An Bhruiséil,23.2.2024

COM(2024) 86 final

2024/0047(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, den pháirt eile, ina leagtar amach Nósanna Imeachta Slándála maidir le Satailítí Galileo a Lainseáil ó chríoch na Stát Aontaithe


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tar éis do phearsanra na Rúise tarraingt siar go haontaobhach ó Ionad Spáis na Guáine agus tar éis dhá lainseáil Soyuz a bheith curtha ar ceal i mí Aibreáin agus i mí Mheán Fómhair 2022, chomh maith leis an moill a fógraíodh maidir le Ariane-6, bhí ar an Aontas teacht ar roghanna malartacha chun tús a chur arís go práinneach le lainseáil shatailítí Galileo chun oibriú cuí chóras Galileo a áirithiú, ar cuid de Chlár Spáis an Aontais é arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1  (‘Rialachán maidir le Clár Spáis an Aontais’).

Tar éis staidéir indéantachta teicniúla a dhéanamh ar fheithiclí lainseála eile atá ar fáil, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gurb iad monaróirí sna Stát Aontaithe amháin a sholáthraíonn feithiclí lainseála atá comhoiriúnach le satailítí Galileo.

I mí Eanáir 2023, thug an Coimisiún cuairt ar shuíomhanna lainseála sna Stáit Aontaithe in éineacht le saineolaithe slándála arna n‑ainmniú ag roinnt Ballstát. Fuarthas amach ón gcuairt a indéanta a bheadh sé lainseáil ó na suíomhanna sin sna Stáit Aontaithe a bhfuil bearta slándála iomchuí i bhfeidhm acu i leith ábhar agus dhoiciméadacht shatailítí Galileo atá íogair ó thaobh na slándála de, lena n‑áirítear faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (‘faisnéis rúnaicmithe AE’).

D’fhonn slándáil na faisnéise a chuimsítear i satailítí Galileo a áirithiú, tá gá le comhaontú atá ceangailteach ó thaobh dlí leis na Stáit Aontaithe chun sláine shatailítí Galileo ar chríoch na Stát Aontaithe, mar aon le rúndacht faisnéise rúnaicmithe AE atá laistigh de na satailítí nó a bhaineann le lainseáil na satailítí agus nach féidir a chur ar fáil do na Stáit Aontaithe, a chosaint.

Aon mhalartú nó soláthar faisnéise rúnaicmithe idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe chun críocha lainseálacha shatailítí Galileo, ní mór dó na ceanglais a leagtar amach sa Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le slándáil faisnéise rúnaicmithe 2 agus a Shocrú Slándála maidir le cosaint faisnéis rúnaicmithe a comhaontaíodh an 18 Iúil 2007, a chomhlíonadh.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an tionscnamh comhsheasmhach le Rialachán (AE) 2021/696 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais, ina bhforáiltear go bhfuil freagracht fhoriomlán ag an gCoimisiún as Clár Spáis an Aontais a chur chun feidhme, i réimse na slándála freisin, gan dochar do shainchearta na mBallstát i réimse na slándála náisiúnta.

Tá an tionscnamh comhsheasmhach leis an gComhaontú maidir le córais loingseoireachta satailíte Galileo agus GPS agus a bhfeidhmchláir ghaolmhara a chur chun cinn, a sholáthar agus a úsáid idir Stáit Aontaithe Mheiriceá, de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile 3 , comhaontú a síníodh i gCaisleán Dhrom Ólainn, Co. an Chláir, an 26 Meitheamh 2004, agus a tháinig i bhfeidhm in 2011.

Tá an tionscnamh comhsheasmhach agus comhlántach leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le slándáil faisnéise rúnaicmithe, comhaontú a rinneadh in Washington an 30 Aibreán 2007, agus go háirithe Airteagal 19 de, agus leis an Socrú Slándála gaolmhar maidir le cosaint faisnéise rúnaicmithe a mhalartaítear idir an tAontas agus Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá gá leis an gComhaontú Slándála seo chun go bhféadfar satailítí a lainseáil lena gcuirfear réaltbhuíon loingseoireachta satailítí Galileo i gcrích, rud atá fíor-riachtanach chun seirbhísí fadtéarmacha suite, loingseoireachta agus uainiúcháin a sholáthar, agus iad úrscothach slán, mar a cheanglaítear le hAirteagal 4(2) a) den Rialachán maidir le Clár Spáis an Aontais.

Tacaíonn Galileo leis na príomhearnálacha eacnamaíocha, go háirithe na hearnálacha teileachumarsáide, fuinnimh agus iompair, agus le cosaint na mbonneagar criticiúil a bhaineann leo.

Na seirbhísí loingseoireachta satailíte a chuirtear ar fáil trí ghné Galileo de Chlár Spáis an Aontais, tacaíonn siad le roinnt tosaíochtaí de chuid an Aontais, lena n‑áirítear an Comhaontú Glas, Eoraip atá oiriúnach don Aois Dhigiteach, Geilleagar a Fhóireann do Dhaoine agus Eoraip níos Láidre sa Domhan.

Cuireann seirbhísí loingseoireachta satailíte Galileo leis an tsíocháin, an tslándáil agus forbairt inbhuanaithe ar fud an domhain freisin.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Le hAirteagal 218(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’), foráiltear go nglacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh lena n‑údarófar an Comhaontú a thabhairt i gcrích.

Faoi Airteagal 189(2) CFAE, bunóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na bearta is gá chun cuspóirí beartais Eorpaigh spáis a bhaint amach, amhail an Rialachán maidir le Clár Spáis an Aontais. Is réamhriachtanas é an comhaontú slándála a shíniú leis na Stáit Aontaithe chun satailítí Galileo a lainseáil ó chríoch na Stát Aontaithe agus, dá bhrí sin, tá an méid sin riachtanach chun an Rialachán maidir le Clár Spáis an Aontais a chur chun feidhme.

Comhréireacht

Tá gá le comhaontú idirnáisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE, chun cearta agus oibleagáidí a chruthú idir na Páirtithe: an tAontas agus na Stáit Aontaithe mar thríú tír. Is gá cearta agus oibleagáidí ceangailteacha na bPáirtithe a chruthú chun slándáil leormhaith a áirithiú do shócmhainní Galileo a allmhairítear chuig críoch na Stát Aontaithe chun críoch lainseála. Roghnaíodh foirm an chomhaontaithe idirnáisiúnta chun cearta agus oibleagáidí a chruthú, ar cearta agus oibleagáidí iad atá ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Cuireadh foirmíocht Slándála Choiste Chlár Spáis an Aontais, an Bord um Chreidiúnú Slándála agus Coiste Slándála na Comhairle ar an eolas faoi bhailchríoch a bheith curtha ar an gcaibidlíocht agus faoin moladh atá beartaithe ag an gCoimisiún maidir leis an gcinneadh ón gComhairle lena n‑údaraítear síniú an chomhaontaithe.

Bailiú agus úsáid saineolais

Bhailigh an Coimisiún an fhaisnéis agus an saineolas is gá le linn a phléití le foirmíocht Slándála Chlár Spáis an Aontais, leis an mBord um Chreidiúnú Slándála agus le Coiste Slándála na Comhairle.    

Cearta bunúsacha

Cuirtear san áireamh go hiomlán sa Chomhaontú idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe leasanna fíor-riachtanacha an Aontais nó leasanna fíor-riachtanacha ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit, a thábhachtaí atá sé urraim don daonlathas, don smacht reachta agus do phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus don dlí idirnáisiúnta a áirithiú.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ó thaobh cúrsaí buiséid de, níl gá le hacmhainní ná ní sholáthraítear ioncam sannta seachtrach chun comhaontú a thabhairt i gcrích leis na Stáit Aontaithe ina leagtar amach nósanna imeachta slándála chun satailítí Galileo a lainseáil ó chríoch na Stát Aontaithe. Dá bhrí sin, níl aon impleacht bhuiséadach ann.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déanfaidh an Coimisiún Eorpach agus roinnt eagraíochtaí de chuid na hEorpa agus na Stát Aontaithe an Comhaontú a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh air, mar a shonraítear sa Chomhaontú, amhail an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis, Custam agus Patról Teorann na Stát Aontaithe, agus Údarás Feidearálach Eitlíochta na Stát Aontaithe. Déanfar ainmneacha phointí teagmhála na n‑eagraíochtaí sin a mhalartú d’fhonn an Comhaontú a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh air.

2024/0047 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, den pháirt eile, ina leagtar amach Nósanna Imeachta Slándála maidir le Satailítí Galileo a Lainseáil ó chríoch na Stát Aontaithe

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 189 agus 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)De dhroim dhá lainseáil Soyuz ó Ionad Spáis na Guáine a bheith curtha ar ceal i mí Aibreáin agus i mí Mheán Fómhair 2022, chomh maith leis an moill a fógraíodh maidir le Ariane-6, tá iallach á chur ar an Aontas teacht ar roghanna malartacha chun tús a chur arís go práinneach le lainseálacha shatailítí Galileo. Tá sé sin ríthábhachtach chun oibriú cuí chóras Galileo a áirithiú, ar cuid de Chlár Spáis an Aontais é arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(2)An 28 Meitheamh 2023, chuir an Coimisiún moladh faoi bhráid na Comhairle le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena núdaraítear an Coimisiún le tús a chur le caibidlíocht le Stáit Aontaithe Mheiriceá (‘na Stáit Aontaithe’) chun nósanna imeachta slándála a leagan síos maidir le satailítí Galileo a lainseáil ó chríoch na Stát Aontaithe (doic. 11233/23). Mar chuid den mholadh, chuir an Coimisiún dréachttreoracha caibidlíochta faoi bhráid na Comhairle freisin (doic. 11233/23 ADD 1).

(3)An 5 Iúil 2023, chuir an Coimisiún an moladh le haghaidh Cinneadh ón gComhairle i láthair, lena náirítear treoracha caibidlíochta do Choiste Slándála na Comhairle (CSC).

(4)An 23 Samhain 2023, thug an Chomhairle údarú tús a chur leis an gcaibidlíocht thar ceann an Aontais d’fhonn comhaontú slándála a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe ina leagfar amach na nósanna imeachta slándála maidir le satailítí Galileo a lainseáil ó chríoch na Stát Aontaithe.

(5)Tá comhar seanbhunaithe ag na Stáit Aontaithe leis an Aontas Eorpach maidir le loingseoireacht satailíte. Tá Comhaontú idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe i bhfeidhm ó bhí 2011 ann maidir le córais loingseoireachta satailíte Galileo agus GPS agus a bhfeidhmchláir ghaolmhara a chur chun cinn, a sholáthar agus a úsáid.

(6)Tá Comhaontú maidir le Slándáil Faisnéise 4 i bhfeidhm idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe, comhaontú a bheidh infheidhme maidir le faisnéis rúnda an Aontais a chomhroinnfear leis na Stáit Aontaithe.

(7)Tá an chaibidlíocht tugtha chun críche, agus tá an dá Pháirtí ar aon fhocal faoin téacs.

(8)Is é is cuspóir don Chomhaontú nósanna imeachta a leagan síos maidir le satailítí Galileo a lainseáil ó chríoch na Stát Aontaithe.

(9)Ba cheart an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir a thabhairt i gcrích tráth níos déanaí. I bhfianaise a íogaire atá lainseálacha Galileo ó thaobh ama de, ba cheart an Comhaontú a theacht i bhfeidhm ar bhonn sealadach.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheastar leis seo, thar ceann an Aontais, síniú an Chomhaontaithe Slándála idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus na Stáit Aontaithe, den pháirt eile, lena leagtar amach nósanna imeachta slándála maidir le satailítí Galileo a lainseáil ó chríoch na Stát Aontaithe (an ‘Comhaontú’), agus an méid sin faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe thuasluaite.

Tá téacs an Chomhaontaithe atá le síniú i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

An ionstraim lánchumhachtaí chun an Comhaontú a shíniú, faoi réir a thabhairt chun críche, bunóidh Ardrúnaíocht na Comhairle í le haghaidh an duine nó na ndaoine a n‑ainmneoidh an Coimisiún é nó iad mar idirbheartaí an Chomhaontaithe.

Airteagal 3

Cuirfear an Comhaontú i bhfeidhm go sealadach i gcomhréir le hAirteagal 12(2) de, go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Iris Oifigiúil L 170 an 12.5.2021
(2)    Iris Oifigiúil L 115 an 3.5.2007
(3)    Iris Oifigiúil L 348 an 31.12.2011
(4)    Iris Oifigiúil L 115 an 3.5.2007.

An Bhruiséil,23.2.2024

COM(2024) 86 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, den pháirt eile, ina leagtar amach Nósanna Imeachta Slándála maidir le satailítí Galileo a Lainseáil ó chríoch na Stát Aontaithe


COMHAONTÚ

idir

an tAontas Eorpach

agus

Stáit Aontaithe Mheiriceá

ina leagtar amach nósanna imeachta maidir le satailítí Galileo a lainseáil ó chríoch na Stát Aontaithe.

Tá AN tAONTAS EORPACH, dá ngairtear ‘an tAontas’ anseo feasta,

agus

STÁIT AONTAITHE MHEIRICEÁ, dá ngairtear ‘na Stáit Aontaithe’ anseo feasta, dá ngairtear ‘na Páirtithe’ orthu araon anseo feasta,

I bhFIANAISE thábhacht na dteicneolaíochtaí spáis do náisiúin agus dá saoránaigh sna réimsí cumarsáide, cianbhraiteachta, loingseoireachta agus slándála náisiúnta,

ÓS DEIMHIN an gá do na Stáit Aontaithe agus don Aontas Eorpach oibriú i gcomhar le chéile ionas gur féidir buntáistí na dteicneolaíochtaí tábhachtacha sin a bhaint amach go hiomlán le haghaidh na bhfeidhmeanna ábhartha uile,

AG MEABHRÚ DÓIBH gurb é Galileo córas domhanda an Aontais um loingseoireacht satailíte atá ceaptha chun faisnéis suite agus uainiúcháin a sholáthar saor in aisce, do raon leathan earnálacha amhail na hearnálacha eitlíochta, iarnróid, loingseoireachta nó teileachumarsáide,

ÓS FEASACH DÓIBH go bhfuil rioscaí bunúsacha slándála ag baint le hallmhairiú trealaimh rúnaicmithe de chuid an Aontais Eorpaigh isteach i gcríoch na Stát Aontaithe chun satailítí a lainseáil agus gurb iomchuí bearta slándála iomchuí agus comhar a bheith ann idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas Eorpach,

DE BHRÍ go bhfuil sé de chuspóir coiteann ag na Stáit Aontaithe agus ag an Aontas Eorpach mí-úsáid teicneolaíochtaí spáis a chosc agus cosaint a thabhairt ina coinne sin, agus ar an gcaoi sin a slándáil féin a neartú agus ardleibhéal sábháilteachta a sholáthar dá saoránaigh,

AGUS AIRD Á TABHAIRT ar thábhacht straitéiseach eolaíoch agus luach eacnamaíoch shatailítí Galileo,

AG AITHINT DÓIBH gur gá a áirithiú go gcosnófar faisnéis agus sócmhainní rúnaicmithe a bhaineann le satailítí Galileo a lainseáil,

DE BHRÍ go bhfuil an malartú leanúnach faisnéise agus an comhar idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas Eorpach fíor-riachtanach mar gheall ar na dúshláin theicniúla a bhaineann le satailítí a lainseáil,

AG MEABHRÚ DÓIBH an Comhaontú maidir le córais loingseoireachta satailíte Galileo agus GPS agus a bhfeidhmchláir ghaolmhara a chur chun cinn, a sholáthar agus a úsáid idir Stáit Aontaithe Mheiriceá, de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, comhaontú a síníodh i gCaisleán Dhrom Ólainn, Co. an Chláir, an 26 Meitheamh 2004,

AG MEABHRÚ DÓIBH an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le slándáil faisnéise rúnaicmithe, comhaontú a rinneadh in Washington an 30 Aibreán 2007, agus go háirithe Airteagal 19 de (dá ngairtear ‘an Comhaontú Slándála’ anseo feasta), agus leis an Socrú Slándála gaolmhar maidir le cosaint faisnéise rúnaicmithe a mhalartaítear idir an tAontas agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, a formheasadh trí mhalartú nótaí an 26 Iúil 2007 agus an 26 Feabhra 2008 (dá ngairtear ‘an Comhaontú Slándála’ anseo feasta),

DE BHRÍ gur chuir an Coimisiún Eorpach bainistiú na gconarthaí seirbhíse lainseála le haghaidh Galileo de chúram ar an nGníomhaireacht Eorpach Spáis, dá ngairtear ‘GES’ anseo feasta, agus tá na feachtais lainseála satailítí á gcur chun feidhme aici don Aontas Eorpach,

AG CUIMHNEAMH DÓIBH ar fhreagrachtaí Sholáthraithe Seirbhíse Lainseála tráchtála na Stát Aontaithe mar a shainmhínítear faoi dhlí na Stát Aontaithe, agus ar rialáil, beartas, ceadúnais is infheidhme, agus socruithe tacaíochta, mar aon le ról agus freagrachtaí comhfhreagracha ranna agus ghníomhaireachtaí na Stát Aontaithe,

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Raon feidhme

1.Beidh feidhm ag an gComhaontú seo maidir le lainseáil shatailítí Galileo ó chríoch na Stát Aontaithe.

2.Aithníonn an dá Pháirtí go ndéanfar trealamh agus doiciméadacht rúnaicmithe de chuid an Aontais a onnmhairiú ón Aontas agus a allmhairiú isteach sna Stáit Aontaithe, a úsáid ar chríoch na Stáit Aontaithe agus a athonnmhairiú chuig an Aontas. Chun trealamh agus doiciméadacht rúnaicmithe an Aontais a chosaint, áiritheoidh an dá Pháirtí, i ndlúthchomhar leis an Soláthraí Seirbhíse Lainseála, go mbeidh na bearta uile is gá agus is iomchuí i gcomhréir le téarmaí an Chomhaontaithe seo i bhfeidhm chun an trealamh agus an doiciméadacht sin a rialú agus a chosaint.

3.Mura bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú seo nó mura núdaraíonn an Coimisiún Eorpach é tar éis dul i gcomhairle leis na Páirtithe, coinneoidh Oifigeach Slándála Áitiúil na Gníomhaireachta Eorpaí Spáis (dá ngairtear ‘Oifigeach Slándála Áitiúil GES’ anseo feasta), a dhaoine ainmnithe, agus daoine ainmnithe an Choimisiúin Eorpaigh rochtain eisiach ar threalamh agus ar dhoiciméadacht rúnaicmithe AE le linn gach feachtais lainseála, ón uair a shroichfidh an trealamh agus an doiciméadacht sin críoch na Stát Aontaithe go dtí go naistreofar iad ó chríoch na Stát Aontaithe.

4.I gcás ina ndéantar faisnéis rúnaicmithe AE (dá ngairtear ‘FRAE’ anseo feasta) a scaoileadh do rialtas na Stát Aontaithe nó do thríú páirtithe údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 5(4) nó d’aon tríú páirtí eile arna chinneadh go frithpháirteach ag na Páirtithe, nó i gcás ina bhfaigheann aon pháirtí díobh sin FRAE ar bhealach eile, beidh feidhm ag téarmaí an Chomhaontaithe Slándála agus ag na téarmaí a áirítear anseo maidir le FRAE den sórt sin a chosaint, agus maidir lena rialú, gan beann ar an eintiteas Eorpach a sholáthraíonn an FRAE sin.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Chomhaontaithe seo:

1.ciallaíonn ‘faisnéis rúnaicmithe AE’ aon fhaisnéis nó ábhar a thugtar aicmiúchán slándála AE di nó dó, a dtiocfadh leibhéil éagsúla dochair do leasanna an Aontais nó do leasanna ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit as a nochtadh neamhúdaraithe; féadfaidh FRAE a bheith i bhfoirm béil, fhísiúil, leictreonach, mhaighnéadach nó dhoiciméadach nó i bhfoirm ábhair, lena náirítear trealamh agus teicneolaíocht.

2.Ciallaíonn ‘trealamh agus doiciméadacht rúnaicmithe AE’ trealamh agus doiciméadacht ina bhfuil FRAE.

3.Ciallaíonn ‘Sócmhainní Cosanta AE’ aon réad nó ábhar ar Bhunáit Lainseála a allmhairítear isteach i gcríoch na Stát Aontaithe chun satailít Galileo a lainseáil, lena náirítear trealamh agus doiciméadacht rúnaicmithe AE, ach gan bheith teoranta dóibh sin amháin.

4.Ciallaíonn ‘Limistéir Dhaingne’ limistéir ag an mBunáit Lainseála chun Sócmhainní Cosanta AE a stóráil agus a láimhseáil, i gcomhréir le socrú conarthach an Aontais leis an Soláthraí Seirbhíse Lainseála agus le socruithe tacaíochta an tSoláthraí Seirbhíse Lainseála leis an mBunáit Lainseála.

5.Ciallaíonn ‘Bunáit Lainseála’ suíomh nó suíomhanna ar leith ar mhaoin rialtas na Stát Aontaithe ina bhfuil saoráidí chun an fheithicil lainseála a chóimeáil, a breosla a láimhseáil, spásárthach a ullmhú le haghaidh lainseála, lainseáil a dhéanamh agus faireacháin a dhéanamh ar lainseálacha, agus óna lainseálfar satailítí Galileo.

6.Ciallaíonn ‘Saoráid Próiseála Pálasta Tráchtála’ saoráid chun spásárthach agus pálasta a ullmhú le haghaidh lainseála, atá suite laistigh de chríoch na Stát Aontaithe ar mhaoin phríobháideach lasmuigh den Bhunáit Lainseála.

7.Ciallaíonn ‘Teagmhas Slándála’ aon teagmhas a bhféadfadh úsáid, nochtadh, modhnú nó scriosadh neamhúdaraithe faisnéise, doiciméadachta nó trealaimh, nó a bhféadfadh rochtain neamhúdaraithe ar fhaisnéis, doiciméadacht nó trealamh, nó cur isteach ar oibríochtaí córais Sócmhainní Cosanta AE a bheith ann dá bharr.

8.Ciallaíonn ‘Soláthraí Seirbhíse Lainseála’ an eagraíocht de chuid na Stát Aontaithe atá ar conradh ag an gCoimisiún Eorpach chun satailítí Galileo a lainseáil.

9.Ciallaíonn ‘Galileo’ córas uathrialaitheach domhanda an Aontais um loingseoireacht satailíte (GNSS), atá faoi rialú sibhialta agus atá comhdhéanta de réaltbhuíon satailítí, lárionaid rialaithe agus líonra domhanda stáisiún ar talamh, a chuireann seirbhísí suite, loingseoireachta agus uainiúcháin ar fáil, lena náirítear riachtanais agus ceanglais slándála.

10.Ciallaíonn ‘satailít Galileo’ spásárthach a bhaineann le córas Galileo agus a allmhairítear isteach i gcríoch na Stát Aontaithe chun críoch lainseála.

11.Ciallaíonn ‘smionagar satailíte Galileo’ aon satailít Galileo nó cuid di, lena náirítear blúirí agus eilimintí di, a aimsítear ar chríoch na Stát Aontaithe nó in uiscí teorann na Stát Aontaithe nó in uiscí idirnáisiúnta tar éis taisme nó timpiste a bhain le satailít Galileo.

12.Is é atá sa ‘Ghníomhaireacht Eorpach Spáis’ eagraíocht idir-rialtasach a bunaíodh leis an gCoinbhinsiún lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Spáis, a osclaíodh lena shíniú i bPáras an 30 Bealtaine 1975 agus a tháinig i bhfeidhm an 30 Deireadh Fómhair 1980. I gcomhréir le hAirteagal 28(4) de Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (dá ngairtear ‘Rialachán Spáis an Aontais’ anseo feasta), chuir an tAontas Eorpach de chúram ar GES cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme Chlár Spáis an Aontais, lena náirítear conarthaí seirbhíse lainseála sonracha a sholáthar agus a fhorghníomhú, ar conarthaí iad a fheidhmíonn GES thar ceann an Aontais Eorpaigh.

13.Is é atá i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis’ (dá ngairtear ‘EUSPA’ anseo feasta) Gníomhaireacht AE a bunaíodh le Rialachán Spáis an Aontais, ar chuir an Coimisiún Eorpach de chúram uirthi gné Galileo de Chlár Spáis an Aontais a bhainistiú agus a shaothrú.

14.Ciallaíonn ‘Oifigeach Slándála Áitiúil GES’ an toifigeach GES arna ainmniú ag an gCoimisiún Eorpach, atá freagrach as slándáil fheachtais lainseála Galileo an Aontais.

15.Ciallaíonn ‘daoine ainmnithe Oifigeach Slándála Áitiúil GES’ pearsanra agus conraitheoirí de chuid GES arna nainmniú i scríbhinn ag Oifigeach Slándála Áitiúil GES chun ról, freagracht nó cúram sonrach a chomhlíonadh thar a cheann. Tá an tainmniú teoranta do chúram ar leith agus ní údarú é don duine ainmnithe gníomhú thar ceann Oifigeach Slándála Áitiúil GES sa chiall ghinearálta.

16.Ciallaíonn daoine ainmnithe de chuid an Choimisiúin Eorpaigh foireann de chuid an Aontais, lena náirítear foireann EUSPA, agus saineolaithe ó na Ballstáit arna nainmniú ag an gCoimisiún Eorpach i scríbhinn chun ról, freagracht, nó cúram sonrach a chomhlíonadh thar a cheann. Tá an tainmniú teoranta do chúram ar leith agus ní údarú é don duine ainmnithe gníomhú thar ceann an Choimisiúin Eorpaigh sa chiall ghinearálta.

Airteagal 3

Nósanna imeachta allmhairiúcháin

1.Maidir le hallmhairiú Sócmhainní Cosanta AE chuig críoch na Stát Aontaithe, beidh sé faoi réir dhlíthe na Stát Aontaithe, lena náirítear dlíthe a riarann nó a fhorfheidhmíonn Custam agus Cosaint Teorann na Stát Aontaithe (CBP). Maidir le cé acu atá nó nach bhfuil gá le cigireacht a dhéanamh ar na hítimí is ábhar, déanfaidh CBP de réir a bhreithiúnais féin, i gcomhréir leis an dlí agus leis an mbeartas is infheidhme.

2.Soláthróidh an tAontas Eorpach do ghníomhaireachtaí ábhartha na Stát Aontaithe, i gcomhar leis an Soláthraí Seirbhíse Lainseála, an fhaisnéis uile a cheanglaítear faoi dhlí na Stát Aontaithe chun imréiteach custaim Shócmhainní Cosanta AE a chumasú, lena náirítear na ceanglais cheadúnúcháin is infheidhme a shásamh. Soláthróidh na Stáit Aontaithe faisnéis don Choimisiún Eorpach maidir leis na nósanna imeachta imréitigh custaim a bhfuil coinne leo.

3.I gcás ina naithníonn CBP gur gá cigireacht a dhéanamh ar shatailít Galileo nó ar Shócmhainní Cosanta AE eile, rachaidh pointe teagmhála CBP arna ainmniú de bhun Airteagal 9 i dteagmháil le hOifigeach Slándála Áitiúil GES agus, a mhéid is indéanta, áiritheoidh sé go mbeidh Oifigeach Slándála Áitiúil GES agus/nó a dhaoine ainmnithe i láthair le haghaidh na cigireachta sin. Déanfar aon chigireacht custaim den sórt sin i gcomhréir le dlí is infheidhme na Stát Aontaithe, i Limistéar Daingean nó i saoráid eile arna hainmniú go frithpháirteach ar an mBunáit Lainseála lena mbaineann leibhéal slándála atá ar cóimhéid le cineál na hítime/na nítimí a bhfuil cigireacht á déanamh orthu, agus ní dhéanfar aon chigireacht custaim den sórt sin ach a mhéid is gá chun comhlíonadh dhlí na Stát Aontaithe a áirithiú.

4.Féadfaidh Oifigeach Slándála Áitiúil GES a iarraidh ar CBP go gcuirfí aon chigireacht ar sos chun comhairliúchán déthaobhach roimh ré a chumasú idir an Coimisiún Eorpach agus Roinn Stáit na Stát Aontaithe. Mura mbeadh baol láithreach ann do bheatha an duine nó do shlándáil náisiúnta na Stát Aontaithe, bheadh coinne leis go bhfreastalódh CBP ar iarraidh den sórt sin.

Airteagal 4

Limistéir Dhaingne na Bunáite Lainseála agus Sócmhainní Cosanta AE a chosaint

1.Ar bhealach atá comhsheasmhach leis an dlí agus leis na beartais, na nósanna imeachta agus na socruithe tacaíochta atá ag na Stát Aontaithe leis an Soláthraí Seirbhíse Lainseála:

a.Déanfaidh na Stáit Aontaithe gach beart is gá agus is iomchuí chun an Bhunáit Lainseála a chosaint ar aon ionradh, lena náirítear na limistéir sin ina bhfuil Limistéar Daingean.

b.Déanfaidh na Stáit Aontaithe gach beart is gá agus is iomchuí chun damáiste, athrú agus crioscaíl shatailítí Galileo a chosc le linn an fheachtais lainseála ón uair a thiocfaidh siad isteach i gcríoch na Stát Aontaithe go dtí go naistreofar iad ó chríoch na Stát Aontaithe.

c.Deimhneoidh na Stáit Aontaithe, arna iarraidh sin don Choimisiún Eorpach, stádas imréiteach slándála saoráide an tSoláthraí Seirbhíse Lainseála agus úinéir/oibreoir na Saoráide Próiseála Pálasta Tráchtála faoi dhlí náisiúnta na Stát Aontaithe a bhaineann le stóráil trealaimh agus doiciméadachta rúnaicmithe. Tabharfaidh na Stáit Aontaithe fógra don Choimisiún Eorpach faoi aon athrú ar an stádas a deimhníodh roimhe sin.

d.Faoi réir Airteagal 3.3, Airteagal 5.4 agus Airteagal 6.3, ní bheidh rochtain ag na Stáit Aontaithe ar Shócmhainní Cosanta AE ar Bhunáit Lainseála ná ní dhéanfaidh siad cigireacht orthu. Cosnóidh na Stáit Aontaithe na Limistéir Dhaingne ar aon chineál dul isteach, cúléisteachta nó cineálacha cur isteach neamhúdaraithe eile ar na gníomhaíochtaí a dhéantar sna Limistéir Dhaingne.

e.Féadfaidh pearsanra rialtas na Stát Aontaithe agus pearsanra an chonraitheora tacaíochta rochtain a fháil ar Limistéar Daingean atá suite ar Bhunáit Lainseála agus cigireacht a dhéanamh air chun comhlíonadh na gceanglas maidir le sábháilteacht agus slándáil agus leis an gcomhshaol a dheimhniú, chun an dlí coiriúil a fhorfheidhmiú, nó mar a fhoráiltear ar shlí eile in Airteagal 5, agus chun na gcríoch teoranta sin amháin. I gcás rochtana nó cigireachta den chineál sin, tabharfaidh pearsanra rialtas na Stát Aontaithe agus pearsanra an chonraitheora tacaíochta fógra réasúnta chun gur féidir le hOifigeach Slándála Áitiúil GES nó a dhaoine ainmnithe rochtain thráthúil a fháil ar an Limistéar Daingean, agus ní eisiafaidh siad Oifigeach Slándála Áitiúil GES ná a dhaoine ainmnithe ó Limistéar Daingean, seachas i gcásanna teoranta ina bhfuil bagairt phráinneach láithreach ann do bheatha an duine nó ina bhfuil riosca ann do shlándáil náisiúnta na Stát Aontaithe, nó chun an dlí coiriúil a fhorfheidhmiú. Sna cásanna sin, mar sin féin, coinneoidh pearsanra rialtas na Stát Aontaithe Oifigeach Slándála Áitiúil GES, nó a dhaoine ainmnithe mura bhfuil sé ar fáil, ar an eolas mar is iomchuí, agus déanfaidh siad gach iarracht oibriú gan bhriseadh fhíschórais an Aontais arna núdarú faoin gconradh leis an Soláthraí Seirbhíse Lainseála a áirithiú.

f.Ní chuirfidh na Stáit Aontaithe bac ar úsáid trealaimh chriptithe teileachumarsáide, arna allmhairiú go cuí, i Limistéir Dhaingne ar an mBunáit Lainseála nó ar an tSaoráid Próiseála Pálasta Tráchtála. Ní úsáidfidh an tAontas an trealamh sin ach amháin trí líonra cumarsáide an tSoláthraí Seirbhíse Lainseála nó na Saoráide Pálasta Tráchtála, mura núdaraíonn na Stáit Aontaithe a mhalairt.

2.Coinneoidh na Stáit Aontaithe Oifigeach Slándála Áitiúil GES ar an eolas tríd an Soláthraí Seirbhíse Lainseála sula ndéanfar aon chinneadh maidir le haon limistéar den Bhunáit Lainseála a bhaineann leis an lainseáil AE a aslonnú. A mhéid is indéanta i gcúinsí mar sin, ceadófar don Aontas garda a chur ar post 24/7 sna Limistéir Dhaingne nó thart timpeall orthu, agus leanúint d’fhaireachán ó chian a dhéanamh ar na Limistéir Dhaingne trí fhíschórais de chuid an Aontais arna núdarú faoi chonradh leis an Soláthraí Seirbhíse Lainseála.

3.Sula ndéanfar trealamh agus doiciméadacht rúnaicmithe AE a imscaradh nó a stóráil i Limistéar Daingean atá suite ar Bhunáit Lainseála nó i Saoráid Próiseála Pálasta Tráchtála, déanfaidh na Stáit Aontaithe, tar éis iarraidh a fháil ón gCoimisiún Eorpach, fógra i scríbhinn a thabhairt dó go bhfuil na bearta slándála uile is gá agus is iomchuí i bhfeidhm.

4.Na forálacha a leagtar amach san Airteagal seo, tá feidhm acu go príomha maidir le gníomhaíochtaí agus le Sócmhainní Cosanta AE ag Bunáit Lainseála agus, mura bhforáiltear a mhalairt san Airteagal seo, ní chuimsíonn siad gníomhaíochtaí agus Sócmhainní Cosanta AE ag Saoráid Próiseála Pálasta Tráchtála. Gníomhaíochtaí AE agus Sócmhainní Cosanta AE ag Saoráid Próiseála Pálasta Tráchtála, bíonn siad á rialú go príomha trí chomhaontuithe conarthacha idir an tAontas Eorpach, an Soláthraí Seirbhíse Lainseála agus úinéir/oibreoirí saoráide den sórt sin.

5.Soláthróidh an tAontas i scríbhinn do na Stáit Aontaithe an liosta den trealamh agus doiciméadacht rúnaicmithe AE a bhfuil baint acu le feachtas lainseála, chomh maith leis an liosta Sócmhainní Cosanta AE.

6.Ainmneoidh na Páirtithe go comhpháirteach i scríbhinn an Bhunáit Lainseála, an tSaoráid Próiseála Pálasta Tráchtála agus na Limistéir Dhaingne a fhéadfaidh an tAontas a úsáid le linn gach feachtais lainseála.

Airteagal 5

Imscrúdú slándála

1.I gcás Teagmhas Slándála amhrasta, déanfaidh Oifigeach Slándála Áitiúil GES, má mheasann sé gurb iomchuí sin agus tar éis cruinniú soiléirithe le hoifigeach slándála an tSoláthraí Seirbhíse Lainseála, an Teagmhas Slándála a thuairisciú d’Údarás na Stát Aontaithe um Shlándáil Bunáiteanna Lainseála le haghaidh tuilleadh imscrúdaithe. Tuairisceoidh Oifigeach Slándála Áitiúil GES an Teagmhas Slándála do Roinn Stáit na Stát Aontaithe freisin.

2.Déanfaidh Údarás na Stát Aontaithe um Shlándáil Bunáiteanna Lainseála, i gcomhar leis an Soláthraí Seirbhíse Lainseála, Oifigeach Slándála Áitiúil GES agus eagraíochtaí eile is infheidhme, imscrúdú ar aon Teagmhas Slándála arna thuairisciú ag Oifigeach Slándála Áitiúil GES.

3.Nuair a bheidh imscrúdú curtha i gcrích, cuirfidh na Stáit Aontaithe tuarascáil iomlán faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh, i gcomhréir le hAirteagal 25(b) den Socrú Slándála, agus sainaithneoidh siad aon ghníomhaíocht feabhais nó cheartaitheach atá le déanamh, de réir mar is iomchuí.

4.Pearsanra rialtas na Stát Aontaithe nó údaráis fheidearálacha nó stáit eile, pearsanra an tSoláthraí Seirbhíse Lainseála, agus conraitheoirí tacaíochta gach ceann díobh a bhfuil an timréiteach slándála riachtanach acu, ní fhéadfaidh siad rochtain a fháil ar Shócmhainní Cosanta AE ná iniúchadh a dhéanamh orthu ach amháin i gcás imscrúdaithe tar éis an Teagmhais Slándála a thuairiscigh Oifigeach Slándála Áitiúil GES d’Údarás na Stát Aontaithe um Shlándáil Bunáiteanna Lainseála. Ceadófar rochtain den sórt sin chun críoch imscrúdaitheach amháin agus faoi réir údarú a fháil roimh ré ón gCoimisiún Eorpach, mar a chuirfidh Oifigeach Slándála Áitiúil GES in iúl d’Údarás na Stát Aontaithe um Shlándáil Bunáiteanna Lainseála. Dá réir sin, déanfaidh Údarás na Stát Aontaithe um Shlándáil Bunáiteanna Lainseála, nó údarás iomchuí eile de chuid na Stát Aontaithe, pearsanra cuí feidearálach agus stáit agus pearsanra cuí den Soláthraí Seirbhíse Lainseála, agus conraitheoirí gach ceann díobh, a údarú le rochtain fháil ar FRAE, i gcomhréir le húdarú an Choimisiúin Eorpaigh.

5.Le bheith comhsheasmhach le hAirteagal 3.3 den Chomhaontú Slándála, faisnéis rúnaicmithe AE arna heisiúint ag an gCoimisiún Eorpach, ag daoine ainmnithe an Choimisiúin Eorpaigh, nó ag Oifigeach Slándála Áitiúil GES, lena náirítear a dhaoine ainmnithe, do na Stáit Aontaithe chun críocha chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo, nó faisnéis a fuair na Stáit Aontaithe ar bhealach eile, déanfaidh na Stáit Aontaithe í a chosaint ar bhealach a bheidh coibhéiseach ar a laghad leis an gcosaint a thugann an tAontas Eorpach dóibh. Beidh feidhm ag Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gcomhaontú seo maidir le faisnéis arna stampáil, arna marcáil nó arna hainmniú ‘RESTREINT UE/EU RESTRICTED’ a eisítear chuig na Stáit Aontaithe nó a fhaigheann na Stáit Aontaithe ar bhealach eile.

6.Aithníonn na Páirtithe go mbeadh dúshláin chasta ar leith ann ó thaobh dlínse de dá dtiocfadh Teagmhas Slándála chun cinn ag Saoráid Próiseála Pálasta Tráchtála nó ar idirthuras. In imthosca den sórt sin, bheadh Údarás na Stát Aontaithe um Shlándáil Bunáiteanna Lainseála ar theann a dhíchill chun imscrúdú ar aon teagmhas mar sin a éascú i gcomhar leis na páirtithe ábhartha, lena náirítear an tAontas, an Soláthraí Seirbhíse Lainseála, úinéir/oibreoir na Saoráide Próiseála Pálasta Tráchtála, agus údaráis iomchuí fheidearálacha agus stáit na Stát Aontaithe.

Airteagal 6

Smionagar satailíte Galileo a athshlánú

1.I gcás taisme nó timpiste as a neascraíonn scriosadh shatailít Galileo, déanfaidh na Stáit Aontaithe, ar bhealach atá i gcomhréir le dlí, beartais agus nósanna imeachta na Stát Aontaithe, agus le socruithe tacaíochta na Stát Aontaithe leis an Soláthraí Seirbhíse Lainseála, déanfaidh siad Oifigeach Slándála Áitiúil GES, daoine ainmnithe Oifigeach Slándála Áitiúil GES, agus daoine ainmnithe an Choimisiúin Eorpaigh a údarú, de réir mar a chuireann a phointe teagmhála arna shonrú in Airteagal 9 in iúl, leis an méid seo a leanas a dhéanamh:

a.Páirt a ghlacadh sa chuardach agus smionagar satailíte Galileo a bhailiú ag na suíomhanna smionagair.

b.Smionagar satailíte Galileo a stóráil ag Limistéar Daingean faoi mhaoirseacht leanúnach Oifigeach Slándála Áitiúil GES.

c.Smionagar satailíte Galileo a iompar chuig críoch an Aontais Eorpaigh.

2.Le linn na noibríochtaí aisghabhála, tabharfaidh gach ceann de na Páirtithe fógra don Pháirtí eile gan mhoill a luaithe a chuirfear suíomh smionagar satailíte Galileo ar a súile dóibh, más lasmuigh den limistéar cuardaigh sainithe atá sé, a mhéid is féidir sula mbainfear go fisiceach é de na suíomhanna smionagair.

3.Ní fhéadfaidh pearsanra Rialtas na Stát Aontaithe ná pearsanra an tSoláthraí Seirbhíse Lainseála ná a gconraitheoirí tacaíochta iniúchadh a dhéanamh ar smionagar satailíte Galileo aisghafa ach amháin chun críoch imscrúdaithe. Ligfidh siad d’Oifigeach Slándála Áitiúil GES a bheith i láthair agus an méid sin á dhéanamh acu. Aon chigireacht a dhéanfar ar smionagar satailíte Galileo aisghafa seachas cigireacht fhísiúil, níor cheart í a dhéanamh ach amháin tar éis do na Páirtithe dul i gcomhairle le chéile faoin gceist.  

4.Féadfaidh Oifigeach Slándála Áitiúil GES a iarraidh ar Phointe Teagmhála an Údaráis Fheidearálaigh Eitlíochta (FAA), arna ainmniú de bhun Airteagal 9, go gcuirfí aon chigireacht atá beartaithe ar smionagar satailíte Galileo ar sos chun comhairliúchán déthaobhach roimh ré a chumasú idir an Coimisiún Eorpach agus Roinn Stáit na Stát Aontaithe. Mura mbeadh baol láithreach ann do bheatha an duine nó don tsábháilteacht, bheadh coinne leis go bhfreastalódh an tÚdarás Feidearálach Eitlíochta ar an iarraidh sin.

Airteagal 7

Clárú

1.I ndáil le gach satailít Galileo a lainseáiltear ó chríoch na Stát Aontaithe i dtaca leis an gComhaontú seo, áiritheoidh an tAontas go soláthrófar faisnéis faoin spásréad d’Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún maidir le Clárú Nithe a Teilgeadh amach sa Chianspás, arna dhéanamh an 12 Samhain, 1974 (an Coinbhinsiún maidir le Clárú).

2.Comhaontaíonn na Páirtithe nach mbeidh na Stáit Aontaithe freagrach as satailítí Galileo a chlárú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún maidir le Clárú, agus nach bhfuil aon dlínse ná smacht ag na Stáit Aontaithe ar réada den sórt sin sa chianspás.

Airteagal 8

Dliteanas

1.I gcás ina ndéanann satailít Galileo, nó comhpháirt di, damáiste as a neascraíonn éileamh amháin nó níos mó ar chúiteamh i gcoinne na Stát Aontaithe faoin dlí idirnáisiúnta:

a.Féadfaidh na Stáit Aontaithe féachaint leis an Aontas Eorpach a chur in ionad na Stát Aontaithe san fhóram ina ndéanfar an téileamh, gan beann ar cén fóram atá ann. Déanfaidh an tAontas na hiarrachtaí sin a éascú.

b.Mura néiríonn leis an ionadú sin, tá an tAontas sásta a mheas nach ndearna na Stáit Aontaithe aon dochar, agus tá sé sásta na Stáit Aontaithe a shlánú ar aon oibleagáid airgeadais a eascraíonn as éilimh mar a sin a réiteach nó i ndáil le haon oibleagáid airgeadais a eascraíonn as socrú nó breithniú na néileamh sin. Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile maidir le héilimh den sórt sin a chosaint.

c.I gcás díospóid nó éileamh a d’fhéadfadh a bheith ann, tabharfaidh na Stáit Aontaithe fógra i scríbhinn don Aontas go pras, agus soláthróidh siad na mionsonraí ábhartha uile.

d.Má roghnaíonn na Stáit Aontaithe an téileamh a shocrú, ba cheart dóibh toiliú i scríbhinn a fháil ón Aontas sula naontaíonn siad leis an tsocraíocht. Ní bheidh an tAontas freagrach as na Stáit Aontaithe a shlánú ar shuim na socraíochta ach amháin má thoiligh sé leis an tsocraíocht.

e.Comhaontaíonn na Páirtithe dul i gcomhairle le chéile ag gach céim, de réir mar is iomchuí, maidir le láimhseáil agus diúscairt éileamh den sórt sin.

2.Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn an téarma ‘damáiste’ bás, díobháil phearsanta nó lagú eile sláinte, sin nó caillteanas maoine Stát nó maoine daoine, bídís nádúrtha nó dlítheanach, agus damáiste don mhaoin sin.

3.Ní fhorléireofar aon ní sa Chomhaontú seo mar tharscaoileadh dhíolúine cheannasach na Stát Aontaithe ná mar tharscaoileadh aon phribhléid nó díolúine eile a dhíorthaítear as an dlí idirnáisiúnta gnách, as conarthaí agus as comhaontuithe atá i bhfeidhm idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas Eorpach, ná as aon oibleagáid dlíthiúil idirnáisiúnta eile.

   

Airteagal 9

Pointí Teagmhála

1.Chun cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo a éascú, déanfaidh na Páirtithe pointí teagmhála oibríochtúla, mar aon lena bhfaisnéis teagmhála, a ainmniú i scríbhinn le haghaidh na neintiteas a leagtar amach i míreanna 2 agus 3 agus soláthróidh siad na pointí teagmhála do na heintitis sin.

2.Ó thaobh an Aontais Eorpaigh de:

-An Coimisiún Eorpach

-Oifigeach Slándála Áitiúil na Gníomhaireachta Eorpaí Spáis

-An Ghníomhaireacht Eorpach Spáis

-Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis

-An Soláthraí Seirbhíse Lainseála

-An Monaróir Satailítí.

3.Ó thaobh na Stát Aontaithe de:

-Údarás um Shlándáil Bunáiteanna Lainseála

-Údarás Sinsearach na Bunáite Lainseála

-Custam agus Cosaint Teorann

-An tÚdarás Feidearálach Eitlíochta

Airteagal 10

Díospóidí a réiteach

Aon easaontas idir na Páirtithe a thagann chun cinn faoin gComhaontú seo nó a bhaineann leis, is trí chomhairliúcháin idir na Páirtithe amháin a dhéanfar é a shocrú.

Airteagal 11

Comhaontuithe eile

Níl aon ní sa Chomhaontú seo a athróidh comhaontuithe ná socruithe atá ann cheana idir na Páirtithe.

Airteagal 12

Teacht i bhfeidhm agus foirceannadh

1.Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an lá tar éis dháta fála an nóta dheireanaigh i malartú nótaí taidhleoireachta, malartú ina mbeidh fógra tugtha ag na Páirtithe dá chéile faoi thabhairt i gcrích a nósanna imeachta inmheánacha ábhartha féin maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, agus beidh sé i bhfeidhm go dtí an 1 Eanáir 2027.

2.Féadfaidh an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe an Comhaontú seo a chur i bhfeidhm go sealadach, ina iomláine nó go páirteach, i gcomhréir lena gcuid nósanna imeachta inmheánacha agus reachtaíochta féin. Cuirfear tús leis an gcur i bhfeidhm sealadach ar an lá tar éis an dáta ar a ndéanfar an méid seo a leanas:

a)beidh fógra tugtha ag an Aontas Eorpach do na Stáit Aontaithe maidir leis na codanna den Chomhaontú seo atá beartaithe aige a chur i bhfeidhm go sealadach; agus

b)deimhneoidh na Stáit Aontaithe go naontaíonn siad leis na codanna den Chomhaontú a chuirfear i bhfeidhm go sealadach.

3.Féadfaidh ceachtar Páirtí fógra a thabhairt i scríbhinn don Pháirtí eile go bhfuil sé ar intinn aige an Comhaontú seo a fhoirceannadh. Gabhfaidh éifeacht leis an bhfoirceannadh 8 mí tar éis an dáta a gheofar an fógra.

4.Féadfar an Comhaontú seo a leasú nó a shíneadh trí chomhaontú frithpháirteach i scríbhinn idir na Páirtithe.

5.Is dlúthchuid den Chomhaontú seo í Iarscríbhinn A, ina leagtar amach bearta chun faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a chosaint.

Airteagal 13

Téacs barántúil

Is é an téacs Béarla den Chomhaontú seo, arna shíniú, an téacs barántúil. Dréachtóidh an tAontas an Comhaontú seo freisin sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa tSeicis, sa Danmhairgis, san Ollainnis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Ungáiris, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSlóvaicis, sa tSlóivéinis, sa Spáinnis agus sa tSualainnis.

DÁ FHIANÚ SIN, tá na daoine thíos-sínithe, atá údaraithe go cuí chuige sin ag a nÚdaráis ábhartha, tar éis a lámh a chur leis an bPrótacal seo.

Arna dhéanamh in (áit) an (...) lá seo de (bliain) in dhá chóip bhunaidh sa Bhéarla.

Thar ceann an Aontais Eorpaigh        Thar ceann Stáit Aontaithe Mheiriceá



Iarscríbhinn A

Bearta chun faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a chosaint

Féadfaidh faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a bheith i bhfoirm béil, fhísiúil, leictreonach, mhaighnéadach nó dhoiciméadach nó i bhfoirm ábhair, lena n‑áirítear trealamh nó teicneolaíocht.

Féadfar faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a thaifeadadh ar aon chineál meáin fhisicigh.

1. Raon feidhme agus freagrachtaí

Beidh feidhm ag na bearta a bhunaítear san Iarscríbhinn seo i gcás ina soláthraítear faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED d’Údarás na Stát Aontaithe um Shlándáil Bunáiteanna Lainseála nó d’údarás iomchuí eile de chuid na Stát Aontaithe, nó i gcás ina bhfaigheann na húdaráis sin an fhaisnéis sin ar bhealach eile faoin gcomhaontú seo. Rialtas na Stát Aontaithe nó tríú páirtithe údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 5(4) nó aon tríú páirtí eile arna chinneadh go frithpháirteach ag na Páirtithe a bhfuil rochtain acu ar fhaisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED faoin gComhaontú, is iad sin atá freagrach as faisnéis den sórt sin, mar a thuairiscítear anseo í, a láimhseáil, a stóráil agus a chlárú.

2. Leibhéil imréitigh

Ní féidir rochtain ar fhaisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a thabhairt ach amháin do phearsanra údaraithe de chuid na Stát Aontaithe nó do phearsanra údaraithe tríú páirtí ag a bhfuil an stádas ‘ar bhonn riachtanais eolais’, mar atá sainithe ag Oifigeach Slándála Áitiúil GES agus ag Údarás na Stát Aontaithe um Shlándáil Bunáiteanna Lainseála. Sula ndeonófar rochtain, cuirfear na daoine sin ar an eolas faoi na rialacha agus faoi na caighdeáin agus na treoirlínte slándála ábhartha a bhaineann le faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a chosaint, agus aithneoidh siad a bhfreagrachtaí i dtaca leis an bhfaisnéis sin a chosaint.

Ní cheanglaítear ar phearsanra údaraithe na Stát Aontaithe ná ar phearsanra tríú páirtí a bhfuil rochtain acu ar fhaisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED imréiteach Slándála Pearsanra a bheith acu.

3. Láimhseáil

Féadfar faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a láimhseáil i Limistéir Dhaingne na Bunáite Lainseála mar a leanas: Déanfaidh pearsanra údaraithe na Stát Aontaithe nó pearsanra údaraithe tríú páirtí an méid seo a leanas:

a)doras na hoifige a dhúnadh agus faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED á láimhseáil acu,

b)faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a cheilt nó a chlúdach má bhíonn cuairteoir acu,

c)gan faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a bheith feiceálach nuair nach bhfuil aon duine san oifig,

d)na scáileáin ar a dtaispeántar faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a bheith iompaithe i gcónaí ó fhuinneoga agus ó dhoirse chun nach bhfeicfidh aon duine í. Beidh sciath frithdhallta/phríobháideachais ar an scáileán ag ríomhairí glúine a úsáidfear i gcruinnithe.

Féadfar faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a láimhseáil lasmuigh de Limistéar Daingean, ar choinníoll gur gheall an duine a bhfuil an fhaisnéis ina sheilbh aige (an ‘sealbhóir’) bearta cúitimh a chomhlíonadh chun í a chosaint ar dhaoine neamhúdaraithe rochtain a fháil uirthi. Áireofar ar na bearta cúitimh an méid seo a leanas ar a laghad:

a)Ní léifear faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED in áiteanna poiblí, ná ní fhágfar í gan faire i seomraí óstáin ná i bhfeithiclí,

b)Coinneofar faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED faoi rialú pearsanta an tsealbhóra i gcónaí,

c)Agus faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED lasmuigh den Limistéar Daingean, déanfar í a iompar de réir mar a mhínítear i Roinn 7 den iarscríbhinn seo.

d)déanfar na doiciméid a choinneáil i dtroscán glasáilte iomchuí nuair nach mbeidh siad á léamh ná á bplé,

e)dúnfar doirse an tseomra fad a bheidh an doiciméad á léamh nó á phlé,

f)ní phléifear sonraí an doiciméid ar an bhfón ar líne nach bhfuil slán, ná ar nasc Gutha/Prótacail Idirlín Ghuthaithe nach bhfuil criptithe trí bhíthin réiteach formheasta, ná i ríomhphost neamhchriptithe ná i ríomhphost atá criptithe trí bhíthin réiteach nach bhfuil formheasta,

g)múchfar gléasanna móibíleacha (nó cuirfear sa mhód eitleáin iad) fad a bheidh an doiciméad á phlé,

h)ní fhéadfar an doiciméad a fhótachóipeáil ná a scanadh ach amháin ar threalamh neamhspleách (nach bhfuil nasctha le haon líonra) nó ar threalamh creidiúnaithe,

i)ní dhéanfar an doiciméad a láimhseáil ná a shealbhú go sealadach lasmuigh de Limistéar Daingean ach amháin don tréimhse ama is lú a bhfuil gá léi,

j)ní dhéanfaidh an sealbhóir an doiciméad rúnaicmithe a chaitheamh amach, tabharfaidh sé ar ais é lena stóráil i Limistéar Daingean, nó áiritheoidh sé go scriosfar é i stiallaire formheasta.

4. Stóráil

Déanfar faisnéis chruachóipe RESTREINT UE/EU RESTRICTED a stóráil faoi ghlas i dtroscán oifige i Limistéar Daingean, agus áirítear leis an bhfaisnéis sin meáin stórála inbhainte ina bhfuil faisnéis neamhchriptithe, nó faisnéis atá criptithe trí bhíthin réiteach criptithe nach bhfuil formheasta. Féadfar í a stóráil go sealadach lasmuigh de Limistéar Daingean ar choinníoll gur gheall an sealbhóir na bearta cúiteacha ábhartha dá bhforáiltear sa dara cuid de phointe 2 thuas a chomhlíonadh.

5. Dáileadh agus scaoileadh

Is é an sealbhóir atá freagrach as faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a láimhseáil agus a bhainistiú, lena n‑áirítear í a dháileadh.

Ní cheadaítear aon fhaisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a scaoileadh gan toiliú i scríbhinn roimh ré a bheith faighte ón gCoimisiún Eorpach.

6. Tarchur leictreonach

Módúlachtaí maidir le tarchur leictreonach fhaisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED laistigh de líonraí inmheánacha rialtais na Stát Aontaithe, déanfar iad a chomhaontú cás ar chás trí chomhairliúchán idir na Páirtithe.

7. Faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a iompar

Ag brath ar na modhanna atá ar fáil nó ar na himthosca ar leith, féadfar faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a iompar de láimh i bhfoirm doiciméad páipéir nó ar mheáin stórála inbhainte.

Féadfaidh níos mó ná píosa amháin d’fhaisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a bheith i gcoinsíneacht, ar choinníoll go n‑urramófar an prionsabal ‘ar bhonn riachtanais eolais’.

An pacáistiú a úsáidfear, áiritheofar leis go gcumhdófar an t‑ábhar sa chaoi go bhfuil sé as radharc. Iomprófar faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED i bpacáistíocht theimhneach, amhail clúdach, fillteán teimhneach nó mála cáipéisí. Ní bheidh aon chomhartha ar an taobh amuigh den phacáistiú lena dtabharfar cineál ná leibhéal aicmiúcháin a inneachair le fios. Má tá sé in úsáid, beidh RESTREINT UE/EU RESTRICTED marcáilte ar an tsraith inmheánach den phacáistiú. Luafar sa dá shraith ainm, teideal poist agus seoladh an fhaighteora bheartaithe, chomh maith le seoladh fillte i gcás nach féidir an pacáiste a sheachadadh.

Aon teagmhas slándála a bhaineann le faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED arna hiompar ag pearsanra údaraithe nó cúiréirí, tuairisceofar é lena imscrúdú ina dhiaidh sin d’Oifigeach Slándála Áitiúil GES agus d’Údarás na Stát Aontaithe um Shlándáil Bunáiteanna Lainseála.

Beidh nóta seolta ag gabháil le meáin stórála inbhainte a úsáidtear chun faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a iompar, agus sonrófar sa nóta na meáin stórála inbhainte ina bhfuil an fhaisnéis rúnaicmithe, chomh maith leis na comhaid uile atá iontu, chun ligean don fhaighteoir na fíoruithe is gá a dhéanamh.

Ní stórálfar ar na meáin ach na doiciméid a bhfuil gá leo. Mar shampla, níor mhór an fhaisnéis rúnaicmithe uile atá ar mhéaróg USB aonair a bheith beartaithe don fhaighteoir céanna. Cuirfidh an seoltóir san áireamh go bhféadfadh gá a bheith le leibhéal aicmiúcháin níos airde don ghaireas ina iomláine i gcás ina bhfuil méideanna móra faisnéise rúnaicmithe á stóráil ar an ngaireas sin.

Ní úsáidfear ach amháin meáin stórála inbhainte ar a bhfuil an mharcáil aicmiúcháin iomchuí chun faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a iompar. Má tá an fhaisnéis criptithe trí bhíthin réiteach formheasta, níl aon cheanglas ann na meáin inbhainte a mharcáil.

8. Atáirgeadh

Is é an láimhseálaí a dhéanfaidh faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a atáirgeadh, agus beidh an t‑atáirgeadh teoranta do dhianriachtanais oibríochtúla, ar choinníoll nach bhfuil aon caveat forchurtha ag an tionscnóir. Coinneoidh láimhseálaí an doiciméid taifead ar an dáileadh a rinne sé.

9. Faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a mhilleadh agus a scriosadh

Maidir le stiallairí, ní oireann chun doiciméid RESTREINT UE/EU RESTRICTED a scriosadh ach amháin stiallairí lena mbaineann Leibhéal 4 DIN 32757 agus Leibhéal 5 DIN 66399, nó a gcoibhéis. Féadfar an páipéir stiallta ó stiallairí formheasta a dhiúscairt mar ghnáthdhramhaíl oifige.

Déanfar gach meán agus gach gaireas ina bhfuil faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a dhíghalrú i gceart nuair a bheidh deireadh a shaolré sroichte aige. Déanfar na sonraí leictreonacha a mhilleadh nó a scriosadh ó acmhainní teicneolaíochta faisnéise agus ó na meáin stórála ghaolmhara ar bhealach lena dtabharfar dearbhú réasúnta nach féidir an fhaisnéis a aisghabháil. Aon sláintiú a dhéanfar, bainfidh sé na sonraí den ghléas stórála, mar aon le gach lipéad, marcáil agus loga gníomhaíochta.

10. Scaoileadh ó rúnaicmiú

Ní dhéanfar faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a scaoileadh ó rúnaicmiú gan cead ón gCoimisiún Eorpach.