An Bhruiséil,4.9.2024

COM(2024) 703 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

An dara tuarascáil maidir le cur chun feidhme an Phlean Ilbhliantúil do na stoic trosc, scadán agus salán i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, agus maidir le tarmligean na gcumhachtaí arna dtabhairt don Choimisiún leis an bplean ilbhliantúil

{SWD(2024) 703 final}


Conclúidí

Tá meath leanúnach tagtha ar mhuirthimpeallacht Mhuir Bhailt agus ar stoic éisc Mhuir Bhailt araon ó bhí an chéad tuarascáil ann 1 . Chuidigh cur chun feidhme an phlean ilbhliantúil le haghaidh Mhuir Bhailt (dá ngairtear ‘an plean ilbhliantúil’ anseo feasta) 2 leis an mbrú iascaireachta a laghdú. Mar sin féin, de réir na Comhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES), is mó atá fachtóirí básmhaireachta seachas iascaireacht i gceist i gcás stoic áirithe, go háirithe i gcás an dá stoc trosc atá fós ag leibhéil bhithmhaise a bhí níos ísle ná riamh. Tá fadhbanna ag baint le roinnt stoc scadán freisin.

Sa mheasúnú foriomlán a rinne na páirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo agus na Ballstáit, léirítear tuairimí éagsúla maidir leis an bplean ilbhliantúil. Is léir do Chomhairle Chomhairleach Mhuir Bhailt 3 go bhfuil luach ag baint leis an bplean ilbhliantúil ach tá díomá uirthi faoi na torthaí. Is tuairimí diúltacha den chuid is mó atá ag lucht tionscail faoin bplean ilbhliantúil cé go bhfuil dearcadh neodrach ag cuid acu. Tá na heagraíochtaí neamhrialtasacha roinnte agus idir thuairimí diúltacha agus dearfacha, amhail na trí Bhallstát a thug freagra.

Measann an Coimisiún i gcónaí gur uirlis chabhrach é an plean ilbhliantúil chun an comhbheartas iascaigh (CBI) a chur chun feidhme 4 , go háirithe chun deiseanna iascaireachta a shocrú. Mar a luadh sa chéad tuarascáil, cuirtear rialacha ar fáil sa phlean ilbhliantúil maidir le bainistiú iascaigh atá oiriúnaithe go réigiúnach. I gcás stoic éisc a bhfuil measúnú ar mhórán sonraí (nó uastáirgeacht inbhuanaithe (MSY)) i gceist leo, ceadaítear leis an bplean ilbhliantúil uasteorainneacha a úsáid agus gabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) á socrú, agus solúbthacht á cumasú an tráth céanna le haghaidh stoic níos sláintiúla. I gcás stoic a bhfuil a mbithmhais faoi bhun na níosleibhéal, cruthaítear líontán sábhála leis an bplean ilbhliantúil. Áirithítear leis an líontán sábhála, i gcás na stoc sin, go laghdaítear cuótaí a mhéid is féidir agus go ndéantar bearta ceartaitheacha breise chun iad a atógáil.

Measann an Coimisiún go raibh cinntí deacra áirithe a rinne an Chomhairle maidir le stoic Mhuir Bhailt indéanta a bhuí leis an gcreat a cuireadh i bhfeidhm leis an bplean ilbhliantúil, lena ngabhann líontán sábhála agus solúbthachtaí araon. Gan plean ilbhliantúil, d’fhéadfadh sé gur dheacair don Chomhairle teacht ar chomhaontú maidir le leigheasanna chun cabhrú le stoic laga athbhunú a dhéanamh, agus ba dhócha go socrófaí cuótaí ar leibhéal níos airde. Ar an taobh eile, leis an bplean ilbhliantúil, bhí solúbthacht ann freisin maidir le stoic níos sláintiúla trí úsáid an raon uasta FMSY a cheadú faoi choinníollacha áirithe. Leis an bplean ilbhliantúil, áirithíodh go ndéantar na hiascaigh uile a bhainistiú i gcomhréir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe sa lá atá inniu ann nó go bhfuil siad faoi réir beart chun iad a thabhairt ar ais go dtí an uastáirgeacht inbhuanaithe. Is stoic fholláine an t‑aon bhonn le brabúsacht thionscal na hiascaireachta agus na n‑earnálacha coimhdeacha san fhadtéarma.

Mar sin féin, d’ainneoin gur socraíodh na TACanna ag FMSY nó faoina bhun tráth a socraíodh iad, tháinig laghdú ar mhéid roinnt mhaith stoc éisc agus tháinig meath ar a struchtúr maidir lena n‑aois agus méid. Bhí tionchar diúltach aige sin ar an iascach gaolmhar. Thairis sin, tá sé ag éirí níos dúshlánaí rialacha an phlean ilbhliantúil a chur i bhfeidhm agus féachaint leis na stoic uile ag an FMSY a bhainistiú i gcomhthéacs iascaigh mheasctha ina bhfuil méadú ag teacht ar líon na stoc lag. Tá meath tagtha ar stoic éisc i gcomhthéacs éiceachóras Mhuir Bhailt a bheith ag athrú ó bhonn agus gan é a bheith cothrom. Ina theannta sin, tá tásca ann go ndéantar míthuairisciú substaintiúil ar ghabhálacha de speicis pheiligeacha, rud a d’fhéadfadh an dá rud seo a leanas a dhéanamh: (i) cruinneas agus iontaofacht na measúnuithe ar stoic pheiligeacha a lagú; agus (ii) rannchuidiú leis an ró-iascaireacht. Ar deireadh, is í an Rúis a shocraíonn a TACanna go huathrialach, TACanna nach bhfuil i gcomhréir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe agus nach gcloíonn leis an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil.

Mar sin féin, tá an Coimisiún den tuairim i gcónaí go soláthraítear ionstraim chobhsaí fhadtéarmach leis an bplean ilbhliantúil chun CBI a chur chun feidhme i Muir Bhailt. Leis an bplean ilbhliantúil: (i) gabhann éiginnteacht níos lú maidir le cuótaí a shocrú; (ii) is féidir beart ceartaitheach a ghlacadh le haghaidh stoic atá faoi bhrú (lena n‑áirítear i gcás coisc iascaireachta); (iii) déantar an próiseas socraithe cuótaí níos trédhearcaí le haghaidh na bpáirtithe leasmhara agus na mBallstát; agus (iv) cuirtear ar a chumas do thionscal na hiascaireachta a iascach a phleanáil ar bhealach níos fearr.



1.Réamhrá

Leis an bplean ilbhliantúil, ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le torthaí agus tionchar an phlean ilbhliantúil ar na stoic, agus ar na hiascaigh a shaothraíonn na stoic sin, go háirithe a mhéid a bhaineann lena chuspóirí a bhaint amach. In 2020 a foilsíodh an chéad tuarascáil, agus dírítear sa dara tuarascáil seo ar fhorbairtí ábhartha atá tagtha chun cinn ó shin. Cumhdaítear inti freisin an oibleagáid tuairiscithe de bhun Airteagal 16(2) den phlean ilbhliantúil maidir le tarmligean cumhachtaí a thugtar don Choimisiún.

Is iad seo a leanas cuspóirí an phlean ilbhliantúil: (i) rannchuidiú le cuspóirí CBI a bhaint amach; (ii) féachaint lena áirithiú go ndéanfaar leis an iascaireacht stoic éisc a athbhunú agus a choinneáil os cionn na leibhéal lenar féidir an uastáirgeacht inbhuanaithe a sholáthar; (iii) rannchuidiú le deireadh a chur le hábhar muirí aischurtha trí ghabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú, agus rannchuidiú le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás na speiceas ábhartha; agus (v) cur chuige bunaithe ar éiceachórais a chur chun feidhme chun éifeachtaí diúltacha gníomhaíochtaí iascaireachta ar an gcomhshaol a íoslaghdú. Tá rialacha sa phlean ilbhliantúil maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú le haghaidh stoic éisc áirithe a bhfuil measúnú uastáirgeachta inbhuanaithe déanta ina leith. Tá rialacha sonracha ann freisin maidir le rialú agus cumhachtaítear leis an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh maidir leis an méid seo a leanas: (i) stoic foghabhála áirithe; (ii) díolúine ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír; agus (iii) roinnt beart teicniúil.

Cumhdaítear an méid seo a leanas sa phlean ilbhliantúil: (i) an trosc, an scadán agus an salán mar spriocspeicis; agus (ii) foghabhálacha leathóg, leitheanna, turbard agus broite. 5 . Is iad na spriocspeicis 95 % de na gabhálacha iomlána i Muir Bhailt. 6 Leis na rialacháin bhliantúla ón gComhairle maidir le deiseanna iascaireachta i Muir Bhailt, socraítear TACanna agus cuótaí le haghaidh na spriocstoc, agus le haghaidh leathóg agus bradán chomh maith.

Tá an tuarascáil seo bunaithe ar (i) an gcomhairle is déanaí ó ICES maidir leis na stoic ábhartha i Muir Bhailt 7 ; (ii) forbhreathnú ar a éiceachóras 8 agus ar a iascach 9 ; (iii) an anailís a rinne Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch an Choimisiúin um Iascach (CETEI) ar thuarascálacha náisiúnta 2021 maidir leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír 10 agus ar Thuarascáil Eacnamaíoch Bhliantúil 2023 araon 11 ; agus (iv) an fhaisnéis atá i seilbh an Choimisiúin. Thairis sin, chuathas i gcomhairle le grúpa na mBallstát i Muir Bhailt 12 , le Comhairle Chomhairleach Mhuir Bhailt agus lena gcomhaltaí faoi seach 13 Finally, the first. Ar deireadh, rinneadh an chéad agus an dara tuarascáil 14  on the implementation of the Technical Measures Regulation (EU) 2019/1241 ar chur chun feidhme Rialachán (AE) 2019/1241 maidir le Bearta Teicniúla 15 w a bhreithniú freisin.

2.Forbairtí i réimsí ábhartha

Cuirtear i láthair sa tuarascáil seo forbairtí i gcur chun feidhme an phlean ilbhliantúil ó bhí 2020 ann sna cúig réimse seo a leanas: leibhéil iascaireachta, ábhar muirí aischurtha, an cur chuige bunaithe ar éiceachórais, comhar réigiúnach, agus gnéithe socheacnamaíocha.

2.1.Na deiseanna iascaireachta a socraíodh ó bhí 2020 ann

Níl aon mheasúnú uastáirgeachta inbhuanaithe ar fáil le haghaidh throisc Mhuir Bhailt Thoir ó bhí 2014 ann; nó le haghaidh scadán i Murascaill na Boitnia agus an TAC á shocrú le haghaidh 2021, nó le haghaidh throisc Mhuir Bhailt Thiar le haghaidh 2024.

Sna ceithre chleachtadh lena socraítear TACanna le haghaidh na mblianta iascaireachta 2021 go 2024, níor mhór 32 TAC san iomlán, a chumhdaítear leis an bplean ilbhliantúil, a shocrú. Astu sin, ní éilítear barúlacha sonracha a thabhairt i leith 18 gcás cé go néilítear barúlacha sonracha a thabhairt i leith 14 chás 16 .

Maidir leis an gcéad tacar de 18 gcás, mhol an Coimisiún TACanna ag pointe FMSY nó faoina bhun i 17 gcás. Ós rud é go bhfuil an dá stoc trosc i staid uafásach agus gur foghabháil dhosheachanta iad san iascach leathóg, mhol an Coimisiún TACanna leathóg go córasach sa raon íosta FMSY, le haghaidh 2024 fiú faoi bhun na comhairle ó ICES. Maidir le scadáin Mhurascaill Ríge le haghaidh 2024, mhol an Coimisiún, i gcomhréir leis an bplean ilbhliantúil agus i bhfianaise a thogra an tiascach spriocdhírithe le haghaidh scadáin Mhuir Bhailt Láir a dhúnadh, TAC a mheas an Coimisiún a bheith sa raon uasta FMSY. As na 18 gcás thuasluaite, lean an Chomhairle an togra ón gCoimisiún i 9 gcás. Sna naoi gcás eile mhéadaigh sé an TAC laistigh de raonta FMSY is infheidhme den phlean ilbhliantúil (scadáin Mhuir Bhailt Láir le haghaidh 2022 agus 2023, scadáin Mhurascaill Ríge le haghaidh 2024 17 , leathóga le haghaidh 2021 agus 2022, agus saláin i ngach bliain).

Is iad scadáin Mhuir Bhailt Thiar agus an dá stoc trosc le linn na tréimhse ar fad, agus scadáin na Boitnia agus scadáin Mhuir Bhailt Láir le haghaidh 2024, na 14 chás a bhfuil comhthéacs ar leith ag baint leo.

2.1.1.Scadáin Mhuir Bhailt Thiar

Ó bhí 2018 ann, measann ICES go bhfuil bithmhais stoic sceite stoc scadán Mhuir Bhailt Thiar faoi bhun phointe tagartha Blim, arb é an pointe sábháilteachta is ísle é ar faoina bhun a d’fhéadfadh deacrachtaí a bheith ag an stoc athbhunú tráthúil a dhéanamh, agus ar faoina bhun a d’fhéadfadh a acmhainneacht atáirgthe laghdú ionas nach ndéanfadh sé athbhunú os cionn an leibhéil sin an bhliain dár gcionn. Dá bhrí sin, mhol ICES stop a chur leis an iascaireacht uile ar scadáin Mhuir Bhailt Thiar. Laghdaíodh an TAC go suntasach in 2019 agus 2020 (-82 % san iomlán i gcomparáid le TAC 2018). Ós rud é nach raibh sa bhithmhais ach thart ar leath den luach tagartha íosta, mhol an Coimisiún le haghaidh 2021 leibhéal an TAC a laghdú faoina leath, leibhéal ar chomhaontaigh an Chomhairle leis. Ós rud é gur ar éigean a tháinig feabhas ar an staid, mhol an Coimisiún le haghaidh 2022 an t‑iascach spriocdhírithe a dhúnadh agus TAC níos ísle (50 % de TAC 2021) a shocrú le haghaidh foghabhálacha dosheachanta in iascaigh eile. Chomhaontaigh an Chomhairle agus thug sí maolú isteach le haghaidh iascairí cósta mionscála áirithe. Le haghaidh 2023, chomhaontaigh an Chomhairle ar an tar-rolladh atá beartaithe ar rialacha 2022. Le haghaidh 2024, i bhfianaise staid chriticiúil an stoic, mhol an Coimisiún deireadh a chur leis an maolú d’iascairí mionscála agus TAC foghabhála níos ísle a shocrú. Mar sin féin, chinn an Chomhairle tar-rolladh iomlán a dhéanamh, agus ar an gcaoi sin an maolú a choinneáil.

2.1.2.Troisc Mhuir Bhailt Thoir

Ó bhí 2019 ann, tá sé measta ag ICES go bhfuil bithmhais stoc throisc Mhuir Bhailt Thoir faoi bhun Blim agus, dá bhrí sin, mhol sé stop a chur leis an iascaireacht uile ar throisc Mhuir Bhailt Thoir. Ó bhí an bhliain iascaireachta 2020 ann, chomhaontaigh an Chomhairle an tiascach spriocdhírithe le haghaidh throisc Mhuir Bhailt Thoir a dhúnadh. Níor tháinig aon athrú ar an TAC ag 595 thona le haghaidh foghabhálacha dosheachanta in iascaigh eile ó bhí 2021 ann. Thairis sin, cuireadh toirmeasc ar an tslatiascaireacht áineasa sa phríomhlimistéar dáileacháin, agus tá cosc 4 mhí i bhfeidhm le linn sceitheadh an tsamhraidh lena ngabhann maolú le haghaidh iascairí cósta mionscála áirithe, ar chuir an Chomhairle síneadh leis ó bhí 2021 ann chun iascaigh pheiligeacha áirithe a chumhdach. I bhfianaise na staide tromchúisí sin, leasaíodh an plean ilbhliantúil agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh, nach ann dó a thuilleadh, in 2020 chun bearta bainistíochta áirithe a neartú agus chun a thairiscint d’oibreoirí a soithí a dhíchoimisiúnú. 18

2.1.3.Troisc Mhuir Bhailt Thiar

Ó bhí 2020 ann, i gcás throisc Mhuir Bhailt Thiar, tá méadú ar an neamhchinnteacht a bhaineann leis an measúnú stoc. Mar thoradh air sin, rinneadh an chomhairle le haghaidh 2024 a íosghrádú ar deireadh. Thairis sin, ó bhí 2021 ann, níl ICES in ann comhairle ar leith a chur ar fáil a thuilleadh maidir le gabhálacha tráchtála agus áineasa.

Le haghaidh 2021, mhol an Coimisiún TAC (-11 %) sa raon íosta FMSY toisc (i) gur measadh nár aisghabhadh bithmhais stoic sceite go fóill os cionn an phointe tagartha MSY Btrigger, ar pointe sábháilteachta é nach mór gníomhaíocht bhainistíochta iomchuí a dhéanamh faoina bhun; agus (ii) ionas nach n‑athlonnófar iarracht iascaireachta fhoroinn 24 chuig foranna 22-23, inar tugadh isteach cosc le linn an tsamhraidh ar an spriociascaireacht troisc mar gheall ar an bhflúirse mhór de throisc Mhuir Bhailt Thoir sa limistéar sin. Mhol an Coimisiún freisin gan athrú a dhéanamh ar an teorainn ghabhála áineasa agus ar chosc le linn sceitheadh an earraigh i bhforanna 22-23, agus síneadh 2 mhí a chur le cosc le linn sceitheadh an tsamhraidh i bhforoinn 24 chun é a ailíniú le cosc le linn sceitheadh an tsamhraidh i bhforanna 25-26. Chomhaontaigh an Chomhairle ach mhéadaigh sí an TAC faoi +5 % (4 000 tona), chuir sí síneadh 1 mhí le cosc le linn sceitheadh an tsamhraidh i bhforoinn 24, agus thug sí isteach maolú ar an gcosc le linn an tséasúir sceite i bhforanna 22-24 le haghaidh iascaigh pheiligeacha áirithe.

Le haghaidh 2022, agus ó shin, mheas ICES go raibh méid an stoic faoi bhun Blim le breis agus 10 mbliana. Dá bhrí sin, laghdaigh ICES a chomhairle maidir le gabhálacha. Thairis sin, ní raibh ICES in ann comhairle ar leith a chur ar fáil a thuilleadh maidir le gabhálacha tráchtála agus áineasa. Mhol an Coimisiún an t‑iascach spriocdhírithe le haghaidh throisc Mhuir Bhailt Thiar a dhúnadh agus TAC níos ísle (-92 %) a shocrú le haghaidh foghabhálacha dosheachanta in iascaigh eile. Thairis sin, mhol sé an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) 2 sheachtain a chur le cosc le linn sceitheadh an earraigh; (ii) é a chur i bhfeidhm freisin maidir le slatiascairí áineasa; (iii) an teorainn ghabhála áineasa lasmuigh den chosc sin a laghdú go trosc amháin in aghaidh an lae; agus (iv) toirmeasc a chur ar theicnící gabhála agus scaoilte áineasa áirithe. Chloígh an Chomhairle leis an gCoimisiún ach theorannaigh sí an laghdú TAC go -88 % (489 dtona), chuir sí síneadh leis an maolú ar chosc le linn sceitheadh an earraigh chuig dreidirí áirithe le haghaidh moilisc dhébhlaoscacha, agus níor rialaigh sí teicnící gabhála agus scaoilte áineasa.

Le haghaidh 2023, mhéadaigh ICES a chomhairle maidir le gabhálacha agus mheas sé an tráth céanna go raibh bithmhais an stoic ar leibhéal níos ísle ná riamh agus chuir sé i dtábhacht go raibh a réamhaisnéis ghearrthéarmach an-éiginnte. Chomhaontaigh an Chomhairle maidir le tar-rolladh iomlán TAC 2022 agus na mbeart tionlacain.

Le haghaidh 2024, rinne ICES a chomhairle maidir le comhairle réamhchúraim a íosghrádú. Níor bhain an chomhairle maidir le gabhálacha ach le gabhálacha 24 thona, rud nár leor chun foghabhálacha iascach eile a chumhdach. Mhol an Coimisiún toirmeasc a chur ar an tslatiascaireacht áineasa uile ar throisc agus TAC na foghabhála a laghdú (-72 %). D’aontaigh an Chomhairle leis an toirmeasc ach theorannaigh sí an laghdú TAC go -30 % (136 thona).

2.1.4.Scadáin na Boitnia agus scadáin Mhuir Bhailt Láir le haghaidh 2024

Le haghaidh 2024, mheas ICES go raibh bithmhais scadáin na Boitnia tite faoi bhun Btrigger agus bithmhais scadáin Mhuir Bhailt Láir fiú faoi bhun Blim. Thairis sin, dúirt ICES, fiú mura ngabhtar aon ghabháil, gur mó ná 5 % an dóchúlacht go dtitfidh/go bhfanfaidh bithmhais an dá stoc faoi bhun Blim. Bunaithe ar Airteagal 4(6) den phlean ilbhliantúil, mhol an Coimisiún an t‑iascach spriocdhírithe le haghaidh an dá stoc a dhúnadh agus TAC a shocrú le haghaidh foghabhálacha dosheachanta in iascaigh eile. Chinn an Chomhairle an t‑iascach spriocdhírithe a choinneáil ar oscailt, an TAC a shocrú sa raon íosta FMSY (-31 % agus -43 % faoi seach), agus cosc 1 mhí le linn an tséasúir sceite a thabhairt isteach le haghaidh na n‑iascach a úsáideann tráil pheiligeacha i limistéar bainistithe scadáin Mhuir Bhailt Láir.

2.1.5.Achoimre

Le linn na tréimhse ar fad, socraíodh na TACanna le haghaidh na stoc a ndearnadh measúnú uastáirgeachta inbhuanaithe orthu (i.e. na stoic uile seachas troisc Mhuir Bhailt Thiar le haghaidh 2024, agus troisc Mhuir Bhailt Thoir) i gcomhréir le FMSY tráth a socraíodh an TAC, cé is moite de scadáin Mhuir Bhailt Thiar. Mar sin féin, tá laghdú beagnach faoina leath tagtha ar mhéideanna na ngabhálacha gaolmhara ó bhí 2017 ann, agus dúnadh iascaigh áirithe ó bhí 2020 ann (troisc Mhuir Bhailt Thoir) nó 2022 ann (troisc Mhuir Bhailt Thiar agus scadáin Mhuir Bhailt Thiar).

Cuireann Comhairle Chomhairleach Mhuir Bhailt agus a comhaltaí na tuairimí diúltacha céanna in iúl maidir le ról an phlean ilbhliantúil i ndáil le socrú TAC agus atá sa chéad tuarascáil. Tá imní curtha in iúl ag beirt chomhaltaí go bhfuil pointí tagartha na huastáirgeachta inbhuanaithe mícheart agus/nó ró-íseal. Tá na trí Bhallstát a d’fhreagair roinnte idir measúnuithe dearfacha agus diúltacha. Ina theannta sin, cuireann roinnt acu in iúl (i) gur cosúil nach dtugtar dóthain airde ar ghnéithe nach mbaineann leis an iascach i gcur chuige na huastáirgeachta inbhuanaithe; (ii) ba cheart caidreamh idir-speiceas a chur san áireamh; agus (iii) bheadh gá le níos mó solúbthachta.

Tá an Coimisiún fós den tuairim go mbeadh sé níos deacra, gan an plean ilbhliantúil, teacht ar chomhaontú maidir le TACanna atá comhleanúnach agus i gcomhréir le cuspóirí CBI.

2.2.An oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír agus ábhar muirí aischurtha

Ceann de phríomhchuspóirí an CBI athchóirithe is ea an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur chun feidhme agus deireadh a chur de réir a chéile le hábhar muirí aischurtha trí ghabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú. Tá feidhm ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír maidir le speicis atá á mbainistiú ag TAC. I Muir Bhailt, tháinig an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír i bhfeidhm an 1 Eanáir 2015 maidir le troisc, scadáin, saláin agus bradáin, agus an 1 Eanáir 2017 maidir le leathóga. Chun a chur chun feidhme a éascú, tugtar de chumhacht don Choimisiún le hAirteagal 7 den phlean ilbhliantúil gníomhartha tarmligthe a ghlacadh maidir le díolúintí áirithe. I mí na Samhna 2020, cuireadh bunús dlí leis an bplean ilbhliantúil chun díolúintí ard-inmharthanachta a ghlacadh le haghaidh bhradáin Mhuir Bhailt 19 .

Measann ICES 20 gur beag athrú atá tagtha ar chleachtais aischuir ó tháinig an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír i bhfeidhm. Tá líon na speiceas peiligeach a aischuirtear an-íseal i gcónaí, agus tá laghdú nach beag tagtha ar líon na nábhar muirí aischurtha a thuairiscítear go hoifigiúil i gcás na niascach eile cé go bhfuil aischur neamhdhleathach fós ann. Ina mheastóireacht ar thuarascálacha bliantúla 2021 na mBallstát maidir leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír 21 , thug CETEI le fios go raibh an cur chun feidhme go ginearálta fós lag agus go raibh an riosca neamhchomhlíontachta fós ard nó an-ard in 2021 i gcás roinnt iascach i Muir Bhailt. Ba cheart a thabhairt faoi deara go gcuirfear deireadh de réir a chéile faoi mhí Eanáir 2028 leis an maolú ar an riail ghinearálta maidir le ‘corrlach lamháltais’ a leagtar síos le hAirteagal 13 den phlean ilbhliantúil maidir le gabhálacha neamhshórtáilte a thabhairt i dtír 22 .

Na páirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo agus a chuireann tuairim in iúl, tá tuairimí éagsúla acu maidir le haischur. Níl aon tuairim ag Ballstát amháin a d’fhreagair, agus ní mheasann an dá Bhallstát eile agus roinnt comhaltaí den tionscal gur saincheist é sin. Tá codanna eile den tionscal agus eagraíochtaí neamhrialtasacha ar aon tuairim le ICES agus CETEI. Tá beagnach gach páirtí leasmhar a ndeachthas i gcomhairle leo den tuairim nár chuidigh an plean ilbhliantúil le hábhar muirí aischurtha a laghdú, agus nach féidir cás an iascaigh mheasctha a chur san áireamh leis an bplean ilbhliantúil. Cuireann Comhairle Chomhairleach Mhuir Bhailt in iúl freisin nár rialaíodh cleachtais aischuir i gceart.

Tá an Coimisiún fós den tuairim gur saincheist rialaithe agus forfheidhmithe go príomha í fadhb leanúnach an ábhair mhuirí aischurtha nach mór aghaidh a thabhairt uirthi laistigh de chóras rialaithe iascaigh an Aontais.

2.3.Cur chuige bunaithe ar éiceachórais

De réir Airteagal 2(3) de Bhunrialachán CBI, le CBI ní mór an cur chuige bunaithe ar éiceachórais i leith bainistiú iascaigh a chur chun feidhme chun tionchair dhiúltacha gníomhaíochtaí iascaireachta ar éiceachóras na mara a laghdú. Luaitear in Airteagal 3(3) den phlean ilbhliantúil nach mór don Phlean Ilbhliantúil a bheith comhleanúnach le dlí comhshaoil an Aontais agus go háirithe leis an gcuspóir dea-stádas comhshaoil a bhaint amach faoi 2020, mar a cheanglaítear leis an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí 23 .

Soláthraítear 11 thuairisceoir cháilíochtúla leis an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí chun dea‐stádas comhshaoil a chinneadh. Is é is aidhm don phlean ilbhliantúil a áirithiú go gcomhlíonfar coinníollacha thuairisceoir 3 (na cinn is ábhartha do bhainistiú iascaigh), agus rannchuidiú le comhlíonadh tuairisceoirí ábhartha eile i gcomhréir leis an ról coibhneasta atá ag an iascach 24 . Tá baint dhíreach ag tuairisceoir 3 le deiseanna iascaireachta a shocrú. 25 Baineann an chéad chritéar leis an mbrú iascaireachta, baineann an dara critéar leis an mbithmhais agus baineann an tríú critéar leis an dáileadh de réir aoise. Cumhdaítear an chéad dá chritéar i rialacha socraithe TAC an phlean ilbhliantúil. Maidir leis an tríú critéar, d’fhoilsigh ICES comhairle speisialta i mí Feabhra 2024 ina sainaithnítear táscairí ach ní fhéadfadh sé tairseacha a sholáthar ná roghanna bainistíochta a mholadh. 26

Is cúis imní i gcónaí é an tionchar a bhíonn ag gníomhaíochtaí iascaireachta ar líon na muc mara i Muir Bhailt, 27 a liostaítear mar speiceas atá i mbaol criticiúil. Tar éis dhá mholadh chomhpháirteacha ó reachtaíocht BALTFISH a ghlacadh 28 chun muca mara a chosaint, measann an Coimisiún go bhfuil gá le gníomhaíocht bhreise.

Deimhníonn ICES go bhfuil athrú ó bhonn ag teacht ar éiceachóras Mhuir Bhailt agus nach bhfuil sé cothrom. Tá go leor speiceas agus gnáthóg i Muir Bhailt nach bhfuil dea-stádas comhshaoil acu mar gheall ar thionchar an duine ar an muirthimpeallacht 29 . Is iad seo a leanas na cúig bhrú is suntasaí ar Mhuir Bhailt: (i) saibhriú cothaitheach agus orgánach; (ii) iascaireacht; (iii) comhdhúile éillitheacha a thabhairt isteach; (iv) speicis neamhdhúchasacha a thabhairt isteach; agus (v) scríobchaitheamh agus caillteanas foshraithe.

Measann na páirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo, ar chúiseanna an-éagsúil go minic, nár rannchuidigh an plean ilbhliantúil le cur chun feidhme an chur chuige éiceachóras-bhunaithe i leith bainistiú iascaigh – nó go raibh sé fritorthúil fiú. Mar sin féin, cuireann roinnt daoine i bhfios go láidir go bhfuil sé d’acmhainn ag an bplean bainistíochta ilbhliantúil é sin a dhéanamh dá gcuirfí chun feidhme é (de réir mar is cuí). Comhaontaíonn na páirtithe leasmhara uile go bhfuil tionchar suntasach ag an éiceachóras ar stoic éisc.

2.4.Comhar réigiúnach

Mar a leagtar amach sa chéad tuarascáil, is iad seo a leanas na príomhuirlisí réigiúnaithe faoi CBI atá ann faoi láthair: (i) na comhairlí comhairleacha réigiúnacha institiúidithe, nach mór dul i gcomhairle leo maidir le hábhair éagsúla agus féadfaidh siad moltaí a ghlacadh maidir le haon ábhar; agus (ii) na Ballstáit ábhartha do ghlacadh moltaí comhpháirteacha don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

Níl na páirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo cinnte fós faoi bhreisluach an phlean ilbhliantúil maidir leis an gcomhar réigiúnach a neartú, cé is moite de dhá cheann de na trí Bhallstát a thug freagra. Luann Comhairle Chomhairleach Mhuir Bhailt go háirithe easpa acmhainní.

Measann an Coimisiún i gcónaí go soláthraítear leis an bplean ilbhliantúil an creat dlíthiúil is gá le haghaidh comhar réigiúnach neartaithe go háirithe trí thograí comhpháirteacha agus trí dhul i gcomhairle leis na comhairlí comhairleacha agus le páirtithe leasmhara eile maidir le saincheisteanna a bhfuil tionchar acu ar Mhuir Bhailt. Mar shampla, d’fhéadfadh plé níos mionsonraithe a bheith ag BALTFISH leis na páirtithe leasmhara agus moltaí comhpháirteacha á n‑ullmhú aige.

Tabhair faoi deara go roinntear na stoic trosc, scadán láir, salán agus bradán leis an Rúis. Chomhaontaigh an tAontas Eorpach agus an Rúis in 2009 go noibreoidís i gcomhar trí chomhchoiste i réimse bhainistiú na stoc éisc. 30 Níor tháinig an coiste sin le chéile ó bhí 2019 ann mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus ar chogadh foghach gan chúis gan údar na Rúise in aghaidh na hÚcráine. Socraíonn gach páirtí a TACanna go huathrialach, ós rud é nárbh fhéidir teacht ar chomhaontú maidir le socrú comhroinnte. Tá an tAontas ag cur sciartha an Iarchoimisiúin Idirnáisiúnta um Iascach Mhuir Bhailt i bhfeidhm 31 agus tá TACanna á socrú ag an Rúis ar leibhéal níos airde le blianta fada anuas. Ina theannta sin, murab ionann agus comhairle ICES, leanann an Rúis de bheith ag díriú ar throisc, cé go bhfuil sé ar leibhéil níos ísle ná mar a bhí san am a chuaigh thart, agus is ar éigean a d’ísligh sí a TAC le haghaidh scadáin Mhuir Bhailt Láir. Níor sheol an Rúis aon sonraí chuig ICES ó bhí 2022 ann.

2.5.Forbairtí socheacnamaíocha

Ar an iomlán, bhí an tiascach i Muir Bhailt brabúsach le linn na tréimhse 2013-2021. Mar sin féin, le linn na tréimhse sin, ní raibh roinnt ranna de chabhlach Mhuir Bhailt, go háirithe cabhlaigh chósta mhionscála. in ann costais oibríochtúla a chumhdach agus ba mhinic a tháinig laghdú nach beag ar fhormhór na dtáscairí socheacnamaíocha. 32 Níor tuairiscíodh sonraí maidir le forbairtí ó 2021 go fóill, ach is cinnte go raibh tionchar diúltach ag an staid chomhshaoil, ag an bhfíoras nach bhfuil ag éirí go maith ach le stoic leathóg agus scadán Ríge, agus ag na hiarmhairtí diúltacha éagsúla a bhí ag cogadh foghach leanúnach na Rúise in aghaidh na hÚcráine.

Cé is moite d’fhreagróir amháin, comhaontaíonn na páirtithe leasmhara go raibh forbairtí socheacnamaíocha diúltach, cé go raibh difríochtaí suntasacha idir earnálacha de réir fhormhór na bhfreagróirí. Leanann Comhairle Chomhairleach Mhuir Bhailt agus a chomhaltaí de bheith ag maíomh go bhfuil nasc cúisíoch leis an bplean ilbhliantúil mar gheall ar éabhlóid dhiúltach na stoc a gcuirtear an milleán ar an bplean ilbhliantúil ina leith. Ní shainaithníonn na trí Bhallstát a thug freagra nasc cúisíoch den sórt sin.

Tá an Coimisiún fós den tuairim nach é cur chun feidhme an phlean ilbhliantúil is cúis leis an meath ar stoic éisc agus ar iascaigh ach athruithe ar an éiceachóras níos leithne. Tagraíonn ICES do mhíthuairisciú leanúnach ar speicis a d’fhéadfadh éifeachtaí diúltacha a bheith aige freisin. Ní féidir pobail iascaireachta rathúla a áirithiú san fhadtéarma ach amháin trí éiceachóras sláintiúil agus iascaireacht inbhuanaithe.

3.Tarmligean na gcumhachtaí arna dtabhairt don Choimisiún leis an bplean ilbhliantúil

Tarmligtear leis an bplean ilbhliantúil chuig an gCoimisiún an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh maidir le bearta caomhnúcháin le haghaidh speiceas foghabhála (Airteagal 6), an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír (Airteagal 7) agus bearta teicniúla (Airteagal 8) sa mhéid nach gcumhdaítear iad leis an Rialachán maidir le Bearta Teicniúla.

Níor úsáideadh cumhachtú Airteagal 6 riamh. Le linn na tréimhse tuairiscithe, úsáideadh Airteagal 7 faoi dhó chun díolúine ard-inmharthanachta a choinneáil maidir le bradán Mhuir Bhailt; 33 Níor úsáideadh Airteagal 8, toisc go bhfuil an cumhachtú a thugtar leis an Rialachán maidir le Bearta Teicniúla níos sonraí tagtha in ionad a shubstainte den chuid is mó ó mhí Lúnasa 2019. Ar deireadh, ní mór a thabhairt faoi deara nár sholáthair na Ballstáit lena mbaineann go dtí seo an fhaisnéis is gá chun athmheastóireacht a dhéanamh faoi dheireadh 2020 ar dhíolúine a deonaíodh maidir leis an leathóg. 34

(1)

     COM(2020)494 final an 14.9.2020.

(2)

     Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic troisc, scadáin agus saláin i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin (IO L 191, 15.7.2016, lch. 1).

(3)

      http://www.bsac.dk/BSAC/About-the-BSAC .

(4)

     Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).    

(5)

     I gcás bhradáin Mhuir Bhailt, mhol an Coimisiún (COM(2011) 470 final an 12.8.2011) agus tharraing sé siar plean ilbhliantúil ansin (2020/C 321/03, IO C 321, 29.9.2020, lch. 37) tar éis measúnú diúltach ón ICES (Comhairle 2020 ó ICES – sr.2020.02 (https://doi.org/10.17895/ices.advice.6008) ( https://doi.org/10.17895/ices.advice.6008 ).

(6)

   Comhairle 2022 ó ICES – Baltic Sea Ecoregion Fisheries Overview [Forbhreathnú ar Éiceachóras Éiciréigiún Mhuir Bhailt], leagan 2 an 6 Feabhra 2023, lch. 5 ( https://doi.org/10.17895/ices.advice.21646934 ).

(7)

      https://www.ices.dk/advice/Pages/Latest-Advice.aspx .

(8)

     Comhairle 2022 ó ICES – Baltic Sea Ecoregion Ecosystem Overview [Forbhreathnú ar Éiceachóras Éiciréigiún Mhuir Bhailt] an 15 Nollaig 2022 ( https://doi.org/10.17895/ices.advice.21725438 ).

(9)

     Cf. fonóta 6.

(10)

     Tuarascáil ón 69ú cruinniú iomlánach de CETEI (PLEN-22-01), mír 6.1, lgh. 16-31; Tuarascáil ad hoc ar chonarthaí dar teideal ‘Evaluation of Member States’ Annual Reports on the Landing Obligation (for 2021), March 2022 [Meastóireacht ar Thuarascálacha Bliantúla na mBallstát maidir leis an Oibleagáid Gabhálacha a Thabhairt i dTír (le haghaidh 2021), Márta 2022], doiciméad cúlra a ghabhann leis an tuarascáil ón gCruinniú Iomlánach.

(11)

     CETEI 23-07, The Annual Economic Report of the EU Fishing Fleet [An Tuarascáil Eacnamaíoch Bhliantúil ar Chabhlach Iascaireachta an Aontais].

(12)

   Memorandum of Understanding on the Principles and working methods of the Baltic Sea Fisheries Forum of 13 December 2013 [Meabhrán Tuisceana maidir le Prionsabail agus modhanna oibre Fhóram Iascaigh Mhuir Bhailt an 13 Nollaig 2013], http://www.bsac.dk/BSAC-Resources/Documents-section/BALTFISH , dá ngairtear ‘BALTFISH’ anseo feasta.

(13)

     Tá an ceistneoir agus na freagraí sa doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin SWD(2024)XXX [Oifig na bhFoilseachán, tabhair cothrom le dáta] a ghabhann leis an tuarascáil seo.

(14)

     COM(2020) 583 final an 23.9.2021 agus COM (2024)349 final an 30.7.2024.

(15)

     Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena naisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch. 105).

(16)

     Cuirtear tábla mionsonraithe ar fáil san Iarscríbhinn a ghabhann leis an doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis an tuarascáil seo. 

(17)

     Ós rud é gur chinn an Chomhairle an tiascach spriocdhírithe le haghaidh scadáin Mhuir Bhailt Láir a choinneáil ar oscailt, ní raibh an cheist maidir leis an modheolaíocht ríofa don TAC sin ábhartha.

(18)

     Rialachán (AE) 2020/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1139 a mhéid a bhaineann le laghdú acmhainne iascaireachta i Muir Bhailt, agus Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 a mhéid a bhaineann le scor buan gníomhaíochtaí iascaireachta do na cabhlaigh a bhíonn ag iascaireacht throisc Mhuir Bhailt Thoir, throisc Mhuir Bhailt Thiar agus scadáin Mhuir Bhailt Thiar (IO L 400, 30.11.2020, lch. 1).

(19)

     Rialachán (AE) 2020/1781, Airteagal 1(1); cf. fonóta 18.

(20)

     Cf. fonóta 6, lch. 8, agus fonóta 8, lch. 8.

(21)

     Cf. fonóta 10.

(22)

     Rialachán (AE) 2023/2842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) 2016/1139, (AE) 2017/2403 agus (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialú ar iascach (IO L, 2023/2842, 20.12.2023).

(23)

     Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht chomhphobail i réimse an bheartais chomhshaoil mhuirí (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).

(24)

     Bíonn tionchar ag gníomhaíochtaí iascaireachta freisin ar na tuairisceoirí a bhaineann leis an méid seo a leanas: an bhithéagsúlacht (1); an bia-eangach (4); sláine ghrinneall na farraige (6); agus an bruscar muirí (10). Sa chás is fearr, is go hindíreach agus/nó i mbealach nach bhfuil substaintiúil a rannchuidíonn an iascaireacht leis na tuairisceoirí eile: speicis neamhdhúchasacha a thabhairt isteach (2), eotrófú de dhéanamh an duine (5), dálaí hidreagrafacha (7), leibhéal na néilleán sa mhuir (8), leibhéal na néilleán in éisc agus i mbia mara (9), fuinnimh, lena náirítear torann faoi uisce, a thabhairt isteach (11).

(25)

     Deirtear ann ‘Tá na pobail éisc agus sliogéisc uile a ndéantar saothrú tráchtála orthu laistigh de theorainneacha bitheolaíocha sábháilte, tá siad i raon aoise pobail agus i méid-dáileacháin a léiríonn go bhfuil an stoc folláin.’

(26)

     Comhairle 2024 ó ICES – sr.2024.01 ( https://doi.org/10.17895/ices.advice.25265284 ).

(27)

     Cf. fonóta 8, lch. 19.

(28)

     Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/303 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 a mhéid a bhaineann le bearta chun gabhálacha de thaisme de líon na muc mhara atá i gCeartlimistéar Mhuir Bhailt (Phocoena phocoena) a laghdú i Muir Bhailt (IO L 46, 25.2.2022, lch. 67).

(29)

     Cf. fonóta 6, lch. 1, agus fonóta 8, lch. 3.

(30)

     Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Chónaidhm na Rúise maidir le comhar san iascach agus i gcaomhnú bheo-acmhainní muirí Mhuir Bhailt (IO L 129, 28.5.2009, lch. 2), go háirithe Airteagal 14.

(31)

     Ba é sin an eagraíocht réigiúnach bainistithe iascaigh le haghaidh stoic éisc Mhuir Bhailt.

(32)

   Cf. fonóta 11, lgh. 103-109, 112-115. Ba cheart a thabhairt faoi deara go gcumhdaítear leis an tuarascáil na hiascaigh uile, ní hamháin na hiascaigh ar na stoic a chumhdaítear leis an bplean ilbhliantúil, arb iad 95 % de na gabhálacha uile i Muir Bhailt iad, mar sin féin.

(33)

     Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1417 ón gCoimisiún an 22 Meitheamh 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1139 i dtaca le sonraíochtaí na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a mhéid a bhaineann leis an mbradán i Muir Bhailt le haghaidh na tréimhse 2021-2023 (IO L 305, 31.8.2021, lch. 3). Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1296 ón gCoimisiún an 28 Feabhra 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1139 i dtaca le díolúine ó fheidhmiú na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a mhéid a bhaineann le bradáin i Muir Bhailt le haghaidh na tréimhse 2024-2026, (IO L 2024,/1296, 7.5.2024).

(34)

     Airteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/306 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2017 lena leagtar síos na sonraíochtaí chun an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le troisc agus leathóga in iascaigh Mhuir Bhailt (IO L 60, 2.3.2018, lch. 1).