An Bhruiséil,1.3.2024

COM(2024) 104 final

2024/0057(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh maidir leis an seasamh atá le glacadh ag na Ballstáit ag an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh i ndáil leis na leasuithe atá beartaithe ar an gConradh um Chairt Fuinnimh agus formheas (i) modhnuithe agus athruithe atá beartaithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gConradh um Chairt Fuinnimh, (ii) athruithe atá beartaithe ar Chomhthuiscintí, Dearbhuithe agus Cinntí, agus (iii) cinneadh maidir le teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm sealadach leasuithe ar an gConradh um Chairt Fuinnimh agus athruithe/modhnuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis. Tá glacadh na leasuithe ar an gConradh um Chairt Fuinnimh agus na bhformheasanna breise le rith go comhuaineach ag an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh.

An Conradh um Chairt Fuinnimh

Is comhaontú iltaobhach trádála agus infheistíochta é an Conradh um Chairt Fuinnimh (ECT) a bhfuil feidhm aige maidir leis an earnáil fuinnimh agus a síníodh in 1994 agus a tháinig i bhfeidhm in 1998. Tá forálacha in ECT maidir le cosaint infheistíochta, trádáil agus iompar in ábhair agus i dtáirgí fuinnimh, agus sásraí um réiteach díospóidí. Le ECT, cuirtear creat ar bun freisin maidir le comhar idirnáisiúnta i réimse an fhuinnimh idir na 54 Pháirtí Chonarthacha ann. Is páirtí é an tAontas Eorpach in ECT 1 , in éineacht le Euratom agus le formhór de Bhallstáit an Aontais, mar aon leis an tSeapáin, an Ríocht Aontaithe, an Eilvéis, an Tuirc agus formhór de na tíortha ó na Balcáin Thiar agus ó iarAPSS, cé is moite den Rúis 2 agus den Bhealarúis 3 . An 7 Iúil 2023, thíolaic an Coimisiún Eorpach togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena dtarraingítear siar an tAontas Eorpach ó ECT. Tá an togra seo faoi bhreithniú faoi láthair sa Chomhairle.

An Chomhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh

Is í an Chomhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh an comhlacht rialaithe agus cinnteoireachta don Chairt Fuinnimh agus bhunaigh ECT í. Tá gach stát nó Eagraíocht Réigiúnach um Chomhtháthú Eacnamaíochta (amhail an tAontas Eorpach) a shínigh ECT nó a d’aontaigh dó ina chomhalta den Chomhdháil, ar Comhdháil í a thagann le chéile ar bhonn rialta chun saincheisteanna a dhéanann difear do chomhar san earnáil fuinnimh idir shínitheoirí ECT a phlé, athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme fhorálacha CET agus an Phrótacail um Chairt Fuinnimh maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus gnéithe gaolmhara comhshaoil, agus féachaint ar ionstraimí nua agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha a d’fhéadfadh a bheith ann faoi chuimsiú chreat na Cairte Fuinnimh. Go sonrach, glacann an Chomhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh téacsanna leasuithe ar ECT agus formheasann sí modhnuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann le ECT agus athruithe teicniúla orthu. Agus vótáil á déanamh ar leasuithe molta ar théacs ECT, ritheann an Chomhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh na leasuithe a ghlacadh trí vóta d’aon ghuth na bPáirtithe Conarthacha atá i láthair agus a chaitheann vóta. Tá líon vótaí ag an Aontas atá cothrom le líon na mBallstát atá ina bPáirtithe Conarthacha in ECT, ar choinníoll nach bhfeidhmeoidh an tAontas a cheart vótála má fheidhmíonn a Bhallstáit a gceart vótála, agus vice versa.

Cinntí atá le glacadh ag an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh

Tar éis an 33ú cruinniú den Chomhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh an 22 Samhain 2022, táthar ag súil go gcuirfeadh an Chomhdháil togra síos arís le linn 2024 do na Páirtithe Conarthacha ceithre chinneadh a dhéanamh a bhaineann le nuachóiriú ECT. Déanfar na cinntí sin go comhuaineach agus is mar a leanas an cuspóir atá leo:

na leasuithe atá beartaithe ar théacs ECT a ghlacadh;

na modhnuithe agus na hathruithe atá beartaithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann le ECT a fhormheas;

na hathruithe atá beartaithe ar Chomhthuiscintí, Dearbhuithe agus Cinntí a fhormheas; agus

an cinneadh maidir le teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm sealadach leasuithe ar théacs ECT agus athruithe/modhnuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis a fhormheas.

In éagmais aon nuashonrú suntasach ar ECT ó bhí na 1990í ann, chuaigh ECT as dáta de réir a chéile. Thairis sin, le himeacht ama bhí sé ar cheann de na conarthaí infheistíochta ba mhinice ar domhan a bhí ina ábhar dlíthíochta, agus ba ar Bhallstáit an Aontais Eorpaigh a díríodh éilimh infheisteoirí, a bhfuil a bhformhór bunaithe i dtíortha eile san Aontas. Mar thoradh air sin, cuireadh tús le próiseas nuachóirithe i mí na Samhna 2018. Ar dtús, d’fhormheas an Chomhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh liosta ábhar a bhí le plé, ábhair a bhaineann go príomha le forálacha maidir le cosaint infheistíochta. Mhol an tAontas ansin deireadh a chur le cosaintí d’infheistíochtaí i mbreoslaí iontaise.

Tar éis 15 bhabhta caibidlíochta iltaobhacha a tionóladh idir mí Iúil 2019 agus mí an Mheithimh 2022, thángthas ar ‘comhaontú i bprionsabal’ chun clabhsúr a chur ar chaibidlíocht ag an gComhdháil urghnách maidir leis an gCairt Fuinnimh an 24 Meitheamh 2022 sa Bhruiséil. Rinneadh athbhreithniú dlíthiúil ansin ar théacs athbhreithnithe ECT agus ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis. Ina dhiaidh sin, na dréachtchinntí críochnaitheacha ina raibh na téacsanna athbhreithnithe, roinneadh iad an 19 Lúnasa 2022 le gach Páirtí Conarthach, lena n‑áirítear an tAontas, Euratom, agus gach Ballstát den Aontas atá ina Pháirtí Conarthach in ECT.

Beidh na cinntí a bhaineann le nuachóiriú ECT faoi réir vóta d’aon ghuth. Má éiríonn leis an vótáil, measfar go mbeidh na cinntí chun ECT a nuachóiriú ‘glactha’ ag an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh. Spreagfaidh an glacadh sin próisis ina dhiaidh sin chun gnéithe éagsúla an phacáiste athchóirithe a dhaingniú, a chur i bhfeidhm go sealadach agus a theacht i bhfeidhm ina dhiaidh sin.

Cur i bhfeidhm sealadach na leasuithe ar ECT agus gnéithe eile an nuachóirithe, beidh siad á rialú ag an gcinneadh maidir le teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm sealadach leasuithe ar théacs ECT agus athruithe/modhnuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis. I gcomhréir leis an gcinneadh sin, táthar ag súil go gcuirfidh na Páirtithe Conarthacha uile an nuachóiriú i bhfeidhm go sealadach go huathoibríoch ar dháta socraithe tar éis a ghlactha. Mar sin féin, féadfaidh aon Pháirtí Conarthach dearbhú a sheachadadh chuig an taiscí (an Phortaingéil) roimh an 23 Feabhra 2023 nach bhfuil sé in ann glacadh le cur i bhfeidhm sealadach na leasuithe ar ECT, lena gceadaítear go héifeachtach do gach Páirtí Conarthach gan a bheith páirteach sa chur i bhfeidhm sealadach. Cuirfidh Rúnaíocht ECT na dearbhuithe sin ar fáil don phobal. Fiú má dhéanann Páirtí Conarthach dearbhú den sórt sin ar dtús, féadfaidh sé an dearbhú a tharraingt siar arís tráth ar bith, rud a cheadóidh dó nuachóiriú ECT a chur i bhfeidhm go sealadach tráth níos déanaí.

Leis an togra seo le haghaidh cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, féachtar leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 33ú cruinniú den Chomhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh i leith na gcinntí a bhunú a ndéantar tuairisc orthu thuas.

Ag an am céanna, tá an Coimisiún ag moladh go nglacfaí comhaontú idir an tAontas Eorpach, Euratom, agus na Ballstáit maidir le léirmhíniú ECT. Ba cheart go n‑áireofaí sa chomhaontú sin, go sonrach, deimhniú nach bhféadfadh clásal amhail Airteagal 26 ECT a bheith ann san am a chuaigh thart, agus nach féidir leis feidhmiú anois ná amach anseo mar bhunús dlí le haghaidh imeachtaí eadrána arna dtionscnamh ag infheisteoir ó Bhallstát amháin maidir le hinfheistíochtaí i mBallstát eile, agus nach féidir an clásal éagtha dá bhforáiltear in Airteagal 47(3) ECT a leathnú chuig imeachtaí den sórt sin, agus nach raibh sé beartaithe é a leathnú ach oiread. Ba cheart oibleagáidí na mBallstát a leagan amach ann freisin i gcás ina mbeidh siad rannpháirteach i nósanna imeachta eadrána de bhun iarrata bunaithe ar Airteagal 26 de Chonradh ECT.

Ba é léirmhíniú comhsheasmhach an Aontais nach bhfuil feidhm ag ECT maidir le díospóidí idir Ballstát agus infheisteoir de chuid Ballstáit eile a bhaineann le hinfheistíocht a rinne an tinfheisteoir sa Bhallstát sin. Rinne Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) an léiriú sin a dhearbhú go sonrach ina breithiúnas Komstroy 4 . Mar sin féin, chinn binsí eadrána nach bhfuil siad faoi cheangal ag breithiúnais CBAE agus leanann siad de bheith á chinneadh sin. Chun cosc a chur ar bhinsí leanúint de bheith ag glacadh le dlínse i ndíospóidí den sórt sin, is gá léirmhíniú barántúil ECT a athdhearbhú, go sainráite agus go soiléir. Is é an bealach is iomchuí chun é sin a dhéanamh ná trí chomhaontú faoin ngnáthdhlí idirnáisiúnta mar a chódaítear é i gCoinbhinsiún Vín maidir le Dlí na gConarthaí.

Cé go ndéanfaidh an comhaontú sin léirmhíniú an Aontais agus a Bhallstát a chódú in ionstraim ar leith den dlí idirnáisiúnta poiblí (rud is féidir a dhéanamh mar gheall ar chineál déthaobhach na n‑oibleagáidí), déanfaidh ECT nuachóiriú a leabú sa téacs féin agus trí chlásal ‘ar mhaithe le cinnteacht níos mó’, tuiscint na bPáirtithe Conarthacha uile nach bhfuil feidhm ag Airteagal 26 de laistigh den Aontas. Cuideoidh an dá ghné le haon débhríocht a bhaint agus deireadh a chur leis na rioscaí atá ann faoi láthair nó a bheidh ann amach anseo maidir le headráin laistigh den Aontas faoi ECT leis an leibhéal deimhneachta dlíthiúla is gá.

An seasamh a ghlacfar

Molann an Coimisiún go nglacfaidh na Ballstáit ar páirtithe sa Chonradh um Chairt Fuinnimh iad na seasaimh a thuairiscítear i bpointí 1 go 4 thíos ag cruinniú an Chonartha um Chairt Fuinnimh nó i nós imeachta i scríbhinn, de réir mar a bheidh.

Maidir leis na leasuithe atá beartaithe ar théacs ECT a ghlacadh

Is éard atá sna leasuithe atá beartaithe ar théacs ECT feabhsuithe suntasacha lena gcuirfear ECT i gcomhréir go héifeachtach le caighdeáin nua-aimseartha maidir le cosaint infheistíochta agus le seasaimh an Aontais i bhfóraim eile (e.g. UNCITRAL 5 ). Leis na leasuithe sin, freisin, cuirfear ECT i gcomhréir le cur chuige an Aontais maidir le cosaint infheistíochta sna comhaontuithe saorthrádála agus infheistíochta a comhaontaíodh le déanaí.

Go sonrach, tá an méid seo a leanas in ECT leasaithe:

Forálacha nua maidir le cosaint infheistíochta, i gcomhréir le caighdeáin nua-aimseartha agus le seasaimh an Aontais, lena nathdhearbhaítear ceart na bPáirtithe Conarthacha bearta a dhéanamh chun cuspóirí dlisteanacha beartais a bhaint amach (‘an ceart chun rialála’), lena náirítear a mhéid a bhaineann leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide; Ní dhéanfar ach infheisteoirí a bhfuil fíorleas eacnamaíoch acu a chosaint, gan aon chosaint a thabhairt do chuideachtaí caocha 6 ;

Forálacha nua maidir le réiteach díospóidí, lena gcosnaítear Páirtithe Conarthach ar éilimh shuaibhreosacha, lena bhforáiltear do chostais, agus lena dtugtar isteach ardleibhéal trédhearcachta sna nósanna imeachta;

Forálacha nua maidir le forbairt inbhuanaithe, go háirithe maidir leis an athrú aeráide agus an taistriú chuig fuinneamh glan, agus lena gcuirtear sásra inghníomhaithe ar fáil i gcás mí-ailínithe, ar bhealach nár baineadh amach riamh cheana i gconradh iltaobhach infheistíochta;

Thairis sin, chinntigh an tAontas forálacha d’eagraíochtaí réigiúnacha um chomhtháthú eacnamaíochta (amhail an tAontas), lena ndearbhaítear go sainráite nach féidir roimhe seo ná anois eadráin infheistíochta a thabhairt faoi ECT 7 , i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh 8 ;

Soiléirithe substaintiúla maidir le forálacha a bhaineann le hiompar chun ceanglais na margaí fuinnimh comhtháite a chur san áireamh le cearta rochtana tríú páirtithe, mar atá san Aontas, gan oibleagáidí nua a chruthú don Aontas 9 ;

Sainmhíniú nuashonraithe ar ghníomhaíocht eacnamaíoch in earnáil an fhuinnimh, lena gceadaítear don Aontas, in éineacht le hIarscríbhinní EM/EM I, EQ/EQ I agus NI (féach pointe 2 thíos), cosaint infheistíochta san Aontas a ailíniú le cuspóirí an Aontais.

Níl éifeachtaí dlíthiúla, i bprionsabal, ag glacadh na leasuithe ar théacs ECT. Faoin dlí idirnáisiúnta, níl sé coibhéiseach le síniú an téacs a caibidlíodh ach le hinisealacha a chur leis.

Mar thoradh air sin, molann an Coimisiún nach nglacfaidh na Ballstáit an seasamh ag an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh gan cosc a chur le glacadh na leasuithe atá beartaithe ar ECT.

Maidir le formheas na modhnuithe agus na n‑athruithe atá beartaithe ar na hIarscríbhinní

Le hAirteagal 34(3)(m) de ECT, soláthraítear nós imeachta simplithe lena gcumhachtaítear don Chomhdháil modhnuithe ar Iarscríbhinní ECT a ghlacadh. Leis na hathruithe atá beartaithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann le ECT, tagann athrú riachtanach ar an gConradh reatha: Ábhair agus Táirgí Fuinnimh áirithe agus gníomhaíochtaí a eisiamh, trí bhíthin Iarscríbhinn NI, ó raon feidhme na cosanta infheistíochta faoi Chuid III de ECT. Mar thoradh air sin, fuair an tAontas an ceart chun cosaint infheistíochta a bhaint amach san Aontas mar seo a leanas:

Eisiamh cosanta do gach infheistíocht nua i mbreoslaí iontaise san Aontas ó dháta sonraithe i ndiaidh an ghlactha, le hidirthréimhse maidir le stáisiúin chumhachta gáis hidrigine/ísealcharbóin agus bonneagar a astaíonn níos lú ná 380 gCO2/kWh – go dtí an 31 Nollaig 2030 mar réamhshocrú nó go dtí an 15 Lúnasa 2033 má chuirtear iad in ionad saoráide guail, móna nó scealla ola;

Eisiamh na cosanta do na hinfheistíochtaí uile atá ann cheana san Aontas ó thréimhse 10 mbliana tar éis theacht i bhfeidhm (nó theacht i bhfeidhm sealadach) na leasuithe ar ECT, agus faoin 31 Nollaig 2040 ar a dhéanaí;

Cosaint do hidrigin in-athnuaite agus ísealcharbóin agus do bhreoslaí sintéiseacha agus dóibh sin amháin;

Cosaint do ghníomhaíochtaí maidir le gabháil, úsáid agus stóráil carbóin a eisiamh.

Leis na hathruithe atá beartaithe, cuirtear raon feidhme ECT i gcomhréir le tírdhreach nua na dteicneolaíochtaí in-athnuaite agus ísealcharbóin atá riachtanach don aistriú chuig fuinneamh glas. Bainfear é sin amach trí athruithe ar Iarscríbhinn EM/EMI (lena gcuirtear ábhair agus táirgí fuinnimh nua isteach, e.g., hidrigin agus breoslaí díorthacha amhail amóinia agus meatánól, bithmhais, bithghás agus breoslaí sintéiseacha) agus Iarscríbhinn EQ/EQ I (lena gcuirtear isteach trealamh fuinnimh nua, e.g, ábhair inslithe éagsúla, chomh maith le gloine inslithe ilbhallaí).

Anuas air sin, cruthaíodh Iarscríbhinní nua chun prionsabal na cómhalartachta a chur chun feidhme, ar dá réir nach féidir iallach a chur ar Pháirtithe Conarthacha infheistíochtaí ó Pháirtithe Conarthacha eile a chosaint má eisiatar na hinfheistíochtaí sin ón dara Páirtí in Iarscríbhinn NI, i gcaoi nach gcuirtear an sásra um réiteach díospóidí idir infheisteoirí agus an stát in Airteagal 26 de ECT (Iarscríbhinn IA-NI nua) nó Cuid III maidir le cosaint infheistíochta (Iarscríbhinn NPT nua) i bhfeidhm.

Mar thoradh air sin, molann an Coimisiún nach nglacfaidh na Ballstáit an seasamh ag an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh gan cosc a chur le formheas na n‑athruithe agus leasuithe atá beartaithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann le ECT.

Maidir leis na hathruithe atá beartaithe ar Chomhthuiscintí, Dearbhuithe agus Cinntí a fhormheas

Baineann athruithe a tugadh isteach ar Chomhaontuithe, Dearbhuithe agus Cinntí le ceartúcháin ar fhorálacha atá imithe i léig (e.g., ‘an tAontas Eorpach’ a chur in ionad ‘na Comhphobail Eorpacha’), chomh maith le soiléirithe breise do théacs ECT (e.g., an soiléiriú go n‑áirítear ‘Státchabhair’ mar a shainmhínítear é i ndlí an Aontais le ‘fóirdheontas’). Le formheas na n‑athruithe sin ar Chomhthuiscintí, Dearbhuithe agus Cinntí, beidh téacs ECT níos soiléire agus níos beaichte.

Mar thoradh air sin, molann an Coimisiún go nglacfaidh na Ballstáit an seasamh ar an ábhar sin ag an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh gan cosc a chur le formheas na n‑athruithe atá beartaithe ar Chomhthuiscintí, Dearbhuithe agus Cinntí.

Maidir le formheas an chinnidh i dtaobh teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm sealadach leasuithe ar théacs ECT agus athruithe/modhnuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis

Formheasfaidh an Chomhdháil cinneadh lena ndéantar foráil maidir leis na módúlachtaí seo a leanas maidir le teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm sealadach na leasuithe atá beartaithe ar ECT agus na hathruithe ar a Iarscríbhinní:

Tiocfaidh na leasuithe ar théacs ECT i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 42(4) de ECT. Ciallaíonn sé sin go dtiocfaidh na leasuithe i bhfeidhm a luaithe a dhaingneoidh trí cheathrú de na Páirtithe Conarthacha iad. Anuas air sin, déantar foráil leis an gcinneadh go gcuirfidh na Páirtithe Conarthacha uile na leasuithe i bhfeidhm go sealadach mar réamhshocrú, mura ndéanfaidh siad dearbhú a thaisceadh nach bhfuil siad in ann é sin a dhéanamh;

Athruithe ar Roinn C d’Iarscríbhinn NI, ina bhfuil, go háirithe, na rialacha lena bhforáiltear d’idirthréimhse 10 mbliana chun deireadh a chur de réir a chéile le cosaint infheistíochtaí atá ann cheana i mbreoslaí iontaise san Aontas, agus athruithe ar Iarscríbhinní eile: tiocfaidh na hathruithe sin i bhfeidhm nuair a thiocfaidh na leasuithe ar ECT i bhfeidhm (féach thuas). Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha uile Roinn C d’Iarscríbhinn NI agus athruithe ar Iarscríbhinní eile a chur i bhfeidhm go sealadach mar réamhshocrú mura ndéanfaidh siad dearbhú dá mhalairt (féach thuas);

Athruithe ar Roinn B d’Iarscríbhinn NI, ina bhfuil, go háirithe, rialacha lena bhforáiltear d’eisiamh infheistíochtaí nua i mbreoslaí iontaise ón gcosaint san Aontas, tiocfaidh siad i bhfeidhm go huathoibríoch an dáta a shonraítear i gcinneadh na Comhdhála gan aon daingniú breise;

Tiocfaidh Athruithe ar Chomhaontuithe, Dearbhuithe agus Cinntí i bhfeidhm ar dháta an ghlactha a mhéid a bhaineann siad le ceartúcháin ar thagairtí atá imithe i léig. Tiocfaidh na hathruithe atá fágtha i bhfeidhm nuair a thiocfaidh na leasuithe ar ECT i bhfeidhm. Idir an dá linn, beidh feidhm shealadach acu ar an mbealach céanna leis na leasuithe ar ECT.

Tá módúlachtaí theacht i bhfeidhm agus chur i bhfeidhm sealadach na leasuithe ar ECT agus Roinn C d’Iarscríbhinn NI, chomh maith leis na hathruithe ar Iarscríbhinní eile, i gcomhréir le forálacha ECT bunaidh a mhéid a bhaineann le teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm sealadach. Ina theannta sin, bhain an tAontas amach go dtiocfaidh Roinn B d’Iarscríbhinn NI i bhfeidhm go huathoibríoch ón a shonraítear i gcinneadh na Comhdhála, lena ndaingnítear tuilleadh dáta theacht i bhfeidhm ghearradh amach an Aontais maidir le hinfheistíochtaí nua i mbreoslaí iontaise i dtaca le hinfheistíochtaí nua.

Mar thoradh air sin, molann an Coimisiún nach nglacfaidh na Ballstáit an seasamh ar an ábhar sin ag an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh gan cosc a chur ar fhormheas an chinnidh maidir le teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm sealadach leasuithe ar théacs ECT ná athruithe/modhnuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis.

Baineann ábhar na gcinntí atá beartaithe le réimse a bhfuil inniúlacht sheachtrach eisiach ag an Aontas ina leith de bhua Airteagal 3(1) CFAE, is é sin an comhbheartas tráchtála. Baineann na cinntí atá beartaithe le rialacha maidir le trádáil agus cosaint na hinfheistíochta dírí coigríche. rialacha a thagann faoin réimse sin ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas. Agus é á chur san áireamh gur chuir an Coimisiún Eorpach tograí ar aghaidh le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le tarraingt siar an Aontais agus Euratom ó ECT faoi seach, táthar ag súil nach mbeidh an tAontas Eorpach agus Euratom, cé go bhfuil siad fós ina bPáirtithe Conarthacha in ECT tráth na vótála ar chinntí thuasluaite na Comhdhála um Chairt Fuinnimh, i láthair ná ag vótáil. Dá bhrí sin, is é is aidhm don togra seo an seasamh atá le glacadh ag na Ballstáit atá fós ina bPáirtithe Conarthacha in ECT a bhunú ag cruinniú na Comhdhála maidir leis an gCairt Fuinnimh, má bheartaíonn siad a bheith rannpháirteach, nó i nós imeachta i scríbhinn, de réir mar a bheidh. Tá an méid sin gan dochar do roinnt na n‑inniúlachtaí idir an tAontas agus a Bhallstáit.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Bunús dlí don nós imeachta

Prionsabail

In Airteagal 218(9) CFAE déantar foráil maidir le cinntí lena leagfar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Thairis sin, cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh 10 .

Feidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht atá sa Chomhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh a bunaíodh le comhaontú, eadhon an Conradh um Chairt Fuinnimh.

Is gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla acu iad na gníomhartha a iarrtar ar an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh a ghlacadh. Beidh na gníomhartha sin ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta.

Na cinntí atá le glacadh ag an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh chun modhnuithe agus athruithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann le ECT a fhormheas, chomh maith leis na hathruithe atá beartaithe ar Chomhthuiscintí, Dearbhuithe agus Cinntí a fhormheas, is gníomhartha iad a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla ceangailteacha acu faoin dlí idirnáisiúnta. Is é is cúis leis sin go ndeonaíonn ECT an chumhacht don Chomhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh chun Iarscríbhinní, Comhthuiscintí, Dearbhuithe agus Cinntí ECT a leasú gan aon ghá le daingniú ina dhiaidh sin ag na Páirtithe Conarthacha. Faoi Airteagal 48 de ECT, is cuid dhílis den Chonradh iad na hIarscríbhinní agus na Cinntí.

An cinneadh atá le glacadh ag an gComhdháil maidir le Cairt Fuinnimh chun an cinneadh maidir le teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm sealadach leasuithe ar théacs ECT agus athruithe/modhnuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis a fhormheas, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla ceangailteacha aige faoin dlí idirnáisiúnta ós rud é go gcuireann sé oibleagáid ar na Páirtithe Conarthacha téacs ECT agus athruithe ar ranna áirithe de na hiarscríbhinní a chur i bhfeidhm go sealadach ó dháta comhaontaithe, mura dtaisctear aon dearbhú dá mhalairt go tráthúil.

An cinneadh atá le glacadh ag an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh chun na leasuithe atá beartaithe ar théacs ECT a ghlacadh, is gníomh é, in imthosca ar leith an cháis, a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla ceangailteacha aige faoin dlí idirnáisiúnta toisc go bhfuil sé le glacadh go comhuaineach leis an gcinneadh maidir le teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm sealadach leasuithe ar théacs ECT (féach thuas), rud a chuireann oibleagáid ar na Páirtithe Conarthacha na leasuithe sin a chur i bhfeidhm go sealadach ar dháta comhaontaithe mura dtaiscfear dearbhú dá mhalairt in am trátha.

Leis na cinntí atá beartaithe, ní dhéantar creat institiúideach ECT a fhorlíonadh ná a leasú.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE is bunús dlí nós imeachta don chinneadh atá beartaithe.

Bunús dlí substainteach

Prionsabail

An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar na gcinntí atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis na cinntí atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir a shainaithint gur príomhaidhm nó príomh-chomhpháirt atá i gceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin, agus gan sa cheann eile ach aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a cheanglaítear leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh-chomhpháirt.

Maidir le gníomh atá beartaithe a bhfuil roinnt cuspóirí éagsúla á saothrú leis ag an am céanna, nó a bhfuil roinnt comhpháirteanna éagsúla ann, ar cuspóirí nó comhpháirteanna iad atá i ndlúthnasc do-scartha le chéile gan aon cheann acu a bheith teagmhasach le hais an ceann eile, ní mór, ar bhonn eisceachtúil, na bunúis chomhfhreagracha dlí éagsúla a áireamh sa bhunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE.

Feidhm maidir leis an gcás seo

Tá cuspóirí agus tá comhpháirteanna ag na cinntí á saothrú ag na cinntí atá beartaithe i réimse an fhuinnimh agus an chomhbheartais tráchtála. Tá dlúthnasc doscartha idir na gnéithe sin de na cinntí atá beartaithe gan aon cheann acu a bheith teagmhasach le hais an chinn eile.

Dá bhrí sin, is iad na forálacha seo a leanas an bunús dlí substainteach le haghaidh an chinnidh atá beartaithe: Airteagail 194(2) agus 207 CFAE

Conclúid 

Is iad Airteagail 194(2) agus 207 CFAE ba cheart a bheith i mbunús dlí an chinnidh ón gComhairle atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

Foilsiú na ngníomhartha atá beartaithe

Ós rud é go leasófar na hIarscríbhinní a ghabhann le ECT le cinntí na Comhdhála maidir leis an gCairt Fuinnimh, is iomchuí iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a nglactha.



2024/0057 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe 194 agus Airteagal 207 i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Thug an tAontas an Conradh um Chairt Fuinnimh (‘an Comhaontú’) i gcrích le Cinneadh 98/181/CE ón gComhairle agus ón gCoimisiún, CEGC, Euratom an 23 Meán Fómhair 1997 maidir leis na Comhphobail Eorpacha do thabhairt i gcrích an Chonartha um Chairt Fuinnimh agus an Phrótacail um Chairt Fuinnimh maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus gnéithe gaolmhara comhshaoil (IO L 69, 9.3.1998, lch. 1), agus tháinig sé i bhfeidhm an 16 Aibreán 1998.

(2)In éagmais aon nuashonrú suntasach ar an gComhaontú ó bhí na 1990í ann, chuaigh an Comhaontú as dáta de réir a chéile.

(3)De bhun Airteagal 34 den Chomhaontú, glacann an Chomhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh téacsanna leasuithe ar an gComhaontú agus formheasann sí modhnuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú agus athruithe teicniúla orthu.

(4)Glacfaidh an Chomhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh na leasuithe atá beartaithe ar an gConradh um Chairt Fuinnimh agus formheasfaidh sí (i) na modhnuithe agus na hathruithe atá beartaithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gConradh um Chairt Fuinnimh, (ii) na hathruithe atá beartaithe ar Chomhthuiscintí, Dearbhuithe agus Cinntí, agus (iii) an cinneadh maidir le teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm sealadach leasuithe ar an gConradh um Chairt Fuinnimh agus athruithe/modhnuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis. Táthar ag súil go natosóidh an Chomhdháil na leasuithe atá beartaithe lena nglacadh i rith 2024, i gcruinniú nó trí nós imeachta i scríbhinn, de réir mar a bheidh.

(5)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh ag na Ballstáit ar Páirtithe Conarthacha iad sa Chonradh um Chairt Fuinnimh a bhunú. Tá an méid sin gan dochar do roinnt na ninniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit.

(6)Ag an am céanna, tá tograí curtha síos ag an gCoimisiún Eorpach le haghaidh Cinntí ón gComhairle maidir le tarraingt siar an Aontais agus Euratom ón gComhaontú, ar tograí iad atá le glacadh go comhpháirteach leis an togra seo.

(7)Ós rud é go dtagann na réimsí a chumhdaítear leis an gConradh um Chairt Fuinnimh faoi inniúlacht eisiach an Aontais den chuid is mó, ní féidir leis na Ballstáit leanúint de bheith ina bPáirtithe Conarthacha sa Chonradh um Chairt Fuinnimh a luaithe a tharraingeoidh an tAontas siar, ach amháin má údaraíonn an tAontas dóibh amhlaidh a dhéanamh. Dá bhrí sin, a luaithe a bheidh éifeacht ag tarraingt siar an Aontais as an gConradh um Chairt Fuinnimh agus in éagmais údarú ón Aontas leanúint de bheith ina bPáirtithe Conarthacha, beidh ar na Ballstáit tarraingt siar ón gConradh um Chairt Fuinnimh laistigh de thréimhse réasúnta ama.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é seo a leanas an seasamh atá le glacadh ag na Ballstáit ar Páirtithe Conarthacha iad sa Chonradh um Chairt Fuinnimh ag an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh:

(a)gan cosc a chur ar an gComhdháil na leasuithe arna mbeartú ar an gConradh um Chairt Fuinnimh a ghlacadh;

(b)gan formheas na modhnuithe agus na nathruithe atá beartaithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gConradh um Chairt Fuinnimh a chosc;

(c)gan formheas na nathruithe atá beartaithe ar Chomhthuiscintí, Dearbhuithe agus Cinntí a chosc;

(d)gan cosc a chur ar fhormheas an chinnidh maidir le teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm sealadach leasuithe ar an gConradh um Chairt Fuinnimh agus athruithe/modhnuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis.

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo chuig na Ballstáit ar Páirtithe Conarthacha iad sa Chonradh um Chairt Fuinnimh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Cinneadh 98/181/CE ón gComhairle agus ón gCoimisiún, CEGC, Euratom an 23 Meán Fómhair 1997 maidir leis na Comhphobail Eorpacha do thabhairt i gcrích an Chonartha um Chairt Fuinnimh agus an Phrótacail um Chairt Fuinnimh maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus gnéithe gaolmhara comhshaoil (IO L 69, 9.3.1998, lch. 1).
(2)    Tharraing an Chomhdháil urghnách maidir leis an gCairt Fuinnimh an 24 Meitheamh 2022 siar stádas breathnóra Chónaidhm na Rúise.
(3)    Tharraing an Chomhdháil urghnách maidir leis an gCairt Fuinnimh an 24 Meitheamh 2022 siar stádas breathnóra na Bealarúise agus cur i bhfeidhm sealadach ECT ag an mBealarúis.
(4)    Cás C-741/19 Poblacht na Moldóive v. Komstroy LLC, an 2 Meán Fómhair 2021.
(5)    Coimisiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Dlí Trádála Idirnáisiúnta;
(6)    Is éard atá i gcuideachtaí caocha cuideachtaí a bhfuil seoladh gnó acu i bPáirtí Conarthach ECT gan aon ghníomhaíocht eacnamaíoch iarbhír a bheith acu sa Pháirtí Conarthach sin, gan ach cosaint a lorg faoi ECT.
(7)    Ba iad na héilimh sin tromlach mór na néileamh a rinneadh i gcoinne thíortha an Aontais le deich mbliana anuas, d’ainneoin sheasamh an Choimisiúin, arna dheimhniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, go gcoisctear eadráin infheistíochta laistigh den Aontas.
(8)    Cás C-284/16 Poblacht na Slóvaice v. Achmea BV, an 6 Márta 2018, agus C-741/19 Poblacht na Moldóive v. Komstroy LLC, an 2 Meán Fómhair 2021.
(9)    Go tábhachtach, is gealltanais ‘díchill’ iad gealltanais nua a bhaineann le rochtain tríú páirtithe, sásraí um leithdháileadh acmhainne agus taraifí, atá ‘faoi réir’ dhlíthe agus rialacháin an Aontais, agus dá bhrí sin níor ghá iad a urramú ach amháin mura gcuirfeadh siad isteach ar chreat dlíthiúil an Aontais agus ar ghealltanais idirnáisiúnta an Aontais.
(10)    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, mír 61 go mír 64.