An Bhruiséil,31.1.2024

COM(2024) 51 final

2024/0029(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí ó Phoblacht na Moldóive faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

•Forais agus cuspóirí an togra

I ngeall ar an gcogadh foghach gan chúis gan údar a chuir an Rúis ar an Úcráin ó bhí an 24 Feabhra 2022 ann, tá tionchar an‑diúltach i gcónaí ar chumas Phoblacht na Moldóive (‘an Mholdóiv’) trádáil a dhéanamh leis an gcuid eile den domhan. Bhí an Mholdóiv in ann cuid dá trádáil sheachtrach a atreorú i dtreo an Aontas nó tríd an Aontas a bhuí i bpáirt leis na bearta léirscaoilte trádála a chuir an tAontas i bhfeidhm ó mhí Iúil 2022. Ina theannta sin, tá ról tábhachtach an Moldóiv i bhfeidhmiú na Lánaí Dlúthpháirtíochta idir an tAontas agus an Úcráin trí iompar allmhairí agus onnmhairí na hÚcráine tríd a críoch a éascú, lena n‑áirítear, cuir i gcás, trí chur i bhfeidhm an Chomhaontuithe idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin |maidir le hiompar lasta de bhóthar 1 .

Rialachán (AE) 2023/1524 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Iúil 2023 2 maidir le bearta léirscaoilte trádála sealadacha lena bhforlíontar lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí ón Moldóiv faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus Poblacht na Moldóive (‘an Comhaontú Comhlachais’) lena mbunaítear limistéar saorthrádála domhain cuimsitheach (DCFTA), tháinig sé i bhfeidhm an 25 Iúil 2023 agus beidh sé i bhfeidhm go dtí an 24 Iúil 2024. Mar gheall ar na bearta sin tá solúbthacht agus cinnteacht ag táirgeoirí na Moldóive, tá caidreamh trádála níos doimhne ag an Moldóiv leis an Aontas agus tacaíodh lena geilleagar dá bharr.

Mar sin féin, tá cúrsaí fós thar a bheith dúshlánach agus d’iarr an Mholdóiv ar an Aontas na coinníollacha atá ann faoi láthair a choinneáil ar bun ionas gur féidir léi leanúint lena trádáil leis an Aontas agus leis an gcuid eile den domhan tríd an Aontas.

I bhfianaise chogadh foghach gan stad na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus an tionchair leanúnaigh ar an Moldóiv, agus ós rud é gur deonaíodh don Mholdóiv stádas mar iarrthóir ar bhallraíocht AE i mí an Mheithimh 2022 agus gur cuireadh tús leis an gCaibidlíocht Aontachais i mí na Nollag 2023, tá an Coimisiún ag moladh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena ndéanfar na bearta léirscaoilte trádála sin a athnuachan ar feadh tréimhse bliana ón dáta a rachaidh na bearta reatha in éag (i.e. ón 25 Iúil 2024). Ba cheart na bearta a bheith i bhfoirm fionraí shealadaigh ar na taraifí uile atá fós le híoc faoi Theideal V den Chomhaontú Comhlachais. Baineann sé sin le torthaí agus glasraí atá faoi réir chóras an phraghais iontrála agus seacht dtáirge talmhaíochta atá faoi réir taraif-chuótaí (trátaí, gairleog, fíonchaora boird, úlla, silíní, plumaí agus sú fíonchaor).

Áiritheoidh na bearta sealadacha agus eisceachtúla sin go mbeidh na sreabha trádála atá ann cheana ón Moldóiv go dtí an tAontas in ann leanúint ar aghaidh, rud a thacóidh le geilleagar na Moldóive. Tá sé sin i gcomhréir le príomhchuspóir de chuid an Chomhaontaithe Comhlachais, is é sin coinníollacha a bhunú do chaidreamh feabhsaithe eacnamaíoch agus trádála as a dtiocfaidh comhtháthú na Moldóive de réir a chéile i margadh inmheánach an Aontais agus rannchuidiú le neartú an daonlathais agus le cobhsaíocht pholaitiúil, eacnamaíoch agus institiúideach sa Mholdóiv.

Na bearta léirscaoilte trádála a leagtar amach sa togra seo le haghaidh Rialacháin, tá siad i gcomhréir le hAirteagal 2 den Chomhaontú Comhlachais atá tiomanta do phrionsabail dhaonlathacha, cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a urramú chomh maith le cur i gcoinne leathadh na n‑arm ollscriosta, ábhair ghaolmhara agus modhanna seachadta na n‑arm sin. Sa bhreis air sin, faoin Airteagal céanna, léiríonn na Páirtithe tiomantas go háirithe d’urraim a thabhairt don smacht reachta agus don dea-rialachas, an comhrac i gcoinne an éillithe, i gcoinne gníomhaíochtaí coiriúla, iad eagraithe nó gan a bheith eagraithe, lena n‑áirítear iad siúd de chineál trasnáisiúnta, agus i gcoinne na sceimhlitheoireachta, agus do phrionsabail na forbartha inbhuanaithe agus an iltaobhachais éifeachtaigh. Mar réamhriachtanas ní mór na bearta léirscaoilte trádála féin urraim a thabhairt do na heilimintí riachtanacha agus na prionsabail ghinearálta sin.

Ina theannta sin, tá sé d’aidhm ag na bearta léirscaoilte trádála a leagtar amach sa togra seo a áirithiú, i gcomhréir le hAirteagal 207(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), go seolfar comhbheartas tráchtála an Aontais i gcomhréir le prionsabail agus cuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).

De réir an togra, beidh feidhm ag togra coimirce atá bunaithe ar fhaireachán tráthrialta, trínar féidir aon bheart a bhfuil gá leis a fhorchur.

•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá na bearta léirscaoilte trádála sin comhsheasmhach leis an gComhaontú Comhlachais agus go háirithe le Teideal V lena mbunaítear DCFTA, rud lena bhforáiltear go mbunóidh na Páirtithe limistéar saorthrádála de réir a chéile thar idirthréimhse nach mó ná 10 mbliana ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin (Airteagal 143 den Chomhaontú).

Ina theannta sin, le Rialachán (AE) 2023/1524 léiríodh tiomantas láidir an Aontais tacaíocht eacnamaíoch a thabhairt don Mholdóiv trí bhíthin trádáil idirnáisiúnta i gcomhthéacs cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Is forbairt loighciúil ar an mbeartas sin a bheadh in athnuachan na mbeart léirscaoilte trádála.

•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Cháin an tAontas Eorpach go láidir fogha na Rúise faoin Úcráin agus tá céimeanna suntasacha glactha aige chun tacú leis an Moldóiv sa chomhthéacs eisceachtúil seo, lena n‑áirítear tacaíocht bhreise dhaonnúil agus teorann a thabhairt, cúnamh macra-airgeadais agus bearta chun trádáil a éascú san am dúshlánach seo. Ina theannta sin, tugadh stádas mar iarrthóir ar bhallraíocht AE don Mholdóiv i mí an Mheithimh 2022 agus cuireadh tús leis an gCaibidlíocht Aontachais i mí na Nollag 2023. Dá bhrí sin, chomhlíonfadh an Rialachán atá beartaithe oibleagáid an Aontais faoi Airteagal 21(3) CAE chun comhsheasmhacht a áirithiú idir réimsí éagsúla a ghníomhaíochta seachtraí, mar aon le hAirteagal 207(1) CFAE lena bhforáiltear go ndéanfar an comhbheartas tráchtála i gcomhréir le prionsabal agus cuspóirí ghníomhaíochtaí seachtracha an Aontais.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

•Bunús dlí

Is é Airteagal 207(2) CFAE an bunús dlí don togra.

•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Sainítear an comhbheartas tráchtála mar inniúlacht eisiach de chuid an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 3(1)(e) CFAE. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.

•Comhréireacht

Tá an togra seo riachtanach chun an comhbheartas tráchtála a chur chun feidhme agus chun tacaíocht eacnamaíoch a thabhairt don Mholdóiv faoi na deacrachtaí atá aici faoi láthair, i réimse na trádála leis an Aontas freisin.

•An rogha ionstraime

Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 207(2) CFAE agus tagann sé faoi chomhbheartas tráchtála an Aontais.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach.

•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Neamhbhainteach.

•Bailiú agus úsáid saineolais

Neamhbhainteach.

•Measúnú tionchair

Chun a áirithiú go leanfar de na bearta léirscaoilte trádála le haghaidh na Moldóive tar éis dhul in éag Rialachán (AE) 2023/1524 an 24 Iúil 2024, tá sé tábhachtach go dtiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm an 25 Iúil 2024. I bhfianaise an ghá sin agus na práinne a bhaineann leis an togra seo dá bharr, ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair ar an mbeart atá faoi chaibidil. Mar sin féin, bhí forálacha trádála agus forálacha maidir le cúrsaí trádála sa Chomhaontú Comhlachais faoi réir measúnú tionchair inbhuanaitheachta a choimisiúnaigh Ard‑Stiúrthóireacht na Trádála agus a eisíodh in 2012, agus cuireadh an measúnú sin san áireamh sa phróiseas caibidlíochta DCFTA. Deimhníodh sa staidéar sin gur dea-thionchar eacnamaíoch an tionchar a d’imreofaí ar an Aontas Eorpach agus ar an Moldóiv araon ach na forálacha sin maidir le trádáil agus cúrsaí trádála a chur chun feidhme.

Ina theannta sin, tá faireachán agus tuairisciú tráthrialta á ndéanamh ar shreabha allmhairí faoi Rialachán (AE) 2023/1524, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán. Níor léirigh an faireachán fianaise prima facie gur ann d’éifeachtaí díobhálacha ar Mhargadh an Aontais.

•Oiriúnacht rialála agus simpliú

Ní chuireann an beart seo le hualach rialála cuideachtaí.

•Cearta bunúsacha

Chomhlíonfadh na bearta sin na bunphrionsabail a chumhdaítear sa Chomhaontú Comhlachais. Go háirithe, thabharfaí urraim do phrionsabail dhaonlathacha, do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha (Airteagal 2 den Chomhaontú Comhlachais).

Bheadh na bearta i gcomhréir freisin leis an gCairt Eorpach um Chearta Bunúsacha.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

De réir meastachán atá bunaithe ar allmhairí táirgí na Moldóive lena mbaineann in 2021, an bhliain dheireanach sular tugadh isteach bearta trádála uathrialacha, caillfidh an tAontas ioncam custaim ar fiú EUR 0.3 milliún in aghaidh na bliana. Dá bhrí sin, is beag tionchar a bheidh aige sin ar acmhainní dílse an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Tá tuairisc ar líne ar éabhlóid na trádála déthaobhaí idir an tAontas agus an Mholdóiv le fáil ar leathanaigh ghréasáin atá ag an gCoimisiún Eorpach chuige sin (europa.com). Déanfar faireachán tráthrialta ar thionchar an Rialacháin ar bhonn démhíosúil, agus aird á tabhairt ar an bhfaisnéis faoi onnmhairí, allmhairí, praghsanna ar mhargadh an Aontais agus táirgeacht an Aontais i gcás na dtáirgí atá faoi réir na mbeart léirscaoilte trádála.

•Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Neamhbhainteach.

•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

I bhfianaise na staide géarchéime sa Mholdóiv mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, is é is aidhm don Rialachán na sreafaí trádála do na hallmhairí uile ón Moldóiv a mhéadú trí na taraifí uile atá fós le híoc agus na dleachtanna allmhairiúcháin uile a chuirtear i bhfeidhm ar tháirgí na Moldóive a chur ar fionraí. Dheonófaí na bearta léirscaoilte trádála i bhfoirm fionraí iomlán a chur ar dhleachtanna allmhairiúcháin ar gach táirge.

2024/0029 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí ó Phoblacht na Moldóive faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach 3 ,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tá an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive den pháirt eile, (an ‘Comhaontú Comhlachais’) 4 , ina bhonn leis an ngaol idir an tAontas agus Poblacht na Moldóive. I gcomhréir le Cinneadh 2014/492/AE ón gComhairle 5 , ón 1 Meán Fómhair 2014, bhí feidhm shealadach ag Teideal V den Chomhaontú Comhlachais, ar teideal é a bhaineann le trádáil agus le cúrsaí trádála, agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 2016 tar éis do na Ballstáit uile é a dhaingniú.

(2)Cuirtear in iúl sa Chomhaontú Comhlachais gur mian leis na Páirtithe sa Chomhaontú Comhlachais (na ‘Páirtithe’) an caidreamh a neartú agus a leathnú ar bhealach uaillmhianach agus nuálach, comhtháthú eacnamaíoch a éascú agus a bhaint amach de réir a chéile, agus é sin a dhéanamh i gcomhréir leis na cearta agus leis na hoibleagáidí is toradh ar bhallraíocht na bPáirtithe san Eagraíocht Dhomhanda Trádála.

(3)Foráiltear le hAirteagal 143 den Chomhaontú Comhlachais go mbunófar limistéar saorthrádála de réir a chéile idir na Páirtithe i gcomhréir le hAirteagal XXIV den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil 1994 (‘GATT 1994’). Chuige sin, foráiltear le hAirteagal 147 den Chomhaontú Comhlachais go gcuirfear deireadh de réir a chéile le dleachtanna custaim i gcomhréir leis na Sceidil a áirítear in Iarscríbhinn XV a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais agus an fhéidearthacht atá ann dlús a chur le raon feidhme an díothaithe sin agus é a leathnú.

(4)I ngeall ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ó bhí an 24 Feabhra 2022 ann, cogadh gan chúis gan údar, bhí tionchar thar a bheith diúltach ar chumas Phoblacht na Moldóive trádáil a dhéanamh leis an gcuid eile den domhan, go háirithe toisc go raibh onnmhairí na Moldóive ag brath ar idirthuras trí chríoch na hÚcráine agus ar bhonneagar na hÚcráine, rudaí nach bhfuil fáil orthu den chuid is mó anois. I bhfianaise imthosca criticiúla den sórt sin agus chun na drochéifeachtaí ar gheilleagar Phoblacht na Moldóive de bharr chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a mhaolú, is gá luas a chur le forbairt caidrimh eacnamaíoch níos dlúithe idir an tAontas agus Poblacht na Moldóive agus tacaíocht leanúnach a thabhairt do gheilleagar Phoblacht na Moldóive. Is gá agus is iomchuí, dá bhrí sin, leanúint de na sreabha trádála a spreagadh agus lamháltais a dheonú i bhfoirm beart léirscaoilte trádála le haghaidh gach táirge i gcomhréir le luasghéarú i ndáil le deireadh a chur le dleachtanna custaim ar thrádáil idir an tAontas agus Poblacht na Moldóive.

(5)I gcomhréir le hAirteagal 21(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), tá an tAontas le comhchuibheas idir réimsí éagsúla dá ghníomhaíocht sheachtrach a áirithiú. De bhun Airteagal 207(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá an comhbheartas tráchtála le stiúradh i gcomhthéacs phrionsabail agus chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais.

(6)Rachaidh Rialachán (AE) Uimh. 2023/1524 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6 in éag an 24 Iúil 2024.

(7)Ba cheart gur mar seo a leanas a bheadh na bearta léirscaoilte trádála a bhunaítear leis an Rialachán seo: (i) cur i bhfeidhm chóras an phraghais iontrála maidir le torthaí agus glasraí a chur ar fionraí; agus (ii) na taraif-chuótaí agus dleachtanna allmhairiúcháin uile a chur ar fionraí. Trí na bearta sin, déanfaidh an tAontas an comhtháthú eacnamaíoch idir Poblacht na Moldóive agus an tAontas a dhoimhniú agus tabharfaidh an tAontas tacaíocht eacnamaíoch iomchuí a rachaidh chun tairbhe do Phoblacht na Moldóive agus do na hoibreoirí eacnamaíocha atá buailte i ngeall ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

(8)Chun calaois a chosc, ba cheart teideal chun leas a bhaint as na bearta trádála a bhunaítear leis an Rialachán seo a bhaint go hiomlán a bheith faoi réir na coinníollacha ábhartha uile chun sochair a fháil faoin gcomhaontú comhlachais a bheith comhlíonta ag Poblacht na Moldóive, lena n‑áirítear na rialacha maidir le tionscnamh na dtáirgí ábhartha agus na nósanna imeachta a bhaineann leis sin, agus faoi réir Phoblacht na Moldóive a bheith ag obair i ndlúthchomhar riaracháin leis an Aontas, lena bhforlíontar sa Chomhaontú Comhlachais.

(9)Ba cheart do Phoblacht na Moldóive staonadh ó aon dleacht nó muirear nua a mbeadh a choibhéis d’éifeacht acu nó ó aon srian cainníochtúil nó beart nua a mbeadh a choibhéis d’éifeacht acu a thabhairt isteach i gcás allmhairí de thionscnamh an Aontais, sin nó ó mhéadú a dhéanamh ar dhleachtanna nó muirir atá ann cheana agus ó shrian d’aon saghas eile a thabhairt isteach, ach amháin má tá údar soiléir leis i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. I gcás nach gcomhlíonann Poblacht na Moldóive aon cheann de na coinníollacha sin, ba cheart a chumhachtú don Choimisiún na bearta trádála uile a bunaíodh leis an Rialachán seo, nó cuid díobh, a chur ar fionraí ar bhonn sealadach.

(10)Foráiltear le hAirteagal 2 den Chomhaontú Comhlachais gur bunghnéithe den Chomhaontú Comhlachais, i measc nithe eile, prionsabail an daonlathais, cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a urramú chomh maith le cur i gcoinne leathadh na n‑arm ollscriosta, ábhair ghaolmhara agus modhanna seachadta na n‑arm sin. Faoin Airteagal céanna, léiríonn na Páirtithe tiomantas go háirithe do na prionsabail ghinearálta seo a leanas: urraim do phrionsabail an smachta reachta agus an dea-rialachais, an comhrac i gcoinne an éillithe, i gcoinne gníomhaíochtaí coiriúla, iad eagraithe nó gan a bheith eagraithe, lena n‑áirítear iad siúd de chineál trasnáisiúnta, agus i gcoinne na sceimhlitheoireachta, agus an urraim do phrionsabail na forbartha inbhuanaithe agus an iltaobhachais éifeachtaigh. Is iomchuí an fhéidearthacht a thabhairt isteach na bearta léirscaoilte trádála dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur ar fionraí go sealadach mura n‑urramóidh Poblacht na Moldóive na bunghnéithe sin ná na prionsabail ghinearálta sin a luaitear thuas.

(11)Faoi réir measúnú ón gCoimisiún a dhéantar i gcomhthéacs an fhaireacháin thráthrialta ar thionchar an Rialacháin seo agus a sheoltar tar éis iarraidh chuí‑réasúnaithe a fháil ó Bhallstát nó ar thionscnamh an Choimisiúin féin, is gá foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht aon bheart is gá a ghlacadh i leith allmhairí aon táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a dhéanann dochar do mhargadh an Aontais nó do mhargadh Ballstáit amháin nó níos mó le haghaidh táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leo.

(12)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na bearta léirscaoilte trádála dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur ar fionraí go sealadach mura gcomhlíontar na coinníollacha maidir le teidlíocht i leith na socruithe fabhracha sin a thuilleadh agus chun coimircí a thabhairt isteach i gcásanna ina ndéanann allmhairí faoin Rialachán seo dochar do mhargadh an Aontais nó do mhargadh Ballstáit amháin nó níos mó le haghaidh táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leo. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 7 . Ba cheart an nós imeachta comhairliúcháin a úsáid maidir le bearta coimirce sealadacha a ghlacadh i bhfianaise éifeachtaí agus chineál na mbeart sin agus a loighce seicheamhaí i ndáil le glacadh na mbeart cosanta cinntitheach.

(13)Ba cheart measúnú mionsonraithe ar chur chun feidhme na mbeart léirscaoilte trádála a bhunaítear leis an Rialachán seo a chuimsiú sa tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún ar chur chun feidhme an Limistéir Saorthrádála Dhomhain Chuimsithigh, rud atá ina dhlúthchuid den Chomhaontú Comhlachais.

(14)I bhfianaise na práinne atá leis an ábhar a bhaineann leis an staid arb é cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine is cúis leis, meastar gurb iomchuí an eisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal le CAE, le CFAE agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, a agairt.

(15)I bhfianaise na staide eacnamaíche i bPoblacht na Moldóive agus dhul in éag Rialachán (AE) 2023/1524 an 24 Iúil 2024, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an 25 Iúil 2024,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bearta léirscaoilte trádála

Tugtar isteach na bearta léirscaoilte trádála seo a leanas:

(a)na taraif-chuótaí uile a bunaíodh faoi Iarscríbhinn XV-A a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais, déanfar iad a chur ar fionraí agus ceadófar allmhairiú na dtáirgí a chumhdaítear faoi na cuótaí sin isteach san Aontas ó Phoblacht na Moldóive gan aon dleacht chustaim;

(b)déanfar cur i bhfeidhm chóras an phraghais iontrála a chur ar fionraí le haghaidh na dtáirgí sin a bhfuil feidhm aige maidir leo mar a shonraítear in Iarscríbhinn XV-B a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais; ní bheidh feidhm ag aon dleacht chustaim maidir le hallmhairí na dtáirgí sin.

Airteagal 2

Coinníollacha chun bheith i dteideal na mbeart léirscaoilte trádála

Na bearta léirscaoilte trádála dá bhforáiltear in Airteagal 1, beidh siad faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)comhlíonadh rialacha tionscnaimh na dtáirgí agus na nósanna imeachta a bhaineann leo ag Poblacht na Moldóive, dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhlachais;

(b)staonadh Phoblacht na Moldóive ó aon dleacht nó muirear nua a mbeadh a choibhéis d’éifeacht acu nó ó aon srian cainníochtúil nó beart nua a mbeadh a choibhéis d’éifeacht acu a thabhairt isteach i gcás allmhairí de thionscnamh an Aontais, ó mhéadú a dhéanamh ar dhleachtanna nó muirir atá ann cheana agus ó shrian d’aon saghas eile a thabhairt isteach, lena n‑áirítear bearta riaracháin inmheánacha atá idirdhealaitheach, ach amháin má tá údar soiléir leis i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; agus

(c)urraim a bheith á léiriú ag Poblacht na Moldóive do phrionsabail dhaonlathacha, cearta an duine agus saoirsí bunúsacha mar aon le cur i gcoinne leathadh na n‑arm ollscriosta, na n‑ábhar a bhaineann leo agus na modhanna a úsáidtear chun iad a seachadadh, urraim do phrionsabail an smacht reachta agus dea-rialachais, an comhrac in gcoinne an éillithe, i gcoinne gníomhaíochtaí coiriúla, iad eagraithe nó gan a bheith eagraithe, lena n‑áirítear iad siúd de chineál trasnáisiúnta agus i gcoinne na sceimhlitheoireachta, agus urraim do phrionsabail na forbartha inbhuanaithe agus an iltaobhachais éifeachtaigh dá bhforáiltear in Airteagail 2, 9 agus 16 den Chomhaontú Comhlachais.

Airteagal 3

Bearta a chur ar fionraí go sealadach

1.I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún gur leor an fhianaise atá ann nár chomhlíon Poblacht na Moldóive na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, na bearta léirscaoilte go léir dá bhforáiltear sa Rialachán seo, nó cuid díobh, a chur ar fionraí. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3).

2.I gcás ina n‑iarrfaidh Ballstát ar an gCoimisiún aon cheann de na bearta léirscaoilte trádála dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur ar fionraí ar an mbonn nár chomhlíon Poblacht na Moldóive na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2, pointe (b), cuirfidh an Coimisiún tuairim réasúnaithe ar fáil laistigh de 4 mhí ó rinneadh an iarraidh i dtaobh an raibh bunús leis an maíomh nár chomhlíon Poblacht na Moldóive na coinníollacha. Má chinneann an Coimisiún go bhfuil bunús leis an maíomh, cuirfidh sé tús leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 4

Bearta coimirce

1.I gcás ina ndéanfar táirge a chumhdaítear le hAirteagal 1 de thionscnamh Phoblacht na Moldóive a allmhairiú faoi choinníollacha a dhéanann dochar do mhargadh an Aontais nó do mhargadh Ballstáit amháin nó níos mó le haghaidh táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leo, féadfaidh an Coimisiún aon bheart is gá leis a fhorchur trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3).

Féadfar na bearta sin a fhorchur a fhad is gá chun cur in aghaidh na n‑éifeachtaí díobhálacha ar mhargadh an Aontais nó ar mhargadh Ballstáit amháin nó níos mó le haghaidh táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach.

2.Déanfaidh an Coimisiún faireachán tráthrialta ar thionchar an Rialacháin seo, agus an fhaisnéis faoi onnmhairí, allmhairí, praghsanna ar mhargadh an Aontais nó ar mhargadh Ballstáit amháin nó níos mó, agus táirgeacht an Aontais i gcás na dtáirgí atá faoi réir na mbeart léirscaoilte trádála á gcur san áireamh, faoi Airteagal 1, pointe (a).

Cuirfidh an Coimisiún torthaí an fhaireacháin thráthrialta in iúl do na Ballstáit gach 2 mhí, ag tosú ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3.Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar staid mhargadh an Aontais nó margaidh Ballstáit amháin nó níos mó le haghaidh táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach ar mhaithe le bearta a fhorchur i gcomhréir le mír 1. Seolfar an measúnú sin:

(a)ar iarraidh chuí‑réasúnaithe ó Bhallstát lena n‑áirítear fianaise leordhóthanach prima facie atá ar fáil go réasúnta don Bhallstát sin de bhun mhír 4 maidir le hallmhairí a dhéanann dochar don mhargadh dá dtagraítear i mír 1, nó

(b)ar a thionscnamh féin, tar éis don Choimisiún teacht ar an tuiscint gur dealraitheach go bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann go ndéanann allmhairí dochar don mhargadh dá dtagraítear i mír 1.

Cuirfear an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcrích laistigh de 4 mhí óna seoladh.

4.Agus an measúnú á dhéanamh aige de bhun mhír 3, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na forbairtí ábhartha uile sa mhargadh lena n‑áirítear tionchar na n‑allmhairí lena mbaineann ar staid mhargadh an Aontais nó margaidh Ballstáit amháin nó níos mó le haghaidh táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leo. Áireofar sa mheasúnú sin tosca amhail:

(a)ráta agus méid an mhéadaithe ar allmhairí an táirge lena mbaineann ó Phoblacht na Moldóive i ndearbhthéarmaí agus i dtéarmaí coibhneasta,

(b)éifeacht na n‑allmhairí lena mbaineann ar tháirgeacht agus ar phraghsanna san Aontas nó i mBallstáit amháin nó níos mó, agus forbairt na n‑allmhairí ó fhoinsí eile á cur san áireamh an tráth céanna.

Ní liosta uileghabhálach é an liosta seo agus féadfar tosca ábhartha eile a chur san áireamh freisin.

5.In imthosca criticiúla, ina mbeadh moill ina cúis le díobháil a bheadh deacair a leigheas, féadfaidh an Coimisiún aon bheart is gá a fhorchur go sealadach trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Ní fhéadfar bearta den sórt sin a fhorchur ach amháin ar iarraidh chuí‑réasúnaithe ó Bhallstát de bhun mhír 3(a) den Airteagal seo agus glacfar iad laistigh de 21 lá tar éis an iarraidh a fháil. Déanfar an gníomh cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 5(4). Ní mhairfidh beart coimirce sealadach níos faide ná 120 lá.

6.I gcás ina measfaidh an Coimisiún, de thoradh an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 3, go ndearnadh díobháil do mhargadh an Aontais nó do mhargadh Ballstáit amháin nó níos mó le haghaidh táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach agus ina bhfuil sé beartaithe aige beart cinntitheach a fhorchur de bhun mhír 1, foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina bhfógrófar go dtabharfar isteach na bearta sin. Tabharfar achoimre san fhógra ar phríomhthorthaí an mheasúnaithe agus sonrófar ann an tréimhse ar lena linn a fhéadfaidh páirtithe leasmhara a dtuairimí a chur isteach i scríbhinn. Ní rachaidh an tréimhse sin thar 10 mí ó dháta foilsithe an fhógra.

7.Má fhorchuireann an Coimisiún beart de bhun mhír 1 nó 5 lena dtugtar isteach an athuair taraif-chuóta arna fhorchur ar fionraí le hAirteagal 1, pointe (a), cuirfear san áireamh i mbainistiú an taraif-chuóta sin an chainníocht a allmhairítear le linn na bliana féilire ina bhforchuireann an Coimisiún an beart sin.

Airteagal 5

Nós imeachta coiste

1.Déanfaidh an Coiste um Chód Custaim, a bunaíodh le hAirteagal 285(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 8 cúnamh a thabhairt don Choimisiún i ndáil le hAirteagal 3(1) den Rialachán seo. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.Déanfaidh an Coiste um Choimircí, a bunaíodh le hAirteagal 3 de(1) Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle cúnamh a thabhairt don Choimisiún i ndáil le hAirteagal 4(1) den Rialachán sin. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 6

Measúnú ar chur chun feidhme na mbeart léirscaoilte trádála

Beidh measúnú mionsonraithe ar chur chun feidhme na mbeart léirscaoilte trádála dá bhforáiltear sa Rialachán seo sa tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an Limistéir Saorthrádála Dhomhain Chuimsithigh agus beidh ann, a mhéid is iomchuí, measúnú ar an tionchar sóisialta a bheidh ag na bearta sin i bPoblacht na Moldóive agus san Aontas. Cuirfear faisnéis faoi allmhairiú na dtáirgí faoi Airteagal 1, pointe (a), ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin agus déanfar í a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn míosúil.

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm agus feidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 25 Iúil 2024.

Beidh feidhm aige go dtí an 24 Iúil 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH LE hAGHAIDH TOGRAÍ A BHFUIL IMPLEACHT BHUISÉADACH ACU ATÁ TEORANTA GO hEISIACH DON IONCAM

1.AINM AN TOGRA:

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta léirscaoilte trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na Moldóive faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Mholdóiv, den pháirt eile.

2.LÍNTE BUISÉID:

Caibidil 12, Airteagal 120

An méid arna bhuiséadú le haghaidh na bliana 2024: EUR 24 620 400 000

3.TIONCHAR AIRGEADAIS

◻    Ní bheidh aon impleacht airgeadais ag an togra

X    Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar chaiteachas ach beidh tionchar airgeadais aige ar ioncam – is mar seo a leanas a bheidh an éifeacht:

Líne bhuiséid

Ioncam 

Tréimhse ama: cuid de 2024 - cuid de 2025*

(EUR milliúin go dtí an chéad ionad deachúlach)

Airteagal 120 Caibidil 12 9

Tionchar ar acmhainní dílse

0.3

Iomlán

Tréimhse bliana ó tháinig an Rialachán i bhfeidhm

Tá na ríomhanna bunaithe ar méideanna allmhairiúcháin de na táirgí ó 2021 a chumhdaítear leis an Rialachán atá beartaithe de bhreis ar an gcuóta bliantúil saor ó dhleacht. Ba é 2021 an bhliain dheireanach sular tugadh isteach bearta trádála uathrialacha.

Ar bhonn na ríomhanna thuas meastar caillteanas ioncaim acmhainní dílse traidisiúnta ón Rialachán molta a bheith cothrom le EUR 0.366 milliún (ollmhéid, lena n‑áirítear costais bhailiúcháin) x 0,75 = EUR 0.274 milliún don tréimhse atá i gceist.

4.BEARTA FRITHCHALAOISE

Chun calaois a chosc, an teideal chun leas a bhaint as na bearta trádála a bhunaítear leis an Rialachán seo atá beartaithe, ba cheart é a bheith faoi réir na gcoinníollacha ábhartha uile chun sochair a fháil faoin gComhaontú Comhlachais a bheith comhlíonta ag an Moldóiv, lena n‑áirítear na rialacha maidir le tionscnamh na dtáirgí ábhartha agus na nósanna imeachta a bhaineann leis sin, agus faoi réir an Mholdóiv a bheith ag obair i ndlúthchomhar riaracháin leis an Aontas, lena bhforlíontar sa Chomhaontú Comhlachais.

(1)    Féach Cinneadh (AE) 2022/1165 ón gComhairle an 27 Meitheamh 2022 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar (IO L 181, 7.7.2022, lgh. 1–3) agus Cinneadh (AE) 2022/2417 ón gComhairle an 5 Nollaig 2022 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive maidir le hiompar lasta de bhóthar (IO L 318, 12.12.2022, lgh. 1–3) mar aon le Cinneadh Uimh. 2/2022 ón gComhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive maidir le hiompar lasta de bhóthar an 15 Nollaig 2022 i dtaca le leanúint leis an gComhaontú.(IO L 79, 17.3.2023).
(2)    Rialachán (AE) 2023/1524 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Iúil 2023 maidir le bearta léirscaoilte trádála sealadacha lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí ó Phoblacht na Moldóive faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Mholdóiv, den pháirt eile (IO L 185, 24.7.2023, lch. 1).
(3)    Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an ... (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an ….
(4)    IO L 260, 30.8.2014, lch. 4.
(5)    Cinneadh 2014/492/AE ón gComhairle an 16 Meitheamh 2014 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile ( IO L 260, 30.8.2014, lch. 1 ).
(6)    Rialachán (AE) 2023/1524 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Iúil 2023 maidir le bearta léirscaoilte trádála sealadacha lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí ó Phoblacht na Moldóive faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Mholdóiv, den pháirt eile (IO L 185, 24.7.2023, lch. 1).
(7)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(8)    Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais ( IO L 269, 10.10.2013, lch. 1 ).
(9)    Maidir le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh shiúcra, dleachtanna custaim), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. ollmhéideanna tar éis 25 % de na costais bhailiúcháin a bhaint astu.