AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,26.11.2024
COM(2024) 953 final
Moladh le haghaidh
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
d’fhonn deireadh a chur le staid an easnaimh iomarcaigh san Ungáir
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,26.11.2024
COM(2024) 953 final
Moladh le haghaidh
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
d’fhonn deireadh a chur le staid an easnaimh iomarcaigh san Ungáir
Moladh le haghaidh
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
d’fhonn deireadh a chur le staid an easnaimh iomarcaigh san Ungáir
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus go háirithe Airteagal 126(7) de,
Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)De réir Airteagal 126 CFAE, seachnóidh na Ballstáit easnaimh rialtais iomarcacha.
(2)Tá an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis bunaithe ar chuspóir an airgeadais rialtais fhónta mar mhodh chun na dálaí a neartú le haghaidh cobhsaíocht praghsanna agus fás cuimsitheach inbhuanaithe láidir a mbeidh cobhsaíocht airgeadais mar bhonn taca leis, rud a bheidh ina thacú le cuspóirí an Aontais maidir le fás inbhuanaithe agus fostaíocht a ghnóthú.
(3)An 30 Aibreán 2024, tháinig creat rialachais eacnamaíoch athchóirithe an Aontais i bhfeidhm. Mar chuid den chreat tá rialachán dar teideal Rialachán (AE) 2024/1263 1 an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle. Is cuid den chreat sin freisin Rialachán (AE) 2024/1264 ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle 2 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air, mar aon le Treoir (AE) 2024/1265 ón gComhairle 3 an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Treoir 2011/85/AE maidir le ceanglais le haghaidh chreataí buiséadacha na mBallstát.
(4)An 26 Iúil 2024, chinn an Chomhairle, i gcomhréir le hAirteagal 126(6) CFAE, gur ann d’easnamh iomarcach san Ungáir mar gheall ar neamhchomhlíonadh an chritéir easnaimh 4 .
(5)Le hAirteagal 126(7) CFAE agus le hAirteagal 3(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle, ceanglaítear ar an gComhairle moladh a ghlacadh atá dírithe ar an mBallstát lena mbaineann d’fhonn deireadh a chur le staid an easnaimh iomarcaigh laistigh de thréimhse áirithe. I gcomhréir le hAirteagal 3(4) de Rialachán (CE) 1467/97 ón gComhairle, bunófar leis an moladh sin freisin sprioc-am uasta 6 mhí le haghaidh gníomhaíocht éifeachtach a bheidh le déanamh ag an mBallstát lena mbaineann chun an t‑easnamh iomarcach a cheartú, sprioc-am is féidir a laghdú go 3 mhí nuair a bhaineann údar cuí le tromchúis an cháis. Thairis sin, sa mholadh ón gComhairle, molfaidh sí don Bhallstát conair ghlanchaiteachais cheartaitheach 5 a chur chun feidhme, lena n‑áirithítear go dtabharfar an t‑easnamh rialtais ghinearálta faoi bhun an luacha tagartha 3 % de OTI, agus go gcoinneofar faoina bhun sin é, laistigh den sprioc-am a leagtar síos sa mholadh. I gcás inar osclaíodh an nós imeachta um easnamh iomarcach ar bhonn an chritéir easnaimh, beidh an chonair ghlanchaiteachais cheartaitheach i gcomhréir le coigeartú struchtúrach bliantúil íosta 0,5 % de OTI mar thagarmharc le linn na mblianta ina meastar go mbeidh an t‑easnamh rialtais ghinearálta níos mó ná an luach tagartha. Féadfaidh an Coimisiún, le linn idirthréimhse in 2025, 2026 agus 2027, an tagarmharc a choigeartú chun an méadú ar íocaíochtaí úis a chur san áireamh agus an chonair cheartaitheach atá beartaithe le haghaidh na mblianta á leagan síos aige, agus aithris 23 de Rialachán (AE) 2024/1264 ón gComhairle á cur san áireamh.
(6)I bhfianaise chur isteach an phlean struchtúraigh fhioscaigh mheántéarmaigh náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 11 agus le hAirteagal 36(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/1263, leis an gCinneadh ón gComhairle an 26 Iúil 2024 cuireadh san áireamh go ndéanfar an chéad chéim eile sa nós imeachta um easnamh iomarcach, is é sin an moladh ón gCoimisiún le haghaidh moladh ón gComhairle faoi Airteagal 126(7) CFAE maidir le ceartú an easnaimh iomarcaigh, in éineacht leis an Tuairim ón gCoimisiún maidir le Dréachtphleananna Buiséadacha Bhallstáit an limistéir euro faoi Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 473/2013. Leis an gcur chuige sin, is féidir comhsheasmhacht a áirithiú idir na ceanglais bhuiséadacha faoin nós imeachta um easnamh iomarcach agus conair an choigeartaithe a leagtar amach sna pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha. Tá an amlíne sin eisceachtúil agus tá sí nasctha leis an aistriú chuig an gcreat nua, rud a fhágann nach fasach a bheidh inti.
(7)Tháinig méadú -0,9 % ar an bhfíor-OTI san Ungáir in 2023. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, meastar go bhfásfaidh an geilleagar 0,6 % in 2024, mar gheall ar thomhaltas príobháideach athléimneach agus mar gheall ar rannchuidiú dearfach glan-onnmhairí. In 2025, meastar go dtiocfaidh méadú 1,8 % ar an bhfíor-OTI ós rud é go leanfaidh an tomhaltas príobháideach de bheith ag fás go láidir, agus ós rud é go réamh-mheastar go mbeidh athléimneacht mheasartha san infheistíocht. Meastar go sroichfidh an ráta dífhostaíochta 4,5 % in 2024 agus 4,3 % in 2025. Tiocfaidh laghdú ar an ráta boilscithe ó 17,0 % in 2023 go 3,8 % in 2024 agus sroichfidh sé 3,6 % in 2025.
(8)De réir na sonraí a bhailíochtaigh Eurostat an 22 Deireadh Fómhair 2024 6 , 6,7 % de OTI a bhí san easnamh rialtais ghinearálta san Ungáir in 2023. Le Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, réamh-mheastar go mbeidh easnamh rialtais ghinearálta de 5,4 % de OTI in 2024 agus 4,6 % de OTI in 2025, agus, dá bhrí sin, go mbeidh sé os cionn an luacha tagartha sa dá bhliain. Réamh-mheastar gurb é -4,7 % de OTI a bheidh san easnamh struchtúrach in 2024 agus meastar go dtiocfaidh laghdú 0,7 pointe céatadáin air in 2025. Is é is cúis leis an laghdú sin caiteachas úis níos ísle in 2025 mar gheall ar íocaíochtaí cúpóin laghdaithe ar na bannaí miondíola atá nasctha le boilsciú agus mar gheall ar fhóirdheontais do chuideachtaí fóntais a laghdú i leith na gcaillteanas arna dtabhú mar gheall ar chaidhpeanna ar phraghsanna fuinnimh chónaithe.
(9)73,4 % de OTI a bhí san fhiachas rialtais ghinearálta ag deireadh 2023. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, réamh-mheastar go dtiocfaidh méadú air go 74,5 % de OTI ag deireadh 2024, go bhfanfaidh sé ag 74,5 % de OTI ag deireadh 2025 agus go dtiocfaidh laghdú air go 73,8 % de OTI ag deireadh 2026, agus, dá bhrí sin, go bhfanfaidh sé os cionn an luacha tagartha 60 % de OTI.
(10)An 4 Samhain 2024, thíolaic an Ungáir a céad phlean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta. Tá an measúnú ar an bplean ar siúl faoi láthair. Cumhdaítear leis an bplean an tréimhse idir 2025 agus 2028 agus cuirtear i láthair ann coigeartú fioscach thar 4 bliana. In éagmais plean struchtúrach fioscach meántéarma náisiúnta atá formhuinithe ag an gComhairle, an chonair thagartha lena mbaineann coigeartú fioscach 4 bliana, a tugadh cothrom le dáta bunaithe ar na sonraí is déanaí, ba cheart í a mholadh mar an chonair cheartaitheach faoin nós imeachta um easnamh iomarcach. Dá bhrí sin, tá an chonair ghlanchaiteachais cheartaitheach comhsheasmhach le coigeartú struchtúrach bliantúil íosta 0,5 % de OTI ar a laghad mar thagarmharc le haghaidh na mblianta ina meastar go mbeidh an t‑easnamh rialtais ghinearálta níos mó ná an luach tagartha, i gcomhréir le Rialachán (CE) 1467/97 ón gComhairle.
(11)Ar bhonn na conaire glanchaiteachais, mar an t‑aon tagairt oibríochtúil amháin chun faireachán ar chomhlíonadh a dhéanamh, rud a leagtar amach sa mholadh seo, agus ar bhonn chreat réamh-mheasta fiachais rialtais mheántéarmaigh an Choimisiúin Eorpaigh agus ar bhonn Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, meastar go dtiocfaidh laghdú ar easnamh rialtais ghinearálta ó 5,4 % de OTI in 2024 agus go 2,5 % de OTI in 2027.
(12)Ar bhonn na conaire glanchaiteachais ceartaithí atá le moladh, ar bhonn chreat réamh‐mheasta fiachais náisiúnta mheántéarmaigh an Choimisiúin Eorpaigh, agus ar bhonn Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, thiocfadh laghdú de réir a chéile ar an bhfiachas rialtais ghinearálta ó 74,5 % de OTI ag deireadh 2024 go 72,6 % de OTI ag deireadh 2027.
(13)Le bearta comhdhlúthaithe bhuiséadaigh, ba cheart ceartú marthanach an easnaimh iomarcaigh a áirithiú agus, an tráth céanna, ba cheart iad a bheith dírithe ar cháilíocht agus comhdhéanamh an airgeadais phoiblí a fheabhsú, ar infheistíocht a chaomhnú agus ar acmhainneacht fáis an gheilleagair a threisiú. Le hathchóirithe de chineál fioscach agus de chineál eacnamaíoch níos leithne, ba cheart feabhas a chur ar acmhainneacht fáis agus athléimneachta an gheilleagair ar bhealach inbhuanaithe, agus tacú leis an inbhuanaitheacht fhioscach.
(14)Tar éis don Choimisiún measúnú dearfach a dhéanamh ar phlean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta na hUngáire agus tar éis don Chomhairle é a fhormhuiniú, d’fhéadfadh an Chomhairle conair ghlanchaiteachais cheartaitheach nua a mholadh, faoi Airteagal 126(7) CFAE, ar mholadh a fháil di ón gCoimisiún.
AG MOLADH LEIS SEO:
(1)Ba cheart don Ungáir a áirithiú nach rachadh ráta fáis ainmniúil an ghlanchaiteachais thar na huasmhéideanna a leagtar síos in Iarscríbhinn I.
(2)Ba cheart don Ungáir, dá bhrí sin, deireadh a chur le staid an easnaimh iomarcaigh faoi 2027.
(3)Beidh go dtí an sprioc-am arna leagan síos ag an gComhairle, is é sin an 30 Aibreán 2025, ag an Ungáir gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh agus na bearta is gá a chur i láthair mar aon lena tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn 2025, ar tuarascáil í atá le cur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2024/1263. Ina dhiaidh sin, ba cheart don Ungáir tuairisciú ar an dul chun cinn a rinneadh i dtaca le cur chun feidhme an mholta seo gach 6 mhí ar a laghad go dtí go gceartófar an t‑easnamh iomarcach.
Is chuig an Ungáir a dhírítear an Moladh seo.
IARSCRÍBHINN I
Uasrátaí fáis an ghlanchaiteachais
(rátaí fáis bliantúla agus carnacha, i dtéarmaí ainmniúla)
an Ungáir
|
Blianta |
2025 |
2026 |
2027 |
|
|
Rátaí fáis (%) |
Bliantúil |
3,9 |
3,3 |
3,2 |
|
Carnacha (*) |
7,6 |
11,1 |
14,7 |
|
(*) Ríomhtar na rátaí fáis carnacha faoi threoir na bonnbhliana 2023.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán