AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,29.2.2024
COM(2024) 35 final
2024/0044(BUD)
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón Danmhairg – EGF/2023/004 DK Danish Crown
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
COMHTHÉACS AN TOGRA
1.Leagtar síos na rialacha is infheidhme maidir le ranníocaíochtaí airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) i Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013.
2.An 6 Nollaig 2023, chuir an Danmhairg iarratas EGF/2023/004 DK/Danish Crown isteach le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED, de dheasca iomarcaíochtaí sa chomhlacht Danish Crown agus dhá sholáthraí agus dhá tháirgeoir iartheachtacha sa Danmhairg.
3.Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an iarratas sin, tháinig sé ar an gconclúid, i gcomhréir leis na forálacha uile is infheidhme de Rialachán (AE) 2021/691, go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais ó CED a dhámhachtain.
ACHOIMRE AR AN IARRATAS
|
Iarratas ar CED
|
EGF/2023/004 DK/Danish Crown
|
|
An Ballstát
|
an Danmhairg
|
|
An réigiún/na réigiúin lena mbaineann (leibhéal NUTS 2)
|
Nordjylland (DK05)
|
|
An dáta a cuireadh an t‑iarratas isteach
|
an 6 Nollaig 2023
|
|
An dáta a admhaíodh go bhfuarthas an t‑iarratas
|
an 20 Nollaig 2023
|
|
An dáta a iarradh faisnéis bhreise
|
an 20 Nollaig 2023
|
|
An sprioc-am chun an fhaisnéis bhreise a sholáthar
|
an 15 Eanáir 2024
|
|
An sprioc-am chun an measúnú a chur i gcrích
|
an 25 Márta 2024
|
|
An critéar idirghabhála
|
Airteagal 4(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/691
|
An príomhfhiontar
|
Danish Crown
|
|
Na hearnálacha lena mbaineann an ghníomhaíocht eacnamaíoch
(Rannán NACE Athbhreithniú 2)
|
Rannán 10 (Monarú táirgí bia)
|
An líon fochuideachtaí, soláthraithe agus táirgeoirí iartheachtacha
|
2
|
|
An tréimhse thagartha (4 mhí):
|
an 19 Bealtaine 2023 – an 19 Meán Fómhair 2023
|
|
An líon iomarcaíochtaí le linn na tréimhse tagartha (a)
|
692
|
|
An líon iomarcaíochtaí roimh an tréimhse thagartha nó ina diaidh (b)
|
59
|
|
An líon iomlán iomarcaíochtaí (a + b)
|
751
|
|
An líon iomlán tairbhithe incháilithe
|
751
|
|
An líon iomlán tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú
|
390
|
|
An buiséad i gcomhair seirbhísí pearsantaithe (EUR)
|
2 878 001
|
|
An buiséad i gcomhair CED a chur chun feidhme (EUR)
|
259 020
|
|
Buiséad iomlán (EUR)
|
3 137 021
|
|
Ranníocaíocht ó CED (60 %) (EUR)
|
1 882 212
|
MEASÚNÚ AR AN IARRATAS
Nós imeachta
4.An 6 Nollaig 2023, chuir an Danmhairg iarratas EGF/2023/004 DK/Danish Crown isteach laistigh de 12 sheachtain ón dáta a comhlíonadh na critéir idirghabhála a leagtar amach in Airteagal 4(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/691. D’admhaigh an Coimisiún go bhfuarthas an t‑iarratas agus, an 20 Nollaig 2023, d’iarr sé faisnéis bhreise ar an nDanmhairg. Soláthraíodh an fhaisnéis bhreise sin laistigh de 15 lá oibre. An sprioc-am 50 lá oibre ón tráth a fuarthas an t‑iarratas comhlánaithe, tréimhse ar lena linn ba cheart don Choimisiún críoch a chur leis an measúnú ar an gcaoi a bhfuil na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais a sholáthar á gcomhlíonadh, is sprioc-am é a rachaidh in éag an 25 Márta 2024.
Incháilitheacht an iarratais
Na fiontair agus na tairbhithe lena mbaineann
5.Baineann an t‑iarratas le 692 oibrí iomarcacha a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht sa chuideachta Danish Crown (Danish Crown A/S) agus dhá sholáthraí agus dhá thairgeoir iartheachtacha. Oibríonn an príomhfhiontar san earnáil eacnamaíoch a aicmítear faoi rannán 10 de NACE Athbhreithniú 2 (Monarú táirgí bia). Rinne an príomhfhiontar na hiomarcaíochtaí i réigiún NUTS 2 de Nordjylland (DK05).
|
Na fiontair agus an líon iomarcaíochtaí le linn na tréimhse tagartha
|
|
Danish Crown (Danish Crown A/S agus DAT-Schaub A/S)
|
651
|
|
TekniClean A/S
|
37
|
|
Riarachán Tréidliachta agus Bia na Danmhairge
|
4
|
Líon iomlán na bhfiontar: 3
|
Líon iomlán na n‑iomarcaíochtaí:
|
692
|
Na critéir idirghabhála
6.Chuir an Danmhairg an t‑iarratas isteach faoi na critéir idirghabhála in Airteagal 4(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/691, lena gceanglaítear go dtarlódh scor na gníomhaíochta i gcás 200 oibrí iomarcach ar a laghad le linn tréimhse thagartha 4 mhí i bhfiontar atá lonnaithe i mBallstát, lena n‑áirítear oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht i soláthraithe agus i dtáirgeoirí iartheachtacha agus/nó daoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht.
7.Maireann an tréimhse thagartha de 4 mhí don iarratas ón 19 Bealtaine 2023 go dtí an 19 Meán Fómhair 2023.
8.Tharla scor na gníomhaíochta le linn na tréimhse tagartha mar a leanas:
–651 oibrí iomarcacha in Danish Crown, agus
–41 oibrí iomarcacha in dhá sholáthraí agus dhá thairgeoir iartheachtacha de chuid Danish Crown.
Na hiomarcaíochtaí agus scor na gníomhaíochta a ríomh
9.De bhun Airteagal 6, an chéad mhír, pointe (a), i gcomhar le Rialachán (AE) 2021/691, Airteagal 5, an chéad mhír, pointe (c), ríomhadh scor ghníomhaíochtaí na n‑oibrithe iomarcacha le linn na tréimhse tagartha mar a leanas:
–651 dhuine ó dháta foirceanta de facto an chonartha fostaíochta nó dáta éaga an chonartha sin,
–41 dhuine ó dháta dheireadh na tréimhse ar sannadh an t‑úsáideoir don ghnóthas úsáideora.
Tairbhithe incháilithe
10.Sa bhreis ar na hoibrithe a ndearnadh tagairt dóibh cheana, áirítear leis na tairbhithe incháilithe 59 oibrí iomarcacha ar cuireadh scor gníomhaíochta orthu roimh an tréimhse thagartha 4 mhí nó tar éis sin. Na hoibrithe sin ar tháinig deireadh lena ngníomhaíocht laistigh de 6 mhí roimh thús na tréimhse tagartha an 19 Bealtaine 2023 agus/nó idir deireadh na tréimhse tagartha agus an lá roimh ghlacadh an togra seo, de bhun Rialachán (AE) 2021/691, Airteagal 6, an chéad fhomhír, pointe (b), mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2021/691, Airteagal 6, an dara fomhír. Is féidir nasc cúisíoch soiléir a dhéanamh leis an teagmhas ba chúis le scor gníomhaíochta na n‑oibrithe iomarcacha le linn na tréimhse tagartha mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2021/691, Airteagal 6, an dara fomhír.
11.Is é 751 dhuine an líon iomlán tairbhithe incháilithe.
Tuairisc ar na teagmhais as ar eascair na hiomarcaíochtaí agus scor na gníomhaíochta
12.Is grúpa de chuideachtaí bia de chuid na Danmhairge é Danish Crown a bhfuil baint acu le búistéireacht, próiseáil agus díol muiceola agus mairteola go príomha. Is é is cúis leis na hiomarcaíochtaí sin dúnadh sheamlas an ghrúpa cuideachtaí Danish Crown in Sæby i mBardas Frederikshavn tar éis laghdú líon na muc atá ar fáil lena marú.
13.Tá géarchéim struchtúrach in earnáil na seamlas sa Danmhairg. Ó bhí 2005 ann, tháinig laghdú 4,4 milliún (20 %) ar líon na muc a maraíodh sa Danmhairg. Is é is cúis leis an laghdú sin den chuid is mó an t‑athrú ó mhuca a thógáil lena marú go dtí bainbh a thógáil lena n‑onnmhairiú. Tá sé níos brabúsaí d’fheirmeoirí na Danmhairge bainbh a onnmhairiú ná muca a ramhrú lena marú de bharr praghsanna ísle muiceola.
14.Tá laghdú ag teacht ar líon na mbanbh atá á marú i gcomhthráth leis an méadú atá ag teacht ar líon na mbanbh atá á n‑onnmhairiú. D’onnmhairigh an Danmhairg 13,8 milliún banbh in 2022, is é sin líon 380 % níos mó ná an líon a d’onnmhairigh sí in 2005 (3,65 milliún banbh). Onnmhairíodh an chuid is mó díobh chuig an nGearmáin (41,3 %) agus chuig an bPolainn (45 %). Mar gheall ar líon na gcásanna d’fhiabhras Afracach na muc sa Ghearmáin agus sa Pholainn le roinnt blianta anuas, ní raibh siad in ann líon leordhóthanach muc a thógáil chun a n‑éileamh intíre a chomhlíonadh.
15.Ní spreagann an t‑éileamh áitiúil táirgeadh muiceola sa Danmhairg ach go pointe teoranta. Onnmhairíonn Danish Crown 90 % dá tháirgeadh chuig margaí na hEorpa, na Síne agus na Stát Aontaithe.
An tionchar a mheastar a bheidh ag na hiomarcaíochtaí a mhéid a bhaineann leis an ngeilleagar áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta, agus leis an bhfostaíocht
16.Sa lá atá inniu ann tá neart eacnamaíoch na hIútlainne Thuaidh, atá bunaithe ar an monaraíocht, ag forbairt thart ar TFC cliste agus an digitiú, an fuinneamh, agus an t‑aistriú glas, geilleagar muirí agus na hiascaireachta, agus an turasóireacht. San Iútlainn Thuaidh tá 67 % de na poist san earnáil phríobháideach agus tá 33 % de na poist san earnáil phoiblí, líonta atá i gcomhréir le meán na tíre.
17.Ó bhí géarchéim airgeadais 2008 ann, tháinig laghdú 2,026 aonad (36 %) ar líon na bpost in earnáil na tionsclaíochta agus na táirgeachta i mBardas Frederikshavn. Cé go bhfuil an laghdú sin ina chuid den treocht atá le feiceáil ar fud na Danmhairge, áit ar cailleadh 35,388 (11 %) de na poist in earnáil na tionsclaíochta agus na táirgeachta le linn na tréimhse 2008-2023, i mbardas Frederikshavn bhí an laghdú trí huaire níos géire. Is é 664 (2 ‰) an glanlaghdú ar phoist atá ar fáil sa réigiún le linn na tréimhse 2011-2021. Dá bhrí sin, is cúis mhór imní í an fhostaíocht a cailleadh mar gheall ar dhúnadh sheamlas Danish Crown i gcónaí.
18.Tá an ráta fostaíochta san Iútlainn Thuaidh (76,5 %) 1,1 pointe céatadáin níos ísle ná an meán náisiúnta. Cé go bhfuil an dífhostaíocht san Iútlainn Thuaidh íseal (3,1 % i mí Lúnasa), tá sé beagán níos airde ná an meán náisiúnta (2,8 %). Ina theannta sin, tháinig méadú 10 % ar líon na ndaoine dífhostaithe sa réigiún in 2023 i gcomparáid le 2022. Bhí an méadú sin ar líon na ndaoine dífhostaithe le feiceáil i ngach bardas. Tá claonadh inscne ag baint le fás na dífhostaíochta: cé gur tháinig méadú 20 % ar dhífhostaíocht na bhfear, d’fhan líon na mban dífhostaithe mar an gcéanna.
19.Cruthaíonn míchothromaíochtaí inscne sa mhargadh saothair réigiúnach deacrachtaí nuair a fhostaítear daoine. Is san earnáil phríobháideach is mó a bhíonn fir ag obair agus tá barraíocht fear in earnáil na talmhaíochta, na tionsclaíochta agus na ceardaíochta, agus tá barraíocht ban sa riarachán poiblí agus in earnáil an oideachais, na sláinte, an chultúir agus na fóillíochta. Léiríonn miondealú inscne na n‑oibrithe iomarcacha ón gcomhlacht Danish Crown an éagothroime sin (86 % fir agus 14 % mná).
20.De réir anailís FremKom4, tá ganntanas oibrithe cáilithe san Iútlainn Thuaidh, sa réimse teicniúil (an t‑aistriú glas) agus sa chúram, sa tsláinte agus san oideolaíocht (leas sóisialta). Meastar go méadóidh an t‑easnamh go 1 906 oibrí cháilithe sa réimse teicniúil agus go 946 oibrí cháilithe i réimse an chúraim, na sláinte agus na hoideolaíochta faoi 2026. Úsáideadh an anailís ó FremKom4 chun an pacáiste beart atá le tairiscint d’iar-oibrithe ón gcomhlacht Danish Crown a tharraingt suas.
Cur i bhfeidhm Chreat Cáilíochta an Aontais Eorpaigh um oirchill ar athrú agus ar athstruchtúrú (QFR)
21.Thug an Danmhairg tuairisc ar an gcaoi ar cuireadh san áireamh na moltaí a leagtar amach i gCreat Cáilíochta an Aontais Eorpaigh um oirchill ar athrú agus athstruchtúrú: Chomhlíon Danish Crown dlí na Danmhairge maidir le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna, lena mbunaítear nós imeachta éigeantach maidir le hionadaithe na n‑oibrithe a chur ar an eolas agus maidir le dul i gcomhairle leo. Leis an nós imeachta is féidir féachaint an bhféadfaí iomarcaíochtaí a sheachaint nó an líon iomarcaíochtaí a laghdú. Díreach tar éis an chinnidh suíomh Sæby a dhúnadh, chuir bainistíocht an fhiontair agus ionadaithe na bhfostaithe tús le hidirbheartaíocht ar phlean sóisialta, lena n‑áirítear tairiscintí do shocrú amach i suíomhanna eile de chuid Danish Crown, comhairleoireacht aonair, agallaimh phoist agus oiliúna, agus liúntais athlonnaithe dóibh siúd a cuireadh amach chuig seamlas eile de chuid an chomhlachta Danish Crown. I mí na Bealtaine 2023 reáchtáladh aonach gairme inmheánach inar díríodh ar thar ar 400 post inmheánacha sa chomhlacht Danish Crown, agus chuathas ar turas bus chuig seamlais eile de chuid Danish Crown sa Danmhairg ina dhiaidh sin.
22.Ina theannta sin, cuireann an comhlacht Danish Crown aon mhilliún Krone na Danmhairge (thart ar EUR 134 050) leis an sciar cómhaoinithe náisiúnta de chostas na mbeart.
23.Maidir leis na ngníomhaíochtaí a rinneadh chun cúnamh a thabhairt do na hoibrithe iomarcacha, thuairiscigh an Danmhairg gur cuireadh tús leis an tacaíocht d’oibrithe go gairid tar éis na n‑iomarcaíochtaí, i mí Dheireadh Fómhair 2023. Eagraíodh aontaí fostaíochta agus aontaí oideachais. Tairgeadh measúnuithe inniúlachta (realkompetencevurdering-RKV) agus oiliúint i gcuardach poist do na hoibrithe iomarcacha freisin.
Comhlántacht maidir le gníomhaíochtaí atá á gcistiú as cistí náisiúnta nó as cistí de chuid an Aontais
24.Maidir leis na bearta a bhfuil tuairisc orthu thíos agus a gheobhaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED, dheimhnigh an Danmhairg nach bhfaigheadh na bearta sin ranníocaíochtaí airgeadais ó ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais freisin.
25.Leis an bpacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe comhlánaítear an tacaíocht chaighdeánach a sholáthraíonn oifigí fostaíochta poiblí atá á maoiniú ag cistí náisiúnta nó AE eile.
‑Nósanna imeachta maidir le dul i gcomhairle leis na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú nó lena nionadaithe nó leis na comhpháirtithe sóisialta agus le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha
26.Chuir an Danmhairg in iúl gur tarraingíodh suas an pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe i gcomhairle leis an gceardchumann NNF, i gcomhréir le hAirteagal 7(4) de Rialachán (AE) 2021/691. Comhaontaíodh an tsraith beart ag an gcruinniú a tionóladh an 23 Deireadh Fómhair 2023.
27.Ullmhaíodh an t‑iarratas i ndlúthchomhar le bardas Frederikshavn, le Gníomhaireacht na Danmhairge um an Margadh Saothair agus Earcaíocht agus le Comhairle Mhargadh Saothair Thuaisceart na Danmhairge. Thionóil bardas Frederikshavn cruinniú le hinstitiúidí ábhartha oideachais a d’fhéadfadh a bheith páirteach san oiliúint maidir le huas-sciliú/athsciliú chun an tairiscint a ailíniú le riachtanais agus le hionchais.
Na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú agus na bearta atá beartaithe
Na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú
28.Meastar gur 390 an líon oibrithe iomarcacha a ghlacfaidh páirt sna bearta. De bhun Airteagal 8(7), pointe (f) de Rialachán (AE) 2021/691, is é seo a leanas miondealú na n‑oibrithe sin de réir inscne, aoisghrúpa agus leibhéil oideachais:
|
Catagóir
|
An líon
tairbhithe a mheastar a bheidh ann
|
|
Inscne:
|
Fir:
|
335
|
(85,90 %)
|
|
|
Mná:
|
55
|
(14,10 %)
|
|
|
Neamh‑dhénártha
|
0
|
(0,0 %)
|
|
Aoisghrúpa:
|
Faoi bhun 30 bliain:
|
39
|
(10,00 %)
|
|
|
30‑54 bliana:
|
275
|
(70,51 %)
|
|
|
Os cionn 54 bliana:
|
76
|
(19,49 %)
|
|
Leibhéal oideachais
|
Oideachas meánscoile sóisearach, nó níos lú ná sin
|
156
|
(40,00 %)
|
|
|
Oideachas meánscoile sinsearach nó oideachas iar-mheánscoile
|
214
|
(54,87 %)
|
|
|
Oideachas treasach
|
20
|
(5,13 %)
|
Bearta atá beartaithe
29.De bhun Airteagal 8(7), pointe (h), de Rialachán (AE) 2021/691, is iad na bearta seo a leanas atá sa phacáiste comhordaithe pearsanaithe atá le soláthar d’oibrithe iomarcacha:
–Spreagadh: Is meascán d’fhaisnéis, de spreagadh agus de chomhairleoireacht atá sa chéad bheart sin, mar aon leis an bpróifíliú oibrithe. Is é príomhsprioc an phróisis spreagtha muinín na rannpháirtithe as a gcumas féin a fhorbairt, a chur in iúl dóibh go gcuideoidh feabhsú a gcuid scileanna leo post nua a fháil, plé a dhéanamh ar bhacainní a d’fhéadfadh bac a chur ar fheabhsú a gcuid scileanna agus teacht ar réitigh chun na bacainní sin a bhaint.
–Coinneáil: Is é is cuspóir don bheart seo an spreagadh chun páirt a ghlacadh i gconairí oideachais agus uas-scilithe a choinneáil ar bun trí thacaíocht a thabhairt d’oibrithe iomarcacha trí bhíthin meantóireachta agus comhairle, rud lena gcuidítear leo dúshláin a réiteach agus bacainní a íoslaghdú,
–Oiliúint maidir le hinniúlachtaí ginearálta: In Acht na Danmhairge um Iarrachtaí Fostaíochta Gníomhacha leagtar síos nach mór oiliúint léitheoireachta, scríbhneoireachta, uimhríochta agus disléicse a chur ar fail d’oibrithe iomarcacha, más gá. Dá bhrí sin, leis an tairiscint oiliúna den phacáiste CED treisítear an bhunoiliúint dá bhforáiltear leis an dlí agus dírítear ar an oideachas aosach ginearálta lenar féidir feabhas a chur ar ábhar amháin nó níos mó ar leibhéal na bunscoile, mar aon le scileanna Danmhairgise. Tá oiliúint sa Danmhairgis ábhartha go háirithe ós rud é go mbaineann cúlra imirceach le 41 % de na hoibrithe iomarcacha agus nach bhfuil siad líofa sa Danmhairgis. Tá oiliúint i scileanna digiteacha agus oiliúint ad-hoc saincheaptha d’iaroibrithe ón gcomhlacht Danish Crown beartaithe freisin. Meascán d’oiliúint teanga agus tacaíocht atá dírithe ar an bhfostaíocht (cuardach poist san áireamh) atá san oiliúint oiriúnaithe chun cuidiú le rannpháirtithe riachtanais dhlí an tsaothair a chomhlíonadh agus nascadh an athuair leis an margadh saothair.
–Oiliúint maidir le huas-sciliú/athsciliú Ní fhreagraíonn próifílí na n‑oibrithe iomarcacha do na scileanna atá á lorg sa mhargadh saothair. Tá leibhéil ísle cáilíochtaí foirmiúla ag formhór na n‑oibrithe (46 %) nó cáilíochtaí agus scileanna atá réasúnta as dáta (40 %). Baineann formhór na n‑oibrithe nach bhfuil ach bunoideachas acu leis an aoisghrúpa 30-39 mbliana, agus baineann formhór na n‑oibrithe a bhfuil gairmoideachas agus gairmoiliúint (VET) acu agus arb é sin an leibhéal oideachais is airde atá acu leis an aoisghrúpa 50-59 mbliana. Áirítear leis an tairiscint oiliúna conairí níos giorra chun scileanna a fheabhsú (oiliúint AMU) agus gairmoiliúint atá bunaithe ar mheasúnú inniúlachtaí (RKV) lena ndeimhnítear aon inniúlacht a fuarthas sa chóras oideachais foirmiúil, ag an obair nó in oiliúint leanúnach. Le AMU dírítear ar oiliúint a chur ar dhaoine fásta ar bheagán oiliúna agus cumhdaítear leis formhór na gceirdeanna, na dtionscal agus na seirbhísí. Cuimsíonn tairiscint AMU idir chúrsaí tosaigh agus chúrsaí an-speisialaithe. Cuirtear oiliúint ar fáil i gceardlanna atá cosúil le timpeallacht oibre na bhfiontar.
–Liúntas oiliúna/liúntas um chuardach poist. Gheobhaidh na hoibrithe liúntas le linn dóibh a bheith ag gabháil don oiliúint nó do chuardach poist.
30.Tarraingíodh suas an tairiscint oiliúna agus roinnt staidéar amhail Jobbarometer 2023 (anailís ar riachtanais saothair áitiúla sna Bardais Frederikshavn, Hjørring, Jammerbugt agus Brønderslev), Cothromaíocht Dhébhliantúil Mhargadh an tSaothair a thugann forbhreathnú ar fholúntais post a d’fhéadfadh a bheith ann, agus an anailís ó FremKom4 ar scileanna á gcur san áireamh. Tá sé d’aidhm aici cur le inniúlachtaí ginearálta (lena n‑áirítear inniúlachtaí teanga agus uimhearthachta), inniúlachtaí digiteacha agus feabhas a chur ar scileanna le haghaidh poist i réimsí ina bhfuil ganntanas scileanna. Dá bhrí sin, tugtar aghaidh ar scaipeadh na scileanna a theastaíonn sa ré dhigiteach thionsclaíoch agus i ngeilleagar atá tíosach ar acmhainnímar a cheanglaítear le hAirteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2021/691.
31.Maidir leis na gníomhaíochtaí atá beartaithe, a bhfuil tuairisc orthu anseo, is bearta gníomhacha beartais maidir leis an margadh saothair iad atá laistigh de na gníomhaíochtaí incháilithe a leagtar amach in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2021/691. Ní chuirfear na gníomhaíochtaí sin in ionad bearta éighníomhacha cosanta sóisialta.
32.Sholáthair an Danmhairg an fhaisnéis is gá maidir le bearta atá éigeantach don fhiontar lena mbaineann de bhua an dlí náisiúnta nó de bhun comhaontuithe comhchoiteanna. I gcomhréir le hAirteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2021/691, dheimhnigh an Danmhairg nach gcuirfear ranníocaíocht airgeadais ó CED in ionad na mbeart sin.
Buiséad measta
33.Is é EUR 3 137 021 luach na gcostas measta ina n‑iomláine, costais a chuimsíonn caiteachas EUR 2 878 001 ar sheirbhísí pearsantaithe agus caiteachas EUR 259 020 ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe.
34.Is é EUR 1 882 212 (60 % de na costais iomlána) an ranníocaíocht airgeadais iomlán a iarradh ó CED.
35.De bhun Airteagal 8(7), pointe (m), de Rialachán (AE) 2021/691, shonraigh an Danmhairg go bhfuil an réamh-mhaoiniú agus an comhchistiú á soláthair ag Údarás Gnó na Danmhairge, mar aon le bardais Frederikshavn, Aalborg, Hjørring agus Brønderslev agus an comhlacht Danish Crown.
|
Bearta
|
An líon measta rannpháirtithe
|
An costas measta in aghaidh an rannpháirtí
(EUR)
|
Costais mheasta iomlána
(EUR)
|
|
Seirbhísí pearsantaithe (bearta faoi Airteagal 7(2), an dara fomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/691)
|
|
Spreagadh
|
75
|
3 200
|
240 000
|
|
Coinneáil
|
75
|
1 200
|
90 000
|
|
Oiliúint maidir le hinniúlachtaí ginearálta
|
85
|
10 667
|
906 667
|
|
Oiliúint maidir le huas-sciliú/athsciliú
|
170
|
3 733
|
634 667
|
|
Fo-iomlán (a):
An céatadán den phacáiste de sheirbhísí pearsantaithe
|
–
|
1 871 334
|
|
|
|
(65,02 %)
|
|
Liúntais agus dreasachtaí (bearta faoi Airteagal 7(2), an dara fomhír, pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/691)
|
|
Liúntas oiliúna/liúntas um chuardach poist
|
390
|
2 581
|
1 006 667
|
|
Fo-iomlán (b):
An céatadán den phacáiste de sheirbhísí pearsantaithe:
|
–
|
1 006 667
|
|
|
|
(34,98 %)
|
|
Gníomhaíochtaí faoi Airteagal 7(5) de Rialachán (AE) 2021/691
|
|
1. Gníomhaíochtaí ullmhúcháin
|
–
|
38 853
|
|
2. Bainistíocht
|
–
|
129 510
|
|
3. Faisnéis agus poiblíocht
|
–
|
51 804
|
|
4. Rialú agus tuairisciú
|
–
|
38 853
|
|
Fo-iomlán (c):
An céatadán de na costais iomlána:
|
–
|
259 020
|
|
|
|
(8,26 %)
|
|
Costais iomlána (a + b + c):
|
–
|
3 137 021
|
|
Ranníocaíocht ó CED (60 % de na costais iomlána)
|
–
|
1 882 212
|
36.Costais na mbeart a shainaithnítear sa tábla thuas mar bhearta faoi Airteagal 7(2), an dara fomhír, pointe (b) de Rialachán (AE) 2021/691, ní mó iad ná 35 % de na costais iomlána don phacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe. Dheimhnigh an Danmhairg go ngabhann coinníoll leis na bearta sin, is é sin nach mór do na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú a bheith rannpháirteach go gníomhach i ngníomhaíochtaí cuardaigh poist nó i ngníomhaíochtaí oiliúna.
Tréimhse incháilitheachta an chaiteachais
37.An 16 Deireadh Fómhair 2023, thosaigh an Danmhairg ar na seirbhísí pearsantaithe a sholáthar do na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu. Dá bhrí sin, an caiteachas ar na bearta, is caiteachas é a bheidh incháilithe le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón 16 Deireadh Fómhair 2023 go dtí 24 mhí tar éis an dáta a thiocfaidh an Cinneadh Maoiniúcháin i bhfeidhm.
38.An 1 Meitheamh 2023, thosaigh an Danmhairg ar an gcaiteachas riaracháin a thabhú chun CED a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, an caiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe, beidh sé incháilithe le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón 1 Meitheamh 2023 go dtí 31 mhí tar éis an dáta a thiocfaidh an Cinneadh Maoiniúcháin i bhfeidhm.
Córais bhainistíochta agus rialaithe
39.Déantar tuairisc san iarratas ar an gcóras bainistíochta agus rialaithe a cheanglaítear faoi Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2021/691, lena sonraítear freagrachtaí na gcomhlachtaí lena mbaineann. Thug an Danmhairg fógra don Choimisiún go ndéanfaidh na comhlachtaí céanna a bhfuil Ciste Sóisialta na hEorpa Plus á bhainistiú agus á rialú acu an ranníocaíocht airgeadais a bhainistiú agus a rialú, arb é Údarás Gnó na Danmhairge an tÚdarás Bainistíochta atá acu freisin. Is é údarás iniúchóireachta Údarás Gnó na Danmhairge do Chiste Réigiúnach na hEorpa agus do Chiste Sóisialta na hEorpa Plus an tÚdarás Iniúchóireachta. Beidh Bardas Frederikshavn freagrach as bearta a chur chun feidhme. I ndáil leis sin, tabharfaidh údaráis na Danmhairge comhaontú gealltanais i gcrích le Bardas Frederikshavn.
Gealltanais a thug an Ballstát lena mbaineann
40.Rinne an Danmhairg na dearbhuithe uile a bhfuil gá leo a chur ar fáil maidir leis na nithe seo a leanas:
–cloífear leis na prionsabail um chóir chomhionann agus um neamh‑idirdhealú sa mhéid a bhaineann leis an rochtain ar na bearta atá beartaithe agus maidir le cur chun feidhme na mbeart sin,
–comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos sa dlí náisiúnta agus i ndlí an Aontais maidir le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna,
–maidir le Danish Crown, a lean lena ghníomhaíochtaí tar éis dó na daoine lena mbaineann a leagan as, rinne sé a chuid oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh agus riar sé dá chuid oibrithe dá réir,
–beidh cosc ar aon mhaoiniú dúbailte,
–cloífidh an ranníocaíocht airgeadais ó CED le rialacha nós imeachta agus rialacha ábhartha an Aontais maidir le Státchabhair.
IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Togra buiséadach
41.Ní rachaidh CED os cionn uasmhéid bliantúil de EUR 186 mhilliún (praghsanna 2018), mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027.
42.Tar éis dó an t‑iarratas a scrúdú i dtaca leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 13(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2021/691, agus tar éis dó an líon tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú, na bearta atá beartaithe agus na costais mheasta a chur san áireamh, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún CED a shlógadh le haghaidh EUR 1 882 212, suim arb í 60 % de chostais iomlána na mbeart atá beartaithe í, chun ranníocaíocht airgeadais a sholáthar don iarratas.
43.Maidir le CED a shlógadh, is iad Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i gcomhpháirt le chéile a dhéanfaidh an cinneadh atá beartaithe de bhun Airteagal 15(1), an chéad fhomhír, an dara habairt, de Rialachán (AE) 2021/691, agus mar a leagtar síos i bpointe 9 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséid agus le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n‑áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach.
Gníomhartha gaolmhara
44.An tráth céanna a thíolacfaidh sé an togra seo le haghaidh cinneadh maidir le CED a shlógadh, déanfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle chun EUR 1 882 212 a aistriú chuig an líne bhuiséadach ábhartha.
45.An tráth céanna a ghlac an Coimisiún an togra seo le haghaidh cinneadh CED a shlógadh, ghlac sé cinneadh maidir le ranníocaíocht airgeadais arb é atá ann cinneadh maoiniúcháin de réir bhrí Airteagal 110 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Tiocfaidh an cinneadh maoiniúcháin sin i bhfeidhm an dáta a gheobhaidh an Coimisiún fógra go bhfuil an t‑aistriú buiséadach formheasta ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle, de bhun Airteagal 15(2), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2021/691.
2024/0044 (BUD)
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón Danmhairg – EGF/2023/004 DK Danish Crown
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013, agus go háirithe Airteagal 15(1), an chéad fhomhír, de,
Ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, chomh maith le hacmhainní dílse nua, lena n‑áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach, agus go háirithe pointe 9 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Is é is aidhm don Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) dlúthpháirtíocht a léiriú agus fostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe a chur chun cinn san Aontas trí thacaíocht a thabhairt d’oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht i gcás mórtheagmhais athstruchtúrúcháin, sin agus cúnamh a thabhairt dóibh filleadh ar fhostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe a luaithe is féidir.
(2)Ní rachaidh CED os cionn uasmhéid bliantúil de EUR 186 mhilliún (praghsanna 2018) mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle agus Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2021/691.
(3)An 6 Nollaig 2023, chuir an Danmhairg iarratas isteach chun CED a shlógadh i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2021/691, i leith iomarcaíochtaí oibrithe sa chomhlacht Danish Crown agus dhá sholáthraí agus dhá tháirgeoir iartheachtacha sa Danmhairg. Bhí faisnéis bhreise ann mar fhorlíonadh ar an iarratas sin, faisnéis a soláthraíodh i gcomhréir le hAirteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2021/691. Meastar na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais ó CED a sholáthar a bheith á gcomhlíonadh ag an iarratas, mar a leagtar síos in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2021/691, ar bhonn an mheasúnaithe a rinne an Coimisiún sa Togra le haghaidh cinneadh maidir le slógadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(4)Dá bhrí sin, ba cheart CED a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais EUR 1 882 212 a sholáthar i leith an iarratais a chuir an Danmhairg isteach.
(5)Chun íoslaghdú a dhéanamh ar an am a theastaíonn chun CED a shlógadh, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ó dháta a ghlactha,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2024, slógfar an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha chun an méid EUR 1 882 212 a sholáthar i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón [dáta a ghlactha].
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán