Strasbourg, 26.11.2024

COM(2024) 718 final

Moladh le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

lena bhformhuinítear plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta na hIodáile


Moladh le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

lena bhformhuinítear plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta na hIodáile

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 121 de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1263, agus go háirithe Airteagal 17 de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún,

De bharr an mhéid seo a leanas:

BREITHNITHE GINEARÁLTA

(1)Tháinig creat rialachais eacnamaíoch athchóirithe de chuid an Aontais i bhfeidhm an 30 Aibreán 2024. Rialachán 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach, 1 mar aon le Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 leasaithe maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach a chur chun feidhme, 2 agus le Treoir 2011/85/AE leasaithe ón gComhairle maidir le creataí buiséadacha na mBallstát 3  , is príomhghnéithe de chreat rialachais eacnamaíoch athchóirithe an Aontais iad. Is é is aidhm don chreat inbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí agus fás inbhuanaithe cuimsitheach a áirithiú trí bhíthin athchóirithe agus infheistíochtaí. Leis an gcreat, cuirtear úinéireacht náisiúnta chun cinn agus dírítear ar an meántéarma, i gcomhcheangal le forfheidhmiú éifeachtach comhleanúnach na rialacha.

(2)Na pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta a chuireann na Ballstáit faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin, tá siad i gcroílár an chreata nua rialachais eacnamaíoch. Seachadfar dhá chuspóir leis na pleananna: i) faoi dheireadh na tréimhse coigeartúcháin, a áirithiú go mbeidh an fiachas rialtais ghinearálta ar chonair inchreidte anuas, nó go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama, agus go dtabharfar agus go gcoinneofar an teasnamh rialtais faoi bhun luach tagartha 3 % de OTI sa mheántéarma, agus ii) a áirithiú go soláthrófar athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagrófar do na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus lena dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais. Chuige sin, ní mór gealltanas meántéarmach i leith conair ghlanchaiteachais a chur isteach i ngach plean 4  , lena mbunaítear go héifeachtach sriantacht buiséid ar feadh ré an phlean, lena gcumhdaítear 4 nó 5 bliana (ag brath ar an ngnáth-théarma reachtach i mBallstát). Ina theannta sin, ní mór míniú a thabhairt sa phlean ar an gcaoi a náiritheoidh an Ballstát go soláthrófar athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagrófar do na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe sna moltaí tírshonracha (lena náirítear na moltaí sin a bhaineann leis an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, más infheidhme), agus ar an gcaoi a dtabharfar aghaidh sa phlean ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais. Leis an tréimhse le haghaidh coigeartú fioscach, cumhdaítear tréimhse 4 bliana, tréimhse a bhféadfar síneadh suas le 3 bliana a chur léi má thugann an Ballstát gealltanas i leith sraith athchóirithe agus infheistíochtaí ábhartha a sholáthar a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1263.

(3)Tar éis don Choimisiún an plean a chur isteach, déanfaidh sé measúnú ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann sé ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263.

(4)Ar mholadh ón gCoimisiún, tá an Chomhairle chun moladh a ghlacadh ina dhiaidh sin ina leagtar amach conair ghlanchaiteachais an Bhallstáit lena mbaineann agus, i gcás inarb infheidhme, formhuiniú a dhéanamh ar an tsraith gealltanas um athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca le síneadh a chur leis an tréimhse coigeartaithe fhioscaigh.

NA BREITHNITHE MAIDIR LE PLEAN STRUCHTÚRACH FIOSCACH MEÁNTÉARMACH NÁISIÚNTA NA hIODÁILE

(5)An 15 Deireadh Fómhair 2024, rinne an Iodáil a plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta a thíolacadh don Chomhairle agus don Choimisiún. Rinneadh an tíolacadh tar éis síneadh a chur leis an sprioc-am a leagtar amach in Airteagal 36(1)(a) de Rialachán (AE) 2024/1263, mar a comhaontaíodh leis an gCoimisiún i bhfianaise na gcúiseanna a thug an Iodáil.

An próiseas sula gcuirtear an plean isteach

(6)An 21 Meitheamh 2024, sheol an Coimisiún, de réir Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2024/1263, an chonair thagartha 5 chuig an Iodáil. Dfhoilsigh an Coimisiún an chonair thagartha an 15 Deireadh Fómhair 2024 6 . Is conair thagartha í atá rioscabhunaithe agus áirithítear léi, faoi dheireadh na tréimhse coigeartaithe fhioscaigh agus in éagmais bearta buiséadacha breise tar éis na tréimhse coigeartúcháin, go mbeidh an fiachas rialtais ghinearálta ar chonair inchreidte anuas nó go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama sa mheántéarma, agus go dtabharfar an teasnamh rialtais ghinearálta faoi bhun 3 % de OTI i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin agus go gcoinneofar é faoi bhun an luacha tagartha sin sa mheántéarma. Sainmhínítear an meántéarma mar an tréimhse 10 mbliana tar éis dheireadh na tréimhse coigeartúcháin. I gcomhréir le hAirteagal 6, pointe (d), agus le hAirteagail 7 agus 8 de Rialachán (AE) 2024/1263, tá an chonair thagartha comhsheasmhach freisin leis an tagarmharc easnaimh, leis an mbeart coimirce maidir le hinbhuanaitheacht fiachais agus leis an mbeart coimirce maidir le hathléimneacht easnaimh. I gconair thagartha na hIodáile, leagtar amach nár cheart fás níos mó ná na luachanna arna soláthar i dTábla 1 a theacht ar ghlanchaiteachas, agus sin bunaithe ar thoimhdí an Choimisiúin agus ar thréimhse choigeartúcháin 7 mbliana a chur san áireamh. Comhfhreagraíonn sin do mheánfhás glanchaiteachais 1,5 % le linn na tréimhse coigeartúcháin (2025-2031) agus do mheánfhás 1,5 % le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an bplean (2025-2029).

Tábla 1: Conair thagartha arna soláthar ag an gCoimisiún don Iodáil an 21 Meitheamh 2024

2025

2026

2027

2028

2029

2030

2031

Meánfhás 2025-2029

Meán 2025-2031

Uasfhás glanchaiteachais (bliantúil, %)

1,6

1,6

1,5

1,4

1,3

1,3

1,4

1,5

1,5

Foinse: Ríomhanna an Choimisiúin.

(7)I gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2024/1263, chuaigh an Iodáil agus an Coimisiún i mbun idirphlé teicniúil ó mhí Iúil go mí Mheán Fómhair 2024. Bhí an tidirphlé dírithe ar an gconair ghlanchaiteachais atá beartaithe ag an Iodáil agus ar na toimhdí bunúsacha a bhaineann léi (go háirithe toimhdí maicreacnamaíocha agus leaisteachais mhaicreacnamaíocha), ar an tsraith gealltanas athchóirithe agus infheistíochta atá beartaithe chun tacú le síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin lena náirítear athchóirithe agus infheistíochtaí amhail athchóirithe i réimse an cheartais shibhialta, an riaracháin phoiblí, an chúraim leanaí, na timpeallachta gnó, an riaracháin cánach, an bhainistithe caiteachais phoiblí agus na bhfiontar faoi úinéireacht Stáit, chomh maith leis an soláthar atá beartaithe dathchóirithe agus dinfheistíochtaí lena bhfreagrófar do na príomhdhúshláin a shainaithnítear i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus do thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais maidir le haistriú cothrom glas agus digiteach, athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, slándáil fuinnimh agus forbairt cumas cosanta.

(8)I mí Mheán Fómhair 2024, i gcomhréir le hAirteagal 11(3) agus 36(1), pointe (c) de Rialachán (AE) 2024/1263, de réir na faisnéise a chuir an Iodáil ar fáil ina plean, chuaigh an Iodáil i mbun próiseas comhairliúcháin le comhpháirtithe sóisialta, le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile. 

(9)Thug Comhairle Fhioscach na hIodáile (Oifig Bhuiséadach Pharlaiminteach) tuairim uaithi maidir leis an réamhaisnéis mhaicreacnamaíoch agus na toimhdí maicreacnamaíocha atá mar bhonn taca leis an gconair ghlanchaiteachais ilbhliantúil. Thángthas ar an gconclúid ann go bhfuil réamhaisnéisí na bpríomhathróg maicreacnamaíoch laistigh deatraimh inghlactha, cé go bhfuil cuid acu suite ar an imeall uachtarach, agus go bhfuil an tionchas foriomlán ag brath ar chur chun feidhme iomlán agus tráthúil an phlean téarnaimh agus athléimneachta (RRP) agus ar chomhthéacs idirnáisiúnta cobhsaí.

(10)Dfhormheas an Pharlaimint an plean an 9 Deireadh Fómhair tar éis éisteachtaí ó roinnt páirtithe leasmhara, mar is gnách le haghaidh formhuinithe parlaiminteacha ar dhoiciméid pleanála buiséadaí.

Próisis ghaolmhara eile

(11)An 26 Iúil 2024, shuigh an Chomhairle gur ann deasnamh iomarcach san Iodáil mar gheall ar neamhchomhlíonadh an chritéir easnaimh 7 . Tá an Moladh seo i gcomhthráth leis an Moladh ón gComhairle faoi Airteagal 126(7) CFAE dfhonn deireadh a chur le heasnamh rialtais iomarcach san Iodáil 8 . Le glacadh comhuaineach na moltaí sin, moltaí atá saincheaptha don aistriú chuig an gcreat nua rialachais eacnamaíoch agus a bhfuil údar leis ina leith sin, áirithítear comhsheasmhacht idir na conairí coigeartúcháin atá molta.

(12)Thíolaic an Iodáil a Dréachtphlean Buiséadach le haghaidh 2025 an 15 Deireadh Fómhair 2024. Ghlac an Coimisiún tuairim maidir leis an Dréachtphlean Buiséadach sin an [26 Samhain 2024] 9 .

(13)An 19 Meitheamh 2024, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid maidir leis an Iodáil go bhfuil míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha ann. Go háirithe, tá leochaileachtaí os comhair na hIodáile a bhaineann le fiachas ard rialtais agus fás lag táirgiúlachta i gcomhthéacs leochaileachtaí i margadh an tsaothair agus roinnt laigí iarmharacha san earnáil airgeadais, a bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint leo 10 .

(14)An 21 Deireadh Fómhair 2024, chuir an Chomhairle sraith moltaí tírshonracha faoi bhráid na hIodáile i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh 11 .

ACHOIMRE AR AN bPLEAN AGUS MEASÚNÚ AN CHOIMISIÚIN AIR SIN

(15)I gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2024/1263, rinne an Coimisiún measúnú ar an bplean mar a leanas:

Comhthéacs: an staid agus an t‑ionchas maicreacnamaíoch agus fioscach

(16)Tháinig méadú 0.7 % ar ghníomhaíocht eacnamaíoch san Iodáil in 2023, arna spreagadh ag tomhaltas agus infheistíocht, méadú ar dreasachtaí rialtais ba chúis leis. Chuir glan-onnmhairí le fás freisin, agus mhaolaigh an timthriall fardail diúltach é. De réir Réamhaisnéis Fhómhar 2024 ón gCoimisiún Eorpach, meastar go dtiocfaidh fás 0.7 % ar an ngeilleagar in 2024, de réir mar a leanann an infheistíocht de bheith ag méadú agus an tomhaltas príobháideach ag éirí marbhánta. Tá sé beartaithe go dtacóidh glan-onnmhairí leis an bhfás, a bhuí le hallmhairí atá ag titim, agus baintear fardail uaidh. In 2025, tiocfaidh méadú 1.0 % ar fhíor-OTI, arna spreagadh ag tomhaltas teaghlaigh, a dtacaíonn fíorfhás pá leis, agus meastar nach dtiocfaidh ach méadú beag ar an infheistíocht fhoriomlán, mar gheall ar laghdú ar thógáil le haghaidh athchóirithe tithíochta. In 2026, meastar go dtiocfaidh méadú 1.2 % ar fhíor-OTI, de réir mar a chuirfear dlús leis an gcaiteachas caipitil a bhuí le caiteachas a bhaineann leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta agus le coinníollacha maoiniúcháin níos éasca. Le linn na tréimhse réamhaisnéise (i.e. 2024-2026), meastar go dtiocfaidh laghdú beag ar fhás ionchasach OTI san Iodáil ó 1.3 % in 2024 go 0.9 % in 2026. Ba é 7,7 % an ráta dífhostaíochta in 2023, agus réamh-mheasann an Coimisiún gurb é 6,8 % a bheidh ann in 2024 agus 6,3 % in 2025 agus 6,2 % in 2026. Réamh-mheastar go dtiocfaidh laghdú ar an mboilsciú (díbhoilsceoir OTI) ó 5.8 % in 2023 go 1.6 % in 2024, agus go sroichfidh sé 1.9 % in 2025 agus 1.8 % in 2026.

(17)Maidir le forbairtí fioscacha, in 2023 is é a bhí in easnamh rialtais ghinearálta na hIodáile 7,2 % de OTI. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, sroichfidh sé 3,8 % de OTI in 2024 agus laghdóidh sé a thuilleadh go 3,4 % de OTI in 2025 agus, ar an mbonn nach mbeidh aon athrú beartais ann, laghdóidh sé go dtí 2,9 % in 2026. Áirítear i Réamhaisnéis Fhómhar 2024 ón gCoimisiún Eorpach dréachtbhuiséad na hIodáile le haghaidh 2025 a chuir an rialtas faoi bhráid na parlaiminte náisiúnta i mí Dheireadh Fómhair. Ba é 134,8 % de OTI an fiachas rialtais ghinearálta ag deireadh 2023. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, meastar go méadóidh an cóimheas fiachais go 136,6 % de OTI ag deireadh 2024. Dainneoin príomhbharrachais, tuartar go dtiocfaidh méadú breise ar an gcóimheas fiachais go 138.2 % de OTI ag deireadh 2025 agus go 139.3 % ag deireadh 2026. Sa réamhaisnéis fhioscach ón gCoimisiún, ní bhreithnítear na gealltanais bheartais sna pleananna meántéarmacha go dtí go mbíonn gníomhaíochtaí beartais coincréiteacha, a fhógraítear go hinchreidte agus a shonraítear go leormhaith, mar bhonn taca fúthu.

Conair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí maicreacnamaíocha sa phlean

(18)Le plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta na hIodáile, cumhdaítear an tréimhse 2025-2029 agus cuirtear coigeartú fioscach i láthair thar thréimhse 7 mbliana.

(19)Tá an fhaisnéis uile a cheanglaítear le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2024/1263 sa phlean.

(20)Tá gealltanas sa phlean don chonair ghlanchaiteachais a léirítear i dTábla 2, a chomhfhreagraíonn do mheánfhás glanchaiteachais 1.6 % thar na blianta 2025-2029. Ina theannta sin, tugann an Iodáil gealltanas i leith sraith athchóirithe agus infheistíochtaí dfhonn síneadh 7 mbliana a chur leis an tréimhse choigeartúcháin (2025-2031), tréimhse ar lena linn a bheartaítear meánfhás glanchaiteachais 1,5 %. Tá an meánfhás glanchaiteachais arna thuairisciú sa phlean le linn na tréimhse coigeartúcháin (2025-2031) cothrom leis an gconair thagartha arna tarchur ag an gCoimisiún an 21 Meitheamh 2024. Glactar leis sa phlean go dtiocfaidh laghdú de réir a chéile ar fhás OTI féideartha ó 1.4 % in 2024 go 0.3 % in 2031. Ina theannta sin, meastar sa phlean go bhfanfaidh ráta fáis an díbhoilsceora OTI cobhsaí den chuid is mó ag thart ar 2 % le linn na tréimhse coigeartúcháin.

Impleachtaí ghealltanais ghlanchaiteachais an phlean maidir le fiachas ginearálta an rialtais

(21)Dá dtiocfadh an chonair ghlanchaiteachais a gealladh sa phlean agus na toimhdí bunúsacha chun cinn, mhéadódh fiachas ginearálta an rialtais, de réir an phlean, suas le 137.5 % de OTI ag deireadh 2027 (ó 135.8 % de OTI in 2024) agus ansin laghdódh sé go 132.5 % de OTI ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2031), de réir an tábla seo a leanas. Tar éis an choigeartaithe, sa mheántéarma (i.e. go dtí 2041), meastar go dtiocfaidh laghdú seasta ar an gcóimheas fiachais de réir an phlean, ag sroicheadh 113.7 % faoi 2041. Dá bhrí sin, de réir an phlean, chuirfí an cóimheas fiachais rialtais ghinearálta ar chonair anuas faoi dheireadh na tréimhse coigeartúcháin (2031). Tá sin inchreidte ós rud é, bunaithe ar thoimhdí an phlean, go réamh-mheastar go dtiocfaidh laghdú ar an bhfiachas i gcaitheamh na 10 mbliana tar éis na tréimhse coigeartúcháin faoi na tástálacha struis cinnteachaíocha uile in Anailís an Choimisiúin ar Inbhuanaitheacht Fiachais, agus go léiríonn na réamh-mheastacháin stocastacha go bhfuil dóchúlacht leordhóthanach ann go dtiocfadh laghdú ar an bhfiachas.

Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, maidir leis an gconair ghlanchaiteachais a chuirtear chun tosaigh sa phlean, tá sí comhsheasmhach leis an gceanglas maidir leis an bhfiachas mar a leagtar amach in Airteagal 6, pointe (a) agus in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2024/1263.

Tábla 2: An chonair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí i bplean na hIodáile

Síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin

2024

2025

2026

2027

2028

2029

2030

2031

Meánfhás i gcaitheamh thréimhse bhailíochta an phlean

2025-2029

Meánfhás i gcaitheamh na tréimhse choigeartúcháin

2025-2031

Fás glanchaiteachais
(ar bhonn bliantúil, %)

-1,9

1,3

1,6

1,9

1,7

1,5

1,1

1,2

1,6

1,5

Fás glanchaiteachais
(ar bhonn carnach, ón mbonnbhliain 2023, %)

-1,9

-0,7

0,9

2,8

4,6

6,2

7,4

8,7

n.a.

n.a.

Fás OTI féideartha ( %)

1,4

1,3

1,1

1,0

0,9

0,7

0,5

0,3

1,1

0,8

Boilsciú (fás díbhoilsceora OTI) ( %)

1,9

2,1

2,0

1,8

2,0

2,0

2,1

2,2

2,0

2,0

Foinse: Plean fioscach struchtúrach meántéarmach na hIodáile agus ríomhanna an Choimisiúin.

Tábla 3: Forbairtí maidir le fiachas rialtais ghinearálta agus comhardú rialtais ghinearálta i bplean na hIodáile

2023

2024

2025

2026

2027

2028

2029

2030

2031

2041

Fiachas rialtais
(% de OTI)

134,8

135,8

136,9

137,8

137,5

136,4

134,9

133,9

132,5

113,7

Comhardú rialtais
(% de OTI)

-7,2

-3,8

-3,3

-2,8

-2,6

-2,3

-1,8

-1,7

-1,5

-1,9

Foinse: Plean struchtúrach fioscach meántéarmach na hIodáile.

Impleachtaí ghealltanais ghlanchaiteachais an phlean maidir le comhardú an rialtais ghinearálta

(22)Bunaithe ar chonair ghlanchaiteachais agus ar thoimhdí an phlean, laghdódh easnamh ginearálta an rialtais go 2.8 % de OTI in 2026 agus go 1.5 % de OTI in 2031. Dá bhrí sin, de réir an phlean, ní sháródh an comhardú rialtais ghinearálta an luach tagartha 3 % de OTI ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2031). Ina theannta sin, sna 10 mbliana tar éis na tréimhse coigeartúcháin (i.e. go dtí 2041), ní sháródh an teasnamh rialtais 3 % de OTI. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, maidir leis an gconair ghlanchaiteachais a chuirtear chun tosaigh sa phlean tá sí comhsheasmhach leis an gceanglas maidir leis an easnamh mar a leagtar amach in Airteagal 6, pointe (b), agus in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2024/1263.

Próifíl ama an choigeartaithe fhioscaigh

(23)Tá próifíl ama an choigeartaithe fhioscaigh, arna tomhas mar an tathrú ar an gcomhardú príomha struchtúrach, mar a thuairiscítear sa phlean, tús-ualaithe beagán, i gcomparáid leis an gconair líneach dá dtagraítear mar riail faoi Airteagal 6, pointe (c), de Rialachán (AE) 2024/1263. Go háirithe, tuartar go dtiocfaidh feabhas 0.6 % ar an gcomhardú príomha struchtúrach in 2025 agus 2026 araon, agus go dtiocfaidh feabhas 0.5 % de OTI ina dhiaidh sin gach bliain go dtí 2031. Mar thoradh air sin, an coigeartú fioscach i gcaitheamh na chéad 4 bliana den phlean tá sé níos mó ná comhréireach leis an iarracht choigeartúcháin iomlán. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, maidir leis an gconair ghlanchaiteachais a chuirtear ar aghaidh sa phlean, tá sí comhsheasmhach leis an gclásal i dtaca leis an gcoimirce maidir le siarchoinneáil a chosc a leagtar amach in Airteagal 6, pointe (c), de Rialachán (AE) 2024/1263.

Tábla 4: Forbairtí maidir le comhardú príomha struchtúrach i bplean na hIodáile

2023

2024

2025

2026

2027

2028

2029

2030

2031

Comhardú príomha struchtúrach
(% de OTI)

-4,5

-0,5

0,0

0,6

1,1

1,6

2,2

2,7

3,2

Athrú ar an gcomhardú príomha struchtúrach
(pc.)

n.a.

4,0

0,6

0,6

0,5

0,5

0,5

0,5

0,5

Foinse: Plean struchtúrach fioscach meántéarmach na hIodáile.

Comhsheasmhacht an phlean leis an nós imeachta um easnamh iomarcach

(24)Tá an chonair ghlanchaiteachais a leagtar amach sa phlean i gcomhréir leis na ceanglais faoin nós imeachta um easnamh iomarcach (go háirithe leis an gcoigeartú struchtúrach bliantúil íosta a bhunaítear in Airteagal 3(4), an tríú fomhír de Rialachán (CE) 1467/97 ón gComhairle).

Comhsheasmhacht an phlean leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh

(25)An ceanglas den chuid choisctheach a leagtar amach in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2024/1263 maidir leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh, arb é is aidhm dó corrlach coiteann a sholáthar i gcoibhneas leis an luach tagartha easnaimh 3 % de OTI, tá feidhm aige maidir leis an Iodáil ó 2027 ar aghaidh, ós rud é go bhfuil sé beartaithe go mbeidh an teasnamh faoi bhun 3 % de OTI ó 2026 ar aghaidh. Ó 2027 ar aghaidh, níor cheart, dá bhrí sin, an coigeartú bliantúil ar an gcomhardú príomha struchtúrach a bheith níos lú ná 0.25 % de OTI má dfhan an teasnamh struchtúrach os cionn 1.5 % de OTI sa bhliain roimhe sin, chun corrlach coiteann athléimneachta a bhaint amach i dtéarmaí struchtúracha de 1.5 % de OTI. An coigeartú fioscach bliantúil a eascraíonn as gealltanais bheartais agus toimhdí maicreacnamaíocha an phlean, sáraíonn sé 0.25 % i ngach ceann de na blianta 2027, 2028, 2029, 2030 agus 2031. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, an chonair ghlanchaiteachais a chuirtear chun tosaigh sa phlean, tá sí comhsheasmhach leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh.

Comhsheasmhacht an phlean leis an gcoimirce inbhuanaitheachta fiachais

(26)I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2024/1263, ós rud é go mbeidh an fiachas rialtais ghinearálta os cionn 90 % de OTI i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin de réir an phlean, ní mór an cóimheas fiachais a laghdú 1 phointe céatadáin ar a laghad ar an meán in aghaidh na bliana go dtí go dtitfidh sé faoi bhun 90 % agus ba cheart é a laghdú 0,5 pointe céatadáin ar an meán ina dhiaidh sin. Ríomhtar an meánlaghdú sin thar an tréimhse 2027-2031, i.e. ag tosú sa bhliain ina naisghairfí an nós imeachta um easnamh iomarcach de réir an phlean, agus is ionann é agus 1.2 pointe céatadáin (féach Tábla 3). Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, an chonair ghlanchaiteachais a chuirtear chun tosaigh sa phlean, tá sí comhsheasmhach leis an gcoimirce inbhuanaitheachta fiachais.

Toimhdí maicreacnamaíocha an phlean

(27)Tá an plean bunaithe ar shraith toimhdí atá éagsúil leis na toimhdí ón gCoimisiún a tarchuireadh chuig an Iodáil an 21 Meitheamh 2024. Go háirithe, úsáidtear toimhdí éagsúla sa phlean le haghaidh naoi nathróg, eadhon an túsphointe (i.e., comhardú príomha struchtúrach in 2024), fás OTI féideartha, fás iarbhír OTI, ráta úis intuigthe ainmniúil, iolraitheoir fioscach, coigeartuithe sreafa stoic, bearta aonuaire, toimhdí ioncaim (i.e. leaisteachais thoimhdithe), agus dúnadh na bearna aschuir. Thairis sin, tá tús-ualú beag déanta ar an gcoigeartú fioscach. Tugtar measúnú ar na difríochtaí i dtoimhdí thíos. Liostaítear thíos na difríochtaí idir na toimhdí a bhfuil an tionchar is mó acu ar an meánfhás glanchaiteachais, mar aon le measúnú ar gach diall a bhreithnítear ina aonar.

·Glactar leis sa phlean go mbeidh staid fhioscach tosaigh níos fabhraí ann, ag glacadh leis go mbeidh easnamh buiséid 3.8 % de OTI ann le haghaidh 2024, agus glacadh leis gur 4.4 % de OTI a bhí sa chonair thagartha. Tugtar le tuiscint leis sin go mbeidh comhardú príomha struchtúrach tosaigh níos fearr i réamh-mheastacháin DSA na hIodáile (0.5 ‑% i gcomparáid le ‑1.1 % de OTI sa chonair thagartha). Léiríonn sé sin sonraí fioscacha níos déanaí (le hioncam cánach níos airde ná mar a bhí coinne leis i dtoimhdí an Choimisiúin sa réamhthreoir, chomh maith le meastacháin nuashonraithe ar chaiteachas). Tá sé sin i gcomhréir tríd is tríd le Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach. An difríocht sin idir na toimhdí, rannchuidíonn sí le meánfhás glanchaiteachais atá níos airde, de bheagán, i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin sa phlean ná mar atá de réir thoimhdí an Choimisiúin. Meastar go bhfuil údar cuí leis an toimhde sin.

·Tá sé tuartha ag an Iodáil go mbeidh meánfhás OTI féideartha beagán níos airde (0.1 pointe céatadáin) ann le linn na tréimhse coigeartúcháin uile 2025-2031 i gcomparáid leis an gconair thagartha (0.8 % vs 0.7 %). Léiríonn sé sin nuashonrú ar an ionchas maicreacnamaíoch agus tá sé comhsheasmhach leis an modheolaíocht a comhaontaíodh go comhchoiteann. Rannchuidíonn an nuashonrú sin le meánfhás glanchaiteachais is airde i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin sa phlean ná mar atá de réir thoimhdí an Choimisiúin. Meastar go bhfuil údar cuí leis an toimhde sin.

·Tuartar sa phlean go mbeidh meán-díbhoilsceoir OTI beagán níos ísle ann le linn 2025-2031 ná mar a bhí de réir thoimhdí an Choimisiúin, ag 2.0 % i gcomparáid le 2.1 %. In 2024, bunaithe ar shonraí olltoraidh go dtí an dara ráithe, tá díbhoilsceoir OTI 1.9 % sa phlean, níos ísle ná an 2.2 % a thuar an Coimisiún Eorpach. In 2025, tá an díbhoilsceoir OTI fós 0.3 pointe céatadáin níos airde ná mar a bhí sa réamh-threoraíocht, agus casann sé níos ísle in 2027-2029. Rannchuidíonn sin le meánfhás glanchaiteachais is ísle i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin sa phlean ná mar atá de réir thoimhdí an Choimisiúin. Meastar go bhfuil údar cuí leis an toimhde sin.

·Glactar leis sa phlean go mbeidh leaisteachas ioncaim níos stuama ann, seachas an leaisteachas aonadach le OTI féideartha arna ghlacadh ag an gCoimisiún. Rannchuidíonn sin le meánfhás glanchaiteachais is ísle i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin sa phlean ná mar atá de réir thoimhdí an Choimisiúin. Meastar go bhfuil údar cuí leis an toimhde sin.

Na difríochtaí atá fágtha, níl tionchar mór aige ar an meánfhás glanchaiteachais i gcomparáid le toimhdí an Choimisiúin. Ar an iomlán, is é an toradh a bhíonn ar na difríochtaí uile sna toimhdí a ghlactar le chéile ná meánfhás glanchaiteachais sa phlean atá cothrom leis an gconair thagartha. Cuirfidh an Coimisiún an measúnú thuas ar thoimhdí an phlean san áireamh i measúnuithe amach anseo ar chomhlíontacht leis an gconair ghlanchaiteachais.

Straitéis fhioscach an phlean

(28)De réir na straitéise fioscaí táscaí sa phlean, déanfar na gealltanais maidir le glanchaiteachas a thabhairt i gcrích trí bhíthin smacht ar chaiteachas agus méaduithe lánroghnacha ar ioncam araon. Luaitear sa phlean go háirithe bainistiú caiteachais phoiblí níos stuama agus níos éifeachtúla mar aon le hioncam níos airde ón gcomhrac i gcoinne imghabháil cánach. Tá sonraíocht na mbeart beartais atá le glacadh le deimhniú nó le coigeartú agus le cainníochtú sna buiséid bhliantúla. An tráth céanna, tá rioscaí ann maidir le cur chun feidhme na straitéise fioscaí táscaí sa phlean, a eascraíonn as fíorfhás OTI iarbhír a dfhéadfadh a bheith níos ísle ná mar a léirítear i bplean na hIodáile chomh maith le heaspa faisnéise maidir leis an straitéis fhioscach atá beartaithe (mar a measúnaíodh thuas). Ina theannta sin, leis an Dréachtphlean Buiséadach le haghaidh 2025, sonraítear na gníomhaíochtaí beartais trína mbainfear amach an gealltanas glanchaiteachais le haghaidh 2025 12 .

Sraith gealltanas athchóirithe agus infheistíochta sa phlean atá mar bhonn taca faoi shíneadh a chur leis an tréimhse coigeartúcháin fhioscaigh

(29)Sa phlean, tugann an Iodáil gealltanas i leith 24 athchóiriú agus infheistíocht, arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar an acmhainneacht fáis agus ar an inbhuanaitheacht fhioscach, chun tacú le síneadh a chur leis an tréimhse coigeartaithe fhioscaigh ó 4 bliana go 7 mbliana. Tá an tacar athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca faoi shíneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin comhdhéanta de roinnt gealltanas ón bplean téarnaimh agus athléimneachta, chomh maith le roinnt athchóirithe agus infheistíochtaí nua. Áirítear leis sin na bearta seo a leanas:

·Athchóirithe agus infheistíochtaí i réimse an cheartais shibhialta: Tá na bearta nasctha le hAthchóiriú M1C1 1.4 (ceartas sibhialta) a áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneacha, a bhfuil a ngarspriocanna agus a spriocanna deiridh dlite faoi R2-2026. Áirítear sa phlean gealltanais bhreise a bhfuil sé daidhm acu, ar an iomlán, (i) cur chun feidhme an athchóirithe dócmhainneachta a áirithiú, lena náirítear trí thacaíocht leanúnach a thabhairt do na Cúirteanna in ábhair dhócmhainneachta agus trí shonraí a bhailiú go córasach; (ii) éifeachtúlacht na gcúirteanna sibhialta a mhéadú trína riaráiste agus an tam is gá chun cásanna a réiteach a laghdú; agus (iii) feabhas a chur ar éifeachtúlacht an chórais cheartais fhoriomláin. Chun na hidirghabhálacha sin a chur chun feidhme, áiritheofar na hacmhainní daonna leordhóthanacha i gcóras na gcúirteanna. Tá coinne leis go gcríochnófar na príomhchéimeanna comhfhreagracha faoi R4-2029.

·Athchóirithe agus infheistíochtaí i réimse an riaracháin cánach: Tá na bearta nasctha le hAthchóiriú 1.12 (athchóiriú ar an riarachán cánach) a áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, a bhfuil a ngarspriocanna agus a spriocanna deiridh dlite faoi R2-2026. Áirítear sa phlean gealltanais bhreise atá dírithe, ar an iomlán, ar ioncam a eascraíonn as na nithe seo a leanas a mhéadú tuilleadh: i) gníomhaíochtaí coisctheacha agus forfheidhmiúcháin le haghaidh comhlíonadh cánach, lena náirítear ioncam a ghintear le litreacha comhlíontachta agus straitéisí comhlíontachta níos saincheaptha; ii) gníomhaíochtaí frith-imghabhála níos spriocdhírithe agus níos rioscabhunaithe, lena náirítear gníomhaíochtaí atá bunaithe ar thacair sonraí cánach idir-inoibritheacha níos leithne agus ar theicnící intleachta saorga. Táthar ag súil go neartóidh bearta reachtacha eile an comhrac i gcoinne imghabháil cánach mar thoradh ar dhearbhuithe a fágadh ar lár, trí dhreasachtaí níos láidre a thabhairt isteach do cháiníocóirí agus trí úsáid níos leithne a bhaint as modhanna íocaíochta inrianaithe. Is é is aidhm do bhearta eile feabhas a chur ar an gcinnteacht sa chaidreamh idir cáiníocóirí agus an riarachán cánach trí mheán-amanna aisíocaíochta CBL a ghiorrú. Táthar ag súil go gcuirfear na príomhchéimeanna a bhaineann leis na bearta thuasluaite i réimse an riaracháin cánach i gcrích faoi R4-2029.

·Athchóirithe agus infheistíocht i réimse na timpeallachta gnó: Tá na bearta nasctha le hAthchóiriú 2 (Dlíthe Iomaíochta Bliantúla 2021, 2022, 2023 agus 2024) a áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneacha, a bhfuil a ngarspriocanna agus a spriocanna deiridh dlite faoi R4-2025. Áirítear sa phlean gealltanais bhreise atá dírithe, ar an iomlán, ar an timpeallacht ghnó a fheabhsú tuilleadh trí (i) chaiteachas poiblí T & F a mhéadú; (ii) dreasachtaí do ghnólachtaí a chuíchóiriú agus a shimpliú; (iii) dlíthe iomaíochta bliantúla a ghlacadh chun baic agus bacainní iontrála a léirscaoileadh agus a bhaint (de chineál reachtach nó rialála freisin) bunaithe ar mheasúnuithe tionchair rialála leordhóthanacha; agus (iv) creatdlí maidir le FBManna, ionstraimí cur chun feidhme agus nuashonruithe a ghlacadh ar bhonn bliantúil. Tá coinne leis go gcríochnófar na príomhchéimeanna comhfhreagracha faoi R4-2029.

·Athchóirithe i réimse an riaracháin phoiblí: tá na bearta nasctha le hAthchóiriú M1C1 1.9 (athchóiriú fostaíochta poiblí agus athchóiriú simpliúcháin) a áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneacha, a bhfuil a ngarspriocanna agus a spriocanna deiridh dlite faoi R2-2026. Áirítear sa phlean gealltanais bhreise atá dírithe ar an méid seo a leanas: (i) soghluaisteacht ingearach agus chothrománach a chur chun cinn; agus (ii) creat feidhmíocht-bhunaithe a dhreasú. Tá coinne leis go gcuirfear na príomhchéimeanna comhfhreagracha i gcrích faoi R4-2028.

·Athchóirithe agus infheistíocht i réimse an chúraim leanaí: tá na bearta nasctha le hInfheistíocht 1.1 (plean do naíolanna agus do réamhscoileanna agus do sheirbhísí oideachais agus cúraim luath-óige) a áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneacha, a bhfuil a ngarspriocanna agus a spriocanna deiridh dlite faoi R2-2026. Tá na bearta dírithe ar an méid seo a leanas: (i) caiteachas poiblí bliantúil a mhéadú chun costais oibriúcháin na saoráidí cúraim leanaí atá ann cheana agus na saoráidí cúraim leanaí nua a chumhdach, lena náirítear iad siúd a cruthaíodh leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta; (ii) feabhas ar infhaighteacht áiteanna cúraim leanaí; agus (iii) inacmhainneacht cúraim leanaí a mhéadú. Tá coinne leis go gcuirfear na príomhchéimeanna comhfhreagracha i gcrích faoi R4-2027.

·Athchóirithe agus infheistíocht i réimse an chaiteachais phoiblí: tá na bearta nasctha le hAthchóiriú 1.13 (athchóiriú ar an gcreat athbhreithnithe caiteachais) a áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, a bhfuil a ngarspriocanna agus a spriocanna deiridh dlite faoi R2-2026. Áirítear sa phlean gealltanais bhreise arb é is aidhm dóibh (i) an acmhainneacht maidir le clársceidealú, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar chaiteachas poiblí a neartú; (ii) inniúlacht na hAireachta Geilleagair agus Airgeadais a neartú chun cigireachtaí a dhéanamh ar bhainistiú caiteachais phoiblí na neintiteas uile a fhaigheann tacaíocht phoiblí, lena náirítear údaráis fhonáisiúnta agus fiontair faoi úinéireacht stáit; agus (iii) athchóiriú a dhéanamh ar an gcreat chun rialú a dhéanamh ar chaiteachas poiblí le haghaidh riaracháin phoiblí lárnacha, lena náirítear trí fhreagracht airgeadais na riarachán a mhéadú. Tá coinne leis go gcríochnófar na príomhchéimeanna comhfhreagracha faoi R2-2029.

·Áirítear sa phlean athchóirithe atá nua i gcomparáid leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta i réimse an riaracháin cánach agus i réimse chuíchóiriú na bhfiontar atá faoi úinéireacht stáit. Go sonrach, i réimse an chánachais, áirítear sa phlean gealltanais atá dírithe ar an méid seo a leanas: (i) an córas cánach a shimpliú trí chaiteachas cánach a athbhreithniú agus a chuíchóiriú freisin i réimsí na bhfóirdheontas lena ndéantar dochar don chomhshaol; (ii) an tualach cánach ar theaghlaigh ísealioncaim agus meánioncaim a laghdú go struchtúrach agus tacú le fostaíocht; agus (iii) an clár cadastrach a thabhairt cothrom le dáta trí airíonna nach náirítear faoi láthair a mhapáil agus trí luachanna cadastracha dfhoirgnimh a thairbhigh de scéimeanna poiblí um éifeachtúlacht fuinnimh agus/nó idirghabhálacha athchóirithe tí a thabhairt cothrom le dáta. Tá coinne leis go gcuirfear na príomhchéimeanna comhfhreagracha i gcrích faoi R4-2028. I réimse na bhFiontar faoi Úinéireacht Stáit, áirítear sa phlean gealltanais arb é is aidhm dóibh éifeachtúlacht na bhfiontar faoi úinéireacht stáit a chuíchóiriú agus a fheabhsú i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta (Foraithne Reachtach uimh. 175/2016), trí chur chun feidhme an chreata dhlíthiúil a áirithiú agus a neartú i gcás inar gá. Tá coinne leis go gcuirfear an phríomhchéim chomhfhreagrach i gcrích faoi R4-2027.

(30)I gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2024/1263, tá gach athchóiriú agus infheistíocht atá mar bhonn taca faoi shíneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin mionsonraithe, tús-ualaithe, faoi cheangal ama agus infhíoraithe go leordhóthanach.

(31)Gealltanais an phlean téarnaimh agus athléimneachta atá mar bhonn taca faoin síneadh, tá athchóirithe agus infheistíochtaí móra iontu atá dírithe ar fheabhas a chur ar an inbhuanaitheacht fhioscach agus ar acmhainneacht fáis an gheilleagair a fheabhsú. Ina theannta sin, tugann an Iodáil gealltanas leanúint den iarracht tabhairt faoin athchóiriú le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an bplean struchtúrach fioscach meántéarmach agus na leibhéil infheistíochta a mhaoinítear go náisiúnta, a baineadh amach le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta, a choinneáil ar bun (féach thíos, Tábla 5). Déanfar faireachán ar na gealltanais le linn chur chun feidhme an phlean. Dá réir sin, is féidir gealltanais faoin bplean téarnaimh agus athléimneachta a chur san áireamh maidir le síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin dá bhforáiltear le hAirteagal 36(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2024/1263.

(32)Leis an tsraith athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca faoin síneadh, meastar go gcuirfear feabhas ar acmhainneacht fáis agus athléimneachta gheilleagar na hIodáile ar bhealach inbhuanaithe mar a cheanglaítear le hAirteagal 14(2), pointe (a) de Rialachán (AE) 2024/1263. Tuairiscítear i bplean na hIodáile an tionchar a mheastar a bheidh ag roinnt athchóirithe atá mar bhonn taca faoi shíneadh na tréimhse coigeartúcháin (go háirithe fostaíocht phoiblí, timpeallacht ghnó, agus ceartas sibhialta) ar fhás OTI. Is í an tsamhail mhaicreacnamaíoch a úsáidtear le haghaidh an ionsamhlúcháin samhail T & F QUEST-III a dfhorbair an Coimisiún Eorpach. De réir an phlean, leis na hathchóirithe sin atá bailí chun síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin, chuirfí tús leis na chéad éifeachtaí ar an ngeilleagar in 2028 agus meastar (i gcás stuamachta) go méadófaí leibhéal OTI in 2031 faoi 0.5 % san iomlán. Ar bhealach níos mionsonraithe, meastar go dtiocfaidh méadú 0.2 % ar leibhéal OTI in 2031 le hathchóirithe i réimse na fostaíochta poiblí, meastar go dtiocfaidh méadú 0.2 % ar leibhéal OTI in 2031 le hathchóirithe i réimse an cheartais shibhialta agus meastar go dtiocfaidh méadú 0.1 % ar leibhéal OTI in 2031 le hathchóirithe i réimse na timpeallachta gnó. Meastar sa phlean freisin tionchar na nathchóirithe agus na ninfheistíochtaí sa phlean téarnaimh agus athléimneachta nár cuireadh chun feidhme go fóill chun méadú 3.2 % a chur ar an leibhéal OTI in 2031 (agus 1.7 % de sin mínithe le hathchóirithe agus 1.5 % mínithe le hinfheistíochtaí). Ar an iomlán, trí na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sa phlean téarnaimh agus athléimneachta nár cuireadh chun feidhme go fóill agus cuid de na hathchóirithe atá mar bhonn taca faoi shíneadh na tréimhse coigeartúcháin a mheas, meastar go dtiocfaidh méadú 3.8 % ar leibhéal OTI faoi 2031 i gcomparáid leis an mbonnlíne. Tuairiscíonn an plean anailís íogaireachta freisin. Sa chás díobhálach, laghdófaí tionchar na nathchóirithe atá mar bhonn taca faoi shíneadh na tréimhse coigeartúcháin ar leibhéal OTI go 0.3 % (ó 0.5 % sa chás stuamachta). Ar an iomlán, meastar go bhfuil na meastacháin a thuairiscítear sa Phlean inchreidte.

(33)Leis an tsraith athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca faoin síneadh, meastar go dtacófar leis an inbhuanaitheacht fhioscach mar a cheanglaítear le hAirteagal 14(2), pointe (b) de Rialachán (AE) 2024/1263. Léirítear sa phlean éabhlóid an chóimheasa fiachais-OTI i roinnt cásanna bunaithe ar an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha is bun leis an bplean (2025-2041): an cás beartais is bonn leis an bplean agus sna cásanna malartacha ina bhfuil an tionchar a bheadh ag acmhainneacht níos airde agus ag fíorfhás OTI leithlisithe (athchóirithe Plean +) agus ina ngabhtar an tionchar ar ioncam poiblí freisin (athchóirithe Plean + + + athrú ioncaim). Sa chéad chás malartach, le tionchar na nathchóirithe atá mar bhonn taca faoi shíneadh na tréimhse coigeartúcháin, cuirtear feabhas ar ionchais fáis OTI. Is é an toradh atá air sin laghdú níos suntasaí ar an gcóimheas fiachais-OTI i gcomparáid leis an gcás beartais is bun leis an bplean, atá inbhraite ó 2030 ar aghaidh. Laghdódh an cóimheas fiachais-OTI níos mó fós agus shroichfeadh sé leibhéal 109.6 % in 2041. Trí bhreithniú a dhéanamh freisin ar an bhfeabhas ar an gcomhardú príomha tar éis an mhéadaithe ar ioncam a ghintear leis an bhfás níos airde (i.e. trí bhreithniú a dhéanamh ar an bhfeabhas ar an gcomhardú príomha trí leathleaisteacht ioncaim a chur i bhfeidhm ar an staid thimthriallach athraithe), thitfeadh an cóimheas fiachais tuilleadh go 102.5 % de OTI. Ar an iomlán, meastar go bhfuil na meastacháin a thuairiscítear sa phlean inchreidte. Is féidir breithnithe breise a dhéanamh maidir le tionchar na nathchóirithe atá mar bhonn taca faoin síneadh. Go háirithe, cé nach leagtar síos spriocanna sonracha dathbhreithnithe caiteachais amach anseo ag an gcéim seo, dfhéadfadh coinne a bheith leis go laghdóidh an próiseas athbhreithnithe caiteachais an ráta fáis agus leibhéal an chaiteachais phoiblí, mar thoradh ar éifeachtúlacht fheabhsaithe, agus go rannchuideoidh sé le comhdhéanamh an bhuiséid lena gcothófar fás trí thosaíocht a thabhairt an athuair do chaiteachas i dtreo ítimí atá níos fabhraí don fhás, agus tionchar dearfach aige sin ar an inbhuanaitheacht fhioscach. Le bearta i réimse an riaracháin cánach, meastar go soláthrófar níos mó dreasachtaí le haghaidh fáis agus go laghdófar an ding chánach ar shaothar agus go náiritheofar go mbeidh an córas cánach cothrom, éifeachtúil agus forásach, agus go mbeidh tionchar dearfach aige ar inbhuanaitheacht fhioscach. Maidir le bearta i réimse an bhailithe cánach, cé nach socraítear sprioc shonrach ach le haghaidh beart amháin maidir le comhlíonadh cánach (ag thart ar 0.1 % de OTI), meastar go gcuirfidh na bearta eile tuilleadh feabhais ar chomhlíonadh cánach. Maidir le bearta i réimse an chúraim leanaí, tá siad ceaptha borradh a chur faoin soláthar saothair agus tacú le hioncaim phoiblí agus le hinbhuanaitheacht fhioscach sa mheántéarma. Ar deireadh, cé nach bhfuil sonraí sonracha ar fáil go fóill, meastar go mbeidh tionchar dearfach ag an mbeart a bhaineann le fiontair faoi úinéireacht stáit, i gcomhréir lena uaillmhian.

(34)Leis an tsraith athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca faoin síneadh, tugtar aghaidh ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais mar a cheanglaítear le hAirteagal 14(2), pointe (c) de Rialachán (AE) 2024/1263. Go háirithe, meastar go rannchuideoidh na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí uile atá mar bhonn taca faoin síneadh leis an athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) fad na nimeachtaí dlíthiúla a laghdú tuilleadh, riaráiste an cheartais a laghdú agus próiseas an aistrithe dhigitigh a chothú; (ii) na gealltanais i réimse an chomhraic in aghaidh imghabháil cánach a neartú trí na gníomhaíochtaí atá san áireamh cheana sa phlean téarnaimh agus athléimneachta a neartú; (iii) feabhas a chur ar na bunchoinníollacha ina bhfeidhmíonn gnólachtaí agus infheisteoirí trí iomaíocht agus éifeachtúlacht mhéadaithe a chur chun cinn sa riarachán poiblí, chomh maith leis an ualach riaracháin agus bacainní a bhaineann an bonn den rochtain ar chreidmheas a laghdú, dinimiceas níos mó gnólachtaí, a nuas-scálú agus infheistíochtaí níos airde a chur chun cinn; (iv) caipiteal daonna an riaracháin phoiblí a neartú, dfhonn táirgiúlacht, cáilíocht agus cainníocht na seirbhísí poiblí a sholáthraítear a mhéadú; (v) caiteachas poiblí níos éifeachtúla a áirithiú, ag díriú ar réimsí tosaíochta lena náirítear taighde agus forbairt agus cúram leanaí. Ina theannta sin, tá coinne leis go gcuirfidh athchóirithe agus infheistíocht i réimse an riaracháin phoiblí le feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó fhoriomlán trí níos mó éifeachtúlachta i mbainistiú na fostaíochta poiblí, go háirithe tríd an gconair ghairme inmheánach, an tsoghluaisteacht chothrománach agus an córas meastóireachta feidhmíochta a threisiú.

(35)Leis an tacar athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca faoin síneadh, tá sé beartaithe aghaidh a thabhairt ar na 13 moltaí tírshonracha ábhartha a eisítear mar chuid den Seimeastar Eorpach, lena náirítear iad siúd a dtugtar aghaidh orthu faoin nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha mar a cheanglaítear le hAirteagal 14(2), pointe (d) de Rialachán (AE) 2024/1263. Go háirithe, tá sé beartaithe le bearta i réimse an riaracháin cánach aghaidh a thabhairt ar an moladh tírshonrach struchtúrach fioscach lena niarrtar ar an Iodáil ó 2019 go 2024 an córas cánach a dhéanamh níos tacúla don fhás, go háirithe trí fheabhas a chur ar chomhdhéanamh ioncam an rialtais agus trí thacú leis an bhfás agus leis an inbhuanaitheacht fhioscach (féach freisin thuas). Ar an gcaoi chéanna, meastar go rannchuideoidh bearta i réimse an bhainistithe caiteachais agus maidir le cuíchóiriú fiontar atá faoi úinéireacht an stáit le comhdhéanamh an bhuiséid lena gcothófar fás a mbeidh tionchar dearfach aige ar inbhuanaitheacht fhioscach (féach freisin thuas). I dtaca le moltaí tírshonracha 2019-2024 maidir le ceartas, tá sé beartaithe aghaidh a thabhairt orthu leis na bearta maidir le dócmhainneacht chomh maith le roinnt infheistíochtaí arb é is aidhm dóibh éifeachtúlacht an chórais bhreithiúnaigh a mhéadú. Na bearta maidir leis an lucht saothair poiblí a mheastar a neartóidh an chonair ghairme, an tsoghluaisteacht chothrománach agus an córas meastóireachta buan, is é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha 2019 agus 2020 maidir leis an riarachán poiblí. Le glacadh dlí iomaíochta ar bhonn bliantúil, meastar go laghdófar bacainní ar iomaíocht agus go bhfeabhsófar an timpeallacht ghnó agus, ar an gcaoi sin, go ndíreofar ar aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha 2019 agus 2024 maidir le hiomaíocht agus an timpeallacht ghnó. Tá sé i gceist le bearta i réimse an chúraim leanaí tacú le rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair agus rannchuidiú le dul i ngleic le treochtaí diúltacha déimeagrafacha, i gcomhréir le moltaí tírshonracha 2019 agus 2024 maidir le fostaíocht agus beartas sóisialta. Tá na moltaí tírshonracha thuasluaite uile ábhartha faoin nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha.

(36)Áirithítear leis an bplean go gcoinneofar ar bun leibhéal foriomlán beartaithe na hinfheistíochta poiblí a mhaoinítear go náisiúnta arna réadú ar an meán i gcaitheamh na tréimhse a chumhdaítear leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta, mar a cheanglaítear le hAirteagal 14(4) de Rialachán (AE) 2024/1263.

Tábla 5: Infheistíocht phoiblí a mhaoinítear go náisiúnta sa phlean (% de OTI)

Meánleibhéal idir 2021 agus 2026

2025

2026

2027

2028

2029

An meán i gcaitheamh thréimhse an phlean

2,9

3,1

2,9

3,3

3,3

3,2

3,2

Foinse: Plean struchtúrach fioscach meántéarmach na hIodáile.

(37)Ar deireadh, maidir leis an tsraith gealltanas um athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca faoi shíneadh, is féidir a mheas go bhfuil siad comhsheasmhach leis na gealltanais sa Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta agus sa Chomhaontú Comhpháirtíochta a comhaontaíodh faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil mar a cheanglaítear le hAirteagal 14(4) de Rialachán (AE) 2024/1263.

(38)Mar chonclúid, maidir leis an tsraith athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca faoi shíneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin, meastar go gcomhlíonann siad na critéir in Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2024/1263, nuair a chuirtear le chéile iad. Mar thoradh air sin, is féidir síneadh ó 4 bliana go 7 mbliana a chur leis an tréimhse choigeartúcháin, mar a chuirtear chun tosaigh sa phlean.

Rúin eile athchóirithe agus infheistíochta sa phlean lena bhfreagrófar do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus lena dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais

(39)Cé is moite den tsraith athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca faoi shíneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin, tugtar tuairisc sa phlean ar chuspóirí beartais a bhaineann le hathchóirithe agus infheistíochtaí eile chun freagairt do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe na moltaí tírshonracha, lena náirítear iad siúd a bhaineann leis an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, agus chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais. Áirítear sa phlean 119 athchóiriú agus infheistíocht, a bhfaigheann 65 díobh tacaíocht airgeadais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.

(40)Maidir leis an tosaíocht choiteann a bhaineann le haistriú cóir, glas agus digiteach, lena náirítear na cuspóirí aeráide a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119, cuimsítear leis an bplean sraith athchóirithe agus infheistíochtaí. I measc nithe eile, tá coinne leis go rannchuideoidh na bearta maidir le maoiniú inbhuanaithe, lena náirítear na bearta sin chun an bhearna cosanta árachais a laghdú, bannaí glasa chomh maith le roinnt beart faoi mhisean 2 agus 7 den phlean téarnaimh agus athléimneachta leis an aistriú glas. Meastar go dtabharfaidh na bearta sin aghaidh ar na moltaí tírshonracha maidir le bonneagar fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh agus soghluaisteacht inbhuanaithe, moltaí a cuireadh faoi bhráid na hIodáile in 2022 agus 2023. Cuireann an taistriú digiteach leis na cuspóirí a leagtar amach faoin gclár beartais don Deacáid Dhigiteach agus meastar go mbainfidh sé tairbhe, mar shampla, as an straitéis náisiúnta maidir le hinniúlachtaí digiteacha nó as leanúint de bhearta an phlean téarnaimh agus athléimneachta, lena náirítear na bearta sin maidir le bonneagar digiteach, IPCEInna, bearta chun aistriú teicneolaíoch a neartú (trí lárionaid inniúlachta agus moil nuálaíochta digití), agus digitiú riarachán poiblí lárnach. Rannchuideoidh na bearta sin freisin le haghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha maidir leis an riarachán poiblí, an córas ceartais agus an nascacht dhigiteach atá dírithe ar an Iodáil idir 2019 agus 2024 agus atá ábhartha faoin nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha.

(41)Maidir le comhthosaíocht na hathléimneachta sóisialta agus eacnamaíche, lena náirítear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, áirítear sa phlean roinnt beart agus infheistíochtaí, mar shampla Assegno Unico Universale a neartú, méadú breise ar sholáthar naíolann agus seirbhísí luathchúraim leanaí, agus saoire do thuismitheoirí a threisiú. Bainfidh an córas oideachais tairbhe freisin as bearta amhail Agenda Sud, chun bunscileanna a threisiú sa deisceart, agus as leanúint leis na hiarrachtaí san oideachas gairmdhírithe, leis an athchóiriú ar Institiúidí Gairmiúla agus Teicniúla agus ar na Pleananna Náisiúnta agus Réigiúnacha um Scileanna. Na bearta maidir leis an bhfoghlaim aosach, go háirithe maidir leis an dá aistriú, agus maidir le margadh an tsaothair, mar shampla clár GOL agus bearta chun an deighilt chríochach i margadh an tsaothair a laghdú, meastar go rannchuideoidh siad freisin leis an athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch a neartú. Meastar freisin go mbainfidh an dara ceann tairbhe as athchóirithe arb é is aidhm dóibh margaí caipitil a neartú chun tacú le rochtain ar mhaoiniú do chorparáidí — agus go háirithe do FBManna. Meastar go dtabharfaidh na bearta sin aghaidh freisin ar na moltaí tírshonracha a eisíodh ó 2019 go 2024 maidir le feidhmiú an mhargaidh saothair, beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair, scileanna agus oideachas atá ábhartha faoin nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, chomh maith leis na moltaí tírshonracha ar tugadh aghaidh orthu sa tréimhse chéanna maidir le comhionannas deiseanna, cuimsiú sóisialta, forbairt réigiúnach agus rochtain ar mhaoiniú. Áirítear sa phlean freisin, i measc nithe eile, bearta chun saoráidí cúraim sláinte (ospidéil phobail) a neartú agus feabhas a chur ar infhaighteacht feistí teicneolaíochta cúraim sláinte in ospidéil a bhfuil sé beartaithe acu aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha cúraim sláinte 2020. Ar an taobh eile, níl athchóirithe sonracha sa phlean maidir le pinsin a rannchuideodh le moltaí tírshonracha 2019 atá dírithe ar an Iodáil.

(42)Maidir le comhthosaíocht na slándála fuinnimh, áirítear sa phlean roinnt beart agus infheistíochtaí lena náirítear, mar shampla, nasc Thoirian nó laghdú ar na costais a bhaineann le nascadh leis an líonra gáis bithmheatáin, chomh maith le glacadh giniúna in-athnuaite a mhéadú lena laghdaítear an spleáchas straitéiseach ar bhreoslaí iontaise allmhairithe nó roinnt beart chun borradh a chur faoin éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh phríobháideacha agus phoiblí. Ar an iomlán, meastar go rannchuideoidh an tacar beart agus infheistíochta a áirítear sa phlean le haghaidh a thabhairt ar an moladh tírshonrach maidir leis an tslándáil fuinnimh.

(43)Maidir le comhthosaíocht na gcumas cosanta, meabhraítear sa phlean bearta atá san áireamh cheana féin sa phlean téarnaimh agus athléimneachta a bhaineann le hinfheistíochtaí sa chibearshlándáil agus i ndigitiú na hAireachta Cosanta.

(44)Cuirtear faisnéis ar fáil sa phlean maidir leis an gcomhsheasmhacht agus, i gcás inarb iomchuí, an chomhlántacht, le cistí an bheartais comhtháthaithe agus le plean téarnaimh agus athléimneachta na hIodáile. Eadhon, tugtar le fios go hachomair sa phlean go bhfuil na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a áirítear sa phlean a fhreagraíonn do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus a thugann aghaidh ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais ag leanúint leis na gníomhaíochtaí a glacadh sa phlean téarnaimh agus athléimneachta agus sna cláir chomhtháthaithe.

(45)Tugtar forléargas sa phlean ar riachtanais infheistíochta poiblí na hIodáile a bhaineann le tosaíochtaí coiteanna an Aontais. Maidir le haistriú digiteach cothrom, tagraítear sa phlean do spriocanna agus cuspóirí na Deacáide Digití agus luaitear ann an gá atá le tuilleadh infheistíochtaí chun na riachtanais scileanna digiteacha a líonadh, lena náirítear infheistíochtaí lena gcuirtear feabhas ar eolas agus athcháiliú oibrithe chun cinn chun soláthar agus éileamh saothair a ailíniú leis na dúshláin nua agus chun na hiarmhairtí diúltacha a dfhéadfadh a bheith ag an aistriú digiteach a mhaolú, chomh maith le hinfheistíochtaí breise i mbonneagar digiteach, eadhon chun imeallnóid a fhorbairt chun sprioc 2030 a bhaint amach agus chun tacú le claochlú digiteach gnólachtaí agus riaracháin phoiblí. Maidir le haistriú glas cóir, tuairiscítear sa phlean an gá atá le feabhas a chur ar dhícharbónú an iompair, ar an aistriú módach agus ar fhorbairt bonneagar lena ndéanfar iompar daoine agus earraí níos inbhuanaithe, trí ról an iompair ar iarnród a neartú freisin. Comhlánaítear é sin le hinfheistíochtaí breise lena bhfeabhsaítear rialachas agus éifeachtúlacht an chórais dáileacháin uisce agus ullmhacht na tíre i leith riosca tubaistí nádúrtha agus an athraithe aeráide, chomh maith le hinfheistíochtaí lena neartaítear an bhithéagsúlacht agus éiceachórais. Tá roinnt de na bearta sin mar chuid den Phlean Náisiúnta Idirnasctha um Fhuinneamh agus Aeráide. I ndáil le hathléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, lena náirítear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, tuairiscítear sa phlean an gá atá le hinfheistíochtaí breise sna réimsí seo a leanas: (i) margadh an tsaothair (trí bheartais ghníomhacha saothair a neartú, trí na hinfheistíochtaí a chothú, tosaíodh ar rannpháirtíocht i margadh an tsaothair agus na gníomhaíochtaí oiliúna is gá a chur chun cinn chun scileanna oibrithe a ailíniú leis na scileanna a éilíonn margaí an tsaothair, lena náirítear leanúint ar aghaidh go críochnúil le bearta an phlean téarnaimh agus athléimneachta amhail an Déchóras, printíseachtaí agus an Státseirbhís Uilíoch); (ii) oideachas agus oiliúint (lena gcothaítear na hinfheistíochtaí ar cuireadh tús leo leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta agus na tionscnaimh atá dírithe ar bhearnaí scileanna, críochacha agus inscne a laghdú, lena náirítear trí bhuiséad a sholáthar don Phlean Scileanna Nua); (iii) bearnaí críochacha a laghdú (trí leanúint dinfheistíocht a dhéanamh sna hearnálacha straitéiseacha a shainítear sa bheartas comhtháthaithe agus i bPlean Straitéiseach an Limistéir Eacnamaíoch Speisialta Aonair (SEZ) — lena náirítear riosca hidrigeolaíoch, acmhainní uisce agus atógáil tar éis tubaistí) agus feabhas a chur ar bhonneagar (trí thógáil ar idirghabhálacha a seoladh cheana leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta, lena náirítear le haghaidh líonraí ardluais agus iarnróid réigiúnacha, feabhsú teicneolaíoch agus digiteach líonraí TEN-T, calafort agus a nasc, chomh maith le hinfheistíochtaí bonneagair in SEZ a neartú), (iv) tacú le slabhraí soláthair straitéiseacha, nuálaíocht agus aistriú teicneolaíochta (trí leanúint dinfheistíochtaí sa phlean téarnaimh agus athléimneachta le haghaidh comhar idir ollscoileanna, ionaid taighde agus cuideachtaí agus le haghaidh claochlú teicneolaíoch agus digiteach FBManna agus líonraí gnó agus trí thacú le hiomaíochas i bpríomhearnálacha gheilleagar na hIodáile agus infheistíochtaí in earnáil na turasóireachta a fheabhsú freisin); (v) córas cúraim sláinte, bearta in aghaidh na bochtaineachta agus seirbhísí don luath-óige (trí thuilleadh infheistíochta a dhéanamh sa chóras cúraim sláinte chun líonraí leighis ginearálta a dhéanamh níos éifeachtúla, lena náirítear líonraí neasachta, saoráidí agus teilileigheas le haghaidh cúnaimh, trealamh mór cúraim sláinte agus taighde a nuachóiriú, oiliúint agus forbairt scileanna foirne, tuilleadh infheistíochta a dhéanamh sa chomhrac in aghaidh bochtaineacht lucht oibre, i mbeartais tithíochta agus i mbaol na bochtaineachta fuinnimh a laghdú, rochtain ar sheirbhísí luath-óige ar chostas íseal a fheabhsú tuilleadh, chomh maith le seirbhísí cúraim a leathnú do dhaoine scothaosta atá faoi mhíchumas agus neamh-fhéinleordhóthanach). Maidir le slándáil fuinnimh a áirithiú, tuairiscítear sa phlean an gá atá le hinfheistíochtaí breise i dtógáil bonneagair agus i bhforbairt agus scaipeadh teicneolaíochtaí a chuirtear i bhfeidhm ar fhuinneamh a rannchuideoidh le mol fuinnimh Eorpach a dhéanamh den Iodáil, agus in éifeachtúlacht foirgneamh chun a dtomhaltas fuinnimh a laghdú agus i dtaighde agus i bhforbairt agus i dturgnamh ar iompróirí fuinnimh, lena náirítear giniúint nua núicléach. Maidir le cumais chosanta a mhéadú, de réir an phlean, méadófar an caiteachas in earnáil na cosanta go 2 % den OTI faoi 2028, i gcomhréir le gealltanais ECAT. Beidh gá le hinfheistíocht bhreise chun rannpháirtíocht shuntasach i misin idirnáisiúnta a áirithiú i ndáil le hoibríochtaí síochánaíochta agus gníomhaíochtaí eile, chun acmhainní a mhéadú don Chomhaontú Comhair leis an Úcráin, chun soláthar ábhar a chuíchóiriú i gcomhthéacs an chomhair agus an chomhair idirnáisiúnta agus chun oibríochtaí Bóithre Sábháilte agus Stáisiúin Shábháilte a athmhaoiniú, chun an Ciste le haghaidh sócmhainní ullmhachta oibríochtúla atá ard agus an-ard agus chun an Ciste le haghaidh riachtanais chosanta náisiúnta a athmhaoiniú.

Conclúid mheasúnú an Choimisiúin

(46)Ar an iomlán, tá an Coimisiún den tuairim go gcomhlíonann plean na hIodáile ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263.

CONCLÚID FHORIOMLÁN

(47)I gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1263, ba cheart don Chomhairle an chonair ghlanchaiteachais, mar a leagtar amach sa phlean, a mholadh don Iodáil, agus ba cheart an tsraith athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca faoi shíneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin go 7 mbliana a fhormhuiniú.

AG MOLADH LEIS SEO don Iodáil

1.A áirithiú nach sáróidh an fás glanchaiteachais na huasmhéideanna a bhunaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Moladh seo.

2.An tsraith athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca faoi shíneadh a chur leis an tréimhse coigeartaithe fhioscaigh go dtí 7 mbliana a chur chun feidhme, mar a bhunaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Moladh seo, faoi na sprioc-amanna a léirítear.

Ina theannta sin, iarrann an Chomhairle ar an Iodáil a áirithiú go dtabharfar i gcrích athchóirithe agus infheistíochtaí a chomhfhreagraíonn do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe sna moltaí tírshonracha, agus go dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais.



IARSCRÍBHINN I

Uasrátaí fáis an ghlanchaiteachais
(rátaí fáis bliantúla agus carnacha, i dtéarmaí ainmniúla)

an Iodáil

Blianta

2025

2026

2027

2028

2029

Rátaí fáis (%)

Bliantúil

1,3

1,6

1,9

1,7

1,5

Carnach (*)

-0,7

0,9

2,8

4,6

6,2

(*) Ríomhtar na rátaí fáis carnacha trí tagairt don bhonnbhliain 2023.



IARSCRÍBHINN II

Sraith athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca faoi shíneadh 7 mbliana a chur leis an tréimhse choigeartúcháin

an Iodáil

Príomhchuspóir

Tuairisc agus uainiú na bpríomhchéimeanna

Táscairí faireacháin

Athchóirithe agus infheistíocht i réimse an cheartais -

Cur le garspriocanna agus spriocanna an phlean téarnaimh agus athléimneachta a bhaineann le M1C1.R1.4 — Athchóiriú an cheartais shibhialta

Fad na n‑imeachtaí féimheachta a laghdú agus úsáid ionstraimí lasmuigh den chúirt a chur chun cinn.

Céim 1: Faoi R2-2027, bearta a dhéanamh chun cur chun feidhme an athchóirithe dócmhainneachta a áirithiú agus a neartú. Chuige sin, leanúint de thacaíocht a thabhairt d’inniúlachtaí na gcúirteanna i gcúrsaí dócmhainneachta agus foireann leordhóthanach a chur ar fáil; an córas faisnéise a neartú chun faisnéis mhionsonraithe a bhailiú maidir le costas, éifeachtúlacht agus torthaí nósanna imeachta dócmhainneachta agus athstruchtúraithe le haghaidh lasmuigh de na cúirteanna agus i gcásanna cúirte araon).

Tacaíocht leanúnach a chur ar fáil d’inniúlachtaí na gcúirteanna i nósanna imeachta dócmhainneachta agus soláthar foirne leordhóthanach a áirithiú.

An córas faisnéise a neartú chun faisnéis mhionsonraithe a bhailiú maidir le costas, éifeachtúlacht agus torthaí nósanna imeachta dócmhainneachta agus athstruchtúraithe (le haghaidh lasmuigh de na cúirteanna agus i gcásanna cúirte araon).

Céim 2: Faoi R4-2027, measúnú tionchair a dhéanamh ar an athchóiriú dócmhainneachta agus gníomhaíochtaí ceartaitheacha a ghlacadh i gcás inar gá.

Measúnú tionchair ar an athchóiriú dócmhainneachta a ghlacadh.

Gníomhaíochtaí ceartaitheacha a ghlacadh agus a theacht i bhfeidhm, i gcás inar gá.

An riaráiste sna cúirteanna sibhialta a laghdú.

Céim 3: Faoi R4 2028, laghdú ar chásanna riaráiste do na Gnáthchúirteanna Sibhialta (an chéad chéim).

Laghdú 90 % a dhéanamh ar an líon cásanna ar feitheamh a osclaíodh idir an 1 Eanáir 2023 agus an 31 Nollaig 2025 agus a bhí fós ar oscailt ón 31 Nollaig 2025 ar aghaidh sna Gnáthchúirteanna Sibhialta (an chéad chéim).

An riaráiste sna cúirteanna sibhialta a laghdú.

Céim 4: Faoi R4 2028, laghdú ar chásanna riaráiste don Chúirt Achomhairc Shibhialta (an dara céim).

Laghdú 90 % a chur ar an líon cásanna ar feitheamh a osclaíodh idir an 1 Eanáir 2023 agus an 31 Nollaig 2025 agus a bhí fós ar oscailt ón 31 Nollaig 2025 ar aghaidh sa Chúirt Achomhairc Shibhialta (an dara céim).

An t‑aga diúscartha a laghdú i gcásanna sibhialta.

Céim 5: Faoi R4 2028, fad na n‑imeachtaí sibhialta a laghdú.

Laghdú 12 % a chur ar na cásanna dlíthíocha sibhialta agus tráchtála uile i gcomparáid leis an aga diúscartha a taifeadadh an 31 Nollaig 2026.

Acmhainní daonna leordhóthanacha a áirithiú sa chóras cúirte.

Céim 6: Faoi R4-2026; R4-2027; R4-2028; R4-2029, faoi seach, pearsanra leordhóthanach a áirithiú d’oifig na trialach agus don phearsanra riaracháin teicniúil.

6,000 post a choinneáil arb é is príomhthréith dóibh cúraimí atá coibhéiseach leo siúd faoi M1C1 Infheistíocht 1.8 den phlean téarnaimh agus athléimneachta.

Athchóirithe agus infheistíocht i réimse an riaracháin cánach —

Cur le garspriocanna agus spriocanna phlean téarnaimh agus athléimneachta na hIodáile a bhaineann le M1C1.R1.12 - Athchóiriú ar an riarachán cánach

Idirghníomhaíochtaí simplithe le cáiníocóirí a chur chun cinn trí aisíocaíochtaí CBL níos tapúla.

Céim 1: Faoi R4-2025; R4-2027; R4-2029, faoi seach, spriocanna feidhmíochta bliantúla a bhaint amach lena n‑áirithítear de réir a chéile laghdú ar amanna aisíocaíochta CBL.

Laghdú ar mheán-am íocaíochta aisíocaíochtaí CBL (arna shloinneadh i laethanta) i gcomparáid le 2024:

• 5 % faoi R4-2025

• 10 % faoi R4-2027

• 15 % faoi R4-2029.

Ioncam a eascraíonn as gníomhaíochtaí coisctheacha a mhéadú, comhlíonadh cánach a chur chun cinn, lena n‑áirítear ioncam a ghintear le litreacha comhlíontachta, agus gníomhaíochtaí frith-imghabhála níos spriocdhírithe agus níos rioscabhunaithe (lena n‑áirítear iad siúd atá bunaithe ar úsáid teicnící intleachta saorga agus ar idir-inoibritheacht bunachar sonraí a fhorbairt).

Céim 2: Faoi R4 2027 agus R4 2029, spriocanna feidhmíochta bliantúla a bhaint amach lena n‑áiritheofar de réir a chéile ioncam níos airde ó ghníomhaíochtaí coisctheacha agus forfheidhmiúcháin.

Ioncam iomlán breise ó ghníomhaíochtaí coisctheacha agus forfheidhmiúcháin i gcomparáid le 2024 (EUR 14 bhilliún), lena n‑áirítear ioncaim ó litreacha comhlíontachta, ‘inviti al contraddittorio’, ‘atti istruttori ravvedibili’, agus ‘ruoli’, ‘concordato preventivo’ á n‑eisiamh chomh maith le haon bheart arb é is aidhm dó dliteanais chánach roimhe seo a réiteach ar choinníollacha buntáisteacha amhail ‘rottamazione cartelle esattoriali’, ‘saldo&stralcio’ agus ‘ravvedimento speciale’:

• 5 % faoi R4-2027;

• 10 % faoi R4-2029.

Ioncam a eascraíonn as gníomhaíochtaí coisctheacha a mhéadú, comhlíonadh cánach a chur chun cinn, lena n‑áirítear ioncam a ghintear le litir chomhlíontachta, agus gníomhaíochtaí frith-imghabhála níos roghnaí agus níos rioscabhunaithe (lena n‑áirítear iad siúd atá bunaithe ar úsáid teicnící intleachta saorga agus ar idir-inoibritheacht bunachar sonraí a fhorbairt).

Céim 3: Faoi R4 2026, an comhrac in aghaidh imghabháil cánach a eascraíonn as dearbhuithe a fágadh ar lár a neartú, trí (i) i gcás imghabháil cánach a bhraitear, buntáistí cánach a bhaint (‘comppensazione orizzontale’, ‘rimborsi di imposte’, ‘regimi premiali’) agus, i gcás inarb ábhartha, feidhmiú na lamháltas poiblí a chur ar fionraí; (ii) cóid náisiúnta cíosa ghearrthéarmaigh a chomhtháthú sna bunachair sonraí le haghaidh anailísí riosca cánach arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Ioncaim; (iii) naisc éigeantacha a thabhairt isteach idir cláir airgid uathoibríocha agus íocaíochtaí leictreonacha do gach gnólacht; (iv) a cheangal go mbeidh modhanna íocaíochta inrianaithe ann le haghaidh in-asbhainteacht chánach costas a bhaineann le hiompar, bia agus cóiríocht.

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta príomha agus na reachtaíochta tánaistí.

Athchóirithe agus infheistíocht i réimse na timpeallachta gnó —

Cur le garspriocanna agus spriocanna phlean téarnaimh agus athléimneachta na hIodáile a bhaineann le M1C2.R2 — Dlíthe Bliantúla Iomaíochta

Infheistíocht T & F a mhéadú agus tús áite a thabhairt do thionscadail ar féidir leo infheistíocht phríobháideach bhreise a charnadh isteach.

Céim 1: Faoi R4-2025, R4-2026, R4-2027, R4-2028, agus R4-2029, faoi seach, méadú ar chaiteachas poiblí T & F.

Caiteachas poiblí ar thaighde agus ar fhorbairt a mhéadú, chun an cóimheas idir caiteachas den sórt sin agus OTI, a mheastar a bheith gar do 0.5 % i gcomhair 2024, a ardú go 0.6 % in 2029. 14

Éifeachtúlacht agus éifeachtacht dreasachtaí poiblí maidir le hinfheistíocht a chothú.

Céim 2: Faoi R2-2028, cuíchóiriú agus simpliú dreasachtaí do ghnólachtaí, obair leantach a dhéanamh ar athchóiriú M1C2-R3 sa phlean téarnaimh agus athléimneachta.

An líon beart dreasachta a laghdú go mór, agus líon na n‑údarás deonúcháin a laghdú, bunaithe ar thorthaí an mheasúnaithe tionchair a rinneadh in 2025.

Iomaíocht a chur chun cinn chun éifeachtúlacht agus fás eacnamaíoch a chothú trí dheireadh a chur le scrogaill agus bacainní iontrála (de chineál reachtach freisin). Dlíthe agus rialacháin a chuireann bac ar fheidhmiú rianúil na margaí a bhaint nó a athbhreithniú.

Céim 3: Faoi R4-2026, R4-2027, R4-2028, agus R4-2029, faoi seach, glacadh le Dlíthe Bliantúla Iomaíochta.

Dlí Bliantúil Iomaíochta agus gníomhartha cur chun feidhme gaolmhara a ghlacadh agus a theacht i bhfeidhm gach bliain, trí aghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha agus trí mholtaí AGCM a mheas go sásúil, bunaithe ar mheasúnuithe tionchair rialála leordhóthanacha.

Iomaíochas FBManna a mhéadú lena n‑éascófar fás mhéid an ghnó, lena gcothófar aistriú ó ghlúin go glúin, treoshuíomh infheistíochta agus meaitseáil scileanna.

Céim 4: Faoi R4-2026 (a), R4-2027 (b), agus R4-2028 (b), faoi seach, creatdlí maidir le FBManna a ghlacadh, bunaithe ar mheasúnú tionchair, agus teacht i bhfeidhm na n‑ionstraimí cur chun feidhme agus na nuashonruithe bliantúla.

Cumhdóidh an dlí na heilimintí seo a leanas ar a laghad:

• fás mhéid gnó agus comhiomlánú gnólachtaí a éascú;

• simpliú riaracháin;

• éascaíocht maidir le gnó a dhéanamh;

• aistriú ó ghlúin go glúin a chothú, lena n‑áirítear trí bhainistíocht ghairmiúil a fhostú.

• infheistíocht a fheabhsú;

• scileanna a mhéadú.

(a) Teacht i bhfeidhm Dhlí Réime FBM.

(b) Teacht i bhfeidhm na n‑ionstraimí cur chun feidhme uile agus na nuashonruithe bliantúla uile.

Athchóirithe agus infheistíocht i réimse an riaracháin phoiblí agus an chúraim leanaí -

Cur le garspriocanna agus spriocanna phlean téarnaimh agus athléimneachta na hIodáile a bhaineann le M1C1.R1.9 — Athchóiriú ar an riarachán poiblí

Soghluaisteacht ingearach a chur chun cinn.

Céim 1: Faoi R4-2026, soghluaisteacht ingearach foirne a chur chun feidhme.

Ar a laghad 20 % de na folúntais bhliantúla do phoist bhainistíochta a leithdháiltear ar oifigigh reatha trí shásra ardaithe céime atá nasctha le feidhmíocht.

Soghluaisteacht chothrománach a chur chun cinn.

Céim 2: Faoi R4-2026, soghluaisteacht chothrománach foirne a chur chun feidhme.

15 % ar a laghad de na folúntais bhliantúla a leithdháiltear ar oifigigh a aistríonn ó riarachán poiblí nó ó ghníomhaireacht eile.

An creat feidhmíochtbhunaithe a luacháil.

Céim 3: Faoi R4-2028, luachshocrú an chreata feidhmíochtbhunaithe.

An chéad bhabhta de mheastóireacht feidhmíochta agus íocaíochtaí bónais curtha i gcrích faoin gcreat nua.

Méadú ar chaiteachas poiblí bliantúil.

Céim 4: Faoi R4-2027, cumhdach airgeadais leordhóthanach a áirithiú chun saoráidí cúraim leanaí atá ar fáil a oibriú.

Caiteachas poiblí a mhéadú chun costais oibriúcháin na saoráidí cúraim leanaí atá ann cheana agus na saoráidí cúraim leanaí nua arna gcur i gcrích trí infheistíochtaí NRRP agus acmhainní náisiúnta leanaí 0-2 bliana d’aois a chumhdach. Beidh an méadú cothrom le 20 % ar a laghad den chaiteachas poiblí bliantúil atá tiomnaithe do chostais reatha na saoráidí cúraim leanaí atá ar fáil do leanaí faoi bhun 3 bliana d’aois, lena n‑áirítear costais áiteanna nua a eascraíonn as bonneagar an Phlean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta.

A áirithiú go mbeidh fáil leordhóthanach ar áiteanna cúraim leanaí.

Céim 5: Faoi R4-2027, soláthar leordhóthanach seirbhísí cúraim leanaí a áirithiú i gcomhréir le Sprioc Barcelona agus leis an sprioc náisiúnta le haghaidh 2027, agus éagothromaíochtaí réigiúnacha á gcur san áireamh.

A chinntiú go bhfuil rochtain ag 33 % de leanaí faoi bhun 3 bliana d’aois (cuóta cumhdaigh) ar shaoráidí cúraim leanaí poiblí agus príobháideacha ar an leibhéal náisiúnta. Íosmhéid 15 % den chumhdach a áirithiú ar an leibhéal réigiúnach.

Míniú ar réimeanna ranníoca i gcás ranníocaí tuismitheora.

Céim 6: Faoi R4-2027, inacmhainneacht cúraim leanaí a mhéadú trí íoschaighdeáin náisiúnta a shainiú maidir le rochtain ar sheirbhísí cúraim leanaí agus lúibíní táillí araon, agus é mar aidhm inacmhainneacht a mhéadú.

Teacht i bhfeidhm reachtaíochta

Athchóirithe agus infheistíocht i réimse an chaiteachais phoiblí -

Cur le garspriocanna agus spriocanna phlean téarnaimh agus athléimneachta na hIodáile a bhaineann le M1C1.R1.13 — Athchóiriú ar an gcreat athbhreithnithe caiteachais

An cumas chun clársceidealú, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar chaiteachas poiblí a neartú.

Céim 1: Faoi R2-2027, R2-2028 agus R2-2029, pleananna faireacháin agus meastóireachta a ghlacadh agus, ó R2-2028, an tuarascáil bhliantúil ón Aireacht Eacnamaíoch agus Airgeadais a ghlacadh.

Glacadh plean faireacháin agus meastóireachta bliantúil amháin ar a laghad lena mbeartaítear idirghabháil do gach Aireacht, lena gcumhdaítear, thar thréimhse ama an Phlean, réimse caiteachais arb ionann é agus 10 % san iomlán den chaiteachas a leithdháiltear ar bheartais faoi fhreagracht dhíreach na riarachán lárnach. Leis na pleananna faireacháin agus meastóireachta, ceaptar tograí agus gníomhaíochtaí chun éifeachtúlacht nó cáilíocht an chaiteachais a fheabhsú. Léirítear i dtuarascáil bhliantúil a d’ullmhaigh an Aireacht Geilleagair agus Airgeadais stádas cur chun feidhme na bpleananna faireacháin agus meastóireachta, agus go háirithe glacadh gníomhaíochta amháin ar a laghad in aghaidh na haireachta a rannchuidíonn le hinbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí.

Faireachán ar chaiteachas a fheabhsú, lena n‑áirítear trí struchtúir thiomnaithe a chruthú agus a neartú laistigh de Riaracháin Phoiblí, chun measúnú a dhéanamh ar cháilíocht agus ar thionchar na seirbhísí a sholáthraítear.

Céim 2: Faoi R1-2028, neartaíodh inniúlacht na hAireachta Geilleagair agus Airgeadais cigireachtaí a dhéanamh ar bhainistiú caiteachais phoiblí na n‑eintiteas uile a fhaigheann tacaíocht phoiblí, lena n‑áirítear údaráis fhonáisiúnta agus fiontair faoi úinéireacht an stáit.

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta príomha agus na reachtaíochta tánaistí.

Gníomhaíocht rialaithe caiteachais phoiblí a neartú.

Céim 3: Faoi R1-2026 agus R1 2028, athchóiriú ar an gcreat chun caiteachas poiblí a rialú le haghaidh riaracháin phoiblí lárnacha, lena bhforáiltear d’fhreagracht airgeadais fheabhsaithe na riarachán as acmhainní a bhainistiú chomh maith le clársceidealú neartaithe agus faireachán agus meastóireacht fheabhsaithe ar aschuir bheartais agus ar thionchair bheartais.

(a) Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta príomha; (b) Teacht i bhfeidhm reachtaíochta tánaistí.

Athchóirithe agus infheistíocht i réimse an chánachais (beart nua)

Idirghabháil a dhéanamh sa chóras cánach, é a ailíniú leis na cuspóirí tacú le hualaí teaghlaigh, fás eacnamaíoch, agus aistriú éiceolaíoch laistigh de pheirspictíocht ilbhliantúil.

Céim 1: Faoi R4-2028, an córas cánach a shimpliú trí athbhreithniú a dhéanamh ar raon feidhme an chaiteachais cánach.

Laghdú 15 % ar chaillteanas ioncaim a bhaineann le caiteachas cánach i gcomparáid le tuarascáil rialtais 2019 (49 mbilliún euro), lena n‑áirítear i réimsí na bhfóirdheontas lena ndéantar dochar don chomhshaol, rátaí laghdaithe CBL agus díolúintí agus cáin ioncaim phearsanta (IRPEF). Tá an laghdú EUR 3.5 billiún ar fhóirdheontais lena ndéantar dochar don chomhshaol atá beartaithe faoi 2030 faoin bplean téarnaimh agus athléimneachta ábhartha chun caillteanais ioncaim a bhaineann le caiteachas cánach a laghdú.

Laghdú ar an ualach cánach ar theaghlaigh ar ioncam íseal agus ar mheánioncam agus tacaíocht le haghaidh fostaíochta.

Céim 2: Faoi R4-2026, laghdú ar an ding chánach saothair.

Laghdófar an mheánding chánach saothair go buan i gcomparáid leis na leibhéil a taifeadadh in 2023.

Clár cadastral a thabhairt cothrom le dáta.

Céim 3: (a) Faoi R4-2027, airíonna a mhapáil nach n‑áirítear sa chlár cadastrach faoi láthair; (b) Faoi R4-2028, luachanna cadastracha le haghaidh cánacha maoine d’fhoirgnimh a ndearnadh idirghabhálacha éifeachtúlachta fuinnimh agus/nó athchóirithe tí orthu, arna maoiniú go hiomlán nó go páirteach ag cistí poiblí, ó bhí 2019 ann, a thabhairt cothrom le dáta.

(a) An reachtaíocht tagartha a thabhairt isteach agus teacht i bhfeidhm, gníomhaíochtaí mapála, rialaithe agus nuashonraithe an chláir chadastraigh a chur i gcrích; (b) An reachtaíocht tagartha a thabhairt isteach agus teacht i bhfeidhm agus nuashonrú críochnaithe an chláir chadastraigh le haghaidh na n‑airíonna uile a shainítear i gcolún/roinn na bpríomhchéimeanna.

Athchóirithe agus infheistíocht i réimse chuíchóiriú na bhfiontar atá faoi úinéireacht an stáit (beart nua)

Cuíchóiriú a dhéanamh ar Fhiontair faoi Úinéireacht Stáit i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta (Foraithne reachtach uimh. 175/2016).

Céim 1: Faoi R4-2027, bearta a dhéanamh chun cur chun feidhme an chreata dhlíthiúil maidir le Fiontair faoi Úinéireacht Stáit a áirithiú agus a neartú.

Gníomhaíochtaí iomchuí a ghlacadh chun cur chun feidhme éifeachtach an chreata dhlíthiúil (Foraithne Reachtach uimh. 175/2016) a bhaineann le gníomhaíochtaí agus éifeachtúlacht oibríochtúil na bhFiontar faoi Úinéireacht Stáit a áirithiú, agus i gcás inar gá é a neartú, d’fhonn cuíchóiriú agus dífhostú éifeachtach fiontar faoi úinéireacht stáit neamhéifeachtúil a áirithiú gan soláthar seirbhísí poiblí a chur i mbaol.

Arna dhéanamh in Strasbourg,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle (IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj ).
(2)    Rialachán (AE) 2024/1264 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L, 2024/1264, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1264/oj ).
(3)    Treoir (AE) 2024/1265 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Treoir 2011/85/AE maidir le ceanglais le haghaidh chreataí buiséadacha na mBallstát (IO L, 2024/1265, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1265/oj ).
(4)    Glanchaiteachas mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2024/1263, is é sin caiteachas rialtais atá glan (i) ar chaiteachas úis, (ii) ar bhearta lánroghnacha ioncaim, (iii) ar chaiteachas ar chláir an Aontais arna meaitseáil go hiomlán le hioncam ó chistí an Aontais, (iv) ar chaiteachas náisiúnta ar chómhaoiniú clár arna gcistiú ag an Aontas, (v) ar ghnéithe timthriallacha den chaiteachas ar shochar dífhostaíochta, agus (vi) ar bhearta aonuaire agus bearta sealadacha eile.
(5)    Cuimsítear le réamhthreoraíocht a tarchuireadh chuig na Ballstáit agus chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais conairí nach gcuirtear síneadh leis an tréimhse choigeartúcháin agus conairí lena gcuirtear síneadh léi (lena gcumhdaítear 4 bliana agus 7 mbliana, faoi seach). Áirítear ann freisin na príomhchoinníollacha tosaigh agus na toimhdí bunúsacha a úsáidtear i gcreat réamh-mheasta fiachais rialtais mheántéarmaigh an Choimisiúin Eorpaigh. Ríomhadh an chonair thagartha ar bhonn na modheolaíochta a thuairiscítear i dTuarascáil Faireacháin an Choimisiúin ar Inbhuanaitheacht Fiachais 2023 ( https://economy-finance.ec.europa.eu/publications/debt-stainability-monitor-2023_ga ). Tá sé bunaithe ar Réamhaisnéis Earrach 2024 ón gCoimisiún agus ar a shíneadh meántéarmach suas le 2033, agus tá costais fhadtéarmacha fáis agus aosaithe OTI i gcomhréir le Tuarascáil chomhpháirteach 2024 ón gCoimisiún agus ón gComhairle maidir le hAosú ( https://economy-finance.ec.europa.eu/publications/2024-ageing-report-economic-and-budgetary-projections-eu-member-states-2022-2070_en ).
(6)     https://economy-finance.ec.europa.eu/economic-and-fiscal-governance/national-medium-term-fiscal-structural-plans_en#italy  
(7)    IO L, 1.8.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/dec/2024/2124/oj
(8)    Moladh le haghaidh Moladh ón gComhairle dfhonn deireadh a chur le heasnamh iomarcach san Iodáil, 26.11.2024, COM(2024)954 final.
(9)    Tuairim ón gCoimisiún maidir le Dréachtphlean Buiséadach na hIodáile, 26.11.2024, C(2024)9057 final.
(10)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta, COM (2024) 600 final, Foscríbhinn 4
(11)    Moladh ón gComhairle maidir le beartais eacnamaíocha, bhuiséadacha, fostaíochta agus struchtúracha na hIodáile, nár foilsíodh fós.
(12)    Féach an Tuairim ón gCoimisiún maidir le Dréachtphlean Buiséadach na hIodáile, 26.11.2024, C(2024)9057 final.
(13)    Is moltaí iad na moltaí tírshonracha a mheastar a bheith ábhartha: i) arna ghlacadh ag an gComhairle ó 2019 ar aghaidh, ii) nach bhfuil dul chun cinn iomlánsuntasach déanta ag an mBallstát go fóill maidir le haghaidh a thabhairt orthu agus nach bhfuil siad as dáta (arna mheasúnú mar Gan Measúnú / Gan Ionchur le Cur Isteach), mar a measadh sa chleachtadh faireachais is déanaí ar an Seimeastar Eorpach (atá ar fáil in CeSaR (europa.eu), ), iii) nach bhfuil nasctha le CCF fioscach amháin agus iv) nach gcumhdaítear an dúshlán céanna leis ach ar bhealach athráite.
(14)    Tá caiteachas T & F le ríomh i dtéarmaí GERD.