AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,13.5.2024
COM(2024) 199 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann le
Moladh
le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena n‑údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh chun Prótacal Cur Chun Feidhme a ghabhfaidh leis an gComhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích
{SWD(2024) 128 final} - {SWD(2024) 129 final}
IARSCRÍBHINN
Treoracha caibidlíochta
–Is é cuspóir na caibidlíochta Prótacal cur chun feidhme a ghabhfaidh leis an gComhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagail 28, 31 agus 32 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh agus leis na Conclúidí ón gComhairle an 19 Márta 2012 maidir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Iúil 2011 maidir leis an ngné sheachtrach den Chomhbheartas Iascaigh.
–Ba cheart a shainiú leis an bPrótacal cur chun feidhme an creat ginearálta maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta shoithí an Aontais in uiscí na Graonlainne agus maidir leis an gcomhar idir an tAontas agus an Ghraonlainn maidir le tacaíocht earnála.
–Chun iascaireacht inbhuanaithe fhreagrach a chur chun cinn, lena n‑áiritheofar go n‑íoslaghdófar an drochthionchar a ghabhann le gníomhaíochtaí iascaireachta ar an muirthimpeallacht, agus tairbhí frithpháirteacha a áirithiú san am céanna don Aontas agus don Ghraonlainn tríd an bPrótacal cur chun feidhme seo, ba cheart cuspóirí caibidlíochta an Choimisiúin a bhunú ar an méid seo a leanas:
·rochtain ar limistéar iascaireachta na Graonlainne agus na húdaruithe is gá a fháil do shoithí de chuid an Aontais chun iascaireacht a dhéanamh sa limistéar sin;
·aird a thabhairt ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil agus ar na pleananna bainistíochta ábhartha arna nglacadh ag eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBInna), chun iascaireacht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a áirithiú agus chun rialachas na n‑aigéan a chur chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta. Le gníomhaíochtaí iascaireachta níor cheart a dhíriú ach ar na hacmhainní atá ar fáil, agus ba cheart acmhainneacht iascaireachta an chabhlaigh áitiúil a chur san áireamh agus aird ar leith a thabhairt ar chineál mórimirceach na stoc lena mbaineann;
·sciar iomchuí de na hacmhainní barrachais iascaigh a lorg, a bheidh go hiomlán i gcomhréir le leasanna chabhlaigh an Aontais, i gcás inar leas iad ag cabhlaigh eile freisin;
·na coinníollacha teicniúla céanna a chur i bhfeidhm maidir leis na cabhlaigh eachtracha uile, agus an t‑aistriú a d’fhéadfadh a bheith ann chuig Stáit Nordacha eile de chion de chuótaí an Aontais arna gcomhaontú á chur san áireamh.
·a áirithiú go bhfuil ranníocaíocht airgeadais an Aontais chun rochtain a fháil ar iascach bunaithe ar ghníomhaíocht stairiúil chabhlach an Aontais agus ar ghníomhaíocht chabhlach an Aontais lena bhfuil coinne amach anseo sa réigiún, i bhfianaise na measúnuithe eolaíocha is nuashonraithe agus is fearr atá ar fáil;
·idirphlé a bhunú chun an beartas earnálach a threisiú d’fhonn an Ghraonlainn a spreagadh chun beartas freagrach iascaigh a chur chun feidhme, i gcomhréir lena cuspóirí dul chun cinn, go háirithe a mhéid a bhaineann le rialachas iascaigh, an comhrac in aghaidh na hiascaireachta neamhdhleathaí, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte, an rialú, faireachán agus faireachas ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, agus comhairle eolaíoch;
·an fás agus an fhostaíocht atá nasctha le gníomhaíocht mhuirí a chur chun cinn, agus coinbhinsiúin ábhartha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair á gcur san áireamh;
·clásal a chur san áireamh maidir leis na hiarmhairtí a bhaineann le sárú a dhéanamh ar chearta an duine agus ar phrionsabail dhaonlathacha.
–Ba cheart clásal maidir le cur i bhfeidhm sealadach an phrótacail a bheith sa phrótacal nua chun nach gcuirfear isteach ar ghníomhaíochtaí iascaireachta.
–Go háirithe, ba cheart an méid seo a leanas a shainiú sa phrótacal:
·na deiseanna iascaireachta, de réir catagóire, atá le deonú do shoithí an Aontais;
·an cúiteamh airgeadais agus na coinníollacha maidir le híoc an chúitimh sin; agus
·na sásraí chun tacaíocht earnála a chur chun feidhme go héifeachtach agus chun faireachán éifeachtach a dhéanamh uirthi.