An Bhruiséil,12.3.2024

COM(2024) 113 final

2024/0062(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Idirnáisiúnta Grán i dtaobh aontachas na Seineagáile don Choinbhinsiún Trádála Gráin, 1995


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Idirnáisiúnta Grán i dtaca le haontachas na Seineagáile don Choinbhinsiún Trádála Gráin, 1995 (‘an Coinbhinsiún’)

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Coinbhinsiún Trádála Gráin, 1995

Tá sé d’aidhm ag an gCoinbhinsiún comhar idirnáisiúnta i dtaobh gach gné den trádáil i ngráin a chur chun cinn, méadú ar thrádáil idirnáisiúnta i ngráin a chur chun cinn, agus an sreabhadh is saoire is féidir den trádáil sin a áirithiú. Ina theannta sin, tá sé beartaithe ag an gCoinbhinsiún cur le cobhsaíocht mhargaí idirnáisiúnta an ghráin a mhéid is mó is féidir ar mhaithe le gach ball, feabhas a chur ar shlándáil dhomhanda bia, agus fóram a sholáthar chun faisnéis a mhalartú agus chun ábhair imní na mball maidir le trádáil i ngráin a phlé.

Tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm an 1 Iúil 1995. Tá an tAontas ina pháirtí sa Choinbhinsiún 1 .

Thug an tAontas Eorpach an Coinbhinsiún i gcrích le Cinneadh 96/88/CE ón gComhairle go dtí an 30 Meitheamh 1998, agus cuireadh síneadh leis go tráthrialta ó shin i leith. Gach uair, cuirtear síneadh leis an gCoinbhinsiún ar feadh na tréimhse is faide is féidir mar atá 2 bhliain i gcomhréir le hAirteagal 33 den Choinbhinsiún. Cuireadh síneadh leis go deireanach le cinneadh a rinne an Chomhairle Idirnáisiúnta Grán (‘CIG’) le linn a 58ú seisiún an 14 Meitheamh 2023 agus beidh sé i bhfeidhm go dtí an 30 Meitheamh 2025.

2.2.An Chomhairle Idirnáisiúnta Grán

Eagraíocht idir-rialtasach atá lonnaithe i Londain is ea CIG, eagraíocht lena ndéantar an Coinbhinsiún a riar agus lena ndéantar iarracht na cuspóirí a leagtar síos le hAirteagal 1 den Choinbhinsiún a chomhlíonadh. Tá sé d’aidhm ag CIG, go háirithe:

(a)comhar idirnáisiúnta i ngach gné den trádáil i ngráin a chur chun cinn;

(b)leathnú, oscailteacht agus cothroime na trádála idirnáisiúnta in earnáil an ghráin a chur chun cinn;

(c)cur le cobhsaíocht mhargadh idirnáisiúnta an ghráin, feabhas a chur ar shlándáil dhomhanda bia, agus cur le forbairt tíortha a mbraitheann a ngeilleagair ar dhíolachán tráchtála gráin.

Féachtar leis na cuspóirí sin a bhaint amach trí fheabhas a chur ar thrédhearcacht an mhargaidh, agus é sin a dhéanamh trí fhaisnéis a roinnt agus anailís agus comhairliúchán a dhéanamh maidir le forbairtí margaidh agus beartas.

Tá 29 mball sa Chomhairle Idirnáisiúnta Grán faoi láthair, ina measc cuid mhór de na táirgeoirí grán is mó ar domhan, chomh maith le roinnt mór-allmhaireoirí. Le cois an Aontais, áirítear ina mbaill an Airgintín, an Astráil, Ceanada, an India, an Ríocht Aontaithe, an Rúis, an tSeapáin, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Úcráin agus tíortha eile. Mar sin féin, ní baill iad an tSín ná an Bhrasaíl, agus d’fhág an Éigipt, ceann de na hallmhaireoirí cruithneachta is mó, an eagraíocht an 1 Iúil 2023.

Tá 2 000 vóta san iomlán ag an 29 mball de CIG.

I dtaca le nósanna imeachta buiséadacha (féach Airteagal 11 den Choinbhinsiún), i.e.: chun ranníocaíochtaí airgeadais bliantúla na mball a shocrú, tá 376 vóta ag an Aontas in 2023/24 2 .

I dtaca leis an gcinnteoireacht i.e.: i gcás ina mbíonn vótáil ann (féach Airteagal 12 den Choinbhinsiún), dáiltear 1 000 vóta ar na 11 bhall is onnmhaireoir (lena n‑áirítear an tAontas, ar a ndáiltear 240 vóta in 2023/24) agus 1 000 vóta ar na 18 mball is allmhaireoir. Ní mór a chur i dtábhacht go bhfeidhmíonn CIG, i bprionsabal, ar bhonn an chomhdhearcaidh, agus gur annamh a chuirtear rudaí chun vóta iarbhír.

Ag cruinnithe CIG déanann an Coimisiún ionadaíocht ar an Aontas, de bhua Airteagal 17 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Féadfaidh na Ballstáit freastal ar chruinnithe CIG, go háirithe ar Sheisiúin na Comhairle.

2.3.An gníomh atá beartaithe ag an gComhairle Idirnáisiúnta Grán

An 12 Nollaig 2023, chuir Stiúrthóir Feidhmiúcháin CIG in iúl don Choimisiún go bhfuil sé beartaithe ag an tSeineagáil aontú don Choinbhinsiún. Cuireadh an tiarratas foirmiúil isteach an 22 Nollaig 2023, agus cuireadh baill CIG ar an eolas faoi sin an 3 Eanáir 2024 3 .

Rinne CIG iarratas na Seineagáile a mheas ag a 59ú Seisiún an 24 Eanáir 2024. Ag an gcruinniú sin, chomhaontaigh CIG gur cheart an cinneadh maidir leis an iarratas a dhéanamh trí nós imeachta i scríbhinn (postbhallóid) agus an 24 Aibreán 2024 mar sprioc-am. I gcás nach seolfaidh aon bhall de CIG aon agóid i scríbhinn faoin dáta sin, thiocfadh aontachas na Seineagáile i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2024.

De réir Airteagal 27(2) den Choinbhinsiún, is féidir le Rialtas na Stát uile iarratas a dhéanamh ar aontachas ar na coinníollacha sin, faoi mar is iomchuí leis an gComhairle. I gcomhréir le Riail 33(d) de na Rialacha Nós Imeachta faoin gCoinbhinsiún Trádála Gráin (na ‘Rialacha Nós Imeachta’), déanann an Coiste Riaracháin iarratais ar aontachas a mheasúnú agus a mholadh don Chomhairle faoi Airteagal 27(2).

Chun críocha Airteagal 11 den Choinbhinsiún (i.e. ranníocaíocht bhliantúil airgeadais na mball), déantar vótaí na tíre aontaí a chinneadh de réir na comhréire idir trádáil chomhiomlán na tíre aontaí i ngrán agus trádáil chomhiomlán bhallstáit uile CIG i ngrán, agus é sin a dhéanamh i gcomhréir le Riail 33(b) de na Rialacha Nós Imeachta.

Faoi Airteagal 12(1) den Choinbhinsiún, chun críocha an Choinbhinsiúin ní mór don Chomhairle a dhéanamh amach cé na baill a bheidh ina mbaill is onnmhaireoir agus cé na baill a bheidh ina mbaill is allmhaireoir, agus gréasáin trádála gráin agus tuairimí na mball sin á gcur san áireamh aici. Beidh ar an gComhairle a gcearta vótála a chinneadh freisin, i gcomhréir le míreanna 2 agus 3 den fhoráil chéanna.

Cé nach leagtar síos rialacha sonracha maidir le nós imeachta na postbhallóide (ná leis an nós imeachta i scríbhinn) sa Choinbhinsiún, ní éilítear le hAirteagal 14 den Choinbhinsiún, lena mbaineann ‘cinntí na Comhairle’, go ndéanfaí cinntí mar sin ag Seisiún den Chomhairle.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Ba bhall gníomhach den Chomhairle Idirnáisiúnta Grán é an tAontas riamh agus thacaigh sé i gcónaí le forleathnú na heagraíochta.

Táirgeoir tábhachtach ríse agus grán garbh go háirithe is ea an tSeineagáil. Mar sin féin, níl sí neamhthuilleamaíoch agus ní féidir léi freastal go hiomlán ar an éileamh intíre. Dá bhrí sin, ní mór don tír cainníochtaí breise gránach, lena n‑áirítear cruithneacht, a allmhairiú.

I gcás ina bhformheasfaidh baill de CIG aontachas na Seineagáile don Choinbhinsiún, beidh an tír ina ball is allmhaireoir i gcomhréir le hAirteagal 12 den Choinbhinsiún. Ós ball is onnmhaireoir é an tAontas, ní bheidh tionchar ag aontachas na Seineagáile ar líon na vótaí a leithdháilfear ar an Aontas chun críoch vótála faoi Airteagal 12 den Choinbhinsiún. Ón mbliain airgeadais 2024/25 ar aghaidh, d’fhéadfadh aontachas na Seineagáile, áfach, líon na vótaí a leithdháiltear ar an Aontas faoi Airteagal 11 den Choinbhinsiún, a úsáidtear chun ranníocaíocht airgeadais na mball a chinneadh, a laghdú beagán.

Is é is cuspóir don togra seo údarú na Comhairle a lorg don Choimisiún chun vótáil, thar ceann an Aontais, i bhfabhar aontachas na Seineagáile don Choinbhinsiún.

4.An bunús dlí

4.1.Bunús dlí nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunófar ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist.

4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Beidh forleathnú ar bhallraíocht CIG mar éifeacht ag an ngníomh atá beartaithe ag CIG. Tá éifeachtaí dlíthiúla ag an ngníomh atá beartaithe ag an gComhairle Idirnáisiúnta Grán óir leagfar síos coinníollacha an aontachais sin leis, go háirithe toisc go ndéanfaidh sé difear don chothromaíocht chinnteoireachta laistigh den Chomhairle Idirnáisiúnta Grán, a bhfuil tromlach a cuid ball is onnmhaireoir agus a cuid ball is allmhaireoir ag teastáil le haghaidh a cuid cinntí, cinntí a mbíonn ina gceangal ar a cuid ball, mar a chuirtear in iúl in Airteagal 14 den Choinbhinsiún.

Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Chomhaontaithe.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE bunús dlí nós imeachta an chinnidh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

Braitheann an bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chuid de ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na codanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó príomhchuid agus an ceann eile mar aidhm nó cuid theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear faoin bpríomhaidhm nó faoin bpríomhchuid.

4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is le trádáil i dtáirgí talmhaíochta a bhaineann príomhchuspóir agus príomhábhar an ghnímh atá beartaithe.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Is é Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, CFAE ba cheart a bheith i mbunús dlí an chinnidh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

Beidh tionchar ag aontachas na Seineagáile ar leithdháileadh vótaí na mball laistigh de CIG le haghaidh nósanna imeachta buiséadacha faoi Airteagal 11 den Choinbhinsiún. Dá bhrí sin is iomchuí an cinneadh ón gComhairle a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

2024/0062 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Idirnáisiúnta Grán i dtaobh aontachas na Seineagáile don Choinbhinsiún Trádála Gráin, 1995

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Thug an tAontas an Coinbhinsiún Trádála Gráin, 1995 (‘an Coinbhinsiún’) i gcrích le Cinneadh 96/88/CE ón gComhairle 4 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 1995. Tugadh an Coinbhinsiún i gcrích le haghaidh tréimhse 3 bliana i dtús báire.

(2)De bhun Airteagal 33 den Choinbhinsiún, féadfaidh an Chomhairle Idirnáisiúnta Grán síneadh a chur leis an gCoinbhinsiún le haghaidh tréimhsí comhleanúnacha nach rachaidh thar 2 bhliain gach uair. Ó tugadh an Coinbhinsiún i gcrích, cuireadh síneadh leis go tráthrialta ar feadh tréimhsí breise 2 bhliain. Cuireadh síneadh leis an gCoinbhinsiún go deireanach le cinneadh ón gComhairle Idirnáisiúnta Grán an 14 Meitheamh 2023 5 agus beidh sé i bhfeidhm go dtí an 30 Meitheamh 2025.

(3)De bhun Airteagal 27(2) den Choinbhinsiún, is féidir le Rialtas na Stát uile cur isteach ar aontachas ar na coinníollacha sin, faoi mar is iomchuí leis an gComhairle Idirnáisiúnta Grán.

(4)An 22 Nollaig 2023, rinne an tSeineagáil iarratas foirmiúil ar aontachas don Choinbhinsiún. Má fhormheastar an tiarratas ar aontachas, beidh an tSeineagáil ina ball an 1 Bealtaine 2024.

(5)Táirgeoir tábhachtach ríse agus grán garbh is ea an tSeineagáil. Mar sin féin, níl sí neamhthuilleamaíoch agus ní féidir léi freastal go hiomlán ar an éileamh intíre agus, dá bhrí sin, ní mór di cainníochtaí breise de ghránaigh éagsúla a allmhairiú.

(6)Má dhéantar iarratas na Seineagáile ar aontachas don Choinbhinsiún a fhormheas, agus má bhíonn sí rannpháirteach sa Chomhairle Idirnáisiúnta Grán dá thoradh sin, beidh an tSeineagáil ina ball is allmhaireoir i gcomhréir le hAirteagal 12 den Choinbhinsiún. Ós ball is onnmhaireoir é an tAontas, ní bheidh tionchar ag aontachas na Seineagáile ar líon na vótaí a leithdháilfear ar an Aontas chun críoch vótála faoi Airteagal 12 den Choinbhinsiún. Ón mbliain airgeadais 2024/25 ar aghaidh, d’fhéadfadh aontachas na Seineagáile, áfach, líon na vótaí a leithdháiltear ar an Aontas faoi Airteagal 11 den Choinbhinsiún, a úsáidtear chun ranníocaíocht airgeadais na mball a chinneadh, a laghdú beagán.

(7)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Idirnáisiúnta Grán a bhunú agus aontachas na Seineagáile don Choinbhinsiún a fhormheas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Idirnáisiúnta Grán aontachas na Seineagáile don Choinbhinsiún Trádála Gráin, 1995 a fhormheas.

Airteagal 2

Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 21, 27.1.1996, lch. 47.
(2)    Feidhmíonn an Chomhairle Idirnáisiúnta Grán ar bhonn na bliana airgeadais, bliain a théann ón 1 Iúil go dtí an 30 Meitheamh.
(3)    Doiciméad CIG AC(23/24)Misc.1
(4)    Cinneadh 96/88/CE ón gComhairle an 19 Nollaig 1995 lenar fhormheas an Comhphobal Eorpach an Coinbhinsiún Trádála Gráin agus an Coinbhinsiún um Chúnamh Bia, lenar bunaíodh an Comhaontú Idirnáisiúnta Grán, 1995 (IO L 21, 27.1.1996, lch. 47). [níl ELI ar fáil go heisceachtúil]
(5)    Cinneadh (AE) 2023/991 ón gComhairle an 15 Bealtaine 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Idirnáisiúnta Grán maidir le síneadh a chur leis an gCoinbhinsiún Trádála Gráin, 1995 (IO L 135, 23.5.2023, lch. 114, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/991/oj ).