AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,9.4.2024
COM(2024) 920 final
2024/0089(BUD)
Togra le haghaidh
DRÉACHTBHUISÉAD LEASAITHEACH Uimh. 2
A GHABHANN LE BUISÉAD GINEARÁLTA 2024
BARRACHAS ÓN mBLIAIN AIRGEADAIS 2023 A IONTRÁIL
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,9.4.2024
COM(2024) 920 final
2024/0089(BUD)
Togra le haghaidh
DRÉACHTBHUISÉAD LEASAITHEACH Uimh. 2
A GHABHANN LE BUISÉAD GINEARÁLTA 2024
BARRACHAS ÓN mBLIAIN AIRGEADAIS 2023 A IONTRÁIL
Ag féachaint don mhéid seo a leanas:
–an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 314 de, i gcomhar leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,
–Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh 1 , a tháinig i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2021,
–Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (...) 2 , agus go háirithe Airteagal 44 de,
–buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh le haghaidh na bliana airgeadais 2024, a glacadh an 22 Samhain 2023 3 ,
–dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 1/2024 4 , a glacadh an 29 Feabhra 2024,
Leis seo, cuireann an Coimisiún Eorpach Dréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 2 a ghabhann le buiséad 2024 faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
ATHRUITHE AR AN RÁITEAS IONCAIM AGUS CAITEACHAIS DE RÉIR ROINNE
Tá na hathruithe ar an ráiteas ginearálta ioncaim agus ar roinn III féin le fáil ar EUR-Lex ( https://eur-lex.europa.eu/budget/www/index-ga.htm ).
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
Tá sé beartaithe le Dréachtbhuiséad Leasaitheach (DBL) Uimh. 2/2024 go n‑iontrálfar an barrachas a eascraíonn as cur chun feidhme na bliana airgeadais 2023 sa bhuiséad le haghaidh 2024. Mar a fhoráiltear in Airteagal 18(3) den Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais 5 (an ‘Rialachán Airgeadais’), is é an t‑iarmhéid ó 2023 ábhar aonair an DBL sin agus tá sé le cur isteach laistigh de 15 lá tar éis na cuntais shealadacha a chur isteach ag deireadh mhí an Mhárta 2024.
1.Tar éis buiséad na bliana 2023 a chur chun feidhme, tá barrachas thart ar EUR 0,6 billiún ann, a chuirtear isteach mar ioncam sa bhuiséad le haghaidh 2024 dá réir.
(in EUR)
|
Miondealú olltoraidh 2023 |
|
|
Ioncam barrachais |
238 746 744 |
|
Caiteachas barrachais |
393 878 830 |
|
Barrachas iomlán |
632 625 574 |
2.Ach an barrachas á bhuiséadú, laghdófar ranníocaíocht iomlán na mBallstát chuig maoiniú bhuiséad na bliana 2024 dá réir. Beidh tionchar freisin ar na ranníocaíochtaí ó na Ballstát ag réamhaisnéis athbhreithnithe na n‑acmhainní dílse a chuirfear ar fáil tar éis chruinniú an Choiste Chomhairligh maidir le hAcmhainní Dílse níos déanaí i mí na Bealtaine 2024 agus áireofar an réamhaisnéis sin i nDréachtbhuiséad Leasaitheach ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 44(1)(b) den Rialachán Airgeadais.
3.Léirítear sa tábla thíos miondealú an olltoraidh le haghaidh na bliana 2023 i dtéarmaí chur chun feidhme ioncaim:
(in EUR)
|
Miondealú olltoraidh 2023 |
Buiséad
|
Olltoradh |
Athrúchán |
|
|
Ioncam fo-iomlán |
165 202 974 773 |
165 441 721 517 |
238 746 744 |
|
|
— |
Teideal 1 - Acmhainní Dílse |
151 040 594 788 |
149 535 853 059 |
-1 504 741 729 |
|
|
Tobhaigh agus dleachtanna eile san earnáil siúcra |
0 |
1 756 294 |
1 756 294 |
|
|
Dleachtanna custaim |
23 730 100 000 |
22 081 301 059 |
-1 648 798 941 |
|
|
Acmhainní dílse a fhabhraíonn ó CBL |
22 458 526 500 |
22 482 072 586 |
23 546 086 |
|
|
Acmhainní dílse bunaithe ar OIN |
97 650 082 928 |
97 702 157 940 |
52 075 012 |
|
|
Ceartú míchothromaíochtaí buiséadacha a deonaíodh don Ríocht Aontaithe |
0 |
0 |
|
|
|
Oll-laghdú ar an ranníocaíocht bhliantúil bunaithe ar OIN a deonaíodh do roinnt Ballstát |
0 |
43 489 694 |
43 489 694 |
|
|
Acmhainní dílse bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte |
7 201 885 360 |
7 225 075 485 |
23 190 125 |
|
— |
Teideal 2 - Barrachais, iarmhéideanna agus coigeartuithe |
2 519 010 950 |
2 550 993 448 |
31 982 498 |
|
— |
Teideal 3 - Ioncam riaracháin |
1 894 666 175 |
2 001 468 072 |
106 801 897 |
|
— |
Teideal 4 - Ioncam airgeadais, ús mainneachtana agus fíneálacha |
710 280 669 |
2 475 899 816 |
1 765 619 147 |
|
— |
Teideal 5 - Ráthaíochtaí buiséadacha, oibríochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí |
0 |
0 |
0 |
|
— |
Teideal 6 - Ioncam, ranníocaíochtaí agus aisíocaíochtaí a bhaineann le beartais an Aontais |
9 038 422 191 |
8 877 507 122 |
-160 915 069 |
4.Is é lúide EUR 1 472,8 milliún méid na nglanathrúchán comhcheangailte i dTeideal 1 (Acmhainní Dílse) agus Teideal 2 (Barrachais, iarmhéideanna agus coigeartuithe). Méid dleachtanna custaim níos ísle ná an méid a raibh coinne leis a cuireadh ar fáil do bhuiséad an Aontais sa dara leath den bhliain, is é sin, den chuid is mó, is cúis leis an difríocht dhiúltach sin.
5.EUR 106,8 milliún atá sna hathrúcháin i dTeideal 3 (Ioncam riaracháin). Tá sé sin inchurtha den chuid is mó i leith an ráta ranníocaíochta pinsin atá níos airde ná mar a tuaradh ar dtús, chomh maith le cur i bhfeidhm nuashonraithe tuarastail idirmheánaigh amhail ó mhí Eanáir 2023. Mhéadaigh an dá ghné sin go meicniúil leibhéal na cánach agus na dtobhach agus na ranníocaíochtaí pinsin.
6.Is é EUR 1 765,6 milliún an méid atá sna hathrúcháin i dTeideal 4 (Ioncam airgeadais, ús mainneachtana agus fíneálacha), ina bhfuil fíneálacha iomaíochta agus ús mainneachtana, íocaíochtaí pionósacha eile agus ús a bhaineann le fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha.
7.Léirítear sa tábla thíos miondealú an olltoraidh le haghaidh na bliana 2023 i dtéarmaí chur chun feidhme buiséid an chaiteachais le haghaidh na n‑institiúidí uile:
(in EUR)
|
Miondealú olltoraidh 2023 |
Buiséad
|
Olltoradh |
Athrúchán |
|
|
Caiteachas fo-iomlán |
165 202 974 773 |
164 809 095 943 |
-393 878 830 |
|
|
Leithreasuithe olltoraidh údaraithe sa bhuiséad |
165 202 974 773 |
165 004 817 243 |
-198 157 530 |
|
|
— |
An Coimisiún Eorpach |
160 513 578 100 |
160 354 550 314 |
-159 027 786 |
|
|
Ceannteideal 1 - An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach |
20 128 876 581 |
20 109 892 540 |
-18 984 041 |
|
|
Ceannteideal 2a - An comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach |
49 236 902 765 |
49 227 567 732 |
-9 335 034 |
|
|
Ceannteideal 2b - Athléimneacht agus Luachanna |
7 231 818 351 |
7 227 885 569 |
-3 932 782 |
|
|
Ceannteideal 3 - Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol |
56 655 807 986 |
56 629 277 882 |
-26 530 103 |
|
|
Ceannteideal 4 - Imirce agus Bainistiú Teorainneacha |
2 661 982 072 |
2 597 329 666 |
-64 652 406 |
|
|
Ceannteideal 5 - An tSlándáil agus an Chosaint |
1 386 228 612 |
1 370 688 007 |
-15 540 605 |
|
|
Ceannteideal 6 - An Chomharsanacht agus an Domhan |
14 574 291 430 |
14 560 140 195 |
-14 151 235 |
|
|
Ceannteideal 7 - Riarachán Poiblí Eorpach |
6 656 322 828 |
6 650 473 176 |
-5 849 652 |
|
|
Ionstraimí speisialta téamacha |
1 981 347 475 |
1 981 295 547 |
-51 928 |
|
— |
Institiúidí eile |
4 689 396 673 |
4 650 266 929 |
-39 129 744 |
|
|
Parlaimint na hEorpa |
2 247 134 550 |
2 238 344 831 |
-8 789 719 |
|
|
Comhairle & an Chomhairle Eorpach |
647 908 757 |
628 536 397 |
-19 372 360 |
|
|
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh |
486 025 796 |
482 252 071 |
-3 773 725 |
|
|
Cúirt Iniúchóirí na hEorpa |
175 059 922 |
171 627 190 |
-3 432 732 |
|
|
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa |
158 767 970 |
156 709 673 |
-2 058 297 |
|
|
Coiste na Réigiún |
116 675 392 |
116 569 118 |
-106 274 |
|
|
An tOmbudsman Eorpach |
13 212 447 |
12 603 950 |
-608 497 |
|
|
An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí |
22 711 559 |
21 753 845 |
-957 714 |
|
|
An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí |
821 900 280 |
821 869 855 |
-30 425 |
|
Cealú leithreasuithe a thugtar anonn ó bhlianta airgeadais roimhe sin |
0 |
-118 093 796 |
-118 093 796 |
|
|
— |
An Coimisiún Eorpach |
0 |
-69 695 285 |
-69 695 285 |
|
|
Cealú leithreasuithe nár úsáideadh a thugtar anonn ó bhlianta airgeadais roimhe sin (le ceart) |
0 |
-39 938 887 |
-39 938 887 |
|
|
Cealú leithreasuithe nár úsáideadh a thugtar anonn ó bhlianta airgeadais roimhe sin (go huathoibríoch agus trí chinneadh) |
0 |
-29 756 398 |
-29 756 398 |
|
— |
Institiúidí eile |
0 |
-48 398 511 |
-48 398 511 |
|
|
Parlaimint na hEorpa |
0 |
-20 258 035 |
-20 258 035 |
|
|
Comhairle & an Chomhairle Eorpach |
0 |
-5 996 551 |
-5 996 551 |
|
|
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh |
0 |
-5 198 644 |
-5 198 644 |
|
|
Cúirt Iniúchóirí na hEorpa |
0 |
-1 492 307 |
-1 492 307 |
|
|
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa |
0 |
-2 043 574 |
-2 043 574 |
|
|
Coiste na Réigiún |
0 |
-1 884 593 |
-1 884 593 |
|
|
An tOmbudsman Eorpach |
0 |
-118 211 |
-118 211 |
|
|
An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí |
0 |
-416 201 |
-416 201 |
|
|
An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí |
0 |
-10 990 394 |
-10 990 394 |
|
Athrúcháin sa ráta malartaithe ar chaiteachas |
0 |
-77 627 505 |
-77 627 505 |
|
8.Ba é EUR 198,2 milliún méid na leithreasuithe buiséid a vótáladh nár chuir na hinstitiúidí uile chun feidhme le chéile iad. Chuir an Coimisiún 99,9 % de na leithreasuithe íocaíochta údaraithe chun feidhme. Bhain tearc-chur chun feidhme an Choimisiúin le EUR 159 milliún de leithreasuithe a vótáladh agus le EUR 70 milliún de leithreasuithe a tugadh anonn ó 2022.
9.Ar an gcaoi chéanna, bhí tearc-chur chun feidhme agus cealú leithreasuithe na n‑institiúidí eile fós íseal in 2023.