AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,15.5.2024
COM(2024) 210 final
2024/0115(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 16ú cruinniú de Choiste Saineolaithe Teicniúla na hEagraíochta Idir-rialtasaí um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (OTIF) a mhéid a bhaineann leis an athbhreithniú ar an tSaintreoir Theicniúil Aonfhoirmeach is infheidhme maidir leis an bhfochóras ‘rothstoc – vaigíní lasta’ (UTP WAG), maidir leis an bhfochóras ‘rothstoc – torann’ (UTP Torann), maidir le comhdhéanamh traenach agus seiceálacha comhoiriúnachta bealaigh (UTP TCRC), agus maidir leis an bhfochóras Feidhmchláir theileamaitice le haghaidh seirbhísí lasta (UTP TAF)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Beidh an 16ú seisiún de Choiste Saineolaithe Teicniúla (CTE) na hEagraíochta Idir-rialtasaí um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (OTIF) ar siúl i mBeirn an 11 agus 12 Meitheamh 2024. Áirítear i gclár oibre an chruinnithe tograí lena nglacadh:
–Athbhreithniú ar an tSaintreoir Theicniúil Aonfhoirmeach is infheidhme maidir leis an bhfochóras ‘rothstoc – vaigíní lasta’(UTP WAG);
–Athbhreithniú ar an tSaintreoir Theicniúil Aonfhoirmeach is infheidhme maidir leis an bhfochóras ‘rothstoc – torann’(UTP Torann);
–Athbhreithniú ar an tSaintreoir Theicniúil Aonfhoirmeach is infheidhme maidir le comhdhéanamh traenach agus seiceálacha comhoiriúnachta bealaigh (UTP TCRC);
–Modhnú ar Fhoscríbhinn I (tagairtí do na doiciméid theicniúla) a ghabhann leis an tSaintreoir Theicniúil Aonfhoirmeach is infheidhme maidir leis an bhfochóras Feidhmchlár teileamaitice le haghaidh seirbhísí lasta (UTP TAF)
Tá clár oibre an chruinnithe agus na doiciméid a bhaineann leis na tograí lena nglacadh ar fáil ar shuíomh gréasáin OTIF
https://otif.org/en/?page_id=590
.
Forbraíonn OTIF córais dlí aonfhoirmeacha le haghaidh iompar ar iarnród idirnáisiúnta i dtrí phríomhréimse gníomhaíochta: idir-inoibritheacht theicniúil, earraí contúirteacha agus dlí na gconarthaí iarnróid.
2.Comhthéacs an togra
2.1.An Coinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (COTIF)
An Coinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród an 9 Bealtaine 1980, arna leasú ag Prótacal Vilnius an 3 Meitheamh 1999 (‘COTIF’), is comhaontú idirnáisiúnta é inar Páirtithe Conarthacha iad an tAontas Eorpach agus 25 Bhallstát.
An 16 Meitheamh 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/103/AE ón gComhairle maidir le síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus OTIF maidir le hAontachas an Aontais Eorpaigh don Choinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (COTIF) an 9 Bealtaine 1980, arna leasú le Prótacal Vilnias an 3 Meitheamh 1999 (‘Comhaontú Aontachais AE-COTIF’).
Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Iúil 2011.
De réir Airteagal 2(1) de COTIF, is é is aidhm do OTIF an t‑iompar idirnáisiúnta d’iarnród a chur chun cinn, a fheabhsú agus a éascú, ar gach bealach, go háirithe trí chórais dlí aonfhoirmigh a bhunú i réimsí éagsúla an dlí maidir leis an trácht idirnáisiúnta d’iarnród. Chomh maith leis sin, rialaítear le COTIF feidhmiú na hEagraíochta, a cuspóirí, saintréithe agus caidreamh na hEagraíochta leis na Stáit Chonarthacha, mar aon lena gníomhaíochtaí go ginearálta.
Dá bhrí sin, déileáiltear in COTIF leis an reachtaíocht iarnróid i ndáil le roinnt ábhair dhlíthiúla agus theicniúla éagsúla iarnróid a roinntear in dhá chuid: an Coinbhinsiún féin, lena rialaítear feidhmiú OTIF, agus na hocht bhFoscríbhinn lena mbunaítear an dlí iarnróid aonfhoirmeach:
–Foscríbhinn A – An Conradh le haghaidh Iompar Idirnáisiúnta Paisinéirí d’Iarnród (CIV)
–Foscríbhinn B – An Conradh le haghaidh Iompar Idirnáisiúnta Earraí d’Iarnród (CIM)
–Foscríbhinn C – Iompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Iarnród (RID)
–Foscríbhinn D – An Conradh maidir le húsáid feithiclí sa trácht iarnróid idirnáisiúnta (CUV)
–Foscríbhinn E – An Conradh maidir le húsáid an bhonneagair sa trácht iarnróid idirnáisiúnta (CUI)
–Foscríbhinn F – Rialacha Aonfhoirmeacha maidir le Bailíochtú na gCaighdeán Teicniúil agus Glacadh Saintreoracha Teicniúla Aonfhoirmeacha is infheidhme maidir le hÁbhar Iarnróid le haghaidh úsáid sa Trácht Idirnáisiúnta (APTU UR)
–Foscríbhinn G – Rialacha Aonfhoirmeacha a bhaineann le Cead Isteach Teicniúil d’Ábhar Iarnróid a úsáidtear sa Trácht Idirnáisiúnta (ATMF UR)
–Foscríbhinn H – Rialacha Aonfhoirmeacha maidir le hoibriú sábháilte traenacha sa trácht idirnáisiúnta (EST UR)
Ar bhonn Fhoscríbhinn F agus G a ghabhann le COTIF, tá 18 Saintreoir Theicniúil Aonfhoirmeach (UTPanna) ann maidir leis an idir-inoibritheacht theicniúil. Is ionann cuspóir do UTPanna i gcreat COTIF agus do shonraíochtaí teicniúla an Aontais Eorpaigh le haghaidh na hidir-inoibritheachta maidir le cead isteach sa trácht idirnáisiúnta, mar a shainítear i gCaibidil II de Threoir (AE) 2016/797.
42 Stát as na 47 Stát atá ina bPáirtithe in COTIF, lena n‑áirítear 25 Bhallstát den Aontas Eorpach a luadh cheana, cuireann siad Foscríbhinn F agus G i bhfeidhm.
Ar bhonn Fhoscríbhinn H a ghabhann le COTIF, tá 4 Iarscríbhinn ann le haghaidh modhanna comhchoiteanna sábháilteachta. Is ionann cuspóir d’Iarscríbhinní a ghabhann le Rialacha Aonfhoirmeacha maidir le hoibriú sábháilte traenacha sa trácht idirnáisiúnta i gcreat COTIF agus modhanna comhchoiteanna sábháilteachta an Aontais Eorpaigh maidir le cead isteach sa trácht idirnáisiúnta, mar a shainítear i gCaibidil II de Threoir (AE) 2016/798.
Tá teacht i bhfeidhm Fhoscríbhinn H fós ag feitheamh le formheas ó dhá thrian de na stáit is páirtithe in OTIF.
2.2.Coiste Saineolaithe Teicniúla (CTE) OTIF
Bunaítear an Coiste Saineolaithe Teicniúla le hAirteagal 13(1)(f) de COTIF. Tá sé comhdhéanta de na Ballstáit OTIF a chuireann Foscríbhinní F agus G (APTU, ATMF) a ghabhann le COTIF i bhfeidhm.
Tá inniúlacht ag CTE maidir le hábhair idir-inoibritheachta agus an comhchuibhiú teicniúil sa réimse iarnróid agus sna nósanna imeachta formheasa teicniúla. Forbraíonn sé Foscríbhinní APTU agus ATMF agus a Rialacha Aonfhoirmeacha, a bhfuil feidhm acu maidir le hábhar iarnróid atá beartaithe lena úsáid sa trácht idirnáisiúnta, a bhaineann go sonrach leis an méid seo a leanas:
–glacadh saintreoracha teicniúla le haghaidh feithiclí agus bonneagair agus bailíochtú na gcaighdeán;
–nósanna imeachta maidir le measúnú ar chomhréireacht feithiclí;
–forálacha maidir le cothabháil feithiclí;
–freagrachtaí maidir le comhdhéanamh traenach agus úsáid shábháilte feithiclí;
–forálacha maidir le meastóireacht riosca agus measúnú riosca;
–sonraíochtaí le haghaidh clár.
Tá Buanmheitheal (WG TECH) ag CTE faoi láthair agus is í atá freagrach as cinntí CTE a ullmhú.
De bhun Airteagal 20(1) (b) de COTIF agus i gcomhréir le hAirteagal 6 d’Fhoscríbhinn F (APTU), tá CTE inniúil chun UTPanna a ghlacadh nó a leasú.
2.3.Gníomhartha á nglacadh ag CTE
De réir Airteagal 6 de APTU, déanfaidh CTE cinneadh maidir le UTP a ghlacadh nó foráil a dhéanamh lena leasú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 16, 20 agus 33 § 6 de COTIF. Tiocfaidh na cinntí sin i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 35 §§ 3 agus 4 den Choinbhinsiún.
2.4.Na gníomhartha atá beartaithe agus atá le glacadh ag CTE le linn sheisiúin an 11 agus an 12 Meitheamh 2024
2.4.1.Athbhreithniú ar an UTP maidir leis an bhfochóras ‘Rothstoc – Vaigíní Lasta’ (UTP WAG)
Le UTP WAG leagtar síos ceanglais fheidhmiúla agus theicniúla maidir le vaigíní lasta a ligean isteach sa trácht idirnáisiúnta laistigh de chríocha Stáit Chonarthacha uile COTIF, i gcomhréir le Rialacha Aonfhoirmeacha ATMF. Cumhdaítear leis ceanglais maidir le dearadh teicniúil agus táirgeadh agus nósanna imeachta fíorúcháin.
Is é is aidhm don togra sin maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar UTP WAG é a choimeád ailínithe le forbairtí dlíthiúla san Aontas Eorpach agus cásanna sonracha agus rialacha cur chun feidhme ar leith a thabhairt cothrom le dáta. Ina theannta sin, áirítear sa togra soiléiriú maidir le cur i bhfeidhm UTP WAG ar fheithiclí atá oiriúnach do shaorchúrsaíocht agus lena n‑úsáid in oibríocht ghinearálta.
Áirítear an méid seo a leanas sna modhnuithe atá beartaithe:
–Modhnuithe eagarthóireachta chun cleachtais eagarthóireachta agus úsáid téarmaíochta a ailíniú leis an gcleachtas is déanaí;
–Tagairtí do reachtaíocht an Aontais a thabhairt cothrom le dáta;
–Tagairtí a chur le UTP TCRC maidir le comhdhéanamh traenach agus seiceálacha comhoiriúnachta bealaigh;
–Forálacha nua a bhaineann le hiompar traschórais a éascú;
–Forálacha nua a bhaineann le feidhmeanna braite díráillithe agus coiscthe díráillithe;
–Forálacha breise a bhaineann le haitheantas frithpháirteach na chéad iontrála, is infheidhme maidir le vaigíní a bhfuil trealamh leictreach nó leictreonach ar bord acu;
–Na rialacha cur chun feidhme a thabhairt cothrom le dáta, go háirithe trí dheireadh a chur le sprioc-amanna bailíochta (céimeanna A agus B) le haghaidh feithiclí agus cineálacha feithiclí a chomhlíonann leaganacha roimhe seo den UTP;
–Cásanna sonracha agus rialacha cur chun feidhme ar leith le haghaidh na hIorua agus na Ríochta Aontaithe a chur leis.
2.4.2.Athbhreithniú ar an UTP maidir leis an bhfochóras ‘Rothstoc – Torann’ (UTP maidir le Torann)
Le UTP Torann leagtar síos an leibhéal is fearr i dtaca le sonraíochtaí comhchuibhithe ar an bhfochóras rothstoic atá beartaithe chun astaíochtaí torainn feithiclí a úsáidtear sa trácht idirnáisiúnta a theorannú faoi raon feidhme Rialacha Aonfhoirmeacha ATMF.
Is é is aidhm don togra sin maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar UTP Torann é a choimeád ailínithe le forbairtí dlíthiúla san Aontas Eorpach agus na cásanna sonracha agus rialacha cur chun feidhme ar leith a thabhairt cothrom le dáta.
Áirítear an méid seo a leanas sna modhnuithe atá beartaithe:
–Modh a chur leis chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht na n‑eilimintí frithchuimilte le haghaidh coscáin tráchta rotha (i.e. bloic choscáin) mar chomhábhair idir-inoibritheachta;
–Ailíniú leis na cleachtais eagarthóireachta is déanaí le haghaidh UTPanna;
–Tagairtí do reachtaíocht an Aontais a thabhairt cothrom le dáta;
–Tagairtí a chur le UTP TCRC maidir le comhdhéanamh traenach agus seiceálacha comhoiriúnachta bealaigh;
–Na rialacha cur chun feidhme a thabhairt cothrom le dáta, go háirithe trí dheireadh a chur le sprioc-amanna bailíochta (céimeanna A agus B) le haghaidh feithiclí agus cineálacha feithiclí a chomhlíonann leaganacha roimhe seo den UTP;
–Cásanna sonracha agus rialacha cur chun feidhme ar leith le haghaidh na hIorua agus Thollán Mhuir nIocht a chur leis.
2.4.3.Athbhreithniú ar an UTP maidir le comhdhéanamh traenach agus seiceálacha comhoiriúnachta bealaigh (UTP TCRC)
Le UTP TCRC leagtar síos forálacha maidir le freagrachtaí gnóthas iarnróid agus bainisteoirí bonneagair chun críche comhdhéanamh traenacha lena n‑úsáid sa trácht idirnáisiúnta agus chun comhoiriúnacht idir traenacha agus na bealaí a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid a sheiceáil.
Is é is aidhm don togra sin maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar UTP TCRC é a choimeád ailínithe le forbairtí dlíthiúla san Aontas Eorpach.
Áirítear an méid seo a leanas sna modhnuithe atá beartaithe:
–Sainmhínithe agus ceanglais bhreise a bhaineann le hiompar traschórais;
–Ceanglais nuashonraithe a bhaineann le seiceálacha maidir le comhoiriúnacht idir feithiclí agus córais braite traenacha;
–Feabhsuithe eagarthóireachta;
– Tagairtí cothrom le dáta do rialacha an Aontais.
2.4.4.Modhnú ar an UTP maidir le Feidhmchláir theileamaitice le haghaidh seirbhísí lasta (UTP TAF)
Le UTP TAF leagtar síos ceanglais maidir leis an bpróiseas cumarsáide idir gnóthais iarnróid agus bainisteoirí bonneagair, bunachair sonraí atá beartaithe a úsáid chun traenacha agus gluaiseachtaí vaigíní a rianú agus faisnéis atá le seachadadh chuig custaiméirí lasta.
Is é is aidhm don togra na tagairtí a choimeád ailínithe le Doiciméid Theicniúla ERA maidir le STI-TAF a liostaítear i bhFoscríbhinn I a ghabhann le UTP TAF.
Is gá modhnuithe a dhéanamh ar na doiciméid theicniúla dá dtagraítear i bhFoscríbhinn I a ghabhann le UTP TAF chun earráidí a cheartú, aiseolas a chur san áireamh, coimeád suas le dul chun cinn teicniúil agus coibhéis leis na sonraíochtaí a chuirtear i bhfeidhm san Aontas Eorpach a choinneáil ar bun:
–Ceartú earráidí a braitheadh sa doiciméad teicniúil ERA-TD-105: STI TAF— Iarscríbhinn D.2: Foscríbhinn F — Sonraí agus samhail teachtaireachta STI TAF.
–Eilimintí nua a chur leis nó eilimintí roghnacha a mhodhnú i ndoiciméad teicniúil ERA-TD105: STI TAF— Iarscríbhinn D.2: Foscríbhinn F — Sonraí agus samhail teachtaireachta STI TAF.
–Liostaí cód agus doiciméadacht athraithe a thabhairt isteach sa doiciméad teicniúil ERA-TD-105: STI TAF— Iarscríbhinn D.2: Foscríbhinn F — Sonraí agus samhail teachtaireachta STI TAF
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
3.1.Inniúlacht an Aontais agus cearta vótála
De bhun Airteagal 6 den Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Idir-rialtasach um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (OTIF) maidir le hAontachas an Aontais Eorpaigh le COTIF arna fhormheas trí Chinneadh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2011:
‘1. Maidir le cinntí i ndáil le hábhair ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas, déanfaidh an tAontas cearta vótála a Bhallstát a fheidhmiú faoin gCoinbhinsiún.
2. Maidir le cinntí i ndáil le hábhair ina roinneann an tAontas a inniúlacht lena Bhallstáit, vótálfaidh an tAontas nó a Bhallstáit.
3. Faoi réir Airteagal 26, mír 7 den Choinbhinsiún, beidh an líon céanna vótaí ag an Aontas agus atá ag a Bhallstáit atá ina bPáirtithe sa Choinbhinsiún freisin. Nuair a vótálfaidh an tAontas, ní vótálfaidh a Bhallstáit.’
De bhun Airteagal 3(2) CFAE, tá inniúlacht eisiach ag an Aontas i ndáil le gealltanais idirnáisiúnta atá le tabhairt i gcomhthéacs COTIF, lena n‑áirítear ionstraimí dlí a ghlactar dá bhun, i gcás ina bhfuil an baol ann go ndéanfadh gealltanais den sórt sin difear do rialacha an Aontais atá ann cheana nó go n‑athrófaí a raon feidhme.
Is é is cuspóir do na cinntí atá beartaithe an méid seo a leanas:
–UTP WAG, UTP Torann, agus UTP TCRC a ailíniú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1694 ón gCoimisiún,
–na tagairtí a ailíniú le Doiciméid Theicniúla ERA maidir le STI-TAF a liostaítear i bhFoscríbhinn I a ghabhann le UTP TAF a liostaítear i bhFoscríbhinn I.
Baineann na cinntí sin le réimse an iompair iarnróid. Cumhdaítear réimse an iompair d’iarnród den chuid is mó le rialacha an Aontais a bhfuil an baol ann, dá bhrí sin, go ndéanfaí difear dó nó go n‑athrófaí é le glacadh na gcinntí sin. Dá bhrí sin, déanfaidh an tAontas na cearta vótála a fheidhmiú i ndáil le glacadh na gcinntí sin agus is é an Coimisiún a dhéanfaidh ionadaíocht thar a cheann.
3.2.Na conclúidí atá beartaithe
Ar na cúiseanna go léir a shonraítear i míreanna 2.4.1 go 2.4.4 faoi seach, ba cheart don Aontas vótáil mar a mholtar thíos i míreanna 3.2.1 go 3.2.4 faoi seach.
3.2.1.Athbhreithniú ar an UTP maidir leis an bhfochóras ‘Rothstoc – Vaigíní Lasta’ (UTP WAG)
Ba cheart don Aontas Eorpach vótáil i bhfabhar athbhreithniú ar UTP WAG faoi mar a mhol OTIF faoi réir na leasuithe seo a leanas:
–I bpointe 0.3,
–cuirtear ‘Feithiclí atá oiriúnach do shaorchúrsaíochta agus feithiclí inmhalartaithe’ in ionad an teidil;
–sa tríú mír, an dara fleasc, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs:
‘ciallaíonn ‘feithicil idirmhalartaithe’ feithicil a chomhlíonann na ceanglais le haghaidh saorchúrsaíochta agus, chomh maith leis sin, atá feistithe le comhéadain chaighdeánaithe idirfheithicle, lenar féidir an fheithicil a chomhtháthú i gcomhdhéanamh traenach taobh le feithiclí idirmhalartaithe eile. Féadfar ‘GE’ nó ‘CW’ a mharcáil ar vaigíní a chomhlíonann na critéir sin, chomh maith leis an marcáil ‘TEN’.’
–sa cheathrú mír, pointe 3, cuirtear ‘feithiclí idirmhalartaithe’ in ionad ‘oibríocht ghinearálta’;
–I bpointe 4.2.1 ‘Ginearálta’, cuirtear i gcoinne scriosadh beartaithe an téacs seo a leanas:
‘I gcás nár forbraíodh na sonraíochtaí feidhmiúla agus teicniúla is gá chun idir-inoibritheacht a bhaint amach agus chun na ceanglais fhíor-riachtanacha a chomhlíonadh maidir le gné theicniúil ar leith, sainaithnítear an ghné sin mar phointe oscailte sa phointe ábhartha. De réir mar is gá in
|
|
Airteagal 8 § 7 de APTU
|
Airteagal 4(6) de Threoir (AE) 2016/797
|
Liostaítear na pointí oscailte uile i bhFoscríbhinn A’;
–I bpointe 4.2.3.5.3.4 ‘Feidhm braite agus gníomhraithe díráillithe (DDAF)’, an tríú mír, cuirtear ‘UTP GEN-G’ in ionad ‘Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 402/2013’;
–I bpointe 6.1.2.1 ‘Gléasra oibrithe’, an ceathrú mír, cuirtear ‘Mura gcuireann mais na feithicle ar a cumas di a híosualach ar acastóir a bhaint amach i ndáil táire, d’fhéadfadh sé go gceanglófaí leis na coinníollacha maidir le húsáid na feithicle’ in ionad ‘Mura mbaineann an fheithicil amach a híosualach ar acastóir a bhaint amach i ndáil táire, ceanglófar leis na coinníollacha maidir le húsáid na feithicle’.
3.2.2.Athbhreithniú ar an UTP maidir leis an bhfochóras ‘Rothstoc – Torann’ (UTP Torann)
Ba cheart don Aontas Eorpach vótáil i bhfabhar athbhreithniú ar UTP Torann faoi mar a mhol OTIF.
3.2.3.Athbhreithniú ar an UTP maidir le comhdhéanamh traenach agus seiceálacha comhoiriúnachta bealaigh (UTP TCRC)
Ba cheart don Aontas Eorpach vótáil i bhfabhar athbhreithniú ar UTP TCRC faoi mar a mhol OTIF.
3.2.4.Modhnú ar an UTP maidir le Feidhmchláir theileamaitice le haghaidh seirbhísí lasta (UTP TAF)
Ba cheart don Aontas Eorpach vótáil i bhfabhar athbhreithniú ar UTP TAF faoi mar a mhol OTIF.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Tá feidhm ag Airteagal 218(9) CFAE gan beann ar cé acu is comhalta den chomhlacht é an tAontas, nó nach ea, nó cé acu atá sé ina pháirtí sa chomhaontú, nó nach bhfuil.
Áirítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha a bhaineann le dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Áirítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach ‘a d’fhéadfadh tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht é CTE a cuireadh ar bun le comhaontú, is é sin COTIF, go háirithe Airteagal 13(1)(c) agus (f).
Na gníomhartha a iarrtar ar CTE a ghlacadh le linn an 16ú seisiún dá chuid, is gníomhartha iad a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo.
Modhnaítear creat dlíthiúil OTIF leis na gníomhartha atá beartaithe. Ós rud é gur páirtí conarthach iomlán in COTIF é an tAontas, beidh na gníomhartha atá beartaithe ina gceangal ar an Aontas faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 6(1) APTU agus Airteagal 35(3)(4) COTIF.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE is bunús dlí don nós imeachta don chinneadh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Prionsabail
Braitheann an bunús dlí substainteach le haghaidh cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith.
4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Is le hiompar ar iarnród idirnáisiúnta a bhaineann príomhchuspóir agus príomhábhar an ghnímh atá beartaithe.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 91 CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.
4.3.Conclúid
Is é an bunús dlí ba cheart a bheith leis an gcinneadh atá beartaithe Airteagal 91 CFAE i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.
2024/0115 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 16ú cruinniú de Choiste Saineolaithe Teicniúla na hEagraíochta Idir-rialtasaí um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (OTIF) a mhéid a bhaineann leis an athbhreithniú ar an tSaintreoir Theicniúil Aonfhoirmeach is infheidhme maidir leis an bhfochóras ‘rothstoc – vaigíní lasta’ (UTP WAG), maidir leis an bhfochóras ‘rothstoc – torann’ (UTP Torann), maidir le comhdhéanamh traenach agus seiceálacha comhoiriúnachta bealaigh (UTP TCRC), agus maidir leis an bhfochóras Feidhmchláir theileamaitice le haghaidh seirbhísí lasta (UTP TAF)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)D’aontaigh an tAontas don Choinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród an 9 Bealtaine 1980, arna leasú le Prótacal Vilnius an 3 Meitheamh 1999 (‘COTIF’), i gcomhréir le Cinneadh 2013/103/AE ón gComhairleagus leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Idir-rialtasach um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (OTIF) maidir le hAontachas an Aontais Eorpaigh don Choinbhinsiún COTIF (‘an Comhaontú’).
(2)De bhun Airteagal 13(1)(f) de COTIF, cuireadh Coiste Saineolaithe Teicniúla (‘CTE’) OTIF ar bun.
(3)De bhun Airteagal 20(1)(b) de COTIF, agus i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de na Rialacha Aonfhoirmeacha maidir le Caighdeáin Theicniúla a Bhailíochtú agus Saintreoracha Teicniúla Aonfhoirmeacha a Ghlacadh is infheidhme maidir le hÁbhar Iarnróid le haghaidh úsáid sa Trácht Idirnáisiúnta (APTU) – Foscríbhinn F a ghabhann le COTIF, tá CTE inniúil chun Saintreoracha Teicniúla Aonfhoirmeacha (UTP) a ghlacadh nó a leasú, inter alia, na Saintreoracha Teicniúla Aonfhoirmeacha maidir leis an bhfochóras ‘Rothstoc – Vaigíní Lasta’ (UTP WAG), maidir leis an bhfochóras ‘Rothstoc – Torann’(UTP Torann), maidir le comhdhéanamh traenach agus seiceálacha comhoiriúnachta bealaigh (UTP TCRC), agus maidir le feidhmchláir theileamaitice le haghaidh seirbhísí lasta (UTP TAF).
(4)Maidir leis an 16ú seisiún dá chuid a bheidh ar siúl an 11 agus an 12 Meitheamh 2024 tá togra curtha ag CTE ar an gclár oibre le haghaidh cinntí maidir le hathbhreithniú ar UTP WAG, UTP Torann, agus UTP TCRC, agus maidir le modhnú ar Fhoscríbhinn I a ghabhann le UTP TAF.
(5)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in CTE a leagan síos mar beidh na cinntí atá beartaithe ceangailteach ar an Aontas de bhun Airteagal 6(1) APTU agus Airteagal 35 (3) agus (4) COTIF.
(6)Is iad cuspóirí na gcinntí sin UTP WAG, UTP Torann, agus UTP TCRC a ailíniú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1694 ón gCoimisiún, agus na tagairtí a ailíniú do Dhoiciméid Theicniúla ERA maidir le STI TAF a liostaítear i bhFoscríbhinn I a ghabhann le UTP TAF.
(7)Tá na cinntí atá beartaithe ó OTIF i gcomhréir le dlí agus le cuspóirí straitéiseacha an Aontais toisc go rannchuidíonn siad le hailíniú reachtaíocht OTIF le forálacha coibhéiseacha dhlí an Aontais, agus dá bhrí sin ba cheart don Aontas tacú leo,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é seo a leanas an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais le linn an 16ú seisiún de CTE den Choinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród an 9 Bealtaine 1980 i ndáil leis an athbhreithniú ar UTP WAG maidir leis an bhfochóras ‘Rothstoc – Vaigíní Lasta’, an t‑athbhreithniú ar UTP maidir leis an bhfochóras ‘Rothstoc – Torann’, an t‑athbhreithniú ar UTP TCRC maidir le comhdhéanamh traenach agus seiceálacha comhoiriúnachta bealaigh, agus i ndáil leis na tagairtí do Dhoiciméid Theicniúla maidir le STI TAF a liostaítear i bhFoscríbhinn I a ghabhann le UTP TAF a thabhairt cothrom le dáta:
(1)vótáil i bhfabhar an athbhreithnithe atá beartaithe ag CTE ar UTP WAG maidir leis an bhfochóras ‘Rothstoc – Vaigíní Lasta’, mar atá i nDoiciméad Oibre CTE TECH-24003 UTP WAG, agus faoi réir na leasuithe seo a leanas:
(a)I bpointe 0.3,
–cuirtear ‘Feithiclí atá oiriúnach do shaorchúrsaíochta agus feithiclí inmhalartaithe’ in ionad an teidil;
–sa tríú mír, an dara fleasc, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs:
‘ciallaíonn ‘feithicil idirmhalartaithe’ feithicil a chomhlíonann na ceanglais le haghaidh saorchúrsaíochta agus, chomh maith leis sin, atá feistithe le comhéadain chaighdeánaithe idirfheithicle, lenar féidir an fheithicil a chomhtháthú i gcomhdhéanamh traenach taobh le feithiclí idirmhalartaithe eile. Féadfar ‘GE’ nó ‘CW’ a mharcáil ar vaigíní a chomhlíonann na critéir sin, chomh maith leis an marcáil ‘TEN’.’
–sa cheathrú mír, pointe 3, cuirtear ‘feithiclí idirmhalartaithe’ in ionad ‘oibríocht ghinearálta’;
(b)I bpointe 4.2.1 ‘Ginearálta’, cuirtear i gcoinne scriosadh beartaithe an téacs seo a leanas:
‘I gcás nár forbraíodh na sonraíochtaí feidhmiúla agus teicniúla is gá chun idir-inoibritheacht a bhaint amach agus chun na ceanglais fhíor-riachtanacha a chomhlíonadh maidir le gné theicniúil ar leith, sainaithnítear an ghné sin mar phointe oscailte sa phointe ábhartha. De réir mar is gá in
|
|
Airteagal 8 § 7 de APTU
|
Airteagal 4(6) de Threoir (AE) 2016/797
|
Liostaítear na pointí oscailte uile i bhFoscríbhinn A’;
(c)I bpointe 4.2.3.5.3.4 ‘Feidhm braite agus gníomhraithe díráillithe (DDAF)’, an tríú mír, cuirtear ‘UTP GEN-G’ in ionad ‘Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 402/2013’;
(d)I bpointe 6.1.2.1 ‘Gléasra oibrithe’, an ceathrú mír, cuirtear ‘Mura gcuireann mais na feithicle ar a cumas di a híosualach ar acastóir a bhaint amach i ndáil táire, d’fhéadfadh sé go gceanglófaí leis na coinníollacha maidir le húsáid na feithicle’ in ionad ‘Mura mbaineann an fheithicil amach a híosualach ar acastóir i ndáil táire, ceanglófar leis na coinníollacha maidir le húsáid na feithicle’;
(2)vótáil i bhfabhar na leasuithe atá beartaithe ag CTE ar UTP Torann maidir leis an bhfochóras ‘Rothstoc – Torann’, mar atá i nDoiciméad Oibre CTE TECH-24004 UTP maidir le Torann;
(3)vótáil i bhfabhar na leasuithe atá beartaithe ag CTE ar UTP TCRC maidir le comhdhéanamh traenach agus seiceálacha comhoiriúnachta bealaigh, mar atá i nDoiciméad Oibre CTE TECH-24005 UTP TCRC;
(4)vótáil i bhfabhar thogra CTE na tagairtí do na Doiciméid Theicniúla maidir le STI TAF a liostaítear i bhFoscríbhinn I a ghabhann le UTP TAF a thabhairt cothrom le dáta, mar atá i nDoiciméad Oibre CTE TECH-24005 UTP TAF.
(5)Féadfaidh an Coimisiún teacht ar chomhaontú maidir le mionathruithe ar na gníomhartha a leagtar amach san Airteagal seo, gan cinneadh eile ón gComhairle.
Airteagal 2
A luaithe a ghlacfar na cinntí ón gCoiste Saineolaithe Teicniúla, foilseofar iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus dáta a dteacht i bhfeidhm á shonrú.
Airteagal 3
Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán