AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,18.3.2024
COM(2024) 160 final
2024/0075(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seirbia maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Seirbia
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Ar cheann de chúraimí na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta (‘an Ghníomhaireacht’) tá oibriú i gcomhar le tríú tíortha i ndáil leis na réimsí a chumhdaítear sa Rialachán maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach (Rialachán (AE) 2019/1896) (‘an Rialachán’) ‘lena n‑áirítear imscaradh oibríochtúil féideartha foirne bainistithe teorainneacha i dtríú tíortha’. Go sonrach, ní mór don Ghníomhaireacht, mar chuid den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach, bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip a áirithiú. Comhchuid amháin den bhainistiú sin is ea an comhar le tríú tíortha sna réimsí a chumhdaítear sa Rialachán, lena ndírítear go háirithe ar thríú tíortha comharsanachta agus ar thíortha tionscnaimh nó idirthurais i dtaca leis an imirce neamhrialta. Féadfaidh an Ghníomhaireacht oibriú i gcomhar le húdaráis tríú tíortha atá inniúil maidir le hábhair a chumhdaítear sa Rialachán a mhéid is gá chun a cúraimí a chomhlíonadh agus féadfaidh sí gníomhaíochtaí a bhaineann le bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip a dhéanamh ar chríoch tríú tír faoi réir comhaontú ón tríú tír sin.
De bhun Airteagal 73(3) den Rialachán, in imthosca inar gá foirne bainistithe teorainneacha ó bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a imscaradh i dtríú tír ina bhfeidhmeoidh na baill de na foirne cumhachtaí feidhmiúcháin, ba cheart an tAontas comhaontú stádais a thabhairt i gcrích leis an tríú tír lena mbaineann. Ba cheart an comhaontú stádais sin a bheith bunaithe ar an tsamhail arna tarraingt suas ag an gCoimisiún mar a cheanglaítear le hAirteagal 76(1) den Rialachán. Ghlac an Coimisiún an tsamhail sin an 21 Nollaig 2021.
Tá Poblacht na Seirbia (‘an tSeirbia’) suite go geografach ar cheann de na príomhbhealaí le haghaidh gluaiseacht imirce mheasctha neamhrialta i dtreo an Aontais Eorpaigh. In 2023, chláraigh Frontex thart ar 99 000 trasnú teorann neamhrialta ag teorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh ar bhealach na mBalcán Thiar, chomh maith le breis agus 25 000 trasnú teorann neamhrialta ag teorainneacha na Seirbia nach bhfuil san Aontas. Grúpaí coiriúla eagraithe a bhíonn ag gabháil do smuigleáil daoine, bíonn siad ag díriú ar imircigh neamhrialta agus tá na himircigh sin go mór i mbaol sáruithe ar chearta an duine. Tá brú nach beag ar roinnt Ballstát den Aontas mar gheall ar an líon mór daoine atá ag teacht go neamhrialta agus an líon mór iarratas ar thearmann, rud a fhágann go bhfuil gá le gníomhaíocht choiteann chomhordaithe ar leibhéal an Aontais.
In 2020, thug an tAontas agus an tSeirbia comhaontú stádais i gcrích bunaithe ar Rialachán (AE) 2016/1624, comhaontú a aisghaireadh agus ar cuireadh an Rialachán ina ionad. Mar gheall ar raon feidhme teoranta Rialachán (AE) 2016/1624, oibríochtaí comhpháirteacha a dhéantar ar bhonn an chomhaontaithe stádais sin, tá siad teoranta do theorainneacha na Seirbia leis an Aontas Eorpach. Ag gníomhú dó laistigh den chreat teoranta sin, tá Oibríocht Chomhpháirteach na Seirbia (Joint Operation Serbia Land [Oibríocht Chomhpháirteach leis an tSeirbia: Talamh] roimhe seo) á seoladh ag Frontex ag teorainneacha talún na Seirbia leis an Ungáir agus leis an mBulgáir. An 12 Feabhra 2024, bhí 99 oifigeach den Bhuanchór imscartha san oibríocht chomhpháirteach sin, agus tháinig feabhas dá bharr sin ar rialú teorainneacha trí shrian a chur leis an imirce neamhrialta agus tríd an gcoireacht trasteorann a chomhrac.
An 18 Samhain 2022, tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/1896 lenar leathnaíodh raon feidhme na gcomhaontuithe stádais faoi sin, fuair an Coimisiún údaruithe ón gComhairle tús a chur le caibidlíocht leis an tSeirbia chomh maith le Montainéagró, leis an Albáin agus leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin le haghaidh comhaontuithe maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta sna tíortha sin ar bhonn an Rialacháin nua sin. An 30 Samhain 2022, d’eagraigh an Coimisiún cruinniú leis na ceithre thír thuasluaite inar gcuireadh i dtábhacht na príomhrudaí nua a bhí sa samhail-chomhaontú stádais. An 14 Meán Fómhair agus an 7 Samhain 2023, rinneadh caibidlíocht idir an Coimisiún, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus an tSeirbia maidir le comhaontú. Measann an Coimisiún gur gnóthaíodh na cuspóirí a shocraigh an Chomhairle ina treoracha caibidlíochta, agus measann sé go bhfuil an comhaontú inghlactha don Aontas.
Níl an dréacht‑chomhaontú ar aon dul leis an samhail-chomhaontú stádais sa mhéid agus go dtugtar leis díolúine theoranta do na baill den fhoireann ón dlínse choiriúil agus go gcuirtear eisceacht theoranta ar fáil leis i leith dhosháraitheacht fhoirgneamh, áitreabh agus shócmhainní na Gníomhaireachta. Tá na maoluithe sin ar an tsamhail inghlactha ós rud é go bhfuil stádas iarrthóra aitheanta ar aontachas leis an Aontas ag an tSeirbia, go bhfuil forálacha inchomparáide sa chomhaontú stádais reatha leis an tSeirbia agus go bhfuil oibríochtaí faoin gcomhaontú stádais leis an tSeirbia ag dul ar aghaidh go maith agus gur glacadh le maoluithe comhchosúla nó comhionanna i gcás chomharsana uile na Seirbia a chaibidligh comhaontuithe comhchosúla leis an Aontas le déanaí.Is é atá sa togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle atá i gceangal leis seo an bunús dlí le haghaidh shíniú an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seirbia maidir le Gníomhaíochtaí Oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Seirbia.
Staid na dtíortha atá comhlachaithe le Schengen
Cuireann an togra seo le acquis Schengen i réimse bhainistiú na dteorainneacha seachtracha. Mar sin féin, níl aon chumhacht ag an Aontas comhaontú stádais a thabhairt i gcrích leis an tSeirbia ar bhealach a gcuirfeadh ceangal ar an Iorua, an Íoslainn, an Eilvéis ná Lichtinstéin. Maidir leis na gardaí teorann agus baill foirne ábhartha eile a sheolfaidh na tíortha sin chuig an tSeirbia, chun a áirithiú go mbainfidh siad leas as an stádas céanna dá bhforáiltear sa chomhaontú stádais a bheidh ann amach anseo, cuireadh dearbhú comhpháirteach leis an Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le síniú an chomhaontaithe stádais inar cheart a shonrú a inmhianaithe atá sé comhaontuithe comhchosúla a thabhairt i gcrích idir an tSeirbia agus gach ceann de na tíortha comhlachaithe sin.
Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle; Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, Prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo, agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Le rialuithe a neartú ar chríoch na Seirbia, beidh tionchar dearfach aige sin ar bhainistiú theorainneacha seachtracha an Aontais agus ar bhainistiú theorainneacha na Seirbia féin. Bheadh tabhairt i gcrích comhaontaithe stádais ag teacht leis na cuspóirí agus na tosaíochtaí níos leithne maidir le comhar mar a leagtar amach i gComhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh leis an tSeirbia
D’fhéadfadh tabhairt i gcrích comhaontaithe stádais tacú le hiarrachtaí agus gealltanais níos leithne an Aontais Eorpaigh freisin chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar chomhar agus ar chumais ar mhaithe le rannchuidiú le bainistiú na freagartha ar ghéarchéimeanna agus ar mhaithe leis an gcóineasú a chur chun cinn maidir le hábhair eachtracha agus ábhair shlándála idir an tAontas agus an tSeirbia.
2.BUNÚS DLÍ AGUS COMHRÉIREACHT
Is iad Airteagal 77(2)(b) agus (d) agus Airteagal 79(2)(c) CFAE i gcomhar le hAirteagal 218(5) CFAE bunús dlí an togra seo.
Déantar foráil shainráite maidir le hinniúlacht an Aontais Eorpaigh comhaontú stádais a thabhairt i gcrích in Airteagal 73(3) de Rialachán (AE) 2019/1896, ina sonraítear ‘[i]n imthosca ina bhfuil gá le foirne bainistithe teorainneacha ón mbuanchór a imscaradh i dtríú tír ina bhfeidhmeoidh na baill de na foirne cumhachtaí feidhmiúcháin, tabharfaidh an tAontas comhaontú stádais [...] i gcrích leis an tríú tír lena mbaineann’.
De bhun Airteagal 3(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, beidh inniúlacht eisiach ag an Aontas comhaontú idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích nuair a fhorálfar dá thabhairt i gcrích i ngníomh reachtach de chuid an Aontais. Déantar foráil in Airteagal 73(3) de Rialachán (AE) 2019/1896 maidir le comhaontú stádais a ‘t[h]abharfaidh an tAontas [...] i gcrích leis an tríú tír lena mbaineann’. Dá bhrí sin, tagann an comhaontú atá le síniú agus le tabhairt i gcrích leis an tSeirbia faoi chumhacht eisiach an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le hAirteagal 73(3) de Rialachán (AE) 2019/1896, an comhaontú stádais atá beartaithe, tá sé bunaithe ar an samhail-chomhaontú stádais arna ghlacadh ag an gCoimisiún i mí na Nollag 2021, agus na forálacha réamh‑chomhaontaithe sa chomhaontú stádais atá ann cheana le Poblacht na Seirbia á chur san áireamh.
Ní théann forálacha an chomhaontaithe atá beartaithe thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóirí a bhaint amach, mar atá, ar bhonn an tsamhail-chomhaontaithe stádais, lena gcumhdaítear gach gné is gá chun gníomhaíochtaí na bhfoirne bainistithe teorann as an mbuanchór a dhéanamh a imscarfar chuig tríú tír ina bhfeidhmeoidh baill na bhfoirne cumhachtaí feidhmiúcháin, go háirithe raon feidhme na hoibríochta, forálacha maidir le dliteanas sibhialta agus coiriúil, cúraimí agus cumhachtaí bhaill na bhfoirne, bearta a bhaineann le hoifig allamuigh a bhunú agus bearta praiticiúla a bhaineann le cearta bunúsacha a urramú.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Ós rud é gur comhaontú nua a bheidh ann, ní fhéadfaí aon mheastóireacht ná seiceálacha oiriúnachta a dhéanamh ar na hionstraimí atá ann cheana. Níl aon ghá le measúnú tionchair chun comhaontú stádais a chaibidliú.
•Cearta bunúsacha
De réir mar a leagtar amach in Aithris 88 de Rialachán (AE) 2019/1896, rinne an Coimisiún measúnú ar staid na gceart bunúsach is ábhartha do na réimsí a chumhdaítear leis an gcomhaontú stádais i bPoblacht na Seirbia agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi sin.
Sa chomhaontú atá beartaithe tá bearta praiticiúla a bhaineann le hurramú na gceart bunúsach, agus áirithítear leis go ndéanfar cearta bunúsacha a urramú go hiomlán le linn gníomhaíochtaí a eagraítear ar bhonn an Chomhaontaithe. Leis an gComhaontú déanfar foráil maidir le sásra gearán atá neamhspleách agus éifeachtach i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2019/1896 chun faireachán a dhéanamh ar urraim do chearta bunúsacha sna gníomhaíochtaí uile a eagraítear ar bhonn an Chomhaontaithe agus chun an urraim sin a áirithiú.
•Cosaint sonraí
Ós rud é nach mór idir forálacha an chomhaontaithe stádais a bhaineann le haistriú sonraí pearsanta agus an samhail-chomhaontú stádais, agus i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1896, níor chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí maidir le forálacha an chomhaontaithe stádais sin.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon impleacht airgeadais ag baint leis an gcomhaontú stádais ann féin. Beidh costais ar bhuiséad na Gníomhaireachta i gceist le himscaradh foirne gardaí teorann ar bhonn plean oibríochtúil. Oibríochtaí a dhéanfar amach anseo faoi chomhaontú stádais, déanfar iad a mhaoiniú trí acmhainní dílse na Gníomhaireachta dá bhforáiltear i dtimthriall buiséadach bliantúil an Aontais.
Is cuid de bhuiséad an Aontais cheana féin é ranníocaíocht an Aontais Eorpaigh le haghaidh na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta faoi mar atá leagtha amach sna Conclúidí ón gComhairle a ghabhann leis an gComhaontú maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar faireachán cuí ar chur chun feidhme an chomhaontaithe stádais.
2024/0075 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seirbia maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Seirbia
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(b) agus (d) Airteagal 79(2)(c), i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)In imthosca ina bhfuil gá le foirne bainistithe teorainneacha ó bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a imscaradh i dtríú tír ina bhfeidhmeoidh na baill de na foirne cumhachtaí feidhmiúcháin, le hAirteagal 73(3) de Rialachán (AE) 2019/1896 iarrtar ar an Aontas comhaontú stádais a thabhairt i gcrích leis an tríú tír lena mbaineann ar bhonn Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
(2)An 18 Samhain 2022, thug an Chomhairle údarás don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht le Poblacht na Seirbia chun teacht ar chomhaontú maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Seirbia (‘an Comhaontú’).
(3)Tugadh an chaibidlíocht sin chun críche go rathúil.
(4)Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle; Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.
(5)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, Prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo, agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Cinneadh seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an gCinneadh seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.
(6)Ba cheart an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir a thabhairt i gcrích tráth níos déanaí. Ba cheart an Dearbhú atá i gceangal leis seo maidir leis an Íoslainn, Ríocht na hIorua, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin a fhormheas thar ceann an Aontais,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, údaraítear, thar ceann an Aontais, an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seirbia maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Seirbia (an ‘Comhaontú’) a shíniú, faoi réir an Comhaontú sin a thabhairt i gcrích.
Tá téacs an Chomhaontaithe atá le síniú i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Leis seo, déantar an Dearbhú atá i gceangal leis an gCinneadh seo a fhormheas thar ceann an Aontais.
Airteagal 3
Bunóidh Ardrúnaíocht na Comhairle an ionstraim lánchumhachtaí chun an Comhaontú a shíniú, faoi réir an Comhaontú a thabhairt chun críche, do na daoine a thugann an Coimisiún le fios.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,18.3.2024
COM(2024) 160 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann le
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seirbia maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Seirbia
Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seirbia maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Seirbia
Tá an tAontas Eorpach,
agus Poblacht na Seirbia,
a ngairfear ‘Páirtí’ ar gach ceann díobh, agus a ngairfear ‘Páirtithe’ orthu i bhfochair a chéile, anseo feasta,
DE BHRÍ gur féidir le cásanna teacht chun cinn i gcás ina gcomhordaíonn an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (‘an Ghníomhaireacht’) comhar oibríochtúil idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na Seirbia, lena n-áirítear ar chríoch Phoblacht na Seirbia,
DE BHRÍ gur cheart creat dlíthiúil i bhfoirm comhaontú stádais a bhunú i gcomhair cásanna ina mbeidh cumhachtaí feidhmiúcháin ag na baill den fhoireann arna n-imscaradh ag an nGníomhaireacht ar chríoch Phoblacht na Seirbia,
DE BHRÍ go bhféadfaí leis an gcomhaontú stádais foráil a dhéanamh maidir le bunú oifigí allamuigh ag an nGníomhaireacht ar chríoch Phoblacht na Seirbia chun comhordú gníomhaíochtaí oibríochtúla a éascú agus a fheabhsú agus chun a áirithiú go ndéanfar bainistiú éifeachtach ar acmhainní daonna agus teicniúla na Gníomhaireachta,
I bhFIANAISE leibhéal ard cosanta sonraí pearsanta i bPoblacht na Seirbia agus san Aontas Eorpach; agus
ÓS RUD É gur dhaingnigh Poblacht na Seirbia Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa Uimh. 108 an 28 Eanáir 1981 maidir le Daoine Aonair a Chosaint maidir le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil go hUathoibríoch agus an Prótacal breise a ghabhann leis;
AG CUIMHNEAMH gur prionsabail bhunúsacha a rialaíonn an comhar idir na Páirtithe iad urraim do chearta an duine agus do phrionsabail dhaonlathacha;
ÓS RUD É gur dhaingnigh Poblacht na Seirbia Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint an 4 Samhain 1950, agus comhfhreagraíonn na cearta atá ann do na cearta atá i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;
ÓS RUD É gur cheart lánurraim a thabhairt, i gcás gach gníomhaíochta oibríochtúla de chuid na Gníomhaireachta ar chríoch Phoblacht na Seirbia, do chearta bunúsacha agus do na comhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtí iontu an tAontas Eorpach, a Bhallstáit agus/nó Poblacht na Seirbia,
ÓS RUD É go bhfuil sé d’oibleagáid ar gach duine atá rannpháirteach i ngníomhaíocht oibríochtúil reachtaíocht náisiúnta Phoblacht na Seirbia, chomh maith leis an dlí ábhartha idirnáisiúnta agus dlí an Aontais, a chomhlíonadh,
ÓS RUD É go bhfuil gach duine a ghlacann páirt i ngníomhaíocht oibríochtúil faoi oibleagáid cloí leis na caighdeáin is airde ionracais, iompair eiticiúil, agus gairmiúlachta, sin agus urraim a bheith acu do chearta bunúsacha, maille le hoibleagáidí arna bhforchur orthu le forálacha an phlean oibríochtúil agus le cód iompair na Gníomhaireachta a chomhlíonadh,
tar éis cinneadh a dhéanamh an Comhaontú seo a thabhairt i gcrích:
Airteagal 1
Raon feidhme
1.Leis an gComhaontú seo, rialaítear gach ábhar is gá le haghaidh imscaradh foirne bainistithe teorainneacha de chuid bhuanchór de chuid an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh chuig Poblacht na Seirbia, i gcás inar féidir leis na baill den fhoireann cumhachtaí feidhmiúcháin a fheidhmiú.
2.Féadfar an t-imscaradh dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh ar chríoch Phoblacht na Seirbia.
3.Cumhdóidh an Comhaontú seo Poblacht na Seirbia. Ní chumhdóidh an Comhaontú seo an Chosaiv*.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)ciallaíonn ‘gníomhaíocht oibríochtúil’ gníomhaíocht chomhpháirteach nó mear‑idirghabháil teorann;
(2)ciallaíonn ‘Gníomhaireacht’ an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta arna bunú le Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nó aon leasú a dhéanfar ar an Rialachán sin;
(3)ciallaíonn ‘rialú teorann’ an ghníomhaíocht arna dhéanamh ag teorainn, i gcomhréir leis an gComhaontú seo agus chun críocha an Chomhaontaithe seo, mar fhreagairt eisiach do rún an teorainn sin a thrasnú, nó do thrasnú na teorann sin, gan beann ar aon chúinse eile, arb iad seiceálacha teorann agus faireachas ar theorainneacha atá i gceist leis an ngníomhaíocht sin;
(4)ciallaíonn ‘foirne bainistithe teorainneacha’ foirne arna gcur le chéile as buanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a bheidh le himscaradh le linn oibríochtaí comhpháirteacha agus mear‑idirghabhálacha teorann ag na teorainneacha seachtracha sna Ballstáit agus i dtríú tíortha;
(5)ciallaíonn ‘fóram comhairliúcháin’ an comhlacht comhairleach arna bhunú ag an nGníomhaireacht de bhun Airteagal 108 de Rialachán (AE) 2019/1896;
(6)ciallaíonn ‘buanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh’ buanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh dá bhforáiltear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2019/1896;
(7)ciallaíonn ‘EUROSUR’ an creat le haghaidh malartú faisnéise agus comhar idir na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta;
(8)ciallaíonn ‘duine den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha’ duine de lucht faireacháin ar chearta bunúsacha dá bhforáiltear in Airteagal 110 de Rialachán (AE) 2019/1896;
(9)ciallaíonn ‘Ballstát baile’ an Ballstát óna n-imscartar an ball den fhoireann nó óna a gcuirtear an ball den fhoireann ar iasacht chuig buanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh;
(10)ciallaíonn ‘teagmhas’ staid a bhaineann leis an inimirce neamhdhleathach, le coireacht trasteorann nó ina bhfuil baol do bheatha na n-inimirceach, ag teorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh nó Phoblacht na Seirbia, feadh na dteorainneacha sin nó gar dóibh;
(11)ciallaíonn ‘oibríocht chomhpháirteach’ gníomhaíocht arna comhordú nó arna heagrú ag an nGníomhaireacht chun tacú le húdaráis náisiúnta Phoblacht na Seirbia atá freagrach as rialú teorann atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar dhúshláin amhail inimirce neamhrialta, bagairtí reatha nó bagairtí amach anseo ag teorainneacha Phoblacht na Seirbia nó coireacht trasteorann, sin nó dírithe ar chúnamh méadaithe teicniúil agus oibríochtúil a sholáthar le aghaidh rialú na dteorainneacha sin;
(12)ciallaíonn ‘ball den fhoireann’ ball de bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh arna imscaradh trí bhíthin foireann bainistithe teorainneacha chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht oibríochtúil;
(13)ciallaíonn ‘Ballstát’ Ballstát den Aontas Eorpach;
(14)ciallaíonn ‘limistéar oibríochtúil’ an limistéar geografach ina bhfuil gníomhaíocht oibríochtúil le tarlú;
(15)ciallaíonn ‘Ballstát rannpháirteach’ Ballstát a ghlacann páirt i ngníomhaíocht oibríochtúil trí threalamh teicniúil nó baill den fhoireann de bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a chur ar fáil;
(16)ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (‘ábhar sonraí’); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d’aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de na tosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;
(17)ciallaíonn ‘mear-idirghabháil teorann’ gníomhaíocht atá dírithe ar dhul i ngleic le dúshlán sonrach díréireach ag teorainneacha Phoblacht na Seirbia trí fhoireann bainistithe teorainneacha a imscaradh i gcríoch Phoblacht na Seirbia go ceann thréimhse theoranta ama chun rialú teorann a dhéanamh i gcomhar le húdaráis náisiúnta Phoblacht na Seirbia atá freagrach as rialú teorann;
(18)ciallaíonn ‘baill foirne reachtúla’ baill foirne arna bhfostú ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcomhréir le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle.
Airteagal 3
Gníomhaíochtaí Oibríochtúla a Sheoladh
1.Seolfar gníomhaíocht oibríochtúil faoin gComhaontú seo trí chinneadh i scríbhinn ó stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta (‘an stiúrthóir feidhmiúcháin’) ar iarraidh i scríbhinn ó údaráis inniúla Phoblacht na Seirbia. Áireofar le hiarraidh den sórt sin tuairisc ar an gcás, ar na haidhmeanna féideartha agus ar na riachtanais a bheidh i gceist, agus próifílí na mball foirne a bheidh de dhíth, lena n-áirítear próifílí na mball foirne sin a bhfuil cumhachtaí feidhmiúcháin acu, de réir mar is infheidhme.
2.Má chinneann an stiúrthóir feidhmiúcháin gur dócha go mbeadh sáruithe tromchúiseacha agus/nó leanúnacha ar chearta bunúsacha nó ar oibleagáidí cosanta idirnáisiúnta ag baint leis an ngníomhaíocht oibríochtúil a iarradh, nó go n-eascródh sáruithe den chineál sin as an ngníomhaíocht chéanna, ní sheolfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an ghníomhaíocht oibríochtúil.
3.Má mheasann stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta go bhfuil gá le tuilleadh faisnéise chun cinneadh a dhéanamh ar cheart gníomhaíocht oibríochtúil a sheoladh, tar éis iarraidh a fháil faoi mhír 1, féadfaidh sé nó sí faisnéis bhreise a iarraidh, nó saineolaithe Gníomhaireachta a údarú chun taisteal chuig Poblacht na Seirbia chun measúnú a dhéanamh ar an staid ann. Déanfaidh Poblacht na Seirbia an taisteal sin a éascú.
4.Cinnfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin gan gníomhaíocht oibríochtúil a sheoladh má mheasann sé nó sí go bhfuil cúis ann, a bhfuil údar léi, í a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh de bhun fhorálacha ábhartha Airteagal 18.
Airteagal 4
Plean Oibríochtúil
1.Déanfar plean oibríochtúil a chomhaontú le haghaidh gach gníomhaíochta oibríochtúla idir an Ghníomhaireacht agus Poblacht na Seirbia i gcomhréir le hAirteagail 38 agus 74 de Rialachán (AE) 2019/1896. Beidh an plean oibríochtúil ina cheangal ar an nGníomhaireacht, ar Phoblacht na Seirbia agus ar na Ballstáit rannpháirteacha.
2. Leis an bplean oibríochtúil, leagfar amach go mionsonrach gnéithe eagraíochtúla agus gnéithe nós imeachta na gníomhaíochta oibríochtúla, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
(a)tuairisc ar an gcás, maille le modus operandi agus cuspóirí an imscartha, aidhm na hoibríochta san áireamh;
(b)an t-achar measta a mhairfidh an ghníomhaíocht oibríochtúil chun go mbeidh sí in ann a cuspóirí a bhaint amach;
(c)an limistéar oibríochtúil;
(d)tuairisc ar chúraimí, lena n-áirítear na cúraimí a dteastaíonn cumhachtaí feidhmiúcháin ina leith, ar fhreagrachtaí, lena n-áirítear i dtaca le hurraim do chearta bunúsacha agus do cheanglais chosanta sonraí, agus ar threoracha speisialta i gcomhair na bhfoirne, lena n-áirítear treoir maidir leis an gceadú bunachair shonraí atá ceadaithe agus maidir leis na hairm sheirbhíse, an armlón agus an trealamh atá ceadaithe i bPoblacht na Seirbia;
(e)comhdhéanamh na foirne bainistithe teorainneacha, mar aon le himscaradh ball foirne ábhartha eile/láithreacht ball eile d’fhoireann reachtúil na Gníomhaireachta, lucht faireacháin ar chearta bunúsacha san áireamh;
(f)forálacha maidir le ceannas agus rialú, lena n-áirítear ainmneacha agus céimeanna ghardaí teorann nó ball foirne ábhartha eile de chuid Phoblacht na Seirbia a bheidh freagrach as comhoibriú leis na baill den fhoireann agus leis an nGníomhaireacht, go háirithe ainmneacha agus céimeanna na ngardaí teorann sin nó ball foirne ábhartha eile atá i gceannas le linn na tréimhse imscartha, agus ionad na mball den fhoireann sa slabhra ceannais;
(g)an trealamh teicniúil a bheidh le húsáid le linn na gníomhaíochta oibríochtúla, lena n-áirítear ceanglais shonracha amhail coinníollacha úsáide, an criú arna iarraidh, iompar agus lóistíocht eile, agus forálacha airgeadais;
(h)forálacha mionsonraithe maidir le tuairisciú teagmhais ag an nGníomhaireacht ar bhonn láithreach don bhord bainistíochta agus d’údaráis ábhartha na mBallstát rannpháirteach agus Phoblacht na Seirbia d’aon teagmhas a mbuailfear leis le linn gníomhaíocht oibríochtúil arna déanamh faoin gComhaontú seo;
(i)scéim tuairiscithe agus meastóireachta ina bhfuil tagarmharcanna don tuarascáil mheastóireachta, lena n-áirítear maidir le cosaint na gceart bunúsach, agus dáta deiridh chun an tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach a thíolacadh;
(j)téarmaí an chomhair le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, seachas an Ghníomhaireacht, tríú tíortha eile nó eagraíochtaí idirnáisiúnta eile;
(k)treoracha ginearálta maidir le conas a áirithiú go gcosnófar na cearta bunúsacha le linn na gníomhaíochta oibríochtúla, lena n-áirítear cosaint sonraí pearsanta agus oibleagáidí a eascraíonn as ionstraimí idirnáisiúnta is infheidhme maidir le cearta an duine;
(l)nósanna imeachta lena ndéantar daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, íospartaigh na gáinneála ar dhaoine, mionaoisigh neamhthionlactha agus daoine eile ar leochaileach a gcásanna, a threorú chuig na húdaráis náisiúnta inniúla chun an cúnamh iomchuí a fháil;
(m)nósanna imeachta lena leagtar amach sásra chun gearáin (lena n-áirítear iad siúd a chuirtear isteach faoi Airteagal 8(5)) in aghaidh aon duine atá páirteach i ngníomhaíocht oibríochtúil, lena n-áirítear gardaí teorann nó baill foirne ábhartha eile de chuid Phoblacht na Seirbia agus baill den fhoireann, a fháil agus a tharchur chuig an nGníomhaireacht agus chuid Poblacht na Seirbia, ar gearáin iad ina líomhnaítear sáruithe ar chearta bunúsacha i gcomhthéacs a rannpháirtíochta i ngníomhaíocht oibríochtúil de chuid na Gníomhaireachta;
(n)socruithe lóistíochta, lena n‑áirítear faisnéis maidir le dálaí oibre agus timpeallacht na limistéar ina mbeidh an ghníomhaíocht oibríochtúil le tarlú; agus
(o)forálacha maidir le hoifig allamuigh, arna bunú i gcomhréir le hAirteagal 6.
3.Beidh an plean oibríochtúil agus aon leasú air nó aon oiriúnú air faoi réir chomhaontú na Gníomhaireachta, Phoblacht na Seirbia agus aon Ballstáit atá i gcomharsanacht Phoblacht na Seirbia, tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit rannpháirteacha.
4.Déanfar malartú faisnéise agus comhar oibríochtúil chun críocha EUROSUR i gcomhréir leis na rialacha chun pictiúir de dhálaí sonracha a bheidh le leagan amach sa phlean oibríochtúil don ghníomhaíocht oibríochtúil lena mbaineann a shuí agus a roinnt.
5.Déanfar an mheastóireacht ar an ngníomhaíocht oibríochtúil i gcomhréir le mír 2, pointe (i), i gcomhar le Poblacht na Seirbia agus an Ghníomhaireacht.
6.Na téarmaí comhair le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais i gcomhréir le mír 2 pointe (k) den Airteagal seo, cuirfear i gcrích iad i gcomhréir lena sainorduithe faoi seach agus de réir na n-acmhainní atá ar fáil.
Airteagal 5
Tuairisciú Teagmhas
Beidh sásra tuairiscithe ag an nGníomhaireacht agus ag Aireacht Gnóthaí Baile Phoblacht na Seirbia araon chun gur féidir tuairisciú tráthúil a dhéanamh ar aon teagmhas a thagann chun cinn le linn gníomhaíocht oibríochtúil a dhéantar faoin gComhaontú seo.
Cuideoidh an Ghníomhaireacht agus Poblacht na Seirbia a chéile chun gach fiosrúchán agus imscrúdú riachtanach a dhéanamh maidir le haon teagmhas a thuairiscítear tríd an sásra sin, amhail finnéithe a shainaithint agus fianaise a bhailiú agus a sholáthar, lena n-áirítear iarrataí chun nithe a bhaineann le teagmhas tuairiscithe a fháil, agus más iomchuí, a thabhairt ar láimh. Féadfar tabhairt ar láimh aon ní den sórt sin a chur faoi réir a dtabhairt ar ais laistigh de na téarmaí a shonróidh an t-údarás inniúil a sholáthróidh iad. An cúnamh a chuirtear ar fáil faoin Airteagal seo, déanfar é i gcomhréir leis an dlí ábhartha idirnáisiúnta, le dlí ábhartha an Aontais Eorpaigh agus leis an dlí náisiúnta ábhartha.
Airteagal 6
Oifigí Allamuigh
1.Féadfaidh an Ghníomhaireacht oifigí allamuigh a bhunú ar chríoch Phoblacht na Seirbia chun comhordú gníomhaíochtaí oibríochtúla a éascú agus a fheabhsú, agus chun a áirithiú go ndéanfar bainistiú éifeachtach ar acmhainní daonna agus teicniúla na Gníomhaireachta. Bunóidh an Ghníomhaireacht suíomh na hoifige allamuigh i gcomhairle le húdaráis ábhartha Phoblacht na Seirbia.
2.Bunófar na hoifigí allamuigh i gcomhréir le riachtanais oibríochtúla agus beidh siad oibríochtúil le haghaidh na tréimhse ama is gá le go mbeidh an Ghníomhaireacht in ann gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanamh i bPoblacht na Seirbia agus sa réigiún comharsanachta. Faoi réir chomhaontú Phoblacht na Seirbia, féadfaidh an Ghníomhaireacht fad a chur leis an tréimhse ama sin.
3.Beidh gach oifig allamuigh faoi bhainistiú ionadaí de chuid na Gníomhaireachta arna cheapadh ag an stiúrthóir feidhmiúcháin mar cheann na hoifige allamuigh, duine a dhéanfaidh formhaoirseacht ar obair fhoriomlán na hoifige.
4.I gcás inarb infheidhme, déanfaidh na hoifigí allamuigh an méid seo a leanas:
(a)tacaíocht oibríochtúil agus lóistíochta a sholáthar agus comhordú ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a áirithiú sna limistéir oibríochtúla lena mbaineann;
(b)tacaíocht oibríochtúil a sholáthar do Phoblacht na Seirbia sna limistéir oibríochtúla lena mbaineann;
(c)faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta agus tuairisciú go rialta do cheanncheathrú na Gníomhaireachta;
(d)comhar a dhéanamh le Poblacht na Seirbia maidir le gach saincheist a bhaineann le cur chun feidhme praiticiúil na ngníomhaíochtaí oibríochtúla arna n-eagrú ag an nGníomhaireacht i bPoblacht na Seirbia, lena n-áirítear aon saincheist bhreise a d’fhéadfadh a bheith tagtha chun cinn le linn na ngníomhaíochtaí sin;
(e)tacú leis an oifigeach comhordúcháin sa chomhar a dhéanann sé le Poblacht na Seirbia maidir le gach saincheist a bhaineann lena rannchuidiú leis na gníomhaíochtaí oibríochtúla arna n-eagrú ag an nGníomhaireacht agus, i gcás inar gá, idirchaidreamh a dhéanamh le ceanncheathrú na Gníomhaireachta;
(f)tacú leis an oifigeach comhordúcháin agus leis an lucht faireacháin ar chearta bunúsacha a shanntar chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíocht oibríochtúil ó thaobh comhordú agus cumarsáid a éascú, i gcás inar gá, idir na foirne bainistithe teorainneacha agus údaráis ábhartha Phoblacht na Seirbia, mar aon le haon chúraimí ábhartha;
(g)tacaíocht lóistíochta a eagrú a bhaineann le baill den fhoireann a imscaradh agus le trealamh teicniúil a imscaradh agus a úsáid;
(h)an tacaíocht lóistíochta eile ar fad a sholáthar maidir leis an limistéar oibríochtúil a bhfuil oifig allamuigh ar leith freagrach as, d’fhonn feidhmiú rianúil na ngníomhaíochtaí oibríochtúla arna n-eagrú ag an nGníomhaireacht a éascú;
(i)bainistiú éifeachtach threalamh na Gníomhaireachta féin a áirithiú sna réimsí a chumhdaítear lena cuid gníomhaíochtaí, lena n-áirítear clárú féideartha agus cothabháil fhadtéarmach an trealaimh sin agus aon tacaíocht lóistíochta is gá; agus
(j)tacaíocht a thabhairt do bhaill foirne eile agus/nó gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta i bPoblacht na Seirbia mar a aontaítear idir an Ghníomhaireacht agus Poblacht na Seirbia.
5.Áiritheoidh an Ghníomhaireacht agus Poblacht na Seirbia na dálaí is fearr is féidir le haghaidh chomhlíonadh na gcúraimí a shanntar don oifig/do na hoifigí allamuigh.
6.Tabharfaidh Poblacht na Seirbia cúnamh don Ghníomhaireacht acmhainneacht oibríochtúil na hoifige allamuigh a áirithiú.
7.Déanfar sonraí breise a bhaineann le hoibríochtaí na n-oifigí allamuigh a chomhaontú ar leithligh idir an Ghníomhaireacht agus údaráis ábhartha Phoblacht na Seirbia.
Airteagal 7
Oifigeach Comhordúcháin
1.Gan dochar do ról na n‑oifigí allamuigh mar a shainmhínítear in Airteagal 6, ceapfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin saineolaí amháin nó níos mó de na baill foirne reachtúla lena n‑imscaradh mar oifigigh chomhordúcháin do gach gníomhaíocht oibríochtúil. Cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin Poblacht na Seirbia ar an eolas maidir le ceapachán den sórt sin.
2.Is é an ról a bheidh ag an oifigeach comhordúcháin na nithe seo a dhéanamh:
(a)gníomhú mar idirghabhálaí idir an Ghníomhaireacht, Poblacht na Seirbia agus na baill den fhoireann, trí chuidiú a sholáthar, thar ceann na Gníomhaireachta, do na foirne maidir le gach ábhar a bhaineann le coinníollacha an imscartha;
(b)faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme ceart an phlean oibríochtúil, lena n-áirítear, i gcomhar leis an duine den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha / lucht faireacháin ar chearta bunúsacha, a mhéid a bhaineann le cearta bunúsacha a chosaint agus tuairisciú don stiúrthóir feidhmiúcháin ina leith sin;
(c)gníomhú thar ceann na Gníomhaireachta maidir le gach gné d’imscaradh na bhfoirne agus tuairisciú don Ghníomhaireacht faoi na gnéithe sin uile; agus
(d)comhar agus comhordú idir Poblacht na Seirbia agus na Ballstáit rannpháirteacha a chothú.
3.I gcomhthéacs gníomhaíochtaí oibríochtúla, féadfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin údarú don oifigeach comhordúcháin cúnamh a thabhairt i dtaca le haon easaontas faoi fhorghníomhú an phlean oibríochtúil agus imscaradh na bhfoirne a réiteach.
4.Is treoracha a chomhlíonann an plean oibríochtúil amháin a eiseoidh Poblacht na Seirbia do bhaill na bhfoirne. I gcás ina measann an t-oifigeach comhordúcháin nach bhfuil na treoracha a eisítear do na baill den fhoireann i gcomhréir leis an bplean oibríochtúil ná leis na hoibleagáidí dlíthiúil is infheidhme, cuirfidh sé é sin in iúl d’oifigigh Phoblacht na Seirbia a dhéanann ról comhordúcháin agus don stiúrthóir feidhmiúcháin. Féadfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin bearta iomchuí a dhéanamh, lena n-áirítear an ghníomhaíocht oibríochtúil a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, i gcomhréir le hAirteagal 18.
Airteagal 8
Cearta Bunúsacha
1.Agus a gcuid oibleagáidí faoin gComhaontú á gcomhlíonadh acu, glacann na Páirtithe mar chúram orthu féin gníomhú i gcomhréir le gach ionstraim dlí is infheidhme um chearta an duine, lena n-áirítear Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa 1950 chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 1951 i dtaobh Stádas Dídeanaithe, agus an Prótacal ó 1967 a ghabhann leis, Coinbhinsiún Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe 1965 maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú, an Cúnant Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe 1966 ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, an Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 1979 maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 1984 in aghaidh na Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionós eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 1989 um Chearta an Linbh, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 2006 ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, Cúnant Idirnáisiúnta maidir le Cearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha 1966 agus Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir leis an Uile Dhuine a Chosaint ón bhFuadach Forfheidhmithe 2006 .
2.Déanfaidh baill den fhoireann, le linn dóibh a gcúraimí a chomhlíonadh agus a gcumhachtaí a fheidhmiú, cearta bunúsacha a urramú go hiomlán, lena n-áirítear maidir le rochtain ar nósanna imeachta tearmainn agus dínit an duine, agus tabharfaidh siad aird ar leith ar dhaoine leochaileacha. Beidh cibé bearta a ghlacfar i gcomhlíonadh a gcúraimí agus i bhfeidhmiú a gcumhachtaí comhréireach le cuspóirí na mbeart sin. Le linn dóibh a gcúraimí a chomhlíonadh agus a gcumhachtaí a fheidhmiú, ní dhéanfaidh siad idirdhealú i gcoinne daoine ar bhonn aon fhoras amhail gnéas, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh, i gcomhréir le hAirteagal 21 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais.
Níl cead bearta atá i mbealach na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha a dhéanamh ach amháin nuair a dhéanann baill den fhoireann iad agus a gcuid cúraimí á gcomhlíonadh nó a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu nuair is gá agus nuair atá sé comhréireach maidir le cuspóirí na mbeart sin agus ní mór meas a bheith acu ar bhunbhrí na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha sin i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, le dlí an Aontais Eorpaigh agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme.
Beidh feidhm mutatis mutandis ag an bhforáil seo maidir le gach ball foirne d’údaráis náisiúnta Phoblacht na Seirbia atá rannpháirteach i ngníomhaíocht oibríochtúil.
3.Déanfaidh oifigeach na Gníomhaireachta um chearta bunúsacha faireachán ar chomhlíontacht gach gníomhaíochta oibríochtúla maidir le caighdeáin um chearta bunúsacha is infheidhme. Féadfaidh an t‑oifigeach um chearta bunúsacha, nó a ionadaí, cuairteanna ar an láthair a thabhairt ar an tríú tír; tabharfaidh sé tuairimí maidir leis na pleananna oibríochtúla agus cuirfidh sé an stiúrthóir feidhmiúcháin ar an eolas maidir le sáruithe féideartha ar chearta bunúsacha i dtaobh gníomhaíocht oibríochtúil. Tacóidh Poblacht na Seirbia le hiarrachtaí faireacháin an oifigigh um chearta bunúsacha, ach a n-iarrfar sin uirthi.
4.Comhaontaíonn an Ghníomhaíocht agus Poblacht na Seirbia rochtain thráthúil éifeachtach ar gach faisnéis a bhaineann le hurraim do chearta bunúsacha maidir le haon ghníomhaíocht oibríochtúil arna déanamh faoin gComhaontú seo a chur ar fáil don fhóram comhairliúcháin, lena n-áirítear cuairteanna ar an láthair sa limistéar oibríochtúil.
5.Beidh sásra gearán ag an nGníomhaireacht agus Poblacht na Seirbia araon chun próiseáil a dhéanamh ar líomhaintí ar sháruithe ar chearta bunúsacha, arna ndéanamh ag a mbaill foirne agus a bhfeidhmeanna oifigiúla á bhfeidhmiú acu le linn gníomhaíocht oibríochtúil arna déanamh faoin gComhaontú seo.
Airteagal 9
Lucht faireacháin ar Chearta Bunúsacha
1.Déanfaidh oifigeach um chearta bunúsacha na Gníomhaireachta duine amháin ar a laghad den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha a cheapadh i ngach gníomhaíocht oibríochtúil chun, inter alia, cúnamh a thabhairt don oifigeach comhordúcháin agus comhairle a chur air.
2.Déanfaidh an lucht faireacháin ar chearta bunúsacha faireachán ar chomhlíonadh na gceart bunúsach agus tabharfaidh siad comhairle agus cúnamh maidir le cearta bunúsacha in ullmhú, cur i gcrích agus measúnú na gníomhaíochtaí oibríochtúla ábhartha. Áireofar air sin, go háirithe:
(a)ullmhú pleananna oibríochtúla a leanúint agus tuairisciú a dhéanamh don oifigeach um chearta bunúsacha chun go mbeidh sé in ann a chuid cúraimí a chomhlíonadh dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/1896;
(b)cuairteanna a thabhairt, lena n-áirítear cuairteanna fadtéarmacha, ar na háiteanna ina dtarlaíonn gníomhaíochtaí oibríochtúla;
(c)comhoibriú agus idirchaidreamh a dhéanamh leis an oifigeach comhordúcháin agus cúnamh agus comhairle a chur ar fáil dó;
(d)an t‑oifigeach comhordúcháin a chur ar an eolas agus tuairisciú a dhéanamh don oifigeach um chearta bunúsacha maidir le haon ábhar imní i dtaca le sáruithe féideartha ar chearta bunúsacha a bhaineann leis an ngníomhaíocht oibríochtúil; agus
(e)rannchuidiú le meastóireacht a dhéanamh ar an ngníomhaíocht oibríochtúil dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointe (i).
3.Beidh rochtain ag lucht faireacháin ar chearta bunúsacha ar gach réimse ina dtarlóidh an ghníomhaíocht oibríochtúil agus ar na doiciméid uile a bhaineann le cur chun feidhme na gníomhaíochta sin.
4.Nuair a bheidh lucht faireacháin ar chearta bunúsacha i láthair sa limistéar oibríochtúil, beidh ionchomharthaí á gcaitheamh acu lenar féidir iad a sainaithint go soiléir lucht faireacháin ar chearta bunúsacha.
Airteagal 10
Baill de na Foirne
1.Beidh an t-údarás ag baill den fhoireann na cúraimí a dtugtar tuairisc orthu sa phlean oibríochtúil a dhéanamh.
2.Comhlíonfaidh baill den fhoireann dlíthe agus rialacháin Phoblacht na Seirbia chomh maith le dlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta is infheidhme, go háirithe agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu.
3.Ní fhéadfaidh baill den fhoireann cúraimí a chur i gcrích agus cumhachtaí a fheidhmiú ar chríoch Phoblacht na Seirbia ach amháin de réir treoracha ó údaráis bhainistithe teorainneacha Phoblacht na Seirbia agus i láthair na n-údarás sin. Féadfaidh Poblacht na Seirbia baill den fhoireann a údarú le cúraimí sonracha a chomhlíonadh agus cumhachtaí sonracha a fheidhmiú ar a críoch in éagmais a n-údarás bainistithe teorannacha faoi réir thoiliú na Gníomhaireachta nó an Bhallstáit baile, de réir mar is iomchuí.
4.Is í éide bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a bheidh á caitheamh ag baill den fhoireann ar baill foirne reachtúla iad, le linn dóibh a gcúraimí a chur i gcrích agus a gcumhachtaí a fheidhmiú, mura sonraítear a mhalairt sa phlean oibríochtúil.
Beidh a n-éide náisiúnta féin á gcaitheamh ag baill den fhoireann nach baill foirne reachtúla iad agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu, mura sonraítear a mhalairt sa phlean oibríochtúil.
Agus iad ar dualgas, ní mór do gach ball den fhoireann comhartha céannachta pearsanta infheicthe agus armbhanda gorm ar a mbeidh ionchomharthaí an Aontais Eorpaigh agus na Gníomhaireachta ar a chuid éidí.
5.Údaróidh Poblacht na Seirbia baill ábhartha den fhoireann cúraimí a chomhlíonadh le linn gníomhaíocht oibríochtúil a mbeidh gá le húsáid fornirt lena aghaidh, lena n-áirítear airm sheirbhíse, armlón agus modhanna comhéigneacha eile a iompar agus a úsáid, i gcomhréir le forálacha ábhartha an phlean oibríochtúil.
-Féadfaidh baill den fhoireann ar baill foirne reachtúla iad airm sheirbhíse, armlón agus modhanna comhéigneacha eile a iompar agus a úsáid faoi réir thoiliú na Gníomhaireachta.
-Féadfaidh baill den fhoireann nach baill foirne reachtúla iad airm sheirbhíse, armlón agus modhanna comhéigneacha eile a iompar agus a úsáid faoi réir thoiliú an Bhallstáit baile ábhartha.
6.Déanfar úsáid fornirt, lena n-áirítear iompar agus úsáid arm seirbhíse, armlón agus trealaimh eile, a fheidhmiú i gcomhréir le dlí náisiúnta Phoblacht na Seirbia agus i láthair údaráis bainistithe teorannacha Phoblacht na Seirbia. Féadfaidh Poblacht na Seirbia baill den fhoireann a údarú le fórsa a úsáid in éagmais údaráis bainistithe teorainneacha ábhartha Phoblacht na Seirbia.
-Maidir le baill den fhoireann ar baill foirne reachtúla iad, beidh údarú den sórt sin, forneart a úsáid in éagmais údaráis bainistithe teorainneacha de chuid Phoblacht na Seirbia, faoi réir thoiliú na Gníomhaireachta.
-Maidir le baill foirne nach baill foirne reachtúla iad, beidh an t-údarás sin le forneart a úsáid in éagmais údaráis bainistithe teorainneacha de chuid Phoblacht na Seirbia faoi réir thoiliú an Bhallstáit baile ábhartha.
Ní mór aon úsáid a bhainfidh na baill den fhoireann as forneart a bheith riachtanach agus comhréireach agus ní mór an úsáid sin a bheith i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta is infheidhme, leis an gcuid sin de dhlí an Aontais is infheidhme, agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme, lena n-áirítear, go háirithe, na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1896.
7.Sula n-imscarfar na baill den fhoireann, cuirfidh an Ghníomhaireacht Poblacht na Seirbia ar an eolas maidir leis na hairm sheirbhíse, armlón agus trealamh eile a bhfuil cead ag baill den fhoireann iad a iompar faoi mhír 5 den Airteagal seo. Féadfaidh Poblacht na Seirbia, áfach, cosc a chur ar airm sheirbhíse, armlón agus trealamh áirithe eile a iompar, ar choinníoll go bhfuil feidhm ag an toirmeasc céanna maidir lena n-údaráis bainistithe teorannacha féin faoina dlí féin. Sula n-imscarfar baill na bhfoirne, cuirfidh Phoblachta na Seirbia an Ghníomhaireacht ar an eolas maidir le hairm sheirbhíse, armlón agus trealamh is incheadaithe agus maidir leis na coinníollacha lena n-úsáid. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis sin ar fáil do Bhallstáit.
Déanfaidh Poblacht na Seirbia na socruithe is gá le haghaidh eisiúint aon cheadúnas arm is gá agus éascóidh sé allmhairiú, onnmhairiú, iompar agus stóráil na n-arm, armlóin agus trealaimh eile a bheidh ar fáil do bhaill den fhoireann, arna iarraidh sin ag an nGníomhaireacht.
8.Féadfar airm sheirbhíse, armlón agus trealamh a úsáid i bhféinchosaint dhlisteanach, i gcosaint dhlisteanach na mball den fhoireann nó i gcosaint daoine eile, i gcomhréir le dlí náisiúnta Phoblacht na Seirbia i gcomhréir le prionsabail ábhartha dhlí idirnáisiúnta agus dhlí an Aontais Eorpaigh.
9.Féadfaidh údarás inniúil Phoblacht na Seirbia, arna iarraidh sin air, a údarú go roinnfear sonraí óna bunachair sonraí náisiúnta le baill den fhoireann más gá chun aidhmeanna oibríochtúla a chomhlíonadh i gcomhréir leis an bplean oibríochtúil. Ní cheadóidh baill den fhoireann ach na sonraí sin a bhfuil gá leo chun a gcúraimí a chur i gcrích agus a gcumhachtaí a fheidhmiú.
10.Chun gníomhaíochtaí oibríochtúla a chur chun feidhme, déanfaidh Poblacht na Seirbia oifigigh ó Ardstiúrthóireacht Póilíní Teorann Phoblacht na Seirbia a imscaradh atá ábalta agus toilteanach cumarsáid a dhéanamh i mBéarla chun ról comhordaithe a chomhlíonadh thar ceann Phoblacht na Seirbia.
Airteagal 11
Pribhléidí agus Díolúintí Maoine, Cistí, Sócmhainní agus Oibríochtaí na Gníomhaireachta
1.Beidh aon áitreabh agus foirgnimh de chuid na Gníomhaireachta i bPoblacht na Seirbia dosháraithe. Beidh siad díolmhaithe ó chuardach, foréileamh, coigistiú nó díshealbhú.
2.Maoin agus sócmhainní na Gníomhaireachta, lena n-áirítear modhanna iompair, cumarsáid, cartlanna, comhfhreagras, doiciméid, páipéir aitheantais agus sócmhainní airgeadais, is dosháraithe a bheidh siad.
3.Áirítear le sócmhainní na Gníomhaireachta sócmhainní atá faoi úinéireacht nó faoi chomhúinéireacht Ballstáit, nó arna gcairtfhostú nó arna léasú ag Ballstát agus arna gcur ar fáil don Ghníomhaireacht. Ar bhordáil ionadaí/ionadaithe údaráis inniúla náisiúnta, pléifear leo siúd mar acmhainní i mbun seirbhíse rialtais agus déanfar iad a údarú i ndáil leis sin.
4.Ní fhéadfaidh aon bheart forghníomhaithe a dhéanamh i leith na Gníomhaireachta. Ní bheidh maoin ná sócmhainní na Gníomhaireachta faoi réir aon bheart comhéigin riaracháin ná dlíthiúil. Ní fhéadfaidh maoin de chuid na Gníomhaireachta a urghabháil chun breithiúnas, cinneadh ná ord a chomhlíonadh.
5.Ceadóidh Poblacht na Seirbia iontráil agus baint earraí agus trealaimh arna n-imscaradh ag an nGníomhaireacht chuig Poblacht na Seirbia chun críocha oibríochtúla.
6.Arna iarraidh sin d’údaráis bhreithiúnacha ábhartha Phoblacht na Seirbia, féadfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin toiliú a thabhairt d’údaráis náisiúnta ábhartha Phoblacht na Seirbia dul isteach in áitreabh agus i bhfoirgneamh agus/nó rochtain ar mhaoin na Gníomhaireachta i gcás ina bhfuil amhras tromchúiseach ann faoi chionta coiriúla. Féadfar glacadh le toiliú an stiúrthóra feidhmiúcháin i gcás dóiteáin nó tubaiste eile a dteastaíonn gníomh cosanta pras ina leith.
7.Beidh an Ghníomhaireacht díolmhaithe ó gach dleacht (lena n-áirítear dleachtanna custaim) agus ó gach cáin chomh maith le haon toirmeasc agus srian ar allmhairí agus ar onnmhairí i ndáil le hearraí atá beartaithe dá húsáid oifigiúil.
Airteagal 12
Pribhléidí agus Díolúintí na mBall den Fhoireann
1.Is é is aidhm do na pribhléidí agus na díolúintí a dheonófar ina dhiaidh sin do na baill den fhoireann feidhmiú a bhfeidhmeanna oifigiúla a áirithiú le linn na ngníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhréir leis an bplean oibríochta ar chríoch Phoblacht na Seirbia.
2.Ní bheidh baill den fhoireann faoi réir aon chineál fiosrúcháin ná imeacht dlíthiúil i bPoblacht na Seirbia nó ag údaráis Phoblacht na Seirbia, seachas sna cúinsí dá dtagraítear i mír 3.
3.Beidh díolúine ag baill den fhoireann ó dhlínse choiriúil, shibhialta agus riaracháin Phoblacht na Seirbia i leith gach gnímh a dhéanfaidh siad i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna oifigiúla.
I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag údaráis Phoblacht na Seirbia imeachtaí coiriúla, sibhialta nó riaracháin a thionscnamh i gcoinne baill den fhoireann os comhair aon chúirte de chuid Phoblacht na Seirbia, tabharfaidh na húdaráis inniúla Phoblacht na Seirbia fógra láithreach don stiúrthóir feidhmiúcháin. Beidh an nós imeachta um fhógra a thabhairt i gcomhréir le cinneadh infheidhme na Gníomhaireachta, cinneadh a leagfar amach sa phlean oibríochtúil.
Tar éis dó fógra den sórt sin a fháil, cuirfidh stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta in iúl d’údaráis ábhartha Phoblacht na Seirbia, gan aon mhoill mhíchuí, cé acu a rinne nó nach ndearna an ball den fhoireann an gníomh i dtrácht agus a fheidhmeanna nó a feidhmeanna oifigiúla á bhfeidhmiú acu. Más rud é go sonrófar go ndearnadh an gníomh mar chuid d’fheidhmiú feidhmeanna oifigiúla, ní thionscnófar na himeachtaí. Más rud é gur sonraíodh nach ndearnadh an gníomh i bhfeidhmiú feidhmeanna oifigiúla, féadfar na himeachtaí a thionscnamh. Beidh cáiliú an stiúrthóra feidhmiúcháin ceangailteach ar Phoblacht na Seirbia, agus ní chuirfidh sí ina aghaidh.
4.Go dtí go bhfaighfear an cáiliú sin, staonfaidh an Ghníomhaireacht ó aon bheart a dhéanamh a bheidh beartaithe chun aon ionchúiseamh coiriúil a d’fhéadfadh údaráis inniúla Phoblacht na Seirbia a dhéanamh ina dhiaidh sin ar an mball den fhoireann a chur i mbaol, lena n-áirítear éascú a dhéanamh ar imeacht an bhaill den fhoireann lena mbaineann ó Phoblacht na Seirbia ar a Bhallstát baile.
5.Áitribh, áiteanna cónaithe, modhanna iompair agus cumarsáide agus maoin na mball den fhoireann, lena n-áirítear comhfhreagras, doiciméid, páipéir aitheantais agus sócmhainní, beidh siad dosháraithe, ach amháin i gcás bearta forghníomhaithe a cheadaítear de bhun mhír 8.
6.Beidh Poblacht na Seirbia faoi dhliteanas i leith aon díobháil arna déanamh ag baill den fhoireann ar thríú páirtithe agus a bhfeidhmeanna oifigiúla á bhfeidhmiú.
I gcás díobháil arna déanamh de bharr mórfhaillí nó mí-iompar toiliúil, nó arna déanamh ag ball den fhoireann ar ball den fhoireann reachtúil é agus nach mbaineann le feidhmeanna oifigiúla a fheidhmiú, féadfaidh Poblacht na Seirbia a iarraidh, tríd an stiúrthóir feidhmiúcháin, go n-íocfadh an Ghníomhaireacht cúiteamh.
I gcás díobháil arna déanamh de bharr mórfhaillí nó mí-iompar toiliúil, nó arna déanamh ag ball den fhoireann nach cuid de bhall foirne reachtúla de chuid na Gníomhaireachta é nó í, gan feidhmeanna oifigiúla á bhfeidhmiú, féadfaidh Poblacht na Seirbia a iarraidh, trí stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta, go n-íocfadh an Ballstát baile lena mbaineann cúiteamh.
Ní bheidh aon Pháirtí ná aon Bhallstát rannpháirteach ná an Ghníomhaireacht faoi dhliteanas i leith aon díobháil a dhéantar i bPoblacht na Seirbia de dheasca theagmhas force majeure nach bhfuil aon neart aige air.
7.Ní bheidh sé d’oibleagáid ar bhaill den fhoireann fianaise a thabhairt mar fhinnéithe in imeachtaí dlíthiúla i bPoblacht na Seirbia.
8.Ní fhéadfaidh aon bheart forghníomhaithe a dhéanamh i leith baill den fhoireann, ach amháin i gcásanna ina ndéantar imeachtaí coiriúla, sibhialta nó riaracháin a thionscnamh ina n-aghaidh nuair nach mbaineann an t-imeacht sin lena bhfeidhmeanna oifigiúla. Maoin de chuid ball den fhoireann, atá deimhnithe ag stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta mar ní atá riachtanach chun a bhfeidhmeanna oifigiúla a chomhlíonadh, ní fhéadfaidh í a urghabháil chun breithiúnas, cinneadh ná ord a chomhlíonadh. In imeachtaí coiriúla, sibhialta nó riaracháin ní bheidh baill den fhoireann faoi réir aon srian ar a saoirse phearsanta ná aon bheart eile comhéigin.
9.Beidh baill den fhoireann, maidir le seirbhísí a sholáthar don Ghníomhaireacht, díolmhaithe ó fhorálacha um shlándáil shóisialta a d’fhéadfadh bheith i bhfeidhm i bPoblacht na Seirbia.
10.Ní ghearrfar aon cháin, de chineál ar bith, i bPoblacht na Seirbia ar thuarastal ná díolaíocht a íocann an Ghníomhaireacht agus/nó Ballstáit bhaile le baill den fhoireann, nó ar aon ioncam a fhaigheann baill den fhoireann lasmuigh de Phoblacht na Seirbia.
11.Ceadóidh Poblacht na Seirbia iontráil earraí d’úsáid phearsanta bhaill den fhoireann agus deonóidh siad eisiamh ó gach dleacht chustam (lena n-áirítear dleachtanna custaim), cáin agus costas gaolmhar seachas costais ar stóráil, iompar agus seirbhísí comhchosúla, i leith earraí den sórt sin. Ceadóidh Poblacht na Seirbia onnmhairiú earraí den sórt sin freisin.
12.Beidh bagáiste pearsanta de chuid baill den fhoireann díolmhaithe ó imscrúdú, mura bhfuil cúiseanna tromchúiseacha le hamhras go bhfuil earraí ann nach d’úsáid phearsanta bhaill den fhoireann iad, nó earraí a choisctear leis an dlí a n-allmhairiú nó a n-onnmhairiú nó atá faoi réir rialacháin choraintín Phoblacht na Seirbia. Ní iniúchfar bagáiste pearsanta den sórt sin ach amháin i láthair na mball den fhoireann lena mbaineann nó ionadaí údaraithe de chuid na Gníomhaireachta.
13.Ceapfaidh an Ghníomhaireacht agus Poblacht na Seirbia pointí teagmhála a bhíonn ar fáil i gcónaí a bheidh freagrach as malartú faisnéise agus bearta láithreacha a bheidh le déanamh maidir le haon ghníomh arna déanamh ag ball den fhoireann a d’fhéadfadh a bheith ina shárú ar dhlí coiriúil chomh maith le malartú faisnéise agus na gníomhaíochtaí oibríochtúla i ndáil le haon imeacht sibhialta agus riaracháin in aghaidh comhalta den fhoireann.
Go dtí go bhfuil beart déanta ag údaráis inniúla an Bhallstáit bhaile, cuideoidh an Ghníomhaireacht agus Poblacht na Seirbia le chéile chun na fiosrúcháin agus imscrúduithe ar fad is gá a dhéanamh maidir le haon chion coiriúil líomhnaithe a bhfuil leas ag an nGníomhaireacht agus/ná Poblacht na Seirbia ina leith, i sainaithint finnéithe agus bailiú agus soláthar fianaise, lena n-áirítear an iarraidh nithe a bhaineann leis an gcion coiriúil a mhaítear a fháil, agus a thabhairt ar láimh, más iomchuí. Féadfar tabhairt ar láimh aon ní den sórt sin a chur faoi réir a dtabhairt ar ais laistigh de na téarmaí a shonróidh an t-údarás inniúil a sholáthróidh iad.
Airteagal 13
Baill de na Foirne a bheidh Gortaithe nó Éagtha
1.Gan dochar d’Airteagal 12, beidh sé de cheart ag an stiúrthóir feidhmiúcháin cúram a ghlacadh, agus socruithe oiriúnacha a dhéanamh, i leith aisdúichiú aon bhaill den fhoireann atá ghortaithe nó éagtha, chomh maith lena mhaoin phearsanta.
2.Ní dhéanfar scrúdú iarbháis ar bhall den foireann atá éagtha ach amháin le toiliú sainráite an Bhallstáit baile lena mbaineann agus i láthair ionadaí ón nGníomhaireacht nó ón mBallstát baile lena mbaineann.
3.Rachaidh Poblacht na Seirbia agus an Ghníomhaireacht i gcomhar a chéile a mhéid is féidir chun go bhféadfar baill den fhoireann atá gortaithe nó éagtha a aisdúichiú go pras.
Airteagal 14
Doiciméad Creidiúnaithe
1.Eiseoidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar le Poblacht na Seirbia, doiciméad i Seirbise agus i mBéarla chuig gach ball den fhoireann chun críocha aitheantais vis-à-vis údaráis náisiúnta Phoblacht na Seirbia agus mar chruthúnas ar chearta an tsealbhóra na cúraimí a chomhlíonadh agus na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 10 den Chomhaontú seo agus sa phlean oibríochtúil (an ‘doiciméad creidiúnaithe’) a fheidhmiú.
2.Áireofar an fhaisnéis seo a leanas maidir leis an mball foirne ar an doiciméad creidiúnaithe: ainm agus náisiúntacht; céim nó teideal an phoist; grianghraf digitithe a tógadh le deireanas agus na cúraimí sin a bheidh le déanamh le linn an imscartha.
3.Chun críocha aitheantais vis-à-vis údaráis náisiúnta Phoblacht na Seirbia, beidh ar bhaill den fhoireann an doiciméad creidiúnaithe a thabhairt leo i gcónaí.
4. Aithneoidh Poblacht na Seirbia go gceadaíonn an doiciméad creidiúnaithe, in éineacht le doiciméad bailí taistil, iontráil don chomhalta ábhartha den fhoireann agus go gceadaíonn sé don chomhalta sin fanacht i bPoblacht na Seirbia gan gá le víosa, réamh-údarú ná aon doiciméad eile, suas go dtí an lá a rachaidh sé in éag.
5.Tabharfar an doiciméad creidiúnaithe ar ais don Ghníomhaireacht ag deireadh na tréimhse imscartha. Cuirfear údaráis inniúla Phoblacht na Seirbia ar an eolas faoi sin.
Airteagal 15
Cur i bhfeidhm maidir le Baill Foirne na Gníomhaireachta nach nImscartar mar Bhaill de na Foirne
Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 12, 13 agus 14 maidir le gach ball foirne de chuid na Gníomhaireachta a imscartar chuig Poblacht na Seirbia nach baill den fhoireann iad, lena n-áirítear lucht faireacháin ar chearta bunúsacha agus na baill foirne reachtúla arna n-imscaradh chuig oifigí allamuigh.
Airteagal 16
Sonraí Pearsanta a Chosaint
1.Ní chuirfear sonraí pearsanta in iúl ach amháin má bhíonn cumarsáid den sórt sin riachtanach le haghaidh chur chun feidhme an chomhaontaithe seo a dhéanfaidh údaráis inniúla Phoblacht na Seirbia nó an Ghníomhaireacht. Maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údarás i gcás faoi leith, lena n-áirítear aistriú sonraí pearsanta den sórt sin chuig an bPáirtí eile, beidh an phróiseáil sonraí sin faoi réir na rialacha um chosaint sonraí is infheidhme maidir leis an údarás sin. Áiritheoidh na Páirtithe na coimircí íosta seo a leanas mar réamhchoinníoll le haghaidh aistriú sonraí d’aon chineál:
(a)ní mór sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach dlíthiúil, cóir agus trédhearcach i ndáil leis an ábhar sonraí;
(b)ní mór sonraí pearsanta a bhailiú don chuspóir sonrach, follasach agus dlisteanach a bhaineann le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus níor cheart don údarás atá á chur in iúl ná don údarás is faighteoir tuilleadh próiseála a dhéanamh orthu ar bhealach atá ar neamhréir leis an gcuspóir sin;
(c)ní mór sonraí pearsanta a bheith leormhaith, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá maidir leis an gcuspóir dá ndéantar iad a bhailiú nó a phróiseáil a thuilleadh; go háirithe, na sonraí pearsanta a chuirtear in iúl i gcomhréir leis an dlí is infheidhme maidir leis an údaráis atá á gcur in iúl, féadfaidh siad baint a bheith acu le ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas agus leis an ní nó na nithe sin amháin:
–Céadainm;
–Sloinne;
–Dáta breithe;
–Náisiúntacht;
–Céim;
–Bithleathanach an doiciméid taistil;
–Doiciméad creidiúnúcháin;
–Grianghraf ón doiciméad aitheantais/pas/doiciméid creidiúnúcháin;
–Seoladh ríomhphoist;
–Uimhir fóin póca;
–Mionsonraí an airm;
–Fad an imscartha;
–Suíomh an imscartha;
–Uimhreacha aitheantais aerárthaí nó soithí;
–Dáta teachta;
–An t-aerfort teachta/an pointe trasnaithe teorann teachta;
–Uimhir eitilte teachta;
–Dáta imeachta;
–An t-aerfort imeachta/an pointe trasnaithe teorann imeachta;
–Uimhir eitilte imeachta;
–Ballstát baile/tríú tír;
–Údarás imscartha;
–Cúraimí/próifíl oibríochtúil;
–Modh iompair;
–Bealach
de chuid ball den fhoireann, bhaill foirne na Gníomhaireachta, breathnóirí ábhartha, nó ball de chláir mhalartaithe foirne;
(d)ní mór do shonraí pearsanta a bheith cruinn agus, i gcás inar gá, ní mór iad a choimeád cothrom le dáta;
(e)ní mór sonraí pearsanta a choimeád i bhfoirm a áirithíonn nach féidir daoine is ábhar do na sonraí a shainaithint, go ceann tréimhse nach faide ná an tréimhse is gá chun na críche dár bailíodh na sonraí nó dá bhfuil tuilleadh próiseála á déanamh orthu;
(f)ní mór sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach lena n‑áirithítear slándáil iomchuí na sonraí pearsanta, ag cur rioscaí sonracha na próiseála san áireamh, lena n‑áirítear cosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach agus ar chailleadh, scriosadh nó damáiste de thaisme, agus bearta teicniúla nó eagraíochtúla iomchuí á n-úsáid (‘sárú ar shonraí’); déanfaidh an t-údarás is faighteoir bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar shárú ar shonraí, agus cuirfidh sé an t-údarás atá á chur in iúl ar an eolas maidir le haon sárú den sórt sin gan moill mhíchuí agus laistigh de 72 uair an chloig;
(g)glacfaidh an t-údarás atá á gcur in iúl agus an t-údarás is faighteoir araon gach céim réasúnta chun a áirithiú go ndéanfar sonraí pearsanta a cheartú nó a léirscriosadh gan mhoill, mar is iomchuí, i gcás nach gcomhlíonann an phróiseáil an Airteagal seo, go háirithe toisc nach bhfuil na sonraí sin leormhaith, ábhartha, cruinn nó toisc go bhfuil siad iomarcach i ndáil le críoch na próiseála; airítear leis fógra a thabhairt don Pháirtí eile maidir le haon cheartú nó léirscriosadh;
(h)arna iarraidh sin, cuirfidh an t-údarás is faighteoir an t-údarás atá á chur in iúl ar an eolas maidir le húsáid na sonraí a cuireadh in iúl;
(i)níl cead sonraí pearsanta a chur in iúl ach amháin do na húdaráis inniúla a leanas:
–an Ghníomhaireacht; agus
–Aireacht Gnóthaí Baile Phoblacht na Seirbia.
chun sonraí a chur in iúl do chomhlachtaí eile, éilítear réamh-údarú an údaráis atá á gcur in iúl;
(j)tá an t-údarás atá á chur in iúl agus an t-údarás is faighteoir faoi oibleagáid taifead i scríbhinn a dhéanamh ar an gcur in iúl agus ar fháil na sonraí pearsanta;
(k)beidh formhaoirseacht neamhspleách i bhfeidhm chun formhaoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh maidir le cosaint sonraí, lena n‑áirítear chun taifid den sórt sin a iniúchadh; beidh sé de cheart ag ábhair sonraí gearáin a chur faoi bhráid an chomhlachta formhaoirseachta, agus freagra a fháil gan moill mhíchuí;
(l)beidh sé de cheart ag ábhair sonraí faisnéis a fháil maidir le próiseáil a gcuid sonraí pearsanta, rochtain a fháil ar na sonraí sin agus go ndéanfaí sonraí míchruinne nó sonraí a próiseáladh go neamhdhleathach a ceartú nó a léirscriosadh, faoi réir srianta riachtanacha comhréireacha ar fhorais thábhachtacha a bhaineann le leas an phobail; agus
(m)beidh sé de cheart ag ábhair sonraí sásamh éifeachtach riaracháin agus breithiúnach a fháil le haghaidh shárú na gcoimircí thuasluaite.
2.Déanfaidh gach Páirtí athbhreithniú tráthrialta ar a bheartais agus nósanna imeachta féin lena gcuirtear an Airteagal seo chun feidhme. Arna iarraidh sin don Pháirtí eile, déanfaidh an Páirtí a fuair an iarraidh athbhreithniú ar a gcuid beartas agus nósanna imeachta a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta chun a shuí agus a dheimhniú go bhfuil na coimircí san Airteagal seo á gcur chun feidhme go héifeachtach. Cuirfear torthaí an athbhreithnithe chuig an bPáirtí a d’iarr an t-athbhreithniú laistigh de thréimhse réasúnta.
3.Beidh na coimircí um chosaint sonraí faoin gComhaontú seo faoi réir formhaoirseachta ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus ag Coimisiún Phoblacht na Seirbia um an gCeart Chun Faisnéis Phoiblí agus Cosaint Sonraí Pearsanta a Fháil.
4.Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, mar údarás maoirseachta na Gníomhaireachta.
5.Déanfaidh an Ghníomhaireacht agus Poblacht na Seirbia tuarascáil a tharraingt suas i gcomhar maidir le cur i bhfeidhm an airteagail seo ag deireadh gach gníomhaíochta oibríochtúla. Seolfar an tuarascáil sin chuig oifigeach um chearta bunúsacha agus oifigeach cosanta sonraí na Gníomhaireachta agus chuig Coimisiún na Seirbia um Fhaisnéis a bhfuil Tábhacht Phoiblí Léi agus Cosaint Sonraí Pearsanta agus chuig Ombudsman Phoblacht na Seirbia.
6.Déanfaidh an Ghníomhaireacht agus Poblacht na Seirbia rialacha mionsonraithe a leagan amach maidir le sonraí pearsanta a chur in iúl agus a phróiseáil chun críoch gníomhaíochtaí oibríochtúla faoin gComhaontú seo i bhforálacha sonracha de na pleananna oibríochtúla ábhartha. Comhlíonfaidh na forálacha sin ceanglais ábhartha dhlí an Aontais agus dhlí Phoblacht na Seirbia. Tabharfar tuairisc iontu, inter alia, ar chuspóir beartaithe an chur in iúl, ar an rialaitheoir nó ar na rialaitheoirí agus ar gach ról agus freagracht, ar na catagóirí sonraí a chuirtear in iúl, ar na tréimhsí sonracha coinneála sonraí, agus ar na coimircí íosta go léir. Ar mhaithe leis an trédhearcacht agus an intuarthacht, cuirfear na forálacha sin ar fáil go poiblí i gcomhréir leis an treoraíocht ábhartha ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí.
Airteagal 17
Faisnéis Rúnaicmithe agus Faisnéis Íogair Neamh-Rúnaicmithe a Mhalartú
1.Aon mhalartú, roinnt nó scaipeadh faisnéis rúnaicmithe faoi chuimsiú an Chomhaontaithe seo, cumhdófar é le socrú riaracháin ar leithligh arna thabhairt i gcrích idir an Ghníomhaireacht agus údaráis ábhartha Phoblacht na Seirbia a bheidh faoi réir fhormheas an Choimisiúin Eorpaigh roimh ré.
2.Maidir le malartú aon fhaisnéis íogair neamh-rúnaicmithe faoi chuimsiú an chomhaontaithe seo:
(a)pléifidh an Ghníomhaireacht leis i gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Chinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún;
(b)gheobhaidh sé leibhéal cosanta ón bPáirtí is faighteoir atá comhionann le leibhéal na cosanta a thugtar leis na bearta atá i bhfeidhm ar an bhfaisnéis sin leis an bPáirtí atá á chur in iúl i dtéarmaí rúndachta, sláine agus infhaighteachta; agus
(c)déanfar é trí chóras malartaithe faisnéise a chomhlíonann critéir na hinfhaighteachta, na rúndachta agus na sláine le haghaidh faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe, amhail an líonra cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2019/1896.
3.Comhlíonfaidh na Páirtithe cearta maoine intleachtúla a bhaineann le haon sonraí a phróiseáiltear faoi chuimsiú an Chomhaontaithe seo.
Airteagal 18
Cinneadh maidir le Maoiniú le haghaidh Gníomhaíocht Oibríochtúil a Chur ar Fionraí, a Fhoirceannadh agus/nó a Aistarraingt
1.Mura gcomhlíontar na coinníollacha chun gníomhaíocht oibríochtúil a dhéanamh a thuilleadh, déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an ghníomhaíocht oibríochtúil sin a fhoirceannadh tar éis dó Poblacht na Seirbia a chur ar an eolas i scríbhinn.
2.Murar léirigh Poblacht na Seirbia urraim don Chomhaontú seo ná do phlean oibríochtúil, féadfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin maoiniú an phlean oibríochtúil ábhartha a aistarraingt, agus/nó é a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, tar éis dó Poblacht na Seirbia a chur ar an eolas i scríbhinn.
3.Mura féidir slándáil aon rannpháirtí i ngníomhaíocht oibríochtúil arna imscaradh i bPoblacht na Seirbia a ráthú, féadfaidh stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta an ghníomhaíocht oibríochtúil ábhartha nó codanna di a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh.
4.Má mheasann an stiúrthóir feidhmiúcháin gur tharla sáruithe ar chearta bunúsacha nó oibleagáidí cosanta idirnáisiúnta tromchúiseacha, ar dócha go leanfaidh siad ar aghaidh nó ar dócha go dtarlóidh siad i ndáil le gníomhaíocht oibríochtúil arna déanamh faoin gComhaontú seo, aistarraingeoidh sé nó sí maoiniú na gníomhaíochta oibríochtúla ábhartha, agus/nó í a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, tar éis dó Poblacht na Seirbia a chur ar an eolas.
5.Féadfaidh Poblacht na Seirbia a iarraidh ar an stiúrthóir feidhmiúcháin gníomhaíocht oibríochtúil a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh mura n-urramaíonn baill den fhoireann an Comhaontú seo nó plean oibríochtúil. Déanfar iarraidh den sórt sin i scríbhinn agus áireofar leis na cúiseanna dó.
6.Beidh éifeacht ag fionraí, foirceannadh nó aistarraingt maoinithe faoin Airteagal seo ó dháta a thugtar an fógra chuig Poblacht na Seirbia. Ní dhéanfaidh sé difear do chearta ná oibleagáidí a eascróidh as cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo nó an phlean oibríochtúil roimh fhionraí, foirceannadh nó aistarraingt maoinithe den sórt sin.
Airteagal 19
Calaois a Chomhrac
1.Tabharfaidh Poblacht na Seirbia fógra don Ghníomhaireacht, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus nó an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise láithreach má fhaigheann sí amach go bhfuil líomhaintí inchreidte calaoise, éillithe nó gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do leasanna an Aontais Eorpaigh.
2.I gcás ina mbaineann líomhaintí den sórt sin le maoiniú ón Aontas Eorpach a eisíoctar i ndáil leis an gComhaontú seo, soláthróidh Poblacht na Seirbia gach cúnamh riachtanach don Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise agus/nó d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh i ndáil le gníomhaíochtaí imscrúdaitheacha ar a críoch, lena n‑áirítear agallaimh, seiceálacha agus iniúchtaí ar an láthair a éascú (lena n‑áirítear rochtain ar chórais faisnéise agus bunachair shonraí i bPoblacht na Seirbia); agus rochtain a éascú ar aon fhaisnéis ábhartha a bhaineann le bainistíocht theicniúil agus airgeadais ar chúrsaí arna maoiniú go páirteach nó go hiomlán ag an Aontas Eorpach.
Airteagal 20
Cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo
1.Cuirfidh Aireacht Gnóthaí Baile Phoblacht na Seirbia an Comhaontú seo chun feidhme thar ceann Phoblacht na Seirbia.
2.Cuirfidh an Ghníomhaireacht an Comhaontú seo chun feidhme thar ceann an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 21
Réiteach Díospóide
1.Déanfaidh ionadaithe ó údaráis inniúla na Gníomhaireachta agus Phoblacht na Seirbia imscrúdú le chéile ar aon díospóid a eascraíonn as cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
2.Mura dtiocfar ar aon réiteach, réiteofar díospóidí a bhaineann le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo le hidirbheartaíocht idir na Páirtithe.
Airteagal 22
Teacht i bhFeidhm, Leasú, Fad, Fionraí agus Foirceannadh an Chomhaontaithe
1.Beidh an Comhaontú seo faoi réir dhaingniú, ghlacadh nó fhormheas na bPáirtithe i gcomhréir lena nósanna imeachta dlíthiúla inmheánacha féin. Tabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile gur cuireadh na nósanna imeachta is gá chun na críche sin i gcrích.
2.Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis an dáta ar a dtabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile gur chuir siad i gcrích na nósanna imeachta dlíthiúla inmheánacha i gcomhréir le mír 1.
3.Leis seo, déantar Comhaontú Stádais idir Poblacht na Seirbia agus an tAontas Eorpach maidir le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Seirbia, a síníodh i mBéalgrád an 18 Samhain 2019 agus i Scóipé an 19 Samhain 2019, a aisghairm agus cuirtear an Comhaontú seo ina ionad.
4.Ní fhéadfar an Comhaontú seo a leasú ach amháin i scríbhinn de chomhthoil na bPáirtithe.
5.Tugtar an Comhaontú seo i gcrích go ceann tréimhse éiginnte. Féadfar é a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh le comhaontú i scríbhinn idir na Páirtithe nó go haontaobhach ag ceachtar den dá Pháirtí.
I gcás fionraí nó foirceannadh aontaobhach, an Páirtí ar mian leis an comhaontú a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, déanfaidh sé fógra a thabhairt faoi sin don Pháirtí eile i scríbhinn. Tiocfaidh foirceannadh nó fionraí aontaobhach an Chomhaontaithe seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis na míosa inar tugadh an fógra.
6.Seolfar fógraí a dhéantar i gcomhréir leis an Airteagal seo, i gcás an Aontais Eorpaigh, chuig Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus, i gcás Phoblacht na Seirbia, chuig an Aireacht Gnóthaí Eachtracha Phoblacht na Seirbia.
Arna dhéanamh i ndúblach sna teangacha seo a leanas: Béarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Seicis, Slóivéinis, Slóvaicis, Spáinnis, Sualainnis, Ungáiris agus Seirbise, agus comhúdarás ag gach ceann de na téacsanna sin.
DÁ FHIANÚ SIN, tá na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe, atá údaraithe go cuí chuige sin, tar éis an Comhaontú seo a shíniú.
Arna dhéanamh i XX, dáta, LL/MM/BBBB