AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,24.7.2024
COM(2024) 800 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta 2024
Staid an smachta reachta san Aontas Eorpach
{SWD(2024) 801 final} - {SWD(2024) 802 final} - {SWD(2024) 803 final} - {SWD(2024) 804 final} - {SWD(2024) 805 final} - {SWD(2024) 806 final} - {SWD(2024) 807 final} - {SWD(2024) 808 final} - {SWD(2024) 809 final} - {SWD(2024) 810 final} - {SWD(2024) 811 final} - {SWD(2024) 812 final} - {SWD(2024) 813 final} - {SWD(2024) 814 final} - {SWD(2024) 815 final} - {SWD(2024) 816 final} - {SWD(2024) 817 final} - {SWD(2024) 818 final} - {SWD(2024) 819 final} - {SWD(2024) 820 final} - {SWD(2024) 821 final} - {SWD(2024) 822 final} - {SWD(2024) 823 final} - {SWD(2024) 824 final} - {SWD(2024) 825 final} - {SWD(2024) 826 final} - {SWD(2024) 827 final} - {SWD(2024) 828 final} - {SWD(2024) 829 final} - {SWD(2024) 830 final} - {SWD(2024) 831 final}
1.RÉAMHRÁ
Is coimirce fhíor-riachtanach é an smacht reachta le haghaidh dhea-fheidhmiú ár ndaonlathas agus chosaint chearta an duine aonair, agus le haghaidh bheogacht agus rathúnas ár sochaithe agus ár ngeilleagar dá réir. Tá an smacht reachta, an daonlathas agus na cearta bunúsacha ina mbunchloch d’obair an Aontais Eorpaigh chun an tsíocháin, an rathúnas, an t‑iomaíochas, an comhtháthú sóisialta agus an chobhsaíocht a chothú ar fud na mór-roinne agus ar fud an domhain. Is minic a bhíonn na luachanna sin, atá i gcoiteann ag na Ballstáit uile, faoi bhrú, agus bíonn athléimneacht na sochaithe daonlathacha agus na n‑institiúidí daonlathacha á dtástáil i gcónaí. Agus athrú mór os ár gcomhair – cé acu géarchéimeanna COVID-19 nó cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, nó an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach – tá luachanna an Aontais chomh lárnach agus a bhí riamh do mhuinín na saoránach.
Tá sé á aithint níos mó agus níos mó ag an Aontas nach féidir rath a bheith ar an smacht reachta gan cur chuige réamhghníomhach chun é a chur chun cinn agus a chosaint. Ar an iomlán, tá an méid sin i gcomhréir le tuairimí agus ionchais shaoránaigh an Aontais. I suirbhé Eorabharaiméadair a rinneadh le déanaí, cheap 74% de na freagróirí go bhfuil ról tábhachtach ag an Aontas ó thaobh an smacht reachta a chaomhnú agus chreid 89% acu go bhfuil sé tábhachtach go n‑urramóidh Ballstáit uile an Aontais bunluachanna an Aontais.
Gach bliain ó 2020 i leith, tá léirithe ag an Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta, trí scrúdú córasach agus oibiachtúil a dhéanamh ar fhorbairtí maidir leis an smacht reachta sna Ballstáit uile, go bhfuil tábhacht ag baint leis an smacht reachta do na saoránaigh agus do ghnólachtaí ar fud an Aontais. Cúig bliana tar éis na chéad tuarascála, tá feabhas mór tagtha ar ullmhacht na mBallstát agus ar ullmhacht an Aontais ina iomláine chun dúshláin atá ag teacht chun cinn a bhrath agus a chosc agus a chomhrac. Téann sé sin chun tairbhe d’athléimneacht ár ndaonlathas Eorpach agus don iontaoibh fhrithpháirteach san Aontas, chomh maith le dea-fheidhmiú mhargadh aonair an Aontais, agus is rud é a chuireann timpeallacht ghnó chun cinn lena bhfothaítear iomaíochas agus fás inbhuanaithe.
Tá an tAontas tiomanta an smacht reachta a chur chun cinn mar bhunchloch do chearta an duine agus don daonlathas ar fud an domhain agus ina chomharsanacht. Sa bhreis ar na tairbhí soiléire eacnamaíocha agus slándála a bhaineann le hAontas níos mó, príomhsprioc a bhaineann le méadú an Aontais is ea an daonlathas, an smacht reachta agus an urraim do chearta bunúsacha a dhaingniú go diongbháilte ar fud na mór-roinne seo againne. Trí thíortha áirithe is iarrthóirí a áireamh i dTuarascáil maidir leis an Smacht Reachta 2024, in éineacht leis na Ballstáit, tacófar le hiarrachtaí athchóiriúcháin na dtíortha sin ó thaobh dul chun cinn do-aisiompaithe a bhaint amach i leith an daonlathais agus an smachta reachta roimh an aontachas, agus ó thaobh a chinntiú go leanfaidh na hardchaighdeáin atá bainte amach acu de bheith ann tar éis an aontachais.
2.AG SEASAMH LEIS AN SMACHT REACHTA AR MHAITHE LE SAORÁNAIGH AGUS GNÓLACHTAÍ
Tá obair ar siúl ag an gCoimisiún le cúig bliana anuas chun ollstruchtúr an smachta reachta a thógáil d’fhonn cuidiú ó thaobh dul i ngleic leis an riosca a bhaineann le heaspa smacht reachta do Bhallstáit aonair, agus don Aontas ina iomláine.
Is é an sprioc a bhí leis an obair sin cultúr an smachta reachta a chur chun cinn, cosc a chur ar theacht chun cinn nó ar dhoimhniú fhadhbanna an smachta reachta, agus freagairt go héifeachtach ar leibhéal an Aontais do dhúshláin thromchúiseacha leanúnacha. Chuige sin, bhí gá le héagsúlú a dhéanamh ar na hionstraimí maidir leis an smacht reachta a d’fhéadfaí a úsáid ar leibhéal an Aontais, ionas gur féidir an leas is mó a bhaint as an ngníomhaíocht chun an éifeacht is fearr a fháil.
Le hollstruchtúr an smachta reachta agus leis an eolas feabhsaithe a tháinig chun solais mar thoradh ar an Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta, mar aon le dlús na n‑athchóirithe sna Ballstáit, neartaíodh iontaoibh fhrithpháirteach agus múnlaíodh tuiscint chomhroinnte níos fearr ar conas timpeallacht a chothú ina bhféadfaidh rath a bheith ar an smacht reachta.
Ina theannta sin, ó 2020 i leith, ardaíodh caighdeáin choiteanna mar gheall ar roinnt tionscnaimh nua de chuid an Aontais i réimsí a bhfuil ábharthacht dhíreach ag baint leo maidir leis an smacht reachta, agus leas á bhaint as torthaí an fhaireacháin i gcomhthéacs na tuarascála sin. A bhuí leis na tionscnaimh sin, méadófar an t‑ionracas
agus cuirfear dlús leis an gcomhrac in aghaidh an éillithe
, neartófar an trédhearcacht agus an fhreagracht i bpróisis chinnteoireachta, méadófar inniúlacht agus cáilíocht na riarachán poiblí ag gach leibhéal, cosnófar saoirse na meán agus iolrachas na meán
, idir na meáin as líne agus na meáin ar líne, neartófar údaráis neamhspleácha ar nós comhlachtaí comhionannais náisiúnta, agus déanfar spás poiblí a chur chun cinn agus a chosaint
, áit ar féidir le saoránaigh agus sochaí shibhialta atá neamhspleách agus gníomhach leas a bhaint as na dálaí agus na huirlisí a gcuireann ar a gcumas dóibh páirt fhiúntach a ghlacadh ann.
Is í an Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta croílár ollstruchtúr AE an Smachta Reachta
In 2019, agus Coláiste nua na gCoimisinéirí á bhunú aici, chuir an tUachtarán von der Leyen an smacht reachta ar bharr an chláir oibre pholaitiúil agus leag sí síos an Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta mar cheann de na príomh‑threoirlínte polaitiúla don sainordú reatha, tiomantas a gheall sí a neartú a thuilleadh sna cúig bliana atá romhainn.
Agus í deartha de réir timthriall bliantúil, dírítear sa tuarascáil ar an gcosc trí fheabhas a chur ar an bhfeasacht ar fhorbairtí tábhachtacha i ndáil leis an smacht reachta. Agus na dúshláin á sainaithint inti, féachann an Tuarascáil le cuidiú leis na Ballstáit teacht ar réitigh a chosnaíonn an smacht reachta, i gcomhar leis an gCoimisiún, le Ballstáit eile, agus le príomhpháirtithe leasmhara ar nós Choimisiún na Veinéise. Tá an tuarascáil anois ina hionstraim lárnach i mbosca uirlisí an Aontais don smacht reachta, agus ina príomhphointe tagartha ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Mar thoradh ar an bhfaireachán díograiseach atá déanta dá barr, tá tuiscint choiteann níos láidre ann ar na forbairtí i ngach Ballstát, rud a chuidíonn ó thaobh rioscaí a shainaithint, réitigh fhéideartha a fhorbairt, agus tacaíocht a spriocdhíriú go luath.
Gach bliain, féachann an tuarascáil ar staid an smachta reachta i ngach Ballstát agus san Aontas Eorpach trí chéile, agus déantar measúnú inti ar bhealach struchtúrtha mionchúiseach ar na forbairtí suntasacha náisiúnta, idir forbairtí dearfacha agus diúltacha, i gceithre phríomhréimse: an ceartas, an frithéilliú, iolrachas agus saoirse na meán; agus srianta agus ceartúcháin institiúideacha. Lena modheolaíocht thrédhearcach agus oibiachtúil, bunaithe ar chaighdeáin aitheanta maidir leis an smacht reachta, cinntíonn an tuarascáil go gcaithfear go cóir agus go cothrom leis na Ballstáit uile agus comhthéacsanna náisiúnta agus traidisiúin dhlíthiúla shonracha á gcur san áireamh freisin.
Ó 2022 i leith, bíonn moltaí sonracha do na Ballstáit ag gabháil leis an tuarascáil chun tacú níos fearr leo agus a n‑iarrachtaí athchóiriúcháin á gcur chun cinn acu, agus chun na réimsí ina bhféadfadh gá a bheith le feabhsuithe nó gníomhaíochtaí leantacha a shainaithint. In 2023, rinneadh obair leantach ar bheagnach 65% den chéad sraith de mholtaí sonracha, a eisíodh in 2022, rud a léiríonn dinimic dhearfach athchóiriúcháin ar fud an Aontais. In 2024, leanadh den treocht sin agus rinneadh obair leantach ar 68% de na moltaí a eisíodh in 2023.
Léiríonn sé sin go bhfuil iarrachtaí tábhachtacha á ndéanamh ag na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na moltaí a rinneadh sa tuarascáil. An tráth céanna, ag brath ar na cineálacha moltaí atá ann agus ar an méid is ábhar dóibh, d’fhéadfadh sé go mbeadh an t‑am a thógtar chun aghaidh thabhairt orthu níos faide ná timthriall bliantúil na dtuarascálacha. Mar shampla, d’fhéadfadh an méid sin a bheith amhlaidh mar gheall ar an ngá atá le comhairliúcháin fhorleathana a dhéanamh le polaiteoirí agus le páirtithe leasmhara, nó toisc go bhféadfadh timthriallta toghcháin cur isteach ar dhul chun cinn na reachtaíochta. Leis an tuarascáil agus na moltaí a ghabhann léi, cuirtear fócas ar fáil freisin trínar féidir faireachán a dhéanamh ar an staid ar an láthair, chomh maith le torthaí na n‑athchóirithe.
Idirphlé agus obair leantach ar an Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais
Is iad an tuarascáil agus na moltaí a ghabhann léi bunchloch an idirphlé leanúnaigh leis na Ballstáit agus idir na Ballstáit. Áiríodh leis sin teagmhálacha níos treisithe idir an Coimisiún agus na Ballstáit, rud a chuimsíonn feisirí de pharlaimintí náisiúnta a bhfuil ról lárnach acu ina gcáil mar reachtóirí ó thaobh tacú leis an smacht reachta de agus de bharr an dualgais atá orthu an feidhmeannas a thabhairt chun cuntais. Úsáidtear cruinnithe rialta de phointí teagmhála Líonra an Aontais um an Smacht Reachta mar fhóram chun taithí a chomhroinnt maidir le saincheisteanna leasa choitinn a chuirtear i dtábhacht sna tuarascálacha ar an smacht reachta.
Tá forbairt tagtha ar an tuarascáil sa tslí go bhfuil sí anois ina cuid lárnach d’obair institiúidí an Aontais ar an smacht reachta. Baineann an tIdirphlé Bliantúil maidir leis an Smacht Reachta sa Chomhairle leas as an tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an smacht reachta mar bhonn dó, agus aithnítear gur rud é a chruthaíonn spás le haghaidh malartuithe cuiditheacha polaitiúla i measc na mBallstát agus le haghaidh chomhroinnt na ndea-chleachtas agus na gceachtanna a foghlaimíodh. In 2023, rinne an Chomhairle meastóireacht dhearfach ar an idirphlé agus d’fhéach sí lena mhinicíocht a mhéadú. Ina theannta sin, lean an Chomhairle Ceartais de bheith ag plé ceisteanna ábhartha maidir leis an smacht reachta le linn gach tréimhse 6 mhí d’Uachtaránacht na Comhairle. Tá saincheisteanna maidir leis an smacht reachta ábhartha freisin d’obair foirmíochtaí eile de chuid na Comhairle, mar a léiríodh i bplé mhí na Bealtaine 2024 maidir le cultúr an smachta reachta a chur chun cinn tríd an oideachas sa Chomhairle Oideachais.
Léiríodh an méid suime atá ag Parlaimint na hEorpa san ábhar seo ní hamháin sna díospóireachtaí bliantúla ar na Tuarascálacha maidir leis an Smacht Reachta, ach i ndíospóireachtaí tírshonracha freisin agus in éisteachtaí poiblí atá dírithe go sonrach ar an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha. Chuir Grúpa Faireacháin nua um an Daonlathas, an Smacht Reachta agus Cearta Bunúsacha fócas breise ar fáil.
Chuidigh an tuarascáil freisin ó thaobh díospóireacht níos leithne ar an smacht reachta a spreagadh. Ar na samplaí de sin tá an dara comhdháil ardleibhéil d’uachtaráin na ndlínsí bunreachtúla is airde san Aontas i mí na Samhna 2023. I mí Eanáir 2024, bhí an 13ú Idirphlé Díreach idir Príomhchathracha an Aontais agus an Coimisiún tiomnaithe don smacht reachta, áit ar phléigh na méaraí rannpháirteacha an ghné áitiúil a bhain leis na ceithre cholún den tuarascáil. Chuir Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) leis an machnamh breise ar an tuarascáil, agus d’fhoilsigh sí athbhreithniú ar thuairisciú an Choimisiúin maidir leis an smacht reachta i mí Feabhra 2024
.
Ghníomhaigh an tuarascáil freisin mar chatalaíoch do rannpháirtíocht níos láidre na sochaí sibhialta agus na bpáirtithe leasmhara in ábhair a bhaineann leis an smacht reachta. Tá ról tábhachtach ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus cosantóirí chearta an duine ó thaobh na luachanna agus na cearta a chumhdaítear i gconarthaí AE agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha a spreagadh agus a chosaint, rud a chuidíonn leis an smacht reachta a chothú ar an láthair. Cuireann eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus comhlachais ghairmiúla a dhéanann ionadaíocht ar ghrúpaí ar nós breithiúna, ionchúisitheoirí nó iriseoirí aighneachtaí suntasacha isteach sa tuarascáil gach bliain. Tá moltaí luachmhara déanta ag eagraíochta na sochaí sibhialta freisin maidir le conas is féidir feabhas a chur ar an bpróiseas ullmhúcháin le haghaidh na dtuarascálacha, rud a bhí ina chúis le síneadh a chur leis an tréimhse chomhairliúcháin le páirtithe leasmhara agus le méadú ar an trédhearcacht
.
Lean an Coimisiún de bheith ag eagrú seisiúin idirphlé náisiúnta maidir leis an smacht reachta i dteannta na Gníomhaireachta um Chearta Bunúsacha, agus é ag tabhairt le chéile páirtithe leasmhara náisiúnta éagsúla ag an leibhéal náisiúnta agus ag iarraidh go mbeidh baint níos dlúithe acu leis an obair leantach a dhéantar de bhun na dtuarascálacha maidir leis an smacht reachta. Cuireann an t‑idirphlé céanna deiseanna luachmhara ar fáil don Choimisiún agus do na húdaráis náisiúnta ó thaobh tuairimí na sochaí sibhialta a bhailiú, páirtithe leasmhara éagsúla a thabhairt le chéile agus cineálacha cur chuige comhoibríocha a dhéanamh amach chun na moltaí a chur i bhfeidhm.
Tacaíocht d’athchóirithe a bhaineann leis an smacht reachta
Tá ábharthacht eacnamaíoch dhíreach ag baint le córais cheartais éifeachtacha, leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe agus leis an dea-reachtaíocht, agus tá tionchar acu sin ar infheistíocht, ar fhás agus ar phoist, agus ar dhea-fheidhmiú an mhargaidh aonair dá réir. Is bunchlocha iad an smacht reachta agus an dea-rialachas le haghaidh dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus le haghaidh thimpeallacht ghnó shláintiúil, inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí, agus athchóirithe struchtúracha éifeachtacha. Dá réir sin, is cuid den Seimeastar Eorpach agus de na moltaí tírshonracha a bhaineann leis iad.
Chuir roinnt Ballstát bearta sonracha maidir leis an smacht reachta agus clocha míle gaolmhara san áireamh ina bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta (PTAnna), a bhfuil sé d’aidhm acu aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha ábhartha. Chuidigh sé sin ó thaobh athchóirithe tábhachtacha a spreagadh sna córais cheartais, sa chomhrac i gcoinne an éillithe agus i dtrédhearcacht agus cuimsitheacht fhoriomlán an phróisis reachtóireachta
. Go háirithe, tá bearta glactha ag na Ballstáit chun neamhspleáchas na mbreithiúna a neartú, ina measc sin tríd an gcóras araíonachta do ghiúistísí a athchóiriú, chomh maith le héifeachtúlacht na gcóras breithiúnach a fheabhsú, mar shampla trí struchtúr na gcúirteanna a athchóiriú. I gcomhréir leis na gealltanais ina bpleananna, chuir roinnt Ballstát dlús freisin leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe, mar shampla trí neartú leis na hinstitiúidí atá tiomanta do chomhrac an éillithe. Tá bearta á gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit freisin chun cáilíocht an phróisis reachtaigh a fheabhsú, cuir i gcás trí úsáid éigeantach comhairliúchán poiblí agus measúnuithe tionchair a thabhairt isteach. I gcásanna áirithe, measadh go raibh na gealltanais PTA sin fíor-riachtanach chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, agus é ina choinníoll go gcomhlíonfaí go sásúil iad sula dtabharfaí rochtain ar aon eisíocaíocht faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.
Chuidigh maoiniú eile ón Aontas freisin ó thaobh inniúlachtaí na mbreithiúna, na meán agus na sochaí sibhialta a fhorbairt chun gur fearr is féidir leo tacú leis an smacht reachta, in éineacht le tacaíocht theicniúil agus saineolas a thabhairt dóibh le haghaidh athchóirithe spriocdhírithe, go háirithe tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, lena ndírítear ar fheabhas a chur ar éifeachtúlacht agus cáilíocht an riaracháin phoiblí agus an cheartais agus ar aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann le comhrac an éillithe agus le hiolrachas na meán. Tacaíodh leis sin sna Ballstáit freisin trína gcomhar le saineolaithe idirnáisiúnta trí Chomhairle na hEorpa agus a comhlachtaí éagsúla, agus trí mhalartuithe le cleachtóirí ó Bhallstáit eile.
Inniúlacht mhéadaithe ó thaobh freagairt d’fhadhbanna a bhaineann leis an smacht reachta
Sa bhreis ar bhosca uirlisí an smachta reachta a fhorbairt ar mhaithe le cosc, agus ar mhaith le dreasachtaí don smacht reachta a chruthú, mhéadaigh an tAontas a inniúlacht ó thaobh freagairt d’fhadhbanna a bhaineann leis an smacht reachta.
Leanann Coimisiún dá ról a fheidhmiú mar chaomhnóir chonarthaí an Aontais
. I gcás inar gá, thionscain sé nósanna imeachta um shárú chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe sonracha ar an smacht reachta. Tá an neamhspleáchas breithiúnach i gcroílár corpais cásdlí thábhachtaigh a d’fhorbair Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcásanna a tionscnaíodh trí nósanna imeachta um shárú an Choimisiúin agus trí iarrataí ar réamhrialuithe ó chúirteanna náisiúnta.
Tháinig an córas ginearálta coinníollachta um chosaint bhuiséad an Aontais i bhfeidhm in 2021 chun bainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais agus leasanna airgeadais an Aontais a chosaint ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta. Déanann an Coimisiún dlúthfhaireachán ar an staid i ngach Ballstát agus déanann sé beart de réir mar is gá. In 2022, thionscain an Coimisiún nós imeachta chun buiséad an Aontais a chosaint ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta san Ungáir
. Ar thogra ón gCoimisiún, chinn an Chomhairle go raibh gá le bearta cosanta buiséadacha i mí na Nollag 2022
. Cé go bhfuil cur i bhfeidhm roinnt bearta ceartaitheacha a cuireadh chun cinn mar fhreagairt ar an nós imeachta coinníollachta fós ar siúl, tá easnaimh thábhachtacha fós ann agus níor ghlac an Ungáir aon bheart nua chun na hábhair imní atá fós ann a leigheas. Dá bhrí sin, an 13 Nollaig 2023, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur cheart na bearta a ghlac an Chomhairle bliain roimhe sin a choinneáil i bhfeidhm. Tá an Coimisiún réidh le leanúint de bheith i mbun plé leis an Ungáir chun na hábhair imní atá fós ann a réiteach
.
Ionstraim eile a spreag athchóirithe a thacaíonn leis na Ballstáit i gcur i bhfeidhm na Cairte um Chearta Bunúsacha is ea an coinníoll cumasúcháin cothrománach faoi Rialachán na bhForálacha Coiteanna. Ceanglaítear ar na Ballstáit sásraí éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun comhlíontacht leis an gCairt a chinntiú ag gach céim agus cláir an Aontais á gcur chun feidhme acu. Áirítear leis sin comhlíontacht leis an gCairt a mhéid a bhaineann leis an gceart chun leighis éifeachtaigh agus an ceart triail chóir a fháil ó bhinse neamhspleách neamhchlaonta. Léirigh an uirlis sin a héifeacht phraiticiúil, toisc gur go dtí seo bhí dhá chás ann nuair nár scaoil an Coimisiún maoiniú ón Aontas go dtí gur chuir na Ballstáit lena mbaineann na hathchóirithe a measadh ba ghá leo i bhfeidhm chun an coinníoll cumasúcháin cothrománach a chomhlíonadh a mhéid a bhaineann leis an neamhspleáchas breithiúnach.
Ar deireadh, lean an Chomhairle de nós imeachta Airteagal 7(1) CAE, lena gceadaítear don Chomhairle a chinneadh an bhfuil riosca soiléir ann go ndéanfar sárú tromchúiseach ar luachanna an Aontais agus obair leantach a dhéanamh maidir leis na rioscaí sin. Is uirlis eisceachtúil é Airteagal 7 CAE is féidir leis an Aontas a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar na teipeanna is tromchúisí sa smacht reachta i mBallstát áirithe. Go dtí seo, tionscnaíodh an nós imeachta dhá uair: ar dtús is é an Coimisiún a thionscain é i leith na Polainne i mí na Nollag 2017
, agus ansin is í Pharlaimint na hEorpa a thionscain é i leith na hUngáire i mí Mheán Fómhair 2018
. Faoin dá nós imeachta, thionóil an Chomhairle roinnt éisteachtaí foirmiúla agus seisiúin maidir le staid na himeartha, gan cinneadh a dhéanamh, áfach, ceachtar den dá nós imeachta a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile. Tar éis roinnt forbairtí dearfacha sa Pholainn, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid i mí na Bealtaine 2024 nach ann a thuilleadh do na coinníollacha chun an nós imeachta a choinneáil ar bun. Ghlac údaráis na Polainne Plean Gníomhaíochta chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna an neamhspleáchais bhreithiúnaigh a chumhdaítear sa togra réasúnaithe ón gCoimisiún i mí na Nollag 2017, agus a mbainfidh an Coimisiún úsáid as ina chuid faireacháin
. Ós rud é nach bhfuil baol soiléir ann a thuilleadh go ndéanfaidh an Pholainn sárú tromchúiseach ar an smacht reachta, tharraing an Coimisiún siar a thogra réasúnaithe sa tslí go bhfuil deireadh curtha leis an nós imeachta i gcoinne na Polainne anois. Leanfar den fhaireachán ar fhorbairtí maidir leis an smacht reachta mar chuid den Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta.
Is ann do choimircí breise in ionstraimí eile freisin. Faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, déanann an Coimisiún dlúthfhaireachán ar chomhlíonadh na gcloch míle agus féadfaidh sé cuid d’íocaíochtaí amach anseo a chur ar fionraí dá ndéanfaí céim ar gcúl i leith cloch mhíle nó sprioc a ndearnadh measúnú dearfach uirthi roimhe seo
. Más rud é go bhfuil an beart dearfach a tarraingíodh siar ábhartha ó thaobh chosaint leas airgeadais an Aontais de, chuirfí bac ar gach íocaíocht amach anseo, agus ní fhéadfaí an bac sin a bhaint ach amháin go dtí go mbeidh comhlíontacht ann arís. Faoi Rialachán na bhForálacha Coiteanna, ní mór coinníollacha cumasúcháin cothrománacha agus téamacha a bheith á gcomhlíonadh le linn na clárthréimhse ar fad. Más rud é, tráth ar bith, nach bhfuil coinníoll cumasúcháin á chomhlíonadh a thuilleadh ag Ballstát, ar coinníoll é a ndearnadh measúnú dearfach air roimhe sin, d’fhéadfaí bac a chur ar na híocaíochtaí ón Aontas de thoradh measúnú nua.
An smacht reachta i gcroílár phróiseas an mhéadaithe agus an idirphlé le comhpháirtithe seachtracha
Fogha míleata gan chúis gan údar na Rúise faoin Úcráin agus faoi mhuintir na hÚcráine, atá anois ina thríú bliain, is ionsaí díreach é freisin ar luachanna an Aontais. Is mó fós an rún daingean atá ag an Aontas seasamh leis an smacht reachta agus leis an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe i bhfianaise chogadh foghach na Rúise. Ár n‑institiúidí agus ár luachanna daonlathacha a chaomhnú agus a chosaint, is freagracht chomhroinnte é ar na Ballstáit agus ar institiúidí an Aontais. Tá sé sin níos tábhachtaí ná riamh agus an tAontas agus a Bhallstáit faoi bhagairt ag gníomhaithe eachtracha naimhdeacha a bhaineann úsáid as bréagaisnéis agus as cibirionsaithe chun an bonn a bhaint dár ndaonlathais, agus toisc gur mó an fhianaise atá ann go bhfuil gníomhaithe eachtracha ag cur isteach go díreach ar ár struchtúir dhaonlathacha. Tá iarrachtaí ar chur isteach ón Rúis dírithe freisin ar thíortha sa chomharsanacht agus sna Balcáin Thiar, agus is cúis imní ar leith í an bhréagaisnéis agus reitric fhrithdhaonlathach agus fhrith‑AE.
Struchtúir dhaonlathacha a chomhdhlúthú, seasamh leis an smacht reachta agus cearta bunúsacha a chosaint, sin iad na rudaí atá i gcroílár rannpháirtíocht an Aontais leis na tíortha is iarrthóirí. Tá athchóirithe inchreidte agus inbhuanaithe sna réimsí sin ríthábhachtach chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo an aontachais. Sainmhínítear iad mar ‘bhunphrionsabail’ bheartas an Aontais um méadú. Leis an modheolaíocht athbhreithnithe um méadú a d’fhormheas an Chomhairle in 2020, treisíodh lárnacht na mbunphrionsabal, mar na chéad ábhair a bhfuil aghaidh le tabhairt orthu sa chaibidlíocht aontachais agus na cinn dheireanacha atá le tabhairt chun críche, agus tá dul chun cinn maidir leis na bunphrionsabail ríthábhachtach le haghaidh dul chun cinn foriomlán sa chaibidlíocht. Ciallaíonn sé sin go ndéantar faireachán orthu le linn an phróisis aontachais fhoriomláin agus gurb iad a chinneann móiminteam na dtíortha agus iad ag dul i dtreo an aontachais.
I bpacáiste bliantúil an Choimisiúin um Méadú, déantar measúnú ar an dul chun cinn foriomlán atá déanta ag gach tír ar a conair i dtreo an aontachais. Bunaithe ar phrionsabal na dtuillteanas dílis, is gá do gach tír dul chun cinn nithiúil leanúnach a dhéanamh i réimse an smachta reachta sular féidir leis an gCoimisiún a mholadh go mbogfar ar aghaidh sa chaibidlíocht léi. Gné riachtanach den tSaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar agus den tSaoráid don Úcráin is ea an smacht reachta. Chun tairbhe iomlán a bhaint as an dá shásra tacaíochta sin, sásraí tacaíochta is mó ná riamh, ní mór do na tíortha clár oibre comhaontaithe um athchóiriú a ullmhú agus a chur chun feidhme, ina measc sin céimeanna nithiúla maidir leis na bunphrionsabail.
Ó 2024 ar aghaidh, mar a d’fhógair an tUachtarán von der Leyen san aitheasc uaithi ar Staid an Aontais in 2023, chinn an Coimisiún rannpháirtíocht sa Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta a leathnú ionas go gcuirfeadh sí leis an obair atá ar siúl faoin bpróiseas aontachais, rud atá fós ina shuíomh eisiach le haghaidh caibidlíocht maidir leis an méadú. Glacann an Albáin, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh agus an tSeirbia páirt anois sa Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta agus i Líonra an Aontais de Phointí Teagmhála an Smachta Reatha. rud a léiríonn an dul chun cinn atá déanta acu ina gcuid próisis aontachais féin nó an méid atá bainte amach acu ó thaobh a leibhéil ullmhachta i leith an smachta reachta. Leis an gcur chuige sin, beifear in ann an tuarascáil a leathnú chun tíortha eile is iarrthóirí a chumhdach amach anseo. Trí na tíortha sin a chuimsiú in éineacht leis na Ballstáit, neartófar tacaíocht an Aontais d’athchóirithe ar an smacht reachta, tacófar lena bpróiseas aontachais agus cuideofar ó thaobh patrún ardchaighdeán atá inbhuanaithe a choinneáil ar bun tar éis an aontachais.
Chun a chinntiú go gcuirfear na hathchóirithe i bhfeidhm sa chleachtas, tá fothú acmhainneachta ríthábhachtach. Cuireann an tAontas tacaíocht airgeadais agus cúnamh teicniúil ar fáil chun a chinntiú go bhfuil na hathchóirithe ailínithe le caighdeáin Eorpacha. Spreagann sé dea-chleachtais, ina measc sin dul i gcomhairle le Coimisiún na Veinéise maidir le reachtaíocht thábhachtach. Athbhreithnithe piaraí, oiliúint a chur ar ghairmithe sa réimse ceartais agus comhar institiúideach a chur chun cinn le riaracháin phoiblí sna Ballstáit (nascadh), sin iad na príomhchineálacha tacaíochta ón Aontas sna tíortha is iarrthóirí.
Tá cur chuige láidir comhsheasmhach á ghlacadh ag an Aontas ina ghníomhaíocht sheachtrach uile – ar an leibhéal déthaobhach, réigiúnach agus idirnáisiúnta – d’fhonn an smacht reachta a chur chun cinn ar fud an domhain. Tá tacaíocht don smacht reachta i gcroílár ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus tá sé ar cheann de bhunchlocha de chomhaontuithe uile an Aontais le comhpháirtithe idirnáisiúnta. Thángthas ar an gconclúid i meastóireacht neamhspleách ar thacaíocht an Aontais don smacht reachta agus don fhrithéilliú i dtíortha comhpháirtíochta (2010-2021)
gur éirigh leis an Aontas clár oibre an smachta reachta a chur chun cinn, rud a rinne sé freisin i gcomhthéacsanna sriantacha agus i stáit atá leochaileach agus atá buailte ag coinbhleacht. D’fhonn cur leis an meastóireacht sin, seoladh tionscnamh domhanda de chuid Fhoireann na hEorpa ar son an Daonlathais chun tacaíocht níos éifeachtúla agus níos straitéisí a thabhairt don smacht reachta agus d’iarrachtaí frithéillithe
. Tá gealltanas soiléir ag an Aontas freisin dul i ngleic leis an éilliú ar an leibhéal domhanda trí tacaíocht a thabhairt d’athchóirithe dlíthiúla agus beartais chun institiúidí frithéillithe agus comhlachtaí formhaoirseachta a thógáil, agus chun an tsochaí shibhialta, sceithirí eolais, cosantóirí chearta an duine agus na meáin neamhspleácha a neartú mar fhorais faire in aghaidh an éillithe. Nuair atá idirphlé ar bun faoi chearta an duine le tíortha comhpháirtíochta, is minic a ardaítear saincheisteanna a bhaineann leis an smacht reachta, mar shampla an ceart triail chóir agus próis chuí a fháil, an t‑éilliú a chomhrac, agus an neamhspleáchas breithiúnach, agus díríonn an tAontas a chuid tacaíochta i dtreo na bpríomhghníomhairí atá ag cur an smachta reachta chun cinn.
3.NA PRÍOMHGHNÉITHE A BHAINEANN LE STAID AN SMACHTA REACHTA AG AN LEIBHÉAL NÁISIÚNTA
Mar ab amhlaidh sna blianta roimhe seo, i dTuarascáil maidir leis an Smacht Reachta 2024, leagtar amach téamaí agus treochtaí coiteanna, dúshláin shonracha, agus forbairtí dearfacha faoi na ceithre cholún, is iad sin córais cheartais, creata frithéillithe, saoirse agus iolrachas na meán, agus saincheisteanna institiúideacha eile a bhaineann le srianta agus ceartúcháin. Na samplaí a thugtar, tagann siad ó na measúnuithe atá sna 31 chaibidil tíre, caibidlí is dlúthchuid den tuarascáil seo agus ina dtugtar an comhthéacs mionsonraithe i leith gach Ballstáit agus gach tíre is iarrthóir atá rannpháirteach
. Áirítear sa Tuarascáil freisin moltaí sonracha do na Ballstáit
agus déantar measúnú inti ar an dul chun cinn atá déanta ó thaobh na moltaí sonracha a eisíodh anuraidh a chur i bhfeidhm
.
|
Modheolaíocht na Tuarascála maidir leis an Smacht Reachta agus na moltaí atá inti
Ullmhaíodh an measúnú sna caibidlí tíre do gach Ballstát agus do gach tír is iarrthóir a chumhdaítear i gcomhréir le modheolaíocht bhunaithe a úsáideadh le haghaidh eagráin roimhe seo den tuarascáil
. Braitheann na caibidlí tíre ar mheasúnú cáilíochtúil a dhéanann an Coimisiún go neamhspleách, ag é ag díriú ar shintéis a dhéanamh de na forbairtí suntasacha ó bhí mí Iúil 2023 ann. I ngach caibidil tíre, dírítear an anailís go háirithe ar ábhair inar tharla forbairtí suntasacha, nó inar sainaithníodh dúshláin thábhachtacha sa tuarascáil roimpi seo a bhí fós ann le linn na tréimhse tuairiscithe seo. Tá measúnú cáilíochtúil san anailís ar an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit chun moltaí 2023 a chur i bhfeidhm
. Is é cuspóir na moltaí a eisíodh in 2024 i gcónaí tacú leis na Ballstáit ina n‑iarrachtaí athchóirithe a chur chun cinn
. Níl aon mholadh do na tíortha is iarrthóirí sa tuarascáil seo; eisítear moltaí den sórt sin i gcomhthéacs an phacáiste bhliantúil um méadú.
Toradh dlúthchomhair leis na húdaráis náisiúnta is ea an tuarascáil agus braitheann sí ar fhoinsí éagsúla ar an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta agus foinsí eile
mar aon leis na sonraí a bhailíonn an Coimisiún é féin
. Iarradh ar na Ballstáit agus ar thíortha is iarrthóirí rannchuidiú a dhéanamh, ionchur i scríbhinn
a chur ar fáil agus páirt a ghlacadh i gcuairteanna tíre tiomnaithe
. Fuarthas aighneachtaí luachmhara, iad trasghearrthach agus tírshonrach araon, ó chomhairliúchán spriocdhírithe le páirtithe leasmhara freisin
. Ina theannta sin, sholáthair Comhairle na hEorpa forbhreathnú ar na tuairimí agus na tuarascálacha a d’eisigh sí le déanaí
. Sular glacadh an tuarascáil seo, tugadh deis do na Ballstáit faisnéis fhíorasach nua cothrom le dáta a sholáthar le haghaidh a gcaibidle tíre. Ina theannta sin, nuair a fhoilsítear an tuarascáil, pléann an Coimisiún í le húdaráis agus rialtais náisiúnta ag an leibhéal polaitiúil agus ag an leibhéal teicniúil.
|
3.1
Córais cheartais
Córais cheartais a fheidhmíonn i gceart, atá éifeachtúil agus go hiomlán neamhspleách, tá sé ríthábhachtach iad a bheith ann chun dlí an Aontais a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú agus chun an smacht reachta a chosaint. Tá an neamhspleáchas breithiúnach ina dhlúthchuid de chúram na cinnteoireachta breithiúnaí agus eascraíonn sé as prionsabal na cosanta breithiúnaí éifeachtaí. Ráthaíonn breithiúna agus cúirteanna neamhspleácha cothroime na n‑imeachtaí breithiúnacha agus cosaint chearta an duine aonair agus tá siad ríthábhachtach chun a chinntiú go n‑oibreoidh an ceartas chun leasa na saoránach agus na ngnólachtaí araon. Tá siad riachtanach freisin don chomhar breithiúnach ar fud an Aontais, ar príomhchuspóir é sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais. Tá rochtain ar chúirteanna neamhspleácha agus athbhreithniú breithiúnach bunriachtanach don smacht reachta.
Ní mór do na Ballstáit na ceanglais a leagtar síos le dlí an Aontais agus le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) a urramú go hiomlán agus ba cheart dóibh caighdeáin Eorpacha a chur san áireamh freisin agus a gcórais cheartais á ndearadh acu. Cuidíonn líonraí agus comhlachais bhreithiúnacha Eorpacha
freisin ó thaobh an smacht reachta a chur chun cinn agus a chaomhnú, agus iad ag obair chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar chaighdeáin Eorpacha, agus cuireann siad go mór le hullmhú na Tuarascála maidir leis an Smacht Reachta.
Dearcthaí i leith neamhspleáchas na mbreithiúna
Mar a leagtar amach i Scórchlár Cearta AE 2024, léirítear i suirbhéanna Eorabharaiméadair a rinneadh in 2024 gur tháinig feabhas ar an dearcadh i leith an neamhspleáchais i measc an phobail i gcoitinne agus i measc cuideachtaí, i gcomparáid le 2023, sin nó gur fhan sí cobhsaí i bhformhór na mBallstát, ina measc sin tíortha a raibh dúshláin shistéamacha rompu. Is féidir le córais cheartais atá ag feidhmiú i gceart agus atá go hiomlán neamhspleách tionchar dearfach a imirt ar an infheistíocht, agus is ríthábhachtach iad chun an infheistíocht a chosaint, agus is amhlaidh dá réir a rannchuidíonn siad leis an bhfás agus leis an iomaíochas. Sa
Danmhairg
, san
Fhionlainn
, san
Ostair
, sa
tSualainn
, i
Lucsamburg
agus in
Éirinn
, tá leibhéal an neamhspleáchais bhraite fós an‑ard i measc an phobail i gcoitinne nó i measc cuideachtaí (os cionn 75%), ach tá sé fós an‑íseal sa
Chróit
, sa
Pholainn
agus sa
Bhulgáir
(faoi bhun 30%). A mhéid a bhaineann le tíortha is iarrthóirí, léiríonn torthaí Eorabharaiméadair go mbraitear go bhfuil leibhéal íseal neamhspleáchais ann.
Comhairlí Breithiúna agus nósanna imeachta maidir le breithiúna a cheapadh agus a chur as oifig ina bpríomhchoimircí don neamhspleáchas breithiúnach
Tá nósanna imeachta maidir le breithiúna a cheapadh agus a chur as oifig agus cumhachtaí agus comhdhéanamh na gComhairlí um na Breithiúna tábhachtach chun neamhspleáchas breithiúnach a chosaint, ar bhonn na bprionsabal a bhunaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE).
Áit a bhfuil siad bunaithe, cuireann Comhairlí um na Breithiúna le neamhspleáchas breithiúnach
agus is féidir leo a bheith ina sciath chosanta idir na breithiúna agus brainsí eile den chumhacht i gceisteanna a bhaineann le ceapadh nó le gairmeacha na mbreithiúna agus na ngiúistísí, agus i mbainistiú an chórais ceartais chomh maith
. Tá caighdeáin Eorpacha forbartha ag Comhairle na hEorpa maidir leis an gcaoi ar cheart Comhairlí um na Breithiúna a dhearadh chun a neamhspleáchas a chosaint mar is fearr agus maidir le comhdhéanamh na gComhairlí freisin
. Chun gur féidir leo feidhmiú go héifeachtach, teastaíonn acmhainní leordhóthanacha agus neamhspleáchas riaracháin ó na Comhairlí um na Breithiúna.
Rinne roinnt Ballstát iarrachtaí reachtacha chun neamhspleáchas agus éifeachtacht na gComhairlí um na Breithiúna a neartú, i gcásanna áirithe tar éis mholtaí 2023. I
Lucsamburg
, ceapadh an Chomhairle Náisiúnta um Cheartas agus beidh sé ag feidhmiú go hiomlán sula i bhfad. Sa
Bhulgáir
, de bharr athchóiriú bunreachtúil, athraíodh comhdhéanamh na hArd‑Chomhairle Breithiúnaí chun í a chur i gcomhréir leis na caighdeáin Eorpacha. San
Ungáir
, tar éis athchóiriú reachtach in 2023, le hinniúlachtaí nua na Comhairle Breithiúnaí Náisiúnta, is féidir cumhachtaí Uachtarán na hOifige Náisiúnta um na Breithiúna, a bhfuil riarachán lárnach na gcúirteanna faoina cúram, a fhrithchothromú go héifeachtach. I mBallstáit eile, tá tionscnaimh fós ar siúl. Sa
Pholainn
, ghlac an Sejm dlí chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní a bhaineann le neamhspleáchas na Comhairle Náisiúnta um na Breithiúna. San
Ísiltír
, tá athbhreithniú á dhéanamh faoi láthair ar an nós imeachta chun comhaltaí de Chomhairle um na Breithiúna agus de bhoird bhainistíochta na gcúirteanna a cheapadh. San
Eastóin
, tá plé fós ar siúl chun an Chomhairle um Riarachán na gCúirteanna a athchóiriú agus chun níos mó cumhachtaí a aistriú ón bhfeidhmeannas chuig na breithiúna. Sa
Spáinn
, tar éis idirphlé struchtúrtha leis an gCoimisiún Eorpach mar éascaitheoir, thángthas ar chomhaontú chun an Chomhairle um na Breithiúna a athnuachan agus próiseas a thionscnamh díreach tar éis an athnuachana d’fhonn ceapachán a gcomhaltaí‑breithiúna a oiriúnú agus caighdeáin Eorpacha á gcur san áireamh. Ar an taobh eile, tá ábhair imní fós ann maidir leis an gComhairle um na Breithiúna sa
tSlóvaic
, ós rud é nach bhfuil aon dul chun cinn déanta chun coimircí a thabhairt isteach maidir le comhaltaí den Chomhairle um na Breithiúna a chur as oifig agus cuireadh triúr daoine ainmnithe as oifig roimh dheireadh a dtéarma oifige.
A mhéid a bhaineann leis na tíortha is iarrthóirí, tar éis leasuithe bunreachtúla in 2022 chun neamhspleáchas breithiúnach a neartú sa
tSeirbia
, bunaíodh an Ardchomhairle Bhreithiúnach agus an Ardchomhairle Ionchúisimh ina bhfoirmíocht nua. I
Montainéagró
, rinneadh athbhreithniú ar an gcreat dlíthiúil lena ráthaítear neamhspleáchas agus neamhchlaontacht an chórais bhreithiúnaigh. San
Albáin
, neartaíodh an fhreagracht a bhuí le grinnscrúdú a rinneadh ar gach breitheamh agus ionchúisitheoir ach tá easnaimh fós ann maidir le ceapacháin comhaltaí nach breithiúna iad den Ard‑Chomhairle Bhreithiúnach agus den Ard‑Chomhairle Ionchúisimh. Sa
Mhacadóin Thuaidh
tá ábhair imní fós ann maidir le feidhmiú agus neamhspleáchas na Comhairle Breithiúnaí .
An modh a úsáidtear chun breithiúna a cheapadh agus a chur as oifig, tá sé tábhachtach le haghaidh an neamhspleáchais bhreithiúnaigh agus le haghaidh dhearcadh an phobail i leith an neamhspleáchais. Chun an neamhspleáchas breithiúnach a ráthú, is gá do na rialacha nós imeachta lena rialaítear ceapacháin na mbreithiúna a chinntiú ionas nach mbeidh amhrais ann faoi neamh‑thréscaoilteacht na mbreithiúna sin i leith imthosca seachtracha agus faoina neodracht mar bhreithiúna
.
I roinnt Ballstát, tá iarrachtaí fós ar siúl chun feabhas a chur ar na nósanna imeachta chun breithiúna a cheapadh, rud a chuimsíonn obair leantach ar mholtaí 2023. Sa
Ghréig
, glacadh bearta chun na breithiúna a tharraingt isteach sna ceapacháin do na poist bhreithiúnacha is airde. In
Éirinn
, leis an Acht nua fá Choimisiún um Cheapacháin Bhreithiúnacha, tugadh isteach roinnt feabhsúchán chun an tionchar polaitiúil ar an gceapachán agus ar ardú céime na mbreithiúna a laghdú. San
Fhionlainn
, tá meitheal i mbun obair leantach ar an tuarascáil maidir leis an measúnú agus maidir leis an gcaoi a bhforbróidh treochtaí chóras na gcúirteanna amach anseo, ina measc sin an próiseas ceapacháin le haghaidh breithiúna. San
Ostair
, tá athchóirithe á gcur chun feidhme le déanaí ar na córais cheapacháin d’Uachtarán na Cúirte Uachtaraí agus do na breithiúna is iarrthóirí. Sa
Pholainn
, tá freaschur á dhéanamh ar chuid d’éifeachtaí diúltachta na n‑athchóirithe ceartais conspóideacha ó 2017 maidir le feidhmiú na ngnáthbhreithiúna. Tá sé leagtha amach ag an Rialtas go bhfuil sé ar intinn aige ról a thabhairt do na breithiúna i ngach cinneadh a bhaineann le ceapacháin do phríomhphoist i measc na ngnáthbhreithiúna agus nósanna imeachta ceapacháin trédhearcacha a eagrú bunaithe ar chomórtais oscailte: cur chuige atá á chur i bhfeidhm cheana féin d’uachtaráin agus do leas‑uachtaráin chúirte. Sa
Ghearmáin
, tá plé ar siúl faoi athchóiriú a d’fhéadfaí a dhéanamh chun seasmhacht na Cúirte Bunreachtúla a fheabhsú. I
Málta
, fógraíodh bearta chun na breithiúna a tharraingt isteach sa nós imeachta chun an Príomh‑Bhreitheamh a cheapadh ós rud é gur fhormhuinigh an rialtas athchóiriú bunreachtúil a shonraíonn gur gá dul i gcomhairle leis an bPríomh‑Bhreitheamh atá ann faoi láthair sula gceaptar Príomh‑Bhreitheamh nua. Rinneadh bearta áirithe chun a chinntiú go gcuimsíonn athchóiriú na gceapachán breithiúnach sa
tSlóivéin
coimircí leormhaithe le haghaidh an neamhspleáchais bhreithiúnaigh, ós rud é gur cinneadh gan dul ar aghaidh leis an tréimhse phromhaidh a bhí beartaithe roimhe sin nach raibh ráthaíochtaí forordaithe ag gabháil léi. Tá obair leantach á déanamh ar athchóiriú bunreachtúil 2022 chun an neamhspleáchas breithiúnach a neartú sa
tSeirbia
agus mar chuid de sin tá nós imeachta nua ann lenar féidir achomharc a chur faoi bhráid na Cúirte Bunreachtúla maidir le ceapacháin bhreithiúnacha.
Tá dúshláin fós ann i mBallstáit eile maidir le ceapacháin do phoist ardleibhéil bhreithiúnacha agus do phoist uachtarán na cúirte. Sa
Laitvia
, líonadh folúntas sa Chúirt Uachtarach ach ní dhearnadh aon bheart chun coimircí leormhaithe a thabhairt isteach i gcoinne tionchar polaitiúil míchuí ar cheapacháin amach anseo. Ar an gcaoi chéanna, san
Ostair
, ní dhearnadh aon bheart chun a chinntiú go mbeidh na breithiúna rannpháirteach i gceapacháin uachtarán nó leas‑uachtarán don chúirt riaracháin. Sa
Liotuáin
, tá glaonna ann chun níos mó coimircí a threisiú maidir le trédhearcacht na gceapachán breithiúnach. Sa
tSualainn
, cé go ndearnadh bearta tosaigh i ndáil le neamhspleáchas na mbreithiúna tuata, ní dhearnadh aon dul chun cinn chun a chinntiú go gcosnaíonn an córas ceapacháin neamhspleáchas na mbreithiúna sin.
I
Montainéagró
, bhí tionchar tromchúiseach ar an gcóras breithiúnach ag moilleanna móra ar cheapacháin bhreithiúnacha, cé nach bhfuil ach Uachtarán na Cúirte Uachtaraí fós le ceapadh. Sa
tSeirbia
, tá líon mór folúntas do bhreithiúna agus d’ionchúisitheoirí fós le líonadh. Sa
Mhacadóin Thuaidh
, cháin an tsochaí shibhialta cinntí ceapacháin i leith ionchúisitheoirí agus breithiúna toisc go raibh easpa míniúcháin agus easpa critéir shoiléire ag gabháil leo.
Tá aghaidh á tabhairt i roinnt Ballstát ar ghnéithe éagsúla de neamhspleáchas na mbreithiúna agus na gcúirteanna. San
Iodáil
, bunaíodh an Roinn Ceartais Cánach chun neamhspleáchas na gcúirteanna cánach nuabhunaithe ar an Aireacht Geilleagair agus Airgeadais a mhéadú. San
Ísiltír
, féachtar ar bhearta slándála neartaithe chun cur le seasmhacht an chórais ceartais i gcoinne na coireachta eagraithe. I
Málta
, cuireadh tús leis an obair chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní leanúnacha maidir le neamhspleáchas binsí speisialaithe. Le leithdháileadh na gcásanna sna cúirteanna, éilítear freisin go mbeidh coimircí ann maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na mbreithiúna chun aon chur isteach míchuí a chosc, rud is féidir a chinntiú ar bhealaí éagsúla, ar nós leithdháileadh randamach cásanna trí algartam ríomhaire nó trí ordú réamhshainithe. Neartaigh an
Phortaingéil
trédhearcacht ó thaobh leithdháileadh na gcásanna de agus córas leictreonach nua á chur i bhfeidhm go héifeachtach aici. San
Ungáir
, tá feabhas tagtha ar thrédhearcacht leithdháileadh na gcásanna ag an gCúirt Uachtarach ach tá ábhair imní fós ann maidir le trédhearcacht leithdháileadh na gcásanna sna cúirteanna níos ísle.
I roinnt Ballstát, tá imní ann faoi bhrú míchuí ar na breithiúna ó pholaiteoirí nó ón leibhéal feidhmiúcháin, agus tá fianaise ann go bhfuil brú ag teacht ó thíortha lasmuigh den Aontas freisin. An baol go bhféadfadh ráitis phoiblí ó rialtais agus polaiteoirí tionchar a imirt ar mhuinín an phobail as an neamhspleáchais bhreithiúnaigh, is ábhar imní é sin sa
tSlóvaic
, san
Iodáil
agus sa
Spáinn
. Tá imní ar leith ann faoi imeaglú a bheith á dhéanamh ar bhreithiúna sa
Liotuáin
, rud atá ag teacht ó chúirteanna na Rúise. A mhéid a bhaineann leis na tíortha is iarrthóirí, tá leibhéal ard imní fós ann san
Albáin
, sa
tSeirbia
, agus sa
Mhacadóin Thuaidh
faoi iarrachtaí ó oifigigh phoiblí nó polaiteoirí cur isteach ar an gcóras ceartais nó brú a chur air.
Uathriail agus neamhspleáchas na seirbhíse ionchúisimh ina n‑ábhair thábhachtacha le haghaidh athchóiriú
Tá éagsúlachtaí in eagrú na seirbhísí ionchúisimh náisiúnta ar fud an Aontais, agus níl aon samhail aonfhoirmeach le haghaidh gach Ballstáit ann. Mar sin féin, ba cheart do choimircí institiúideacha neamhspleáchas na seirbhíse ionchúisimh a chinntiú, agus deimhin a dhéanamh de gur féidir le hionchúisitheoirí poiblí a ndualgais ghairmiúla a chomhlíonadh gan chur isteach. Tá sé sin fíor-riachtanach don dlí coiriúil náisiúnta agus do dhlí coiriúil an Aontais, agus chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.
Leanadh de na hathchóirithe chun coimircí institiúideacha a neartú don tseirbhís ionchúisimh, cuid acu mar fhreagairt ar mholtaí 2023. Sa
Pholainn
, rinneadh bearta breise chun a chinntiú go bhfuil an tseirbhís ionchúisimh neamhspleách ar an rialtas agus chun oifig an Aire Dlí agus Cirt agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí a scaradh óna chéile. Sa
tSeicia
, áiríodh san athchóiriú ar an tseirbhís ionchúisimh coimircí ó thaobh an tArd‑Ionchúisitheoir agus príomh‑ionchúisitheoirí eile a chur as oifig. Sa
Danmhairg
, chuir an Rialtas togra faoi bhráid na Parlaiminte chun dearcadh an phobail i leith neamhspleáchas an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí a neartú trí theorainn a chur leis an uastéarma oifige don phost.
I
Málta
, tá aistriú na n‑ionchúiseamh ó na Póilíní go dtí Oifig an Ard‑Aighne ag dul ar aghaidh. Sa
Chipir
, tá an Rialtas ag dréachtú reachtaíochta a bhfuil sé d'aidhm aici ról comhairleach agus ról ionchúisimh na hOifige Dlí a scaradh ó chéile, ar céim thábhachtach í i dtreo neamhspleáchas na Seirbhíse Ionchúisimh a neartú; fógraíodh pleananna freisin chun an fhéidearthacht a thabhairt isteach athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí an Ard‑Aighne gan ionchúiseamh a dhéanamh nó gan dul ar aghaidh le himeachtaí cúirte. Sa
Spáinn
, foráiltear maidir le hathchóiriú a dhéanamh ar reacht an Phríomh‑Ionchúisitheora a fhágann go gcuirfear daoine a raibh post polaitiúil acu le déanaí as an áireamh do phost an Phríomh‑Ionchúisitheora agus a fhágann freisin nach mbeidh an Príomh‑Ionchúisitheoir in ann gníomhú i gcásanna a bhfuil tionchar acu uirthi nó air go pearsanta. Sa
tSeirbia
, a bhuí leis na dlíthe maidir leis an Oifig Ionchúisimh Phoiblí, agus leis an Ard‑Chomhairle Ionchúisimh, is féidir le hionchúisitheoirí gearáin a dhéanamh in aghaidh treoracha éigeantacha, agus é d'aidhm aige sin an neamhspleáchas ionchúisimh a neartú.
Tugtar aird ar leith i gcónaí ar chumhacht an fheidhmeannais treoracha a thabhairt d’ionchúisitheoirí i gcásanna aonair. San
Ísiltír
, leantar den díospóireacht maidir leis an gcumhacht a bhaint den fheidhmeannas treoracha a thabhairt d’ionchúisitheoirí i gcásanna aonair. Sa
Ghearmáin
, rinneadh togra chun tuilleadh coimircí a thabhairt isteach maidir leis an gcumhacht atá ag na hAirí Dlí agus Cirt ar an leibhéal feidearálach agus ar leibhéal na Länder araon treoracha a thabhairt d’ionchúisitheoirí i gcásanna aonair.
Mar sin féin, tá roinnt dúshlán fós le sárú, ina measc sin iad siúd a chumhdaítear i moltaí 2023. Níl dul chun cinn déanta maidir leis an athchóiriú atá beartaithe ar an tseirbhís ionchúisimh san
Ostair
agus níor thángthas ar aon chomhaontú polaitiúil chun an togra ón ngrúpa saineolaithe a rinneadh in 2022 a chur chun cinn. Sa
tSlóvaic
, is ábhar imní fós é cumhacht an Phríomh‑Ionchúisitheora cinntí ó na hionchúisitheoirí ar chéim níos ísle a chur ar ceal. In 2024, d’ainneoin na n‑ábhar mór imní a chuir an Coimisiún Eorpach agus institiúidí eile in iúl, dhíscaoil Rialtas na Slóvaice Oifig an Ionchúisitheora Speisialta, rud a chruthaigh imní maidir leis an tionchar láithreach ar chásanna agus an tionchar struchtúrach fadtéarmach lena gcuirfí éifeachtúlacht agus neamhspleáchas na n‑ionchúiseamh i mbaol.
Cuntasacht a chinntiú agus neamhspleáchas a chosaint i nósanna imeachta araíonachta le haghaidh breithiúna agus ionchúisitheoirí
Tá sé curtha in iúl go soiléir ag CBAE nár cheart nósanna imeachta araíonachta a úsáid mar bhealach chun rialú polaitiúil a dhéanamh ar na breithiúna
. Áirítear ar na coimircí rialacha soiléire lena sainítear an t‑iompar a cháilíonn mar chion araíonachta, agus na pionóis atá le cur i bhfeidhm. Ní mór na himeachtaí araíonachta a dhéanamh trí bhíthin comhlacht neamhspleách, agus é ag cloí le nósanna imeachta lena gcosnaítear go hiomlán na cearta a chumhdaítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha, go háirithe na cearta cosanta. Ní mór a chinntiú leis na rialacha freisin gur féidir agóid a dhéanamh in aghaidh chinntí na gcomhlachtaí araíonachta sa Chúirt
.
Leanadh den treocht a tugadh faoi deara i dtuarascálacha roimhe seo maidir leis an Smacht Reachta, le céimeanna i dtreo coimircí méadaithe do neamhspleáchas breithiúnach agus do neamhspleáchas ionchúisitheoirí in imeachtaí araíonachta i roinnt Ballstát. Sa
tSlóivéin
, cuireadh i láthair dréachtleasuithe ar an nGníomh um Chomhairle Bhreithiúnach lena mbeartaítear athchóiriú iomlán a dhéanamh ar an gcreat araíonachta do bhreithiúna. Sa
tSeicia
, pléadh athchóiriú ar an nós imeachta araíonachta do bhreithiúna sa Pharlaimint. Ghlac an
Fhrainc
dlí nua chun athchóiriú a dhéanamh ar stádas na ngiúistísí, an córas araíonachta san áireamh. I
Málta
, ta coinne leis go ndéanfar plé faoi athnuachan an chórais araíonachta d’ionchúisitheoirí sa dara leath de 2024 . Sa
Pholainn
, rinneadh athchóiriú ar an gcóras araíonachta is infheidhme maidir le breithiúna, i gcomhréir leis na gealltanais a rinneadh faoi Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta na Polainne.
Chun neamhspleáchas na mbreithiúna a chosaint go héifeachtach, tá gá freisin le cultúr ionracais agus neamhchlaontachta. Tá beartais agus cleachtais á gcur chun feidhme ag roinnt Ballstát chun an t‑ionracas a chur chun cinn i measc na mbreithiúna. Ina measc sin tá bearta a glacadh sa
Chróit
agus sa
tSualainn
. Sa
Bheilg
, chinn an Rialtas gan togra a chur síos arb é a bhí i gceist leis go ndéanfaí an Ghníomhaireacht Slándála Náisiúnta seiceálacha slándála rialta ar gach breitheamh. Sa
Mhacadóin Thuaidh
, tá Cóid Eitice i bhfeidhm le haghaidh ionchúisitheoirí agus breithiúna araon.
Iarrachtaí chun cáilíocht agus éifeachtúlacht an cheartais a fheabhsú
Is coinníoll riachtanach é éifeachtúlacht na gcóras ceartais chun cearta, deimhneacht dhlíthiúil agus muinín an phobail as an smacht reachta a chosaint. Córas ceartais éifeachtúil, is córas é a dhéanann bainistíocht ar an ualach cásanna, agus a thugann cinntí gan moill mhíchuí. Baineann imeachtaí cúirte rófhada agus riaráistí an bonn den mhuinín atá ag saoránaigh agus gnólachtaí as córais cheartais náisiúnta.
I roinnt Ballstát, tá bearta nua i bhfeidhm chun an éifeachtúlacht a fheabhsú. Tá bearta nua glactha ag
an Spáinn
chun cur le héifeachtúlacht an chórais ceartais. Tabharfar tuilleadh tacaíochta do threocht sa
Fhrainc
chun fad na n‑imeachtaí cúirte a laghdú trí reachtaíocht nua lena gcuirtear réiteach cairdiúil díospóidí chun cinn. Sa
tSeicia
, tá an éifeachtúlacht fós ag dul i bhfeabhas, go háirithe ó thaobh fhad na gcásanna riaracháin de, agus sa
tSeirbia
tá treocht dhearfach ann maidir le laghdú a dhéanamh ar fhad na gcásanna sibhialta, tráchtála agus coiriúla.
D’ainneoin roinnt beart a bheith glactha, tá dúshláin sheanbhunaithe fós roimh roinnt Ballstát a mhéid a bhaineann le héifeachtúlacht na gcóras ceartais. Tá ábhair imní fós ann i
Málta
,
sa Chróit
agus sa
Ghréig
, cé go ndearna siad uile bearta nua agus iad ag iarraidh fad na n‑imeachtaí cúirte a laghdú. Tá treocht chomhchosúil sa
Phortaingéil
ag dul in olcas mar gheall ar an imní nach bhfuil an reachtaíocht maidir leis an nós imeacht ginearálta coiriúil saincheaptha chun déileáil go héifeachtúil le himeachtaí cúirte coiriúla atá casta. San
Iodáil
, tá fad na n‑imeachtaí breithiúnacha ag dul i bhfeabhas ach tá sé fós ina dhúshlán tromchúiseach. Maidir leis na tíortha is iarrthóirí, tá fad na n‑imeachtaí cúirte le haghaidh cineálacha éagsúla cásanna fós ina dhúshlán san
Albáin
agus An Mhacadóin Thuaidh.
Tá acmhainní leordhóthanacha ag teastáil ó chóras ceartais éifeachtúil, ina measc sin na hinfheistíochtaí is gá i mbonneagar fisiciúil agus teicniúil, agus foireann dhea-cháilithe oilte a bhfuil íocaíocht leordhóthanach acu. Tá aitheantas tugtha dó sin ag roinnt Ballstát nó leithdháil siad acmhainní breise chun seasmhacht na gcóras ceartais a neartú, trína bPleananna Téarnaimh agus Athléimneachta náisiúnta chomh maith. Sa
Danmhairg
, sa
Fhrainc
, sa
tSualainn
, agus san
Fhionlainn
, méadaíodh na hacmhainní le haghaidh an chórais ceartais. Sa
Chróit
, rinneadh dul chun cinn mór chun tuarastail a mhéadú agus chun dlús a chur leis an reachtaíocht faoina socraítear critéir oibiachtúla le haghaidh luach saothair. Sa
Rómáin
, rinne an Ard‑Chúirt um Achomharc agus um Cheartas bearta chun aghaidh a thabhairt ar neamhionannas tuarastail i measc na mbreithiúna. Tháinig méaduithe móra ar an tuarastal le haghaidh breithiúna agus fostaithe na cúirte sa
Laitvia
, cé go bhfuil fadhbanna fós ann ó thaobh síorathrú cúntóirí breithiúna de.
I mBallstáit eile, tá dúshláin fós ag baint le leibhéil na dtuarastal, agus is minic go mbíonn ganntanais agus folúntais ann atá deacair a líonadh mar gheall air sin. Sa
tSlóivéin
, rinneadh roinnt beart chun leibhéal thuarastail na mbreithiúna agus na n‑ionchúisitheoirí stáit a mhéadú, leibhéal nach bhfuil mórán athraithe air ó bhí 2012 ann, agus chuige sin, mhol an Rialtas go mbeadh méadú páirteach ann agus leag an Chúirt Bhunreachtúil síos conas ba cheart a bhreithiúnas a chur chun feidhme. Sa
Ghearmáin
, cé go bhfuil bearta áirithe déanta chun cur leis na hacmhainní foriomlána le haghaidh na mbreithiúna, tá leibhéal an tuarastail fós ina dhúshlán. Sa
tSeicia
, athraíodh an modh faoina ndéantar tuarastail na mbreithiúna a chinneadh chun méaduithe tuarastail a laghdú, ach tá tuarastail fhoireann na cúirte agus na gcúntóirí ionchúisimh fós ina n‑ábhar imní. San
Ísiltír
, tá moltaí sonracha á bplé faoi láthair chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais foirne agus ar ábhair imní maidir leis an ualach oibre i measc na mbreithiúna. Sa
Liotuáin
, bhí tuairim dhearfach ag na breithiúna maidir le hathchóiriú a rinneadh ar thuarastail bhreithiúnacha, ach tá imní fós ann maidir le tuarastail fhoireann na cúirte agus na n‑ionchúisitheoirí. Tá deacrachtaí ag an
gCipir
, ag an
bPortaingéil
agus ag an
Rómáin
ó thaobh daoine a earcú i réimsí éagsúla den chóras ceartais. San
Ungáir
, tá leibhéal thuarastail na mbreithiúna agus fhoireann na cúirte imithe in olcas mar gheall ar an mboilsciú ard. Tá srianta comhchosúla ar acmhainní sna tíortha is iarrthóirí. Tá Straitéis maidir le hAcmhainní Daonna sa Bhreithiúnacht 2022-2026 á cur chun feidhme ag an
tSeirbia
ach is dúshlán é tarraingteacht íseal na ngairmeacha breithiúnacha. Níor tugadh aghaidh ar an dúshlán céanna leis na leasuithe a rinneadh ar na dlíthe maidir le tuarastail na mbreithiúna agus na n‑ionchúisitheoirí sa
Mhacadóin Thuaidh
.
A mhéid a bhaineann le leibhéil foirne, tá poist nua cruthaithe le haghaidh breithiúna sa
Spáinn
, agus tá feabhsuithe móra déanta ó thaobh giúistísí agus foireann riaracháin a earcú san
Iodáil
. Sa
Bheilg
, tá dul chun cinn déanta ó thaobh acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil don chóras ceartais, ach deimhníonn uirlis lena ndéantar an t‑ualach oibre a thomhas gur ann d’easnaimh chórasacha ó thaobh acmhainní de. San
Albáin
, tá an baol ann go mbeidh drochthionchar ar cháilíocht an cheartais mar gheall ar na ganntanais acmhainní fhoriomlána sa chóras ceartas.
Trí infheistíocht a dhéanamh sa digitiú, is féidir córais cheartais a neartú agus iad a dhéanamh níos inrochtana, níos seasmhaí agus níos ullmhaithe chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. Tá tionscnaimh nua um dhigitiú curtha i bhfeidhm sa
Spáinn
,
sa Chróit
,
san Iodáil
,
in Éirinn
,
sa Fhrainc
, san
Ísiltír
,
i Málta
agus
sa Rómáin
. Sa
Bhulgáir
, tá dréachtdlí nua ann faoina bhfuil sé beartaithe athruithe a dhéanamh ar an nGníomh um an gCóras Breithiúnach a bhaineann le digitiú an cheartais. Tá bearta glactha ag an
Macadóin Thuaidh
,
an tSeirbia
agus an
Albáin
chun an bainistiú cásanna a dhigitiú cé go bhfuil easnaimh fós ann.
Rochtain ar cheartas agus ról na ndlíodóirí sa chóras ceartais
Tá ról lárnach ag dlíodóirí agus cumainn an bharra maidir le rochtain ar cheartas a chinntiú, agus deimhin á déanamh de go bhfuil na cearta bunúsacha á gcosaint, an ceart triail chóir a fháil san áireamh. I roinnt Ballstát, tá bearta á ndéanamh chun scéimeanna cúnaimh dhlíthiúil atá iontaofa agus rochtain ar dhlíodóir a chinntiú. I
Lucsamburg
, glacadh athchóiriú chun go mbeidh rochtain níos éasca ann ar an gcúnamh dlíthiúil. Sa
tSeicia
agus sa
Spáinn
, rinneadh leasú ar na forálacha maidir le cúnamh dlíthiúil ionas go mbeidh rochtain níos leithne air. In
Éirinn
, rinneadh dul chun cinn airithe ó thaobh na costais dlíthíochta a laghdú agus tá athbhreithniú ginearálta ar siúl ar an scéim um chúnamh dlíthiúil sibhialta. Sa
Liotuáin
, tá dul chun cinn á dhéanamh san athchóiriú ar an gcóras cúnaimh dhlíthiúil agus cuireadh feabhas ar na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht na soláthraithe cúnaimh dhlíthiúil. Sa
tSlóvaic
, tá leasuithe á n‑ullmhú chun an rochtain ar chúnamh dlíthiúil saor a mhéadú. Sa
Danmhairg
, tá athbhreithniú ar siúl ar an gcóras cúnaimh dhlíthiúil. San
Fhionlainn
, tiocfaidh Údarás Náisiúnta um Sheirbhísí Dlí i bhfeidhm in 2025, údarás a bunaíodh chun cúnamh dlíthiúil atá níos comhsheasmhaí agus atá ar ardchaighdeán a chur ar fáil. Lasmuigh den Aontas, tá creat dlíthiúil cuimsitheach le haghaidh cúnamh dlíthiúil i bhfeidhm ag an
Albáin
agus tá méadú tagtha ar an líon daoine a mbaineann tairbhe as.
Tá dúshláin fós le sárú ag roinnt de na Ballstáit. Sa
Bhulgáir
, dhearbhaigh an Chúirt Bhunreachtúil maidir leis an dlí faoi idirghabháil bhreithiúnach éigeantach, a bhí le teacht i bhfeidhm go hiomlán i mí Iúil 2024, nach raibh sé i gcomhréir leis an mbunreacht. San
Ungáir
, tá ábhair imní fós ann a mhéid a bhaineann le héifeachtacht na scéime um chúnamh dlíthiúil i gcásanna sibhialta agus coiriúla araon. Sainaithníodh roinnt dúshlán san
Ostair
freisin atá nasctha le táillí arda cúirte agus rochtain ar chomhairle dhlíthiúil i gcásanna riaracháin, agus tá bearta áirithe déanta chun an rochtain sin a fheabhsú.
Chun go bhfeidhmeoidh córas ceartais go héifeachtach, ní mór an tsaoirse a bheith ag dlíodóirí dul i mbun a gcuid gníomhaíochtaí ó thaobh comhairle a thabhairt agus ionadaíocht a dhéanamh ar a gcliaint. Sa
tSeicia
, tá leasú a chuireann feabhas ar an gcosaint rúndachta aturnae ag dul tríd an bParlaimint. Ar an taobh eile, chuir lucht dlí in iúl go raibh a ndúshlán á thabhairt maidir le pribhléid an lucht dlí sa
Bheilg
agus maidir lena bpribhléidí agus lena gcearta atá aitheanta go dlíthiúil sa
Rómáin
. Sa
Liotuáin
, tá imní fós ar dhlíodóirí maidir leis an urraim don rúndacht ghairmiúil.
3.2
An creat frithéillithe
Déanann éilliú dochar do sholáthar seirbhísí poiblí agus creimeann sé muinín na saoránach agus na ngnólachtaí in institiúidí poiblí, rud a chruthaíonn braistint na héagothroime agus na héagóra a dhéanann dochar don smacht reachta dá réir. Cur chuige cuimsitheach chun an t‑éilliú a chomhrac, is rud é atá bunaithe ar chumasc de bhearta coisctheacha agus pionósacha. Chuige sin, tá gá le creat láidir dlíthiúil agus institiúideach, le himscrúduithe agus ionchúisimh éifeachtacha agus leis an toil pholaitiúil shoiléir chun an creat frithéillithe a fhorfheidhmiú. Tá gá freisin le bearta cuimsitheacha éifeachtacha ionas nach mbeidh an spás ann le haghaidh éilliú agus chun an t‑ionracas a chothú.
Dearcthaí i leith an éillithe ar fud an Aontais
Léiríonn torthaí innéacs na braistinte i dtaca le héilliú
gur Ballstáit den Aontas iad os cionn leath de na 20 tír a bhfuil an rangú idirnáisiúnta is fearr acu
. Mar sin féin, tá difríochtaí fós ann idir na Ballstáit, agus idir na treochtaí atá ann le blianta beaga anuas freisin
. Fuair na tíortha is iarrthóirí scór faoi bhun an mheáin
.
Léiríonn suirbhéanna Eorabharaiméadair 2024 maidir leis an éilliú
gur ábhar mór imní fós é an t‑éilliú le haghaidh saoránach agus gnólachtaí san Aontas. Creideann tuairim is seachtar Eorpach as deichniúr (68%) go bhfuil an t‑éilliú forleathan ina dtír féin agus measann níos mó ná ceathrar Eorpach as deichniúr (41%) go bhfuil méadú tagtha ar leibhéal an éillithe ina dtír féin. Ceapann 57% de na saoránaigh nach bhfuil iarrachtaí a rialtais chun an t‑éilliú a chomhrac éifeachtach. Sa bhreis air sin, measann formhór na gcuideachtaí san Eoraip (65%) gur fadhb fhorleathan é an t‑éilliú ina dtír féin agus measann leath acu (51%) nach dócha go mbéarfaí ar dhaoine nó ar ghnólachtaí éillitheacha ina dtír féin ná go dtuairisceofaí do na póilíní ná d’ionchúisitheoirí iad.
Straitéisí náisiúnta frithéillithe agus a gcur i bhfeidhm
Aithnítear sa dlí idirnáisiúnta a thábhachtaí atá sé beartais frithéillithe éifeachtacha a choinneáil ar bun
. A bhuí le straitéisí náisiúnta frithéillithe, is féidir a chinntiú go gcloífidh tíortha le cur chuige cuimsitheach, comhleanúnach agus comhtháite, lena bhféadfar gníomhaíochtaí in aghaidh an éillithe a phríomhshruthú i ngach earnáil beartais ábhartha. Tá straitéisí frithéillithe náisiúnta i bhfeidhm ag beagnach gach Ballstát faoi láthair cé go bhfuil cuid acu níos cuimsithí ná a chéile. Ó bhí mí Iúil 2023 ann, thug
an Ungáir
,
an Ghréig
, an Iodáil,
an tSualainn
, agus a
n Ostair
a straitéisí náisiúnta agus/nó pleananna gníomhaíochta cothrom le dáta
agus ghlac
an Phortaingéil
clár oibre frithéillithe. Tá tús curtha ag an
bhFrainc
,
an Fhionlainn
agus
an Bhulgáir
leis an bpróiseas chun athbhreithniú a dhéanamh ar na straitéisí atá acu cheana, agus tá próisis ullmhúcháin don athbhreithniú ar siúl sa
tSlóivéin
, agus níl sé ar siúl go fóill sa
Ghearmáin
. San
Eastóin
, leantar den phlean gníomhaíochta frithéillithe a chur i bhfeidhm ar bhealach éifeachtúil tráthúil. I
Málta
, bhí roinnt moilleanna ar an bhfaireachán ar chur i bhfeidhm na straitéise náisiúnta frithchalaoise agus frithéillithe.
A mhéid a bhaineann leis na tíortha is iarrthóirí, tá a straitéis frithéillithe glactha ag
Montainéagró
agus tá
an tSeirbia
i mbun bailchríche a chur ar a cuid straitéise féin. Sa
Mhacadóin Thuaidh
, leis na moilleanna ar chur i bhfeidhm na mbeart a gheall sí ina straitéis frithéillithe, tugtar le fios go bhfuil easpa tiomantas polaitiúil ann, agus san
Albáin
, tá cur i bhfeidhm na straitéise reatha ar an mbóthar ceart ach tá aird theoranta á tabhairt ar earnálacha ardriosca.
Neartú chumas na n‑institiúidí agus an chreata dhlíthiúil chun an t‑éilliú a chomhrac
Tá gá le creat láidir dlíthiúil agus riaracháin in aghaidh an éillithe
agus le hinstitiúidí láidre neamhspleácha chun na rialacha a fhorfheidhmiú chun an t‑éilliú a chomhrac go héifeachtach. Go ginearálta, tá creataí dlíthiúla láidre i bhfeidhm ag na Ballstáit uile agus ag na tíortha is iarrthóirí a áirítear sa tuarascáil seo, cé go bhfuil roinnt bearnaí sonracha fós ann. I gcomhréir le moltaí 2023, tá athchóirithe ar an dlí coiriúil tugtha ar aghaidh ag roinnt Ballstát chun an comhrac in aghaidh an éillithe a neartú. Leathnaigh
an Ostair
cionta breabaireachta chun iarrthóirí ar oifig phoiblí a chumhdach, agus chuir sí smachtbhannaí breise san áireamh le haghaidh cionta éillithe, ina measc sin an toirmeasc ar oifig phoiblí a shealbhú. Threisigh an
Ghréig
forálacha maidir le dliteanas coiriúil i leith breabaireachta agus neartaigh an
Chróit
an reachtaíocht maidir le breabaireacht a dhéanamh ar oifigigh phoiblí, agus leis sin rinne sí raon feidhme dliteanais daoine dlítheanacha a leathnú agus leibhéil smachtbhannaí do dhaoine dlítheanacha a ardú. Ghlac
an Ghearmáin
dlí lena neartaítear forálacha maidir le mangaireacht tionchair a bhfuil Feisirí Parlaiminte bainteach leis. Tá roinnt bearnaí fós ann i mBallstáit eile, go háirithe a mhéid a bhaineann le breabaireacht eachtrach. Sa
tSualainn
, maidir leis na sainmhínithe dlíthiúla ar bhreabaireacht eachtrach, sainmhínithe atá teoranta i gcónaí, tá anailís á déanamh orthu ag coiste fiosrúcháin agus tá athbhreithniú ar chion na breabaireachta eachtraí fós ar feitheamh san
Fhionlainn
.
I roinnt Ballstát, áfach, tá an baol ann go mbainfí an bonn den chomhrac in aghaidh an éillithe le hathchóirithe áirithe ar an dlí coiriúil. Sa
tSlóvaic
, tá ábhair mhóra imní ann maidir leis an athchóiriú a rinneadh ar an dlí coiriúil le déanaí agus rinneadh tuilleadh leasaithe air le déanaí. Leis na smachtbhannaí maidir le héilliú agus coireanna a bhaineann le héilliú a laghdú, leis na tréimhsí teorann ama a bhaineann le coireanna éillithe a ghiorrú, agus le deireadh leis an Oifig Ionchúisimh Speisialta, tá baol ann go ndéanfar an troid in aghaidh an éillithe a lagú. San
Iodáil
, d’fhéadfadh impleachtaí a bheith ag dlí nua lena n‑aisghairtear an cion maidir le mí‑úsáid oifige agus lena dteorannaítear raon feidhme an chiona maidir le mangaireacht tionchair chun calaois agus éilliú a bhrath agus a imscrúdú. A mhéid a bhaineann leis na tíortha is iarrthóirí, sa
Mhacadóin Thuaidh
le leasuithe a rinneadh le déanaí ar an gcód coiriúil, rinneadh an creat dlíthiúil a lagú, rud a raibh tionchar diúltach aige ar ionchúiseamh na héillithe, go háirithe i gcásanna éillithe ardleibhéil.
Tharla forbairtí tábhachtacha chun feabhas a chur ar thimpeallacht institiúideach in aghaidh an éillithe i roinnt Ballstát. Sa
Bhulgáir
, rinneadh an Coimisiún um Fhrithéilliú agus um Forghéilleadh Sócmhainní Neamhdhleathacha a roinnt ina dhá chomhlacht ar leith (an Coimisiún um Fhrithéilliú agus an Coimisiún um Forghéilleadh Sócmhainní Neamhdhleathacha) ar mhaithe leis an gcreat institiúideach ginearálta frithéillithe a chur chun cinn, mar a beartaíodh i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta na Bulgáire. Tá sé beartaithe ag
an bPolainn
deireadh a chur lena Lár-Bhiúró um Chomhrac an Éillithe agus na hacmhainní agus na hinniúlachtaí atá aige a aistriú chuig Biúró Lárnach Imscrúdaithe na bPóilíní, d’fhonn aghaidh a thabhairt ar ábhair imní a bhí ann roimhe seo maidir le cur isteach.
Is rud fíor-riachtanach é go mbeidh sé de chumas ag na seirbhísí forfheidhmithe dlí, na húdaráis ionchúisimh agus na breithiúna ar bhonn níos ginearálta, forálacha frithéillithe an dlí choiriúil a fhorfheidhmiú ionas go ndéanfar an t‑éilliú a chomhrac go héifeachtach. Ní mór an speisialtóireacht, an saineolas agus foireann leordhóthanach a bheith curtha in oiriúint do chastacht mhéadaitheach na gcoireanna éillithe. Sa
Chipir
, i
Málta
agus sa
Phortaingéil
, rinneadh bearta chun acmhainní na n‑údarás imscrúdaitheach a mhéadú agus tá beartaithe ag
Lucsamburg
é sin a dhéanamh. Ar an taobh eile, léiríodh ábhair imní maidir le leibhéal iomlán na n‑acmhainní agus leibhéal na speisialtóireachta a mhéid a bhaineann leis an
tSlóvaic
, agus
Éire
. Cuireadh i dtábhacht easnaimh chomhchosúla le haghaidh seirbhísí ionchúisimh speisialaithe frithéillithe i
Montainéagró
agus sa
tSeirbia
.
An comhar idir údaráis forfheidhmithe dlí agus gníomhaireachtaí eile, cuir i gcás aonaid um fhaisnéis airgeadais agus údaráis chánach, iniúchóireachta, iomaíochta agus riaracháin eile, mar aon le rochtain ar eolas agus idirnascadh bunachar sonraí agus clárlann, tá na nithe sin ar fad ríthábhachtach chun an t‑éilliú a chomhrac. Tá an comhar á neartú sa
Spáinn
, le comhaontú tiomnaithe idir na gníomhaireachtaí ionchúisimh um fhrithchalaois. San
Iodáil
, an comhar idir na seirbhísí póilíneachta agus ionchúisimh náisiúnta éagsúla, na húdaráis chánach agus an t‑údarás náisiúnta frithéillithe, tá sé éifeachtach, agus téann infheistíochtaí tábhachtacha in uirlisí TF agus san idir-inoibritheacht chun tairbhe do na húdaráis forfheidhmithe dlí. In
Éirinn
, tagann fóram d’ionadaithe sinsearacha le chéile go rialta chun comhordú idirghníomhaireachta agus comhroinnt eolais a éascú i measc seirbhísí póilíneachta agus ionchúisimh, agus i measc seirbhísí náisiúnta eile atá gníomhach ó thaobh an t‑éilliú a chosc agus a chomhrac. I mBallstáit eile, tugadh faoi deara go bhfuil dúshláin ann. Tuairiscíonn an Oifig Iniúchóireachta sa
Chipir
go bhfuil roinnt údaráis phoiblí ann atá faoi iniúchadh (ina measc sin na póilíní i gcásanna áirithe) nach soláthraíonn eolas ábhartha. San
Ungáir
, tá roinnt bacainní praiticiúla roimh an Údarás Ionracais nua, go háirithe i gcás inar gá dó brath ar an gcomhar le comhlachtaí poiblí eile.
Tuairiscítear go bhfuil an comhar idir na húdaráis náisiúnta agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) go maith ar an iomlán sna Ballstáit rannpháirteacha. an Pholainn agus tháinig an
tSualainn
isteach in OIPE in 2024. Na hullmhúcháin chun go mbeidh OIPE oibríochtúil sa dá thír sin, tabharfar i gcrích iad roimh dheireadh 2024. Lasmuigh den Aontas, tá socruithe oibre le OIPE tugtha i gcrích ag an
Albáin
, ag
Montainéagró
agus ag an
Macadóin Thuaidh
, cé nach bhfuil socruithe oibre le OIPE tugtha i gcrích fós leis an
tSeirbia
.
Deireadh a chur le bacainní ar imscrúduithe coiriúla agus ar ionchúiseamh agus cuntas teiste a fheabhsú maidir le héilliú ardleibhéil
De réir an Eorabharaiméadair Speisialta maidir le dearcadh na saoránach i leith an éillithe, measann thart ar dhá thrian de mhuintir na hEorpa (65%) nach dtéitear sa tóir ar chásanna éillithe ardleibhéil go leordhóthanach
. Fágann easnaimh sa dlí gur féidir bac a chur ar chásanna éillithe a imscrúdú agus a ionchúiseamh go héifeachtach, cur i gcás nósanna imeachta anásta nó doiléire chun díolúintí a bhaint nó tréimhsí ama atá gearr. D’fhéadfadh na bacainní sin a bheith díobhálach go háirithe do chásanna casta éillithe ina mbíonn am ag teastáil go minic chun cás a thógáil. Sa
Rómáin
leanadh de chuid mhaith cásanna éillithe a dhúnadh agus ciontuithe a chur ar neamhní de thoradh freagairt reachtach mhoillithe ar shaincheisteanna maidir le reacht na dtréimhsí. San
Iodáil
, d’fhéadfadh na hathruithe atá beartaithe ar reacht na dtréimhsí an t‑am atá ar fáil chun imeachtaí breithiúnacha a dhéanamh i leith cionta coiriúla a laghdú, agus cásanna éillithe san áireamh ansin. Sa
tSlóivéin
, cuireann leasuithe a rinneadh le déanaí ar an gCód Nós Imeachta Coiriúil teorainn leis na féidearthachtaí bearta imscrúdaitheacha áirithe a úsáid agus d’fhéadfaidís imscrúdú agus ionchúiseamh éifeachtach an éillithe a dhéanamh níos deacra.
Tugadh faoi deara i dTuarascáil 2023 maidir leis an Smacht Reachta go raibh athchóirithe ag teastáil ó roinnt Ballstát chun fad na n‑imeachtaí coiriúla a laghdú chun feabhas a chur ar chuntas teiste na mbreithiúnas críochnaitheach, go háirithe i gcás cásanna éillithe ardleibhéil. Sa
Chróit
, rinneadh bearta chun imscrúdú agus ionchúiseamh cionta éillithe a dhéanamh níos éifeachtúla, agus tá athbhreithniú ar an gCód Nós Imeachta Coiriúil agus ar an Dlí maidir leis an oifig ionchúisimh speisialaithe frithéillithe fós gan réiteach. Sa
tSeicia
, tugtar aird i gcónaí freisin ar chásanna éillithe ardleibhéil mar gheall ar mhoilleanna ar roinnt imeachtaí cúirte. Sa
Spáinn
, athchóiriú ar an gCód Nós Imeachta Coiriúil, rud a d’fhéadfadh éifeachtúlacht a mhéadú freisin maidir le cásanna éillithe ardleibhéil a láimhseáil, tá sé fós ar feitheamh.
Leanann roinnt Ballstát dá gcuntas teiste a threisiú i leith imscrúdú agus ionchúiseamh an éillithe ardleibhéil, agus cásanna ardleibhéil san áireamh
. San
Ostair
, sa
Laitvia
, agus sa
Rómáin
, bhí imscrúdú éifeachtach leanúnach ar chásanna éillithe ardleibhéil ann. Tugadh spreagadh nua d’imscrúdú a dhéanamh ar chásanna éillithe ardleibhéil sa
Pholainn
, agus tá roinnt cásanna éillithe mórscála oscailte anois. Tá torthaí suntasacha fós á mbaint amach maidir le cionta éillithe ardleibhéil a ionchúiseamh agus a bhreithniú sa
Fhrainc
. Rinne an
Ghréig
iarrachtaí chun feabhas a chur ar a cuntas teiste, trí aghaidh a thabhairt freisin ar na dúshláin a sainaithníodh maidir le staitisticí éillithe a bhailiú, ina measc sin, staitisticí ar an éilliú ardleibhéil. Sa
tSlóivéin
, tháinig méadú suntasach ar bhreithiúnais chúirte céadchéime i gcásanna éillithe agus tháinig méadú beagnach faoi dhó ar líon na gciontuithe, agus tá imscrúduithe ar thionchar polaitiúil ardleibhéil a d’fhéadfadh a bheith ann ar chinnteoireacht na bpóilíní fós ar siúl.
I mBallstáit eile, cuntas teiste láidir maidir le cásanna éillithe ardleibhéil a imscrúdú agus a ionchúiseamh, le smachtbhannaí athchomhairleacha agus breithiúnais chríochnaitheacha mar thoradh air, is nithe iad atá fós le bunú. Is amhlaidh atá, mar shampla, sa
Bhulgáir
agus i
Málta
. Sa
tSlóvaic
, cuirtear bac ar chuntas teiste láidir in aghaidh éilliú ardleibhéil mar gheall ar easpa leanúnach comhordaithe i measc imscrúdaitheoirí agus ionchúisitheoirí éillithe chomh maith le leas a bhaint as cumhachtaí an Phríomh‑Ionchúisitheora chun imscrúduithe agus ionchúisimh éillithe a chur ar ceal. Cé gur shroich roinnt cásanna éillithe ardleibhéil an chéim dhíotála san
Ungáir
, is annamh a fheictear ciontuithe i gcásanna den chineál sin agus is ábhar mór imní fós é nach bhfuil cuntas teiste láidir ann maidir le himscrúduithe agus ionchúisimh ar líomhaintí éillithe a bhaineann le hoifigigh ardleibhéil agus na daoine is gaire dóibh.
I
Montainéagró
, tá cuntas teiste na n‑imscrúduithe agus na n‑ionchúiseamh i gcásanna éillithe ardleibhéil cobhsaí, ach cuireann an easpa trialacha agus cinntí críochnaitheacha leis an dearcadh go bhfuil saoirse ó phionós ann. Sa
Mhacadóin Thuaidh
le sriantachta acmhainní agus easpa comhair idir na húdaráis náisiúnta, cuirtear bac ar ionchúiseamh éifeachtach ar éilliú agus cuirtear isteach ar chuntas teiste láidir cásanna éillithe ardleibhéil a bhunú. San
Albáin
, tá méadú ag teacht ar líon na ndaoine a imscrúdaíodh, a ionchúisíodh agus a ciontaíodh as éilliú, ach is ábhair imní é dlí maithiúnais a tugadh isteach le déanaí. Sa
tSeirbia
, tháinig méadú ar líon na gciontuithe deiridh i gcásanna éillithe ardleibhéil le bliain anuas, ach tá gá le tuilleadh feabhsuithe chun cuntas teiste láidir a bhunú maidir le himscrúduithe, díotálacha agus ciontuithe deiridh.
An t‑éilliú a chomhrac mar chumasóir na coireachta eagraithe
Éascaíonn an t‑éilliú gníomhaíocht choiriúil agus díríonn sé ar an earnáil phríobháideach agus ar an earnáil phoiblí araon. Is tosaíocht mhéadaitheach do na húdaráis i roinnt Ballstát é aghaidh a thabhairt ar rioscaí éillithe a bhaineann le hinsíothlú agus tionchar míchuí na coireachta eagraithe sa tseirbhís phoiblí, i bhforfheidhmiú an dlí agus sna breithiúna. San
Ísiltír
, is tosaíocht straitéiseach é cosc a chur le hinsíothlú grúpaí coireachta eagraithe isteach sa státseirbhís agus sna póilíní trí éilliú. Tá clár ar siúl ó 2020 i leith maidir leis an gcoireacht eagraithe threascrach a chomhrac, agus cuireadh tús le measúnuithe riosca i roinnt earnálacha (údaráis chalafoirt agus údaráis áitiúla ina measc) agus bearta chun aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí. Tá an
tSualainn
ag díriú a cuid oibre ar na réimsí riosca agus ar chumasóirí insíothlú na coireachta eagraithe.Tá bearta éagsúla á ndéanamh ag an
mBeilg
chun aghaidh a thabhairt ar an éilliú a bhfuil nasc aige le gáinneáil ar dhrugaí agus le grúpaí coireachta eagraithe, rud a aithnítear mar fheiniméan tábhachtach.
An t‑ionracas a chothú san earnáil phoiblí agus na coinbhleachtaí leasa a chosc
Is iad creataí rialachais agus ionracais atá trédhearcach agus cuntasach an chosaint is fearr ar an éilliú. Is é sin an chúis gur minic a chuireann cineálacha cur chuige éifeachtacha frithéillithe le bearta chun trédhearcacht, eitic agus ionracas a fheabhsú, chomh maith le rialáil a dhéanamh ar réimsí amhail coinbhleacht leasa, brústocaireacht agus ‘doirse imrothlacha’
.
Bíonn coinbhleacht leasa ann nuair a bhíonn leas príobháideach nó gairmiúil ag oifigeach poiblí a d’fhéadfadh cur isteach ar fheidhmiú neamhchlaonta oibiachtúil a chuid dualgas
. Tá bearta breise déanta ag roinnt Ballstát chun coinbhleachtaí leasa a rialáil freisin, tar éis mholtaí 2023. Sa
tSeicia
, glacadh le reachtaíocht chun an córas maidir le coinbhleacht leasa a leathnú, mar shampla cosc iomlán ar na meáin a bheith faoi úinéireacht oifigigh thofa, cé go bhfuil na meáin ar líne lasmuigh de raon feidhme na reachtaíochta sin. Sa
tSlóivéin
, tá athbhreithniú á dhéanamh ar an reachtaíocht maidir le maoirseacht a dhéanamh ar choinbhleacht leasa agus ar neamh‑chomhoiriúnacht oifige. Tá dúshláin fós ann i mBallstáit eile. San
Iodáil
, tá reachtaíocht chuimsitheach maidir le coinbhleacht leasa do shealbhóirí oifige polaitiúla fós ar feitheamh. Sa
Spáinn
, níor glacadh aon bhearta breise chun feabhas a chur ar rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa do státseirbhísigh, in ainneoin na hoibre leanúnaí ó 2021 i leith. Maidir leis na tíortha is iarrthóirí, tá rialacha na
hAlbáine
maidir le coinbhleacht leasa d’oifigigh phoiblí neamhiomlán agus níl siad ailínithe le caighdeáin Eorpacha agus bheadh ar
an Macadóin Thuaidh
an córas le haghaidh sáruithe ar na rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa a neartú.
Is minic a bhíonn oifigigh shinsearacha rialtais agus Feisirí Parlaiminte faoi réir rialacha sonracha ionracais agus tá cóid iompair i bhfeidhm ag roinnt Ballstát. Tá sé tábhachtach go mbeidh cur chun feidhme praiticiúil na rialacha sin faoi réir fíorú agus meastóireacht thráthrialta. Sa
Bheilg
, leathnaíodh an Cód Iompair Aireachta do shealbhóirí oifige poiblí feidearálaí chun gach comhalta d’oifigí príobháideacha aireachta a chumhdach. San
Eastóin
, tá uirlisí digiteacha á bhforbairt agus á n‑úsáid chun a chinntiú go gcuirfear na rialacha atá ann cheana maidir le hionracas chun feidhme ar bhealach níos fearr. Sa
Ghréig
, leanadh den obair ar chóid iompair a fhorbairt d’Fheisirí Parlaiminte agus do chomhaltaí Rialtais.
Sa
Phortaingéil
, glacadh Cód Iompair nua is infheidhme maidir leis an Rialtas agus le hoifigigh ardleibhéil freisin, ina dtagraítear go sainráite don fhéidearthacht duine a chur as oifig i gcás sárú ar an gCód agus lena bhforáiltear go gcruthófar plean chun an riosca éillithe a chosc. I mBallstáit eile, tá bearnaí fós ann. Sa
Bhulgáir
, i bhfianaise na mbearnaí tromchúiseacha a sainaithníodh, bunaíodh meitheal chun cód iompair a dhréachtú le haghaidh na bpríomhfheidhmeanna feidhmiúcháin. San
Fhionlainn
, níl aon Chód Iompair tiomnaithe d’Airí ann fós. I
Montainéagró
, cé go bhfuil cóid iompair shonracha ag roinnt institiúidí, tá Cód an Rialtais neamhéifeachtach, agus níor glacadh dlí maidir le pionóis araíonachta go fóill.
Brústocaireacht thrédhearcach a chinntiú agus ‘doirse imrothlacha’ a rialáil
Chun bheith ina ghníomh rannpháirtíochta polaitiúla dlisteanach, ní mór ceanglais láidre maidir le trédhearcacht agus ionracas a bheith ag gabháil leis an mbrústocaireacht chun tacú leis an gcuntasacht agus leis an gcuimsitheacht sa phróiseas chinnteoireachta agus chun srian a chur le tionchar míchuí ceilte
. Le brústocaireacht a bhfuil droch‑rialáil uirthi féadfar doirse a oscailt freisin don chur isteach eachtrach.
Tá athbhreithniú déanta ag roinnt Ballstát ar a rialacha trédhearcachta i leith brústocaireachta, i gcomhréir le moltaí 2023 freisin. Tháinig rialacha níos déine i bhfeidhm maidir le clár brústocaireachta na
Gearmáine
, cuireadh síneadh leis na ceanglais trédhearcachta agus rinneadh roinnt beart chun lorg reachtach a thabhairt isteach. Sa
Chróit
, le dlí nua tugadh isteach clár leictreonach brústocaireachta, srianta ar ghníomhaíochtaí brústocaireachta agus sraith rialacha maidir le fíorú, forfheidhmiú agus pionóis. San
Fhionlainn
, ceanglaítear le forálacha dlíthiúla nua go gclárófar gníomhaíochtaí brústocaireachta le clár trédhearcachta nua. Sa
Chipir
, in
Éirinn
, sa
Liotuáin
agus sa
Laitvia
tháinig forálacha nua maidir le brústocaireacht i bhfeidhm nó tá na forálacha sin á gcur chun feidhme, agus leanadh de phlé a dhéanamh sa
Bheilg
, sa
tSeicia
agus sa
Phortaingéil
maidir le reachtaíocht nua.
an
agus an
Phortaingéil
.
Tá gá le feabhsuithe breise i mBallstáit eile. Sa
Fhrainc
, cé go bhfuil treoirlínte maidir le clár brústocairí tagtha i bhfeidhm agus go bhfuil tuilleadh dréachtaí os comhair na Parlaiminte, tá ábhair imní fós ann maidir le nochtadh cruinnithe brústocaireachta ag oifigigh shinsearacha. Tá athbhreithniú déanta ag
Lucsamburg
ar an gcód iompair do pharlaiminteoirí chun trédhearcacht a mhéadú, ach níl le fáil sa chlár ach sonraí teoranta. Ní ann do rialachán tiomnaithe maidir le brústocaireacht go fóill sa
tSlóvaic
ná san
Iodáil
, agus d’fhéadfaí feabhas a chur ar an reachtaíocht atá ann cheana san
Ostair
, sa
Pholainn
, san
Ungáir
agus san
Ísiltír
. Sa
Rómáin
, tá rialacha maidir le brústocaireacht d’Fheisirí Parlaiminte fós in easnamh, cé go bhfuil roinnt forbairtí ann maidir le forfheidhmiú rialacha brústocaireachta do chomhaltaí Rialtais.
Maidir leis an rialáil agus an bhforfheidhmiú i ndáil le ‘doirse imrothlacha’ idir feidhmeanna poiblí agus príobháideacha chun aghaidh a thabhairt ar choinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann, is réimse é ar a dtugtar aird faoi leith i gcónaí. Tá rialacha iarfhostaíochta níos déine anois ann d’oifigigh ardleibhéil agus tá caighdeáin trédhearcachta níos airde i bhfeidhm sa
Ghearmáin
. Sa
Phortaingéil
, tugadh isteach smachtbhannaí níos déine le reachtaíocht nua maidir le doirse imrothlacha. Sa
tSualainn
, rinneadh meastóireacht ar na rialacha iarfhostaíochta maidir leis na hardfheidhmeanna feidhmiúcháin sa Rialtas, agus rinneadh feabhsuithe a mholadh. Tá dul chun cinn á dhéanamh san
Fhionlainn
agus san
Ísiltír
sa phlé i dtaca le rialacha maidir le doirse imrothlacha a thabhairt isteach nó rialacha atá ann cheana a athbhreithniú agus tá treoirlínte á bhforbairt san
Iodáil
. I mBallstáit eile, bhí an dul chun cinn níos moille. San
Ungáir
, tá srianta iarfhostaíochta agus tréimhsí marana ilroinnte agus teoranta ó thaobh raon feidhme de, ach tá pleananna ann chun dlíthe a rith sa réimse seo in 2025. Sa
Danmhairg
, níor glacadh aon bheart chun rialacha maidir le doirse imrothlacha a thabhairt isteach d’airí. San
Eastóin
, tá treoirlínte sonracha á bhforbairt faoi láthair ag an gComhairle Eitice Phoiblí, treoirlínte a bhaineann le doirse imrothlacha mar aon le treoracha féideartha ar conas na rioscaí a mhaolú, agus meastar go mbeidh siad ann in 2024.
Sa
Mhacadóin Thuaidh
, cé go bhfuil an creat dlíthiúil agus na cláir bhrústocaireachta i bhfeidhm, níl aon bhrústocaire cláraithe ann go fóill. I
Montainéagró
, glacadh reachtaíocht nua maidir le brústocaireacht le déanaí.
Nochtadh sócmhainní agus leasanna
Tacaíonn dearbhuithe sócmhainní agus leasa ó oifigigh phoiblí le trédhearcacht agus cuntasacht na hearnála poiblí agus is uirlisí tábhachtacha iad chun ionracas a chur chun cinn agus an t‑éilliú a chosc. Tá rialacha ag formhór na mBallstát chun a chinntiú go mbeidh feidhm ag nochtuithe den sórt sin maidir leo siúd a bhfuil cumhacht pholaitiúil agus feidhmiúcháin acu. Mar sin féin, tá éagsúlachtaí móra ann maidir le raon feidhme, trédhearcacht agus inrochtaineacht an eolais nochta, agus maidir le héifeachtacht an fhíorúcháin agus fhorfheidhmiúcháin.
Tugtar forbairtí dearfacha faoi deara i roinnt Ballstát, lena dtugtar aghaidh freisin ar shaincheisteanna a chumhdaítear i moltaí 2023. Sa
Ghréig
, tá cur chun feidhme an dlí nua maidir le dearbhuithe sócmhainní ar an mbóthar ceart agus tá céatadán suntasach fíoruithe curtha i gcrích, a bhuí freisin le huasghrádú an ardáin leictreonaigh thiomnaithe. Sa
Chipir
, thug na breithiúna isteach a gcreat rialála féin maidir le nochtadh sócmhainní, agus comhdaíonn gach breitheamh a ndearbhuithe sócmhainní leis an gCúirt Bhunreachtúil anois. Sa
Phortaingéil
, tháinig an t‑athchóiriú i bhfeidhm chun faireachán agus fíorú i leith dearbhuithe sócmhainní oifigeach poiblí polaitiúil agus oifigeach poiblí sinsearach a chur de chúram ar an Eintiteas Trédhearcachta a bunaíodh in 2019.
I mBallstáit eile, tá dúshláin fós ann. Sa
Bheilg
, ní chinntítear leis an gcóras le haghaidh dearbhuithe sócmhainní fíorú agus trédhearcacht leormhaith, agus ní dhéantar seiceálacha ach amháin i gcomhthéacs imscrúduithe coiriúla. Sa
Danmhairg
, ní dhearnadh aon dul chun cinn maidir le dearbhuithe sócmhainní a chuir daoine a bhfuil na príomhfheidhmeanna feidhmiúcháin acu isteach, agus tá easpa fíoraithe agus faireacháin ann. I
Lucsamburg
, níl aon chóras fíorúcháin foirmiúil ann fós chun cruinneas na ndearbhuithe sócmhainní a sheiceáil. Tá bearta breise fós le déanamh ag an
Ungáir
chun feabhas a chur ar an gcóras dearbhaithe sócmhainní, a mhéid a bhaineann le maoirseacht san áireamh. In
Éirinn
, níl dul chun cinn déanta maidir le dearbhuithe sócmhainní a dhigitiú. Sna tíortha is iarrthóirí, cé go gcumhdaíonn rialacha dearbhaithe sócmhainní raon measartha leathan oifigeach san
Albáin
agus sa
tSeirbia
, tá easnaimh ann maidir le fíorú agus forfheidhmiú éifeachtach.
Cosaint do sceithirí
Tá ról ríthábhachtach ag cosaint sceithirí maidir leis an éilliú a bhrath agus a chosc. Tá reachtaíocht athbhreithnithe nó nua i roinnt mhaith Ballstát mar thoradh ar thrasuí Threoir an Aontais maidir le cosaint sceithirí
, mar a tugadh faoi deara i dtuarascáil na bliana seo caite. Ó mhí Iúil 2023 i leith, tá dul chun cinn déanta i roinnt Ballstát maidir le dlíthe i ndáil le sceithirí a chosaint
.
Mar sin féin, tá bacainní móra fós ann maidir le cásanna éillithe a thuairisciú sa chleachtas: tá a fhios ag níos lú ná leath de mhuintir na hEorpa (43%) cá háit ar féidir cás éillithe a thuairisciú agus creideann 28% de mhuintir na hEorpa nach ndéantar cásanna éillithe a thuairisciú mar nach fiú é mar nach ngearrfar pionós orthu siúd atá freagrach
. Chun an drogall a shárú, tá uirlisí á gcur i bhfeidhm ag cuid mhaith Ballstát chun treoir a chur ar fáil agus feasacht a mhúscailt. Mar shampla, san
Ísiltír
, tá feachtas ann a chuireann an fheasacht chun cinn agus a spreagann sceithirí chun na bealaí tuairiscithe nua a úsáid. Tá treoirlínte agus uirlisí eolais nua forbartha ag an
Iodáil
agus ag an
gCipir
chun tacú le sceithirí. Sa
Fhrainc
, cruthaíodh cuibhreannas eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) chun comhairle a chur ar sceithirí féideartha. I
Málta
, tá obair ar siúl chun bunachar sonraí agus uirlisí a fhorbairt chun tuarascálacha sceithireachta a phróiseáil.
Tá na tíortha is iarrthóirí ag obair chun a ndlíthe a ailíniú le acquis an Aontais. I
Montainéagró
, leasaíodh forálacha dlíthiúla maidir le sceithirí a chosaint d’fhonn ailíniú le acquis an Aontais, agus tá an rialtas sa
Mhacadóin Thuaidh
ag obair ar uasdátú a dhéanamh ar an dlí maidir le sceithirí a chosaint chun na críche céanna.
Aghaidh a thabhairt ar réimsí atá i mbaol mór éillithe
Níl aon earnáil ná réimse gníomhaíochta sábháilte ó rioscaí an éillithe, ach ní mór aird ar leith a thabhairt ar réimsí coiteanna ardriosca — go hiondúil iad sin a bhaineann le bainistiú cistí poiblí suntasacha, cuir i gcás soláthar poiblí nó rochtain ar sheirbhís chriticiúil. Sainaithníodh earnálacha cosúil le cúram sláinte, fuinneamh, pleanáil uirbeach agus rialtas réigiúnach agus áitiúil mar earnálacha leochaileacha. I measc na réimsí ardriosca eile éillithe tá pointí fócasacha don choireacht eagraithe, mar shampla calafoirt. Baineann réimsí eile riosca le maoiniú páirtithe polaitiúla agus scéimeanna saoránachta agus cónaithe d’infheisteoirí
.
Is uirlisí tábhachtacha iad cleachtaí measúnaithe riosca chun bonn eolais a chur faoin mbeartas frithéillithe. D’fhorbair an
tSeicia
modheolaíocht um measúnú riosca éillithe agus um thomhais riosca éillithe chun bonn eolais a chur faoi aon ghníomhaíocht a dhéanfar amach anseo. Sheol an
Ísiltír
measúnú riosca náisiúnta chun na bagairtí éillithe is mó a shainaithint ar an leibhéal náisiúnta, an leibhéal cúige agus an leibhéal áitiúil, le feachtais múscailte feasachta spriocdhírithe le haghaidh earnálacha ardriosca. Sa
Laitvia
, tá sé beartaithe ag údaráis a modheolaíocht féin maidir le measúnú riosca a fhorbairt. San
Eastóin
, forbraíodh uirlis leictreonach chun na rioscaí éillithe san earnáil phríobháideach a mheasúnú.
Tá athchóirithe glactha ag roinnt Ballstát nó tá athchóirithe á mbreithniú acu chun trédhearcacht agus maoirseacht a mhéadú maidir le maoiniú páirtithe polaitiúla, d’fhonn tacú leis an gcuntasacht dhaonlathach freisin agus tionchar eachtrach míchuí a chosc. San
Ísiltír
, tá sé d’aidhm ag dréachtreachtaíocht nua trédhearcacht a mhéadú agus toirmeasc a chur ar pháirtithe polaitiúla nuair atá fíorbhaol soiléir ag baint leo go mbainfí an bonn den smacht reachta daonlathach nó go gcuirfí deireadh leis. Tá rialacha nua maidir le maoiniú páirtithe polaitiúla glactha ag an
nGearmáin
, rialacha lena rialaítear urraíocht páirtithe agus maoiniú folaithe feachtais páirtithe ag daoine eile. Sa
Danmhairg
, tháinig dlí nua i bhfeidhm maidir le maoiniú poiblí páirtithe polaitiúla, agus tá togra le haghaidh trédhearcacht mhéadaithe maidir le maoiniú príobháideach páirtithe polaitiúla fós ar feitheamh. Sa
tSlóivéin
, le rialacha nua i bhfeidhm ba cheart iniúchtaí níos minice a bheith ann ar na páirtithe polaitiúla is mó agus ar chion níos mó de mhaoiniú stáit. Sa
tSeicia
, tar éis athchóiriú a dhéanamh, neartaíodh an oifig a dhéanann maoirseacht ar mhaoiniú páirtithe polaitiúla.
Tá dúshláin fós ann i mBallstáit eile. Sa
Bheilg
, an t‑athchóiriú a rabhthas ag súil leis le fada ar mhaoiniú páirtithe polaitiúla, tá sé ina stad mar gheall ar easpa comhaontaithe idir na páirtithe polaitiúla. Sa
Chipir
, sna hiniúchtaí ar mhaoiniú iarrthóirí polaitiúla agus páirtithe polaitiúla, tarraingíodh aird ar lochtanna nach ndearnadh obair leantach orthu go fóill sa reachtaíocht. San
Iodáil
, níl aon athrú ar an gcleachtas maidir le síntiúis a threorú trí fhondúireachtaí polaitiúla agus trí chomhlachais pholaitiúla agus níl aon chlár aonair ann d’eolas faoi pháirtithe agus faoi fheachtais, agus tá roinnt dréachtdlíthe fós á bplé sa Pharlaimint.
Tá bearta éagsúla á ndéanamh ag na Ballstáit chun rioscaí éillithe a mhaolú i réimsí ardriosca eile. Sa
Fhrainc
, tar éis ábhair imní a bheith curtha in iúl maidir le conarthaí móra poiblí, cuireadh dréachtdlí i láthair sa Pharlaimint maidir le húsáid a bhaint as cuideachtaí comhairliúcháin le haghaidh beartais phoiblí agus bhunaigh an Rialtas gníomhaireacht chun comhairle a chur ar fáil don phobal agus chuir sé síos dlí maidir le húsáid a bhaint as cuideachtaí comhairliúcháin le haghaidh beartais phoiblí. San
Iodáil
, le digitiú a dhéanamh ar shaolré iomlán gach conartha soláthair phoiblí nó conartha lamháltais, cinnteofar go mbeidh níos mó trédhearcachta ag baint le conarthaí poiblí. Sa
Liotuáin
dhírigh na cigireachtaí ar réimsí ardriosca, mar shampla soláthar poiblí, maoirseacht ar thógáil agus pleanáil chríochach. Thug na húdaráis um éilliú a chosc sa
tSlóivéin
athbhreithniú i gcrích ar nósanna imeachta soláthair in earnáil an chúraim sláinte, agus rinne siad moltaí sonracha chun laigí a leigheas.
Tá rioscaí níos déine ag baint le hearnálacha den sórt sin freisin i dtíortha is iarrthóirí. San
Albáin
sainaithníodh go bhfuil creat dlíthiúil atá róchasta ina bhac ar dhul chun cinn, agus tá roinnt díolúintí ón dlí maidir le soláthar poiblí sa
tSeirbia
nach bhfuil i gcomhréir le acquis an Aontais agus a úsáidtear go forleathan chun teacht timpeall ar chur i bhfeidhm na rialacha soláthair atá ann cheana.
3.3 Iolrachas na meán agus saoirse na meán
Tá timpeallacht meán atá saor agus iolraíoch ríthábhachtach don smacht reachta, agus tá ról tábhachtach le himirt ag meáin shaora agus neamhspleácha mar fhorais faire an daonlathais agus chun lucht na cumhachta a thabhairt chun cuntais. Le brú nó smacht ar na meáin ó pholaiteoirí nó ón stáit, baintear an bonn de shaoirse na meán, chomh maith le saoirse daoine eolas a lorg, a fháil agus a scaipeadh. Le coinbhleacht leasa agus margadh an‑chomhdhlúite nach bhfuil ach cúpla gníomhaí i gceannas air, d’fhéadfaí an bonn a bhaint d’iolrachas na meán, go háirithe in éagmais coimircí láidre le haghaidh neamhspleáchas eagarthóireachta.
Tá rialacha agus caighdeáin curtha i bhfeidhm ag an Aontas i roinnt príomhréimsí a chumhdaítear leis na tuarascálacha maidir leis an smacht reachta, ag tosú le sábháilteacht agus cosaint iriseoirí agus le bearta chun aghaidh a thabhairt ar fheiniméan na dlíthíochta straitéisí i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí. Leis an nGníomh Eorpach um Shaoirse na Meán (GESM), tugtar isteach, i measc nithe eile, forálacha sonracha maidir le trédhearcacht úinéireacht na meán, leithdháileadh trédhearcach cothrom na fógraíochta stáit, agus feidhmiú neamhspleách na meán seirbhíse poiblí agus infhaighteacht acmhainní airgeadais chun a sainchúram seirbhíse poiblí a chomhlíonadh. I bhfianaise ábharthacht na bhforálacha sin maidir le saoirse na meán agus iolrachas na meán a chothú, tá sé tábhachtach go dtosóidh na Ballstáit á gcur i bhfeidhm a luaithe is féidir, agus mar chuid de sin trí aghaidh a thabhairt ar mholtaí ábhartha na dtuarascálacha ar an smacht reachta, go háirithe i gcásanna inar fós ann le roinnt blianta anuas do na hábhair imní maidir leis na saincheisteanna a chumhdaítear le GESM agus a cuireadh in iúl sna tuarascálacha ar an smacht reachta, nó i gcás inar tuairiscíodh go raibh an staid tar éis dul in olcas.
Leis an Monatóir ar Iolrachas sna Meáin, déantar measúnú ar na rioscaí do shaoirse agus d’iolrachas na meán i ngach Ballstát agus i bhformhór na dtíortha aontachais, agus dírítear ar cheithre réimse ann – cosaint bhunúsach shaoirse na meán, iolrachas an mhargaidh, neamhspleáchas polaitiúil agus ionchuimsitheacht shóisialta na meán. Ní léiríonn torthaí Mhonatóir na bliana seo (Monatóir 2024) aon athrú mór ar fud na réimsí sin, cé go raibh roinnt éagsúlachta i dtáscairí sonracha. Leis an táscaire a bhaineann le gairm na hiriseoireachta, caighdeáin agus cosaint iriseoirí, cláraítear an scór meánriosca céanna leis an mbliain roimhe sin, le scór riosca níos airde cláraithe ó thaobh sábháilteacht dhigiteach iriseoirí de. Is ábhar imní fós iad dálaí oibre iriseoirí agus an easpa neamhspleáchais a bhaineann le rialachas na meán seirbhíse poiblí i roinnt tíortha. I rangú foriomlán na bliana seo roinntear tíortha i gcúig bhanda riosca, le seacht mBallstát cláraithe sa bhanda ‘ard‑mheánriosca’ agus dhá Bhallstát agus trí thír is iarrthóirí a chumhdaítear leis an tuarascáil seo cláraithe sa bhanda ‘ardriosca’.
Feidhmiú neamhspleách rialtóirí na meán a neartú
Tá ról ríthábhachtach ag rialtóirí náisiúnta na meán maidir le hiolrachas na meán a chaomhnú nuair atá siad neamhspleách go feidhmiúil agus go héifeachtach agus nuair a fheidhmíonn siad a gcumhachtaí ar bhealach neamhchlaonta trédhearcach, agus acmhainní leordhóthanacha acu. Tá reachtaíocht i bhfeidhm ag gach Ballstát ina leagtar amach inniúlachtaí agus coimircí neamhspleáchais rialtóirí na meán. I Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc agus sa Ghníomh Eorpach um Shaoirse na Meán (GESM) araon, tá tacar ceanglas le haghaidh rialtóirí na meán iontu: neamhspleáchas ón rialtas, neamhchlaontacht, trédhearcacht, cuntasacht, acmhainní leordhóthanacha, nósanna imeachta maidir le ceapacháin agus daoine a chur as oifig agus sásraí éifeachtacha achomhairc.
Ó bhí Tuarascáil 2023 maidir leis an Smacht Reachta ann, leathnaíodh cúraimí agus inniúlachtaí roinnt rialtóirí náisiúnta meán agus cuireadh síneadh leo, go háirithe mar gheall ar ghlacadh Ghníomh an Aontais um Sheirbhísí Digiteacha. Tugtar forbairtí dearfacha faoi deara sa
Spáinn
agus feidhm mhaoirseachta údarás rialála na meán closamhairc á neartú. Sa
tSualainn
, rinneadh athstruchtúrú ar an údarás rialála náisiúnta, agus rinneadh réimse cúraimí a chumasc agus é d’aidhm aige sin seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar. Maidir leis na tíortha is iarrthóirí, tá creat dlíthiúil curtha ar bun ag
Montainéagró
chun ionstraimí cuimsitheacha smachtbhannaí a chur ar fáil do rialtóir na meán, ina measc sin an chumhacht fíneálacha a fhorchur i gcás sáruithe ar an dlí.
Tá ábhair imní ann i gcónaí i roinnt Ballstát maidir le neamhspleáchas nó neamhchlaontacht rialtóirí, ina measc sin coimircí neamhleora in aghaidh tionchar polaitiúil míchuí ar an bpróiseas ainmniúcháin nó ar fheidhmiú na rialtóirí, mar atá san
Ungáir
, sa
tSlóivéin
, sa
Chróit
, sa
Bhulgáir
agus sa
Pholainn
. Sa
Ghréig
, rinneadh bearta breise chun acmhainní a neartú ach níl aghaidh tugtha go hiomlán fós ar leordhóthanacht na mbeart sin chun go bhféadfaidh an t‑údarás a chúraimí a chomhlíonadh. Tá dúshláin roimh na tíortha is iarrthóirí freisin maidir le neamhspleáchas rialtóirí na meán a chinntiú. Sa
tSeirbia
, ní fheidhmíonn rialtóir na meán a shainordú go hiomlán chun iolrachas na meán agus caighdeáin ghairmiúla a choimirciú agus tá ábhair mhóra imní ann faoina neamhspleáchas, agus san
Albáin
tagann ceisteanna chun cinn mar gheall ar chleamhnacht pholaitiúil agus coinbhleachtaí leasa a mheastar a bheith ag an rialtóir.
Trédhearcacht úinéireacht na meán a mhéadú
Tá nasc díreach idir trédhearcacht úinéireacht na meán agus saoirse agus iolrachas sna meáin mar cuireann sé ar chumas úsáideoirí breithiúnais níos eolaí a dhéanamh, mar féadfaidh úinéirí na meán na cinntí eagarthóireachta agus an t‑ábhar nuachta a chuirtear ar fáil a rialú go díreach nó go hindíreach nó tionchar a imirt ar na nithe sin. Le caighdeáin Eorpacha sainítear na príomhbhearta, agus tá ceanglais shonracha i ndlí an Aontais. Ó bhí an tuarascáil dheireanach ann, bhí forbairtí dearfacha ann in
Éirinn
, sa
Ghréig
agus sa
Spáinn
agus clárlanna úinéireachta ar líne á mbunú agus á leathnú. Sa
Mhacadóin Thuaidh
, ní mór do na meáin chlóite agus chraolta eolas úinéireachta a nochtadh do chomhlacht rialála na meán closamhairc, agus is í an fhéinrialáil a rialaíonn an chlár úinéireachta do na meáin dhigiteacha náisiúnta. I
Montainéagró
, leis an nDlí nua maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc cuirtear oibleagáid ar sholáthraithe seirbhísí closamhairc eolas úinéireachta a sholáthar do rialtóir na meán.
Tá dúshláin ann i gcónaí, dúshláin a cuireadh i dtábhacht roimhe seo, maidir le trédhearcacht úinéireacht na meán sa
Bhulgáir
, sa
tSeicia
, sa
Fhrainc
, san
Ísiltír
agus sa
Chipir
. Sa
Phortaingéil
, spreag cás ardphróifíle plé maidir leis an gcreat reachtach. San
Albáin
, tá trédhearcacht úinéireacht na meán teoranta, agus sa
tSeirbia
, níl bearta atá dírithe ar thrédhearcacht a mhéadú maidir le húinéireacht na meán curtha chun feidhme go hiomlán go fóill, agus tá tionchar polaitiúil agus eacnamaíoch ar na meáin fós ina ábhar imní.
Na meáin a chosaint ar bhrú polaitiúil agus tionchar míchuí
Is féidir le brú polaitiúil agus tionchar míchuí an bonn a bhaint de neamhspleáchas na meán. Éilítear leis sin go háirithe coimircí láidre in aghaidh pholaitiú na meán seirbhíse poiblí agus rialacha trédhearcacha maidir le leithdháileadh cothrom fógraíochta stáit. San áireamh leis an nGníomh Eorpach um Shaoirse na Meán (GESM) tá forálacha ann chun feidhmiú neamhspleách na meán seirbhíse poiblí agus infhaighteacht acmhainní airgeadais a chinntiú ar mhaithe lena sainchúram seirbhíse poiblí a chomhlíonadh. Ceanglaítear leis freisin go n‑urramóidh na Ballstáit saoirse eagarthóireachta éifeachtach agus neamhspleáchas soláthraithe seirbhíse na meán i bhfeidhmiú a ngníomhaíochtaí gairmiúla agus nár cheart dóibh cur isteach ar bheartais eagarthóireachta agus ar chinntí soláthraithe seirbhíse na meán ná iarracht a dhéanamh tionchar a imirt orthu.
Cuirtear san áireamh san fhógraíocht stáit an úsáid uile a bhaineann údaráis phoiblí nó eintitis phoiblí ar gach leibhéal as an mbuiséad, chun críoch fógraíochta agus feachtas. Mura leithdháiltear an buiséad sin go trédhearcach agus go cothrom, d’fhéadfaí é a úsáid mar mhodh chun tionchar polaitiúil a imirt agus chun tús áite a thabhairt d’eagraíochtaí meán áirithe. Maidir leis an méid sin, leagtar amach i GESM ceanglais i ndáil le critéir agus nósanna imeachta leithdháilte chomh maith le foilsiú bliantúil eolais ag údaráis phoiblí nó ag eintitis phoiblí maidir leis na méideanna a chaithfear, ceanglais a mbeidh ar na Ballstáit a chomhlíonadh a luaithe a thiocfaidh na forálacha ábhartha i bhfeidhm. I roinnt Ballstát – is iad sin an
Ostair
,
an
agus an
tSlóivéin
– tá bearta dearfacha déanta, tar éis na moltaí ar tugadh aghaidh orthu i dtuarascálacha 2023 agus 2022, cé go bhfuil roinnt dúshlán ann go fóill. Ní dhearnadh aon bheart chun an trédhearcacht agus an chothroime i leithdháileadh na fógraíochta stáit a mhéadú san
Ungáir
, sa
Chróit
, i
Málta
ná sa
Spáinn
. Níl córas dáileacháin trédhearcach ag an
Albáin
le haghaidh fógraíocht stáit. I
Montainéagró
, tá an t‑eolas maidir le gach íocaíocht ón earnáil phoiblí a dhéantar le heagraíochtaí meán teoranta, an fhógraíocht institiúideach san áireamh. Sa
Mhacadóin Thuaidh
, le gnéithe áirithe de dhlí nua lena gcumhdaítear fógraíocht státmhaoinithe léiríodh ábhair imní i measc páirtithe leasmhara.
Cé go bhfuil gach Ballstát freagrach as an maoiniú a dheonaítear do na meáin seirbhíse poiblí, tá caighdeáin Eorpacha agus treoirphrionsabail ann maidir le neamhspleáchas, an creat rialála agus beartais, maoiniú, ceapacháin, cuntasacht, bainistíocht, trédhearcacht agus oscailteacht. Forálacha maidir le feidhmiú neamhspleách na meán seirbhíse poiblí a chinntiú, go háirithe trí choimircí a éileamh le haghaidh acmhainní airgeadais leordhóthanacha, inbhuanaithe agus intuartha agus trí thrédhearcacht a chothú maidir le ceapacháin agus lucht bainistíochta a chur as oifig, beidh gá leis na forálacha sin a chomhlíonadh a luaithe a thiocfaidh GESM i bhfeidhm.
Thángthas ar chomhaontú maidir le hathchóirithe atá dírithe ar neamhspleáchas craoltóirí seirbhíse poiblí náisiúnta a neartú, nó táthar á bplé i roinnt Ballstát. Cuireadh i bhfeidhm reachtaíocht nó bearta dearfacha eile sa
Ghearmáin
, sa
tSualainn
agus sa
tSeicia
agus tá seisiúin phlé maidir le hathchóiriú ar siúl cheana nó tá siad á n‑ullmhú san
Ostair
, sa
Chipir
, san
Eastóin
, sa
Fhionlainn
, sa
Danmhairg
, sa
Bhulgáir
, san
Ísiltír
agus sa
Pholainn
. Ábhair imní a cuireadh in iúl cheana maidir le rialachas neamhspleách agus neamhspleáchas eagarthóireachta na meán seirbhíse poiblí, níor tugadh aghaidh orthu fós sa
Rómáin
, i
Málta
, ná san
Ungáir
. Sa
tSlóvaic
, glacadh dlí i mí Iúil 2024 a lánscoireann an craoltóir poiblí reatha agus a chuireann ceann nua ar bun, rud a bhfuil ábhair imní maidir le neamhspleáchas an chraoltóra amach anseo ina thoradh air. San
Iodáil
, cé go bhfuil rialacha i bhfeidhm chun a chinntiú go soláthraíonn na meáin seirbhíse poiblí eolas neamhspleách agus iolraíoch, tá roinnt dúshlán ann a bhaineann le héifeachtacht a rialachais agus a chórais maoiniúcháin.
Maidir leis na tíortha is iarrthóirí, cé go bhfuil na creataí dlíthiúla lena rialaítear rialachas na meán seirbhíse poiblí i bhfeidhm san
Albáin
agus sa
Mhacadóin Thuaidh
, ní dhearna siad na meáin seirbhíse poiblí a chosaint ar an bpolaitiú sa chleachtas. Níl maoiniú cobhsaí sa
Mhacadóin Thuaidh
. Sa
tSeirbia
, tá sé beartaithe athbhreithniú a dhéanamh ag deireadh 2024 chun maoiniú cobhsaí a chinntiú, tá gá le dul i ngleic le saincheisteanna maidir le neamhspleáchas eagarthóireachta agus iolrachas na meán seirbhíse poiblí. Le hathchóiriú dlíthiúil a rinneadh le déanaí ar na meáin seirbhíse poiblí i
Montainéagró
, meastar go dtiocfaidh forbairtí dearfacha chun cinn ó thaobh rialachais agus maoiniúcháin de araon.
Rochtain ar eolas
Tá an ceart rochtain a fháil ar eolas atá i seilbh na n‑údarás poiblí ar cheann de na príomhuirlisí trédhearcachta agus cuntasachta don tsochaí shibhialta agus do shaoránaigh agus tá sé ríthábhachtach d’iriseoirí chun a gcuid oibre a dhéanamh. Tá níos mó dul chun cinn nithiúil déanta maidir leis an méid sin ag roinnt Ballstát, mar shampla an
Eastóin
,
Lucsamburg
, an
Ostair
, an
Bhulgáir
agus an
Fhionlainn
. San
Ostair
, mar shampla, glacadh Acht um Shaoráil Faisnéise agus cumhdaíodh é sa Bhunreacht, rud a sholáthraíonn den chéad uair an ceart chun eolais a fháil ó údaráis phoiblí agus ó fhiontair faoi úinéireacht an stáit. Mar sin féin, tá dul chun cinn teoranta déanta i roinnt Ballstát eile, áiteanna inar sainaithníodh fadhbanna roimhe sin, amhail an
Spáinn
, an
Pholainn
, an
Ghearmáin
, an
Ghréig
, an
Rómáin
agus
Málta
. San
Iodáil
, tá ábhair imní ag baint leis na rialacha lena rialáiltear nochtadh eolas breithiúnach in imeachtaí coiriúla, agus sa
Chróit
, cé go bhfuil iriseoirí díolmhaithe ón gcion eolas den chineál sin a nochtadh, tá cáineadh láidir ó pháirtithe leasmhara, agus leanfar d’iarrachtaí a dhéanamh chun dul i ngleic leis.
An ceart rochtain a fháil ar eolas, ráthaítear é go dlíthiúil i ngach tír is iarrthóir a áirítear sa tuarascáil seo, ach is minic a bhíonn teorainn shuntasach curtha ar chumas iriseoirí an ceart sin a fheidhmiú sa chleachtas. Sa
tSeirbia
agus i
Montainéagró
, is minic a dhiúltaíonn comhlachtaí poiblí eolas a eisiúint d’iriseoirí.
Sábháilteacht agus cosaint iriseoirí a fheabhsú agus aghaidh a thabhairt ar bhagairtí dlíthiúla agus ar imeachtaí cúirte mí‑úsáideacha i gcoinne rannpháirtíocht an phobail
Bíonn ar iriseoirí aghaidh a thabhairt ar bhagairtí fisiciúla agus dlíthiúla i gcónaí, agus cuireann feachtais chlúmhillte ar líne agus an chinsireacht a sábháilteacht i mbaol. Mar a léiríodh i staidéar neamhspleách a foilsíodh i mí na Bealtaine 2024, tá gá le feabhas a chur ar bhearta éagsúla i roinnt Ballstát, bearta a moladh i Moladh 2021 ón gCoimisiún maidir le sábháilteacht iriseoirí. Cuirtear san áireamh leis sin imscrúdú agus ionchúiseamh éifeachtach neamhchlaonta ar choireanna, oiliúint thiomnaithe, aghaidh a thabhairt ar bhagairtí agus ionsaithe ar líne agus sábháilteacht iriseoirí ban, iriseoirí ar de ghrúpaí mionlaigh iad agus iad siúd a thuairiscíonn ar shaincheisteanna comhionannais a chinntiú. Maidir le forbairtí dearfacha, ghlac roinnt Ballstát (agus tíortha is iarrthóirí) Pleananna Gníomhaíochta tiomnaithe, agus rinne siad bearta chun struchtúir tacaíochta thiomnaithe a chur ar bun lena gcuirtear sábháilteacht iriseoirí chun cinn.
Is cineál áirithe ciaptha iad cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí a úsáidtear in aghaidh iriseoirí agus cosantóirí ceart atá rannpháirteach i gcúrsaí a bhaineann le leas an phobail. Tá clúmhilleadh ar cheann de na forais is coitianta ar a dtugtar cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí in aghaidh iriseoirí. Is iondúil gurb é is aidhm don chiapadh sin iriseoirí a chur ina dtost agus éifeacht athchomhairleach a chruthú ar shaoirse na meán agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. Tá forálacha nua dhlí an Aontais i bhfeidhm ó mhí na Bealtaine 2024 chun srian a chur le cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí agus moladh do na Ballstáit gníomhaíocht bhreise a dhéanamh. Thairis sin, tá ceanglais curtha i bhfeidhm ag GESM maidir le cosaint éifeachtach a thabhairt d’fhoinsí iriseoireachta agus do chumarsáid rúnda agus coimircí in aghaidh úsáid bogearraí faireachais chunóraigh.
Tar éis forbairtí dearfacha a aithníodh i dtuarascáil 2023 i roinnt Ballstát, rinne Ballstáit eile obair leantach freisin ar na moltaí a eisíodh i dtuarascálacha 2023 agus 2022. Sa
Chróit
, leantar d’iarrachtaí múscailte feasachta maidir le cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí atá dírithe ar iriseoirí, cé go bhfuil an dul chun cinn ina leith sin teoranta. Sa
Liotuáin
, ghlac an Rialtas plean gníomhaíochta maidir le sábháilteacht agus cosaint iriseoirí agus leanann sé dá gcosaint a neartú ar chásanna dlí mí‑úsáideacha. I
Lucsamburg
, tá gealltanas tugtha ag an Rialtas sábháilteacht iriseoirí a threisiú agus le dréachtdlí nua, táthar ag súil le coimircí a thabhairt isteach chun iriseoirí a chosaint sa
tSlóivéin
. Tá próisis athchóirithe ina stad, áfach, sa
Chipir
agus i
Málta
. Sa
tSlóvaic
, d’ainneoin roinnt dul chun cinn maidir le sásraí a bhfuil sé d’aidhm acu sábháilteacht iriseoirí a fheabhsú, tá ábhair imní ann atá ag dul i méid i ndáil lena ndálaí oibre, mar tuairiscítear na dálaí sin a bheith ag dul in olcas. I
Montainéagró
agus sa
Mhacadóin Thuaidh
araon, foráiltear le leasuithe reachtacha maidir le pionóis níos déine i gcás gníomhartha foréigneacha nó imeaglú ar iriseoirí.
Maidir leis an mbagairt a bhaineann le cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí, agus le freagra a thabhairt ar mholtaí 2023 agus 2022, tá dul chun cinn déanta ag an
agus
Éire
le hobair reachtaíochta chun coimircí sonracha nós imeachta a thabhairt isteach agus/nó a ndlíthe clúmhillte a athbhreithniú, ach tá athchóiriú an chórais clúmhillte ina stad san
Iodáil
agus sa
tSlóvaic
freisin. Thug an
Mhacadóin Thuaidh
leasuithe reachtacha isteach lena gcuirtear srian leis an gcorrlach chun cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí a thionscnamh in aghaidh eagraíochtaí meán agus iriseoirí agus lena laghdaítear na fíneálacha a chuirtear i bhfeidhm i gcásanna clúmhillte.
3.4 Saincheisteanna institiúideacha eile maidir le srianta agus ceartúcháin
Is cuid lárnach den smacht reachta é córas dea-fheidhmiúil srianta agus ceartúchán institiúideach agus soláthraíonn sé córas rialaithe fhrithpháirtigh, trína mbíonn an chumhacht a fheidhmíonn údarás stáit amháin faoi réir grinnscrúdú údarás stáit eile, fiú má bhíonn éagsúlachtaí ann sa chaoi a n‑eagraítear é sin de réir traidisiúin náisiúnta dhlíthiúla agus bhunreachtúla. Próiseas reachtach oscailte agus an aird a thugtar ar cháilíocht na reachtóireachta, is rudaí iad sin a bhfuil tionchar acu ar an gcumas an smacht reachta a chinntiú. Tá cobhsaíocht agus cáilíocht an phróisis reachtóireachta ina bpríomhtháscairí freisin maidir le muinín as an gcosaint infheistíochta. I ndaonlathas sláintiúil, is gné fhíor-riachtanach de shrianta agus ceartúcháin den sórt sin iad eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus údaráis neamhspleácha, cuir i gcás Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine, comhlachtaí comhionannais agus lucht Ombudsman, agus mar sin tá a saoirse chun oibriú ábhartha go díreach don smacht reachta.
Cuimsitheacht, cáilíocht agus trédhearcacht an phróisis reachtóireachta
Leanadh d’iarrachtaí chun feabhas a chur ar cháilíocht, cuimsitheacht agus trédhearcacht an phróisis reachtaigh, saincheisteanna a chumhdaítear i moltaí 2023 san áireamh. Sa
tSeicia
, tháinig laghdú ar úsáid nósanna imeachta reachtacha brostaithe agus seoladh ardán digiteach poiblí nua chun rochtain a thabhairt ar an reachtaíocht saor in aisce. Ar an gcaoi chéanna, in
Éirinn
, tháinig laghdú suntasach ar úsáid rún chun an t‑am díospóireachta do thograí reachtacha a ghiorrú. Sa
Fhrainc
, cuireadh roinnt uirlisí i bhfeidhm chun rannpháirtíocht na saoránach sa phróiseas reachtóireachta a mhéadú. Sa
Phortaingéil
, glacadh bearta nua chun trédhearcacht na reachtóireachta a fheabhsú, ach tá rialáil an mheasúnaithe tionchair fós ar feitheamh.
Tá iarrachtaí tionscanta ag roinnt Ballstát chun feabhas a chur ar cháilíocht an phróisis reachtaigh, iarrachtaí atá fós ag céim luath. Sa
Chróit
, le Dlí nua maidir le Rialáil Níos Fearr tugadh isteach athchóiriú cuimsitheach ar mheasúnuithe tionchair agus ar mheastóireachtaí, agus caighdeáin bhreise le haghaidh comhairliúcháin phoiblí. Sa
Chipir
, le hardán nua ríomhchomhairliúcháin tá céim tógtha chun ionchur na bpáirtithe leasmhara sa phróiseas reachtach a éascú, cé go bhfuil gá le bearta breise le haghaidh comhairliúchán poiblí fóinteach. I
Lucsamburg
, tá an próiseas reachtach níos cuimsithí, go háirithe maidir le reachtaíocht a thionscain an Rialtas, ach tá easnaimh fós ann maidir le dréachtdlíthe atá curtha síos ag Feisirí Parlaiminte. Sa
Pholainn
, tá tús curtha ag an Rialtas le ról níos éifeachtaí a thabhairt don tsochaí shibhialta i gcomhairliúcháin maidir le reachtaíocht, cé gur gá an cur chuige sin a chomhdhlúthú. Sa
Mhacadóin Thuaidh
, tá córas comhairliúcháin leictreonach náisiúnta i bhfeidhm lena gceadaítear do pháirtithe leasmhara páirt a ghlacadh i gcomhairliúcháin phoiblí, ach ní fhoilsítear gach dréachtdlí ar an ardán.
I roinnt Ballstát, tá dúshláin fós ann i réimsí áirithe, cuir i gcás úsáid iomarcach nósanna imeachta brostaithe nó cáilíocht fhoriomlán na reachtóireachta, agus ó thaobh dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara chomh maith. Sa
Spáinn
, spreagadh conspóid leis an ‘mBundlí maidir le hIlphardún chun an Staid Institiúideach, Pholaitiúil agus Shóisialta sa Chatalóin a Normalú’ agus bhí sé faoi réir Tuairim ó Choimisiún na Veinéise, rud a thug aghaidh ar roinnt saincheisteanna a bhain leis an smacht reachta. Tugadh ar aghaidh é faoi nós imeachta práinne, rud a d’fhág nach raibh ach comhairliúchán teoranta ann leis an bpobal. Sa
Bhulgáir
tá dúshláin fós ann maidir le cáilíocht an phróisis reachtaigh. San
Ungáir
, is ábhair imní fós iad cáilíocht na reachtóireachta agus na hathruithe a dhéantar go minic ar an reachtaíocht. Cuireann an éiginnteacht dhlíthiúil leis na hábhair imní atá ann faoi chinntí treallacha ón rialtas agus ó údaráis phoiblí, nithe a mheastar a bheith ina mbacainní ar fheidhmiú gnólachtaí sa mhargadh aonair. Sa
Fhrainc
, san
Eastóin
agus san
Iodáil
, cuireadh ábhair imní in iúl maidir le húsáid nach beag a bheith á baint as nósanna imeachta reachtacha brostaithe nó foraitheanta éigeandála. Sa
tSlóvaic
, rinneadh athchóirithe móra gan rannpháirtíocht éifeachtach na bpáirtithe leasmhara, agus úsáid á baint go minic as nósanna imeachta reachtacha meara. San
Fhionlainn
, thuairiscigh páirtithe leasmhara athrú ar chleachtas na gcomhairliúchán poiblí, athrú a laghdaigh an deis barúil a thabhairt. I
Málta
, tá creat foirmiúil maidir le rannpháirtíocht an phobail i ndréachtú na reachtaíochta fós in easnamh. Sa
Rómáin
, tá gá fós le hiarrachtaí chun comhairliúcháin phoiblí éifeachtacha a chinntiú toisc go bhfuil easnaimh fós ann.
San
Albáin
agus sa
Mhacadóin Thuaidh
, tá tionchar diúltach ag deighilt pholaitiúil dhomhain ar an bpróiseas reachtach, agus i gcás na Macadóine Thuaidh d’fhág sé sin go raibh moill curtha lena cuid oibre agus bhí ró‑úsáid nósanna imeachta reachtacha brostaithe, úsáid a bhí mhíchuí uaireanta, mar thoradh air sin. I
Montainéagró
, d’ainneoin creat seanbhunaithe le haghaidh próiseas reachtach cuimsitheach a bheith ann, tá dúshláin fós ann maidir le comhairliúchán poiblí neamhleor. Sa
tSeirbia
, tá srian ar chumas na Parlaiminte srianta agus ceartúcháin a sholáthar mar gheall ar shaincheisteanna a bhaineann le héifeachtacht, neamhspleáchas agus trédhearcacht, agus tá gá leis an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí a neartú a thuilleadh.
Athchóirithe bunreachtúla agus díospóireachtaí a bhfuil tionchar acu ar shrianta agus ceartúcháin institiúideacha
I roinnt Ballstát, tugadh faoi phróisis athchóirithe bhunreachtúla nó tá siad ina n‑ábhar do dhíospóireachtaí poiblí tábhachtacha. Sa
Bhulgáir
, leis an athchóiriú bunreachtúil, athraíodh an nós imeachta maidir le ceapadh an rialtais eatramhaigh trí chumhachtaí an Uachtaráin a theorannú. Sa
tSualainn
, tá an Rialtas ag scrúdú na hoibre leantaí ar thuarascáil coiste uilepháirtí maidir le leasú a d'fhéadfaí a dhéanamh ar an mbunreacht chun déileáil le géarchéimeanna tromchúiseacha in aimsir na síochána. San
Ísiltír
, ghlac gach cumhacht stáit céimeanna breise chun cosaint dhlíthiúil na saoránach a neartú agus d’eisigh Coimisiún Stáit maidir leis an Smacht Reachta moltaí uaidh. San
Iodáil
, chuir an Rialtas dréacht‑athchóiriú bunreachtúil faoi bhráid na Parlaiminte, agus é d’aidhm aige cobhsaíocht rialtais níos fearr a chinntiú.
Forbairtí suntasacha sna Cúirteanna Uachtaracha agus Bunreachtúla ó thaobh na seiceálacha agus ceartúchán de
Tá ról lárnach ag cúirteanna bunreachtúla i gcur i bhfeidhm éifeachtach dhlí an Aontais agus in ionracas dhlíchóras an Aontais a chinntiú agus is príomhghnéithe iad sin de na seiceálacha agus ceartúcháin. Cé go bhfuil bunú, comhdhéanamh agus feidhmiú dlínsí bunreachtúla laistigh d’inniúlacht na mBallstát, ceanglaítear ar na Ballstáit, agus an inniúlacht sin á feidhmiú acu, dlí an Aontais agus luachanna an Aontais a chomhlíonadh.
I roinnt Ballstát, tá raon feidhme an athbhreithnithe bhunreachtúil ag leathnú. Sa
Bhulgáir
, leis an athchóiriú bunreachtúil rinneadh seiceálacha bunreachtúla níos inrochtana trí chead a thabhairt do gach cúirt iarrataí ar bhunreachtúlacht a chur isteach. Sa
Liotuáin
, tá an Chomhairle Bhreithiúnach ag ullmhú togra chun an bunreacht a leasú ionas go ndeonófar di ceart achomhairc bhunreachtúil maidir le reachtaíocht a dhéanann difear do na breithiúna. Tá ábhair imní fós ann maidir le gnéithe eile d’obair na gCúirteanna Bunreachtúla i roinnt Ballstát. San
Ungáir
, déanann an Chúirt Bhunreachtúil fiúntais rialuithe críochnaitheacha na ngnáthchúirteanna a athbhreithniú, ach mar a tuairiscíodh roimhe seo, níl cead níos mó ag údaráis phoiblí agóid a dhéanamh in aghaidh cinntí breithiúnacha críochnaitheacha os comhair na Cúirte Bunreachtúla. Sa
tSlóivéin
, i bhfianaise na n‑ábhar imní a chuir an Chúirt Bhunreachtúil in iúl le blianta anuas maidir lena hualach oibre suntasach, rud a chuireann bac ar an gCúirt aird níos mó a thabhairt ar na cásanna is forleithne tionchair ó thaobh an bhunreachta de, leanadh den phlé maidir le leasuithe bunreachtúla chun ualach cásanna na Cúirte Bunreachtúla a laghdú trí chineálacha áirithe cásanna a aistriú chuig cúirteanna riaracháin.
Maidir leis na tíortha is iarrthóirí, san
Albáin
tá an Chúirt Bhunreachtúil éifeachtach ó thaobh srianta agus ceartúcháin institiúideacha a chaomhnú, cé nár chloígh an Pharlaimint le roinnt dá cuid rialuithe. Sa
tSeirbia
, tá roinnt folúntas sa Chúirt Bhunreachtúil is gá a líonadh.
Lucht Ombudsman, Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine, comhlachtaí comhionannais agus údaráis neamhspleácha eile
Tá ról tábhachtach ag institiúidí náisiúnta um chearta an duine (NHRInna), ag lucht Ombudsman, ag comhlachtaí comhionannais agus ag údaráis neamhspleácha eile ó thaobh srianta agus ceartúcháin náisiúnta de. I roinnt Ballstát, neartaíodh stádas na gcomhlachtaí sin a thuilleadh nó tá athchóirithe ar bun ina leith. Sa
Bhulgáir
agus sa
Chipir
, tá cúraimí nua tugtha do lucht Ombudsman, agus sa
Liotuáin
agus sa
Pholainn
méadaíodh acmhainní airgeadais na n‑oifigí Ombudsman. Sa
tSualainn
, fuair an Institiúid Náisiúnta um Chearta an Duine maoiniú dá gníomhaíochtaí agus leanann sí de bheith ag obair i dtreo creidiúnú stádas ‘A’. San
Eastóin
, i
Lucsamburg
, agus san
Fhionlainn
, tá athchóirithe á bplé chun uathriail na n‑institiúidí neamhspleácha a neartú.
Mar sin féin, i mBallstáit eile, tá dúshláin fós le sárú ag NHRInna agus ag institiúidí Ombudsman. San
Ungáir
, tá ábhair imní fós ann maidir le neamhspleáchas agus feidhmiú éifeachtach an Choimisinéara um Chearta Bunúsacha. Sa
Chróit
, rinneadh roinnt céimeanna breise maidir leis an obair leantach ar mholtaí Ombudsman an Phobail, ach tá dúshláin fós ann maidir le rochtain ar eolas. San
Ísiltír
, tá fadhbanna rialachais fós ag an Institiúid um Chearta an Duine. Sa
tSlóivéin
, chuir an tOmbudsman um Chearta an Duine ábhair imní in iúl maidir le leasuithe atá beartaithe ar an ngníomh maidir lena fheidhmiú.
I
Montainéagró
, tá feabhas curtha ag Oifig an Ombudsman ar a cumas gearáin a láimhseáil agus cáilíocht na gcinntí a fheabhsú, ach tá an bonn á bhaint d’éifeachtúlacht a cuid oibre toisc nach bhfuil obair leantach chórasach á déanamh ar a mholtaí. Sa
tSeirbia
, ní dhéantar aon obair leantach chórasach ar mholtaí na gcomhlachtaí neamhspleácha.
Tá sé tagtha chun solais go bhfuil dúshláin ar leith ag baint leis na nósanna imeachta maidir le ceannairí údarás neamhspleách a cheapadh. Leanadh le moilleanna ar cheapacháin sa
Bhulgáir
agus san
Ostair
, agus le leasuithe reachtacha sa
tSlóvaic
leathnaíodh cumhacht an Rialtais chun ceannairí comhlachtaí neamhspleácha áirithe a cheapadh agus a chur as oifig. Sa
Ghréig
, cé gur glacadh bearta chun córas na dtuarastal a fheabhsú, tá dúshláin fós roimh údaráis neamhspleácha a d’fhéadfadh an bonn a bhaint dá stádas agus dá gcumas a gcuid cúraimí a chur i gcrích go héifeachtach. Os a choinne sin, sa
Pholainn
, an moladh maidir leis an Uasoifig Iniúchóireachta, cuireadh chun feidhme é go hiomlán trína chinntiú go gceapfar comhaltaí a Choláiste agus go ndéanfar obair leantach leordhóthanach ar a thorthaí.
Maidir leis na ceithre Bhallstát nach bhfuil NHRI bunaithe acu, i gcomhréir le Prionsabail Pháras na Náisiún Aontaithe sa
tSeicia
, tá leasú déanta chun feidhm NHRI a chur de chúram ar an Ombudsman, agus tá dul chun cinn áirithe déanta ó thaobh creidiúnú a fháil don Ombudsman agus do NHRI sa
Rómáin
. Ach níl aon dul chun cinn déanta ag an
Iodáil
ná ag
Málta
chun NHRI a bhunú.
Cur chun feidhme bhreithiúnais na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine agus na gcúirteanna náisiúnta
Ó 2022 i leith, cuirtear san áireamh sna caibidlí tíre figiúirí maidir le cur chun feidhme phríomhbhreithiúnais na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, ar táscaire tábhachtach é d’fheidhmiú an smachta reachta i dtír. Ní hionann na torthaí ó Bhallstát go Ballstát. Ar fud an Aontais, thart ar 44% de na príomhbhreithiúnais ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine a bhaineann leis na Ballstáit le deich mbliana anuas, tá siad fós le cur chun feidhme, méadú beag ar an mbliain seo caite.
Sa
Bheilg
, tá ábhair mhóra imní ann maidir le neamh‑chomhlíontacht le breithiúnais ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine agus ó chúirteanna náisiúnta, ina measc sin breithiúnas críochnaitheach ó chúirt na céime deiridh. Tá an
Rómáin
fós faoi mhaoirseacht bhreise ó Choiste Airí Chomhairle na hEorpa mar gheall ar fhadhb struchtúrach sheanbhunaithe a bhaineann le neamhchur chun feidhme nó moill ar chur chun feidhme cinntí críochnaitheacha na cúirte náisiúnta a tugadh in aghaidh an Stáit. Sa
Chróit
, áirítear i nDlí nua maidir le Díospóidí Riaracháin bearta chun cur chun feidhme tapa bhreithiúnais na gcúirteanna riaracháin a spreagadh.
Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta mar ghníomhaithe bunriachtanacha don smacht reachta
Is príomhghníomhaithe sa chóras srianta agus ceartúchán iad eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna) agus cosantóirí chearta an duine. Feidhmíonn siad mar fhorais faire in aghaidh sáruithe ar an smacht reachta agus rannchuidíonn siad go gníomhach le luachanna agus cearta bunúsacha an Aontais a chur chun cinn agus a chosaint. Aithníodh é sin i Moladh ón gCoimisiún maidir le rannpháirtíocht shibhialta i mí na Nollag 2023, inar iarradh ar na Ballstáit timpeallacht shábháilte chumasúcháin a chruthú agus a choinneáil ar bun le haghaidh ESSanna agus chosantóirí chearta an duine, chun feabhas a chur ar na deiseanna a bhíonn acu a bheith rannpháirteach go héifeachtach i gceapadh beartas. San am céanna, is é is aidhm don togra ón gCoimisiún maidir le comhlachais trasteorann Eorpacha deireadh a chur le bacainní rialála agus riaracháin do chomhlachais neamhbhrabúsacha sa mhargadh aonair.
I bhformhór na mBallstát, is ann do thimpeallacht chumasúcháin agus thacúil don tsochaí shibhialta agus meastar go fóill go bhfuil spás na sochaí sibhialta ‘oscailte’. Leanadh de thionscnaimh chun a spás oibriúcháin a fheabhsú a thuilleadh, mar shampla trí athchóiriú a dhéanamh ar an gcreat cánach san
Ostair
. Sa
tSualainn
, glacadh céimeanna breise sna hathchóirithe leanúnacha ar an gcreat dlíthiúil le haghaidh mhaoiniú agus fheidhmiú na sochaí sibhialta. In
Éirinn
, rinneadh roinnt dul chun cinn breise chun dul i ngleic le bacainní dlíthiúla ar mhaoiniú a fháil, le hathbhreithniú ón gCoimisiún Toghcháin ar an reachtaíocht reatha. Sa
Chróit
, tá athrú tagtha de réir a chéile i dtreo maoiniú ilbhliantúil d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, cé go bhfuil plean níos leithne fós in easnamh. Sa
Pholainn
, meastar go bhfuil bunú oifig Aire na Sochaí Sibhialta ina chéad chéim i dtreo tionscnaimh nua chun feabhas a chur ar an gcreat dlíthiúil do ESSanna.
Mar sin féin, ag leanúint leis an treocht a tugadh faoi deara i dTuarascálacha roimhe seo, tá méadú ag teacht ar na dúshláin roimh ESSanna agus cosantóirí chearta an duine, mar gheall ar shrianta dlíthiúla nua, easpa maoiniúcháin nó ionsaithe fisiciúla agus ó bhéal. Ní dhearnadh aon bheart nithiúil fós chun aghaidh a thabhairt ar an éiginnteacht a bhaineann leis an stádas díolmhaithe ó cháin d’eagraíochtaí neamhbhrabúsacha sa
Ghearmáin
. Sa
Ghréig
, an cur chun feidhme atá ar siúl ar idir-inoibritheacht na gclárlann atá ann cheana le haghaidh ESSanna, tá sé ina fhorbairt dheimhneach, ach san am céanna tá gá leis an gcreat clárúcháin a mheasúnú agus tá ábhair imní ann i gcónaí maidir leis an spás don tsochaí shibhialta. Sa
Chipir
, is ábhar misnigh iad na pleananna le haghaidh idirphlé rialta idir na húdaráis agus an tsochaí shibhialta, ach tá ceisteanna fós ann maidir leis na ceanglais riaracháin a chuirtear ar ESSanna. San
Iodáil
, tá dúshláin ann i gcónaí maidir leis an spás sibhialta, i bhfianaise, freisin, na hionsuithe ó bhéal a thuairiscítear a bheith déanta ar ESSanna agus iad i mbun gníomhaíochtaí daonnúla. Sa
Spáinn
, athchóiriú ar Dhlí Slándála na Saoránach a fógraíodh sa Pharlaimint chun aghaidh a thabhairt ar an tionchar atá ag an dlí sin ar spás na sochaí sibhialta, tá sé fós ar feitheamh.
Sa
Mhacadóin Thuaidh
, feidhmíonn ESSanna i dtimpeallacht chumasúcháin, ar an iomlán, ach tá dúshláin fós ann chun a rannpháirtíocht inbhuanaithe i gceapadh beartas a chinntiú. Sa
Seirbia
, níl timpeallacht chumasúcháin ann do ESSanna maidir lena bhunú, a n‑oibríochtaí agus a maoiniú agus reáchtáiltear feachtais clúmhillte in aghaidh roinnt acu.
I mBallstáit áirithe, ní mór don tsochaí shibhialta dul i ngleic le dúshláin thromchúiseacha nó le srianta míchuí sistéamacha ar a n‑oibríochtaí. San
Ungáir
, níl aon dul chun cinn déanta chun deireadh a chur leis na bacainní atá ann faoi láthair roimh ESSanna, agus is gnáthchleachtas é feachtais clúmhillte agus aithisiú ESSanna neamhspleácha. Tá ábhair imní fós ann a bhaineann le ról an Stáit i maoiniú na sochaí sibhialta. Sa
tSlóvaic
, tá meath tagtha ar an timpeallacht do ESSanna, go háirithe iad sin a bhfuil ról acu maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí stáit, agus i réimse chearta an duine.
Seiceálacha agus ceartúcháin náisiúnta maidir le húsáid bogearraí faireachais chunóraigh (‘bogearraí spiaireachta’)
Fiú i gcás ina bhfuil úsáid earraí spiaireachta nasctha leis an tslándáil náisiúnta, agus i gcásanna nach dtagann sé faoi raon feidhme dhlí an Aontais, ní mór do sheiceálacha agus ceartúcháin náisiúnta a chinntiú go bhfuil coimircí i bhfeidhm. Ba cheart cearta bunúsacha, ina measc cosaint sonraí pearsanta, an tsaoirse chun eolas a fháil agus a thabhairt, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, mar aon leis an gceart chun leigheas éifeachtaigh agus chun triail chóir a fháil, ní mór na cearta sin a urramú. Le reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint sonraí, cuirtear sásra cuimsitheach maoirseachta agus coimircí ar fáil agus tá sí infheidhme i gcásanna ina n‑úsáidtear earraí spiaireachta chun críocha fhorfheidhmiú an dlí. Tá Coimisiún na Veinéise ag obair ar phrionsabail agus dea-chleachtais a fhorbairt a bheidh infheidhme maidir le faireachas spriocdhírithe le hearraí spiaireachta.
Déantar obair leantach i dTuarascáil 2024 ar fhorbairtí maidir le húsáid neamhdhleathach líomhnaithe earraí spiaireachta (mar shampla ‘Pegasus’ nó bogearraí faireachais chunóraigh mar é) dá dtagraítear i dtuarascálacha roimhe seo, go háirithe a mhéid a bhaineann le feidhmiú srianta agus ceartúchán náisiúnta mar fhreagairt ar líomhaintí den sórt sin. Sa
Pholainn
, bhunaigh an Sejm coiste imscrúdaithe parlaiminteach chun measúnú a dhéanamh ar an úsáid a bhain comhaltaí den Rialtas, seirbhísí rúnda, na póilíní agus comhlachtaí stáit eile as bogearraí ‘Pegasus’ idir 2015 agus 2023. Chinn an tArd‑Ionchúisitheoir nua freisin fógra foirmiúil a thabhairt do dhaoine ar úsáideadh bogearraí Pegasus ina leith agus cheap sé foireann speisialta chun imscrúduithe a dhéanamh ar dhlíthiúlacht a úsáide. I mBallstáit eile, níl aon athrú tagtha ar an staid. Sa
Ghréig
, tá imscrúduithe breithiúnacha maidir le húsáid earraí spiaireachta fós ar siúl. Ar an taobh eile, san
Ungáir
, tá ábhair imní fós ann mar gheall ar easpa formhaoirseachta breithiúnaí éifeachtaí nó formhaoirseachta eile a mhéid a bhaineann le bearta faireachais rúnda a úsáid i gcásanna nach imeachtaí coiriúla iad.
Coimircí chun aghaidh a thabhairt ar thionchar eachtrach
Cur isteach a bhíonn á dhéanamh ag rialtais eachtracha ar mian leo tuairim an phobail a ionramháil agus an díospóireacht dhaonlathach a shaobhadh, is bagairt atá ann do dhaonlathais an Aontais. Na hiarrachtaí chun leas an phobail a chaomhnú agus chun tionchar eachtrach ar dhaonlathais an Aontais a nochtadh, ní mór dóibh a bheith comhréireach agus ní mór dóibh cearta bunúsacha agus luachanna daonlathacha a urramú go hiomlán. I mí na Nollag 2023, agus leas á bhaint as an gCúirt Bhreithiúnais
agus as Coimisiún na Veinéise
araon, mhol an Coimisiún trédhearcacht maidir le hionadaíochta leasa san Aontas ó thíortha lasmuigh den Aontas a rialáil, lena ndírítear ar thrédhearcacht agus ar chuntasacht dhaonlathach, agus lena dtugtar isteach rialacha spriocdhírithe a bhfuil coimircí láidre ag gabháil leo.
I roinnt Ballstát, is ábhar móra imní iad na bearta a mholtar nó a ghlactar agus ina luaitear gur gá aghaidh a thabhairt ar thionchar eachtrach, go háirithe toisc go ndéanann siad stiogmatú ar na heagraíochtaí lena mbaineann. Faoi dhlí nua chun an cheannasacht náisiúnta a chosaint, bhunaigh an
Ungáir
oifig nua ag a bhfuil inniúlachtaí a sainmhíníodh go ginearálta agus a bhfuil sé de chúram uirthi tuairisciú a dhéanamh ar aon duine nó aon eagraíocht a bhfuil amhras ann ina dtaobh go bhfuil siad ag fónamh do leasanna eachtracha agus/nó go bhfuil siad ag fáil maoiniú eachtrach, agus tá imscrúduithe seolta ag an oifig sin. Tá sé sin faoi réir imeachtaí um shárú a sheol an Coimisiún faoi láthair. Sa
tSlóvaic
, le dréachtleasuithe a cuireadh síos sa Pharlaimint, fágtar go mbeadh sé éigeantach ‘eagraíochtaí a bhfuil tacaíocht eachtrach acu’ a thabhairt ar eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú ón gcoigríoch a théann thar thairseach áirithe.
Tionscnaimh chun cultúr an smachta reachta a chothú
Tá sé ríthábhachtach cultúr láidir maidir leis an smacht reachta a chur chun cinn ar mhaithe le hathléimneacht fhadtéarmach sochaithe daonlathacha. Rannchuidíonn gníomhaithe éagsúla go gníomhach leis sin, mar shampla trí dhíospóireachtaí nó tionscnaimh oideachais a eagrú.
Sa
tSeicia
, tá tionscnaimh seolta ag údaráis phoiblí chun cultúr an smachta reachta a chothú, agus roinnt imeachtaí á n‑eagrú sa dá dhlísheomra sa Pharlaimint agus imeachtaí ardleibhéil á n‑eagrú ag an Rialtas agus Cosantóir Poiblí na gCeart freisin. Sa
Spáinn
, rinneadh roinnt tionscnamh a bhfuil sé d’aidhm acu cultúr an smachta reachta a chothú. Sa
tSlóvaic
, Lárionad Náisiúnta na Slóvaice um Chearta an Duine, a bhfuil sainordú aige mar Institiúid Náisiúnta um Chearta an Duine agus mar chomhlacht comhionannais, rannchuidíonn sé le tionscadail chun cultúr an smachta reachta a neartú.
4.CONCLÚIDÍ AGUS NA CHÉAD CHÉIMEANNA EILE
Sna 5 bliana as a cheile de tuairisciú an Choimisiúin ar an smacht reachta, léiríodh conas nach féidir talamh slán a dhéanamh riamh den urraim don smacht reachta. Leis na hathruithe a thagann ar chúrsaí an tsaoil, bíodh siad ina n‑athruithe polaitiúla, athruithe sa tsochaí nó forbairtí teicneolaíochta, tagann dúshláin nua chun cinn don smacht reachta. Ní hionann cineál agus méid na ndúshlán sin ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, mar a léirítear sna moltaí sa Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta.
San am céanna, taispeánadh sna tuarascálacha conas is féidir leis an idirphlé cabhrú le dul chun cinn a dhéanamh. Le 5 bliana anuas, chuir an Aontas go mór lena chumas aghaidh a thabhairt ar dhúshláin don smacht reachta agus tacú le hathchóirithe. Is féidir leis na Ballstáit leas a bhaint níos minice as an gcomhthuiscint ar an mbealach is fearr is féidir polasaithe, institiúidí agus dlíthe a mhúnlú chun an smacht reachta a chosaint. Cé gur ann i gcónaí d’fhadhbanna a bhaineann leis an smacht reachta agus go leanfaidh siad de bheith ag teacht chun cinn, is fearr atá an tAontas in ann aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sin anois ar bhealach oibiachtúil fónta, agus ionstraimí éagsúla a úsáid chun teacht ar réitigh. Tá sé de shaoirse i gcónaí ag na Ballstáit réitigh a dhearadh a fheileann dá gcomhthéacs náisiúnta sonrach, ach ba cheart na réitigh sin a bheith deartha i gcomhar le comhlacht comhdhlúthaithe caighdeán agus ceanglas maidir leis an smacht reachta.
Le Treoirlínte Polaitiúla an Choimisiúin 2024-2029 déantar an smacht reachta a dhaingniú i gcroílár Aontais rathúil. Cuirtear an méid sin i dtábhacht freisin i gClár Oibre Straitéiseach na Comhairle Eorpaí a glacadh i mí an Mheithimh 2024. Léiríonn an comhdhearcadh sin a thábhachtaí atá sé leanúint d’obair an Aontais maidir leis an smacht reachta a dhoimhniú, an chomhthuiscint a fhorbairt, tionchar obair an Aontais a leathnú, agus an bosca uirlisí atá ar fáil dúinn a dhoimhniú chun an smacht reachta a chur chun cinn.
Is í an Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta a leanfaidh de bheith ar thús cadhnaíochta san obair sin. Cuirfear san áireamh leis sin tuairisciú a leathnú chun glacadh le príomh‑shaincheisteanna ar nós ghné an Mhargaidh Aonair, ag féachaint ar shaincheisteanna a bhfuil tionchar acu ar chuideachtaí, go háirithe FBManna, a oibríonn thar theorainneacha. Cuirfear san áireamh leis, freisin, nasc níos dlúithe a chruthú idir an Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta agus na moltaí atá inti agus an maoiniú faoi bhuiséad an Aontais: beidh sé sin ina ghné thábhachtach agus muid ag iarraidh a chinntiú go mbeidh an oiread agus is féidir á chur ar fáil do shaoránaigh na hEorpa leis an gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile. Is féidir maoiniú ón Aontas a dhíriú ar bhealach níos géire ar chabhrú leis na hiarrachtaí náisiúnta an t‑éilliú a chomhrac agus leas airgeadais an Aontais a chosaint, agus dua a chaitheamh chun an smacht reachta a chaomhnú. Cuirfear níos mó tíortha is iarrthóirí san áireamh sa Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta de réir mar a bheidh siad réidh. Beidh tábhacht faoi leith ag baint leis an bhforfheidhmiú: déanfar an rianú ar chur i bhfeidhm mholtaí na Tuarascála a fhorbairt mar bhealach chun an dul chun cinn a dhéantar a chomhdhlúthú.
Na bunphrionsabail is bonn leis an Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta – go gcaithfear go cothrom le gach Ballstát, cur i bhfeidhm dian chaighdeáin an Aontais, agus próiseas atá bunaithe go daingean ar an idirphlé agus an gcomhthuiscint – tá siad fós iontaofa. Tá an Coimisiún ag súil le bheith ag obair leis na Ballstáit, le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle chun a chinntiú gur féidir leis an smacht reachta leanúint de bheith ina bhunchloch le haghaidh dhaonlathais na hEorpa.