An Bhruiséil,2.2.2024

COM(2024) 46 final

2024/0025(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE i ndáil le leasú ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse

(EDIRPA)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhchoiste LEE i dtaca leis an gCinneadh ón gComhchoiste atá beartaithe a ghlacadh a bhaineann le leasú ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse

2.Comhthéacs an togra

1.1.Comhaontú LEE

Leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’) ráthaítear cearta agus oibleagáidí comhionanna laistigh den Mhargadh Inmheánach le haghaidh saoránaigh agus oibreoirí eacnamaíocha in LEE. Déantar foráil ann maidir le cuimsiú reachtaíochta de chuid an Aontais lena gcumhdaítear na ceithre shaoirse ar fud 30 Stát LEE, mar atá Ballstáit an Aontais, an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin. Ina theannta sin, cumhdaítear le Comhaontú LEE comhar i réimsí tábhachtacha eile amhail taighde agus forbairt, oideachas, beartas sóisialta, an comhshaol, cosaint tomhaltóirí, turasóireacht agus cultúr, réimsí a dtugtar beartais ‘tionlacain agus chothrománacha’ orthu i dteannta a chéile. Tháinig Comhaontú LEE i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994. Is páirtí i gComhaontú LEE é an tAontas in éineacht lena Bhallstáit.

1.2.Comhchoiste LEE

Tá Comhchoiste LEE freagrach as Comhaontú LEE a bhainistiú. Is fóram é chun tuairimí a bhaineann le feidhmiú Chomhaontú LEE a mhalartú. Is de chomhthoil a dhéanann sé a chuid cinntí agus bíonn siad ina gceangal ar na Páirtithe. Is í Ardrúnaíocht an Choimisiúin Eorpaigh atá freagrach as ábhar a bhaineann le LEE a chomhordú ar thaobh an Aontais. 

1.3. An gníomh atá beartaithe ag Comhchoiste LEE

Táthar ag súil go nglacfaidh Comhchoiste LEE an Cinneadh ó Chomhchoiste LEE (‘an gníomh atá beartaithe’) maidir le leasú ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse.

Is é is cuspóir don ghníomh atá beartaithe comhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE a leathnú chun Rialachán (AE) 2023/2418 maidir le hionstraim a bhunú chun tionscal cosanta na hEorpa a atreisiú trí sholáthar comhoibríoch (EDIRPA) 1 a chumhdach.

Díolmhófar an Íoslainn agus Lichtinstéin ó bheith rannpháirteach san Ionstraim seo agus ón ranníocaíocht airgeadais a bhaineann leis.

Is léiriú é an gníomh atá beartaithe ar an dlúthchomhar idir an Iorua agus an tAontas Eorpach sa staid gheopholaitiúil atá ann faoi láthair.

I gcomhréir le beartas buiséadach an Aontais, ní féidir a bheith rannpháirteach in aon chor i ngníomhaíocht de chuid an Aontais go dtí go n‑íocfar an ranníocaíocht airgeadais chomhfhreagrach. Is féidir an ranníocaíocht a dhéanamh, áfach, tar éis ghlacadh an dréacht‑Chinnidh ón gComhairle agus tar éis glao an Aontais ar chistí, arna bhunú ag an gCoimisiún Eorpach, a chur faoi bhráid Stáit CSTE LEE.

Dá bhrí sin, chun an bhearna a líonadh le haghaidh na tréimhse idir an 27 Deireadh Fómhair 2023 agus an t‑am a gheofar an ranníocaíocht thuasluaite, ba cheart feidhm aisghníomhach a bheith ag an ngníomh atá beartaithe ón 27 Deireadh Fómhair 2023 ar aghaidh. Ní dhéanann an éifeacht aisghníomhach sin difear do chearta ná d’oibleagáidí na ndaoine lena mbaineann, agus déantar prionsabal an ionchais dhlisteanaigh a urramú.

Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar na páirtithe i gcomhréir le hAirteagail 103 agus 104 de Chomhaontú LEE.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Cuireann an Coimisiún an dréacht‑Chinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis seo faoi bhráid na Comhairle lena ghlacadh mar sheasamh an Aontais. Nuair a bheidh an seasamh glactha, ba cheart é a chur i láthair a luaithe is féidir i gComhchoiste LEE.

Leis an Dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis seo, tugtar isteach cearta rannpháirtíochta do Stáit LEE CSTE sna gníomhaíochtaí atá mar thoradh ar Rialachán (AE) 2023/2418 maidir le hionstraim a bhunú chun tionscal cosanta na hEorpa a atreisiú trí sholáthar comhoibríoch (EDIRPA), rud a théann thar na nithe a bhféadfaí a mheas nach bhfuil iontu ach oiriúnuithe teicniúla de réir bhrí Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle 2 . Dá bhrí sin, is í an Chomhairle a bhunóidh seasamh an Aontais.

Ba cheart do Stáit CSTE LEE ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh freisin i leith na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear thuas. Díolmhófar an Íoslainn agus Lichtinstéin ó bheith rannpháirteach san Ionstraim seo agus ón ranníocaíocht airgeadais a bhaineann leis.

4.Bunús dlí

1.4.Bunús dlí nós imeachta

1.4.1.Prionsabail

Le hAirteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunófar ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a fhéadfaidh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh 3 .

1.4.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Comhlacht is ea Comhchoiste LEE a cuireadh ar bun le comhaontú, is é sin Comhaontú LEE. An gníomh a iarrtar ar an gComhchoiste LEE a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an gníomh atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagail 103 agus 104 de Chomhaontú LEE.

Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Chomhaontaithe. Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE i gcomhar le hAirteagal 1(3) de Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle an bunús dlí nós imeachta leis an gcinneadh atá beartaithe.

1.5.Bunús dlí substainteach

1.5.1.Prionsabail

An bunús dlí substainteach le haghaidh cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE i gcomhar le hAirteagal 1(3) de Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle, braitheann sé go príomha ar bhunús dlí substainteach an ghnímh dlí de chuid an Aontais atá le hionchorprú i gComhaontú LEE.

Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chuid de ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na codanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó príomhchuid agus an ceann eile mar aidhm nó cuid theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear faoin bpríomhaidhm nó faoin bpríomhchuid.

1.5.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Ós rud é go leathnaítear leis an gCinneadh ón gComhchoiste an comhar idir na Páirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE chun Rialachán (AE) 2023/2418 maidir le hionstraim a bhunú chun tionscal cosanta na hEorpa a atreisiú trí sholáthar comhoibríoch (EDIRPA) a chumhdach, is iomchuí an cinneadh seo ón gComhairle a bhunú ar an mbunús dlí substainteach céanna agus atá ag an ngníomh arna ionchorprú. Dá bhrí sin, is é Airteagal 173(3) CFAE bunús dlí substainteach an Chinnidh atá beartaithe.

1.6.Conclúid

Airteagal 173(3) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE agus Airteagal 1(3) de Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle, sin iad ba cheart a bheith ina mbunús dlí leis an gcinneadh atá beartaithe.

5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

Le gníomh Chomhchoiste LEE, leasófar Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, agus dá bhrí sin is gníomh é is iomchuí a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

2024/0025 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE i ndáil le leasú ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse

(EDIRPA)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 173(3) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch 4 , agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tháinig an Comhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch 5 (‘Comhaontú LEE’) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2)De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, inter alia, a leasú.

(3)Is iomchuí comhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE a leathnú chun Rialachán (AE) 2023/2418 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6 a chumhdach.

(4)Dá bhrí sin, ba cheart Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú chun go mbeidh an comhar leathnaithe sin ann.

(5)Dá bhrí sin, ba cheart seasamh an Aontais laistigh de Chomhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréachtChinneadh atá i gceangal,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, laistigh de Chomhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, bunófar an seasamh sin ar an dréacht‑Chinneadh ó Chomhchoiste LEE atá ceangailte leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Rialachán (AE) 2023/2418 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le hionstraim a bhunú chun tionscal cosanta na hEorpa a atreisiú trí sholáthar comhoibríoch (EDIRPA) IO L, 2023/2418, 26.10.2023.
(2)    Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.
(3)    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(4)    IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.
(5)    IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.
(6)    Rialachán (AE) 2023/2418 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le hionstraim a bhunú chun tionscal cosanta na hEorpa a atreisiú trí sholáthar comhoibríoch (EDIRPA) IO L, 2023/2418, 26.10.2023.

An Bhruiséil,2.2.2024

COM(2024) 46 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann le

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE i ndáil le leasú ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse























(EDIRPA)


IARSCRÍBHINN

DRÉACHTCHINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE

Uimh. […]

an […]

lena leasaítear Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagail 86 agus 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Is iomchuí comhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE a leathnú chun Rialachán (AE) 2023/2418 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le hionstraim a bhunú chun tionscal cosanta na hEorpa a atreisiú trí sholáthar comhoibríoch (EDIRPA) 1 a chumhdach.

(2)Maidir le rannpháirtíocht Stáit CSTE sna gníomhaíochtaí atá mar thoradh ar Rialachán (AE) 2023/2418, is iomchuí go gcuirfear an rannpháirtíocht sin ar bun ón 27 Deireadh Fómhair 2023, gan beann ar an tráth a ghlacfar an Cinneadh seo nó ar cé acu a thugtar nó nach dtugtar fógra faoi chomhlíonadh na gceanglas bunreachtúil le haghaidh an Chinnidh seo, más ann dóibh, tar éis an 10 Iúil 2023.

(3)Eintitis arna mbunú i Stáit CSTE, ba cheart iad a bheith i dteideal páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí a gcuirfear tús leo roimh theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Na costais a thabhaítear i leith na ngníomhaíochtaí sin, a gcuirfear tús lena gcur chun feidhme tar éis an 27 Deireadh Fómhair 2023, féadfar a mheas go bhfuil siad incháilithe faoi na coinníollacha céanna is infheidhme maidir leis na costais a thabhaíonn eintitis arna mbunú i mBallstáit an Aontais, ar choinníoll go dtiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm roimh dheireadh na gníomhaíochta lena mbaineann. Tá feidhm freisin ag an gclásal maidir le gníomhaíochtaí atá incháilithe go haisghníomhach atá in Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2023/2418.

(4)I gComhaontú LEE agus go háirithe in Airteagal 81 de, leagtar amach na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht Stáit CSTE agus rannpháirtíocht a ninstitiúidí, a ngnóthas, a neagraíochtaí agus a náisiúnach i gcláir an Aontais Eorpaigh.

(5)Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú chun go mbeidh an comhar leathnaithe sin ann ón 27 Deireadh Fómhair 2023,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear na míreanna seo a leanas isteach i ndiaidh mhír 14 d’Airteagal 7 de Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE:

   15.    32023 R 2418: Rialachán (AE) 2023/2418 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hionstraim a bhunú chun tionscal cosanta na hEorpa a atreisiú trí sholáthar comhoibríoch (EDIRPA) (IO L, 2023/2418, 26.10.2023).

       Beidh Stáit CSTE, amhail ón 27 Deireadh Fómhair 2023, rannpháirteach i ngníomhaíochtaí an Aontais a bhaineann leis na línte buiséid seo a leanas, arna niontráil i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh:

   - Líne bhuiséid 13 01 04: ‘Caiteachas tacaíochta le haghaidh ionstraime Gearrthéarmaí um sholáthar comhchoiteann in earnáil na Cosanta’.

   - Líne bhuiséid 13 06 01: ‘Ionstraim Ghearrthéarmach um sholáthar comhchoiteann in earnáil na Cosanta’.

       Na costais a thabhaítear i leith na ngníomhaíochtaí a gcuirtear tús lena gcur chun feidhme tar éis an 27 Deireadh Fómhair 2023 nó, i gcás go gcomhlíontar na coinníollacha faoi mhír 3 d’Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2023/2418, tar éis an 24 Feabhra 2022, is féidir a mheas gur costais iad atá incháilithe amhail ó dháta tosaigh na gníomhaíochta a shocraítear sa chomhaontú deontais nó sna cinntí deontais lena mbaineann, faoi na coinníollacha a leagtar síos ann, ar choinníoll go dtiocfaidh Cinneadh ó Chomhchoiste LEE [an Cinneadh seo] i bhfeidhm roimh dheireadh na gníomhaíochta.

       Díolmhófar an Íoslainn agus Lichtinstéin ó bheith rannpháirteach san Ionstraim seo agus ón ranníocaíocht airgeadais a bhaineann leis.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis an fhógra dheireanaigh faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE. 2

Beidh feidhm aige ón 27 Deireadh Fómhair 2023.

Airteagal 3

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann Chomhchoiste LEE

   An tUachtarán

   

   Rúnaithe

   Chomhchoiste LEE

   



Dearbhú ó Stáit CSTE

a ghabhann le Cinneadh Uimh. [an Cinneadh seo] lena leasaítear Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE chun comhar na bPáirtithe Conarthacha a leathnú chun rannpháirtíocht Stáit CSTE san Ionstraim arna mbunú le Rialachán (AE) 2023/2418 a chumhdach.

Leis an gCinneadh seo leathnaítear comhar na bPáirtithe Conarthacha chun rannpháirtíocht Stáit CSTE san Ionstraim arna mbunú le Rialachán (AE) 2023/2418 a chumhdach. Measann Stáit CSTE go dtagann cúrsaí cosanta lasmuigh de raon feidhme Chomhaontú LEE, agus dá bhrí sin, le glacadh an Chinnidh seo, ní leathnaítear raon feidhme Chomhaontú LEE chun cúrsaí cosanta lasmuigh de rannpháirtíocht san Ionstraim arna mbunú leis an ngníomh réamhluaite a chumhdach. Cuireann Stáit CSTE i dtábhacht freisin nach mbeidh an Íoslainn ná Lichtinstéin rannpháirteach san Ionstraim arna mbunú leis na gníomhartha réamhluaite ná nach ndéanfaidh siad ranníocaíochtaí ina leith.

(1)    IO L, 2023/2418, 26.10.2023.
(2)    [Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.]