AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,24.1.2024
COM(2024) 38 final
2024/0014(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Foréigean in aghaidh na mBan agus Foréigean Teaghlaigh a Chosc agus a Chomhrac, maidir le leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta an Choiste, a mhéid a bhaineann le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus le non-refoulement
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste na bPáirtithe (‘CoP’) i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun Foréigean in aghaidh na mBan agus Foréigean Teaghlaigh a Chosc agus a Chomhrac (‘Coinbhinsiún Iostanbúl’ nó ‘an Coinbhinsiún’), i ndáil leis na leasuithe atá beartaithe a ghlacadh ar Rialacha Nós Imeachta CoP a mhéid a bhaineann le comhdhéanamh an Choiste (Riail 2) agus rialacha maidir le vótáil (Rialacha 20, 21 agus 25). Ba ghá na rialacha nós imeachta sin a leasú tar éis aontachas an Aontais Eorpaigh do Choinbhinsiún Iostanbúl.
2.Comhthéacs an togra
2.1.Coinbhinsiún Iostanbúl
Is é is aidhm do Choinbhinsiún Iostanbúl sraith rialacha cuimsitheacha agus comhchuibhithe a leagan síos chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac san Eoraip agus níos faide i gcéin. Tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm an 1 Lúnasa 2014.
Shínigh an tAontas an Coinbhinsiún i mí an Mheithimh 2017, agus thug sé i gcrích an nós imeachta aontachais agus dhá ionstraim formheasa á dtaisceadh aige an 28 Meitheamh 2023, lenar tionscnaíodh teacht i bhfeidhm an Choinbhinsiúin don Aontas Eorpach an 1 Deireadh Fómhair 2023. D’aontaigh an tAontas don Choinbhinsiún a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoina inniúlacht eisiach, is é sin maidir le hábhair a bhaineann le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais agus maidir le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus le non-refoulement. Níl Éire ná an Danmhairg faoi cheangal ag feidhmiú inniúlachta an Aontais a mhéid a bhaineann le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus le non-refoulement. Tá an Coinbhinsiún sínithe ag Ballstáit uile an Aontais ach, ón 10 Eanáir 2024, níl an Coinbhinsiún daingnithe ach ag 22 Bhallstát agus, dá bhrí sin, is acusan amháin atá an ceart vótála i gCoiste na bPáirtithe. Tá 39 bPáirtí sa Choinbhinsiún faoi láthair, an tAontas san áireamh.
2.2.Coiste na bPáirtithe sa Choinbhinsiúin
Is é atá i gCoiste na bPáirtithe comhlacht polaitiúil shásra faireacháin Choinbhinsiún Iostanbúl agus tá sé comhdhéanta d’ionadaithe na bPáirtithe sa Choinbhinsiún. Liostaítear na cúraimí a thugtar do CoP i Riail 1 de na Rialacha Nós Imeachta. De bhun Airteagal 67(2) den Choinbhinsiún, cuirtear de chúram ar CoP comhaltaí an Ghrúpa Saineolaithe um Ghníomhaíocht in aghaidh Foréigean in aghaidh ar Mhná agus Foréigean Baile (‘GREVIO’) a thoghadh. I gcomhréir le hAirteagal 68(12) den Choinbhinsiún, féadfaidh CoP, ar bhonn thuarascálacha agus chonclúidí GREVIO, moltaí a dhíreofar chuig Stáit is Páirtithe maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin a ghlacadh. Déanann sé maoirseacht freisin ar chur chun feidhme na moltaí sin a luaithe a bheidh deireadh leis an tréimhse trí bliana don chur chun feidhme. Thairis sin, scrúdaíonn CoP torthaí fiosrúchán speisialta a dtarchuireann GREVIO chuige i gcomhréir le hAirteagal 68(15) den Choinbhinsiún. Toghann CoP comhaltaí a bhiúró freisin — an cathaoirleach agus beirt leaschathaoirleach.
Tá Rialacha Nós Imeachta CoP curtha in oiriúint do rannpháirtíocht na Stát is Páirtithe i gcás ina bhfuil vóta amháin ag gach páirtí: Leagtar síos le Riail 20 de na Rialacha Nós Imeachta maidir le vótáil go mbeidh ‘aon vóta amháin ag gach comhalta den Choiste’ agus gurb é ‘tromlach dhá thrian de na vótaí a chaitear’ an córam is gá le haghaidh chinntí an Choiste. Tá an córam céanna ag teastáil freisin chun na Rialacha Nós Imeachta a leasú (Riail 25). Le Riail 21 de na Rialacha Nós Imeachta déantar foráil maidir le rialacha sonracha i ndáil le comhaltaí GREVIO a thoghadh.
Le haontachas an Aontais don Choinbhinsiún, éilítear coigeartuithe áirithe ar na rialacha sin toisc, in ábhair a thagann faoi réim inniúlachtaí an Aontais, go bhfeidhmíonn sé a cheart vótála le líon vótaí atá cothrom le líon vótaí na mBallstát atá faoi cheangal ag feidhmiú inniúlachta an Aontais agus beidh éagsúlacht sa líon sin ag brath ar ábhar na vótála.
2.3.An leasú atá beartaithe ar Rialacha Nós Imeachta Choiste na bPáirtithe
An 28 Lúnasa 2023, dháil Rúnaíocht CoP doiciméad faisnéise maidir leis na Rialacha Nós Imeachta agus dréachtleasuithe orthu. Is é is aidhm do na leasuithe sin impleachtaí aontachas an Aontais do Choinbhinsiún Iostanbúl ar fheidhmiú CoP a léiriú, agus, go háirithe, a éifeachtaí ar na forálacha maidir le vótáil a léiriú. Thug Rúnaíocht CoP an deis do na Stáit is Páirtithe barúlacha a thabhairt. Níor sheol ach an Ríocht Aontaithe barúlacha i scríbhinn inar moladh roinnt athruithe dréachtaithe.
D’iarr Rúnaíocht CoP ar an Aontas a bharúlacha maidir leis na dréachtleasuithe atá beartaithe a chur isteach. Pléifear na leasuithe ar na Rialacha Nós Imeachta agus, más féidir, glacfar iad ag an 16ú cruinniú de Choiste na bPáirtithe an 6 Meitheamh 2024. Má bhíonn níos mó ama ag teastáil ó na toscaireachtaí chun plé a dhéanamh, d’fhéadfaí na leasuithe a ghlacadh freisin ag an gcruinniú a bheidh ag CoP ina dhiaidh sin i mí na Nollag 2024.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
Is féidir na leasuithe ar na Rialacha Nós Imeachta atá molta ag Rúnaíocht CoP a achoimriú mar a leanas:
–An córam reatha de dhá thrian de na vótaí a chaitear, choinneofaí é sa riail ghinearálta maidir le vótáil (Riail 20) ach chuirfí dhá ghné nua leis. Mar chéad ghné, molann Rúnaíocht CoP clásal neamhbhreisíochta, trína mbeadh an tAontas Eorpach nó a Bhallstáit i dteideal vóta a chaitheamh ar cheist ar leith, ag brath ar dháileadh na n-inniúlachtaí. I gcás ina vótálfadh an tAontas, bheadh ualú an vóta sin coibhéiseach le líon na mBallstát atá ina bPáirtithe sa Choinbhinsiún. Mar dhara gné, molann Rúnaíocht CoP ‘tromlach dúbailte’, rud a chiallaíonn go mbeadh ar thromlach simplí de na Stáit is Páirtithe sa Choinbhinsiún nach Ballstáit den Aontas iad vótáil i bhfabhar cinnidh chun go mbeadh an cinneadh sin bailí, mar chuid den riail maidir le dá thrian de na vótaí a chaitear.
–Maidir le comhaltaí GREVIO a thoghadh, choinneofaí an córam reatha de ‘thromlach na vótaí a chaitear ar a laghad’ (Riail 21, mír 9). Bheadh vóta amháin ag gach comhalta den Choiste chun comhaltaí GREVIO a thoghadh. Ní bheadh feidhm ag prionsabal na neamhbhreisíochta, rud a chiallaíonn go mbeadh ‘vóta breise’ ag an Aontas chun comhaltaí GREVIO a thoghadh, sa bhreis ar vóta aonair gach Ballstáit den Aontas atá ina Pháirtí sa Choinbhinsiún. A mhéid a bhaineann le cinntí chun tarraingt siar iarrthóir amháin nó níos mó a iarraidh, ar iarrthóirí iad nach gcomhlíonann na ceanglais maidir le ballraíocht in GREVIO (Riail 21, mír 4), choinneofaí an córam reatha de thromlach dhá thrian de na vótaí a chaitear ach d’fhorlíonfaí é leis an gceanglas maidir le tromlach dúbailte.
–A mhéid a bhaineann le leasuithe ar na Rialacha Nós Imeachta (Riail 25), choinneofaí an córam reatha de dhá thrian de na vótaí a chaitear ach dhéanfaí é a fhorlíonadh leis an gceanglas maidir le tromlach dúbailte.
Tá sé beartaithe go n-aontóidh an tAontas le cur chuige ginearálta Rúnaíocht CoP maidir leis na Rialacha Nós Imeachta a leasú ach go ndéanfaidh sé roinnt coigeartuithe mar a thuairiscítear thíos.
Ar an gcéad dul síos, tá sé beartaithe go nglacfaidh an tAontas le clásal ‘neamhbhreisíochta’ a áireamh i Riail 20, mír 1, de na Rialacha Nós Imeachta, faoi réir coigeartuithe áirithe is gá chun a léiriú gur aontaigh an tAontas do Choinbhinsiún Iostanbúl maidir lena institiúidí agus lena riarachán poiblí féin, ar thaobh, agus maidir le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus le non-refoulement, ar an taobh eile, agus seasamh speisialta na Danmhairge agus na hÉireann á chur san áireamh.
Dá réir sin, in ábhair a thagann faoi réim inniúlacht an Aontais, ba cheart dó a cheart vótála a fheidhmiú le líon vótaí atá cothrom le líon a Bhallstát atá ina bPáirtithe sa Choinbhinsiún agus atá faoi cheangal ag feidhmiú inniúlachta an Aontais. I gcás ina bhfeidhmeoidh an tAontas a cheart vótála, ní vótálfaidh na Ballstáit atá ina bPáirtithe sa Choinbhinsiún agus atá faoi cheangal ag inniúlacht an Aontais maidir leis an ábhar a bhfuil vótáil le déanamh air, ach is féidir leis na Ballstáit nach bhfuil faoi cheangal ag inniúlacht an Aontais vótáil ar leithligh. Os a choinne sin, ní fheidhmeoidh an tAontas a cheart vótála i gcásanna ina mbeidh a Bhallstáit uile is Páirtithe sa Choinbhinsiún i dteideal a gcearta vótála a fheidhmiú.
Tá prionsabal na ‘neamhbhreisíochta’ i gcomhréir leis an gcleachtas seanbhunaithe maidir le coinbhinsiúin eile de chuid Chomhairle na hEorpa ar aontaigh an tAontas dóibh.
Ar an dara dul síos, tá sé beartaithe go nglacfaidh an tAontas le ceanglas maidir le ‘tromlach dúbailte’ a chur isteach i Riail 20, míreanna 3 agus 5, de na Rialacha Nós Imeachta, mar a mhol Rúnaíocht CoP, faoi réir coigeartuithe áirithe lena gcuirtear seasamh speisialta na Danmhairge agus na hÉireann san áireamh, agus teoranta do chásanna ina nglacann an tAontas páirt i vótáil.
Is é is cuspóir don cheanglas maidir le ‘tromlach dúbailte’ i Riail 20 ualú níos cothroime agus níos cothromasaí a thabhairt isteach do na Páirtithe uile sa Choinbhinsiún agus an tromlach simplí atá ag an Aontas cheana féin in CoP ó thaobh vótaí de a fhrithchothromú. Tá sé d’aidhm aige athdhearbhú a thabhairt do na Stáit is Páirtithe nach Ballstáit den Aontas iad go leanfaidh a seasaimh de bheith tábhachtach in CoP in ainneoin aontachas an Aontais agus nach ndéanfar iad ‘a fhágáil ar leataobh’ i ngeall ar an Aontas agus a Bhallstáit a bheith ag vótáil mar bhloc amháin.
Chiallódh an ceanglas maidir le tromlach dúbailte go bhforlíonfaí an gnáth-chóram (i.e. 2/3 de na vótaí a chaitear) le ceanglas maidir le tromlach simplí na vótaí a chaitheann na Páirtithe eile sa Choinbhinsiún, nuair a ghlacann an tAontas páirt i vótáil. Áirítear ar na Páirtithe eile sin sa Choinbhinsiún Stáit is Páirtithe nach den Aontas iad, agus, i gcás inarb ábhartha, Ballstáit den Aontas nach bhfuil faoi cheangal ag feidhmiú inniúlachta an Aontais.
I gcás ina nglacfaidh an tAontas páirt i vótáil agus go mbeidh líon na vótaí atá aige cothrom le líon a Bhallstát atá ina bPáirtithe sa Choinbhinsiún, chiallódh an ceanglas maidir le tromlach dúbailte go mbeidh tromlach dhá thrian bainte amach chun cinneadh a ghlacadh go bailí, i gcás ina dtacófar le vóta an Aontais (cothrom le 22 vóta) le tromlach simplí de na vótaí a chaitheann na 16 Stát is Páirtí sa Choinbhinsiún nach den Aontas iad. I gcás ina nglacfaidh an tAontas páirt i vótáil agus go mbeidh a líon vótaí cothrom le líon a Bhallstát atá ina bPáirtithe sa Choinbhinsiún agus atá faoi cheangal ag feidhmiú inniúlachta an Aontais i réimsí an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, an tearmainn agus an non-refoulement, beidh tromlach dhá thrian bainte amach i gcás ina dtacófar le vóta an Aontais (cothrom le 20 vóta) le tromlach simplí de na vótaí a chaitheann na 16 Stát is Páirtí sa Choinbhinsiún, seachas an Danmhairg agus Éire.
Ar an tríú dul síos, maidir leis na rialacha sonracha chun comhaltaí GREVIO a thoghadh, moltar go nglacfaidh an tAontas le Riail 21, mír 7, de na Rialacha Nós Imeachta a chur isteach, mar atá dréachtaithe ag Rúnaíocht CoP, ar dá réir a bheidh vóta amháin ag gach comhalta den Choiste. Ós rud é nach bhfuil feidhm ag Riail 20 agus, dá bhrí sin, ag prionsabal na neamhbhreisíochta i gcomhthéacs Riail 21 (Riail 21, mír 1), beidh vóta amháin ag an Aontas de bhreis ar vóta aonair gach Ballstáit den Aontas ar Páirtí sa Choinbhinsiún é. A mhéid a bhaineann leis an leasú atá beartaithe chun forlíonadh a dhéanamh ar Riail 21, mír 4, de na Rialacha Nós Imeachta maidir le cinntí chun tarraingt siar iarrthóir amháin nó níos mó as GREVIO a iarraidh le ceanglas maidir le tromlach dúbailte, ba cheart don Aontas glacadh leis an gceanglas sin, agus cineál eisceachtúil cinntí den sórt sin á chur san áireamh. Sa chás sin, bunófar an tromlach simplí, lena bhforlíontar an tromlach dhá thrian is gá, ar bhonn na vótaí a chaitheann ionadaithe Páirtithe seachas an tAontas agus a Bhallstáit, mar a mholtar freisin sna barúlacha i scríbhinn a chuir an Ríocht Aontaithe isteach.
Ar an gceathrú dul síos, a mhéid a bhaineann le Riail 25 maidir le leasuithe ar na Rialacha Nós Imeachta, ní mór a thabhairt faoi deara go bhfuil na cinntí sin le glacadh le tromlach dhá thrian de na vótaí a chaitear, agus go mbeidh vóta amháin ag gach Páirtí sa Choinbhinsiún mar a fhoráiltear i Riail 20, mír 1, an chéad fhomhír. Ar na cúiseanna a leagtar amach thuas, ba cheart don Aontas glacadh le ceanglas maidir le tromlach dúbailte a chur isteach mar a mhol Rúnaíocht CoP, faoi réir coigeartuithe áirithe. Go háirithe, ba cheart a shoiléiriú nach bhfuil feidhm maidir le Riail 25 ag prionsabal na neamhbhreisíochta dá bhforáiltear i Riail 20, mír 1, arna leasú. Thairis sin, tá an tromlach simplí, lena bhforlíontar an tromlach dhá thrian is gá, le bunú ar an modh céanna agus a dhéantar i Riail 21, mír 4.
Ar an gcúigiú dul síos, moltar go molfaidh an tAontas gur cheart an tagairt don Aontas Eorpach a scriosadh ó liosta na n-ionadaithe i Riail 2.2.b de na Rialacha Nós Imeachta a bhfuil cead acu páirt a ghlacadh i gcruinnithe Choiste na bPáirtithe gan ceart vótála ná speansais a íoc. Tá an riail imithe i léig ós rud é gur comhalta iomlán de CoP é an tAontas Eorpach anois.
Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh seo na leasuithe atá beartaithe ar Rialacha Nós Imeachta CoP atá le cur faoi bhráid Rúnaíocht CoP.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Áirítear freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a fhéadfaidh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht í Coiste na bPáirtithe a cuireadh ar bun le Coinbhinsiún Iostanbúl. Na leasuithe ar na rialacha nós imeachta a iarrtar ar Choiste na bPáirtithe a ghlacadh, is gníomh iad a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an gníomh atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 67(3) den Choinbhinsiún. Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Choinbhinsiúin. Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí don nós imeachta le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Prionsabail
Braitheann an bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chuid de ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na codanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó príomhchuid agus an ceann eile mar aidhm nó cuid theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear faoin bpríomhaidhm nó faoin bpríomhchuid.
Maidir le gníomh atá beartaithe a bhfuil roinnt cuspóirí éagsúla á saothrú leis ag an am céanna, nó a bhfuil roinnt comhpháirteanna éagsúla ann, ar cuspóirí nó comhpháirteanna iad atá i ndlúthnasc do-scartha le chéile gan aon cheann acu a bheith teagmhasach le hais an ceann eile, ní mór, ar bhonn eisceachtúil, na bunúis chomhfhreagracha dlí éagsúla a áireamh sa bhunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE.
4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Is é príomhchuspóir an ghnímh atá beartaithe Rialacha Nós Imeachta CoP a leasú chun aghaidh a thabhairt ar impleachtaí aontachas an Aontais le Coinbhinsiún Iostanbúl ar fheidhmiú an Choiste. A mhéid a bhaineann leis an mbunús dlí substainteach, d’aontaigh an tAontas le Coinbhinsiún Iostanbúl a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoina inniúlacht eisiach, is é sin maidir le hábhair a bhaineann le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais agus maidir le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus le non-refoulement. Roinneadh aontachas an Aontais le Coinbhinsiún Iostanbúl ina dhá Chinneadh ar leith ón gComhairle chun seasamh speisialta na Danmhairge agus na hÉireann a chur san áireamh maidir le Teideal V CFAE. Dá bhrí sin, an cinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i CoP i ndáil leis an ngníomh atá beartaithe, tá sé le roinnt ina dhá chinneadh chomhthreomhara.
An bunús dlí le haghaidh an chinnidh seo, baineann sé le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus le non-refoulement. Áirítear sa bhunús dlí sin forálacha i réimsí an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla (Airteagal 82(2) agus Airteagal 84 CFAE) agus an tearmainn agus an non-refoulement (Airteagail 78(2) CFAE). Tá nasc doscartha eatarthu gan ceann amháin a bheith teagmhasach maidir leis an gceann eile. Dá bhrí sin, is iad na forálacha seo a leanas an bunús dlí substainteach le haghaidh an chinnidh atá beartaithe: Airteagal 82(2), Airteagal 84 agus Airteagal 78(2)
4.3.Conclúid
Is iad Airteagal 82(2), Airteagal 84 agus Airteagal 78(2) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, ba cheart a bheith ina mbunús dlí le haghaidh an chinnidh atáthar a mholadh.
2024/0014 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Foréigean in aghaidh na mBan agus Foréigean Teaghlaigh a Chosc agus a Chomhrac, maidir le leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta an Choiste, a mhéid a bhaineann le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus le non-refoulement
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 82(2), Airteagal 84 agus Airteagal 78(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Thug an tAontas Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (‘an Coinbhinsiún’) i gcrích le Cinneadh (AE) 2023/1075 ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais, agus le Cinneadh (AE)
2023/1076 ón gComhairle
, a mhéid a bhaineann le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus non-refoulement, agus tháinig sé i bhfeidhm i leith an Aontais an 1 Deireadh Fómhair 2023. Go dtí seo, tá 39 bPáirtí sa Choinbhinsiún, lena n-áirítear an tAontas agus 22 Bhallstát.
(2)Is é atá i gCoiste na bPáirtithe comhlacht polaitiúil shásra faireacháin Choinbhinsiún Iostanbúl. De bhun Airteagal 67(3) den Choinbhinsiún, tá a Rialacha Nós Imeachta féin tarraingthe suas ag Coiste na bPáirtithe. Foráiltear leis na rialacha sin go mbeidh vóta amháin ag gach Páirtí sa Choinbhinsiún. Le haontachas an Aontais leis an gCoinbhinsiún, ceanglaítear coigeartuithe áirithe ar na rialacha sin chun na módúlachtaí is infheidhme nuair a fheidhmíonn an tAontas a chearta vótála mar Pháirtí sa Choinbhinsiún a chinneadh.
(3)I mí Lúnasa 2023, mhol Rúnaíocht Choiste na bPáirtithe leasuithe áirithe ar na Rialacha Nós Imeachta chun tionchar aontachas an Aontais ar fheidhmiú an Choiste a léiriú agus d’iarr sí ar na Stáit is Páirtithe agus ar an Aontas moltaí maidir le dréachtú a chur isteach d’fhonn na leasuithe a ghlacadh in 2024. Pléifear na leasuithe agus, más féidir, glacfar iad ag an 16ú cruinniú de Choiste na bPáirtithe an 6 Meitheamh 2024.
(4)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste na bPáirtithe a leagan amach ós rud é go mbeidh na leasuithe ar na Rialacha Nós Imeachta ina gceangal ar an Aontas.
(5)De réir na ndréachtleasuithe a mhol Rúnaíocht Choiste na bPáirtithe, choinneofaí na rialacha maidir le córam chun cinntí an Choiste a ghlacadh dá bhforáiltear sna Rialacha Nós Imeachta ach d’fhorlíonfaí iad le roinnt ceanglas nua. Ba cheart don Aontas tacú leis na leasuithe sin ar na Rialacha Nós Imeachta, faoi réir coigeartuithe áirithe a léiríonn raon feidhme aontachas an Aontais le Coinbhinsiún Iostanbúl.
(6)A mhéid a bhaineann leis an riail ghinearálta maidir le vótáil i Riail 20 de na Rialacha Nós Imeachta, molann Rúnaíocht Choiste na bPáirtithe clásal neamhbhreisíochta a áireamh ar dá réir a bheadh an tAontas nó a Bhallstáit i dteideal vótáil ar ábhar ar leith. Tá prionsabal na neamhbhreisíochta ionchorpraithe cheana féin i gCoinbhinsiúin eile de chuid Chomhairle na hEorpa ar aontaigh an tAontas leo agus ba cheart glacadh leis freisin sa chás seo. Mar sin féin, ba cheart foclaíocht an chlásail a oiriúnú toisc go bhfeidhmíonn an tAontas a cheart vótála le líon vótaí a bhíonn éagsúil ag brath ar ábhar na vótála.
(7)A mhéid a bhaineann leis an riail ghinearálta maidir le vótáil i Riail 20 de na Rialacha Nós Imeachta, molann Rúnaíocht Choiste na bPáirtithe freisin ceanglas maidir le tromlach dúbailte a áireamh, rud a chiallaíonn nach nglacfar cinneadh le tromlach dhá thrian de na vótaí a chaitear ach amháin má thacaíonn tromlach simplí de na vótaí a chaitheann na Stáit is Páirtithe sa Choinbhinsiún nach Ballstáit den Aontas iad leis an gcinneadh sin. Leis an gceanglas sin, dhéanfaí an tromlach simplí atá ag an Aontas i gCoiste na bPáirtithe ó thaobh vótaí de a fhrithchothromú, agus ar an gcaoi sin thabharfaí aghaidh ar ábhair imní a d’fhéadfadh a bheith ag tríú Stáit is Páirtithe maidir le hualú vóta an Aontais. Ba cheart don Aontas glacadh leis an gceanglas maidir le tromlach dúbailte, ar choinníoll nach mbeidh feidhm aige ach amháin i gcás ina nglacann an tAontas páirt i vótáil agus go ndéantar an fhoclaíocht a oiriúnú don Aontas a cheart vótála a fheidhmiú le líon vótaí a bhíonn éagsúil ag brath ar ábhar na vótála.
(8)A mhéid a bhaineann leis na rialacha sonracha maidir le comhaltaí an Ghrúpa Saineolaithe um Ghníomhaíocht in aghaidh Foréigean ar Mhná agus Foréigean Baile (‘GREVIO’) a thoghadh, ba cheart don Aontas glacadh leis an leasú atá beartaithe lena bhforáiltear d’aon vóta amháin don Aontas sa bhreis ar vóta aonair gach Ballstáit. A mhéid a bhaineann, go sonrach, le cinntí chun tarraingt siar iarrthóir amháin nó níos mó nach gcomhlíonann na ceanglais maidir le ballraíocht in GREVIO a iarraidh, molann Rúnaíocht Choiste na bPáirtithe ceanglas maidir le tromlach dúbailte a chur i bhfeidhm. Agus cineál eisceachtúil cinntí den sórt sin á chur san áireamh, ba cheart don Aontas glacadh leis an gceanglas sin, rud a chiallaíonn gur cheart, sa tromlach dhá thrian de na vótaí a chaitear, rud atá ceangailteach i gcás cinntí den sórt sin, tromlach simplí de na vótaí arna gcaitheamh ag ionadaithe Páirtithe seachas an tAontas agus a Bhallstáit a áireamh.
(9)A mhéid a bhaineann le leasuithe ar na Rialacha Nós Imeachta atá le glacadh trí thromlach dhá thrian de na vótaí a chaitear, agus vóta amháin ag gach Páirtí sa Choinbhinsiún, ba cheart don Aontas glacadh le ceanglas maidir le tromlach dúbailte a chur isteach mar a mhol Rúnaíocht Choiste na bPáirtithe, faoi réir é a shoiléiriú nach bhfuil feidhm ag prionsabal na neamhbhreisíochta anseo.
(10)A mhéid a bhaineann leis na rannpháirtithe nach comhaltaí de Choiste na bPáirtithe iad a bheith liostaithe sa Riail Nós Imeachta, ba cheart an tagairt don Aontas Eorpach a scriosadh ós rud é go bhfuil sí imithe i léig.
(11)Dá bhrí sin, ba cheart seasamh an Aontais i gCoiste na bPáirtithe a bheith bunaithe ar na dréachtleasuithe atá i gceangal le Rialacha Nós Imeachta an Choiste.
(12)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.
(13)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste na bPáirtithe, arna bhunú faoi Airteagal 67 den Choinbhinsiún, maidir le leasuithe a ghlacadh ar Rialacha Nós Imeachta Choiste na bPáirtithe, ar leasuithe iad atá le plé agus le glacadh ag ceann de chruinnithe Choiste na bPáirtithe in 2024, beidh an seasamh sin bunaithe ar na leasuithe ar na Rialacha Nós Imeachta mar a leagtar amach san Iarscríbhinn iad.
Airteagal 2
Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán