AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,30.4.2024
COM(2024) 183 final
2024/0098(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/2124 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2023 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CGIM (An Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Is é is cuspóir don togra seo na bearta caomhnúcháin agus bainistíochta iascaigh a ghlac an Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CGIM) in 2021 agus in 2022 a chur chun feidhme i ndlí an Aontais, Coimisiún a bhfuil an tAontas Eorpach ina pháirtí conarthach ann ó bhí 1998 ann. Cuireadh an chéad chur chun feidhme ar bhearta CGIM i gcrích le Rialachán (AE) 1343/2011, a leasaíodh le Rialachán (AE) 2015/2102 agus Rialachán (AE) 2019/982. Toisc go ndearnadh Rialachán (AE) 1343/2011 a leasú go substaintiúil roinnt uaireanta agus go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh, rinneadh é a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht, simpliú agus deimhneacht dhlíthiúil in 2023, trí bhíthin Rialachán (AE) 2023/2124. Leis an togra seo cuirfear isteach tuilleadh leasuithe i Rialachán (AE) 2023/2124. Leis na leasuithe breise sin déantar bearta CGIM breise a thrasuí.
Is é CGIM an eagraíocht réigiúnach bainistithe iascaigh atá freagrach as na hacmhainní iascaigh sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh a bhainistiú. Is iad na príomhchuspóirí atá aige an méid seo a leanas a chur chun cinn: (i) forbairt, caomhnú, bainistiú réasúnach agus scothúsáid beo-acmhainní muirí sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh agus (ii) forbairt inbhuanaithe an dobharshaothraithe sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh. Tá an tAontas, chomh maith le 10 mBallstát (an Bhulgáir, an Chróit, an Chipir, an Fhrainc, an Ghréig, an Iodáil, Málta, an tSlóivéin, an Spáinn agus an Rómáin) ina bpáirtithe conarthacha i gComhaontú CGIM.
Tá an t‑údarás ag CGIM cinntí éigeantacha (‘moltaí’) maidir le caomhnú agus bainistiú iascaigh a ghlacadh ina réimse inniúlachta. Is ar Pháirtithe Conarthacha CGIM atá na gníomhartha sin dírithe ach d’fhéadfaí oibleagáidí ar oibreoirí (e.g. máistrí soithigh) a bheith iontu chomh maith. Bíonn na moltaí CGIM ina gceangal laistigh de 120 lá ón dáta a thugtar fógra fúthu den chéad uair, mura ndéantar aon agóid ina leith. Tá sé de dhualgas ar an Aontas a áirithiú go gcomhlíonfar na bearta sin mar oibleagáidí idirnáisiúnta a luaithe a thagann siad i bhfeidhm.
Rud atá tábhachtach, déantar foráil leis an togra seo maidir le cumhachtaí tarmligthe a dheonaítear don Choimisiún faoi Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), chun a áirithiú go leanfaidh an tAontas dá oibleagáidí faoi Chomhaontú CGIM a chomhlíonadh.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Sa mhéid nach gcumhdaítear cinntí CGIM a glacadh in 2021 agus 2022 go fóill le dlí an Aontais atá ann cheana, ní mór cinntí den sórt sin a chur chun feidhme i gcóras dlí an Aontais chun a áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm iad ar bhealach aonfhoirmeach agus éifeachtach ar fud an Aontais.
Rud atá tábhachtach, leis an togra seo déantar breithniú ar Rialachán (AE) 2019/1241. Saothraíonn sé na cuspóirí a leagtar amach sa chomhbheartas iascaigh athchóirithe agus cuirfear i bhfeidhm é gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 43(2) CFAE ina leagtar amach na forálacha is gá chun cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh athchóirithe a bhaint amach.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Tagann an togra seo faoi inniúlacht eisiach an Aontais (Airteagal 3(1)(d) CFAE). Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.
•Comhréireacht
Áiritheofar leis an togra seo go bhfuil dlí an Aontais i gcomhréir leis na hoibleagáidí idirnáisiúnta arna nglacadh ag CGIM, a bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach ann. Leis an togra cuirtear chun feidhme a bhfuil riachtanach chun an cuspóir inmhianaithe a bhaint amach, gan níos mó ná sin a dhéanamh.
•An rogha ionstraime
Is Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán atá ann cheana í an ionstraim atá roghnaithe. Cuirtear san áireamh sa rogha ionstraime seo cuspóirí an chomhbheartais iascaigh athchóirithe, chomh maith leis na hoibleagáidí idirnáisiúnta eile a ghabh an tAontas air féin.
Is éard atá sa togra seo an cúigiú cur chun feidhme de mholtaí CGIM i ndlí an Aontais.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Is é is cuspóir don togra seo bearta CGIM atá ann cheana, agus atá ceangailteach ar na Páirtithe Conarthacha, a chur chun feidhme. Chuathas i gcomhairle le saineolaithe náisiúnta agus le hionadaithe tionscail ó Bhallstáit an Aontais sa tréimhse díreach roimh an gcaibidlíocht ag an 44ú agus ag an 45ú Seisiún Bliantúil de CGIM agus lena linn. Dá dheasca sin, níor measadh go raibh sé riachtanach comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara a reáchtáil maidir leis an rialachán seo.
•Bailiú agus úsáid saineolais
•Measúnú tionchair
Tá bearta a ghlacann CGIM bunaithe ar an gcomhairle arna soláthar ag a Choiste Comhairleach Eolaíoch. Ní dhéanfar measúnú tionchair breise, toisc nach leagfar síos aon bheartas nua ar méadú é ar bhearta CGIM agus nach meastar go dtiocfaidh aon tionchar suntasach nua as an gcur chun feidhme.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Níl aon bhaint ag an togra seo le REFIT.
•Cearta bunúsacha
Níl aon iarmhairt ag an togra seo maidir le cosaint na gceart bunúsach atá ag saoránaigh na hEorpa.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
•Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Leis an togra seo tabharfar aghaidh ar shaincheisteanna a bhaineann leis na nithe seo a leanas: (i) caomhnú agus bainistiú inbhuanaithe iascach, agus (ii) tionchar gníomhaíochtaí iascaireachta ar speicis mhuirí áirithe i limistéir na Meánmhara agus na Mara Duibhe.
Ina theannta sin, tá bearta teicniúla sa togra seo le haghaidh na nithe seo a leanas: (i) saothrú inbhuanaithe eascann Eorpach agus coiréalaigh dheirg i limistéar Chomhaontú CGIM; (ii), laghdú gabhálacha éanlaithe mara, turtar mara agus céiticeach de thaisme i limistéar Chomhaontú CIGM; agus (iii) caomhnú rónta manaigh, siorcanna agus roc i limistéar Chomhaontú CGIM. Leis an togra freisin: (i) cuirtear chun feidhme i ndlí an Aontais bearta áirithe maidir le hiascaigh le haghaidh stoic pheiligeacha bheaga i Muir Aidriad; (ii) tugtar isteach forálacha nua maidir le saláin agus fíogaigh ghobacha sa Mhuir Dhubh; agus (iii) tugtar isteach dhá chaibidil nua maidir le trasloingsithe agus iascaigh áineasa i limistéar CGIM.
2024/0098 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/2124 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2023 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CGIM (An Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Leis an gComhaontú maidir le bunú an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir (‘Comhaontú CGIM’) soláthraítear creat iomchuí do chomhar iltaobhach chun forbairt, caomhnú, bainistiú réasúnach agus scothúsáid acmhainní beo muirí a chur chun cinn sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh ar leibhéil a meastar ina leith go bhfuil siad inbhuanaithe agus go bhfuil riosca íseal ann go gclisfidh siad.
(2)Tá an tAontas Eorpach, chomh maith leis an mBulgáir, leis an gCipir, leis an gCróit, leis an bhFrainc, leis an nGréig, leis an Iodáil, le Málta, leis an Rómáin, leis an tSlóivéin, agus leis an Spáinn, ina bpáirtithe conarthacha i gComhaontú CGIM.
(3)Maidir leis na moltaí arna nglacadh ag an gCoimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CGIM), tá siad ina gceangal ar a pháirtithe conarthacha. Tá na moltaí sin ina gceangal ar an Aontas agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a chur chun feidhme i ndlí an Aontais mura bhfuil a n‑inneachar faoi chumhdach leis an dlí sin cheana féin. Tá an tAontas le deimhniú go mbunófar gníomhaíochtaí iascaireachta an Aontais lasmuigh d’uiscí an Aontais ar na prionsabail agus na caighdeáin chéanna is infheidhme faoi dhlí an Aontais, agus iomaíocht chóir á cur chun cinn aige idir oibreoirí Aontais agus oibreoirí ó thríú tíortha.
(4)Ar na cúiseanna sin agus ós rud é, de bharr chineál buan na moltaí, go bhfuil gá le hionstraim bhuan dhlíthiúil a bheith ann chun iad a chur chun feidhme i ndlí an Aontais, is iomchuí go ndéantar na moltaí sin a chur chun feidhme trí bhíthin gníomh reachtach, lena n‑áiritheofar soiléireacht dhlíthiúil agus intuarthacht d’oibreoirí an Aontais in uiscí a chumhdaítear le CGIM.
(5)Le Rialachán (AE) 2023/2124 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leagtar síos forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir (‘CGIM’). Is é an gníomh reachtach é le haghaidh moltaí CGIM a chur chun feidhme.
(6)Leis an Rialachán seo ba cheart na bearta a leagtar síos sna moltaí seo a leanas nach gcumhdaítear go fóill le dlí an Aontais a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.
(7)Ag a sheisiún bliantúil in 2021, ghlac CGIM Moladh CGIM/44/2021/2 maidir le bunú limistéir shrianta iascaigh in Jabuka/Pomo Pit i Muir Aidriad, lena leasaítear Moladh CGIM/41/2017/3 agus Moladh CGIM/44/2021/5 maidir le bunú limistéir shrianta iascaigh i Murascaill an Leoin chun comhbhailiúcháin d’éisc sceite agus gnáthóga íogaire domhainfharraige a chosaint, lena n‑aisghairtear Moladh CGIM/33/2009/1.
(8)Ag a sheisiún bliantúil in 2021, ghlac CGIM Moladh CGIM/44/2021/9 freisin maidir le bearta bainistíochta i dtaca le saothrú inbhuanaithe salán sa Mhuir Dhubh agus Moladh CGIM/44/2021/10 maidir le bearta bainistíochta i dtaca le hiascach inbhuanaithe fíogach gobach sa Mhuir Dhubh.
(9)Ag a sheisiún bliantúil in 2021, ghlac CGIM Moladh CGIM/44/2021/13 freisin maidir le maolú ar thionchair iascach i dtaca le héanlaithe mara sa Mheánmhuir a chaomhnú, Moladh CGIM/44/2021/14 maidir le maolú ar thionchair iascach i dtaca le turtair mhara a chaomhnú, Moladh CGIM/44/2021/15 maidir le maolú ar thionchair iascach i dtaca le céiticigh a chaomhnú agus Moladh CGIM/44/2021/16 maidir le bearta maolúcháin breise i dtaca le healásmabrainciaigh sa Mheánmhuir a chaomhnú.
(10)Ag a sheisiún bliantúil in 2021, ghlac CGIM Moladh CGIM/44/2021/17 freisin i ndáil le scéim deimhnithe gabhála le haghaidh turbard sa Mhuir Dhubh.
(11)Ag a sheisiún bliantúil in 2021, ghlac CGIM Moladh CGIM/44/2021/19 freisin maidir le bunú liosta soithí a meastar go raibh iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte ar bun acu, lena n‑aisghairtear Moladh CGIM/43/2019/8. Ní chumhdaítear ach go páirteach ábhar an mholta sin le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle.
(12)Ag a sheisiún bliantúil in 2021, ghlac CGIM Moladh CGIM/44/2021/20 freisin maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil um shaothrú inbhuanaithe stoc peiligeach beag sa Mhuir Aidriad.
(13)Ag a sheisiún bliantúil in 2022, ghlac CGIM Moladh CGIM/45/2022/1 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil le haghaidh eascanna Eorpacha sa Mheánmhuir, lena leasaítear Moladh CGIM/42/2018/1.
(14)Ag a sheisiún bliantúil in 2022, ghlac CGIM Moladh CGIM/45/2022/2 freisin maidir le plean bainistíochta um shaothrú inbhuanaithe an choiréalaigh dheirg sa Mheánmhuir, lena leasaítear Moladh CGIM/43/2019/4.
(15)Ag a sheisiún bliantúil in 2022, ghlac CGIM Moladh CGIM/45/2022/3 freisin maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil um shaothrú inbhuanaithe deargán i Muir Alboran, lena n‑aisghairtear Moltaí CGIM/44/2021/4, CGIM/43/2019/2 agus CGIM/41/2017/2.
(16)Ag a sheisiún bliantúil in 2022, ghlac CGIM Moladh CGIM/45/2022/4 freisin maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil um shaothrú inbhuanaithe stoc grinnill i gCaolas na Sicile, lena n‑aisghairtear Moltaí CGIM/44/2021/12 agus CGIM/42/2018/5.
(17)Ag a sheisiún bliantúil in 2022, ghlac CGIM Moladh CGIM/45/2022/5 freisin maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil um shaothrú inbhuanaithe stoc séaclaí móra dearga agus séaclaí gorma agus dearga i gCaolas na Sicile, lena n‑aisghairtear Moltaí CGIM/44/2021/7 agus CGIM/43/2019/6.
(18)Ag a sheisiún bliantúil in 2022, ghlac CGIM Moladh CGIM/45/2022/6 freisin maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil um shaothrú inbhuanaithe stoc séaclaí móra dearga agus séaclaí gorma agus dearga sa Mhuir Iónach, lena n‑aisghairtear Moltaí CGIM/44/2021/8 agus CGIM/42/2018/4.
(19)Ag a sheisiún bliantúil in 2022, ghlac CGIM Moladh CGIM/45/2022/7 freisin maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil um iascaigh tráil ghrinnill inbhuanaithe a bhíonn ag díriú ar shéaclaí móra dearga agus ar shéaclaí gorma agus dearga i Muir na Leiveainte, lena n‑aisghairtear Moladh CGIM/42/2018/3.
(20)Ag a sheisiún bliantúil in 2022, ghlac CGIM Moladh CGIM/45/2022/12 maidir le sraith rialacha íosta a bhunú le haghaidh iascaigh áineasa inbhuanaithe sa Mheánmhuir.
(21)Ag a sheisiún bliantúil in 2022, ghlac CGIM Moladh CGIM/45/2022/11 freisin maidir le sraith caighdeán íosta a bhunú le haghaidh limistéir shrianta iascaigh i limistéar chur i bhfeidhm CGIM.
(22)Ag a sheisiún bliantúil in 2022, ghlac CGIM Moladh CGIM/45/2022/14 freisin maidir le rialáil trasloingsithe i limistéar chur i bhfeidhm CGIM.
(23)Ag a sheisiún bliantúil in 2022, ghlac CGIM Moladh CGIM/45/2022/15 agus Moladh CGIM/45/2022/16 freisin maidir le scéimeanna cigireachta agus faireachais comhpháirteacha idirnáisiúnta lasmuigh de na huiscí atá faoi dhlínse náisiúnta i gCaolas na Sicile agus sa Mhuir Iónach.
(24)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus thug sé tuairim uaidh an [dáta].
(25)Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun coinníollacha comhionanna a áirithiú do chur chun feidhme fhorálacha an Rialacháin seo maidir le comhar agus malartú faisnéise le Rúnaíocht CGIM agus maidir le formáid agus tarchur na n‑iarratas maidir le laethanta a thabhairt ar aghaidh mar gheall ar dhrochaimsir sa séasúr coiscthe d’iascaigh dorád agus an tuarascáil ar an tabhairt ar aghaidh sin; agus an tuarascáil i gcomhthéacs sonraí a bhailiú i ndáil le hiascaigh dorád. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(26)Chun a áirithiú go leanfaidh an tAontas dá oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Chomhaontú CGIM, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na leasuithe sin, atá tagtha chun bheith ina gceangal ar an Aontas, a chur chun feidhme i ndlí an Aontais ar na bearta CGIM atá curtha chun feidhme cheana féin i ndlí an Aontais maidir le tarchur liosta na soithí atá údaraithe lena n‑áireamh i gclár CGIM chuig Rúnaíocht CGIM, na maoluithe ar bhearta caomhnúcháin i ndáil leis an gcoiréalach dearg; cur chun feidhme na Buanscéime Doiciméadaithe um Ghabháil (CDS) i ndáil leis an gcoiréalach dearg agus leis an turbard; bearta arna ndéanamh ag stát an chalafoirt; tábla, léarscáil agus comhordanáidí geografacha fho-limistéir gheografacha CGIM; nósanna imeachta cigireachta arna ndéanamh ag stát an chalafoirt maidir le soithí; dearbhuithe trasloingsithe; tuairisc amhairc agus maitrísí staidrimh CGIM. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go ndéanfadh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí a chur i gcrích le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na doiciméid uile a fháil an tráth céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus ba cheart rochtain chórasach a bheith ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(27)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2023/2124 a leasú dá réir sin.
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 2023/2124
Leasaítear Rialachán (AE) 2023/2124 mar a leanas:
(1) Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:
‘Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas i dteannta na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle, Airteagal 2, pointí (1) go (4), de Rialachán (AE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle, agus Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, Airteagal 2, pointí (1) go (13), de Rialachán (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle’;
(b) cuirtear isteach na pointí seo a leanas:
‘(9)
Ciallaíonn “limistéar srianta iascaigh” limistéar a shainítear go geografach ina bhfuil toirmeasc nó srian sealadach ar roinnt gníomhaíochtaí iascaireachta sonracha chun feabhas a chur ar chaomhnú agus
úsáid inbhuanaithe acmhainní bitheolaíocha na mara i limistéar chur i bhfeidhm CGIM.
(10)
Ciallaíonn “láthair tabhairt i dtír a ainmnítear” calafoirt, nó áiteanna gar don chladach, críochfoirt amach ón gcósta agus suiteálacha eile chun soithí iascaireachta a thabhairt i dtír, a thrasloingsiú, a phacáistiú, a phróiseáil, a athbhreoslú nó a athsholáthar, i gcás ina gceadaítear teacht i dtír, trasloingsithe, oibríochtaí pacáistithe agus/nó próiseála táirgí iascaigh, arna n‑ainmniú ag na páirtithe conarthacha agus páirtithe comhoibríocha neamhchonarthacha i gcomhréir le Moladh CGIM/40/2016/1 i ndáil le scéim réigiúnach maidir le bearta stát an chalafoirt chun gníomhaíochtaí iascaireachta neamhdhleathacha, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte i limistéar chur i bhfeidhm CGIM a chomhrac;
(11)
Ciallaíonn “deimhniú gabhála” doiciméad oifigiúil a ghabhann le coinsíneacht agus atá bailíochtaithe ag an údarás inniúil, lena gceadaítear faisnéis chruinn infhíoraithe a chur ar aghaidh a bhaineann le héisc ar fud an tslabhra soláthair;
(12)
Ciallaíonn “scéim doiciméadaithe um ghabháil” nó “CDS” córas a bunaíodh i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta ábhartha, a bhfuil sé de phríomhchuspóir aige cuidiú le cinneadh a dhéanamh, ar fud an tslabhra soláthair, maidir le cé acu atá nó nach bhfuil an t‑iasc de thionscnamh gabhálacha atá i gcomhréir le bearta caomhnúcháin náisiúnta, réigiúnacha agus idirnáisiúnta is infheidhme.’
(2) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:
‘Airteagal 4
Raon feidhme
Tá feidhm ag an gCaibidil seo maidir le gach gníomhaíocht iascaireachta ina ngabhtar an eascann Eorpach (Anguilla anguilla), is é sin iascaigh spriocdhírithe, theagmhasacha agus áineasa, in uiscí uile na Meánmhara dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I, lena n‑áirítear fionnuiscí agus uiscí trasdultacha agus goirt, amhail murlaigh agus inbhir.’
(3) cuirtear isteach an tAirteagal 12a seo a leanas idir Airteagal 12 agus Airteagal 13:
‘Airteagal 12a
Iascach áineasa
Áiritheoidh na Ballstáit go dtoirmisctear iascaireacht áineasa ar eascanna Eorpacha (gloine, buí, geala) ag gach céim dá saolré i ngach gnáthóg.’ ;
(4) cuirtear isteach an tAirteagal 14 a seo a leanas idir Airteagal 14 agus Airteagal 15:
‘Airteagal 14a
Bearta bainistithe cabhlach
Áiritheoidh na Ballstáit nach rachaidh acmhainneacht fhoriomlán cabhlaigh nó iarracht iascaireachta na gcabhlach a oibríonn le tráil ghrinnill a dhéanann iascaireacht ghníomhach ar phríomhstoic i dtéarmaí olltonnáiste (GT) agus/nó olltonnáiste cláraithe (GRT), cumhacht innill (kW) agus líon soithí, mar a thaifeadtar i gcláir náisiúnta agus CGIM araon, thar an líon soithí nó an iarracht iascaireachta le haghaidh trálaeir otair a dhéanann iascaireacht ar shéaclaí domhainmhara le linn na mblianta 2014-2017 nó thar thréimhse 3 bliana as a chéile amhail 2015-2018 ar choinníoll nach féidir an méadú a bheith níos mó ná 50 % i leith tréimhse thagartha 2014-2017.’;
(5) Leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún, faoin 15 Márta gach bliain, liosta de na soithí iascaireachta uile atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar na speicis a liostaítear in Airteagal 13, agus a dhéanann iascaireacht ghníomhach ar na speicis sin i mbliain ar leith. Tarchuirfidh an Coimisiún an liosta sin chuig Rúnaíocht CGIM faoin 31 Márta gach bliain. Áireofar sa liosta sin, i gcás gach soithigh, an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII.’;
(b) cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
‘4. Ní cheadófar do shoithí a oibríonn le tráil otair faoi raon feidhme na roinne seo gníomhaíochtaí iascaireachta sonracha a dhéanamh ach amháin i gcás ina sonraítear na gníomhaíochtaí sin in údarú iascaireachta bailí a eiseoidh na húdaráis inniúla.’;
(6) in Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:
‘(3) Gabháil iomlán agus ábhar muirí aischurtha’;
(7) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17:
‘Airteagal 17
Srianta breise spásúla nó ama
1. Trálaeir ghrinnill atá spriocdhírithe ar chomhbhailiúcháin sceite de shéaclaí dearga domhainmhara, stopfaidh siad d’iascaireacht a dhéanamh ar feadh 30 lá as a chéile idir mí an Mhárta agus mí na Nollag.
2. Cuirfidh na Ballstáit na srianta ama sin in iúl don Choimisiún faoin 30 Bealtaine gach bliain. Tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht CGIM faoin 30 Meitheamh gach bliain.’;
(8) in Airteagal 18 cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
‘Gan dochar d’Airteagal 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009[?], déanfaidh na Ballstáit faireachán ar thomhaltas na dteorainneacha gabhála agus, faoin gcúigiú lá déag de gach mí le haghaidh na míosa roimhe sin, cuirfidh siad in iúl don Choimisiún tuarascálacha maidir le gabhálacha, ag tosú ón dáta ar a mbeidh 80 faoin gcéad [?] den chuóta sonrach ídithe.
Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin in iúl do Rúnaíocht CGIM gan mhoill.
Nuair a bhaintear amach an teorainn ghabhála, toirmiscfidh an Ballstát lena mbaineann aon ghabháil eile de na príomhstoic.’;
(9) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20:
‘Airteagal 20
Córas um fhaireachán soithí
D’ainneoin Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, maidir leis na soithí uile ar mó ná 12 mhéadar a bhfad foriomlán (LOA) a dhéanann iascaireacht ghníomhach faoi raon feidhme na roinne seo, beidh siad feistithe le córas saitilítbhunaithe um fhaireachán soithí (VMS).
Go dtí an 8 Eanáir 2026, féadfaidh na Ballstáit soithí is lú ná 15 mhéadar a cheadú maolú ar an gcéad mhír má oibríonn siad go heisiach laistigh d’fharraigí teorann an Bhallstáit nó/agus mura mbíonn siad riamh níos mó ná 24 uair an chloig ar muir ón am imeachta go dtí filleadh ar an gcalafort.
Tuairisceoidh na Ballstáit láithreach don Choimisiún na maoluithe a deonaíodh i gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Rialachán 1224/2009 chomh maith leis na modhanna rialaithe eile a úsáidtear chun faireachán a dhéanamh ar na soithí sin. Tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht CGIM gan mhoill.’;
(10) cuirtear isteach an tAirteagal 21 a seo a leanas idir Airteagal 21 agus Airteagal 22:
‘Airteagal 21a
Bearta bainistithe iascaigh nó pleananna bainistíochta náisiúnta
1. Déanfaidh na Ballstáit bearta bainistithe iascach nó pleananna bainistíochta náisiúnta faoi raon feidhme na roinne seo chun a áirithiú go ndéanfaidh leibhéil saothraithe de shéaclaí móra dearga agus de shéaclaí gorma agus dearga an uastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach agus a choinneáil ar bun.
2. Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún, faoin 15 Aibreán gach bliain, na bearta bainistíochta nó na pleananna bainistíochta náisiúnta a glacadh agus aon mhodhnú a dhéanfar ar na bearta nó ar na pleananna sin. Tarchuirfidh an Coimisiún na bearta nó pleananna sin agus athruithe orthu chuig Rúnaíocht CGIM faoin 30 Aibreán gach bliain.’;
(11) cuirtear isteach an tAirteagal 23a seo a leanas idir Airteagal 23 agus Airteagal 24:
‘Airteagal 23a
Bearta bainistithe cabhlach
Áiritheoidh na Ballstáit nach rachaidh an acmhainneacht cabhlaigh iascaireachta fhoriomlán i dtéarmaí olltonnáiste (GT) agus/nó olltonnáiste cláraithe (GRT), cumhacht innill (kW) agus líon soithí, mar a thaifeadtar i gcláir náisiúnta agus CGIM araon, thar an acmhainneacht cabhlaigh iascaireachta le haghaidh trálaeir otair a dhéanann iascaireacht ar shéaclaí domhainmhara sa bhliain 2019.
(12) Leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún, faoin 15 Márta gach bliain, liosta de na soithí iascaireachta uile faoina mbratach atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar na speicis a liostaítear in Airteagal 22, agus a dhéanann iascaireacht ghníomhach ar na speicis sin i mbliain ar leith. Tarchuirfidh an Coimisiún an liosta sin chuig Rúnaíocht CGIM faoin 31 Márta gach bliain. Áireofar sa liosta sin, i gcás gach soithigh, an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII.’;
(b) cuirtear an mhír 4 seo a leanas isteach:
‘4. Ní cheadófar do shoithí a oibríonn le tráil otair faoi raon feidhme na roinne seo gníomhaíochtaí iascaireachta sonracha a dhéanamh ach amháin i gcás ina sonraítear na gníomhaíochtaí sin in údarú iascaireachta bailí a eiseoidh na húdaráis inniúla.’;
(13) in Airteagal 25, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:
‘(3) Gabháil iomlán agus ábhar muirí aischurtha.’;
(14) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 26:
‘Airteagal 26
Srianta ama
‘1. Trálaeir ghrinnill atá spriocdhírithe ar chomhbhailiúcháin sceite de shéaclaí dearga domhainmhara, stopfaidh siad d’iascaireacht a dhéanamh ar feadh 30 lá as a chéile idir mí an Mhárta agus mí na Nollag.
2. Cuirfidh na Ballstáit na srianta ama sin in iúl don Choimisiún faoin 30 Bealtaine gach bliain. Tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht CGIM faoin 30 Meitheamh gach bliain.’;
(15) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27:
‘Airteagal 27
Oibleagáidí tuairiscithe
1.D’ainneoin Airteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, dearbhóidh iascairí nó máistrí soithí iascaireachta údaraithe a dhéanann iascaireacht ghníomhach faoi raon feidhme na roinne seo gach gabháil agus foghabháil de shéaclaí móra dearga agus de shéaclaí gorma agus dearga, beag beann ar bheomheáchan na gabhála.
2.Gan dochar d’Airteagal 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, déanfaidh na Ballstáit faireachán ar thomhaltas na dteorainneacha gabhála, mar a leanas: ag tosú ón dáta ar a mbeidh 80 faoin gcéad den chuóta ídithe, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann in iúl don Choimisiún tuarascálacha míosúla maidir le gabháil. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin in iúl do Rúnaíocht CGIM gan mhoill. Seolfar tuarascáil den sórt sin faoin gcúigiú lá déag den mhí le haghaidh na míosa roimhe sin. Nuair a bhaintear amach an teorainn ghabhála, toirmiscfidh an Ballstát aon ghabháil eile de na príomhstoic.’;
(16) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 29:
‘Airteagal 29
Córas um fhaireachán soithí
D’ainneoin Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, maidir leis na soithí uile ar mó ná 12 mhéadar a bhfad foriomlán (LOA) a dhéanann iascaireacht ghníomhach faoi raon feidhme na roinne seo, beidh siad feistithe le córas saitilítbhunaithe um fhaireachán soithí (VMS).
Go dtí an 8 Eanáir 2026, féadfaidh na Ballstáit maolú a dheonú ar shoithí is lú ná 15 mhéadar ar an riail sa chéad mhír má oibríonn siad go heisiach laistigh d’fharraigí teorann an Bhallstáit sin nó mura mbíonn siad riamh níos mó ná 24 uair an chloig ar muir ón am imeachta go dtí filleadh ar an gcalafort. Tuairisceoidh na Ballstáit láithreach don Choimisiún na maoluithe a deonaíodh i gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Rialachán (CE) 1224/2009 chomh maith leis na modhanna rialaithe eile a úsáidtear chun faireachán a dhéanamh ar na soithí sin. Tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht CGIM gan mhoill.
(17) cuirtear na hAirteagail 30a, 30b, 30c agus 30d seo a leanas isteach idir Airteagal 30 agus Airteagal 31:
‘Airteagal 30a
Bearta bainistithe iascaigh nó pleananna bainistíochta náisiúnta
1. Déanfaidh na Ballstáit bearta bainistithe iascach nó pleananna bainistíochta náisiúnta faoi raon feidhme na roinne seo chun a áirithiú go ndéanfaidh leibhéil saothraithe de shéaclaí móra dearga agus de shéaclaí gorma agus dearga an uastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach agus a choinneáil ar bun.
2. Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún, faoin 15 Aibreán gach bliain, na bearta bainistíochta nó na pleananna bainistíochta náisiúnta a glacadh agus aon mhodhnú a dhéanfar ar na bearta nó ar na pleananna sin. Tarchuirfidh an Coimisiún na bearta nó pleananna sin agus athruithe orthu chuig Rúnaíocht CGIM faoin 30 Aibreán gach bliain.
Airteagal 30b
Scéim Cigireachta agus Faireachais Chomhpháirteach Idirnáisiúnta
1. Féadfaidh na Ballstáit gníomhaíochtaí cigireachta agus faireachais a dhéanamh faoi raon feidhme na roinne seo faoi chuimsiú Scéim Cigireachta agus Faireachais Chomhpháirteach Idirnáisiúnta (‘an Scéim’) lena gcumhdaítear na huiscí atá lasmuigh de dhlínse náisiúnta i bhfo-limistéir gheografacha CGIM 19, 20 agus 21 (An Mhuir Iónach), mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I (‘an limistéar cigireachta agus faireachais’).
2. Féadfaidh na Ballstáit cigirí agus modhanna cigireachta a shannadh agus féadfaidh siad cigireachtaí a dhéanamh faoin Scéim. Féadfaidh an Coimisiún nó comhlacht arna ainmniú aige cigirí de chuid an Aontais a shannadh freisin don Scéim.
3. Comhordóidh an Coimisiún nó comhlacht arna ainmniú aige na gníomhaíochtaí faireachais agus cigireachta don Aontas agus féadfaidh sé, i gcomhar leis na Ballstáit lena mbaineann, plean comhpháirteach imscartha a tharraingt suas chun é a chur ar a chumas don Aontas a oibleagáid faoin Scéim a chomhlíonadh. Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun cur chun feidhme na bpleananna sin a éascú, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na hacmhainní daonna agus ábhartha is gá agus maidir leis na tréimhsí agus na limistéir gheografacha ina n‑úsáidfear na hacmhainní sin.
4. Tabharfaidh gach Ballstát, faoin 15 Samhain gach bliain, fógra don Choimisiún, nó do chomhlacht arna ainmniú aige, faoi liosta ainmneacha na gcigirí atá údaraithe cigireacht agus faireachas a dhéanamh sa limistéar dá dtagraítear i mír 1, mar aon le hainmneacha na soithí agus na n‑aerárthaí a úsáidtear le haghaidh cigireachta agus faireachais a bhfuil sé beartaithe acu iad a shannadh don Scéim don bhliain dár gcionn. Seolfaidh an Coimisiún nó comhlacht arna ainmniú aige an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht CGIM faoin 1 Nollaig gach bliain nó a luaithe is féidir sula gcuirfear tús le gníomhaíochtaí cigireachta.
5. Beidh i seilbh cigirí atá sannta don Scéim cárta cigire CGIM arna eisiúint ag na húdaráis inniúla, a bheidh san fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.
6. Beidh bratach nó bratainn speisialta, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V, ar foluain ar shoithí agus dualgais bhordála agus chigireachta á ndéanamh acu.
7. Áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfaidh gach ardán cigireachta atá i dteideal a bhratach a chur ar foluain agus atá ag oibriú sa limistéar dá dtagraítear i mír 1 teagmháil shábháilte, go laethúil nuair is féidir, le gach ardán cigireachta eile atá ag feidhmiú sa limistéar sin chun an fhaisnéis is gá le haghaidh comhordú gníomhaíochtaí a mhalartú.
8. Tabharfaidh gach Ballstát, a bhfuil láithreacht aige sa limistéar chun cigireacht nó faireachas a dhéanamh dá dtagraítear i mír 1, liosta amharc a bhunaítear i gcomhréir le hIarscríbhinn VII, liosta bordála agus liosta cigireachtaí a rinne sé sa tréimhse 10 lá roimhe sin, lena n‑áirítear dátaí, comhordanáidí agus aon fhaisnéis ábhartha eile, do gach ardán cigireachta ar theacht isteach sa limistéar sin dó.
Airteagal 30c
Cigireachtaí a dhéanamh
1. Déanfaidh cigirí atá sannta don Scéim an méid seo a leanas:
(a) fógra a thabhairt don soitheach iascaireachta roimh bhordáil dóibh faoi ainm an tsoithigh cigireachta;
(b) an bhratainn a bhfuil tuairisc uirthi in Iarscríbhinn V a chur ar taispeáint ar an soitheach cigireachta agus ar an soitheach bordála;
(c) gach foireann cigireachta a theorannú do thriúr cigirí ar a mhéad.
2. Ag dul ar bord an tsoithigh dóibh, taispeánfaidh na cigirí an cárta aitheantais a bhfuil tuairisc air in Iarscríbhinn IV do mháistir an tsoithigh iascaireachta. Déanfar cigireachtaí i gceann de theangacha oifigiúla CGIM agus, i gcás inar féidir, sa teanga a labhraíonn máistir an tsoithigh iascaireachta.
3. Tarraingeoidh cigirí suas tuarascáil ar an gcigireacht san fhormáid a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.
4. Síneoidh cigirí an tuarascáil i láthair mháistir an tsoithigh agus beidh an máistir sin i dteideal aon bharúil a chur leis an tuarascáil a mheasann sé a bheith oiriúnach agus ní mór dó na barúlacha sin a shíniú freisin.
5. Tabharfar cóipeanna den tuarascáil do mháistir an tsoithigh agus d’údaráis na buíne cigireachta, agus tarchuirfidh siad cóipeanna chuig údaráis Stát brataí an tsoithigh ar a ndearnadh cigireacht agus chuig an gCoimisiún agus/nó chuig comhlacht arna ainmniú aige. Cuirfidh an Coimisiún an chóip ar aghaidh chuig Rúnaíocht CGIM.
6. Déanfaidh oifigeach ceannais an tsoithigh cigireachta méid na buíne cigireachta agus tréimhse na cigireachta a shocrú agus na cúinsí ábhartha uile á gcur san áireamh aige.
Airteagal 30d
Sáruithe
1. Chun críocha an Airteagail seo, measfar gur sáruithe iad na gníomhaíochtaí seo a leanas:
(a)
na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointí (a), (b), (c), (e), (f), (g) agus (h) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008;
(b)
cur isteach ar chóras faireacháin satailíte; agus
(c)
oibriú gan VMS.
2. I gcás ina ndéantar aon bhordáil nó cigireacht ar shoitheach iascaireachta agus ina mbraitheann na cigirí sárú lena linn sin, cuirfidh údaráis Bhallstát brataí an tsoithigh cigireachta an Coimisiún, nó comhlacht arna ainmniú aige, ar an eolas faoi láithreach, agus tabharfaidh sé fógra do Bhallstát brataí an tsoithigh iascaireachta ar a ndearnadh cigireacht go díreach agus trí bhíthin Rúnaíocht CGIM. Cuirfidh siad aon long chigireachta ó Bhallstát brataí an tsoithigh iascaireachta a thuigtear a bheith sa cheantar ar an eolas freisin.
3. Tar éis cigireacht ina mbraitear sárú lena linn, áiritheoidh Ballstát brataí an tsoithigh iascaireachta go gcuirfidh an soitheach iascaireachta ábhartha stop le gach gníomhaíocht iascaireachta. Ceanglóidh an Ballstát brataí ar an soitheach iascaireachta dul chuig calafort arna ainmniú aige laistigh de 72 uair an chloig, áit a gcuirfear tús le himscrúdú.
4. I gcás ina mbeidh sárú braite le linn cigireachta, déanfar na bearta agus an obair leantach a dhéanann an Ballstát brataí a fhógairt don Choimisiún nó don chomhlacht arna ainmniú aige. Cuirfidh an Coimisiún nó comhlacht arna ainmniú aige an beart agus an obair leantach a dhéanfar ar aghaidh chuig Rúnaíocht CGIM.
5. Gníomhóidh údaráis na mBallstát ar bhonn tuarascálacha cigireachta, dá dtagraítear in Airteagal 30(3), bileog faisnéise amhairc dá bhforáiltear in Iarscríbhinn VII agus ráitis a thagann as cigireachtaí doiciméadacha ó chigirí ar an gcaoi chéanna agus iad ag déanamh beart ar bhonn tuarascálacha agus ráitis ó chigirí náisiúnta.’
(18) Leasaítear Airteagal 34 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún, faoin 15 Márta gach bliain, liosta de na soithí iascaireachta uile faoina mbratach atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar na speicis a liostaítear in Airteagal 31, agus a dhéanann iascaireacht ghníomhach ar na speicis sin i mbliain ar leith. Tarchuirfidh an Coimisiún an liosta sin chuig Rúnaíocht CGIM faoin 31 Márta gach bliain. Áireofar sa liosta sin, i gcás gach soithigh, an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII.’;
(b) cuirtear an mhír 3 seo a leanas isteach:
‘3. Ní cheadófar do shoithí a oibríonn le tráil otair faoi raon feidhme na roinne seo gníomhaíochtaí iascaireachta sonracha a dhéanamh ach amháin i gcás ina sonraítear na gníomhaíochtaí sin in údarú iascaireachta bailí a eiseoidh na húdaráis inniúla.’;
(19) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 35:
‘Airteagal 35
Gníomhaíochtaí iascaireachta
1. Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún, faoin 15 Lúnasa gach bliain, tuarascáil mhionsonraithe maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta soithí iascaireachta a oibríonn faoi raon feidhme na roinne seo le haghaidh na bliana roimhe sin i bhformáid chomhiomlánaithe. Tarchuirfidh an Coimisiún an tuarascáil sin chuig Rúnaíocht CGIM faoin 31 Lúnasa gach bliain. Áireofar sa tuarascáil sin ar a laghad na nithe seo a leanas:
(1)
laethanta oibríochta;
(2)
limistéar oibríochta;
(3)
gabháil iomlán agus ábhar muirí aischurtha na bpríomhspeiceas a liostaítear in Airteagal 31.’;
(20) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 36:
‘Airteagal 36
Srianta ama
1. Trálaeir ghrinnill atá spriocdhírithe ar chomhbhailiúcháin sceite de shéaclaí dearga domhainmhara, stopfaidh siad d’iascaireacht a dhéanamh ar feadh 30 lá as a chéile idir mí an Mhárta agus mí na Nollag.
2. Cuirfidh na Ballstáit na srianta ama sin in iúl don Choimisiún faoin 30 Bealtaine gach bliain. Tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht CGIM faoin 30 Meitheamh gach bliain.’;
(21) Leasaítear Airteagal 37 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Ainmneoidh na Ballstáit láithreacha tabhairt i dtír ina ndéanfaidh na soithí a dhéanann iascaireacht ghníomhach faoi raon feidhme na roinne seo tabhairt i dtír. I gcás gach calafoirt a ainmnítear, sonróidh na Ballstáit na hamanna agus na láithreacha ina gceadófar tabhairt i dtír agus trasloingsiú.’ ;
(b) cuirtear an mhír 4 seo a leanas isteach:
‘4. Tarchuirfidh an Coimisiún chuig an gCoimisiún faoin 15 Samhain gach bliain aon athrú ar liosta na láithreacha tabhairt i dtír a ainmnítear ina bhféadfaí príomhstoic mar a liostaítear in Airteagal 31 a thabhairt i dtír. Tarchuirfidh an Coimisiún an liosta sin chuig Rúnaíocht CGIM faoin 30 Samhain gach bliain.’;
(22) cuirtear na hAirteagail 37a, 37b, 37c agus 37d seo a leanas isteach idir Airteagal 37 agus Airteagal 38:
‘Airteagal 37a
Bearta bainistithe iascaigh nó pleananna bainistíochta náisiúnta
1. Déanfaidh na Ballstáit bearta bainistithe iascach nó pleananna bainistíochta náisiúnta faoi raon feidhme na roinne seo chun a áirithiú go ndéanfaidh leibhéil saothraithe de shéaclaí móra dearga agus de shéaclaí gorma agus dearga an uastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach agus a choinneáil ar bun.
2. Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún, faoin 15 Aibreán gach bliain, na bearta bainistíochta nó na pleananna bainistíochta náisiúnta a glacadh agus aon mhodhnú a dhéanfar ar na bearta nó ar na pleananna sin. Tarchuirfidh an Coimisiún na bearta nó pleananna sin agus athruithe orthu chuig Rúnaíocht CGIM faoin 30 Aibreán gach bliain.
Airteagal 37b
Scéim Cigireachta agus Faireachais Chomhpháirteach Idirnáisiúnta
1. Féadfaidh na Ballstáit gníomhaíochtaí cigireachta agus faireachais a dhéanamh faoi raon feidhme na roinne seo faoi chuimsiú Scéim Cigireachta agus Faireachais Chomhpháirteach Idirnáisiúnta (‘an Scéim’) lena gcumhdaítear na huiscí atá lasmuigh de dhlínse náisiúnta i bhfo-limistéir gheografacha CGIM 12, 13, 14, 15 agus 16 (Caolas na Sicile), mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I (‘an limistéar cigireachta agus faireachais’).
2. Féadfaidh na Ballstáit cigirí agus modhanna cigireachta a shannadh agus féadfaidh siad cigireachtaí a dhéanamh faoin Scéim. Féadfaidh an Coimisiún nó comhlacht arna ainmniú aige cigirí de chuid an Aontais a shannadh freisin don Scéim.
3. Comhordóidh an Coimisiún nó comhlacht arna ainmniú aige na gníomhaíochtaí faireachais agus cigireachta don Aontas agus féadfaidh sé, i gcomhar leis na Ballstáit lena mbaineann, plean comhpháirteach imscartha a tharraingt suas chun é a chur ar a chumas don Aontas a oibleagáid faoin Scéim a chomhlíonadh. Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun cur chun feidhme na bpleananna sin a éascú, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na hacmhainní daonna agus ábhartha is gá agus maidir leis na tréimhsí agus na limistéir gheografacha ina n‑úsáidfear na hacmhainní sin.
4. Tabharfaidh gach Ballstát, tráth nach déanaí ná an 15 Samhain gach bliain, fógra don Choimisiún, nó do chomhlacht arna ainmniú aige, faoi liosta ainmneacha na gcigirí atá údaraithe cigireacht agus faireachas a dhéanamh sa limistéar dá dtagraítear i mír 1, mar aon le hainmneacha na soithí agus na n‑aerárthaí a úsáidtear le haghaidh cigireachta agus faireachais a bhfuil sé beartaithe acu iad a shannadh don Scéim don bhliain dár gcionn. Seolfaidh an Coimisiún nó comhlacht arna ainmniú aige an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht CGIM faoin 1 Nollaig gach bliain nó a luaithe is féidir sula gcuirfear tús le gníomhaíochtaí cigireachta.
5. Beidh i seilbh cigirí atá sannta don Scéim cárta cigire CGIM arna eisiúint ag na húdaráis inniúla, a bheidh san fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.
6. Beidh bratach nó bratainn speisialta, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V, ar foluain ar shoithí agus dualgais bhordála agus chigireachta á ndéanamh acu.
7. Áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfaidh gach ardán cigireachta atá i dteideal a bhratach a chur ar foluain agus atá ag oibriú sa limistéar dá dtagraítear i mír 1 teagmháil shábháilte, go laethúil nuair is féidir, le gach ardán cigireachta eile atá ag feidhmiú sa limistéar sin chun an fhaisnéis is gá le haghaidh comhordú gníomhaíochtaí a mhalartú.
8. Tabharfaidh gach Ballstát, a bhfuil láithreacht aige sa limistéar chun cigireacht nó faireachas a dhéanamh dá dtagraítear i mír 1, liosta amharc a bhunaítear i gcomhréir le hIarscríbhinn VII, liosta bordála agus liosta cigireachtaí a rinne sé sa tréimhse 10 lá roimhe sin, lena n‑áirítear dátaí, comhordanáidí agus aon fhaisnéis ábhartha eile, do gach ardán cigireachta ar theacht isteach sa limistéar sin dó.
Airteagal 37c
Cigireachtaí a dhéanamh
1. Déanfaidh cigirí atá sannta don Scéim an méid seo a leanas:
(a) fógra a thabhairt don soitheach iascaireachta roimh bhordáil dóibh faoi ainm an tsoithigh cigireachta;
(b) an bhratainn a bhfuil tuairisc uirthi in Iarscríbhinn V a chur ar taispeáint ar an soitheach cigireachta agus ar an soitheach bordála;
(c) gach foireann cigireachta a theorannú do thriúr cigirí ar a mhéad.
2. Ag dul ar bord an tsoithigh dóibh, taispeánfaidh na cigirí an cárta aitheantais a bhfuil tuairisc air in Iarscríbhinn IV do mháistir an tsoithigh iascaireachta. Déanfar cigireachtaí i gceann de theangacha oifigiúla CGIM agus, i gcás inar féidir, sa teanga a labhraíonn máistir an tsoithigh iascaireachta.
3. Tarraingeoidh cigirí suas tuarascáil ar an gcigireacht san fhormáid a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.
4. Síneoidh cigirí an tuarascáil i láthair mháistir an tsoithigh agus beidh an máistir sin i dteideal aon bharúil a chur leis an tuarascáil a mheasann sé a bheith oiriúnach agus ní mór dó na barúlacha sin a shíniú freisin.
5. Tabharfar cóipeanna den tuarascáil do mháistir an tsoithigh agus d’údaráis na buíne cigireachta, agus tarchuirfidh siad cóipeanna chuig údaráis Stát brataí an tsoithigh ar a ndearnadh cigireacht agus chuig an gCoimisiún agus/nó chuig comhlacht arna ainmniú aige. Cuirfidh an Coimisiún an chóip ar aghaidh chuig Rúnaíocht CGIM.
6. Déanfaidh oifigeach ceannais an tsoithigh cigireachta méid na buíne cigireachta agus tréimhse na cigireachta a shocrú agus na cúinsí ábhartha uile á gcur san áireamh aige.
Airteagal 37d
Sáruithe
1. Chun críocha an Airteagail seo, measfar gur sáruithe iad na gníomhaíochtaí seo a leanas:
(a)
na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointí (a), (b), (c), (e), (f), (g) agus (h) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008;
(b)
cur isteach ar chóras faireacháin satailíte; agus
(c)
oibriú gan VMS.
2. I gcás ina ndéantar aon bhordáil nó cigireacht ar shoitheach iascaireachta agus ina mbraitheann na cigirí sárú lena linn sin, cuirfidh údaráis Bhallstát brataí an tsoithigh cigireachta an Coimisiún, nó comhlacht arna ainmniú aige, ar an eolas faoi láithreach, agus tabharfaidh sé fógra do Bhallstát brataí an tsoithigh iascaireachta ar a ndearnadh cigireacht go díreach agus trí bhíthin Rúnaíocht CGIM. Cuirfidh siad aon long chigireachta ó Bhallstát brataí an tsoithigh iascaireachta a thuigtear a bheith sa cheantar ar an eolas freisin.
3. Tar éis cigireacht ina mbraitear sárú lena linn, áiritheoidh Ballstát brataí an tsoithigh iascaireachta go gcuirfidh an soitheach iascaireachta ábhartha stop le gach gníomhaíocht iascaireachta. Ceanglóidh an Ballstát brataí ar an soitheach iascaireachta dul chuig calafort arna ainmniú aige laistigh de 72 uair an chloig, áit a gcuirfear tús le himscrúdú.
4. I gcás ina mbeidh sárú braite le linn cigireachta, déanfar na bearta agus an obair leantach a dhéanann an Ballstát brataí a fhógairt don Choimisiún nó don chomhlacht arna ainmniú aige. Cuirfidh an Coimisiún nó comhlacht arna ainmniú aige an beart agus an obair leantach a dhéanfar ar aghaidh chuig Rúnaíocht CGIM.
5. Gníomhóidh údaráis na mBallstát ar bhonn tuarascálacha cigireachta, dá dtagraítear in Airteagal 37(c), bileog faisnéise amhairc dá bhforáiltear in Iarscríbhinn VII agus ráitis a thagann as cigireachtaí doiciméadacha ó chigirí ar an gcaoi chéanna agus iad ag déanamh beart ar bhonn tuarascálacha agus ráitis ó chigirí náisiúnta.’;
(23) in Airteagal 44, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3.
Nuair a bhainfear amach tairseach gabhála coiréalaigh dheirg dá dtagraítear i mír 4, déanfaidh na Ballstáit an limistéar lena mbaineann a chosc ar iascach coiréalaigh dheirg. Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas láithreach. Cuirfidh an Coimisiún Rúnaíocht CGIM ar an eolas a luaithe is féidir.’;
(24) in Airteagal 49, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:
Gan dochar d’fhorálacha níos déine a leagtar síos in Airteagal 17 de Rialachán (CE) 1224/2009, roimh theacht isteach chuig aon chalafort, agus ar 4 uair an chloig ar a laghad roimh an am a mheastar a bhainfear an calafort amach, nó ar 1 uair an chloig amháin ar a laghad roimh an am sin má tá an mheá níos lú ná 4 uair an chloig ón gcalafort teachta, cuirfidh máistrí na soithí iascaireachta nó a n‑ionadaí nó na hiascairí údaraithe an fhaisnéis seo a leanas in iúl do na húdaráis ábhartha:’;
(25) in Airteagal 56, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1, pointe (d):
‘(d) Trastomhas gach coilíneachta a shaothraítear nó meán an trastomhais de réir tabhairt i dtír.’;
(26) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 57:
‘Airteagal 57
Raon feidhme
Tá feidhm ag an roinn seo maidir leis na gníomhaíochtaí iascaireachta uile ag trálaeir ghrinnill an Aontais atá spriocdhírithe ar phríomhstoic ghrinnill den cholmóir Eorpach (Merluccius merluccius) agus den rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris), i gCaolas na Sicile, FLGanna 12, 13, 14, 15 agus 16 dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I.’;
(27) in Airteagal 58, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún, faoin 1 Aibreán gach bliain, na bearta bainistíochta nó na pleananna bainistíochta náisiúnta a glacadh agus aon mhodhnú a dhéanfar ar na bearta nó ar na pleananna sin. Tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht CGIM faoin 30 Aibreán gach bliain.’;
(28) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 59:
‘Airteagal 59
Srianta spásúla nó Ama breise
1. Stopfar gníomhaíochtaí iascaireachta le spiléir ghrinnill, eangacha geolbhaigh agus traimlí a spriocdhíríonn ar chomhbhailiúcháin sceite de cholmóirí Eorpacha ar feadh 30 lá as a chéile idir mí an Mhárta agus mí Aibreáin. Cuirfidh na Ballstáit sonraí maidir leis na srianta ama sin in iúl don Choimisiún faoin 31 Bealtaine gach bliain. Tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht CGIM faoin 30 Meitheamh gach bliain.
2. Gach bliain ón 1 Iúil go dtí an 30 Meán Fómhair, ní cheadófar gníomhaíochtaí iascaireachta le trálaeir ghrinnill, beag beann ar fhad foriomlán na soithí, idir an cósta agus iseabat 200 m ar domhain in FLG 14 (Murascaill Gabès).
3. Áiritheoidh na Ballstáit leanúint na suirbhéanna ar muir atá ann faoi láthair, chomh maith leis an bhfaireachán ar limistéir nua, lena n‑áirítear an scairbh agus na fánaí ag teorainneacha ardchlár Málta. Díreofar go háirithe ar leanúint na suirbhéanna eolaíocha in FLGanna 12, 13 agus 14 maidir le hiasclanna colmóirí Eorpacha i Murascaill Hammamet agus i Murascaill Thúinis a dheimhniú mar Limistéir Shrianta Iascaigh shealadacha nó bhuana a d’fhéadfadh a bheith ann. Ina theannta sin, leanfaidh Ballstáit le hiarrachtaí chun éiceachórais leochaileacha mhuirí a léarscáiliú ar mhaithe lena gcosaint ar an trálaeireacht i gCaolas na Sicile. Cuirfidh na Ballstáit na sonraí is gá le haghaidh meastóireacht ar Limistéir Shrianta Iascaigh nua i gCaolas deisceartach na Sicile isteach 1 mhí amháin roimh chruinniú 2024 den Choiste Foréigiúnach um an Meánmhuir Lár ar a dhéanaí agus tacóidh siad leis an obair maidir le meastóireacht a dhéanamh orthu.’;
(29) cuirtear an tAirteagal 60a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 60a
Bearta bainistithe cabhlach
Áiritheoidh na Ballstáit nach rachaidh acmhainneacht fhoriomlán cabhlaigh na gcabhlach faoin roinn seo, i dtéarmaí olltonnáiste (GT) agus/nó olltonnáiste cláraithe (GRT), cumhacht innill (kW) agus líon soithí, mar a thaifeadtar i gcláir an Aontais agus CGIM araon, thar an acmhainneachta cabhlaigh iascaireachta le haghaidh iascach grinnill sa bhliain 2021’;
(30) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 61:
‘Airteagal 61
Údaruithe d’iascaigh trálaeireachta grinnill ar stoic ghrinnill
1. Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún, faoin 15 Márta gach bliain, liosta de na soithí faoina mbratach atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar speicis a liostaítear in Airteagal 57 agus a dhéanann iascaireacht ghníomhach ar na speicis sin. Tarchuirfidh an Coimisiún an liosta chuig Rúnaíocht CGIM faoin 31 Márta gach bliain. Áireofar sa liosta sin, i gcás gach soithigh, an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII.
2. Coinneoidh na Ballstáit clár de na soithí a liostaítear agus coinneoidh siad cothrom le dáta é de réir mhír 1.
3. Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún, faoin 15 Lúnasa gach bliain, tuarascáil ar na gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann na soithí faoi raon feidhme na roinne seo i bhformáid chomhiomlánaithe. Áireofar sa tuarascáil sin, ar a laghad, an líon laethanta saothraithe, limistéar an tsaothraithe, gabhálacha agus ábhar muirí aischurtha colmóirí Eorpacha agus rós-séaclaí domhainmhara.
4. Tarchuirfidh an Coimisiún an tuarascáil a bhunaítear i mír 3 chuig Rúnaíocht CGIM faoin 31 Lúnasa gach bliain.
5. Ní cheadófar do shoithí a oibríonn le tráil otair faoi raon feidhme na roinne seo gníomhaíochtaí iascaireachta sonracha a dhéanamh ach amháin i gcás ina sonraítear na gníomhaíochtaí sin in údarú iascaireachta bailí a eiseoidh na húdaráis inniúla.’;
(31) Leasaítear Airteagal 62 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Ainmneoidh gach Ballstát láithreacha tabhairt i dtír ina ndéanfar colmóirí agus rós-séaclaí domhainmhara a ghabhtar i gCaolas na Sicile a thabhairt i dtír, i gcomhréir le hAirteagal 43(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Tarchuirfidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún aon athrú ar an liosta sin faoin 15 Samhain gach bliain. Tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht CGIM faoin 30 Samhain gach bliain.’;
(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3. I gcás gach láithrigh tabhairt i dtír a ainmnítear, sonróidh na Ballstáit na hamanna agus na láithreacha ina gceadófar tabhairt i dtír agus trasloingsithe. Áiritheoidh na Ballstáit freisin cumhdach cigireachta ar na gníomhaíochtaí sin uile le linn na n‑amanna tabhairt i dtír agus trasloingsithe uile ag gach láthair tabhairt i dtír a ainmnítear.’;
(32) in Airteagal 65, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
‘5. Gníomhóidh údaráis na mBallstát ar bhonn tuarascálacha cigireachta, dá dtagraítear in Airteagal 64(3), bileoga faisnéise amhairc dá bhforáiltear in Iarscríbhinn VII agus ráitis a thagann as cigireachtaí doiciméadacha ó chigirí ar an gcaoi chéanna agus iad ag déanamh beart ar bhonn tuarascálacha agus ráitis ó chigirí náisiúnta a bhunaítear i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta.’;
(33) Leasaítear Airteagal 70 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3. Ní cheadófar do shoithí a oibríonn faoi raon feidhme na roinne seo gníomhaíochtaí iascaireachta sonracha a dhéanamh ach amháin má bhíonn údarú iascaireachta bailí arna eisiúint ag na húdaráis inniúla acu. Beidh soithí údaraithe ar mó ná 12 mhéadar a bhfad foriomlán feistithe le VMS satailítbhunaithe.’;
(b) cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
‘6. Déanfaidh na Ballstáit faireachán ar thomhaltas na teorann iarrachta, nó ar thomhaltas na teorann iarrachta arna sloinneadh i laethanta iascaireachta ag grúpa iarrachta de réir Iarscríbhinn XIII agus cuirfidh siad in iúl don Choimisiún i dtuarascáil mhíosúil ídiú na hiarrachta iascaireachta a bhunaítear in Airteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle. Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht CGIM gan mhoill’;
(34) in Airteagal 72, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. D’ainneoin Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, soithí tráil údaraithe a dhéanann iascaireacht faoi raon feidhme na roinne seo ar mó ná 12 mhéadar a bhfad foriomlán, beidh siad feistithe le VMS satailítbhunaithe. D’ainneoin Airteagal 9(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, soithí tráil údaraithe ar lú ná 9 méadar a bhfad foriomlán, beidh siad feistithe le córas iomchuí geoshuite.’;
(35) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 73:
‘Airteagal 73
Raon feidhme
Tá feidhm ag an roinn seo maidir leis na gníomhaíochtaí iascaireachta uile a spriocdhíríonn ar phríomhstoic pheiligeacha bheaga (ainseabhaithe agus sairdíní) in FLGanna 17 agus 18 dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I.’;
(36) cuirtear na hAirteagail 74a, 74b, 74c, 74d, 74e, 74f agus 74g seo a leanas isteach idir Airteagal 74 agus Airteagal 75:
‘Airteagal 74a
Sonraí eolaíocha agus tráchtála
1. Áiritheoidh na Ballstáit go bliantúil go ndéanfar na sonraí eolaíocha agus tráchtála uile a bhailítear i mbliain shonrach a sholáthar don Choimisiún faoin 15 Márta an bhliain dár gcionn.
2. Seolfaidh an Coimisiún na sonraí dá dtagraítear i mír 1 ar aghaidh chuig Rúnaíocht CGIM faoin 1 Aibreán gach bliain.
Airteagal 74b
Oibleagáidí tuairiscithe
Soithí ar mó ná 12 mhéadar a bhfad agus soithí a bhíonn ag gabháil níos mó ná 10 000 kg in aghaidh na bliana, beag beann ar a bhfad, dearbhóidh siad gabhálacha spriocspeiceas chomh maith le gabhálacha speiceas nach spriocspeicis iad atá os cionn 50 kg trí mheán leictreonach.
Airteagal 74c
Bearta rialaithe agus forfheidhmiúcháin
1. Ainmneoidh na Ballstáit láithreacha tabhairt i dtír ina ndéanfaidh na soithí a dhéanann iascaireacht ghníomhach ar ainseabhaithe agus ar shairdíní tabhairt i dtír. I gcás gach láithrigh a ainmnítear sonróidh na Ballstáit na hamanna agus na láithreacha ina gceadófar tabhairt i dtír agus trasloingsiú.
2. Toirmiscfear ar aon chainníocht gabhálacha ainseabhaithe agus sairdíní a dhéantar iascaireacht orthu a theacht i dtír nó a thrasloingsiú ó shoithí iascaireachta le peas-saighní agus tráil pheiligeacha i Muir Aidriad in aon áit seachas sna láithreacha tabhairt i dtír a ainmníonn na Ballstáit.
3. Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún faoin 15 Samhain gach bliain aon athrú ar liosta na láithreacha tabhairt i dtír a ainmnítear inar féidir ainseabhaithe agus sairdíní a thabhairt i dtír. Tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin faoin 30 Samhain gach bliain.
Airteagal 74d
Bearta bainistithe iascaigh nó pleananna bainistíochta náisiúnta
1. Déanfaidh na Ballstáit bearta bainistithe iascach nó pleananna bainistíochta náisiúnta faoi raon feidhme na roinne seo chun a áirithiú go ndéanfaidh leibhéil saothraithe na stoc ainseabhaithe agus sairdíní an uastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach agus a choinneáil ar bun.
2. Cuirfidh na Ballstáit a mbearta bainistíochta nó a bpleananna bainistíochta náisiúnta a glacadh agus aon mhodhnú a dhéanfar ar na bearta nó na pleananna sin faoi bhráid an Choimisiúin go pras faoin 15 Aibreán gach bliain. Tarchuirfidh an Coimisiún na bearta agus pleananna sin chuig Rúnaíocht CGIM faoin 30 Aibreán gach bliain.
Airteagal 74e
Bearta bainistithe cabhlach
1. Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún, faoin 15 Márta gach bliain, liosta de na soithí faoina mbratach atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar phríomhstoic pheiligeacha bheaga (an t‑ainseabhaí agus an sairdín) trí thráil pheiligeacha agus peas-saighní i Muir Aidriad. Tarchuirfidh an Coimisiún an liosta sin chuig Rúnaíocht CGIM faoin 31 Márta gach bliain.
2. Ní cheadófar do shoithí a oibríonn faoi raon feidhme na roinne seo gníomhaíochtaí iascaireachta sonracha a dhéanamh ach amháin má bhíonn údarú iascaireachta bailí arna eisiúint ag na húdaráis inniúla acu.
Airteagal 74f
Tréimhsí coiscthe spásúla agus ama
1. Le linn na hidirthréimhse, cuirfidh na Ballstáit tréimhsí coiscthe ama sonracha i bhfeidhm ar leibhéal an chabhlaigh d’fhonn na stoic a chosaint le linn na tréimhse sceite. Ní gá tréimhsí coiscthe den sórt sin a chur i bhfeidhm go comhuaineach le haghaidh soithí peas-saighne agus trálaeir pheiligeacha. Cumhdóidh siad dáileadh iomlán stoc peiligeach beag i Muir Aidriad agus déanfaidh siad difear do na cabhlaigh uile a bhíonn ag spriocdhíriú ar pheiligigh bheaga, ar feadh tréimhse nach lú ná 30 lá as a chéile in aghaidh na roinne cabhlaigh. Le linn na tréimhse coiscthe, beidh toirmeasc ar shoithí de chuid cabhlaigh atá faoi réir tréimhse coiscthe malairt gléis a fháil chun spriocdhíriú ar pheiligigh bheaga (amhail peas-saighean chuig nó ó thrál peiligeach). Tarlóidh na tréimhsí coiscthe sin de réir na dtráthchlár seo a leanas:
a) ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Márta le haghaidh sairdíní; agus
b) ón 1 Aibreán go dtí an 30 Meán Fómhair le haghaidh ainseabhaithe.
2. De mhaolú ar mhír 1, féadfar na tréimhsí coiscthe sin a chur chun feidhme ar feadh tréimhsí nach lú ná 15 lá as a chéile i gcás cabhlaigh náisiúnta ina bhfuil níos lú ná 15 shoitheach peas-saighne agus/nó trálaer peiligeach a dhéanann iascaireacht ghníomhach ar stoic pheiligeacha bheaga.
3. Le linn na hidirthréimhse, cuirfidh na Ballstáit tréimhsí coiscthe spásúla i bhfeidhm ar shoithí ar mó ná 12 mhéadar a bhfad foriomlán ar feadh tréimhse nach lú ná 9 mí. Cumhdóidh na tréimhsí coiscthe sin 30 faoin gcéad de na huiscí teorann nó na huiscí inmheánacha ar sainaithníodh go bhfuil tábhacht ag baint leo ar mhaithe le haicmí óga éisc a chosaint.
4. Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún go bliantúil na tréimhsí coiscthe ama agus spásúla, mar a shainítear i míreanna 1 agus 3, a chuireann siad i bhfeidhm sna huiscí faoina ndlínse d’fhonn láithreacha sceite agus iasclanna stoc peiligeach beag a chosaint. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin in iúl do Rúnaíocht CGIM gan mhoill.
Airteagal 74g
Faireachán eolaíoch
Déanfaidh na Ballstáit faireachán eolaíoch bliantúil ar stádas agus bithmhais stoic sceite na speiceas dá dtagraítear in Airteagal 73.’;
(37) i dTeideal II, Caibidil V, cuirtear isteach an Roinn II seo a leanas idir Airteagal 75 agus Airteagal 76:
‘Roinn II
An Mhuir Dhubh
Airteagal 75 a
Raon feidhme
Tá feidhm ag an Roinn seo maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta a dhíríonn ar an salán Eorpach (Sprattus sprattus) sa Mhuir Dhubh, in FLG 29 dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I.
Airteagal 75b
Faireachán eolaíoch
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar faireachán eolaíoch leordhóthanach ar bhonn bliantúil ar stádas na speiceas a áirítear faoi raon feidhme na ranna seo.
Airteagal 75c
Liosta na soithí údaraithe agus gníomhacha
1. Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún, faoin 15 Eanáir gach bliain, an liosta de na soithí iascaireachta uile faoina mbratach atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar an salán Eorpach agus a dhéanann iascaireacht ghníomhach air i mbliain ar leith. Tarchuirfidh an Coimisiún an liosta sin chuig Rúnaíocht CGIM faoin 31 Eanáir gach bliain. Áireofar sa liosta sin, i gcás gach soithigh, an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII.
3. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún go pras maidir le haon soitheach a chuirtear le cabhlaigh iascaireachta salán Eorpach nó a bhaintear díobh nó maidir le haon mhodhnú orthu aon tráth a tharlaíonn na hathruithe sin agus ar bhonn míosúil ar a laghad. Tarchuirfidh an Coimisiún na hathruithe sin chuig Rúnaíocht CGIM gan mhoill.
4. Soithí nach bhfuil liostaithe ag na Ballstáit, ní dhéanfaidh siad an salán Eorpach a ghabháil, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír, a stóráil nó a dhíol.
Airteagal 75d
Oibleagáidí ar mháistrí na soithí maidir le tuairisciú
1. Déanfaidh máistrí na soithí a dhéanann iascaireacht ar shaláin tuarascáil mhionsonraithe ar a ngníomhaíochtaí iascaireachta a chur in iúl do na Ballstáit faoi dhó sa bhliain agus tráth nach déanaí ná an 1 Iúil agus an 1 Eanáir gach bliain. Áireofar sa tuarascáil sin ar a laghad an fhaisnéis seo a leanas:
(1) laethanta oibríochta;
(2) limistéar oibríochta;
(3) an ghabháil iomlán salán Eorpach.
2. Tarchuirfidh na Ballstáit an tuarascáil sin chuig an gCoimisiún tráth nach déanaí ná an 15 Iúil agus an 15 Eanáir gach bliain.
3. Tarchuirfidh an Coimisiún an tuarascáil sin chuig Rúnaíocht CGIM faoi dhó sa bhliain agus tráth nach déanaí ná an 31 Iúil agus an 31 Eanáir gach bliain.
Airteagal 75e
Bearta breise
Féadfaidh na Ballstáit bearta spásúla/ama breise a ghlacadh chun limistéir chomhbhailiúcháin de shaláin óga a chosaint.
Airteagal 75f
Rialú, faireachán agus faireachas ar iascaigh salán Eorpach sa Mhuir Dhubh
1. Áiritheoidh gach Ballstát go mbunófar sásraí leordhóthanacha chun gach soitheach iascaireachta a thaifeadadh i gclár cabhlaigh náisiúnta, chun gabhálacha salán Eorpach an tsoithigh agus a iarracht iascaireachta a thaifeadadh tríd an logleabhar.
2. Déanfaidh iascairí nó máistrí soithí iascaireachta údaraithe a dhéanann iascaireacht ghníomhach ar an salán Eorpach gach gabháil agus foghabháil a dhearbhú, beag beann ar bheomheáchan na gabhála.
Airteagal 75 g
Láithreacha tabhairt i dtír a ainmnítear
1. Ainmneoidh na Ballstáit láithreacha tabhairt i dtír ina ndéanfaidh na soithí a dhéanann iascaireacht ghníomhach faoi raon feidhme na roinne seo tabhairt i dtír agus trasloingsiú.
2. Beidh toirmeasc ar aon chainníocht speiceas a áirítear laistigh de raon feidhme na roinne seo a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú ó shoithí iascaireachta in aon áit eile cé is moite de na láithreacha a ainmníonn na Ballstáit i gcomhréir le mír 1.’;
(38) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 76:
‘Airteagal 76
Raon feidhme
Tá feidhm ag an gCaibidil seo maidir leis na gníomhaíochtaí iascaireachta uile a dhíríonn ar an deargán (Pagellus bogaraveo) le línte láimhe agus báid spiléireachta grinnill agus measctha, i Muir Alboran, in FLGanna 1, 2 agus 3 dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I.’;
(39) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 77 agus 78:
‘Airteagal 77a
Tréimhsí coiscthe spásúla agus ama
1. I gcaitheamh na hidirthréimhse, cuirfidh na Ballstáit tréimhsí coiscthe ama sonracha i bhfeidhm ar leibhéal an chabhlaigh, d’fhonn na príomhstoic a chosaint le linn tréimhsí sceite. Ní cheanglaítear tréimhsí coiscthe den sórt sin a chur i bhfeidhm go comhuaineach maidir le cineálacha éagsúla trealaimh iascaireachta. Cumhdófar leo príomhlimistéir dháileacháin an deargáin i Muir Alboran agus déanfaidh siad difear do na soithí uile lena mbaineann an Chaibidil seo ar feadh tréimhsí nach lú ná 30 lá as a chéile in aghaidh na roinne cabhlaigh. Beidh na tréimhsí coiscthe sin ann ó mhí na Nollag go mí an Mhárta. Déanfaidh gach Ballstát an tréimhse choiscthe agus an liosta soithí lena mbaineann a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin faoi bhráid Rúnaíocht CGIM gan mhoill.
2. Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún, go bliantúil, na tréimhsí coiscthe, mar a shainmhínítear i mír 1, is infheidhme sna huiscí faoina ndlínse, d’fhonn láithreacha sceite agus iasclanna an stoic deargán a chosaint.
Airteagal 78
Bearta bainistithe cabhlach
1. Áiritheoidh na Ballstáit nach rachaidh an acmhainneacht cabhlaigh iascaireachta fhoriomlán i dtéarmaí olltonnáiste (GT) agus/nó olltonnáiste cláraithe (GRT), cumhacht innill (kW) agus líon soithí, mar a thaifeadtar i gcláir náisiúnta agus CGIM araon, thar an acmhainneacht cabhlaigh iascaireachta arna meánú le haghaidh na n‑iascach i gcaitheamh 2018‑2021.
2. Déanfaidh na Ballstáit acmhainneacht cabhlaigh iascaireachta na gcabhlach a bhíonn ag iascaireacht deargán trína bheith ag úsáid línte láimhe agus báid spiléireachta grinnill agus measctha, i dtéarmaí olltonnáiste (GT) agus/nó olltonnáiste cláraithe (GRT), cumhacht innill (kW) agus líon soithí, mar a thaifeadtar i gcláir an Aontais agus CGIM araon, a oiriúnú do na deiseanna iascaireachta.
3. Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún, faoin 15 Márta gach bliain, an liosta de na soithí faoina mbratach atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar an deargán sa bhliain sin faoi raon feidhme na caibidle seo. Tarchuirfidh an Coimisiún an liosta sin chuig Rúnaíocht CGIM faoin 31 Márta gach bliain. Áireofar sa liosta, i gcás gach soithigh, an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII.
(40) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 79:
‘Airteagal 79
Bearta rialaithe agus forfheidhmiúcháin
-1. Bunóidh na Ballstáit sásra chun a áirithiú go ndearbhóidh soithí a dhéanann iascaireacht ghníomhach i Muir Alboran gach gabháil den phríomhstoc, de réir Airteagal 76.
1. Ainmneoidh na Ballstáit láithreacha tabhairt i dtír ina n‑údaraítear deargáin a thabhairt i dtír.
1a. Tarchuirfidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún aon athrú ar an liosta an 15 Samhain gach bliain. Tarchuirfidh an Coimisiún an liosta nuashonraithe chuig Rúnaíocht CGIM an 30 Samhain gach bliain. Ní dhéanfar tabhairt i dtír deargán ach i láithreacha tabhairt i dtír a ainmnítear.
2. Sonróidh na Ballstáit na hamanna ina gceadófar tabhairt i dtír i gcás gach láithrigh a ainmnítear.
3. Roimh theacht isteach dóibh in aon chalafort, seachas i gcás soithí ar mionscála, agus 4 uair an chloig ar a laghad roimh an am a mheastar a bhainfear an calafort amach, tabharfaidh na hiascairí nó a n‑ionadaí fógra do na húdaráis ábhartha maidir leis an bhfaisnéis seo a leanas:
(a)
an t‑am a mheastar a bhainfear an calafort amach;
(b)
uimhir aitheantais sheachtrach agus ainm an tsoithigh iascaireachta; agus
(c)
an beomheáchan measta atá á choinneáil ar bord.
4. Féadfaidh na hiascairí nó a n‑ionadaithe an fhaisnéis a shonraítear i mír 4 a chur isteach suas le 1 uair an chloig amháin roimh an am a mheastar a bhainfear an calafort amach, i gcás ina bhfuil an mheá níos lú ná 4 uair an chloig ón gcalafort teachta.
5. Gan dochar d’Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, tuairisceoidh iascairí agus máistrí soithí iascaireachta údaraithe a dhéanann iascaireacht ghníomhach faoi raon feidhme na roinne seo na gabhálacha uile, beag beann ar bheomheáchan na gabhála agus taifeadfaidh siad gabhálacha na speiceas sin nó déanfaidh siad meastóireachtaí ina leith.
6. Beidh toirmeasc ar aon chainníocht deargán a ghabhtar i Muir Alboran a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú ó shoithí iascaireachta in aon áit seachas sna calafoirt tabhairt i dtír a ainmníonn na Ballstáit.
7. Bunóidh gach Ballstát clár bunaithe ar anailís riosca, chun an tabhairt i dtír a fhíorú agus na logleabhair a bhailíochtú.
8. Toirmeascfar oibríochtaí trasloingsithe ar muir.
9. Soithí a oibríonn le línte láimhe, báid spiléireachta grinnill agus measctha a ghabhann deargáin i Muir Alboran, ní bheidh siad ceadaithe ach amháin má shonraítear iad san údarú iascaireachta bailí arna eisiúint ag na húdaráis inniúla.
10. D’ainneoin Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, déanfar córas um fhaireachán soithí (VMS) nó córas eile geoshuímh lena lamháiltear do na húdaráis rialaithe a ngníomhaíocht a rianú i gcónaí le linn na dturas iascaireachta a fheistiú, faoin 1 Eanáir 2024, ar gach soitheach atá údaraithe faoin gcaibidil seo ar mó ná 10 méadar a fad foriomlán. ’;
(41) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 80:
‘Airteagal 80
Faireachán eolaíoch
1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na sonraí iascaigh eolaíocha uile (suirbhé fuaime) agus/nó na sonraí tráchtála uile (maidir le gabháil agus aischur), arna mbailiú gach bliain, a sholáthar do Rúnaíocht CGIM faoin 1 Aibreán an bhliain dar gcionn.
2. Seolfaidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún, faoin 15 Márta gach bliain, na sonraí tráchtála a leagtar síos i mír 1.’;
(42) cuirtear an tAirteagal 80 a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 80a
Bearta bainistithe iascaigh nó pleananna bainistíochta náisiúnta
1. Glacfaidh na Ballstáit bearta bainistithe iascaigh nó pleananna bainistíochta náisiúnta faoi raon feidhme na caibidle seo chun a áirithiú go ndéanfar na speicis dá dtagraítear in Airteagal 76 a chaomhnú go leormhaith.
2. Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún, faoin 15 Aibreán gach bliain, na bearta bainistíochta nó na pleananna bainistíochta náisiúnta a glacadh agus aon mhodhnú a dhéanfar ar na bearta nó ar na pleananna sin. Tarchuirfidh an Coimisiún na bearta nó pleananna sin agus athruithe orthu chuig Rúnaíocht CGIM faoin 30 Aibreán gach bliain.’;
(43) in Airteagal 86, scriostar mír 2.
(44) in Airteagal 87, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Faoin 15 Iúil gach bliain, tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún maidir leis an líon soithí a bhfuil baint acu leis an iascach, mar aon leis an líon iomlán dorád coiteann arna dtabhairt i dtír agus arna dtrasloingsiú an bhliain roimhe sin ag na soithí iascaireachta faoina mbratach i ngach fo‑limistéar geografach de limistéar Chomhaontú CGIM mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht CGIM faoin 31 Iúil gach bliain.’;
(45) in Airteagal 88, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:
‘6. Gan dochar do na forálacha níos déine a leagtar síos in Airteagal 14(7) agus Airteagal 48 de Rialachán (CE) 1224/2009, i gcás ina gcaillfear FAD nó nach mbeidh sé indéanta FAD a ghabháil, taifeadfaidh iascairí nó máistrí soithí iascaireachta an suíomh deireanach arb eol agus a dháta. Maidir le FAD a cailleadh, baileoidh agus tuairisceoidh soithí iascaireachta a shaothraíonn an dordán coiteann suíomh cláraithe deireanach, uimhir aitheantais agus aon fhaisnéis lenar féidir úinéir FAD a shainaithint.’;
(46) in Airteagal 91, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 (f):
‘(f)
an príomhthrealamh a úsáidtear le haghaidh turbard, roinn cabhlaigh agus aonad oibríochtúil;’;
(47) cuirtear an tAirteagal 94 a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 94a
Deimhniú gabhála le haghaidh turbard
1. Eiseoidh na Ballstáit deimhniú gabhála CGIM chun tionscnamh gabhálacha turbard in FLG 29 a shainaithint ag gach céim den slabhra soláthair. Úsáidfear an deimhniú sin chun a dheimhniú go ndearnadh na gabhálacha sin i gcomhréir leis na bearta caomhnúcháin a bhunaítear i dTeideal II de Chaibidil VIII.
2. Beidh deimhniú gabhála CGIM bailí arna eisiúint ag údaráis inniúla na mBallstát ag gabháil le gach tabhairt i dtír, allmhairiú, onnmhairiú agus athonnmhairiú turbaird.
3. Beidh uimhir uathúil sainaitheantais doiciméid ag gach deimhniú gabhála. Bainfidh an uimhir go sonrach leis an mBallstát brataí agus sannfar í do gach soitheach iascaireachta atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar an turbard. Ní bheidh an deimhniú gabhála inaistrithe chuig soitheach iascaireachta eile.
5. Ní dhéanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit brataí ábhartha na deimhnithe gabhála le haghaidh turbard a bhailíochtú go dtí go suífear, tar éis na doiciméid tacaíochta agus an choinsíneacht chomhfhreagrach a sheiceáil, gur faisnéis chruinn í an fhaisnéis uile atá sna deimhnithe.’;
(48) cuirtear isteach na hAirteagail 96a, 96b, 96c, 96d agus 96e seo a leanas:
‘Airteagal 96a
Acmhainneacht cabhlaigh iascaireachta agus iarracht iascaireachta
Déanfaidh na Ballstáit an acmhainneacht cabhlaigh iascaireachta nó an iarracht iascaireachta a choinneáil ar bun ar na leibhéil a leagtar síos le haghaidh 2015 go 2021 i dtaca le saothrú fíogach gobach sa Mhuir Dhubh.
Airteagal 96b
Faireachán eolaíoch
1. Rannchuideoidh na Ballstáit le cur chun feidhme chlár taighde CGIM maidir leis an bhfíogach gobach sa Mhuir Dhubh agus áiritheoidh siad go ndéanfar faireachán eolaíoch leordhóthanach ar stádas speiceas fíogaigh ghobaigh go bliantúil.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an longúinéir nó an máistir soithigh faisnéis maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta, sonraí gabhála, gabhálacha de thaisme, teagmhais scaoilte agus/nó aischuir i gcás an fhíogaigh ghobaigh a thaifeadadh sa logleabhar agus go dtuairisceofar don Choimisiún í laistigh dá dtuairisciú náisiúnta bliantúil, i gcomhréir leis na ceanglais tuairiscithe sonraí sna moltaí ábhartha ó CGIM, i gcomhréir le Creat Tagartha CGIM um Bailiú Sonraí (DCRF). Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht CGIM gan mhoill.
3. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar aon bheart breise chun feabhas a chur ar bhailiú sonraí chun críoch an fhaireacháin eolaíoch ar speicis fíogaigh ghobaigh.
4. Baileoidh na Ballstáit faisnéis iontaofa maidir leis na tionchair ar phobail céiticeach sa Mhuir Dhubh atá ag eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe a dhíríonn ar fhíogaigh ghobacha.
Airteagal 96c
Bearta bainistithe cabhlach
1. Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún, faoin 15 Eanáir gach bliain, an liosta de na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain orthu atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar an bhfíogach gobach agus a dhéanann iascaireacht ghníomhach air sa Mhuir Dhubh. Áireofar sa liosta sin, i gcás gach soithigh, an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII.
Tarchuirfidh an Coimisiún an liosta sin chuig Rúnaíocht CGIM faoin 31 Eanáir gach bliain. Ní cheadófar do shoithí iascaireachta a dhíríonn ar an bhfíogach gobach gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh ach amháin má tá na gníomhaíochtaí sin sonraithe in údarú iascaireachta bailí arna eisiúint ag na húdaráis inniúla agus lena sonraítear na coinníollacha teicniúla faoina ndéanfar na gníomhaíochtaí sin, mar a shainítear in Iarscríbhinn VIII.
2. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún go pras maidir le haon soitheach a chuirtear le cabhlaigh iascaireachta fíogach gobach nó a bhaintear díobh nó maidir le haon mhodhnú orthu aon tráth a tharlaíonn na hathruithe sin nó ar bhonn míosúil ar a laghad. Cuirfidh an Coimisiún Rúnaíocht CGIM ar an eolas faoi na hathruithe sin gan mhoill.
3. Soithí nach bhfuil liostaithe ag na Ballstáit, ní dhéanfaidh siad an fíogach gobach a ghabháil, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír, a stóráil nó a dhíol.
4. Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún, faoin 15 Iúil agus faoin 15 Eanáir gach bliain, tuarascálacha mionsonraithe maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta soithí iascaireachta a dhéanann iascaireacht ghníomhach ar fhíogaigh ghobacha nó a ghabh fíogaigh ghobacha mar fhoghabháil nó mar ghabháil de thaisme.
Áireofar sna tuarascálacha sin na nithe seo a leanas ar a laghad:
(a) laethanta oibríochta;
(b) limistéar oibríochta;
(c) an ghabháil iomlán fíogach gobach.
Tarchuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha sin chuig Rúnaíocht CGIM faoin 30 Iúil agus faoin 30 Eanáir gach bliain.
Airteagal 96d
Bearta sonracha chun aghaidh a thabhairt ar iascaireacht NNN
Áiritheoidh na Ballstáit go ndearbhóidh soithí a dhéanann iascaireacht in FLG 029 gach gabháil agus foghabháil fíogach gobach.
Gan dochar d’Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, dearbhóidh iascairí nó máistrí soithí iascaireachta gach gabháil agus foghabháil fíogach gobach sa logleabhar, is cuma cad é toirt na gabhála ná an trealamh a úsáidtear.
Airteagal 96e
Láithreacha tabhairt i dtír
1. Ainmneoidh na Ballstáit láithreacha tabhairt i dtír ina dtabharfaidh soithí a dhéanann iascaireacht ghníomhach ar fhíogaigh ghobacha sa Mhuir Dhubh tabhairt i dtír.
2. I gcás gach calafoirt tabhairt i dtír a ainmnítear, sonróidh na Ballstáit na hamanna agus na háiteanna a gceadófar tabhairt i dtír agus trasloingsiú.
3. Beidh toirmeasc ar aon chainníocht fíogach bogach a ghabhtar sa Mhuir Dhubh a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú ó shoithí iascaireachta in aon áit seachas sna láithreacha tabhairt i dtír ainmnithe.
4. Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún, faoin 15 Samhain gach bliain, aon athrú ar liosta na láithreacha tabhairt i dtír a ainmnítear ina bhféadfar gabhálacha fíogach gobach sa Mhuir Dhubh a thabhairt i dtír. Tarchuirfidh an Coimisiún na hathruithe sin chuig Rúnaíocht CGIM faoin 30 Samhain gach bliain.’;
(49) Leasaítear Airteagal 98 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Áiritheoidh na Ballstáit ardchosaint ar ghníomhaíochtaí iascaireachta do na speicis ealásmabrainciacha a liostaítear in Iarscríbhinn II agus III a ghabhann leis an bPrótacal maidir le limistéir atá faoi chosaint speisialta agus maidir le héagsúlacht bhitheolaíoch sa Mheánmhuir.’;
(b) cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:
‘4. Tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún, tráth nach déanaí ná an 15 Aibreán 2026, maidir le gníomhaíocht amháin ar a laghad in aghaidh an speicis/géinis a liostaítear in Iarscríbhinn XVII agus a fhaightear san fho‑limistéar geografach a ndéantar gníomhaíochtaí iascaireachta ann, nó maidir le cúig ghníomhaíocht speiceas‑shonracha san iomlán ar a laghad chun feabhas a chur ar stádas caomhantais ealásmabrainciach agus maolú a dhéanamh ar an riosca go ngabhfar ealásmabrainciaigh de thaisme in oibríochtaí iascaireachta agus ar an mbásmhaireacht atá bainteach leis agus, i gcás inar féidir, an riosca agus an bhásmhaireacht sin a dhíothú. Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht CGIM faoin 30 Aibreán 2026 ar a dhéanaí.
5. Ceanglóidh na Ballstáit ar shoithí iascaireachta a ghabhann speicis siorcanna mar fhoghabháil nó de thaisme an fhoghabháil siorcanna a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an bPrótacal maidir le limistéir atá faoi chosaint speisialta agus maidir leis an mbithéagsúlacht sa Mheánmhuir a theorannú do chéatadán uasta den ghabháil iomlán de réir meáchain de réir an turais iascaireachta nó go líon nach mó ná trí eiseamal.
(50) in Airteagal 102, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
‘3. Maidir le speicis éanlaithe mara a liostaítear faoi Iarscríbhinn II a ghabhann leis an bPrótacal maidir le Limistéir atá faoi Chosaint Speisialta agus maidir le hÉagsúlacht Bhitheolaíoch sa Mheánmhuir a ghabhann le Coinbhinsiún Barcelona, beidh feidhm ag na bearta seo a leanas i limistéir gheografacha na Meánmhara (FLGanna 1‑27) mar a ndéantar na speicis sin a ghabháil mar fhoghabháil de réir chomhairle CCE (go príomha i gcás ina ndéantar éanlaith mhara a ghabháil de thaisme le linn oibríochtaí iascaireachta):
(a) Baileoidh na Ballstáit sonraí chun foghabháil éanlaithe mara san iascach a shaintréithriú go hiomlán, lena n‑áirítear gabháil cánóg Bailéarach de thaisme, ar speiceas é atá i mbaol criticiúil. Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn XXII a thuairisciú don Choimisiún faoin 15 Aibreán gach bliain. Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht CGIM faoin 30 Aibreán gach bliain;
(b) Faoi 2024 déanfaidh na Ballstáit meastóireacht ar éifeachtacht dhá cheann ar a laghad de na bearta maolúcháin idirthréimhseacha a liostaítear in Iarscríbhinn XVIII chun feabhas a chur ar stádas caomhantais speiceas éanlaithe mara agus maolú a dhéanamh ar an riosca go ngabhfar éanlaithe mara de thaisme in oibríochtaí iascaireachta agus ar an mbásmhaireacht atá bainteach leis agus, i gcás inar féidir, an riosca agus an bhásmhaireacht sin a dhíothú.’;
(51) cuirtear an tAirteagal 103 a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 103a
Bearta maolúcháin
1. Spreagtar do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun an reachtaíocht agus na bearta maolúcháin atá ann cheana a chur chun feidhme chun maolú a dhéanamh ar thurtair mhara a bheith á ngabháil de thaisme le linn oibríochtaí iascaireachta agus, i gcás inar féidir, an ghabháil sin a dhíothú, amhail na nithe seo a leanas ach gan bheith teoranta dóibh:
(a) modhnuithe ar threalamh iascaireachta agus cineálacha trealaimh iascaireachta malartacha;
(b)
srianta ama-limistéir ar an iascaireacht agus tréimhsí coiscthe, amhail iad siúd atá bunaithe ar bhearta aitheantais spásúil, mar shampla, chun a aithint go bhfuil turtair mhara ann;
(c)
feabhsuithe ar mharcáil agus brath trealaimh iascaireachta, lena n‑áirítear frithchaiteacht fuaime, amhail úsáid a bhaint as eangacha daite, frithchaiteoirí éighníomhacha solais, trastomhas sreangáin níos tibhe, coirc nó ábhair eile laistigh den eangach, comhdhúile miotail a bhfuil gnéithe braite fuaime acu amhail sulfáit bhairiam, agus eangacha a shoilsiú le maidí solais ceallra‑oibrithe;
(d)
uastairseacha foghabhála féideartha a chur chun feidhme agus gairis eisiatóra turtar a úsáid in éineacht le gairis sórtála agus aoireachta; agus
(e)
rialacha maidir le hiompraíocht agus straitéisí iascaireachta;
2. Spreagtar do na Ballstáit cur chun feidhme na mbeart a éascú chun an dul i bhfostú a sheachaint le linn gníomhaíocht foghla agus chun básmhaireacht iarscaoilte a laghdú, trí threoirlínte agus oiliúint iomchuí.
3. Faoi 2026 tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi dhá cheann ar a laghad de na bearta maolúcháin a ghlactar de bhun phointí 1 agus 2. Ina leith sin, ba cheart a chur san áireamh na limistéir agus na cabhlaigh a ngabhann rioscaí níos airde leo go dtarlóidh idirghníomhuithe.
4. Tabharfaidh an Coimisiún fógra do Rúnaíocht CGIM gan mhoill faoi na bearta sin.
(52) cuirtear an tAirteagal 105 a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 105a
Bearta maolúcháin
1. Spreagtar do na Ballstáit bearta maolaithe foghabhála a leathnú chun íoslaghdú a dhéanamh ar ghabháil céiticeach de thaisme le linn oibríochtaí iascaireachta in iascaigh lena ngabhann riosca ard foghabhála arna sainaithint ag CCE agus, i gcás inar féidir, an ghabháil sin a dhíothú. Gabhfaidh faireachán iomchuí leis na bearta maolúcháin sin chun éifeachtúlacht na ngníomhaíochtaí a shuí agus féadfar a áireamh orthu, inter alia:
(a)
modhnuithe ar threalamh iascaireachta agus cineálacha trealaimh iascaireachta malartacha;
(b)-
feabhsuithe ar mharcáil agus brath trealaimh iascaireachta;
(c)
srianta ama-limistéir ar an iascaireacht nó tréimhsí coiscthe, más iomchuí;
(d)
uastairseacha foghabhála féideartha;
(e)
feistí fuaimchiaptha a úsáid;
(f)
modhnuithe ar iompraíocht agus straitéisí iascaireachta;
2. Spreagtar do na Ballstáit cur chun feidhme na mbeart a éascú chun an dul i bhfostú a sheachaint le linn gníomhaíocht foghla agus chun básmhaireacht iarscaoilte a laghdú, trí threoirlínte agus oiliúint iomchuí.
3. Spreagtar do na Ballstáit limistéir a shainaithint a bhfuil riosca ard iontu go dtarlóidh idirghníomhuithe idir an t‑iascach agus céiticigh agus, bunaithe ar na brúnna atá ann cheana, féadfaidh siad breithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht náisiúnta atá i bhfeidhm a mhodhnú.
4. Féadfaidh na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún (CPCanna) breithniú a dhéanamh freisin, ar bhonn deonach, ar chineálacha eile bainistíochta amhail an bhainistíocht bunaithe ar dhreasachtaí, lena dtugtar luaíocht d’oibreoirí ísiltionchair agus lena spreagtar an tráth céanna d’oibreoirí drochfheidhmíochta cleachtais níos fearr a ghlacadh nó an tionscal a fhágáil, nó an bhainistíocht dreasachtaí margadhbhunaithe ina n‑úsáidtear, mar shampla, an lipéadú ‘sábháilte do dheilfeanna’ nó ‘neamhdhíobhálach do dheilfeanna’ in iascaigh a bhfuil idir riosca measartha agus riosca ard iontu go dtarlóidh idirghníomhuithe le céiticigh.
5. Faoi 2026 tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi dhá cheann ar a laghad de na bearta maolúcháin a ghlactar de bhun phointí 1, 2, 3 agus 4.
4. Tabharfaidh an Coimisiún fógra do Rúnaíocht CGIM gan mhoill faoi na bearta sin.’;
(53) leasaítear mír 1 d’Airteagal 106 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:
‘1. Gan dochar do na forálacha níos déine a leagtar síos in Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, déanfaidh máistrí soithí iascaireachta an fhaisnéis seo a leanas a thaifeadadh sa logleabhar iascaireachta:’;
(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):
‘(e) aon chás de ghabháil de thaisme, scaoileadh agus/nó aischur speiceas siorcanna a liostaítear in Iarscríbhinn II nó in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an bPrótacal maidir le Limistéir atá faoi Chosaint Speisialta agus maidir le hÉagsúlacht Bhitheolaíoch sa Mheánmhuir.’;
(c) cuirtear an pointe (f) seo a leanas isteach:
‘(f) aon chás de ghabháil ealásmabrainciach de thaisme’;
(54) i dTeideal III, Caibidil I, Roinn II, cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach roimh Fhoroinn 1:
‘Foroinn -1
Íoschaighdeáin
Airteagal 106a
Íoschaighdeáin a bhunú
Leis an bhforoinn seo leagtar síos na híoschaighdeáin maidir le gach Limistéar Srianta Iascaigh (FRA) a bhunaítear ar leibhéal CGIM agus beidh feidhm acu maidir le gach Limistéar Iascaireachta Srianta a bhunófar ar leibhéal CGIM tar éis 2022.
Airteagal 106b
Bearta bainistíochta
1. Déanfaidh na Ballstáit faireachán ar ghníomhaíochtaí iascaireachta sa limistéar srianta (sna limistéir shrianta) iascaigh in uiscí faoina ndlínse nó faoina gceannasacht.
2. Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún, ar bhonn bliantúil, liosta de na soithí iascaireachta údaraithe mar a liostaítear in Iarscríbhinn XIX, in éineacht leis an iarracht agus an acmhainneacht atá bainteach leo, agus aon pharaiméadar thairis sin a liostaíonn CEE a bheith ábhartha.
3. Seolfaidh an Coimisiún an liosta a bhunaítear i mír 2 chuig Rúnaíocht CGIM gan mhoill.
Airteagal 106c
Bailiú sonraí, faireachán agus taighde
1. Forbróidh na Ballstáit plean faireacháin eolaíoch le haghaidh gach Limistéir Shrianta Iascaigh, lena n‑áirítear sraith straitéisí agus treoirlínte comhtháite ionas go soláthrófar an fhaisnéis is gá chun measúnú a dhéanamh ar a éifeachtaí a atógann an limistéar srianta iascaigh na stoic agus chun na gnáthóga agus na héiceachórais mhuirí leochaileacha a chosaint.
Déanfaidh siad torthaí an phlean dá dtagraítear sa chéad mhír a thuairisciú don Choimisiún gach bliain.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh longúinéirí an méid seo a leanas:
(a) faisnéis maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta, sonraí gabhála príomhspeiceas dá dtagraítear in Airteagail 4, 15, 24, 33, 40, 59, 68, 75, 77a, 78, 84, 93 agus 98, gabhálacha de thaisme, scaoileadh agus/nó aischur speiceas íogair a liostaítear in Iarscríbhinn II nó Iarscríbhinn III a ghabhann leis an bPrótacal maidir le Limistéir atá faoi Chosaint Speisialta agus maidir le hÉagsúlacht Bhitheolaíoch sa Mheánmhuir, a thaifeadadh sa logleabhar leictreonach nó i ndoiciméad coibhéiseach i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta agus na ceanglais tuairiscithe sonraí sna moltaí ábhartha ó CGIM;.;
(b)
an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) a thuairisciú do na húdaráis náisiúnta, chun fógra a thabhairt laistigh dá dtuairisciú náisiúnta bliantúil i gcomhréir le lámhleabhar DCRF 2, agus don Choimisiún.
3. Féadfaidh na Ballstáit aon bheart breise a ghlacadh chun feabhas a chur ar bhailiú sonraí i bhfianaise an fhaireacháin eolaíoch ar phríomhspeicis.
4. Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis atá sna tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 agus an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3 chuig Rúnaíocht CGIM.
Airteagal 106d
Rialú agus tuairisciú
1. Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún, tráth nach déanaí ná an 15 Aibreán gach bliain, an liosta de na soithí údaraithe a dhéanann iascaireacht i dtréimhsí coiscthe sealadacha gach Limistéir Shrianta Iascaigh lena mbaineann. I gcás gach soithigh, beidh an fhaisnéis a mhionsonraítear in Iarscríbhinn XIX sa liosta. Cuirfidh an Coimisiún an liosta sin in iúl do Rúnaíocht CGIM faoin 30 Aibreán gach bliain.
2. Soithí iascaireachta atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh i gcrios B, beidh siad feistithe le cianfhaireachán leictreonach a úsáideann minicíocht mhéadaithe tarchurtha sonraí chomh maith le logleabhar leictreonach in ord ceart oibre nó doiciméad coibhéiseach, agus déanfar an trealamh iascaireachta atá ar bord nó in úsáid a shainaithint, a uimhriú agus a mharcáil go cuí roimh thús aon oibríochta iascaireachta nó aon loingseoireachta laistigh den Limistéar Srianta Iascaigh. A mhéid is féidir, is é a bheidh sa mhinicíocht tarchurtha sonraí córas um fhaireachán soithí (VMS nó córas aitheantais uathoibrithe) gach 30 nóiméad ar a laghad ar dhul isteach do shoitheach iascaireachta in aon chrios de Limistéar Srianta Iascaigh.
3. Breithneofar gur sárú tromchúiseach é iascaireacht a dhéanamh i limistéir agus i dtréimhsí toirmiscthe. An soitheach a dhéanann an sárú tromchúiseach sin, áiritheoidh an Ballstát brataí go scoirfidh sé láithreach dá ghníomhaíochtaí iascaireachta agus go bhfillfidh sé ar an gcalafort lena imscrúdú.
4. Faoin 15 Bealtaine gach bliain, seolfaidh na Ballstáit tuarascáil chuig an gCoimisiún maidir leis na bearta bainistíochta a rinneadh sna Limistéir Shrianta Iascaigh. Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena bhforlíontar an Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 140 den Rialachán seo agus le hAirteagal 18(1) go (6) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 i leith inneachar na tuarascála, mar a chomhaontófar ar leibhéal CGIM.
5. Beidh an méid seo a leanas sa tuarascáil dá bhforáiltear i mír 2:
(a) faisnéis maidir leis na bearta caomhnúcháin, rialaithe agus bainistíochta;
(b) an liosta de shoithí údaraithe agus faisnéis ghaolmhar maidir le húdaruithe sa Limistéar Srianta Iascaigh;
(c) torthaí na scéimeanna cigireachta lena n‑áirítear ar a laghad an líon sáruithe a braitheadh, an cineál sáraithe agus na smachtbhannaí a cuireadh i bhfeidhm;
(d) faisnéis maidir le gníomhaíochtaí sa Limistéar Srianta Iascaigh (e.g. iascaireacht, idirthuras);
(e) plean gníomhaíochta, a mhéid a bhaineann leis na soithí agus na húinéirí soithigh ar sainaithníodh sáruithe a bheith déanta acu, chun an faireachán ar na soithí faoina mbratach lena mbaineann an Limistéar Srianta Iascaigh a threisiú.
7. Seolfaidh an Coimisiún an tuarascáil dá dtagraítear i mír 3 chuig Rúnaíocht CGIM faoin 31 Bealtaine gach bliain.’;
(55) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 107:
‘Airteagal 107
Limistéar srianta iascaigh a bhunú
1. Tá limistéar srianta áirithe iascaigh bunaithe in oirthear Mhurascaill an Leoin, atá crioslaithe le línte lena gceanglaítear na comhordanáidí geografacha a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn XI.
2. I gCuid A Crios (1), toirmeascfar soithí iascaireachta gairmiúla a dhíríonn ar stoic ghrinnill trí úsáid a bhaint as eangacha tarraingthe, spiléir ghrinnill agus mheánuisce agus eangacha grinneallsocraithe agus toirmeascfar gníomhaíocht iascaireachta áineasa.
3. Gníomhaíochtaí iascaireachta a dhíríonn ar stoic ghrinnill trí úsáid a bhaint as eangacha tarraingthe, spiléir ghrinnill agus mheánuisce chomh maith le heangacha grinneallsocraithe, beidh toirmeasc orthu i gCuid A Crios (2) ón 1 Samhain go dtí an 30 Aibreán gach bliain.’;
(56) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 108:
‘Airteagal 108
Iarracht iascaireachta
1.
I gcás na stoc grinnill, ní dhéanfaidh iarracht iascaireachta (laethanta ar muir) na soithí a úsáideann eangacha tarraingthe, spiléir ghrinnill agus spiléir mheánuisce agus eangacha grinneallsocraithe sa limistéar srianta iascaigh dá dtagraítear in Airteagal 107 leibhéal na hiarrachta iascaireachta a shárú a cuireadh i bhfeidhm ag gach Ballstát ar leith sa limistéar sin in 2008.
2. Ní aistreoidh na Ballstáit an iarracht idir soithí atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh sa Limistéar Srianta Iascaigh ach a bhfuil a dtrealamh éagsúil.’;
(57) Scriostar Airteagal 112.
(58) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 113:
‘Airteagal 113
Limistéir Shrianta Iascaigh
1. Déanfar iascaireacht le heangacha tráil ghrinnill a thoirmeasc sna limistéir seo a leanas:
|
(1)
|
limistéar srianta iascaigh ‘Taobh Thoir de Bhanc na nEachtraí’ atá crioslaithe le línte lena gceanglaítear na comhordanáidí a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn XI;
|
|
(2)
|
limistéar srianta iascaigh ‘Taobh Thiar d’Imchuach Gela’ atá crioslaithe le línte lena gceanglaítear na comhordanáidí a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn XI;
|
|
(3)
|
limistéar srianta iascaigh ‘Taobh Thoir de Bhanc Mhálta’ atá crioslaithe le línte lena gceanglaítear na comhordanáidí a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn XI.
|
2. Aon ghníomhaíocht iascaireachta grinnill, lena n‑áirítear iascach áineasa, beag beann ar fhad foriomlán na soithí, ní cheadófar í sna Limistéir Shrianta Iascaigh dá dtagraítear i mír 1’;
(59) in Airteagal 115, cuirtear an mhír 4 seo a leanas isteach:
‘4. Beidh toirmeasc ar ghníomhaíocht iascaireachta le peas‑saighní agus tráil pheiligeacha a dhíríonn ar ainseabhaithe nó sairdíní sa limistéar atá crioslaithe le línte lena gceanglaítear na comhordanáidí a leagtar amach i gCuid D d’Iarscríbhinn XI.’;
(60) i dTeideal III, i gCaibidil I, cuirtear isteach na ranna seo a leanas:
‘Roinn V
Trasloingsithe
Airteagal 120 a
Raon feidhme
1. Gan dochar d’Airteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, leis an roinn seo rialaítear oibríochtaí trasloingsithe i Limistéar CGIM, dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I.
2. Toirmeascfar trasloingsithe ar muir lasmuigh d’uiscí an Aontais, seachas i gcás force majeure arna bhrath go dlíthiúil ag údarás rialaithe laistigh de limistéar chur i bhfeidhm CGIM.
3. Ní cheadófar trasloingsithe ach i gcalafoirt, láithreacha tabhairt i dtír nó áiteanna gar don chladach atá údaraithe chun na críche sin, faoi réir údarú agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa roinn seo.
4. Ní dhéanfar trasloingsiú má áirítear aon cheann de na soithí atá páirteach i liosta soithí NNN CGIM.
5. Chun críoch na roinne seo, ní bhreithneofar gur trasloingsiú é athshocrú, gníomhaíochtaí trálaeireachta péire ná oibríochtaí iascaireachta ina mbíonn gníomhaíocht chomhpháirteach (oibríochtaí iascaigh comhpháirteacha) á déanamh ag dhá shoitheach iascaireachta nó níos mó ó na Ballstáit nó ó pháirtithe conarthacha CGIM.
Airteagal 120b
Oibríochtaí trasloingsithe ag an gcalafort
1. Ní cheadófar oibríocht trasloingsithe ag an gcalafort ach faoi réir údarú arna thabhairt ag údaráis na mBallstát cósta agus údaráis na soithí.
2. Eiseofar an t‑údarú dá dtagraítear i mír 1 i gcás ina bhfíoróidh údaráis bhrataí an tsoithigh go bhfuil na gníomhaíochtaí a dhéanann na soithí atá rannpháirteach sa trasloingsiú i gcomhréir le bearta caomhnúcháin CGIM agus nár ghabh na soithí do ghníomhaíochtaí iascaireachta NNN.
3. Ní mór an t‑údarú dá dtagraítear i mír 2 a choimeád ar bord an tsoithigh deontóra agus a chur ar fáil le linn cigireachta nó nós imeachta rialaithe.
4. Tabharfaidh máistir an tsoithigh iascaireachta deontóra fógra d’údaráis Bhallstát an chalafoirt faoi aitheantas an tsoithigh ghlactha, an dáta, an t‑am agus an calafort ina dtarlóidh an trasloingsiú, 48 n‑uair an chloig ar a laghad roimh an oibríocht trasloingsithe.
5. Is éard a bheidh san aitheantas dá dtagraítear i mír 4, ainm an tsoithigh, uimhir na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta, uimhir chlár CGIM, an mharcáil sheachtrach, an calafort clárúcháin agus bratach an tsoithigh iascaireachta.
6. Tarchuirfidh máistir an tsoithigh ghlactha dearbhú trasloingsithe CGIM chuig údaráis inniúla an Stáit a dtarlóidh an tabhairt i dtír ann 48 n‑uair a chloig roimh an tabhairt i dtír.
7. Déanfaidh máistir an tsoithigh ghlactha, tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig roimh thús an trasloingsithe, faisnéis maidir leis na gabhálacha agus an táirge iascaigh ar bord a chomhlánú agus a tharchur chuig údaráis an chalafoirt. Tuairisceofar gabhálacha trí speicis agus meáchan nó an líon aonán i gcás inarb ábhartha a shonrú.
8. Ceanglóidh an Ballstát ar mháistir an tsoithigh iascaireachta deontóra a eisíonn an t‑iarratas an fhaisnéis seo a leanas a tharchur:
(a)
speiceas de réir alfa‑chód aitheantais Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO) agus de réir fhoirm an táirge;
(b)
gabhálacha ar bord atá le trasloingsiú, in kg beomheáchain, i meáchan próiseáilte agus/nó an líon aonán i gcás inarb ábhartha;
(c)
suíomh geografach na ngabhálacha (mar a thaifeadtar sa logleabhar);
(d)
an láthair agus an dáta atáthar ag brath an trasloingsiú a dhéanamh;
(e)
faisnéis maidir leis an soitheach glactha, ainm, uimhir chlárúcháin, uimhir IMO, bratach.
9. Déanfaidh na Ballstáit faireachán ar shoithí nach bhfuil faoina mbratach agus a bhfuil rochtain ar a gcalafoirt á lorg acu agus cuirfidh siad cosc ar na soithí sin a bheith ag gabháil d’iascaireacht agus/nó do ghníomhaíochtaí a bhaineann leis an iascaireacht de shárú ar aon bheart caomhnúcháin CGIM.
Airteagal 120c
Dearbhuithe Trasloingsithe CGIM
1. Máistrí soithí iascaireachta ar mó a bhfad foriomlán ná 15 mhéadar atá faoina mbratach agus atá páirteach in oibríocht trasloingsithe, comhlánóidh siad dearbhú trasloingsithe CGIM i gcomhréir le hIarscríbhinn XX agus sonróidh siad go sonrach na cainníochtaí uile de gach speiceas a thrasloingsítear nó a fhaightear ar mó iad ná 50 kg de choibhéis bheomheáchain agus/nó an líon aonán i gcás inarb ábhartha.
2. Beidh na nithe seo a leanas ar a laghad sa dearbhú trasloingsithe CGIM dá dtagraítear i mír 1:
(a) uimhir aitheantais sheachtrach agus ainm na soithí iascaireachta deontóra agus glactha araon;
(b) cód alfa-3 FAO gach speicis agus an limistéar geografach ábhartha inar tógadh na gabhálacha;
(c) na cainníochtaí measta de gach speiceas i gcileagraim táirgemheáchain, arna miondealú de réir chineál chur i láthair an táirge, nó, i gcás inarb iomchuí, an líon aonán, lena n‑áirítear na cainníochtaí nó na haonáin atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe is infheidhme, mar iontráil ar leithligh;
(d) calafort cinn scríbe an tsoithigh iascaireachta ghlactha;
(e) calafort ainmnithe an trasloingsithe.
3. A luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 48 n‑uair an chloig tar éis an trasloingsithe, cuirfidh máistrí an tsoithigh iascaireachta deontóra agus an tsoithigh iascaireachta ghlactha araon dearbhú trasloingsithe CGIM faoi bhráid na bpáirtithe seo a leanas:
(a) a mBallstát brataí; agus
(b) má rinneadh an trasloingsiú i gcalafort Ballstáit eile nó i gcalafort páirtí chonarthaigh neamh‑Aontais in CGIM, cuirfear an dearbhú trasloingsithe CGIM faoi bhráid údaráis inniúla an chalafoirt lena mbaineann freisin.
4. Ní mór do mháistir an tsoithigh ghlactha agus do mháistir an tsoithigh deontóra an dearbhú trasloingsithe CGIM a shíniú.
5. Beidh máistrí an dá shoitheach araon freagrach as cruinneas na sonraí a thaifeadtar ina ndearbhú trasloingsithe CGIM.
6. Coinneofar cóip den dearbhú trasloingsithe CGIM ar bord gach soithigh go dtí go dtabharfar na gabhálacha agus na táirgí uile i dtír.
Airteagal 120d
Bearta faireacháin agus rialaithe
1. I gcás gach speicis, 10 % a bheidh sa chorrlach lamháltais a cheadófar le haghaidh na meastachán a thaifeadtar i ndearbhú trasloingsithe CGIM ar na cainníochtaí beomheáchan éisc i gcileagraim arna dtrasloingsiú nó arna bhfáil.
2. Déanfaidh na húdaráis chalafoirt athbhreithniú ar an bhfaisnéis a fhaightear, i gcomhar le húdaráis bhrataí na soithí más gá, chun comhsheasmhacht idir gabhálacha, trasloingsithe agus tabhairt i dtír thuairiscithe gach soithigh a chinneadh. Déanfar an fíorú sin sa chaoi go mbeidh an oiread is lú de chur isteach nó de mhíchaoithiúlacht ann don soitheach agus go seachnófar aon díghrádú ar an iasc.
3. Ceanglófar ar gach soitheach deontóra agus glactha atá údaraithe chun trasloingsiú a dhéanamh córas oibríochtúil um fhaireachán soithí a bheith ar bord acu agus a úsáid i gcomhréir leis na híoschaighdeáin dá dtagraítear i Moladh CGIM/33/2009/7.
Airteagal 120e
Tuairisciú
1. Déanfaidh na Ballstáit an liosta de chalafoirt, láithreacha tabhairt i dtír agus áiteanna gar don chladach ina gceadaítear oibríochtaí trasloingsithe faoin roinn seo a thuairisciú don Choimisiún faoin 15 Aibreán gach bliain.
2. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a thuairisciú do Rúnaíocht CGIM faoin 30 Aibreán gach bliain.
3. Déanfaidh na Ballstáit aon fhaisnéis ábhartha maidir le cur chun feidhme Mholadh CGIM/45/2022/14 a thuairisciú don Choimisiún faoin 15 Aibreán gach bliain.
4. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a bhunaítear i mír 3 a sheoladh do Rúnaíocht CGIM faoin 30 Aibreán gach bliain.
Roinn VI
Iascaigh áineasa sa Mheánmhuir
Airteagal 120f
Raon feidhme
Leis an roinn seo, bunaítear na híosrialacha maidir le bainistíocht, rialú agus faireachán ar ghníomhaíochtaí iascaireachta áineasa sa Mheánmhuir, FLGanna 1 go 27, dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I.
Airteagal 120 g
Toirmisc
Gan dochar do na forálacha níos déine a leagtar síos in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2019/1241, beidh toirmeasc ar na nithe seo a leanas:
(a) a bheith ag gabháil d’iascaireacht áineasa gan ceadúnas nó clárú iascaireachta bailí, i gcomhréir leis an gcaibidil seo agus ó dháta a cur i bhfeidhm;
(b) gabhálacha ó ghníomhaíochtaí iascaireachta áineasa a dhíol nó a thrádáil;
(c) aon eiseamal a choinneáil ar de na speicis a liostaítear in Iarscríbhinn XX maidir le Speicis atá faoi Thoirmeasc é;
(d) aon eiseamal a choinneáil ar lú é na ná híosmhéideanna tagartha caomhnaithe arna nglacadh ag CGIM;
(e) iascaireacht a dhéanamh sna limistéir atá cosanta trí bhíthin chinntí CGIM agus i gcomhréir leo, go háirithe na gnáthóga íogaire agus na Limistéir Shrianta Iascaigh a bhunaítear chun Gnáthóga Fíor‑riachtanacha Éisc (EFHanna) agus Éiceachórais Mhuirí Leochaileacha (VMEnna) a chosaint agus limistéir ina bhfuil toirmeasc sonrach ar iascaireacht áineasa faoi reachtaíocht na mBallstát.
(f) iascaireacht a dhéanamh faoi uisce le gaireas uathrialaitheach análaithe;
(g) iascaireacht a dhéanamh faoi uisce ó luí go héirí na gréine;
(h) sleánna láimhe nó sleághunnaí agus gaireas uathrialaitheach análaithe (uathscamhóg) a bheith i seilbh duine i gcomhthráth;
(i) iascaireacht a dhéanamh le substaintí tocsaineacha, támhaithe nó creimneacha, le pléascáin nó le sruth leictreach.
Airteagal 120h
Ceadúnais
Déanfaidh na Ballstáit, faoin 1 Eanáir 2025, scéim um cheadúnú éigeantach nó clárlann lena gcumhdaítear gach iascaire áineasa a chur i bhfeidhm agus a choinneáil ar bun.
Airteagal 120i
Rialú agus forfheidhmiú
1. Déanfaidh na Ballstáit córas chun rialú agus faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iascaireachta áineasa, a chomhlánaíonn pleananna náisiúnta rialaithe atá ann cheana, a bhunú agus a chur chun feidhme i ndáil le gníomhaíochtaí iascaireachta áineasa a dhéantar ar bord soithí.
Beidh córas den sórt sin bunaithe ar anailís riosca, agus minicíocht gníomhaíochtaí iascaireachta áineasa agus na bagairtí a bhaineann leo d’acmhainní bitheolaíocha na mara á gcur san áireamh, go háirithe maidir leis na toirmisc a liostaítear in Airteagal 120g.
3.Déanfaidh na Ballstáit córas éifeachtach smachtbhannaí in aghaidh aon sárú ar na rialacha a leagtar amach sa Chaibidil seo a bhunú agus a chur chun feidhme. Beidh na smachtbhannaí agus na pionóis a ghearrfar éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus cuirfear san áireamh iontu minicíocht gníomhaíochtaí iascaireachta áineasa agus na bagairtí a bhaineann leo d’acmhainní bitheolaíocha na mara, go háirithe maidir leis na toirmisc a liostaítear in Airteagal 120g.
Airteagal 120j
Bailiú sonraí
Gan dochar do na forálacha níos déine a leagtar síos in Airteagal 55 de Rialachán (CE) 1224/2009, déanfaidh na Ballstáit seiceálacha agus suirbhéanna samplacha ar na gníomhaíochtaí iascaireachta áineasa a dhéantar in uiscí an Aontais ar a gcríoch.
Airteagal 120k
Tuairisciú sonraí
1. Tuairisceoidh na Ballstáit na heilimintí a liostaítear thíos don Choimisiún faoin 15 Eanáir gach bliain:
(a) an liosta speiceas a dtoirmeasctar iascaireacht áineasa a dhéanamh orthu faoi reachtaíocht náisiúnta agus/nó áitiúil;
(b) na modhanna iascaireachta a thoirmeasctar i gcás iascaireacht áineasa faoin reachtaíocht náisiúnta agus/nó áitiúil;
(a) na limistéir shonracha ina bhfuil toirmeasc ar iascaireacht áineasa faoi reachtaíocht náisiúnta agus/nó áitiúil;
(a) an liosta speiceas a rialáiltear le haghaidh iascaireacht áineasa faoi reachtaíocht náisiúnta agus/nó áitiúil;
(a) aon bheart lena rialáiltear gníomhaíochtaí iascaireachta áineasa faoi reachtaíocht náisiúnta agus/nó áitiúil.
2. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a bhunaítear i mír 1 a thuairisciú do Rúnaíocht CGIM faoin 31 Eanáir gach bliain.’;
(61) in Airteagal 122, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Áireofar sa liosta a shonraítear i mír 1 an fhaisnéis a leagtar amach sa chéad cholún d’Iarscríbhinn XXIII agus an fhaisnéis seo a leanas:
(a)
uimhir CFR an tsoithigh agus a mharcáil sheachtrach, mar a shainmhínítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/218;
(b)
an tréimhse ar lena linn a údaraítear iascaireacht agus/nó trasloingsiú a dhéanamh;
(c)
an trealamh iascaireachta a úsáidtear.’;
(62) Leasaítear Airteagal 128 mar a leanas:
(a) i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
‘(b) fianaise arna tuairisciú ag na Ballstáit a thacaíonn le toimhde ghníomhaíochtaí iascaireachta NNN, lena n‑áirítear faisnéis maidir le haitheantas an tsoithigh lena mbaineann.’;
(b) cuirfear isteach na míreanna 4 go 6 seo a leanas:
‘4. Faoi raon feidhme na roinne seo, meastar go mbeidh gníomhaíochtaí iascaireachta NNN déanta ag soithí iascaireachta i limistéar CGIM i gcás ina gcuirfidh Ballstát fianaise i láthair go ndearna na soithí sin ceann amháin de na gníomhaíochtaí seo a leanas nó níos mó de shárú ar bhearta caomhnúcháin CGIM:
(a) na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c), (e), (i) agus (j) d’Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008;
(b) éisc a shaothrú i limistéar chur i bhfeidhm CGIM gan náisiúntacht;
(c) éisc a shaothrú i limistéar chur i bhfeidhm CGIM gan uimhir aitheantais soithigh leormhaith;
(d) bheith ag gabháil d’iascaireacht nó do ghníomhaíochtaí a bhaineann leis an iascaireacht, de shárú ar aon bheart caomhnúcháin CGIM eile.
5. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh na Ballstáit imscrúdú ar an ngníomhaíocht iascaireachta NNN líomhnaithe agus/nó faireachán ar na soithí ábhartha.
6. I gcás inarb iomchuí, tabharfaidh na Ballstáit fógra d’úinéir an tsoithigh lena mbaineann gur chuir an Ballstát faisnéis maidir leis an soitheach isteach lena cur san áireamh i ndréachtliosta CGIM de shoithí neamhdhleathacha, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN) agus faoi na hiarmhairtí a bheadh ann dá n‑áireofaí an soitheach sa liosta soithí NNN arna ghlacadh ag CGIM.’ ;
(63) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 130:
‘Airteagal 130
Dréachtliosta soithí NNN CGIM
1. Nuair a gheobhaidh na Ballstáit an dréachtliosta soithí NNN ó Rúnaíocht CGIM:
(a) déanfaidh siad dlúthfhaireachán ar na soithí a áirítear sa dréachtliosta NNN agus cinnfidh siad a ngníomhaíochtaí agus aon athrú a d’fhéadfadh teacht ar ainm, bratach agus/nó úinéir cláraithe.
(b) tabharfaidh siad fógra d’úinéir an tsoithigh faoina bhratach faoina cuimsiú ar dhréachtliosta soithí NNN CGIM agus faoi na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann má dheimhnítear í a bheith ar liosta soithí NNN CGIM arna ghlacadh.
2. Nuair a gheobhaidh na Ballstáit an dréachtliosta soithí NNN ó Rúnaíocht CGIM, féadfaidh siad a mbarúlacha a chur in iúl don Choimisiún de réir mar is iomchuí.
3. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin in iúl do Rúnaíocht CGIM 30 lá ar a laghad roimh sheisiún bliantúil CGIM.
4. Féadfaidh na Ballstáit aon fhaisnéis bhreise a d’fhéadfadh a bheith ábhartha do bhunú liosta soithí NNN CGIM a chur faoi bhráid an Choimisiúin 7 lá ar a dhéanaí roimh sheisiún bliantúil CGIM.
5. Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht CGIM roimh sheisiún bliantúil CGIM.’;
(64) cuirtear isteach an tAirteagal 130 a seo a leanas idir Airteagal 130 agus Airteagal 131:
‘Airteagal 130a
Soithí a amharc
1. Baileoidh na Ballstáit, trí oibríochtaí forfheidhmithe agus faireachais arna ndéanamh ag a n‑údaráis inniúla i limistéar chur i bhfeidhm CGIM, a mhéid faisnéise is féidir aon uair a amharctar soitheach faoi bhratach eachtrach nó ar shoitheach gan náisiúntacht nó a bhfuil náisiúntacht neamhchinntithe aici agus í ag gabháil d’iascaireacht nó do ghníomhaireachtaí a bhaineann leis an iascaireacht a mheastar a bheith neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte.
2. Baileoidh na Ballstáit faisnéis maidir le hamhairc ar shoithí i gcomhréir leis an mbileog faisnéise amhairc a leagtar amach in Iarscríbhinn VII.
3. I gcas ina n‑amharcfar soitheach, tabharfaidh an Ballstát amhairc fógra faoin mbileog faisnéise amhairc agus soláthróidh sé aon íomhá thaifeadta den soitheach, gan mhoill, d’údaráis iomchuí an Bhallstáit brataí nó do Pháirtithe Conarthacha CGIM nó do pháirtithe neamhchonarthacha brataí an tsoithigh a amharcfar, agus:
(a) I gcás ina mbeidh an soitheach a amharcfar faoi bhratach Bhallstáit, déanfaidh an Ballstát brataí, gan moill mhíchuí, gníomhaíocht iomchuí i ndáil leis an soitheach i gceist. An Ballstát amhairc agus Ballstát brataí an tsoithigh a amharcfar, soláthróidh siad araon faisnéis maidir leis an amharc don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (EFCA), lena n‑áirítear sonraí i dtaca le haon ghníomhaíocht leantach a dhéanfar;
(b) I gcás ina mbeidh an soitheach a amharcfar faoi bhratach páirtí chonarthaigh eile in CGIM, bratach páirtí neamhchonarthaigh nó bratach neamhchinntithe, nó i gcás ina mbeidh sí gan náisiúntacht, soláthróidh an Ballstát amhairc an fhaisnéis iomchuí uile a bhaineann leis an amharc don Choimisiún agus do EFCA gan moill mhíchuí. Tarchuirfidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, an fhaisnéis amhairc chuig Rúnaíocht CGIM.
5. Ballstáit a dhéanann bordáil ar shoitheach atá ag oibriú gan náisiúntacht, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan mhoill faoi. Tabharfaidh an Coimisiún fógra do Rúnaíocht CGIM gan mhoill.
6. An fhaisnéis ábhartha a bhailíonn na Ballstáit le linn dóibh bordáil a dhéanamh ar shoithí páirtithe neamhchonarthacha a dhéanann iascaireacht nó gníomhaíochtaí a bhaineann leis an iascaireacht ar speicis a chumhdaítear le bearta bainistithe iascaigh CGIM in uiscí atá níos faide amach ná an dlínse náisiúnta ach i limistéar chur i bhfeidhm CGIM, tuairisceoidh siad láithreach don Choimisiún í. Cuirfidh an Coimisiún Rúnaíocht CGIM ar an eolas gan mhoill.
7. Déanfaidh soithí iascaireachta agus tacaíochta na mBallstát a oibríonn i limistéar chur i bhfeidhm CGIM faisnéis ábhartha a bhailiú agus a thuairisciú dá n‑údaráis intíre ábhartha chun tacú leis an bpróiseas amhairc ar shoithí a leagtar amach san Airteagal seo.
8. Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena bhforlíontar an Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 140 den Rialachán seo agus le hAirteagal 18(1) go (6) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 i leith na sonraí atá le háireamh in Iarscríbhinn VII.’;
(65) in Airteagal 139, mír 1, cuirtear na pointí seo a leanas isteach:
‘(11) Cur chun feidhme teimpléid nua le haghaidh na n‑amharc faoi Airteagal 130a agus Iarscríbhinn VII;
(12) bearta a bhaineann leis an turbard mar a leagtar amach in Airteagail 90 go 94a.’;
(66) cuirtear an tAirteagal 138a seo a leanas isteach idir Airteagal 138 agus Airteagal 139:
‘Airteagal 138a
Bainistiú sonraí, cosaint sonraí pearsanta agus rúndacht
1. Déanfaidh údaráis na mBallstát agus an Coimisiún na sonraí pearsanta is gá chun Airteagal 15 (1), Airteagal 24(1), Airteagal 30b (4) agus (5), Airteagal 30c, Airteagal 34(1), Airteagal 37b (4) agus (5), Airteagal 37c, Airteagal 47(4), Airteagal 54, Airteagal 63 (4) agus (5), Airteagal 64, Airteagal 70 (2), Airteagal 75c (1), Airteagal 78 (3)(a), Airteagal 94a (1), Airteagal 96c (1), Airteagal 106d (2), Airteagal 126, Airteagal 128 (3) a chur i bhfeidhm a bhailiú agus a phróiseáil chun na gcríoch seo a leanas:
(a)
na hoibleagáidí a chomhlíonadh i ndáil le faisnéis soithí iascaireachta ábhartha a shainaithint agus malartuithe sonraí iascaigh a dhéanamh i gcomhréir le Airteagal 15, Airteagal 24, Airteagal 34, Airteagal 47, Airteagal 70, Airteagal 77, Airteagal 78, Airteagal 94a agus Airteagal 96c den Rialachán seo; agus
(b)
faireachán, rialú, cigireacht agus faireachas a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iascaireachta i gcomhréir le hAirteagal 54, Airteagail 30b agus 30c, Airteagail 37b agus 37c, Airteagail 63 agus 64, Airteagal 126, Airteagal 106d agus Airteagal 128 den Rialachán seo.
2. Ní dhéanfar sonraí pearsanta a fhaightear i gcomhréir leis an Rialachán seo a stóráil ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá chun na críche a bailíodh iad agus, in aon chás, níos faide ná 5 bliana ón mbailiú, seachas i gcás sonraí pearsanta is gá chun go bhféadfar gearáin, sáruithe agus imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin a fhiosrú, ar sonraí iad a fhéadfar a choinneáil go dtí deireadh an nós imeachta lena mbaineann, na n‑imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha nó an ama is gá chun smachtbhannaí a chur i bhfeidhm. Má dhéantar an fhaisnéis a choinneáil ar feadh tréimhse níos faide, déanfar na sonraí a anaithnidiú.
3. Measfar gur rialaitheoirí mar a shainmhínítear in Airteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2016/679 iad údaráis na mBallstát i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a bhailíonn siad agus a tharchuireann siad de bhun an Rialacháin seo.
4. Measfar gur rialaitheoirí mar a shainmhínítear in Airteagal 3(8) de Rialachán (AE) 2018/1725 é an Coimisiún i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a bhailíonn sé agus a tharchuireann sé de bhun an Rialacháin seo.
5. I dteannta na n‑oibleagáidí a shuitear le Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725, déanfaidh údaráis na mBallstát agus an Coimisiún an méid seo a leanas:
(a)
láimhseáil rúnda a áirithiú agus sonraí leictreonacha á dtarchur agus á bhfáil;
(b)
na bearta is gá chun na forálacha rúndachta agus slándála a leagtar amach sna Moltaí arna bhformheas ag CGIM a chomhlíonadh, lena n‑áirítear prótacail iomchuí chriptiúcháin chun rúndacht agus barántúlacht a áirithiú;
(c)
i gcás inar gá, arna iarraidh sin do Rúnaíocht CGIM, tuarascálacha nó teachtaireachtaí leictreonacha a cheartú nó a scriosadh, ar tuarascálacha nó teachtaireachtaí iad arna bpróiseáil ar bhealach nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo;
(d)
a áirithiú nach stóráiltear agus nach n‑úsáidtear sonraí leictreonacha ach amháin chun faireachán, rialú, cigireacht agus forfheidhmiú a dhéanamh nó chun críoch eile a shonraítear sa Rialachán seo; agus
(e)
a áirithiú go n‑úsáidfear córais tarchurtha sonraí arna dtástáil go cuí le Rúnaíocht CGIM gach uair a dhéanfar sonraí leictreonacha a tharchur.
6. Áiritheoidh údaráis na mBallstát agus an Coimisiún slándáil phróiseáil na sonraí pearsanta i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, lena n‑áirítear próiseáil sonraí pearsanta ag na húdaráis a bhfuil sé de cheart acu rochtain a fháil ar bhunachair sonraí iascaigh ábhartha. Go sonrach, glacfaidh siad na bearta is gá chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:
(a)
sonraí a chosaint go fisiciúil, lena n‑áirítear pleananna teagmhasacha a dhéanamh d’fhonn bonneagar criticiúil a chosaint;
(b)
cosc a chur ar léamh, cóipeáil, modhnú nó scriosadh neamhúdaraithe ar mheáin sonraí;
(c)
iontráil neamhúdaraithe sonraí agus modhnú nó scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta atá ar taifead nó rochtain orthu a chosc;
(d)
bac a chur ar phróiseáil neamhúdaraithe sonraí maille le cóipeáil, modhnú nó scriosadh neamhúdaraithe sonraí;
(e)
a áirithiú nach mbeidh rochtain ag na daoine a bhfuil údarú rochtana acu ar na bunachair sonraí ábhartha iascaigh ach ar na sonraí sin a chumhdaítear faoina n‑údarú rochtana, trí chéannacht úsáideora ar leithligh agus modhanna rochtana rúnda amháin a úsáid;
(f)
a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuíomh cé na comhlachtaí a bhféadfar sonraí pearsanta a tharchur chucu, cé na sonraí a próiseáladh sna bunachair sonraí ábhartha iascaigh, cén uair a próiseáladh iad, cé a phróiseáil iad agus cad chuige;
(g)
léamh, cóipeáil, modhnú nó scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta a chosc, go háirithe le teicnící criptithe iomchuí, agus sonraí pearsanta á dtarchur chuig na bunachair sonraí ábhartha iascaigh nó uathu, nó le linn iompar meán sonraí; agus
(h)
faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart slándála dá dtagraítear sa mhír seo agus na bearta eagrúcháin um fhaireachán inmheánach is gá a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil siad i gcomhréir leis an Rialachán seo.’;
(67) Ionadaítear Iarscríbhinní VII, VIII agus XI mar a leagtar amach i bpointe (1) den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
(68) Cuirtear Iarscríbhinní XVII, XVIII, XIX, XX, XXI, XXII agus XXIII isteach mar a leagtar amach i bpointe (2) den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit uile.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,30.4.2024
COM(2024) 183 final
IARSCRÍBHINNÍ
a ghabhann leis an
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2023/2124 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2023 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CGIM (An Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir)
IARSCRÍBHINN
(1) Cuirfear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinní VII, VIII agus XI:
‘IARSCRÍBHINN VII
BILEOG FAISNÉISE AMHAIRC
|
BILEOG FAISNÉISE AMHAIRC
|
|
1. Dáta an amhairc:
Am
Lá
Mí
Bliain
|
|
2. Suíomh an tsoithigh a amharcadh:
Domhanleithead
Domhanfhad
|
|
3. Ainm an tsoithigh a amharcadh:
|
|
4. An Stát brataí:
|
|
5. Calafort clárúcháin (agus tír chlárúcháin):
|
|
6. Cineál soithigh:
|
|
7. Comhartha Aitheantais Idirnáisiúnta Raidió:
|
|
8. Uimhir Chlárúcháin:
|
|
9. uimhir chlár cabhlaigh CGIM:
|
|
10. Uimhir IMO:
|
|
11. Fad foriomlán measta agus olltonnáiste:
m
GT
|
|
12. Tuairisc ar threalamh iascaireachta (más infheidhme):
Cineál:
Cainníocht mheasta (aonaid)
|
|
13. Náisiúntacht an chaptaein:
Oifigeach:
Criú:
|
|
14. Staid an tsoithigh (Déan é a sheiceáil):
[ ] Iascaireacht
[ ] Cúrsáil
[ ] Imeacht le sruth
[ ] Soláthar
[ ] Trasloingsiú
[ ] Eile (sonraigh)
|
|
15. Cineál gníomhaíochtaí an tsoithigh a amharcadh (tabhair tuairisc):
|
|
16. Tuairisc ar an soitheach agus an trealamh iascaireachta a sainaithníodh:
|
|
17. Faisnéis ábhartha eile:
|
|
18. Liosta de na doiciméid i gceangal (amhail grianghraif etc.):
19. Is é an duine seo a leanas a bhailigh an fhaisnéis thuas:
Ainm:
Teideal:
Modh amhairc (lena n‑áirítear ainm agus suíomh an tsoithigh/aerárthaigh, i gcás inarb iomchuí):
Dáta:
(lá) (mí) (bliain)
Síniú:
|
IARSCRÍBHINN VIII
SONRAÍ ATÁ LE CUR SAN ÁIREAMH I LIOSTA NA SOITHÍ
An liosta dá dtagraítear in Airteagail 15, 24, [Ní dhéantar foráil do liosta leis an airteagal sin. Le seiceáil, le haghaidh gach airteagail dá dtagraítear.], 34, 47, 61, 70, 74, 75c, 78 96c agus 116, i dtaca le gach soitheach, beidh an fhaisnéis seo a leanas ann:
·Ainm an tsoithigh (soitheach údaraithe nó soitheach údaraithe a úsáidtear le haghaidh saothrú)
·Uimhir chláir an tsoithigh (cód arna shannadh ag na Ballstáit)
·Uimhir chlárúcháin CGIM (cód alfa ISO 3 tíre + 9 ndigit, e.g. xxx000000001)
·Calafort clárúcháin (ainm iomlán an chalafoirt)
·Ainm a bhí air roimhe (más ann dó)
·Bratach a bhí aige roimhe seo (más ann di)
·Mionsonraí ar scriosadh ó chláir eile roimhe (más ann dóibh) Comhartha aitheantais idirnáisiúnta raidió (más ann dó)
·VMS (luaigh Tá/Níl)
·Cineál soithigh, fad foriomlán (LOA) agus olltonnáiste (GT) agus/nó olltonnáiste cláraithe (GRT) agus cumhacht innill arna léiriú in kW
·Trealamh sábháilteachta agus slándála chun freastal ar bhreathnóir/ar bhreathnóirí ar bord (sonraigh Tá/Níl) (más infheidhme)
·Príomhspeicis a bhfuiltear ag díriú orthu
·Ainm agus seoladh an úinéara/na n‑úinéirí agus an oibreora/na n‑oibreoirí
·An príomhthrealamh agus leithdháileadh cuid chabhlaigh agus aonad oibríochtúil mar a shainaithnítear sa DCRF (más infheidhme)
·Tréimhse shéasúrach údaraithe le haghaidh iascaireachta:ó LL/MM/BBBB go LL/MM/BBBB agus an trealamh lena mbaineann (más infheidhme)
·Limistéar arna údarú le haghaidh iascaireachta (FLGanna agus/nó dronuilleoga ghreille staidrimh CGIM (más infheidhme)
·Rannpháirtíocht i gcláir taighde ar thionscain institiúidí eolaíochta náisiúnta/idirnáisiúnta (sonraigh Tá/Níl agus tabhair tuairisc) (más infheidhme)
·An líon laethanta iascaireachta ceadaithe do gach soitheach sa bhliain roimhe sin agus an líon laethanta iascaireachta ceadaithe do gach soitheach de réir bliana agus trealaimh (más infheidhme)
·Calafort ainmnithe
·Spriocspeicis (más infheidhme)
IARSCRÍBHINN XI
LIMISTÉIR SHRIANTA IASCAIGH AGUS COMHORDÁNÁIDÍ LIMISTÉIR MHAOLÁNAIGH
A. Limistéar srianta iascaigh i Murascaill an Leoin
Limistéar srianta iascaigh i Murascaill an Leoin oirthearach, atá crioslaithe le línte lena gceanglaítear na comhordanáidí geografacha seo a leanas faoi seach:
Limistéar (1):
— 43°00’ T, 4°49,35’ O
— 43°00’ T, 4°53,7’ O
— 42°55,896’ T, 4°53,7’ O
— 42°55,896’ T, 4°49,35’ O
Limistéar (2):
— 42° 40′ T 4° 20′ O
— 42° 40′ T 5° 00′ O
— 43° 00′ T 4° 20′ O
— 43° 00′ T, 5° 00′ O.
B. Limistéir shrianta iascaigh i gCaolas na Sicile
(1) limistéar srianta iascaigh ‘Taobh Thoir de Bhanc na nEachtraí’ atá crioslaithe le línte lena gceanglaítear na comhordanáidí seo a leanas:
— 37° 23,850′ T 12° 30,072′ O
— 37° 23,884′ T 12° 48,282′ O
— 37° 11,567′ T 12° 48,305′ O
— 37° 11,532′ T 12° 30,095′ O
(2)
limistéar srianta iascaigh ‘Taobh Thiar d’Imchuach Gela’ atá crioslaithe le línte lena gceanglaítear na comhordanáidí seo a leanas:
— 37° 12,040′ T 13° 17,925′ O
— 37° 12,047′ T 13° 36,170′ O
— 36° 59,725′ T 13° 36,175′ O
— 36° 59,717′ T 13° 17,930′ O
(3)
limistéar srianta iascaigh ‘Taobh Thoir de Bhanc Mhálta’ atá crioslaithe le línte lena gceanglaítear na comhordanáidí seo a leanas:
— 36° 12,621′ T 15° 13,338′ O
— 36° 12,621′ T, 15° 26,062 ′ O
— 35° 59,344′ T 15° 26,062′ O
— 35° 59,344′ T, 15° 13,338′ O.
C. Limistéir mhaolánacha i gCaolas na Sicile
(1)
limistéar maolánach thar timpeall ar an limistéar srianta iascaigh ‘Taobh Thoir de Bhanc na nEachtraí’ atá crioslaithe le línte lena gceanglaítear na comhordanáidí seo a leanas:
— 37° 24,849′ T 12° 28,814′ O
— 37° 24,888′ T 12° 49,536′ O
— 37° 10,567′ T 12° 49,559′ O
— 37° 10,528′ T 12° 28,845′ O
(2)
limistéar maolánach thar timpeall ar an limistéar srianta iascaigh ‘Taobh Thiar d’Imchuach Gela’ atá crioslaithe le línte lena gceanglaítear na comhordanáidí seo a leanas:
— 37° 13,041′ T 13° 16,672′ O
— 37° 13,049′ T 13° 37,422′ O
— 36° 58,723′ T 13° 37,424′ O
— 36° 58,715′ T 13° 16,682′ O
(3)
limistéar maolánach thar timpeall ar an limistéar srianta iascaigh ‘Taobh Thoir de Bhanc Mhálta’ atá crioslaithe le línte lena gceanglaítear na comhordanáidí seo a leanas:
— 36° 13,624′ T 15° 12,102′ O
— 36° 13,624′ T 15° 27,298′ O
— 35° 58,342′ T 15° 27,294′ O
— 35° 58,342′ T 15° 12,106′ O
D. Srianta iascaireachta i limistéar Jabuka/Pomo Pit i Muir Aidriad
(1) crioslaithe le línte lena gceanglaítear na comhordanáidí seo a leanas:
— 43° 32,044′ T 15° 16,501′ O
— 43° 05,452′ T 14° 58,658′ O
— 43° 03,477′ T 14° 54,982′ O
— 42° 50,450′ T 15° 07,431′ O
— 42° 55,618′ T 15° 18,194′ O
— 43° 17,436′ T 15° 29,496′ O
— 43° 24,758′ T 15° 33,215′ O
(2) crioslaithe le línte lena gceanglaítear na comhordanáidí seo a leanas:
— 43° 03,477′ T 14° 54,982′ O
— 42° 49,811′ T 14° 29,550′ O
— 42° 35,205′ T 14° 59,611′ O
— 42° 49,668′ T 15° 05,802′ O
— 42° 50,450′ T 15° 07,431′ O
(3) crioslaithe le línte lena gceanglaítear na comhordanáidí seo a leanas:
— 43° 17,436′ T 15° 29,496′ O
— 43° 24,758′ T 15° 33,215′ O
— 43° 20,345′ T 15° 47,012′ O
— 43° 18,150′ T 15° 51,362′ O
— 43° 13,984′ T 15° 55,232′ O
— 43° 12,873′ T 15° 52,761′ O
— 43°13,494' T, 15°40,040' O
E. Limistéar Srianta Iascaigh i ngnáthóga íogaire domhainfharraige
(1)limistéar srianta iascaigh domhainfharraige ‘Sceir Lophelia amach ó Capo Santa Maria di Leuca’ atá crioslaithe le línte lena gceanglaítear na comhordanáidí seo a leanas:
- 39° 27,72′ T, 18° 10,74′ O
- 39° 27,80′ T, 18° 26,68′ O
- 39° 11,16′ T, 18° 32,58′ O
- 39° 11,16′ T, 18° 04,28′ O;
(2)limistéar srianta iascaigh domhainfharraige ‘Púscadh hidreacarbóin fhuar i limistéar dheilte na Níle’ atá crioslaithe le línte lena gceanglaítear na comhordanáidí seo a leanas:
- 31° 30,00′ T, 33° 10,00′ O
- 31° 30,00′ T, 34° 00,00′ O
- 32° 00,00′ T, 34° 00,00′ O
- 32° 00,00′ T, 33° 10,00′ O;
(3)limistéar srianta iascaigh domhainfharraige ‘Tulán Grinnill Eratosthenes’ atá crioslaithe le línte lena gceanglaítear na comhordanáidí seo a leanas:
- 33° 00,00′ T, 32° 00,00′ O
- 33° 00,00′ T, 33° 00,00′ O
- 34° 00,00′ T, 33° 00,00′ O
- 34° 00,00′ T, 32° 00,00′ O.’;
(2) cuirtear na hIarscríbhinní XVII, XVIII, XIX, XX, XXI, XXII agus XXIII seo a leanas isteach:
‘IARSCRÍBHINN XVII
GNÍOMHAÍOCHTAÍ SPEICEAS‑SHONRACHA LE HAGHAIDH EALÁSMABRAINCIACH
Maidir leis an scoirneach (Mustelus asterias, M. mustelus, M. punctulatus):
·measúnú a dhéanamh ar rátaí gabhála de thaisme (foghabháil) agus spriocdhírithe scoirneach sna hiascaigh uile, lena n‑áirítear trálaeir pheiligeacha/mheánuisce ag spriocdhíriú ar pheiligigh bheaga;
·measúnú a dhéanamh ar rátaí marthanais scoirneach a ghabhtar mar fhoghabháil sna hiascaigh éagsúla;
·gnáthóga criticiúla scoirneach a shainaithint;
·réitigh teicneolaíochta iascaireachta a shainaithint chun foghabháil a laghdú agus rátaí marthanais iarscaoilte a mhéadú;
·aon bheart bainistithe iascaigh atá i bhfeidhm a thiomsú, lena n‑áirítear bearta spásúla, a d’fhéadfadh difear dearfach a dhéanamh do chaomhnú scoirneach, más ann dóibh; agus
·measúnú a dhéanamh ar éileamh tosaíochta an mhargaidh (intíre, onnmhairiú, etc.), más ann dó.
Maidir leis an siorc súisteála (Alopias vulpinus):
·measúnú a dhéanamh ar rátaí gabhála de thaisme (foghabháil) agus spriocdhírithe siorcanna súisteála sna hiascaigh uile;
·measúnú a dhéanamh ar rátaí marthanais siorcanna súisteála a ghabhtar mar fhoghabháil sna hiascaigh éagsúla;
·gnáthóga criticiúla siorcanna súisteála a shainaithint;
·réitigh teicneolaíochta iascaireachta a shainaithint chun foghabháil a laghdú agus rátaí marthanais iarscaoilte a mhéadú;
·aon bheart bainistithe iascaigh atá i bhfeidhm a thiomsú, lena n‑áirítear bearta spásúla, a d’fhéadfadh difear dearfach a dhéanamh do chaomhnú siorcanna súisteála, más ann dóibh; agus
·measúnú a dhéanamh ar éileamh tosaíochta an mhargaidh (intíre, onnmhairiú, etc.), más ann dó.
Maidir leis an Siorc guaire (Carcharhinus plumbeus):
·measúnú a dhéanamh ar rátaí gabhála de thaisme (foghabháil) agus spriocdhírithe siorcanna guaire sna hiascaigh uile;
·measúnú a dhéanamh ar rátaí marthanais siorcanna guaire a ghabhtar mar fhoghabháil sna hiascaigh éagsúla;
·gnáthóga criticiúla siorcanna guaire a shainaithint;
·réitigh teicneolaíochta iascaireachta a shainaithint chun foghabháil a laghdú agus rátaí marthanais iarscaoilte a mhéadú;
·aon bheart bainistithe iascaigh atá i bhfeidhm a thiomsú, lena n‑áirítear bearta spásúla, a d’fhéadfadh difear dearfach a dhéanamh do siorcanna guaire, más ann dóibh; agus
·measúnú a dhéanamh ar éileamh tosaíochta an mhargaidh (intíre, onnmhairiú, etc.), más ann dó.
Maidir leis an Siorc slogach (Centrophorus granulosus):
·measúnú a dhéanamh ar rátaí gabhála de thaisme (foghabháil) agus spriocdhírithe siorcanna slogacha sna hiascaigh uile;
·measúnú a dhéanamh ar rátaí marthanais siorcanna slogacha a ghabhtar mar fhoghabháil sna hiascaigh éagsúla;
·gnáthóga criticiúla siorcanna slogacha a shainaithint;
·réitigh teicneolaíochta iascaireachta a shainaithint chun foghabháil a laghdú agus rátaí marthanais iarscaoilte a mhéadú;
·aon bheart bainistithe iascaigh atá i bhfeidhm a thiomsú, lena n‑áirítear bearta spásúla, a d’fhéadfadh difear dearfach a dhéanamh do siorcanna slogacha, más ann dóibh; agus
·measúnú a dhéanamh ar éileamh tosaíochta an mhargaidh (intíre, onnmhairiú, etc.), más ann dó.
Maidir leis an Siorc seacht ngeolbhach biorshrónach (Heptranchias perlo):
·measúnú a dhéanamh ar rátaí gabhála de thaisme (foghabháil) agus spriocdhírithe siorcanna seacht ngeolbhach biorshrónacha sna hiascaigh uile;
·measúnú a dhéanamh ar rátaí marthanais siorcanna seacht ngeolbhach biorshrónacha a ghabhtar mar fhoghabháil sna hiascaigh éagsúla;
·gnáthóga criticiúla siorcanna seacht ngeolbhach biorshrónacha a shainaithint;
·réitigh teicneolaíochta iascaireachta a shainaithint chun foghabháil a laghdú agus rátaí marthanais iarscaoilte a mhéadú;
·aon bheart bainistithe iascaigh atá i bhfeidhm a thiomsú, lena n‑áirítear bearta spásúla, a d’fhéadfadh difear dearfach a dhéanamh do siorcanna seacht ngeolbhach biorshrónacha, más ann dóibh; agus
·measúnú a dhéanamh ar éileamh tosaíochta an mhargaidh (intíre, onnmhairiú, etc.), más ann dó.
Maidir leis an bhFíogach gobach (Squalus acanthias):
·measúnú a dhéanamh ar rátaí gabhála de thaisme (foghabháil) agus spriocdhírithe fíogach gobach sna hiascaigh uile;
·measúnú a dhéanamh ar rátaí marthanais fíogach gobach a ghabhtar mar fhoghabháil sna hiascaigh éagsúla;
·gnáthóga criticiúla fíogach gobach a shainaithint;
·réitigh teicneolaíochta iascaireachta a shainaithint chun foghabháil a laghdú agus rátaí marthanais iarscaoilte a mhéadú;
·aon bheart bainistithe iascaigh atá i bhfeidhm a thiomsú, lena n‑áirítear bearta spásúla, a d’fhéadfadh difear dearfach a dhéanamh d’fhíogaigh ghobacha, más ann dóibh; agus
·measúnú a dhéanamh ar éileamh tosaíochta an mhargaidh (intíre, onnmhairiú, etc.), más ann dó.
Maidir leis an Siorc gorm (Prionace glauca):
·measúnú a dhéanamh ar rátaí gabhála de thaisme (foghabháil) agus spriocdhírithe siorcanna gorma sna hiascaigh uile;
·measúnú a dhéanamh ar rátaí marthanais siorcanna gorma a ghabhtar mar fhoghabháil sna hiascaigh éagsúla;
·gnáthóga criticiúla siorcanna gorma a shainaithint;
·réitigh teicneolaíochta iascaireachta a shainaithint chun foghabháil a laghdú agus rátaí marthanais iarscaoilte a mhéadú;
·aon bheart bainistithe iascaigh atá i bhfeidhm a thiomsú, lena n‑áirítear bearta spásúla, a d’fhéadfadh difear dearfach a dhéanamh do siorcanna gorma, más ann dóibh; agus
·measúnú a dhéanamh ar éileamh tosaíochta an mhargaidh (intíre, onnmhairiú, etc.), más ann dó.
IARSCRÍBHINN XVIII
BEARTA MAOLÚCHÁIN
D’fhéadfadh na heilimintí seo a leanas atá le hoiriúnú de réir sainiúlachtaí gach iascaigh a bheith sna bearta maolúcháin:
·Trealamh iascaireachta a chur isteach istoíche mar rogha (1 uair an chloig amháin tar éis luí na gréine agus 1 uair an chloig amháin roimh bhreacadh an lae);
·Trealamh modhnaithe a úsáid in éineacht le hualú méadaithe. Spreagfar soithí chun cumraíochtaí trealaimh a fhorbairt lena n‑íoslaghdaítear rioscaí d’idirghníomhaíocht éanlaithe mara le codanna den eangach, de na línte agus de na duáin dá bhfuil siad is leochailí;
·Trealamh modhnaithe a úsáid ag a bhfuil líne scanraithe éan aonair ar a laghad agus sraoilleáin dhaite. Féadfaidh na sraoilleáin ar dhathanna geala a bheith gearr nó fada nó an dá rud. Moltar go gceanglófar sraoilleáin ghearra ar eatraimh 1 m agus sraoilleáin fhada ar eatraimh 5 m ar feadh réim aeir na líne. Maidir le soithí iascaireachta ar lú ná 35 mhéadar a bhfad foriomlán, ceanglófar an líne scanraithe éan ag airde 6 mhéadar ar a laghad agus áireofar léi réim aeir de 75 mhéadar, agus sraoilleáin ag baint dromchla an uisce amach gach 5 mhéadar feadh na gcéad 55 mhéadar den líne. Úsáidfear gaireas oiriúnach a tharraingítear chun tarraingt, an réim aeir a uasmhéadú agus chun an líne a choinneáil díreach taobh thiar den soitheach le linn crosghaoth;
·Toirmeasc a chur ar urscaoileadh scairtí agus ábhar muirí aischurtha le linn lámhach agus tarraingt trealaimh iascaireachta. Déanfar eangacha agus cineálacha eile trealaimh iascaireachta a ghlanadh roimh shocrú chun aon rud a bhaint a d’fhéadfadh éanlaith mhara a mhealladh. Ina theannta sin, glacfaidh soithí nósanna imeachta lámhaigh agus tarraingthe lena n‑íoslaghdaítear am ar snámh an trealaimh iascaireachta ar dhromchla an uisce. Ní dhéanfar na heangacha agus na cineálacha eile trealaimh a chothabháil, an oiread agus is féidir, nuair a bhíonn na heangacha nó an trealamh san uisce;
·oiliúint thráthrialta a áirithiú le haghaidh scaoileadh iomchuí agus sábháilte aonán gafa;
·Oibríochtaí iascaireachta a dhéanamh ar bhealach ina dtéann na línte duáin nó na cáblaí faoin uisce a luaithe is féidir lasmuigh de raon éanlaithe mara nuair a chuirtear san uisce iad;
·Líne scanraithe éan a úsáid le linn an trealamh iascaireachta a shocrú chun éanlaith mhara a dhíspreagadh ó theacht chuig na línte duáin nó na cáblaí trálaeireachta;
·Úsáid gaireas eisiamh éan a spreagadh chun éanlaith mhara a dhíspreagadh ó bheith ar thóir foráiste ar bhaoití le linn spiléir a tharraingt;
·A ndícheall a dhéanamh chun a áirithiú go scaoilfear saor ina mbeatha éanlaith mhara a ghabhtar beo le linn oibríochtaí iascaireachta agus go mbainfear na duáin go sábháilte, más gá, gan beatha na n‑éan a chur i mbaol.
IARSCRÍBHINN XIX
LIOSTA FAISNÉISE MIONSONRAITHE FAOIN SOITHEACH ATÁ AG IASCAIREACHT SNA FRAnna
Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar an liosta, i dtaca le gach soitheach agus gach FRA:
·Ainm an tsoithigh (i gcarachtair Laidineacha)
·Uimhir chlárúcháin náisiúnta: An cód lena léirítear aitheantóir oifigiúil an tsoithigh mar a thuairiscítear sa chlár cabhlaigh náisiúnta (teaghrán alfa‑uimhriúil)
·Uimhir chlárúcháin CGIM (cód alfa ISO 3 tíre + 9 ndigit, e.g. xxx000000001)
·Uimhir IMO nó uimhir mharcála sheachtrach
·Údarás clárúcháin: Ainm an Údaráis a d’eisigh clárú an tsoithigh
·Ainm an Limistéir Shrianta Iascaigh
·Ainm a bhí air roimhe (más ann dó)
·Bratach a bhí aige roimhe seo (más ann di)
·Mionsonraí ar scriosadh ó chláir eile roimhe (más ann dóibh)
·Comhartha aitheantais idirnáisiúnta raidió (más ann dó)
·Cineál soithigh, fad foriomlán (LOA) agus olltonnáiste (GT)
·Príomhthrealamh a úsáidtear chun iascaireacht a dhéanamh i gcrios B den FRA
·An spriocspeiceas
·Tréimhse shéasúrach údaraithe le haghaidh iascaireachta sa FRA: Tréimhse údaraithe le haghaidh iascaireachta sa Limistéar Srianta Iascaigh (FRA): ó LL/MM/BBBB go LL/MM/BBBB agus an trealamh lena mbaineann.
·An líon laethanta iascaireachta ceadaithe do gach soitheach.
·An líon laethanta iascaireachta arna n‑oibriú ag an soitheach i gcrios B den Limistéar Srianta Iascaigh le linn na bliana.
IARSCRÍBHINN XX
FAISNÉIS ATÁ LE hÁIREAMH I nDEARBHÚ TRASLOINGSITHE CGIM
|
Gné
|
Soitheach deontóra
|
Soitheach glactha
|
|
1. Ainm an tsoithigh
|
|
|
|
2. An Stát brataí
|
|
|
|
3. An Cineál soithigh (ISSCFV)
|
|
|
|
4. Uimhir aitheantais IMO, más incháilithe
|
|
|
|
5. Uimhir aitheantais sheachtrach, más infhaighte
|
|
|
|
6. Uimhir aitheantais chlárúcháin más difriúil le 5
|
|
|
|
6. Comhartha aitheantais idirnáisiúnta raidió, más infhaighte
|
|
|
|
7. Uimhir aitheantais na seirbhíse muirí soghluaiste, más ann di
|
|
|
|
8. Faisnéis faoi úinéir/chuideachta an tsoithigh
|
|
Ainm:
|
|
|
|
Seoladh:
|
|
|
|
Sonraí teagmhála (ríomhphost agus uimhir theileafóin)
|
|
|
|
9. Sonraí teagmhála an tsoithigh
|
|
Ainm an mháistir
|
|
|
|
Náisiúntacht
|
|
|
|
Uimhir theileafóin
|
|
|
|
Ríomhphost
|
|
|
|
10. Aitheantóir an údaraithe trasloingsithe, más ann dó
|
|
|
|
11. Údarú trasloingsithe arna eisiúint ag
|
|
|
|
12. Tréimhse bhailíochta an údaraithe trasloingsithe
|
|
|
|
13. Am agus dáta an trasloingsithe
|
|
Tús (uair an chloig/lá/mí/bliain)
|
|
|
Deireadh (uair an chloig/lá/mí/bliain)
|
|
|
14. Suíomh an trasloingsithe Calafort/suíomh ar muir (domhanleithead/domhanfhad.)
|
|
|
15. Cainníochtaí ar bord roimh Thrasloingsiú
|
Soitheach deontóra
|
Soitheach glactha
|
|
Limistéar gabhála (limistéir ghabhála)
|
|
|
|
Speiceas (cóid EBT/ASFIS)
|
|
|
|
Foirm an táirge (cineál caomhnaithe agus cur i láthair)
|
|
|
|
Cainníocht (meáchan)
|
|
|
|
16. Éisc thrasloingsithe
|
Soitheach deontóra
|
Soitheach glactha
|
|
Limistéar gabhála (limistéir ghabhála)
|
|
|
|
Speiceas (cóid EBT/ASFIS)
|
|
|
|
Foirm an táirge (cineál caomhnaithe agus cur i láthair)
|
|
|
|
Cainníocht (meáchan)
|
|
|
|
17. Síniú
|
Soitheach deontóra
|
Soitheach glactha
|
|
Síniú an mháistir
|
|
|
IARSCRÍBHINN XXI
SPEICIS ATÁ FAOI THOIRMEASC
|
Mamaigh mhuirí (gach speiceas)
|
|
Éin mhuirí (gach speiceas)
|
|
Reiptílí muirí (gach speiceas)
|
|
Speicis a liostaítear in Aguisíní I agus II faoin gCoinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES)
|
|
Speicis a liostaítear in Aguisíní I agus II faoi Choinbhinsiún Bonn (CSI)
|
|
Speicis a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal SPA/BD a ghabhann le Coinbhinsiún Barcelona
|
|
Speicis mhuirí a chosnaítear faoi reachtaíocht na mBallstát
|
|
Speicis mhuirí a bhfuil toirmeasc sonrach ar iascaireacht áineasa ina leith faoi reachtaíocht na mBallstát
|
IARSCRÍBHINN XXII
FAISNÉIS ATÁ LE TUAIRISCIÚ MAIDIR LE GABHÁLACHA DE THAISME ÉANLAITHE MARA
·Uimhir Eagraíochta Muirí Idirnáisiúnta an tsoithigh iascaireachta, dáta, am agus suíomh na gabhála, méid thomhaiste na n‑aonán a ghabhtar marbh agus méid mheasta na n‑aonán a ghabhtar beo;
·básmhaireacht éanlaithe mara de thaisme atá bainteach le gach iascach, mionsonraí faoi speiceas na héanlaithe mara lena mbaineann agus meastacháin ar bhásmhaireacht iomlán éanlaithe mara (ar leibhéal dhronuilleog staidrimh FLG nó CGIM, más féidir);
·bearta atá i bhfeidhm i ngach iascach chun básmhaireacht éanlaithe mara de thaisme a laghdú nó a dhíothú agus a mhéid atá aon cheann díobh sin deonach nó sainordaitheach, mar aon le measúnú ar a n‑éifeachtacht; agus
·cláir breathnóirí eolaíocha lena soláthraítear cumhdach breise spásúil agus ama iascach lena gceadaítear meastachán cruinn ó thaobh staidrimh de maidir le gabháil éanlaithe mara de thaisme atá bainteach le gach iascach.
IARSCRÍBHINN XXIII
RÉIMSÍ SONRAÍ ÉIGEANTACHA MAIDIR LE SOITHÍ IASCAIREACHTA I dTAIFEAD CGIM I dTACA LE SOITHÍ IASCAIREACHTA AR MÓ NÁ 15 MHEADAR A bhFAD FORIOMLÁN ATÁ ÚDARAITHE CHUN IASCAIREACHT A DHÉANAMH I LIMISTÉAR CHUR I bhFEIDHM CGIM
|
RÉIMSÍ SONRAÍ
|
STÁDAS RÚNDACHTA SONRAÍ
|
|
Tír
|
P
|
|
Bliain tagartha
|
P
|
|
Údarás clárúcháin
|
P
|
|
Ainm an tsoithigh i gcarachtair Laidineacha
|
P
|
|
Ainm an tsoithigh a bhí ann roimhe (más ann dó)
|
P
|
|
Uimhir chlárúcháin náisiúnta
|
P
|
|
Uimhir chlárúcháin an tsoithigh
|
P
|
|
Comhartha aitheantais idirnáisiúnta raidió (IRCS) (más infheidhme)
|
P
|
|
Uimhir aitheantais na seirbhíse muirí soghluaiste (MMSI) (más infheidhme)
|
P
|
|
Uimhir na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO) (más infheidhme)
|
P
|
|
Stádas oibríochtúil (táscaire gníomhaíochta)
|
P
|
|
Calafort clárúcháin
|
P
|
|
Bliain tosaigh dul i mbun gníomhaíocht iascaireachta (más ann dí)
|
P
|
|
Údarú chun iascaireacht a dhéanamh (táscaire ceadúnais)
|
P
|
|
Fo‑limistéar geografach (FLG) (príomh‑FLG)
|
P
|
|
Limistéar staidrimh iascaireachta tánaisteach (FLG) (más ann dó)
|
P
|
|
Limistéar staidrimh iascaireachta treasach (FLG) (más ann dó)
|
P
|
|
Cineál soithigh (e.g. trálaer, bád spiléireachta)
|
P
|
|
Príomhthrealamh iascaireachta
|
P
|
|
Trealamh iascaireachta tánaisteach
|
P
|
|
Trealamh iascaireachta treasach (más ann dó)
|
P
|
|
Fad foriomlán (LOA)
|
P
|
|
Olltonnáiste (GT)
|
P
|
|
Bliain tógála
|
P
|
|
Cumhacht an phríomhinnill (kW)
|
P
|
|
Úinéir (ainm agus seoladh)
|
R
|
|
Oibreoir (ainm agus seoladh) (más éagsúil ón úinéara)
|
R
|
|
An t‑íoslíon ball den chriú
|
R
|
|
An t‑uaslíon ball den chriú
|
R
|
|
Táscaire an chórais um fhaireachán soithí (VMS) (láithreacht/éagmais)
|
P
|
|
Údarú chun iascaireacht a dhéanamh i limistéar srianta iascaigh (FRA), ainm an limistéir shrianta iascaigh (mar a ghlac CGIM)
|
P
|
’