhír fhormáid UN/FLUX,, ní bhainfidh an modh seachadta sin ach le hiarratais shonracha ar shonraí stairiúla.

4. Tarchuirfear na sonraí i gcomhréir leis an bhformáid agus leis na próisis a dtugtar tuairisc orthu sa doiciméad chur chun feidhme atá ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.

5. Deimhneoidh LFI Cabo Verde go bhfuair sé na sonraí meandracha ERS a cuireadh chuige, trí theachtaireacht a sheoladh ar ais lena n‑admhaítear go bhfuarthas iad agus lena ndeimhnítear bailíocht na teachtaireachta a fuarthas. Ní tharchuirfear aon admháil fála maidir leis na sonraí a fhaigheann LFI Cabo Verde mar fhreagra ar iarratas chuir sé féin isteach.

6. I gcás ina dteipeann ar an tarchur idir an soitheach agus LFI an Stáit brataí, tabharfaidh LFI an stáit brataí fógra faoi sin láithreach do chaptaen nó oibreoir an tsoithigh nó, dá n‑ionadaí/n-ionadaithe. Tar éis do chaptaen an tsoithigh an fógra sin a fháil, déanfaidh sé na sonraí atá ar iarraidh a tharchur chuig údaráis inniúla an Stáit brataí trí aon mhodh teileachumarsáide iomchuí gach lá, tráth nach déanaí ná 24:00.

7. I gcás ina dteipfidh ar an gcóras leictreonach tarchurtha atá suiteáilte ar bord an tsoithigh, áiritheoidh captaen nó oibreoir an tsoithigh go ndéantar an ERS a dheisiú nó a ionadú laistigh de 10 lá ón uair a bhraitear an mhífheidhm. A luaithe a bheidh an sprioc-am sin istigh, ní bheidh an soitheach údaraithe a thuilleadh iascaireacht a dhéanamh sa limistéar iascaireachta agus ní mór dó é a fhágáil nó cuairt a thabhairt ar chalafort de chuid Cabo Verde laistigh de 24 uair an chloig. Ní bheidh an soitheach údaraithe an calafort sin a fhágáil ná filleadh ar an limistéar iascaireachta go dtí go suífidh LFI a Stáit brataí go bhfuil an ERS ag feidhmiú i gceart arís.

8. I gcás ina dteipeann ar LFI Cabo Verde sonraí ERS a fháil mar gheall ar mhífheidhm na gcóras leictreonach atá faoi rialú an Aontais, seolfaidh LFI an Stáit brataí gach teachtaireacht ERS a fuarthas óna soithí le linn na mífheidhme chuig LFI Cabo Verde gach 24 uair an chloig, le ríomhphost.

9. Mura dtarchuirtear na sonraí mar gheall ar chliseadh na gcóras leictreonach atá faoi mhaoirseacht Cabo Verde, rachaidh LFI Cabo Verde i dteagmháil le LFInna na Stát brataí agus tiocfaidh na LFInna ar chomhaontú maidir leis na socruithe chun na sonraí atá in easnamh a tharchur arís. Tarchuirfidh na Stáit bhrataí na sonraí laistigh de thréimhse réasúnta ama.

10. Féadfar an nós imeachta céanna a chur i bhfeidhm arna iarraidh sin do Cabo Verde i gcás oibríocht cothabhála a mhairfidh níos mó ná 24 uair an chloig agus a dhéanfaidh difear do na córais faoi rialú an Aontais nó Cabo Verde.

11. Cuirfidh Cabo Verde a sheirbhísí faireacháin inniúla ar an eolas ionas nach measfar go bhfuil a n‑oibleagáid maidir le sonraí ERS a tharchur á sárú ag soithí an Aontais.



Foscríbhinn 6

Próiseáil sonraí pearsanta

1.    Sainmhínithe agus raon feidhme

1.1. Sainmhínithe

Chun críocha na Foscríbhinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal y den Chomhaontú um Iascach Inbhuanaithe agus ag na sainmhínithe seo a leanas:

a. ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (dá ngairtear ‘ábhar sonraí’ anseo feasta); is é is in-sainaitheanta ann duine nádúrtha is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d’aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh;

b. ciallaíonn ‘próiseáil’ aon oibríocht nó tacar oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

c. ciallaíonn ‘údarás aistrithe’ an t‑údarás poiblí a sheolann sonraí pearsanta;

d. ciallaíonn ‘údarás is faighteoir’ an t‑údarás poiblí dá nochtar na sonraí pearsanta;

e. ciallaíonn ‘sárú i ndáil le sonraí’ sárú ar shlándáil as a dtagann díothú, cailleadh, athrú nó nochtadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta a rinneadh a tharchur, a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile, nó rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí sin, bíodh sé sin de thaisme nó go neamhdhleathach;

f. ciallaíonn ‘aistriú ar aghaidh’ nuair a aistríonn Páirtí is faighteoir sonraí pearsanta go heintiteas nach Páirtí is sínitheoir sa Phrótacal seo é (‘tríú páirtí’);

g. ciallaíonn ‘údarás maoirseachta’ údarás poiblí neamhspleách atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Airteagail seo, chun cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta.

1.2. Raon feidhme

Is iad na daoine a mbaineann an Prótacal seo leo, go háirithe, daoine nádúrtha ar leo soithí iascaireachta, a n‑ionadaithe, an captaen agus an criú atá ag fónamh ar bord soithí iascaireachta a oibríonn faoin bPrótacal seo.

Maidir le cur chun feidhme an Phrótacail seo, go háirithe maidir le hiarratais ar dheonú, faireachán ar ghníomhaíochtaí iascaireachta agus an comhrac in aghaidh na hiascaireachta neamhdhleathaí, d’fhéadfaí na sonraí seo a leanas a mhalartú agus a phróiseáil tráth is déanaí:

— sonraí aitheantais agus teagmhála an tsoithigh;

— gníomhaíochtaí soithigh nó gníomhaíochtaí a bhaineann le soitheach, a shuíomh agus a chuid gluaiseachtaí, a ghníomhaíocht iascaireachta nó a ghníomhaíocht a bhaineann leis an iascaireacht, arna mbailiú trí sheiceálacha, trí iniúchtaí nó ag breathnóirí;

— sonraí a bhaineann le húinéir(í) an tsoithigh nó lena (n-)ionadaí, amhail ainm, náisiúntacht, sonraí teagmhála gairmiúla agus cuntas bainc gairmiúil,

— sonraí a bhaineann leis an ngníomhaire áitiúil, amhail ainm, náisiúntacht agus sonraí teagmhála gairmiúla,

— sonraí a bhaineann leis na captaein agus le baill den chriú, amhail ainm, náisiúntacht, feidhm agus, i gcás an chaptaein, sonraí teagmhála,

— sonraí a bhaineann leis na hiascairí a thugtar ar bord, amhail ainm, sonraí teagmhála, oiliúint, deimhniú sláinte.

1.3. Údaráis atá freagrach

I gcás an Aontais agus Cabo Verde, is iad an Coimisiún Eorpach agus údarás an Bhallstáit brataí iad an t‑údarás atá freagrach as na sonraí a phróiseáil.

2.    Ráthaíochtaí i ndáil le cosaint sonraí pearsanta

2.1. Teorannú an chuspóra agus íoslaghdú na sonraí

Na sonraí pearsanta arna n‑iarraidh agus arna n‑aistriú faoin bPrótacal seo, beidh siad leordhóthanach, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá chun an Prótacal a chur chun feidhme, i.e. chun údaruithe iascaireachta a phróiseáil agus chun rialú agus faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí a dhéanann soithí an Aontais. Ní dhéanfaidh na Páirtithe sonraí pearsanta a mhalartú faoin bPrótacal seo ach amháin chun na gcríoch sonrach a leagtar amach sa Phrótacal.

Ní dhéanfar na sonraí a fhaightear a phróiseáil chun críoch seachas iad siúd thuasluaite, nó sa chás sin déanfar iad a anaithnidiú.

Arna iarraidh sin, cuirfidh an t‑údarás is faighteoir an t‑údarás aistrithe ar an eolas gan mhoill faoi úsáid na sonraí arna seoladh.

2.2. Beachtas

Áiritheoidh na Páirtithe go mbeidh na sonraí pearsanta arna n‑aistriú faoin bPrótacal seo cruinn, cothrom le dáta agus, i gcás inarb infheidhme, go ndéanfar iad a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta de réir na faisnéise atá ag an údarás aistrithe. Má thugann ceann de na Páirtithe faoi deara go bhfuil na sonraí pearsanta arna n‑aistriú nó arna bhfáil míchruinn, cuirfidh sé an Páirtí eile ar aon eolas faoi sin gan mhoill agus déanfaidh sé iad a cheartú agus a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is gá.

2.3. Stóráil a theorannú

Ní choimeádfar sonraí pearsanta níos faide ná mar is gá chun na críche ar chuici a malartaíodh iad, coimeádfar iad ar feadh bliana tar éis dhul in éag an Phrótacail seo ar a mhéad, mura rud é go bhfuil na sonraí pearsanta riachtanach chun obair leantach a dhéanamh maidir le sárú, iniúchadh nó imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin. Sa chás sin, féadfar na sonraí a choimeád chomh fada agus is gá chun an obair leantach a dhéanamh maidir leis an sárú nó maidir leis an iniúchadh nó go dtí go gcuirfear clabhsúr críochnaitheach ar na himeachtaí breithiúnacha nó riaracháin.

Má dhéantar na sonraí pearsanta a choimeád ar feadh tréimhse níos faide, déanfar iad a anaithnidiú.

2.4. Slándáil agus rúndacht

Déanfar sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach lena n‑áiritheofar a slándáil iomchuí, agus rioscaí sonracha a bhaineann leis an bpróiseáil á gcur san áireamh, lena n‑áirítear cosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach agus ar chailleadh, scriosadh nó damáiste de thaisme. Tabharfaidh na húdaráis atá i gceannas ar an bpróiseáil aghaidh ar aon sárú i ndáil le sonraí agus déanfaidh siad gach beart is gá chun aon éifeacht dhiúltach fhéideartha a bhaineann le sárú i ndáil le sonraí pearsanta a leigheas agus chun na héifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith aige a mhaolú. Tabharfaidh an t‑údarás is faighteoir fógra faoin sárú sin don údarás aistrithe a luaithe is féidir agus cuirfidh siad an comhar tráthúil is gá ar fáil dá chéile ionas gur féidir le gach ceann de na húdaráis sin a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh, ar oibleagáidí iad a eascraíonn as sárú i ndáil le sonraí pearsanta faoina gcreat dlíthiúil náisiúnta.

Geallann na Páirtithe bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an phróiseáil forálacha an Phrótacail seo.

2.5 Ceartú nó léirscriosadh

Áiritheoidh an dá Pháirtí go ndéanfaidh an t‑údarás aistrithe agus an t‑údarás is faighteoir gach beart réasúnta chun a áirithiú go ndéanfar sonraí pearsanta a cheartú nó a léirscriosadh gan mhoill, de réir mar is infheidhme, i gcás nach gcomhlíonann an phróiseáil forálacha an Phrótacail seo, go háirithe toisc nach bhfuil na sonraí sin leordhóthanach, ábhartha, nó cruinn nó toisc go bhfuil siad iomarcach i ndáil le cuspóir na próiseála.

Ní mór don dá Pháirtí fógra a thabhairt dá chéile faoi aon cheartú nó léirscriosadh.

2.6. Trédhearcacht

Áiritheoidh na Páirtithe go gcuirfear na hábhair sonraí ar an eolas, trí bhíthin fógra aonair chomh maith leis an gcomhaontú seo a fhoilsiú ar a suíomhanna gréasáin, faoi na catagóirí sonraí a aistreofar agus a phróiseálfar a thuilleadh, an bealach a ndéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil, an uirlis ábhartha arna húsáid le haghaidh an aistrithe, cuspóir na próiseála, tríú páirtithe nó catagóirí tríú páirtithe a bhféadfar an fhaisnéis a aistriú chucu a thuilleadh, na cearta aonair agus na sásraí atá ar fáil chun a gcearta a fheidhmiú agus sásamh a fháil, chomh maith leis na sonraí teagmhála chun díospóid nó gearán a thionscnamh.

2.7. Aistriú ar aghaidh

Ní aistreoidh an t‑údarás is faighteoir sonraí pearsanta arna bhfáil faoin bPrótacal seo chuig tríú páirtí atá bunaithe i dtír seachas na Ballstáit bhrataí ach amháin i gcás ina bhfuil údar cuí leis sin, is é sin cuspóir tábhachtach ar mhaithe le leas an phobail, a aithnítear freisin sa chreat dlíthiúil is infheidhme maidir leis an údarás aistrithe, agus ina gcomhlíontar ceanglais eile na Foscríbhinne (go háirithe a mhéid a bhaineann le teorannú an chuspóra agus íoslaghdú na sonraí); agus

a. i gcás ina dtairbhíonn an tír ina bhfuil an tríú páirtí lonnaithe nó an tír ina bhfuil an eagraíocht idirnáisiúnta lonnaithe de chinneadh leordhóthanachta arna ghlacadh ag an gCoimisiún Eorpach de bhun Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2016/679 (cinneadh leordhóthanachta) lena gcumhdaítear an t‑aistriú ar aghaidh; nó

b. i gcásanna sonracha, i gcás inar gá aistriú den sórt sin chun go gcomhlíonfaidh an t‑údarás aistrithe a oibleagáidí i leith eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh nó eagraíochtaí réigiúnacha iascaigh; nó

c. i gcásanna eisceachtúla agus i gcás ina meastar gur gá sin, geallann an tríú páirtí nach bpróiseálfaidh sé na sonraí ach amháin le haghaidh an chuspóra shonraigh/na gcuspóirí sonracha ar chucu a aistríodh a thuilleadh iad agus go léirscriosfaidh sé iad láithreach bonn a luaithe nach mbeidh gá a thuilleadh leis an bpróiseáil chun na críche sin.

3.    Cearta na nábhar sonraí

3.1. Rochtain ar shonraí pearsanta

Arna iarraidh sin d’ábhar sonraí, ní mór don údarás is faighteoir an méid seo a leanas a dhéanamh:

a. a dhearbhú don ábhar sonraí an bhfuil sonraí pearsanta a bhaineann leis á bpróiseáil nó nach bhfuil;

b. faisnéis a sholáthar faoi chuspóir na próiseála, na catagóirí sonraí pearsanta, an tréimhse coinneála sonraí (más féidir), an ceart chun ceartúchán/scriosadh a iarraidh, an ceart chun gearán a dhéanamh, etc.;

c. cóip de na sonraí pearsanta a sholáthar;

d. faisnéis ghinearálta a sholáthar faoi na ráthaíochtaí is infheidhme.

3.2. Sonraí pearsanta a cheartú

Arna iarraidh sin d’ábhar sonraí, ceartóidh an t‑údarás is faighteoir a shonraí pearsanta atá neamhiomlán, míchruinn nó imithe i léig.

3.3. Sonraí pearsanta a scriosadh

Arna iarraidh sin d’ábhar sonraí, ní mór don údarás is faighteoir an méid seo a leanas a dhéanamh:

a. sonraí pearsanta a bhaineann leis a scriosadh, ar sonraí iad a próiseáladh ar bhealach nach bhfuil i gcomhréir leis na ráthaíochtaí a leagtar amach sa Phrótacal seo;

b. sonraí pearsanta a bhaineann leis a scriosadh, ar sonraí iad nach bhfuil gá leo a thuilleadh chun na gcríoch ar chucu a próiseáladh iad go dleathach.

c. scor de phróiseáil na sonraí pearsanta má dhéanann an t‑ábhar sonraí agóid ina haghaidh ar chúiseanna a bhaineann lena chás féin, murab ann d’fhoras sáraitheach maidir leis an bpróiseáil a bhfuil sáraíocht aige ar leasanna, cearta agus saoirsí an ábhair sonraí.

3.4. Rialacha mionsonracha

Tabharfaidh an t‑údarás is faighteoir freagra, laistigh de thréimhse réasúnta agus in am trátha, agus i ngach cás, laistigh de mhí amháin tar éis an iarratais, ar iarratas ó ábhar sonraí a bhaineann le rochtain ar a shonraí pearsanta, iad a cheartú agus a léirscriosadh. Féadfaidh an t‑údarás is faighteoir bearta iomchuí a dhéanamh, amhail táillí réasúnta a thobhach chun costais riaracháin a chumhdach nó diúltú d’iarratas ar follasach go bhfuil sé gan bhunús nó iomarcach.

I gcás freagra diúltach ar iarratas ón ábhar sonraí, ní mór don údarás is faighteoir é a chur ar an eolas faoi na cúiseanna leis an diúltú sin.

3.5. Teorannú

Féadfar na cearta thuas a theorannú má dhéantar foráil maidir le teorannú den sórt sin sa dlí agus má tá sé riachtanach agus comhréireach i sochaí dhaonlathach chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh.

Féadfar na cearta sin a theorannú freisin chun feidhm faireacháin, chigireachta nó rialála a choimirciú, ar feidhme é a bhaineann, fiú go hócáideach, le feidhmiú údaráis oifigiúil.

Faoi na coinníollacha céanna, féadfar iad a theorannú freisin chun an t‑ábhar sonraí a chosaint nó ar mhaithe le cearta agus saoirsí daoine eile.

4.    Leigheas agus faireachán neamhspleách

4.1 Faireachán neamhspleách

Déanfaidh comhlacht seachtrach nó inmheánach a dhéanann faireachán neamhspleách agus ag a bhfuil cumhachtaí imscrúdaitheacha agus leighis faireachán neamhspleách ar chomhlíontacht na próiseála sonraí pearsanta leis an bPrótacal seo.

4.2 Údaráis mhaoirseachta

I gcás an Aontais, is é an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) a dhéanfaidh an faireachán sin, i gcás ina dtagann an phróiseáil faoi inniúlacht an Choimisiúin nó is iad údaráis mhaoirseachta náisiúnta an Aontais um chosaint sonraí a dhéanfaidh iad i gcás ina dtagann an phróiseáil faoi inniúlacht an Bhallstáit brataí.

I gcás Cabo Verde, is é CNDP atá freagrach as sin.

Maidir le gearáin ó ábhair sonraí i dtaca le próiseáil a sonraí pearsanta faoin bPrótacal seo, déanfaidh na húdaráis thuasluaite iad a phróiseáil agus a réiteach ar bhealach éifeachtach tráthúil.

4.3 An ceart chun leighis

Áiritheoidh gach Páirtí, ina dhlíchóras, go bhféadfaidh ábhar sonraí a mheasann nár chomhlíon údarás na coimircí a leagtar amach in Airteagal 12 agus san Fhoscríbhinn seo, nó a mheasann gur ndearnadh sárú i dtaobh a shonraí pearsanta, cúiteamh a lorg ón údarás sin a mhéid a cheadaítear leis na forálacha dlí is infheidhme os comhair cúirte nó comhlacht coibhéiseach.

Go sonrach, féadfar aon ghearán in aghaidh ceachtar den dá údarás a chur faoi bhráid MECS, i gcás an Choimisiúin Eorpaigh, agus faoi bhráid CNDP, i gcás Cabo Verde. Ina theannta sin, féadfar gearáin áirithe ina aghaidh ceachtar den dá údarás a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, i gcás an Choimisiúin Eorpaigh, agus os comhair chúirteanna Cabo Verde i gcás Cabo Verde.

I gcás ina gcuirfidh ábhar sonraí díospóid nó gearán isteach i ndáil le próiseáil a shonraí pearsanta in aghaidh an údaráis aistrithe, in aghaidh an údaráis is faighteoir nó in aghaidh an dá údarás araon, cuirfidh na húdaráis a chéile ar an eolas faoi na díospóidí nó na gearáin sin agus déanfaidh siad gach iarracht an díospóid nó an gearán a réiteach go cairdiúil a luaithe is féidir.

4.5 Nochtadh

Coinneoidh na Páirtithe a chéile ar an eolas faoi aon ghearán a gheobhaidh siad maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoin bPrótacal seo agus maidir lena réiteach.

5.    Athbhreithniú

Cuirfidh na Páirtithe a chéile ar an eolas faoi athruithe ar a reachtaíocht a dhéanann difear do phróiseáil sonraí pearsanta. Déanfaidh gach Páirtí athbhreithnithe tréimhsiúla ar a bheartais agus nósanna imeachta féin lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 12 agus an Fhoscríbhinn seo agus ar a n‑éifeachtacht agus, arna iarraidh réasúnta sin do Pháirtí amháin, déanfaidh an Páirtí eile athbhreithniú ar a bheartais agus nósanna imeachta maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun a fhíorú agus a dheimhniú go bhfuil na coimircí dá bhforáiltear in Airteagal 12 agus san Fhoscríbhinn seo á gcur chun feidhme go héifeachtach. Cuirfear torthaí an athbhreithnithe in iúl don Pháirtí iarrthach.

Más gá, tiocfaidh siad ar chomhaontú sa Chomhchoiste maidir leis na leasuithe is gá a dhéanamh ar an Iarscríbhinn seo.

6.    An taistriú a chur ar fionraí

Féadfaidh an Páirtí aistrithe aistriú sonraí pearsanta a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh i gcás nach n‑éiríonn leis na Páirtithe díospóidí a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta a réiteach go cairdiúil i gcomhréir leis an bhFoscríbhinn seo go dtí go measfaidh sé go bhfuil an t‑ábhar réitithe go sásúil ag an bPáirtí is faighteoir. Leanfar de shonraí a aistríodh cheana a phróiseáil i gcomhréir leis an bhFoscríbhinn seo.

IARSCRÍBHINN 2 –

AN NÓS IMEACHTA MAIDIR LE FORMHEAS A DHÉANAMH AR NA LEASUITHE AR AN bPRÓTACAL ATÁ LE GLACADH AG AN gCOMHCHOISTE

I gcás ina n‑iarrfar ar an gComhchoiste leasuithe ar an bPrótacal a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 9 den Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde agus i gcomhréir le hAirteagail 6 agus 9 den Phrótacal, údarófar don Choimisiún na leasuithe atá beartaithe a fhormheas thar ceann an Aontais, faoi na coinníollacha seo a leanas:

(1)Maidir leis an bhformheas a dhéanfar thar ceann an Aontais, áiritheoidh an Coimisiún:

(a)go mbeidh sé i gcomhréir le cuspóirí an chomhbheartais iascaigh;

(b)go mbeidh sé comhsheasmhach leis na rialacha ábhartha arna nglacadh ag eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh agus go gcuirfear san áireamh ann an comhbhainistiú a dhéanann Stáit chósta;

(c)go gcuirfear san áireamh ann an fhaisnéis staidrimh, an fhaisnéis bhitheolaíoch agus an fhaisnéis ábhartha eile is déanaí arna tarchur chuig an gCoimisiún.

(2)Sula ndéanfaidh an Coimisiún na leasuithe atá beartaithe a fhormheas thar ceann an Aontais, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle iad in am trátha roimh chruinniú ábhartha an Chomhchoiste.

(1)Déanfaidh an Chomhairle measúnú féachaint an gcomhlíontar na critéir a leagtar síos i bpointe 1 den Iarscríbhinn seo leis na leasuithe atá beartaithe.

(2)Mura ndéanfaidh líon áirithe Ballstát agóid in aghaidh na leasuithe atá beartaithe, líon is comhionann le mionlach blocála na Comhairle i gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, formheasfaidh an Coimisiún iad, thar ceann an Aontais. I gcás ina bhfuil mionlach blocála den sórt sin ann, diúltóidh an Coimisiún do na leasuithe atá beartaithe thar ceann an Aontais.

(3)Más rud é, le linn cruinnithe den Chomhchoiste a thionólfar ina dhiaidh sin, nach féidir teacht ar chomhaontú, lena náirítear comhaontú ar an láthair, cuirfear an cheist ar ais chuig an gComhairle, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i bpointí 2 go 4, chun go gcuirfear tosca nua san áireamh i seasamh an Aontais.

(4)Iarrtar ar an gCoimisiún aon bheart is gá a dhéanamh, in am trátha, chun obair leantach a dhéanamh ar chinneadh an Chomhchoiste, lena náirítear, i gcás inarb iomchuí, an cinneadh ábhartha a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus aon togra is gá a chur in iúl chun an Cinneadh sin a chur chun feidhme.

A mhéid a bhaineann le hábhair eile nach mbaineann le leasuithe ar an bPrótacal i gcomhréir le hAirteagal 9 den Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde agus i gcomhréir le hAirteagail 6 go 9 den Phrótacal, déanfar an seasamh atá le glacadh ag an Aontas sa Chomhchoiste a chinneadh i gcomhréir leis na Conarthaí agus le cleachtais oibre sheanbhunaithe.

(1)    IO AE L 414, 30.12.2006, lch. 3.; I Sraith Uimh. 12 ‘B.O.’ de Phoblacht Cabo Verde, an 26 Márta 2007
(2)    IO AE L 2862, 28.12.2023, lch. 10.
(3)    Airteagal 5 de Phrótacal 2019-2024.
(4)    De bhun Airteagal 2 de Phrótacal 2019-2024, chuaigh an Prótacal in éag an 19 Bealtaine 2024. Dá bhrí sin, is é an 18 Bealtaine 2025 an spriocdháta le haghaidh íocaíocht na ranníocaíochta airgeadais sonraí dá bhforáiltear in Airteagal 4(2)(b) den Phrótacal sin.
(5)    Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha, agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle (IO L 347, 28.12.2017, lch. 81).
(6)    Tagairt do Chaibidil IX, mír 3.
(7)    Tag. Caibidil II, Roinn 1, mír 6 don sainmhíniú ar ‘tréimhse bhliantúil’.
(8)    Féach thuas.
(9)    Tag. CICTA rec. 18-09 mír.13.
(10)    Tag. Moladh CITAC 21-15 Foscríbhinn 3, mír 3.1.
(11)    Tag. Moladh CITAC 21-15 Foscríbhinn 3, mír 3.3 agus Foscríbhinn 1.
(12)    Treoir (AE) 2017/159 ón gComhairle an 19 Nollaig 2016 lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú i dtaca le cur chun feidhme Choinbhinsiún 2007 na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le hObair san Iascaireacht, a tugadh i gcrích an 21 Bealtaine 2012 idir an Coiste Ginearálta um Chomhar Talmhaíochta san Aontas Eorpach (COGECA), Cónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa (ETF) agus Comhlachas Eagraíochtaí Náisiúnta na bhFiontar Iascaireachta san Aontas Eorpach (Europêche) (IO L 25, 31.1.2017, lch. 12).