An Bhruiséil,19.6.2024

COM(2024) 621 final

Moladh le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha na Polainne

{SWD(2024) 100 final} - {SWD(2024) 621 final}


Moladh le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha na Polainne

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 121(2) agus 148(4) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle 1 , agus go háirithe Airteagal 3(3) de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint do na rúin ó Pharlaimint na hEorpa,

Ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Fostaíochta,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chosaint Shóisialta,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Beartas Eacnamaíoch,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 , lenar bunaíodh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, tháinig sé i bhfeidhm an 19 Feabhra 2021. Is rud í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a sholáthraíonn tacaíocht airgeadais do na Ballstáit chun athchóirithe agus infheistíocht a chur chun feidhme, ionas gurb é atá i gceist léi spreagadh airgeadais atá maoinithe ag an Aontas. I gcomhréir le tosaíochtaí an tSeimeastair Eorpaigh, cuidíonn sí ó thaobh an téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta a bhaint amach, agus ó thaobh athchóirithe agus infheistíochtaí inbhuanaithe a chur chun feidhme, go háirithe chun an taistriú glas agus an taistriú digiteach a chur chun cinn agus chun cur le hathléimneacht gheilleagair na mBallstát. Cuidíonn sí freisin ó thaobh an tairgeadas poiblí a neartú agus borradh a chur faoin bhfás agus faoin gcruthú post sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ó thaobh an comhtháthú críochach a fheabhsú laistigh den Aontas agus ó thaobh tacú le cur chun feidhme leanúnach Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.

(2)Is é is aidhm do Rialachán REPowerEU 3 , arna ghlacadh an 27 Feabhra 2023, deireadh a chur de réir a chéile le spleáchas an Aontais ar allmhairí breosla iontaise ón Rúis. Ba chuidiú é sin ó thaobh an tslándáil fuinnimh a bhaint amach agus soláthar fuinnimh an Aontais a éagsúlú, agus an tráth céanna, thiocfadh méadú dá bharr ar acmhainneachtaí stórála, ar ghlacadh foinsí in-athnuaite fuinnimh agus ar an éifeachtúlacht fuinnimh. Chuir an Pholainn caibidil nua REPowerEU lena plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta chun go maoineofar athchóirithe agus infheistíochtaí ríthábhachtacha a chuideoidh le cuspóirí REPowerEU a bhaint amach.

(3)An 16 Márta 2023, d’eisigh an Coimisiún Teachtaireacht maidir le ‘Iomaíochas fadtéarmach an Aontais: níos faide ar aghaidh ná 2030’ 4 , chun bonn eolais a chur faoi chinntí beartais agus chun na creatdálaí a chruthú chun an fás a mhéadú. Déanann an Teachtaireacht an iomaíochas a bhunú ar naoi spreagadh a threisíonn a chéile. I measc na spreagthaí sin, is iad an rochtain ar chaipiteal príobháideach, an taighde agus an nuálaíocht, an toideachas agus na scileanna, agus an margadh aonair na príomhthosaíochtaí beartais maidir le hathchóirithe agus infheistíocht chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin táirgiúlachta atá ann faoi láthair agus chun iomaíochas fadtéarmach an Aontais agus a Bhallstát a fhorbairt. An 14 Feabhra 2024, lean an Coimisiún an Teachtaireacht sin leis an Tuarascáil Bhliantúil maidir leis an Margadh Aonair agus an Iomaíochas 5 . Déantar cur síos sa tuarascáil ar láidreachtaí agus dúshláin iomaíocha Mhargadh Aonair na hEorpa, agus rianú á dhéanamh ar fhorbairtí bliantúla de réir na naoi spreagthach maidir le hiomaíochas a sainaithníodh.

(4)An 21 Samhain 2023 ghlac an Coimisiún Suirbhé Bliantúil 2024 don Fhás Inbhuanaithe 6 , rud a chuir tús le timthriall 2024 an tSeimeastair Eorpaigh um chomhordú an bheartais eacnamaíoch. An 22 Márta 2024 d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach tosaíochtaí an tsuirbhé, tosaíochtaí atá dírithe ar na ceithre ghné den inbhuanaitheacht iomaíoch. An 21 Samhain 2023, ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, ghlac an Coimisiún freisin Tuarascáil 2024 maidir leis an Sásra Foláirimh, tuarascáil nár shainaithin sé inti go bhfuil an Pholainn ar cheann de na Ballstáit a bhféadfadh míchothromaíochtaí a bheith ag baint di, nó a d’fhéadfadh a bheith i mbaol míchothromaíochtaí, agus a mbeadh gá le grinn-athbhreithniú ina leith. Ghlac an Coimisiún moladh freisin le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, moladh a ghlac an Chomhairle an 12 Aibreán 2024, chomh maith leis an togra le haghaidh Thuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht 2024 lena ndéantar anailís ar chur chun feidhme na dTreoirlínte Fostaíochta agus ar phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, a ghlac an Chomhairle an 11 Márta 2024.

(5)An 30 Aibreán 2024, tháinig creat rialachais eacnamaíoch nua an Aontais i bhfeidhm. Cuimsítear sa chreat an Rialachán nua ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (AE) 2024/1263 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle. Cuimsítear ann freisin Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 leasaithe maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach a chur chun feidhme agus Treoir 2011/85/AE leasaithe maidir le creataí buiséadacha na mBallstát 7 . Tá sé de chuspóirí ag an gcreat nua inbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí agus fás inbhuanaithe cuimsitheach a bhaint amach trí chomhdhlúthú fioscach céimnitheach mar aon le hathchóirithe agus infheistíochtaí. Cuireann sé úinéireacht náisiúnta chun cinn agus díríonn sé níos mó ar an meántéarma, agus ina theannta sin, tá forfheidhmiú níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí i gceist leis. Ba cheart do gach Ballstát plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta a chur faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin. Sna pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta atá ag Ballstát, tá a ghealltanais fhioscacha, athchóiriúcháin agus infheistíochta, lena gcumhdaítear tréimhse phleanála 4 bliana nó 5 bliana, de réir fhad rialta an reachtais náisiúnta. Ba cheart an chonair ghlanchaiteachais 8 sna pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263 a chomhlíonadh, lena náirítear na ceanglais maidir leis an bhfiachas rialtais ghinearálta a chur ar chonair anuas inchreidte, nó é a choinneáil ar an gconair sin, faoi dheireadh na tréimhse coigeartaithe ar a dhéanaí, nó é a choinneáil ar leibhéil stuama faoi bhun 60 % de OTI, agus an teasnamh rialtais a thabhairt faoi bhun an luacha tagartha 3 % de OTI sa mheántéarma, nó é a choinneáil faoi bhun an luacha sin. I gcás ina ngeallann Ballstát sraith ábhartha athchóirithe agus infheistíochtaí a dhéanamh i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1263, féadfar síneadh 3 bliana ar a mhéad a chur leis an tréimhse choigeartaithe. Chun tacú le hullmhú na bpleananna sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún, an [21 Meitheamh] 2024, treoir a thabhairt do na Ballstáit maidir le hábhar na bpleananna agus na dtuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn a eiseofar ina dhiaidh sin a bheidh orthu a chur isteach agus, i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2024/1263, tarchuirfidh sé chucu treoir theicniúil maidir leis na coigeartuithe fioscacha (conairí tagartha agus faisnéis theicniúil, i gcás inarb infheidhme). Ba cheart do na Ballstáit a bpleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha a chur isteach faoin 20 Meán Fómhair 2024, mura gcomhaontóidh an Ballstát agus an Coimisiún síneadh ama réasúnta a chur leis an sprioc-am. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh a bparlaimintí náisiúnta rannpháirteach, agus go rachfar i gcomhairle le hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha, le comhpháirtithe sóisialta agus le páirtithe leasmhara náisiúnta eile, de réir mar is iomchuí.

(6)In 2024 tá an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch fós ag forbairt i gcomhréir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. Tá cur chun feidhme iomlán na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta fós riachtanach chun go mbainfear amach na tosaíochtaí beartais atá ann faoin Seimeastar Eorpach, ós rud é go gcuidíonn na pleananna ó thaobh aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na ndúshláin uile a sainaithníodh sna moltaí tírshonracha ábhartha a eisíodh le blianta beaga anuas, nó ar sciar suntasach de na dúshláin sin. Tá moltaí tírshonracha 2019, 2020, 2022 agus 2023 fós chomh hábhartha céanna maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta arna nathbhreithniú, arna dtabhairt cothrom le dáta nó arna leasú i gcomhréir le hAirteagail 14, 18 agus 21 de Rialachán (AE) 2021/241.

(7)An 3 Bealtaine 2021, chuir an Pholainn a plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2021/241. De bhun Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2021/241, rinne an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas an phlean téarnaimh agus athléimneachta, i gcomhréir leis na treoirlínte measúnaithe in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin. An 17 Meitheamh 2022, ghlac an Chomhairle a Cinneadh maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na Polainne 9 , a leasaíodh an 8 Nollaig 2023 de réir Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) 2021/241 maidir leis an ranníocaíocht uasta airgeadais le haghaidh tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha a nuashonrú, agus chun an chaibidil REPowerEU a áireamh 10 . Tá scaoileadh na dtráthchodanna ag brath ar chinneadh ón gCoimisiún, arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 24(5) de Rialachán (AE) 2021/241, go bhfuil na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha a leagtar amach sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle comhlíonta go sásúil ag an bPolainn. Ní féidir comhlíonadh sásúil a bheith i gceist ach sa chás nach ndeachthas siar ar ghnóthú na ngarspriocanna agus na spriocanna a gnóthaíodh roimhe sin.

(8)D’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil tíre 2024 maidir leis an bPolainn 11 an 19 Meitheamh 2024. Rinneadh measúnú sa tuarascáil sin ar dhul chun cinn na Polainne ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha ábhartha a ghlac an Chomhairle idir 2019 agus 2023, agus measadh cur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta na Polainne. Ar bhonn na hanailíse sin, sainaithníodh sa tuarascáil tíre bearnaí atá ann i ndáil leis na dúshláin nár tugadh aghaidh orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, sin nó nár tugadh aghaidh orthu ach go páirteach, mar aon le dúshláin nua agus dúshláin atá ag teacht chun cinn. Rinneadh measúnú inti freisin ar dhul chun cinn na Polainne ó thaobh Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus ó thaobh príomhspriocanna an Aontais maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú na bochtaineachta a bhaint amach, sin agus ar an dul chun cinn i dtreo Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.

(9)Ar bhonn na sonraí arna mbailíochtú ag Eurostat 12 , tháinig méadú ar easnamh rialtais ghinearálta na Polainne ó 3,4 % de OTI in 2022 go 5,1 % in 2023, agus tháinig méadú ar an bhfiachas rialtais ghinearálta ó 49,2 % de OTI ag deireadh 2022 go 49,6 % ag deireadh 2023. Mar a fógraíodh sa treoraíocht maidir leis an mbeartas fioscach le haghaidh 2024 13 , tá an chéad chéim á tógáil ag an gCoimisiún i dtreo tús a chur le nósanna imeachta um easnamh iomarcach atá bunaithe ar easnaimh, ar bhonn na sonraí olltoraidh le haghaidh 2023, i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla atá ann faoi láthair. An 19 Meitheamh 2024 ghlac an Coimisiún tuarascáil faoi Airteagal 126(3) CFAE 14 . Rinneadh measúnú ar staid bhuiséadach na Polainne sa tuarascáil sin, ós rud é gur mhó a heasnamh ginearálta rialtais in 2023 ná an luach tagartha, arb é 3 % den OTI é. Thángthas ar an gconclúid sa tuarascáil, i bhfianaise an mheasúnaithe sin, agus tar éis an tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais mar a bhunaítear faoi Airteagal 126(4) CFAE a mheas, go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún go molfaidh sé i mí Iúil tús a chur le nós imeachta um easnamh iomarcach, trína mholadh don Chomhairle Cinneadh a ghlacadh faoi Airteagal 126(6) lena suitear gurb ann d’easnamh iomarcach, le haghaidh na Polainne.

(10)An 12 Iúil 2022, mhol an Chomhairle 15 go ndéanfadh an Pholainn gníomhaíocht chun a áirithiú go mbeadh fás an chaiteachais reatha phríomhúil a mhaoinítear go náisiúnta i gcomhréir le seasamh foriomlán neodrach beartais in 2023 16 , agus tacaíocht leanúnach shealadach spriocdhírithe á cur san áireamh le haghaidh na dteaghlach agus na ngnólachtaí is leochailí ó thaobh méaduithe ar phraghsanna fuinnimh agus le haghaidh daoine ar a dteitheadh ón Úcráin. An tráth céanna, moladh don Pholainn a bheith ar tinneall chun an caiteachas reatha a chur in oiriúint don staid atá ag síorathrú. Moladh don Pholainn freisin cur le hinfheistíocht phoiblí le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, agus tionscnamh REPowerEU á chur san áireamh, lena náirítear é sin a dhéanamh trí leas a bhaint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus as cistí eile de chuid an Aontais. In 2023, de réir mheastacháin an Choimisiúin, bhí an staid fhioscach 17 forleathnaitheach, faoi 0,8 % de OTI, i gcomhthéacs an bhoilscithe aird. Leis an bhfás ar chaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) in 2023, soláthraíodh rannchuidiú neodrach den chuid is mó 0,0 % de OTI leis an staid fhioscach, rud atá i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Bhí an rannchuidiú neodrach, a bheag nó a mhór, den chaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta mar thoradh ar chostais laghdaithe na mbeart tacaíochta éigeandála (spriocdhírithe agus neamh-spriocdhírithe) do theaghlaigh agus gnólachtaí mar fhreagairt ar arduithe ar phraghsanna fuinnimh (faoi 1,2 phointe céatadáin de OTI). Ba iad méaduithe i bpá na hearnála poiblí agus i bpinsin na príomhchúiseanna leis an bhfás sa chaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta ioncaim). Is éard a bhí i gceist le caiteachas arna mhaoiniú le deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ó chistí eile de chuid an Aontais 1,5 % de OTI in 2023. Is éard a bhí i gceist leis an infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta 3,8 % de OTI in 2023, le méadú bliantúil 0,8 pointe céatadáin i gcomparáid le 2022. Mhaoinigh an Pholainn infheistíocht bhreise tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais, agus chaomhnaigh sí an infheistíocht atá maoinithe go náisiúnta. Mhaoinigh an Pholainn infheistíocht phoiblí le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, amhail tacaíocht do na heangacha tarchurtha agus dáileacháin agus d’úsáid foinsí in-athnuaite fuinnimh, d’fheirmeacha gaoithe amach ón gcósta agus d’achóiriú fuinneamhéifeachtúil foirgnimh agus don tsoghluaiseacht ghlas chliste, rudaí a chistítear go páirteach leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile de chuid an Aontais.

(11)Tuartar i Réamhaisnéis Earraigh 2024 ón gCoimisiún go méadóidh an fíor-OTI faoi 2,8 % in 2024 agus 3,4 % in 2025, agus go seasfaidh boilsciú ICPT ag 4,3 % in 2024 agus 4,2 % in 2025.

(12)Tuartar i Réamhaisnéis Earraigh 2024 ón gCoimisiún easnamh rialtais 5,4 % de OTI le haghaidh 2024, agus tá an cóimheas fiachais rialtais ghinearálta–OTI le méadú go 53,7 % faoi dheireadh 2024. Léirítear sa mhéadú ar an easnamh in 2024 caiteachas ard ar chosaint, méaduithe tuarastail san earnáil phoiblí agus sochair shóisialta nua den chuid is mó. Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, réamh-mheastar go mbeidh an staid fhioscach forleathnaitheach faoi 2,4 % de OTI in 2024.

(13)Maoineofar caiteachas ar fiú 1,0 % de OTI é le tacaíocht neamh-inaisíoctha (‘deontais’) ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta in 2024, i gcomparáid le 0,1 % in 2023, de réir Réamhaisnéis Earraigh 2024 ón gCoimisiún. Le caiteachas a mhaoinítear le deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, beifear in ann infheistíocht ardcháilíochta agus athchóirithe a dhéanamh lena gcuirfear leis an táirgiúlacht gan tionchar díreach a bheith aige ar chomhardú rialtais ghinearálta agus fiacha na Polainne. Meastar, le hiasachtaí ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta in 2024, go dtacófar le caiteachas ar fiú 0,9 % de OTI é, i gcomparáid le 0 % de OTI in 2023, de réir Réamhaisnéis Earraigh 2024 ón gCoimisiún.

(14)An 14 Iúil 2023 mhol an Chomhairle don Pholainn beartas fioscach stuama a áirithiú, go háirithe tríd an méadú ainmniúil ar an nglanchaiteachas príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta 18 in 2024 a theorannú go méid nach mó ná 7,8 %. Agus a mbuiséid le haghaidh 2023 á gcur i bhfeidhm acu agus a mbuiséid le haghaidh 2024 á nullmhú acu, iarradh ar na Ballstáit a chur san áireamh go molfadh an Coimisiún don Chomhairle tús a chur le nósanna imeachta um easnamh iomarcach atá bunaithe ar easnaimh bunaithe ar na sonraí olltoraidh le haghaidh 2023. De réir Réamhaisnéis Earraigh 2024 ón gCoimisiún, réamh-mheastar go dtiocfaidh méadú 12,8 % ar ghlanchaiteachas príomhúil na Polainne a mhaoinítear go náisiúnta in 2024, rud atá os cionn an uasráta fáis atá molta. An caiteachas breise sin thar an ráta uasta fáis a moladh sa ghlanchaiteachas príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta, comhfhreagraíonn sé do 2,0 % de OTI in 2024. Tá an baol ann nach bhfuil sé sin i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle.

(15)Thairis sin, mhol an Chomhairle don Pholainn gníomhaíocht a dhéanamh chun na bearta tacaíochta fuinnimh éigeandála atá i bhfeidhm a fhoirceannadh, agus úsáid á baint as an gcoigilteas gaolmhar chun an teasnamh rialtais a laghdú, a luaithe is féidir in 2023 agus 2024. Shonraigh an Chomhairle thairis sin, dá mbeadh gá le bearta tacaíochta nua nó leantacha chun dul i ngleic le méaduithe a thiocfadh an athuair ar phraghsanna fuinnimh, gur cheart don Pholainn a áirithiú go spriocdhírítear na bearta tacaíochta sin ar theaghlaigh leochaileacha agus ar ghnólachtaí leochaileacha a chosaint, go mbeidís inacmhainne go fioscach, agus go gcaomhnófaí leo dreasachtaí le haghaidh coigilteas fuinnimh. De réir Réamhaisnéis Earraigh 2024 ón gCoimisiún, meastar gurb é 0,6 % de OTI a bhí i nglanchostas buiséadach 19 na mbeart tacaíochta éigeandála fuinnimh in 2023, agus réamh-mheastar gurb é 0,5 % a bheidh ann in 2024, agus is lú ná 0,1 % in 2025. Go sonrach, glactar leis go bhfanfaidh na scéimeanna chun praghsanna leictreachais agus gáis a choinneáil mar atá i bhfeidhm go dtí mí an Mheithimh 2024, agus go bhfanfaidh uasteorainneacha praghsanna i bhfeidhm go dtí deireadh 2024 le haghaidh leictreachais agus gáis agus go dtí mí an Mheithimh 2025 le haghaidh téamh ceantair 20 . Dá núsáidfí an coigilteas gaolmhar chun an teasnamh rialtais a laghdú, mar a mhol an Chomhairle, thuigfí as na réamh-mheastacháin sin go mbeidh coigeartú fioscach 0,2 % de OTI ann in 2024, ach soláthraítear rannchuidiú forleathnaitheach ó ghlanchaiteachas príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta 21 leis an staid fhioscach 2,0 % de OTI sa bhliain sin. Ní mheastar go ndéanfar na bearta tacaíochta éigeandála fuinnimh a fhoirceannadh a luaithe is féidir in 2023 agus in 2024. Tá an baol ann nach bhfuil sé sin i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle. Thairis sin, ní mheastar go núsáidfear an coigilteas gaolmhar chun an teasnamh rialtais a laghdú. Tá an baol ann freisin nach mbeidh sé sin i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Meastar go bhfuil costas buiséadach na mbeart tacaíochta fuinnimh atá spriocdhírithe ar theaghlaigh leochaileacha agus gnólachtaí leochaileacha a chosaint faoi bhun 0,1 % de OTI in 2024 (0,2 % de OTI in 2023), agus caomhnaíonn siad uile an comhartha praghais chun an téileamh ar fhuinneamh a laghdú agus chun an éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú.

(16)Ina theannta sin, mhol an Chomhairle freisin 22 don Pholainn infheistíocht phoiblí a mhaoinítear go náisiúnta a chaomhnú agus a áirithiú go nionsúfar deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ó chistí eile de chuid an Aontais go héifeachtach, go háirithe chun an taistriú glas agus an taistriú digiteach a chothú. De réir Réamhaisnéis Earraigh 2024 ón gCoimisiún, maidir le hinfheistíocht phoiblí a mhaoinítear go náisiúnta, réamh-mheastar go dtiocfaidh méadú uirthi go 4,0 % de OTI in 2024 ó 3,8 % de OTI in 2023. Tá sé sin i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle. Dá réir sin, maidir le caiteachas poiblí a mhaoinítear le hioncam ó chistí an Aontais, lena náirítear deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, meastar go dtiocfaidh méadú air go 1,9 % de OTI in 2024, ó 1,5 % de OTI in 2023.

(17)Ar bhonn bearta beartais atá aitheanta ag scoithdháta na réamhaisnéise agus ar an mbonn nach mbeidh aon athrú beartais ann, tuartar i Réamhaisnéis Earraigh 2024 ón gCoimisiún easnamh rialtais 4,6 % de OTI in 2025. Léirítear téarnamh eacnamaíoch agus dul in éag na mbeart tacaíochta fuinnimh sa laghdú ar an easnamh in 2025 den chuid is mó. Meastar go dtiocfaidh méadú go 57,7 % ar an gcóimheas fiachais rialtais ghinearálta–OTI faoi dheireadh 2025. Seachas na heasnaimh arda, is iad réamhíocaíochtaí móra airgid le haghaidh infheistíochtaí i dtrealamh míleata is cúis leis an méadú ar an gcóimheas fiachais-OTI.

(18)Tá sochair shóisialta fós neamh-spriocdhírithe den chuid is mó agus gan tástáil acmhainne ar leibhéal an teaghlaigh. Is é an toradh atá air sin córas leasa shóisialta a bhfuil cumhacht athdháilte theoranta aige. In 2023, tháinig méadú nach beag ar shochair uilíocha leanaí, agus coinníodh an 13ú pinsean ar bun. I ndoiciméid bhuiséadacha, d’fhéadfaí feabhas a chur ar an trédhearcacht maidir le hinfheistíochtaí leanúnacha agus infheistíochtaí atá beartaithe. Tá forléargas comhtháite agus cuimsitheach ar infheistíochtaí leanúnacha agus ar a bhfoinsí maoinithe, lena náirítear cistí seachbhuiséadacha agus fiontair faoi úinéireacht stáit, in easnamh. Cé go bhfuil sí ar fáil ar leibhéil éagsúla, tá an fhaisnéis sin scaipthe ar fud doiciméad, amhail cláir infheistíochta ilbhliantúla agus pleananna airgeadais de chuid fiontar atá faoi úinéireacht an stáit nó de chuid cistí seachbhuiséadacha. Tá na nósanna imeachta chun tionscadail infheistíochta poiblí a mheas agus a roghnú agus chun athbhreithnithe ex post a dhéanamh lag. Níl modheolaíochtaí caighdeánaithe measúnaithe tionscadail i bhfeidhm ach amháin le haghaidh infheistíochtaí atá maoinithe ag an Aontas ach d’fhéadfaí iad a chur i bhfeidhm maidir le gach infheistíocht mhór atá maoinithe ag an rialtas. Bíonn nósanna imeachta roghnúcháin tionscadal éagsúla á núsáid sna haireachtaí éagsúla agus bíonn siad bunaithe ar an gcineál tionscadail agus ar fhoinse an mhaoinithe. Níl aon chritéir chaighdeánach ann chun tionscadail a roghnú agus a chur in ord tosaíochta ar leibhéal an rialtais láir.

(19)Tá an Pholainn ar cheann de na tíortha is tapúla atá ag dul in aois san Aontas agus beidh tionchar ag na treochtaí déimeagrafacha fadtéarmacha ar a córas pinsean. Tá méadú leanúnach ar an aois scoir iarbhír trí rannpháirtíocht ard oibrithe scothaosta sa mhargadh saothair a áirithiú ríthábhachtach chun go mbeidh fás eacnamaíoch agus pinsin leordhóthanacha ann amach anseo. Tugtar le tuiscint sna réamh-mheastacháin le haghaidh na Polainne i dTuarascáil 2024 maidir le hAosú go bhfuil an dara laghdú is mó ar an leordhóthanacht sa tír sin, arna thomhas mar chóimheas an mheánphinsin leis an meán-ollphá tráth an scoir. Dá gcoinneofaí an cóimheas leordhóthanachta gar don leibhéal atá ann faoi láthair, thiocfadh méadú 4,6 pointe céatadáin de OTI ar an gcaiteachas poiblí faoi 2070. Déanann an stát sochair phinsin d’fheirmeoirí a fhóirdheonú den chuid is mó, fóirdheontais arbh fhiú 0,6 % de OTI iad in 2023, agus ní spreagadh é an modh a úsáidtear chun ranníocaíochtaí árachais a bailíodh a ríomh chun aistriú i dtreo na scéime pinsin ginearálta, rud a chuireann bac ar shoghluaisteacht idirearnálach an lucht saothair. Cé gur chuir an Pholainn beart spriocdhírithe amháin chun feidhme ina plean téarnaimh agus athléimneachta chun obair tar éis na haoise scoir reachtúla a chur chun cinn, bheadh gá le hiarrachtaí breise chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán a bhaineann le leordhóthanacht agus inbhuanaitheacht pinsean amach anseo.

(20)I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (b) de Rialachán (AE) 2021/241 agus le critéar 2.2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis, áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta tacar fairsing athchóirithe agus infheistíochtaí a threisíonn a chéile agus atá le cur chun feidhme faoi 2026. Meastar go gcuideoidh na nithe sin ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin uile a sainaithníodh sna moltaí tírshonracha ábhartha, nó ar sciar suntasach de na dúshláin sin. Laistigh den tréimhse dhocht sin, tá sé ríthábhachtach dul ar aghaidh go pras le cur chun feidhme éifeachtach an phlean, lena náirítear caibidil REPowerEU, a luaithe a ghlacfar í, chun borradh a chur faoi iomaíochas fadtéarmach na Polainne leis an aistriú glas agus an leis an aistriú digiteach, agus cothroime shóisialta a áirithiú an tráth céanna. Chun gealltanais an phlean a chomhlíonadh faoi mhí Lúnasa 2026, tá sé ríthábhachtach don Pholainn leanúint d’athchóirithe a chur chun feidhme agus dlús a chur le hinfheistíochtaí trí aghaidh a thabhairt ar mhoilleanna atá ag teacht chun cinn agus cumas láidir riaracháin á chinntiú an tráth céanna. Tá rannpháirtíocht chórasach na núdarás áitiúil agus réigiúnach, na gcomhpháirtithe sóisialta, na sochaí sibhialta, agus na bpáirtithe leasmhara ábhartha eile ríthábhachtach i gcónaí i ndáil le húinéireacht leathan a áirithiú maidir le cur chun feidhme rathúil an phlean téarnaimh agus athléimneachta.

(21)Mar chuid den athbhreithniú meántéarma ar chistí an bheartais chomhtháthaithe, i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2021/1060, tá sé de cheanglas ar an bPolainn gach clár a athbhreithniú faoi mhí an Mhárta 2025, agus na dúshláin a sainaithníodh i moltaí tírshonracha 2024, le cois nithe eile, á gcur san áireamh aici, mar aon lena plean náisiúnta fuinnimh agus aeráide. Is é an tathbhreithniú sin is bunús le leithdháileadh críochnaitheach an chistithe ón Aontas atá san áireamh i ngach clár. Tá dul chun cinn déanta ag an bPolainn maidir leis an mbeartas comhtháthaithe agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme, ach tá dúshláin ann fós agus tá méadú leanúnach tagtha ar na héagothromaíochtaí idir na réigiúin thoir agus an chuid eile den tír. Tá sé ríthábhachtach go gcuirfí dlús le cur chun feidhme clár beartais comhtháthaithe. Tá na tosaíochtaí a comhaontaíodh sna cláir fós ábhartha. Tá sé tábhachtach don Pholainn infheistíocht a dhéanamh i gclaochlú eacnamaíoch atá nuálach agus cliste agus comhar idir an eolaíocht agus an gnó a neartú. Chun dlús a chur leis an aistriú glas agus leis an aistriú ó ghual, tá gá le gníomhaíocht lena náirítear táirgeadh fuinnimh ghlain a leathnú, infheistíochtaí i monaraíocht teicneolaíochtaí glan-nialasachta a mhéadú, tomhaltas fuinnimh a laghdú, agus truailliú aeir a laghdú. Tá sé tábhachtach infheistíocht a dhéanamh i scileanna digiteacha agus glasa. Is tosaíocht fós é bearnaí críochacha a dhúnadh maidir le rochtain ar chúram leanaí ardcháilíochta agus inacmhainne. Agus an tathbhreithniú meántéarma á dhéanamh ar chláir an bheartais chomhtháthaithe, is fiú aird bhreise a thabhairt ar infheistíochtaí sa chóras tacaíochta do náisiúnaigh tríú tír agus ar dheiseanna lena dtacaítear lena lánpháirtiú ar bhealach cuimsitheach, ós rud é gur tháinig rabharta dídeanaithe nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo chuig an bPolainn ón Úcráin. D’fhéadfadh an Polainn úsáid a bhaint as tionscnamh an Ardáin um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip chun tacú le claochlú a geilleagair, go háirithe i dtéarmaí teicneolaíochtaí glana atá tíosach ar acmhainní.

(22)Anuas ar na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta a dtugtar aghaidh orthu leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta agus le cistí eile an Aontais, tá roinnt dúshláin bhreise roimh an bPolainn a bhaineann le ganntanais lucht saothair, digitiú gnólachtaí, an soláthar poiblí, téamh ceantair agus bainistiú uisce.

(23)Baineann ganntanais lucht saothair an bonn d’iomaíochas gheilleagar na Polainne. In 2023, thuairiscigh 66 % d’fhostóirí na Polainne go raibh deacracht acu folúntais a líonadh, agus thuairiscigh 75 % díobh go raibh deacracht acu an tallann a raibh gá acu leis a aimsiú. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach rannpháirtíocht sa mhargadh saothair a mhéadú i measc grúpaí a bhfuil na rátaí fostaíochta is ísle acu, amhail daoine faoi mhíchumas (ba é 31,3 pointe céatadáin an bhearna fostaíochta maidir le daoine faoi mhíchumas in 2022, i bhfad os cionn mheán an Aontais, ab é 21,4 pointe céatadáin) nó mná (in 2023, ba é 11,8 pointe céatadáin ar an meán an bhearna fostaíochta idir fir agus mná sa Pholainn agus ba é 23,3 pointe céatadáin í i gcás daoine idir 55 agus 64 bliana d’aois). Tá an Pholainn faoi bhun sprioc 2030 an Aontais maidir le rannpháirtíocht 51,7 % san fhoghlaim aosach, 20,3 % faoi láthair, rud a chuireann bac ar an aistriú chuig earnálacha a bhfuil éileamh ard saothair iontu trí athsciliú agus uas-sciliú. An tráth céanna, tá an córas cúraim fhadtéarmaigh tearcfhorbartha agus tá sé fós ag brath ar theaghlaigh, go háirithe ar mhná, agus ar chúramóirí neamhfhoirmiúla eile. Tá an cumhdach foirmiúil cúraim baile íseal, 13 % i gcás daoine atá 65 bliana d’aois agus níos sine a bhfuil gá acu le cúram den sórt sin, i bhfad faoi bhun mheán an Aontais (30 % in 2022), agus tá na riachtanais ag fás go tapa de réir mar atá an daonra ag dul in aois. Meastar go sroichfidh an sciar den daonra atá 65 bliana d’aois nó níos sine 21,9 % in 2030 agus 29,1 % in 2050. Trí ghníomhaíocht eacnamaíoch níos airde a chothú i measc cúramóirí neamhfhoirmiúla, ar mná iad den chuid is mó, trí fheabhas a chur ar an rochtain ar chúram fadtéarmach foirmiúil bailebhunaithe agus pobalbhunaithe, is féidir rannpháirtíocht sa mhargadh saothair a mhéadú.

(24)Tá an córas soláthair phoiblí fós thíos leis an líon íseal cuideachtaí a chuireann tairiscintí isteach. Is é an toradh atá air sin sciar ard de thairiscintí aonair, sciar atá fós ag leibhéal thar a bheith ard le blianta (54 % in 2023 agus os cionn 50 % le 5 bliana anuas). In ainneoin na nionchas, níor thug an dlí soláthair phoiblí a tháinig i bhfeidhm i mí Eanáir 2021 aghaidh láithreach ar na príomhlaigí. Chuige sin, tá gá le hanailís láidir chuimsitheach ar bhunchúiseanna na faidhbe leanúnaí atá ag dul in olcas maidir le hiomaíocht íseal sa soláthar poiblí. Trí dhigitiú an phróisis soláthair phoiblí a neartú a thuilleadh agus trí fhorbairt a dhéanamh ar an tairiscint oiliúna d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), is féidir cuidiú le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin.

(25)Tá deis ag an bPolainn feabhas a chur ar a feidhmíocht san aistriú digiteach agus cuidiú níos fearr a thabhairt chun spriocanna an Aontais don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach. Cé go bhfuil dul chun cinn déanta maidir le seirbhísí poiblí a dhigitiú, tá an Pholainn chun deiridh i réimse dhigitiú an ghnó. Is é 61 % an sciar de FBManna Polannacha a bhfuil bunleibhéal déine digití ar a laghad acu, ráta atá faoi bhun mheán an Aontais, 69 % (agus 90 % mar sprioc ag an Aontais le haghaidh 2030). Ní chuireann ach 18 % de chuideachtaí oiliúint thiomnaithe TFC ar fáil dá bhfostaithe, agus tá leibhéil ísle scileanna digiteacha acu mar thoradh air sin. Chun acmhainneacht fáis a geilleagair a neartú agus infheistíochtaí príobháideacha a spreagadh, ba cheart don Pholainn rochtain ar ardteicneolaíochtaí a éascú, go háirithe do FBManna, agus éiceachórais nuathionscanta a dhreasú trí rochtain ar oiliúint a fheabhsú, trí thacaíocht theicniúil agus airgeadais a sholáthar agus trí aistriú eolais a spreagadh.

(26)Le 10 mbliana anuas, tá tomhaltas fuinnimh deiridh na Polainne ag dul i méid. In 2022 bhí sé 14,5 % níos airde ná in 2013, cé gur tháinig laghdú 5,5 % air san Aontas ina iomláine. Dá leanfadh conair na 6 bliana seo caite ar aghaidh, sháródh an Pholainn a sprioc éifeachtúlachta fuinnimh faoi 28 %. Go háirithe, soláthraítear teas do 42 % den daonra trí chórais téimh ceantair ach tá na córais sin fós ag brath go mór ar ghual, agus tá conair soiléir dícharbónaithe le gné láidir éifeachtúlachta fuinnimh fós le moladh. Cé go mbeartaítear aistriú chuig gás nádúrtha agus bithmhais leis na beartais atá ann faoi láthair, ní mór conair dhícharbónaithe a leagan amach lena dtugtar tús áite d’éifeachtúlacht fuinnimh, d’fhoinsí inbhuanaithe teasa in-athnuaite agus d’úsáid dramhtheasa. Tá tacar beartas náisiúnta curtha chun feidhme ag an bPolainn chun athchóirithe foirgneamh cónaithe a chur chun cinn, lena náirítear mórscéimeanna fóirdheontais arna maoiniú faoin bplean téarnaimh agus athléimneachta. Mar sin féin, ní mór na beartais sin a neartú agus a ailíniú a thuilleadh le cuspóirí aeráide 2030 an Aontais. Dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht spriocdhírithe chun astaíochtaí carbóin ó fhoirgnimh a laghdú, agus béim ar leith á leagan ar fheabhsuithe ar an éifeachtúlacht fuinnimh agus ar dhícharbónú an téimh ceantair.

(27)Tá dúshláin roimh an bPolainn a bhaineann le hoiriúnú don athrú aeráide, mar shampla maidir le rioscaí triomaigh agus tuilte. Áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta bearta chun feabhas a chur ar choinneáil uisce i gceantair thuaithe, ach níl beartais náisiúnta eile maidir le talmhaíocht, foraoiseacht agus bainistiú uisce in oiriúint fós chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí agus tionchair aeráide. D’fhéadfaí comhtháthú beartais níos fearr a bhaint amach trí chomhordú níos dlúithe idir na hinstitiúidí éagsúla atá i gceannas ar na beartais ábhartha. D’fhéadfadh sé sin cuidiú le réitigh inbhuanaithe a chur chun feidhme amhail réitigh oiriúnaithe dhúlrabhunaithe chun soláthairtí uisce a mhéadú agus chun oiriúnú don athrú aeráide agus, an tráth céanna, dul chun tairbhe d’inbhuanaitheacht fhadtéarmach na talmhaíochta agus d’earnálacha eile a bhíonn ag brath ar sheirbhísí éiceachórais.

AG MOLADH LEIS SEO go ngníomhódh an Pholainn in 2024 agus 2025 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

1.An plean struchtúrach fioscach meántéarmach a chur isteach go tráthúil. I gcomhréir le ceanglais an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis athchóirithe, srian a chur ar an bhfás sa ghlanchaiteachas 23 in 2025 go ráta atá comhsheasmhach leis an easnamh rialtais ghinearálta a laghdú i dtreo luach tagartha an Chonartha, is é sin 3 % de OTI, agus an fiachas rialtais ghinearálta a choinneáil ar leibhéal stuama sa mheántéarma. Feabhas a chur ar éifeachtúlacht an chaiteachais phoiblí, lena náirítear trí na sochair shóisialta a spriocdhíriú ar bhealach níos fearr agus trí níos mó trédhearcachta sa phleanáil infheistíochta agus trí úsáid níos leithne a bhaint as nósanna imeachta caighdeánaithe chun tionscadail a mheasúnú agus a roghnú. Leordhóthanacht na sochar pinsin a bheidh ann amach anseo agus inbhuanaitheacht an chórais pinsean a áirithiú, lena náirítear trí bhearta a dhéanamh maidir leis an aois scoir iarbhír agus trí na scéimeanna pinsin fabhracha a athchóiriú.

2.An acmhainneacht riaracháin a neartú chun an plean téarnaimh agus athléimneachta a bhainistiú, dlús a chur le hinfheistíochtaí agus móiminteam a choinneáil i gcur chun feidhme na nathchóirithe. Aghaidh a thabhairt ar mhoilleanna atá ag teacht chun cinn chun gur féidir an plean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme ar bhealach leanúnach pras éifeachtach, lena náirítear caibidil REPowerEU, chun a áirithiú go dtabharfar athchóirithe agus infheistíochtaí chun críche faoi mhí Lúnasa 2026. Dlús a chur le cur chun feidhme clár beartais comhtháthaithe. I gcomhthéacs an athbhreithnithe meántéarma, leanúint de bheith ag díriú ar na tosaíochtaí a comhaontaíodh, gníomhú chun tacaíocht níos fearr a thabhairt do náisiúnaigh tríú tír agus chun iad a imeascadh níos fearr, agus na deiseanna a chuireann an tionscnamh an Ardáin um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip ar fáil chun feabhas a chur ar an iomaíochas a chur san áireamh an tráth céanna.

3.Bearta a dhéanamh chun rannpháirtíocht grúpaí faoi mhíbhuntáiste sa mhargadh saothair a mhéadú, lena náirítear trí fheabhas a chur ar cháilíocht an chúraim fhadtéarmaigh fhoirmiúil bailebhunaithe agus phobalbhunaithe agus ar an rochtain ar an gcúram sin. Iomaíocht a chothú i bpróisis soláthair phoiblí, rud a fhágfaidh go mbeidh na próisis sin níos éifeachtúla agus nach mbeidh siad chomh hanásta céanna, go háirithe do FBManna. Tacú le hinfheistíochtaí príobháideacha trí dhigitiú cuideachtaí a chothú.

4.Bearta a dhéanamh chun dlús a chur le deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise in earnáil an téimh ceantair trí aistriú chuig fuinneamh in-athnuaite. Feabhas a chur ar bheartais a bhaineann le cosaint agus úsáid inbhuanaithe acmhainní uisce chun inbhuanaitheacht fhadtéarmach na nearnálacha a bhíonn ag brath ar sheirbhísí éiceachórais a áirithiú.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 2024/1263, 30.4.2024 ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj .
(2)    Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17), ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/241/oj .
(3)    Rialachán (AE) 2023/435 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 a mhéid a bhaineann le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) 2021/1060 agus (AE) 2021/1755 agus Treoir 2003/87/CE (IO L 63, 28.2.2023, lch. 1), ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/435/oj .
(4)    COM(2023) 168 final.
(5)    COM(2024) 77 final.
(6)    COM(2023) 901 final.
(7)    Rialachán (AE) 2024/1264 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L, 2024/1264, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1264/oj ) agus Treoir (AE) 2024/1265 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Treoir 2011/85/AE maidir le ceanglais le haghaidh chreataí buiséadacha na mBallstát (IO L, 2024/1265, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1265/oj ).
(8)    Glanchaiteachas mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2024/1263 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 (IO L 2024/1263, 30.4.2024. ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj ). Ciallaíonn glanchaiteachas caiteachas rialtais atá glan ar (i) chaiteachas úis, (ii) bearta lánroghnacha ioncaim, (iii) caiteachas ar chláir an Aontais arna meaitseáil go hiomlán le hioncam ó chistí an Aontais, (iv) caiteachas náisiúnta ar chómhaoiniú clár arna gcistiú ag an Aontas, (v) gnéithe timthriallacha den chaiteachas ar shochar dífhostaíochta, agus (vi) bearta aonuaire agus bearta sealadacha eile.
(9)    Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 17 Meitheamh 2022 maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na Polainne (9728/22).
(10)    Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 8 Nollaig 2023 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme an 17 Meitheamh 2022 maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na Polainne (15835/23).
(11)    SWD(2024) 621 final.
(12)    Táscairí Eurostat-Euro, 22.4.2024.
(13)    COM(2023) 141 final.
(14)    Tuarascáil ón gCoimisiún arna hullmhú i gcomhréir le hAirteagal 126(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, 19.6.2024, COM(2024) 598 final.
(15)    Moladh ón gComhairle an 12 Iúil 2022 maidir le Clár Náisiúnta 2022 um Athchóiriú de chuid na Polainne agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár 2022 na Polainne um Chóineasú IO C 334, 1.9.2022, lch. 171.
(16)    Ar bhonn Réamhaisnéis Earraigh 2024 ón gCoimisiún, meastar gurb é 14,5 % i dtéarmaí ainmniúla a bhí san fhás aschuir féideartha meántéarmach sa Pholainn in 2023, agus úsáidtear sin chun an staid fhioscach a thomhas, bunaithe ar an meánráta fáis ionchasach iarbhír 10 mbliana agus ar dhíbhoilsceoir OTI 2023.
(17)    Sainmhínítear an staid fhioscach mar thomhas ar an athrú bliantúil ar riocht buiséadach foluiteach an rialtais ghinearálta. Is é is aidhm dó measúnú a dhéanamh ar an spreagadh eacnamaíoch a eascraíonn as beartais fhioscacha, idir na cinn sin a mhaoinítear go náisiúnta agus na cinn a mhaoinítear le buiséad an Aontais. Déantar an staid fhioscach a thomhas mar an difríocht idir (i) an fás féideartha meántéarmach agus (ii) an tathrú ar chaiteachas príomhúil glan ar bhearta ioncaim lánroghnacha (agus gan bearta sealadacha éigeandála a bhaineann le géarchéim COVID-19 a áireamh) agus lena náirítear caiteachas arna mhaoiniú le tacaíocht neamh-inaisíoctha (deontais) ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile an Aontais. Más comhartha diúltach (deimhneach) atá ag gabháil leis an táscaire léiríonn sé sin beartas fioscach forleathnaitheach (crapthach).
(18)    Sainmhínítear glanchaiteachas príomhúil mar chaiteachas a mhaoinítear go náisiúnta agus atá glan ar (i) bhearta lánroghnacha ioncaim, (ii) caiteachas úis, (iii) caiteachas timthriallach dífhostaíochta, agus (iv) bearta aonuaire agus bearta sealadacha eile.
(19)    Léiríonn an figiúr leibhéal chostas buiséadach bliantúil na mbeart sin, lena náirítear ioncam agus caiteachas agus, i gcás inarb infheidhme, glan ar an ioncam ó chánacha ar bhrabúis amhantair soláthróirí fuinnimh.
(20)    Na bearta a bheidh i bhfeidhm go dtí deireadh 2024, de réir na Polainne, glactar leis, i bprionsabal, i Réamhaisnéis Earraigh 2024 ón gCoimisiún go mbeidh tionchar buiséadach acu freisin in 2025. 
(21)    Déantar an ranníocaíocht sin a thomhas mar an tathrú ar chaiteachas príomhúil rialtais ghinearálta, glan ar (i) thionchar buiséadach incriminteach na mbeart lánroghnach ioncaim, (ii) caiteachais aonuaire, (iii) caiteachas timthriallach dífhostaíochta agus (iv) caiteachas arna mhaoiniú le tacaíocht neamh-inaisíoctha (deontais) ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ó chistí eile de chuid an Aontais, i gcoibhneas leis an meánráta fáis fhéideartha OTI ainmniúil sa mheántéarma (10 mbliana), arna shloinneadh mar chóimheas le OTI ainmniúil.
(22)    Moladh ón gComhairle maidir le Clár Náisiúnta na Polainne um Athchóiriú 2023 agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár um Chóineasú na Polainne 2023, IO C 312, 1.9.2023, lch. 197.
(23)    De réir Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2024/1263, ciallaíonn ‘glanchaiteachas’ caiteachas rialtais atá glan ar chaiteachas úis, ar bhearta lánroghnacha ioncaim, ar chaiteachas ar chláir an Aontais arna meaitseáil go hiomlán le hioncam ó chistí an Aontais, ar chaiteachas náisiúnta ar chómhaoiniú clár arna gcistiú ag an Aontas, ar ghnéithe timthriallacha den chaiteachas ar shochar dífhostaíochta, agus ar bhearta aonuaire agus bearta sealadacha eile.