AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,19.6.2024
COM(2024) 616 final
Moladh le haghaidh
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha Lucsamburg
{SWD(2024) 600 final} - {SWD(2024) 616 final}
Moladh le haghaidh
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha Lucsamburg
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 121(2) agus 148(4) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 3(3) de,
Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint do na rúin ó Pharlaimint na hEorpa,
Ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Fostaíochta,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chosaint Shóisialta,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Beartas Eacnamaíoch,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lenar bunaíodh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, tháinig sé i bhfeidhm an 19 Feabhra 2021. Is rud í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a sholáthraíonn tacaíocht airgeadais do na Ballstáit chun athchóirithe agus infheistíocht a chur chun feidhme, ionas gurb é atá i gceist léi spreagadh airgeadais atá maoinithe ag an Aontas. I gcomhréir le tosaíochtaí an tSeimeastair Eorpaigh, cuidíonn sí ó thaobh an téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta a bhaint amach, agus ó thaobh athchóirithe agus infheistíochtaí inbhuanaithe a chur chun feidhme, go háirithe chun an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach a chur chun cinn agus chun cur le hathléimneacht gheilleagair na mBallstát. Cuidíonn sí freisin ó thaobh an t‑airgeadas poiblí a neartú agus borradh a chur faoin bhfás agus faoin gcruthú post sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ó thaobh an comhtháthú críochach a fheabhsú laistigh den Aontas agus ó thaobh tacú le cur chun feidhme leanúnach Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.
(2)Is é is aidhm do Rialachán REPowerEU, arna ghlacadh an 27 Feabhra 2023, deireadh a chur de réir a chéile le spleáchas an Aontais ar allmhairí breosla iontaise ón Rúis. Ba chuidiú é sin ó thaobh an tslándáil fuinnimh a bhaint amach agus soláthar fuinnimh an Aontais a éagsúlú, agus san am céanna, thiocfadh méadú dá bharr ar ghlacadh foinsí in‑athnuaite fuinnimh, ar acmhainneachtaí stórála agus ar an éifeachtúlacht fuinnimh.
(3)An 16 Márta 2023 d’eisigh an Coimisiún Teachtaireacht maidir le ‘Iomaíochas fadtéarmach an Aontais: níos faide ar aghaidh ná 2030’, chun bonn eolais a chur faoi chinntí beartais agus chun na creatdálaí a chruthú chun an fás a mhéadú. Déanann an Teachtaireacht an t‑iomaíochas a bhunú ar naoi spreagadh a threisíonn a chéile. I measc na spreagthaí sin, is iad an rochtain ar chaipiteal príobháideach, an taighde agus an nuálaíocht, an t‑oideachas agus na scileanna, agus an margadh aonair na príomhthosaíochtaí beartais maidir le hathchóirithe agus infheistíocht chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin táirgiúlachta atá ann faoi láthair agus chun iomaíochas fadtéarmach an Aontais agus a Bhallstát a fhorbairt. An 14 Feabhra 2024, lean an Coimisiún an Teachtaireacht sin leis an Tuarascáil Bhliantúil maidir leis an Margadh Aonair agus an Iomaíochas. Déantar cur síos sa tuarascáil ar láidreachtaí agus dúshláin iomaíocha Mhargadh Aonair na hEorpa, agus rianú á dhéanamh ar fhorbairtí bliantúla de réir na naoi spreagthach maidir le hiomaíochas a sainaithníodh.
(4)An 21 Samhain 2023 ghlac an Coimisiún Suirbhé Bliantúil 2024 don Fhás Inbhuanaithe, rud a chuir tús le timthriall 2024 an tSeimeastair Eorpaigh um chomhordú an bheartais eacnamaíoch. An 22 Márta 2024 d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach tosaíochtaí an tsuirbhé, tosaíochtaí atá dírithe ar na ceithre ghné den inbhuanaitheacht iomaíoch. An 21 Samhain 2023, ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, ghlac an Coimisiún freisin Tuarascáil 2024 maidir leis an Sásra Foláirimh, tuarascáil nár shainaithin sé inti go bhfuil Lucsamburg ar cheann de na Ballstáit a bhféadfadh míchothromaíochtaí a bheith ag baint di, nó a d’fhéadfadh a bheith i mbaol míchothromaíochtaí, agus a mbeadh grinn‑athbhreithniú ag teastáil ina leith. Ghlac an Coimisiún moladh freisin le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, moladh a ghlac an Chomhairle an 12 Aibreán 2024, chomh maith leis an togra le haghaidh Thuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht 2024 lena ndéantar anailís ar chur chun feidhme na dTreoirlínte Fostaíochta agus ar phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, a ghlac an Chomhairle an 11 Márta 2024. An 18 Aibreán 2024 ghlac an Coimisiún tuairim freisin maidir le Dréachtphlean Buiséadach Lucsamburg 2024.
(5)An 30 Aibreán 2024, tháinig creat rialachais eacnamaíoch nua an Aontais i bhfeidhm. Cuimsítear sa chreat Rialachán nua (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le beartais eacnamaíocha agus faireachas buiséadach iltaobhach a chomhordú go héifeachtach agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle. Cuimsítear ann freisin Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 leasaithe maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach a chur chun feidhme agus Treoir 2011/85/AE leasaithe maidir le creataí buiséadacha na mBallstát. Tá sé de chuspóirí ag an gcreat nua inbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí agus fás inbhuanaithe cuimsitheach a bhaint amach trí chomhdhlúthú fioscach de réir a chéile mar aon le hathchóirithe agus infheistíochtaí. Cuireann sé úinéireacht náisiúnta chun cinn agus díríonn sé níos mó ar an meántéarma, agus ina theannta sin, tá forfheidhmiú níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí i gceist leis. Ba cheart do gach Ballstát plean fioscach‑struchtúrach meántéarmach náisiúnta a chur faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin. Sna pleananna fioscacha-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta atá ag Ballstát, tá a ghealltanais fhioscacha, athchóiriúcháin agus infheistíochta, lena gcumhdaítear tréimhse phleanála 4 bliana nó 5 bliana, de réir fhad rialta an reachtais náisiúnta. Ba cheart an chonair ghlanchaiteachais sna pleananna fioscacha-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 2024/1263 a chomhlíonadh, lena n‑áirítear na ceanglais maidir le fiachas rialtais ghinearálta a chur ar chonair anuas inchreidte, nó é a choinneáil ar an gconair sin, faoi dheireadh na tréimhse coigeartaithe ar a dhéanaí, nó é a choinneáil ar leibhéil stuama faoi bhun 60 % de OTI, agus an t‑easnamh rialtais a thabhairt faoi bhun an luacha tagartha 3 % de OTI sa mheántéarma, nó é a choinneáil faoi bhun an luacha sin. I gcás ina ngeallann Ballstát sraith ábhartha athchóirithe agus infheistíochtaí a dhéanamh i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 2024/1263, féadfar síneadh 3 bliana ar a mhéad a chur leis an tréimhse choigeartaithe. Chun tacú le hullmhú na bpleananna sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún, an [21 Meitheamh] 2024, treoir a thabhairt do na Ballstáit maidir le hábhar na bpleananna agus na dtuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn ina dhiaidh sin a bheidh orthu a chur isteach agus, i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 2024/1263, tarchuirfidh sé chucu treoir theicniúil maidir leis na coigeartuithe fioscacha (conairí tagartha agus faisnéis theicniúil i gcás inarb infheidhme). Ba cheart do na Ballstáit a bpleananna fioscacha-struchtúracha meántéarmacha a chur isteach faoin 20 Meán Fómhair 2024, mura gcomhaontóidh an Ballstát agus an Coimisiún síneadh ama réasúnta a chur leis an sprioc-am. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh a bparlaimintí náisiúnta rannpháirteach, agus go rachfar i gcomhairle le hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha, le comhpháirtithe sóisialta agus le páirtithe leasmhara náisiúnta eile, de réir mar is iomchuí.
(6)In 2024 tá an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch fós ag forbairt i gcomhréir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. Tá cur chun feidhme iomlán na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta fós riachtanach chun go mbainfear amach na tosaíochtaí beartais atá ann faoin Seimeastar Eorpach, ós rud é go gcuidíonn na pleananna ó thaobh aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na ndúshláin uile a sainaithníodh sna moltaí tírshonracha ábhartha a eisíodh le blianta beaga anuas, nó ar sciar suntasach de na dúshláin sin. Tá moltaí tírshonracha 2019, 2020, 2022 agus 2023 fós chomh hábhartha céanna maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta i gcomhréir le hAirteagail 14, 18 agus 21 de Rialachán (AE) 2021/241.
(7)An 30 Aibreán 2021, chuir Lucsamburg a phlean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2021/241. De bhun Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2021/241, rinne an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas an phlean téarnaimh agus athléimneachta, i gcomhréir leis na treoirlínte measúnaithe in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin. An 13 Iúil 2021 ghlac an Chomhairle a Cinneadh maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta le haghaidh Lucsamburg, a leasaíodh an 17 Eanáir 2023 de réir Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) 2021/241 chun an ranníocaíocht uasta airgeadais le haghaidh tacaíocht airgeadais neamh‑inaisíoctha a nuashonrú. Tá scaoileadh na dtráthchodanna ag brath ar chinneadh ón gCoimisiún, arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 24(5) de Rialachán (AE) 2021/241, go bhfuil na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha a leagtar amach sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle comhlíonta go sásúil ag Lucsamburg. Ní féidir comhlíonadh sásúil a bheith i gceist ach sa chás nach ndeachthas siar ar ghnóthú na ngarspriocanna agus na spriocanna a gnóthaíodh roimhe sin.
(8)An 26 Aibreán 2024 chuir Lucsamburg isteach a Chlár Náisiúnta um Athchóiriú 2024 agus, an 25 Aibreán 2024, chuir sé isteach a Chlár Cobhsaíochta agus Fáis 2024, i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97. I gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/241, is léiriú é an Clár Náisiúnta um Athchóiriú 2024 ar thuairisciú leathbhliantúil Lucsamburg maidir leis an dul chun cinn atá déanta ó thaobh a phlean téarnaimh agus athléimneachta a bhaint amach.
(9)D’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil tíre 2024 maidir le Lucsamburg an 19 Meitheamh 2024. Rinneadh measúnú sa tuarascáil sin ar dhul chun cinn Lucsamburg ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha ábhartha a ghlac an Chomhairle idir 2019 agus 2023, agus measadh cur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta Lucsamburg. Ar bhonn na hanailíse sin, sainaithníodh sa tuarascáil tíre bearnaí atá ann i ndáil leis na dúshláin nár tugadh aghaidh orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, sin nó nár tugadh aghaidh orthu ach go páirteach, mar aon le dúshláin nua agus dúshláin atá ag teacht chun cinn. Rinneadh measúnú inti freisin ar dhul chun cinn Lucsamburg ó thaobh Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus ó thaobh príomhspriocanna an Aontais maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú na bochtaineachta a bhaint amach, sin agus ar an dul chun cinn i dtreo Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.
(10)Bunaithe ar shonraí atá fíoraithe ag Eurostat, tháinig méadú ar easnamh rialtais ghinearálta Lucsamburg ó 0,3 % de OTI in 2022 go 1,3 % de OTI in 2023, agus tháinig méadú ar fhiachas rialtais ghinearálta ó 24,7 % de OTI ag deireadh 2022 go 25,7 % ag deireadh 2023.
(11)An 12 Iúil 2022 mhol an Chomhairle go ndéanfadh Lucsamburg gníomhaíocht chun a áirithiú go mbeadh fás an chaiteachais phríomha reatha a mhaoinítear go náisiúnta i gcomhréir le seasamh foriomlán neodrach beartais in 2023, agus tacaíocht leanúnach shealadach spriocdhírithe á cur san áireamh le haghaidh na dteaghlach agus na ngnólachtaí is leochailí i dtaobh méaduithe ar phraghsanna fuinnimh agus le haghaidh daoine atá ag teitheadh ón Úcráin. Moladh do Lucsamburg a bheidh réidh an caiteachas reatha a choigeartú bunaithe ar an staid atá ag athrú. Moladh do Lucsamburg freisin infheistíocht phoiblí a leathnú le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, agus tionscnamh REPowerEU á chur san áireamh, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí leas a bhaint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus as cistí eile de chuid an Aontais. In 2023, de réir mheastacháin an Choimisiúin, bhí an staid fhioscach forleathnaitheach, faoi 3,2 % de OTI, i gcomhthéacs an bhoilscithe aird. Leis an bhfás ar chaiteachas reatha príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) in 2023, soláthraíodh rannchuidiú forleathnaitheach 2,7 % de OTI leis an staid fhioscach. Bearta fuinnimh éigeandála neamhspriocdhírithe, méaduithe buana ar phá na hearnála poiblí agus ar shochair shóisialta, infheistíocht rialtais níos airde agus an laghdú aon phointe céatadáin amháin ar rátaí CBL in 2023, ba iad sin na rudaí ba chúis leis an bhfás forleathnaitheach ar chaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim). Mar achoimre, ní raibh fás an chaiteachais reatha phríomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta in 2023 i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Is é 0,1 % de OTI in 2023 a bhí i gcaiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí eile de chuid an Aontais. Is é 4,7 % de OTI in 2023 a bhí in infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta , is é sin méadú 0,5 pointe céatadáin i gcomparáid le 2022. Mhaoinigh Lucsamburg infheistíocht bhreise tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais. Mhaoinigh Lucsamburg infheistíocht phoiblí le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, amhail iompar poiblí, éifeachtúlacht fuinnimh agus an tsoghluaisteacht ghlas chomh maith le seirbhísí poiblí digiteacha, rudaí a chistítear go páirteach leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile de chuid an Aontais.
(12)Is féidir achoimre a dhéanamh ar na príomh‑mheastacháin i gClár Cobhsaíochta 2024 mar seo a leanas. Sa chás maicreacnamaíoch atá mar bhonn taca leis na réamh‑mheastacháin bhuiséadacha, tuartar go bhfásfaidh an fíor-OTI 2,0 % in 2024 agus 3,0 % in 2025, agus tuartar gurb éard a bheidh i mboilsciú ICPT 1,9 % in 2024 agus 3,2 % in 2025. Meastar go dtiocfaidh méadú ar an easnamh rialtais ghinearálta go 1,2 % de OTI in 2024 agus go bhfanfaidh sé cobhsaí ag 1,2 % de OTI in 2025, agus tá an cóimheas fiachais rialtais ghinearálta–OTI le méadú go 26,5 % faoi dheireadh 2024 agus go 26,9 % faoi dheireadh 2025. Dá bhrí sin réamh‑mheastar go dtiocfaidh laghdú de réir a chéile ar an easnamh rialtais ghinearálta, tar éis 2025, go 0,9 % de OTI in 2026 agus go bhfanfaidh sé cobhsaí in 2027. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe go bhfanfaidh an comhardú rialtais ghinearálta faoi bhun 3 % de luach tagartha an easnaimh OTI thar thréimhse an chláir. Dá bhrí sin réamh‑mheastar go dtiocfaidh laghdú de réir a chéile ar an gcóimheas fiachais rialtais ghinearálta–OTI, tar éis 2025, go 27,3 % de OTI in 2026 agus go bhfanfaidh sé cobhsaí in 2027.
(13)Tuartar i Réamhaisnéis Earraigh 2024 ón gCoimisiún go dtiocfaidh méadú 1,4 % ar an bhfíor-OTI in 2024 agus 2,3 % in 2025, agus go seasfaidh boilsciú ICPT ag 2,3 % in 2024 agus 2,0 % in 2025.
(14)Tuartar i Réamhaisnéis Earraigh 2024 ón gCoimisiún easnamh rialtais 1,7 % de OTI in 2024, agus tá an cóimheas fiachais rialtais ghinearálta–OTI le méadú go 27,1 % faoi dheireadh 2024. Is léiriú é an méadú ar an gcóimheas easnaimh in 2024 den chuid is mó caiteachas ard leanúnach ar chúiteamh d’fhostaithe poiblí agus ar shochair shóisialta mar gheall ar an innéacsú uathoibríoch agus ar ioncaim níos ísle mar gheall ar bhearta lánroghnacha den chuid is mó e.g. na réimeanna cánach ioncaim phearsanta a choigeartú suas agus cuideachtaí a chúiteamh don tríú tráinse innéacs pá in 2023 trí ranníocaíochtaí sóisialta na bhfostóirí a laghdú in 2024. Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, réamh‑mheastar go mbeidh an staid fhioscach forleathnaitheach faoi 0,4 % de OTI in 2024.
(15)Meastar go maoineofar caiteachas ar fiú 0.1 % de OTI le tacaíocht neamh‑inaisíoctha (‘deontais’) ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta in 2024, i gcomparáid le níos lú ná 0.1 % de OTI in 2023, de réir Réamhaisnéis Earraigh 2024 ón gCoimisiún. Le caiteachas a mhaoinítear le deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, beifear in ann infheistíocht ardcháilíochta agus athchóirithe a dhéanamh lena gcuirfear leis an táirgiúlacht gan tionchar díreach a bheith aige ar chomhardú rialtais ghinearálta agus fiachas Lucsamburg.
(16)An 14 Iúil 2023 mhol an Chomhairle do Lucsamburg beartas fioscach stuama a áirithiú, go háirithe tríd an méadú ainmniúil ar an nglanchaiteachas príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta in 2024 a theorannú go méid nach mó ná 4,8 %. Agus a mbuiséid le haghaidh 2023 á gcur i bhfeidhm acu agus a nDréachtphleananna Buiséadacha le haghaidh 2024 á n‑ullmhú acu, iarradh ar na Ballstáit a chur san áireamh go molfadh an Coimisiún don Chomhairle tús a chur le nósanna imeachta um easnamh iomarcach atá bunaithe ar easnaimh bunaithe ar na sonraí olltoraidh le haghaidh 2023. De réir Réamhaisnéis Earraigh 2024 ón gCoimisiún, réamh‑mheastar go dtiocfaidh méadú 6,8 % ar ghlanchaiteachas príomhúil Lucsamburg a mhaoinítear go náisiúnta in 2024, figiúr atá os cionn an uasráta fáis a mholtar. 0,9 % de OTI in 2024 is é an caiteachas iomarcach sin thar an ráta fáis uasta a mholtar i nglanchaiteachas príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta. Tá an baol ann nach bhfuil sé sin i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle.
(17)Thairis sin, mhol an Chomhairle do Lucsamburg gníomhaíocht a dhéanamh chun na bearta tacaíochta fuinnimh éigeandála atá i bhfeidhm a fhoirceannadh, agus úsáid á baint as an gcoigilteas gaolmhar chun an t‑easnamh rialtais a laghdú, a luaithe is féidir in 2023 agus 2024. Shonraigh an Chomhairle thairis sin, dá mbeadh gá le bearta tacaíochta nua nó leantacha chun dul i ngleic le méaduithe a thiocfadh an athuair ar phraghsanna fuinnimh, gur cheart do Lucsamburg a áirithiú go spriocdhírítear na bearta tacaíochta sin ar theaghlaigh leochaileacha agus ar ghnólachtaí leochaileacha a chosaint, go mbeidís inacmhainne go fioscach, agus go gcaomhnófaí leo dreasachtaí le haghaidh coigilteas fuinnimh. De réir Réamhaisnéis Earraigh 2024 ón gCoimisiún, meastar gurb é 0,9 % de OTI a bhí i nglanchostas buiséadach na mbeart tacaíochta fuinnimh in 2023, agus réamh‑mheastar gurb é 0,5 % a bheidh ann in 2024, agus 0,3 % in 2025. Go háirithe, na bearta chun teorainn a chur leis an méadú ar phraghsanna gáis agus leictreachais agus na fóirdheontais chun costais téimh a shrianadh, glactar leis go bhfanfaidh siad i bhfeidhm in 2024 agus 2025.
(18)Dá n‑úsáidfí an coigilteas gaolmhar chun an t‑easnamh rialtais a laghdú, mar a mhol an Chomhairle, thuigfí as na réamh‑mheastacháin sin go mbeidh coigeartú fioscach 0,5 % de OTI ann in 2024, ach le glanchaiteachas príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta soláthraítear ranníocaíocht fhorleathnaitheach don staid fhioscach 0,3 % de OTI sa bhliain sin. Ní mheastar go ndéanfar na bearta tacaíochta fuinnimh éigeandála a fhoirceannadh a luaithe is féidir in 2023 agus in 2024. Tá an baol ann nach bhfuil sé sin i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle. Thairis sin, ní mheastar go n‑úsáidfear an coigilteas gaolmhar go hiomlán chun an t‑easnamh rialtais a laghdú. Tá an baol ann freisin nach mbeidh sé sin i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Meastar gurb é 0,1 % de OTI in 2024 (0,4 % in 2023) costas buiséadach na mbeart tacaíochta fuinnimh éigeandála atá dírithe ar theaghlaigh leochaileacha agus gnólachtaí leochaileacha a chosaint, agus as an méid sin caomhnaíonn níos lú ná 0,1 % de OTI an comhartha praghais chun an t‑éileamh ar fhuinneamh a laghdú agus an éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú (0,3 % in 2023).
(19)Ina theannta sin, mhol an Chomhairle freisin do Lucsamburg infheistíocht phoiblí a mhaoinítear go náisiúnta a chaomhnú agus a áirithiú go n‑ionsúfar deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ó chistí eile de chuid an Aontais go héifeachtach, go háirithe chun an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach a chothú. De réir Réamhaisnéis Earraigh 2024 ón gCoimisiún, maidir le hinfheistíocht phoiblí a mhaoinítear go náisiúnta, réamh‑mheastar go dtiocfaidh laghdú uirthi go 4,6 % de OTI in 2024 (ó 4,7 % de OTI in 2023). Is é is cúis leis sin den chuid is mó an mhoill ar sheachadadh satailíte míleata, rud a mheastar anois a tharlóidh in 2025. Agus an toisc bhreise sin á cur san áireamh agus ós rud é go meastar go bhfanfaidh cóimheas infheistíochta poiblí‑OTI Lucsamburg cobhsaí agus ar ardleibhéal le linn na tréimhse réamhaisnéise i réamhaisnéis an earraigh ón gCoimisiún, meastar go n‑urramaíonn infheistíocht phoiblí in 2024 an moladh ón gComhairle. Dá réir sin, maidir le caiteachas poiblí a mhaoinítear le hioncam ó chistí an Aontais, lena n‑áirítear deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, meastar go dtiocfaidh méadú air go 0,2 % de OTI in 2024 ó 0,1 % de OTI in 2023.
(20)Bunaithe ar bhearta beartais atá aitheanta ag scoithdháta na réamhaisnéise agus ar an mbonn nach mbeidh aon athrú beartais ann, tuartar i Réamhaisnéis Earraigh 2024 ón gCoimisiún easnamh rialtais 1,9 % de OTI in 2025. Meastar go dtiocfaidh méadú go 28,5 % ar an gcóimheas fiachais rialtais ghinearálta–OTI faoi dheireadh 2025. Is é caiteachas níos airde ar chúiteamh d’fhostaithe poiblí, ar shochair shóisialta agus ar infheistíocht phoiblí is mó is cúis leis an méadú ar an gcóimheas easnaimh in 2025.
(21)Meastar go dtiocfaidh méadú suntasach ar chaiteachas pinsin rialtais sna blianta amach romhainn mar gheall ar an aistriú déimeagrafach réamh‑mheasta i dtreo daonra atá ag dul in aois, mar aon le laghdú ar imirce ghlan. Tuartar go sáróidh an caiteachas pinsin an t‑ioncam ó ranníocaíochtaí sa dara leath den deich mbliana seo, agus go leathnóidh an t‑easnamh sin de réir a chéile ina dhiaidh sin. Is féidir an éagothroime sin a chur i leith líon méadaitheach pinsinéirí in aghaidh an oibrí, den chuid is mó, ar rud é atá mar thoradh ar dhaonra atá ag dul in aois agus a fhágann go bhfuil cóimheas spleáchais seanaoise níos airde ann. I dTuarascáil 2024 ón gCoimisiún maidir le hAosú, gan coigeartuithe beartais, meastar i ndáil leis an gcúlchiste a ainmnítear chun comhardú airgeadais an chórais pinsean a chosaint, go dtitfidh sé faoin tairseach atá beartaithe sa reachtaíocht náisiúnta faoi thús na 2040idí. Tugtar le fios i réamh‑mheastacháin go n‑ídeofar an cúlchiste laistigh de 5 nó 6 bliana a luaithe a bhainfear an tairseach sin amach. San fhadtéarma, meastar go dtiocfaidh méadú faoi dhó ar an gcaiteachas pinsin, agus go mbainfidh sé amach 17 % de OTI faoi 2070 – a d’fhéadfadh a bheith ar an gcionn is airde laistigh den Aontas. Chuirfeadh sé sin inbhuanaitheacht airgeadais chóras pinsin Lucsamburg i mbaol, agus mhéadódh sé an fiachas rialtais san am céanna. Le bearta chun saol oibre níos faide agus rátaí rannpháirtíochta níos airde i measc oibrithe scothaosta a spreagadh, chuideofaí le haghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin agus thacófaí le fás eacnamaíoch.
(22)Sna 10 mbliana roimh an turraing fuinnimh a tharla le déanaí bhí fás tapa daonra ann agus méadú ar iasachtaí morgáiste a bhí níos mó ná fás an tsoláthair sa mhargadh tithíochta. Is iad na cleachtais coinneála talún is cúis go príomha le dolúbthacht an tsoláthair tithíochta. Mar thoradh air sin, tá ganntanas suntasach tithíochta, costais mhéadaitheacha, agus rioscaí maidir le róluacháil sa mhargadh agus inacmhainneacht laghdaithe – saincheisteanna a dhéanann difear díréireach do phobail leochaileacha agus a d’fhéadfadh difear a dhéanamh freisin do tharraingteacht Lucsamburg d’oibrithe agus do ghnólachtaí araon. In 2023 tharla cor chun donais géar sa mhargadh tithíochta mar gheall ar éifeachtaí leanúnacha praghsanna fuinnimh níos airde agus géarú airgeadaíochta, rud a chreim muinín na dtomhaltóirí. Mar gheall ar an laghdú a tháinig ina dhiaidh sin ar thithíocht nua agus ar sholáthar talún, a shroich na leibhéil is ísle riamh, cuireadh bac ar cheartúcháin riachtanacha ar phraghsanna agus tháinig laghdú suntasach ar ghníomhaíocht tógála. Níor éirigh le hiarrachtaí seanbhunaithe chun praghsanna margaidh a chobhsú, i bpáirt toisc go n‑ardaíonn an córas cánach níos mó ioncaim ó dhíolacháin agus ó cheannacháin réadmhaoine ná ó úinéireacht réadmhaoine, rud a chuireann le dolúbthacht praghsanna agus le méaduithe timthriallacha. Cé gur mhaolaigh bearta fioscacha le déanaí an brú airgeadais ar theaghlaigh agus ar thionscal na tógála, tá fóirdheontais le haghaidh úinéireacht tí tar éis praghsanna tithíochta roimh cháin a bhoilsciú, rud a théann chun tairbhe úinéirí agus infheisteoirí saibhre den chuid is mó.
(23)Is geilleagar beag oscailte é geilleagar Lucsamburg le hearnáil mhór airgeadais idirnáisiúnta, áit a gcuireann go leor grúpaí ilnáisiúnta sreafaí móra airgeadais isteach ann agus amach as mar chuid dá ngníomhaíochtaí gnó. Mar sin féin, tarlaíonn sciar suntasach den ghníomhaíocht sin idir eintitis laistigh de ghrúpaí ilnáisiúnta. D’fhéadfaidís a bheith in ann leas a bhaint as bealaí éalaithe i gcóras cánach Lucsamburg lena laghdaítear ioncam inchánach. Tá imní fós ann faoi bhearta atá róchúng ina raon feidhme, lena gceadaítear cánacha siarchoinneálacha ísle nó chánacha siarchoinneálacha ar bith ar íocaíochtaí úis agus ríchíosa le dlínsí ísealchánach nó saor ó cháin. Tháinig Treoir Cholún 2 i bhfeidhm an 1 Eanáir 2024 i Lucsamburg, lena dtugtar isteach íosráta cánach corparáide éifeachtach 15 % do chuideachtaí ilnáisiúnta atá gníomhach sa tír. Mar gheall ar a raon feidhme, meastar leis an Treoir nach dtabharfar aghaidh ar shaincheist na híocaíochta amach ach go páirteach ós rud é go bhfuil sí teoranta do chorparáidí móra ilnáisiúnta agus go n‑eisiatar earnálacha áirithe léi.
(24)I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (b) de Rialachán (AE) 2021/241 agus le critéar 2.2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis, áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta tacar fairsing athchóirithe agus infheistíochtaí a threisíonn a chéile agus atá le cur chun feidhme faoi 2026. Meastar go gcuideoidh na nithe sin ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin uile a sainaithníodh sna moltaí tírshonracha ábhartha, nó ar sciar suntasach de na dúshláin sin. Laistigh den tréimhse dhocht sin, tá sé ríthábhachtach dul ar aghaidh go pras le cur chun feidhme éifeachtach an phlean, lena n‑áirítear an chaibidil REPowerEU nuair a ghlacfar í, chun borradh a chur faoi iomaíochas fadtéarmach Lucsamburg tríd an aistriú glas agus an aistriú digiteach, agus cothroime shóisialta a áirithiú san am céanna. Chun gealltanais an phlean a chomhlíonadh faoi mhí Lúnasa 2026, tá sé ríthábhachtach do Lucsamburg leanúint d’athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun feidhme. Tá rannpháirtíocht chórasach na n‑údarás áitiúil, na gcomhpháirtithe sóisialta, na sochaí sibhialta agus na bpáirtithe leasmhara ábhartha eile ríthábhachtach i gcónaí i ndáil le húinéireacht leathan a áirithiú maidir le cur chun feidhme rathúil an phlean téarnaimh agus athléimneachta.
(25)Mar chuid den athbhreithniú meántéarma ar chistí an bheartais chomhtháthaithe, i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2021/1060, tá sé de cheanglas ar Lucsamburg gach clár a athbhreithniú faoi mhí an Mhárta 2025, agus na dúshláin a sainaithníodh i moltaí tírshonracha 2024, le cois nithe eile, á gcur san áireamh aige, mar aon lena phlean náisiúnta fuinnimh agus aeráide. Is é an t‑athbhreithniú sin is bunús le leithdháileadh críochnaitheach an chistithe ón Aontas atá san áireamh i ngach clár. Tá dul chun cinn déanta ag Lucsamburg maidir leis an mbeartas comhtháthaithe agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme, ach tá dúshláin ann fós. Leanann Lucsamburg freisin d’éagothromaíochtaí socheacnamaíocha suntasacha a léiriú idir cathracha, bailte, bruachbhailte agus limistéir neamhuirbeacha. Tá sé tábhachtach dlús a chur le cur chun feidhme an bheartais chomhtháthaithe, agus tá na tosaíochtaí a comhaontaíodh sna cláir fós ábhartha. Tá sé thar a bheith tábhachtach go ndéanfar infheistíochtaí a bhaineann leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach a chur chun feidhme go tapa. Is tosaíocht i gcónaí é infheistíocht a dhéanamh i scileanna chun aistrithe gairme agus soghluaisteacht ghairmiúil a éascú i gcomhréir le riachtanais mhargadh an tsaothair, agus aird ar leith á tabhairt ar oibrithe scothaosta agus ar dhaoine a bhfuil cáilíochtaí ísle acu chomh maith le gníomhachtú agus lánpháirtiú sóisialta daoine leochaileacha, go háirithe iad siúd a mbaineann cúlra imirceach leo. Tá tábhacht i gcónaí le cur chun feidhme na Ráthaíochta Eorpaí do Leanaí, go háirithe daltaí faoi mhíbhuntáiste a lánpháirtiú trí oideachas agus oiliúint ar ardchaighdeán. D’fhéadfadh Lucsamburg úsáid a bhaint freisin as tionscnamh an Ardáin um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip chun tacú leis an gclaochlú tionsclaíoch, go háirithe trí infheistíocht a dhéanamh i slabhraí luacha straitéiseacha amhail an tionscal glan‑nialasachta, dícharbónú tionscal dianfhuinnimh agus an nuálaíocht dhigiteach.
(26)Chomh maith leis na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta a dtugtar aghaidh orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta agus i gcistí eile de chuid an Aontais, tá roinnt dúshláin bhreise le sárú ag Lucsamburg a bhaineann le laigí sa chóras oideachais a chuireann leis an neamhionannas agus le saincheisteanna a bhaineann le hinfheistíocht ghnó, lena n‑áirítear T&F, beartas fuinnimh agus an t‑aistriú glas, lena n‑áirítear bacainní a d’fhéadfadh a bheith ann ar an aistriú ó bhreoslaí iontaise agus saincheisteanna maidir leis an ngréasán iompair.
(27)Braitheann bunscileanna agus feidhmíocht fhoriomlán daltaí scoile go mór ar a gcúlra socheacnamaíoch agus teanga. Na meánleibhéil eolais agus scileanna lárnacha ag 15 bliana d’aois, arna dtomhas ag an gClár Idirnáisiúnta um Measúnú Daltaí (PISA) in 2018, an suirbhé is déanaí a raibh Lucsamburg rannpháirteach ann, tá na leibhéil sin i bhfad níos ísle ná meán an Aontais. An bhearna idir mic léinn a bhfuil buntáiste acu agus a bpiaraí faoi mhíbhuntáiste, tá sí níos mó i Lucsamburg ná in aon tír eile san Aontas. Leis an gcóras oideachais, ní thugtar na bunscileanna is gá do gach dalta chun riachtanais mhargadh saothair na tíre a shásamh. Léiríonn na trialacha náisiúnta inniúlachta, nuair a thosaíonn daltaí ar scoil, go bhfuil na bunscileanna riachtanacha acu chun tús a chur leis an litearthacht a thabhairt leo, cé go bhfuil difríochtaí suntasacha idir a gcuid scileanna tosaigh. Faoin am a thosaíonn siad bliain 3 sa bhunscoil, áfach, agus iad 8 mbliana d’aois, leathnaíonn an bhearna scileanna. Titeann feidhmíocht na ndaltaí i léamhthuiscint na Gearmáine agus sa mhatamaitic go suntasach, go háirithe feidhmíocht daltaí ó chúlra faoi mhíbhuntáiste nó daltaí nach í an Ghearmáinis ná an Lucsambuirgis a gcéad teanga. Leis an aistriú glas beidh athruithe struchtúracha i gceist laistigh de mhargadh an tsaothair. Sa chomhthéacs sin, tá méadú tagtha ar uas‑sciliú agus athsciliú in earnálacha atá ag meath agus ag athrú ó bhonn, ach tá an baol ann i gcónaí go mbeidh mímheaitseálacha scileanna ann.
(28)Tá rannpháirtíocht san oiliúint le 12 mhí anuas os cionn mheán an Aontais (50 % v 46,6 %), ach tá sé fós míchothrom ar fud na ngrúpaí. Cé go bhfuil an leibhéal rannpháirtíochta an‑ard i measc daoine dífhostaithe, tá sé lag i measc daoine a bhfuil scileanna ísle acu (24,2 %) agus i measc oibrithe scothaosta (32,5 %). Le staidéir earnála ar ghairmeacha agus ar scileanna arna ndéanamh ag an tSeirbhís Phoiblí Fostaíochta i gcomhpháirtíocht leis an gcónaidhm ghnó (Union des entreprises luxembourgeoises), léirítear go bhfuil éilimh shíormhéadaitheacha ar fud na n‑earnálacha uile ar scileanna a bhfuil gá leo i ngach réimse, agus go háirithe go bhfuil tábhacht ag baint le scileanna trasdisciplíneacha (scileanna iompair, scileanna digiteacha agus bainistíochta, scileanna teanga, etc.) agus leis an gcumas oiriúnú don athrú. Cé gur dheimhnigh ECFE ardfheidhmíocht Lucsamburg maidir le scileanna in 2023, leag sé béim freisin ar dhúshláin mhóra amhail ganntanas tallainne, rannpháirtíocht íseal san fhoghlaim aosach i measc na ndaoine is mó atá faoi mhíbhuntáiste agus an easpa sonraí iontaofa maidir le riachtanais scileanna. Bhí go leor tionscnamh ann le blianta beaga anuas chun an ghairmoiliúint a chur chun cinn i measc cuardaitheoirí poist, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na digiteála agus an acmhainneacht a neartú chun riachtanais scileanna a bheidh ann amach anseo a réamh‑mheas, ach d’ainneoin sin tá gá fós le réitigh éifeachtacha chun rochtain ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil a fheabhsú d’oibrithe ar bheagán oiliúint agus d’oibrithe scothaosta.
(29)Tá leibhéal na táirgiúlachta saothair i Lucsamburg fós ar cheann de na leibhéil is airde san Aontas. Mar sin féin, tá meath suntasach tagtha air ó bhí an ghéarchéim airgeadais dhomhanda ann, agus tá dlús curtha leis an meath sin le déanaí. Le blianta fada tá infheistíocht ghnó ar cheann de na leibhéil is ísle san Aontas, go háirithe in T&F. I bhfianaise na ndúshlán atá ag teacht chun cinn a bhaineann leis an aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach, sa bhreis ar na dúshláin atá ann cheana, d’fhéadfadh sé nach leor a thuilleadh na leibhéil ísle infheistíochta go traidisiúnta, leibhéil a raibh údar leo mar gheall ar riachtanais laghdaithe gheilleagar Lucsamburg atá dírithe ar sheirbhísí. Is bac mór ar an infheistíocht é ganntanas oibrithe, agus d’fhéadfadh an tsaincheist sin dul in olcas mar gheall ar phraghsanna arda tithe, comaitéireacht fhada agus brú tráchta, rud a laghdódh tarraingteacht Lucsamburg mar áit oibre. Na trí innéacsú pá arna spreagadh ag boilsciú ard in 2023 – an chéad uair a tharla sé sin – tá siad tar éis iomaíochas gnólachtaí ar fud earnálacha éagsúla a chreimeadh, agus is iad earnálacha gnó neamhairgeadais, go háirithe na hearnálacha nach bhfuil chomh táirgiúil céanna, is mó a imríonn sé sin tionchar orthu. Má leanann an treocht sin ar aghaidh, d’fhéadfadh sé bac a chur ar infheistíocht úrnua agus tionchar a bheith aige ar chinntí gnólachtaí maidir le hathlonnú.
(30)Tá tacaíocht phoiblí do nuálaíocht ghnó i Lucsamburg teoranta faoi láthair i gcomparáid le tíortha eile a sholáthraíonn tacaíocht indíreach go minic trí chreidmheasanna cánach do T&F. Díríonn an rialtas 25 % dá bhuiséad T&F faoi láthair ar thionscadail shonracha, a bhfuil comhpháirtithe príobháideacha i gceist le cuid acu, agus dírítear tromlach an bhuiséid, 75 % de, ar thacaíocht a thabhairt d’institiúidí. Faigheann tograí T&F san earnáil ghnó cuid réasúnta beag dá mhaoiniú ón rialtas, ag 6 %. Chun tacú leis an nuálaíocht ar bhealach níos éifeachtaí, d’fhéadfadh Lucsamburg breithniú a dhéanamh ar a shamhail chistiúcháin a neartú chun tionscadail atá níos comhoibríche leis an earnáil phríobháideach a chur san áireamh. Trí infheistíocht dhíreach a dhéanamh i nuálaíocht faoi stiúir an ghnó, bheadh sé de chumas ag an tír iarrachtaí príobháideacha T&F a spreagadh agus a táirgiúlacht fhoriomlán a mhéadú.
(31)Is dúshlán suntasach é ról Lucsamburg mar mhol airgeadais domhanda a choinneáil agus geilleagar láidir intíre a chinntiú san am céanna. Tá an earnáil airgeadais, arb é atá ina ranníocaíocht beagnach aon trian den OTI, tar éis tairbhe mhór a bhaint as comhtháthú idirnáisiúnta. Mar sin féin, idir 2021 agus 2023 tháinig laghdú 15 % ar bhreisluach na hearnála in aghaidh an oibrí, laghdú a mhéadaigh faoi dhó ó 2007 i leith, rud a léiríonn gnóthachain laghdaithe ó rannpháirtíocht dhomhanda. Agus meath ag teacht ar tháirgiúlacht, d’fhéadfadh an t‑éagsúlú cabhrú le neamhchosaint ar athruithe i dtrádáil dhomhanda agus i gcúrsaí airgeadais. Ina theannta sin, tá an bhearna idir OTI agus ioncam náisiúnta anois ag 30 % de OTI, difríocht atá tar éis fás ó bhí an ghéarchéim airgeadais dhomhanda ann. Trí infheistíocht i dtionscadail T&F áitiúla ardluacha a spreagadh d’fhéadfaí an bhearna OTI-OIN a laghdú agus tacú le rachmas agus cothromas náisiúnta.
(32)Saintréith de chóras fuinnimh Lucsamburg is ea a spleáchas ard ar allmhairí agus a spleáchas ar bhreoslaí iontaise (77 % den mheascán fuinnimh in 2022). Tá an tír ina glanallmhaireoir mór fuinnimh. Tá an tír ag brath go hiomlán, nach mór, ar allmhairí fuinnimh phríomhúil, agus bhí ráta spleáchais 91 % aici in 2022. An toilleadh suiteáilte iomlán de tháirgeadh fuinnimh in‑athnuaite, shroich sé 782 MW in 2023, méadú 13,5 % ó bhí 2022 ann. Mar sin féin, tá sciar an fhuinnimh in‑athnuaite san olltomhaltas deiridh fuinnimh fós i measc na sciartha is ísle san Aontas.
(33)Tá dul chun cinn suntasach déanta ag Lucsamburg maidir le spriocanna 2030 an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a bhaint amach, cé go bhfuil formhór na scéimeanna fós deontasbhunaithe agus go bhfuil úsáid ionstraimí airgeadais fós an‑teoranta, go háirithe do ghnólachtaí agus don tionscal. Is in earnáil na seirbhísí atá na torthaí is fearr, agus tá an earnáil chónaithe ar gcúl i dtaca léi: tá a ídiú fuinnimh deiridh cobhsaí ó bhí 2015 ann. Beidh gá le méaduithe breise ar an uaillmhian chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus chun fuinneamh in‑athnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú chun go mbainfidh Lucsamburg a spriocanna fuinnimh do 2030 amach – is iad sin 25 % den fhuinneamh a fháil ó fhoinsí in‑athnuaite agus tomhaltas deiridh fuinnimh a laghdú 40 % go 44 % i gcomparáid leis na leibhéil in 2007. Tá ganntanais i dtaobh lucht saothair agus scileanna ann in earnálacha agus i ngairmeacha atá ríthábhachtach maidir leis an aistriú glas, lena n‑áirítear monarú, imlonnú agus cothabháil teicneolaíochtaí glan‑nialasacha, rud a fhágann go bhfuil scrogaill i gceist i dtaca leis an aistriú chuig geilleagar glan‑nialasach. Chun leas a bhaint as soláthar saothair nach bhfuil leas á bhaint as go fóill, ní mór na bearta sin a bheith inrochtana, go háirithe i gcás daoine aonair agus i gcás na n‑earnálacha is mó a ndéanann an t‑aistriú glas difear dóibh.
(34)Le brú tráchta ar bhóithre cuirtear isteach ar an ngeilleagar agus ar inbhuanaitheacht an chomhshaoil. Is é an t‑iompar de bhóthar fós is mó atá ag cur le hastaíochtaí gás ceaptha teasa i Lucsamburg agus tá sé fós ríthábhachtach don dícharbónú. Tá dul chun cinn á dhéanamh maidir le haistriú Lucsamburg chuig iompar inbhuanaithe, agus sciar na bhfeithiclí leictreacha saothair éadroim ag sárú meán an Aontais. Mar sin féin, tá gá le tuilleadh infheistíochtaí chun sciar an iompair paisinéirí agus lasta d’iarnród a mhéadú, ós rud é go n‑úsáidtear iompar de bhóthar le haghaidh 86 % d’iompar paisinéirí agus lasta, lena n‑áirítear i réigiúin teorann chun nascacht trasteorann a fheabhsú.
(35)I bhfianaise na n‑idirnasc dlúth idir geilleagair Bhallstáit an limistéir euro agus a rannchuidithe choitinn le feidhmiú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadais, in 2024, mhol an Chomhairle go ngníomhódh Ballstáit an limistéir euro, lena n‑áirítear trína bpleananna téarnaimh agus athléimneachta, chun an moladh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro a chur chun feidhme. I gcás Lucsamburg, cuidíonn moltaí (1), (2). (3) agus (4) le cur chun feidhme an chéad mholta, an dara moladh, an tríú moladh agus an cheathrú moladh maidir leis an limistéar euro.
AG MOLADH LEIS SEO go ngníomhódh Lucsamburg in 2024 agus 2025 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
1.An plean fioscach‑struchtúrtha meántéarmach a chur isteach go tráthúil. Na bearta tacaíochta fuinnimh éigeandála a fhoirceannadh roimh shéasúr téimh 2024/2025. Aghaidh a thabhairt ar inbhuanaitheacht fhadtéarmach chóras na bpinsean, go háirithe trí theorainn a chur le roghanna luathscoir agus tríd an ráta fostaíochta d’oibrithe scothaosta a mhéadú. Dlús a chur le glacadh beartais chuimsithigh maidir le húsáid talún agus le hathchóiriú ar cháin mhaoine agus tús áite a thabhairt d’fhorbairt tionscadal ceantair ar mhórscála ar thalamh atá faoi úinéireacht an rialtais. Gníomhaíocht a mhéadú chun dul i ngleic go héifeachtach le pleanáil ionsaitheach chánach, go háirithe trí chánachas leordhóthanach a áirithiú ar íocaíochtaí úis amach agus ar ríchíosanna go dlínsí cánach nialasacha/ísle.
2.Leanúint leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme ar bhealach pras éifeachtach, lena n‑áirítear an chaibidil REPowerEU a luaithe a ghlacfar í, lena n‑áiritheofar go dtabharfar athchóirithe agus infheistíochtaí chun críche faoi mhí Lúnasa 2026. Dlús a chur le cur chun feidhme clár beartais comhtháthaithe. I gcomhthéacs an athbhreithnithe meántéarma, leanúint de bheith ag díriú ar na tosaíochtaí a comhaontaíodh, agus na deiseanna a chuireann an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip ar fáil chun feabhas a chur ar an iomaíochas a chur san áireamh san am céanna.
3.Feidhmíocht agus cothromas an chórais oideachais scoile a fheabhsú, lena n‑áirítear tríd an teagasc a chur in oiriúint do riachtanais daltaí atá faoi mhíbhuntáiste agus do dhaltaí ó chúlraí éagsúla teanga. Aghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair agus ar mhímheaitseáil scileanna, go háirithe maidir leis an aistriú glas.
4.Borradh a chur faoin iomaíochas trí thacú le gnólachtaí agus le hinfheistíocht úrnua, go háirithe i ngníomhaíochtaí atá dian ar T&F. Spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú trí infheistíocht a dhéanamh in éifeachtúlacht fuinnimh agus i bhfuinneamh in‑athnuaite. Leictriú an iompair a chur chun cinn a thuilleadh agus infheistíocht a dhéanamh i ngréasáin agus i mbonneagar iompair phoiblí.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán