Moladh le haghaidh
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha na hÉireann
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 121(2) agus 148(4) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97, ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 3(3) de,
Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint do na rúin ó Pharlaimint na hEorpa,
Ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Fostaíochta,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chosaint Shóisialta,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Beartas Eacnamaíoch,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Is é is aidhm do Rialachán REPowerEU, arna ghlacadh an 27 Feabhra 2023, deireadh a chur de réir a chéile le spleáchas an Aontais ar allmhairí breosla iontaise ón Rúis. Ba chuidiú é sin ó thaobh an tslándáil fuinnimh a bhaint amach agus soláthar fuinnimh an Aontais a éagsúlú, agus san am céanna, thiocfadh méadú dá bharr ar acmhainneachtaí stórála, ar ghlacadh foinsí in-athnuaite fuinnimh agus ar an éifeachtúlacht fuinnimh. Chuir Éire caibidil nua REPowerEU lena plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta chun go maoineofar athchóirithe agus infheistíochtaí ríthábhachtacha a chuideoidh le cuspóirí REPowerEU a bhaint amach.
(2)An 16 Márta 2023 d’eisigh an Coimisiún Teachtaireacht maidir le ‘Iomaíochas fadtéarmach an Aontais: níos faide ar aghaidh ná 2030’, ar mhaithe le bonn eolais a chur faoi chinntí beartais agus leis na creatdálaí a chruthú chun an fás a mhéadú. Déanann an Teachtaireacht an t-iomaíochas a bhunú ar naoi spreagadh a threisíonn a chéile. I measc na spreagthaí sin, is iad an rochtain ar chaipiteal príobháideach, an taighde agus an nuálaíocht, an t-oideachas agus na scileanna, agus an margadh aonair na príomhthosaíochtaí beartais maidir le hathchóirithe agus infheistíocht chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin táirgiúlachta atá ann faoi láthair agus chun iomaíochas fadtéarmach an Aontais agus a Bhallstát a fhorbairt. An 14 Feabhra 2024, lean an Coimisiún an Teachtaireacht seo leis an Tuarascáil Bhliantúil maidir leis an Margadh Aonair agus an Iomaíochas . Déantar cur síos sa tuarascáil ar láidreachtaí agus dúshláin iomaíocha Mhargadh Aonair na hEorpa, agus rianú á dhéanamh ar fhorbairtí bliantúla de réir na naoi spreagthach maidir le hiomaíochas a sainaithníodh.
(3)An 21 Samhain 2023 ghlac an Coimisiún Suirbhé Bliantúil 2024 don Fhás Inbhuanaithe, rud a chuir tús le timthriall 2024 an tSeimeastair Eorpaigh um chomhordú an bheartais eacnamaíoch. An 22 Márta 2024 d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach tosaíochtaí an tsuirbhé, tosaíochtaí atá dírithe ar na ceithre ghné den inbhuanaitheacht iomaíoch. An 21 Samhain 2023, ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, ghlac an Coimisiún freisin Tuarascáil 2024 maidir leis an Sásra Foláirimh, tuarascáil nár shainaithin sé inti go bhfuil Éire ar cheann de na Ballstáit a bhféadfadh míchothromaíochtaí a bheith ag baint di, nó a d’fhéadfadh a bheith i mbaol míchothromaíochtaí, agus a mbeadh grinn-athbhreithniú ag teastáil ina leith. An dáta céanna, ghlac an Coimisiún tuairim freisin maidir le dréachtphlean buiséadach na hÉireann 2024. Ghlac an Coimisiún moladh freisin le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, moladh a ghlac an Chomhairle an 12 Aibreán 2024, chomh maith leis an togra le haghaidh Thuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht 2024 lena ndéantar anailís ar chur chun feidhme na dTreoirlínte Fostaíochta agus ar phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, a ghlac an Chomhairle an 11 Márta 2024.
(4)An 30 Aibreán 2024, tháinig creat rialachais eacnamaíoch nua an Aontais i bhfeidhm. Cuimsítear sa chreat Rialachán nua (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le beartais eacnamaíocha agus faireachas buiséadach iltaobhach a chomhordú go héifeachtach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle. Cuimsítear ann freisin Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 leasaithe maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach a chur chun feidhme agus Treoir 2011/85/AE leasaithe maidir le creataí buiséadacha na mBallstát. Is iad cuspóirí an chreata nua inbhuanaitheacht na bhfiach poiblí agus fás inbhuanaithe cuimsitheach trí chomhdhlúthú fioscach a dhéanamh de réir a chéile mar aon le hathchóirithe agus infheistíochtaí. Cuireann sé úinéireacht náisiúnta chun cinn agus díríonn sé níos mó ar an meántéarma, agus ina theannta sin, tá forfheidhmiú níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí i gceist leis. Ba cheart do gach Ballstát plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta a chur faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin. Sna pleananna fioscacha-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta atá ag Ballstát, tá a ghealltanais fhioscacha, athchóiriúcháin agus infheistíochta, lena gcumhdaítear tréimhse phleanála 4 bliana nó 5 bliana, de réir fhad rialta an reachtais náisiúnta. Ba cheart an chonair ghlanchaiteachais sna pleananna fioscacha-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263 a chomhlíonadh, lena n-áirítear na ceanglais maidir le fiacha rialtais ghinearálta a chur ar chonair anuas inchreidte, nó é a choinneáil ar an gconair sin, faoi dheireadh na tréimhse coigeartaithe ar a dhéanaí, nó é a choinneáil ar leibhéil stuama faoi bhun 60 % de OTI, agus an t-easnamh rialtais a thabhairt faoi bhun an luacha tagartha 3 % de OTI sa mheántéarma, nó é a choinneáil faoi bhun an luacha sin. I gcás ina ngeallann Ballstát sraith ábhartha athchóirithe agus infheistíochtaí a dhéanamh i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1263, féadfar síneadh 3 bliana ar a mhéad a chur leis an tréimhse choigeartaithe. Chun tacú le hullmhú na bpleananna sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún, an [21 Meitheamh] 2024, treoir a thabhairt do na Ballstáit maidir le hábhar na bpleananna agus na dtuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn a eiseofar ina dhiaidh sin a bheidh orthu a chur isteach agus, i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2024/1263, tarchuirfidh sé chucu treoir theicniúil maidir leis na coigeartuithe fioscacha (conairí tagartha agus faisnéis theicniúil i gcás inarb infheidhme). Ba cheart do na Ballstáit a bpleananna fioscacha-struchtúracha meántéarmacha a chur isteach faoin 20 Meán Fómhair 2024, mura gcomhaontóidh an Ballstát agus an Coimisiún síneadh ama réasúnta a chur leis an sprioc-am. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh a bparlaimintí náisiúnta rannpháirteach, agus go rachfar i gcomhairle le hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha, le comhpháirtithe sóisialta agus le páirtithe leasmhara náisiúnta eile, de réir mar is iomchuí.
(5)In 2024 tá an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch fós ag forbairt i gcomhréir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. Tá cur chun feidhme iomlán na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta fós riachtanach chun go mbainfear amach na tosaíochtaí beartais atá ann faoin Seimeastar Eorpach, ós rud é go gcuidíonn na pleananna ó thaobh aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na ndúshláin uile a sainaithníodh sna moltaí tírshonracha ábhartha a eisíodh le blianta beaga anuas, nó ar sciar suntasach de na dúshláin sin. Tá moltaí tírshonracha 2019, 2020, 2022 agus 2023 fós chomh hábhartha céanna maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta arna n-athbhreithniú, arna dtabhairt cothrom le dáta nó arna leasú i gcomhréir le hAirteagail 14, 18 agus 21 de Rialachán (AE) 2021/241.
(6)An 28 Bealtaine 2021, chuir Éire a plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2021/241. De bhun Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2021/241, rinne an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas an phlean téarnaimh agus athléimneachta, i gcomhréir leis na treoirlínte measúnaithe in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin. An 8 Meán Fómhair 2021, ghlac an Chomhairle a Cinneadh maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta le haghaidh na hÉireann, a leasaíodh an 8 Nollaig 2023 de réir Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) 2021/241 chun an ranníocaíocht uasta airgeadais le haghaidh tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha a nuashonrú. Tá scaoileadh na dtráthchodanna ag brath ar chinneadh ón gCoimisiún, arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 24(5) de Rialachán (AE) 2021/241, go bhfuil na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha a leagtar amach sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle comhlíonta go sásúil ag Éirinn. Ní féidir comhlíonadh sásúil a bheith i gceist ach sa chás nach ndeachthas siar ar ghnóthú na ngarspriocanna agus na spriocanna a gnóthaíodh roimhe sin.
(7)An 30 Aibreán 2024, thíolaic Éire a Clár Náisiúnta um Athchóiriú 2024 agus, an 10 Bealtaine 2024, thíolaic sí a Clár Cobhsaíochta 2024, i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97. I gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/241, is léiriú é an Clár Náisiúnta um Athchóiriú 2024 ar thuairisciú leathbhliantúil na hÉireann maidir leis an dul chun cinn atá déanta ó thaobh a plean téarnaimh agus athléimneachta a bhaint amach.
(8)D’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil tíre 2024 ar Éirinn an 19 Meitheamh 2024. Rinneadh measúnú sa tuarascáil sin ar dhul chun cinn na hÉireann ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha ábhartha a ghlac an Chomhairle idir 2019 agus 2023, agus measadh cur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta na hÉireann. Ar bhonn na hanailíse sin, sainaithníodh sa tuarascáil tíre bearnaí atá ann i ndáil leis na dúshláin nár tugadh aghaidh orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, sin nó nár tugadh aghaidh orthu ach go páirteach, mar aon le dúshláin nua agus dúshláin atá ag teacht chun cinn. Rinneadh measúnú inti freisin ar dhul chun cinn na hÉireann ó thaobh Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus ó thaobh príomhspriocanna an Aontais maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú na bochtaineachta a bhaint amach, sin agus ar an dul chun cinn i dtreo Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.
(9)Ar bhonn sonraí arna mbailíochtú ag Eurostat, d’fhan barrachas rialtais ghinearálta na hÉireann cobhsaí ag 1,7 % de OTI in 2023, agus thit na hollfhiacha rialtais ghinearálta ó 44,4 % de OTI ag deireadh 2022 go 43,7 % ag deireadh 2023.
(10)An 12 Iúil 2022, mhol an Chomhairle go ndéanfadh Éire gníomhaíocht chun a áirithiú go mbeadh fás an chaiteachais phríomha reatha a mhaoinítear go náisiúnta i gcomhréir le seasamh foriomlán neodrach beartais in 2023, agus tacaíocht leanúnach shealadach spriocdhírithe á cur san áireamh le haghaidh na dteaghlach agus na ngnólachtaí is leochailí i dtaobh méaduithe ar phraghsanna fuinnimh agus le haghaidh daoine atá ag teitheadh ón Úcráin. Ag an am céanna, moladh d’Éirinn an caiteachas reatha a chur in oiriúint don staid atá ag síorathrú. Moladh d’Éirinn freisin infheistíocht phoiblí a leathnú le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, agus an tionscnamh REPowerEU á chur san áireamh, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí leas a bhaint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus as cistí eile de chuid an Aontais. In 2023, de réir mheastacháin an Choimisiúin, bhí an staid fhioscach forleathnaitheach, faoi 0,9 % de OTI, i gcomhthéacs an bhoilscithe aird. Leis an bhfás ar chaiteachas reatha príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) in 2023, soláthraíodh rannchuidiú forleathnaitheach 0,8 % de OTI leis an staid fhioscach. Áirítear leis sin costas laghdaithe na mbeart tacaíochta éigeandála spriocdhírithe do na teaghlaigh agus na gnólachtaí is leochailí ó thaobh méaduithe 0,1 % de OTI ar phraghsanna fuinnimh. Áirítear leis sin freisin costais níos airde chun cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin (0,1 % de OTI). Dá bhrí sin, ní raibh rannchuidiú forleathnaitheach an ghlanchaiteachais reatha phríomha á mhaoiniú go náisiúnta in 2023 de thoradh na tacaíochta éigeandála spriocdhírithe do na teaghlaigh agus na gnólachtaí is leochailí i dtaobh méaduithe ar phraghsanna fuinnimh, agus ní raibh an tacaíocht a tugadh do dhaoine a bhí ag teitheadh ón Úcráin ach ina cuid den chúis a bhí leis. Ba iad méaduithe buana ar phá na hearnála poiblí agus ar shochair shóisialta, agus caiteachas níos airde ar chúram sláinte ba chúis freisin leis an bhfás forleathnaitheach ar chaiteachas reatha príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim). Mar achoimre, ní raibh fás an chaiteachais reatha phríomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta in 2023 i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Is éard a bhí i gceist le caiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta 0,1 % de OTI in 2023. Is éard a bhí i gceist leis an infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta 2,3 % de OTI in 2023, is é sin méadú 0,2 pointe céatadáin i gcomparáid le 2022. Mhaoinigh Éire infheistíocht bhreise tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais. Mhaoinigh Éire infheistíocht phoiblí le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, amhail iarnróid chomaitéireachta a leictriú agus clár chun bonneagar digiteach a sholáthar do scoileanna, rud a chistítear go páirteach leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile de chuid an Aontais.
(11)Is féidir achoimre a dhéanamh ar na príomh-mheastacháin i gClár Cobhsaíochta 2024 mar seo a leanas. Sa chás maicreacnamaíoch atá mar bhonn taca leis na réamh-mheastacháin bhuiséadacha, tuartar go bhfásfaidh an fíor-OTI 2,6 % in 2024 agus 3,9 % in 2025, agus tuartar gurb éard a bheidh i mboilsciú ICPT 2,1 % in 2024 agus 2025 araon. Meastar go dtiocfaidh laghdú ar an mbarrachas rialtais ghinearálta go 1,6 % de OTI in 2024 agus go dtiocfaidh méadú air go 1,7 % de OTI in 2025, agus tá an cóimheas idir fiacha an rialtais ghinearálta agus OTI le laghdú go 41,5 % faoi dheireadh 2024 agus go 39,5 % faoi dheireadh 2025. Tar éis 2025, réamh-mheastar go dtiocfaidh laghdú ar an mbarrachas rialtais ghinearálta go 1,5 % de OTI in 2026, agus go dtiocfaidh méadú air go 1,7 % in 2027. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe go bhfanfaidh an comhardú rialtais ghinearálta faoi bhun 3 % de luach tagartha an easnaimh OTI thar thréimhse an chláir. Dá bhrí sin réamh-mheastar go dtiocfaidh laghdú de réir a chéile, tar éis 2025, ar an gcóimheas idir na fiacha rialtais ghinearálta agus OTI go 37,8 % de OTI in 2026 agus 36,7 % in 2027.
(12)Tuartar i Réamhaisnéis Earraigh 2024 ón gCoimisiún go méadóidh an fíor-OTI faoi 1,2 % in 2024 agus 3,6 % in 2025, agus go seasfaidh boilsciú ICPT ag 1,9 % in 2024 agus 1,8 % in 2025.
(13)Tuartar i Réamhaisnéis Earraigh 2024 ón gCoimisiún barrachas rialtais de 1,3 % de OTI le haghaidh 2024, agus tá an cóimheas idir na fiacha rialtais ghinearálta agus OTI le laghdú go 42,5 % faoi dheireadh 2024. Léiríonn na barrachais níos ísle cur chuige faichilleach a mhéid a bhaineann leis an bhféidearthacht go leanfadh an fás ard ar chaiteachas ar aghaidh in 2024 agus in 2025. Léiríonn an laghdú ar an gcóimheas fiach-OTI in 2024 an barrachas rialtais den chuid is mó agus bheadh sé níos mó mura mbeadh coigeartuithe suntasacha sreafa i leith stoic i gceist. Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, réamh-mheastar go mbeidh an staid fhioscach neodrach den chuid is mó ag -0,1 % de OTI in 2024.
(14)Meastar go maoineofar caiteachas ar lú é ná 0,1 % de OTI le tacaíocht neamh-inaisíoctha (‘deontais’) ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta in 2024, mar a rinneadh in 2023, de réir Réamhaisnéis Earraigh 2024 ón gCoimisiún. Le caiteachas a mhaoinítear le deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, beifear in ann infheistíocht ardcháilíochta agus athchóirithe a dhéanamh lena gcuirfear leis an táirgiúlacht gan tionchar díreach a bheith aige ar chomhardú rialtais ghinearálta agus fiacha na hÉireann.
(15)An 14 Iúil 2023 mhol an Chomhairle d’Éirinn seasamh fioscach fónta a choinneáil ar bun in 2024. Agus a mbuiséid le haghaidh 2023 á gcur i bhfeidhm acu agus a nDréachtphleananna Buiséadacha le haghaidh 2024 á n-ullmhú acu, iarradh ar na Ballstáit a chur san áireamh go molfadh an Coimisiún don Chomhairle tús a chur le nósanna imeachta um easnamh iomarcach atá bunaithe ar easnaimh bunaithe ar na sonraí olltoraidh le haghaidh 2023. De réir Réamhaisnéis Earraigh 2024 ón gCoimisiún, réamh-mheastar go mbeidh comhardú struchtúrach na hÉireann ag 1,8 % de OTI in 2024, ó 1,0 % in 2023, agus ar an gcaoi sin os cionn chuspóir buiséadach meántéarmach (MTO) na tíre maidir le comhardú struchtúrach de -0,5 % de OTI. Tá sé sin i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle.
(16)Thairis sin, mhol an Chomhairle d’Éirinn gníomhaíocht a dhéanamh chun na bearta tacaíochta fuinnimh éigeandála atá i bhfeidhm a fhoirceannadh a luaithe is féidir in 2023 agus 2024. Shonraigh an Chomhairle thairis sin, dá mbeadh gá le bearta tacaíochta nua nó leantacha chun dul i ngleic le méaduithe a thiocfadh an athuair ar phraghsanna fuinnimh, gur cheart d’Éirinn a áirithiú go spriocdhírítear na bearta tacaíochta sin ar theaghlaigh leochaileacha agus ar ghnólachtaí leochaileacha a chosaint, go mbeidís inacmhainne go fioscach, agus go gcaomhnófaí leo dreasachtaí le haghaidh coigilteas fuinnimh. De réir Réamhaisnéis Earraigh 2024 ón gCoimisiún, meastar gurb é 0,4 % de OTI a bhí i nglanchostas buiséadach na mbeart tacaíochta éigeandála fuinnimh in 2023, agus réamh-mheastar gurb é 0,1 % a bheidh ann in 2024, agus 0,0 % in 2025. Meastar go ndéanfar na bearta tacaíochta éigeandála fuinnimh a fhoirceannadh a luaithe is féidir in 2023 agus in 2024. Tá sé sin i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle.
(17)Ina theannta sin, mhol an Chomhairle freisin d’Éirinn infheistíocht phoiblí a mhaoinítear go náisiúnta a chaomhnú agus a áirithiú go n-ionsúfar deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ó chistí eile de chuid an Aontais go héifeachtach, go háirithe chun an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a chothú. De réir Réamhaisnéis Earraigh 2024 ón gCoimisiún, maidir le hinfheistíocht phoiblí a mhaoinítear go náisiúnta, réamh-mheastar go dtiocfaidh méadú uirthi go 2,5 % de OTI in 2024 (ó 2,3 % de OTI in 2023). Tá sé sin i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle. Dá réir sin, maidir le caiteachas poiblí a mhaoinítear le hioncam ó chistí an Aontais, lena n-áirítear deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, meastar go bhfanfaidh sé cobhsaí ag 0,1 % de OTI in 2024.
(18)Bunaithe ar bhearta beartais atá aitheanta ag scoithdháta na réamhaisnéise agus ar an mbonn nach mbeidh aon athrú beartais ann, tuartar i Réamhaisnéis Earraigh 2024 ón gCoimisiún barrachas rialtais 1,2 % de OTI in 2025. Meastar go dtiocfaidh laghdú go 41,3 % ar an gcóimheas idir na fiacha rialtais ghinearálta agus OTI faoi dheireadh 2025. Léiríonn an laghdú ar an gcóimheas fiach-OTI in 2025 an barrachas rialtais den chuid is mó agus bheadh sé níos mó mura mbeadh coigeartuithe suntasacha sreafa i leith stoic i gceist.
(19)Tá imní ann maidir leis an tionchar ar inbhuanaitheacht fhioscach chost-éifeachtúlacht an chórais cúraim sláinte. Is í Éire an t-aon tír san Aontas nach bhfuil cumhdach cúraim phríomhúil uilíoch aici, agus cuireann sé sin níos mó brú ar na hospidéil. Meastar go gcuirfidh aosú an daonra brú ar an gcóras cúraim sláinte: Meastar go dtiocfaidh méadú 1.5 pointe céatadáin ar an gcaiteachas poiblí ar chúram sláinte mar chéatadán de OTI faoi 2070 i gcás na hÉireann, céatadán atá i bhfad os cionn an mhéadaithe réamh-mheasta 0.4 pointe céatadáin i gcás an Aontais.
(20)I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (b) de Rialachán (AE) 2021/241 agus le critéar 2.2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis, áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta tacar fairsing athchóirithe agus infheistíochtaí a threisíonn a chéile agus atá le cur chun feidhme faoi 2026. Meastar go gcuideoidh na nithe sin ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin uile a sainaithníodh sna moltaí tírshonracha ábhartha, nó ar sciar suntasach de na dúshláin sin. Laistigh den tréimhse dhocht sin, tá sé ríthábhachtach dul ar aghaidh go pras le cur chun feidhme éifeachtach an phlean, lena n-áirítear caibidil REPowerEU, a luaithe a ghlacfar í, chun borradh a chur faoi iomaíochas fadtéarmach na hÉireann leis an aistriú glas agus an leis an aistriú digiteach, agus cothroime shóisialta a áirithiú san am céanna. Chun gealltanais an phlean a chomhlíonadh faoi mhí Lúnasa 2026, tá sé ríthábhachtach d’Éirinn leanúint d’athchóirithe a chur chun feidhme agus dlús a chur le hinfheistíochtaí trí aghaidh a thabhairt ar mhoilleanna atá ag teacht chun cinn agus cumas láidir riaracháin á chinntiú san am céanna. Airítear leis sin cur isteach tráthúil na n-iarratas ar íocaíocht atá le teacht. Tá rannpháirtíocht chórasach na n-údarás áitiúil agus réigiúnach, na gcomhpháirtithe sóisialta, na sochaí sibhialta agus na bpáirtithe leasmhara ábhartha eile ríthábhachtach i gcónaí i ndáil le húinéireacht leathan a áirithiú maidir le cur chun feidhme rathúil an phlean téarnaimh agus athléimneachta.
(21)Mar chuid den athbhreithniú meántéarma ar chistí an bheartais chomhtháthaithe, i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2021/1060, tá sé de cheanglas ar Éirinn gach clár a athbhreithniú faoi mhí an Mhárta 2025, agus na dúshláin a sainaithníodh i moltaí tírshonracha 2024, le cois nithe eile, á gcur san áireamh aici, mar aon lena plean náisiúnta fuinnimh agus aeráide. Is é an t-athbhreithniú sin is bunús le leithdháileadh críochnaitheach an chistithe ón Aontas atá san áireamh i ngach clár. Tá dul chun cinn déanta ag Éirinn maidir leis an mbeartas comhtháthaithe agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme, ach tá dúshláin ann fós. Tá éagsúlachtaí móra ó thaobh na heacnamaíochta agus na sochaí le brath fós in Éirinn idir limistéir chathrach agus limistéir eile sa tír, go háirithe réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair (TI). Tá laigí móra in imeascadh grúpaí faoi mhíbhuntáiste sa mhargadh saothair, grúpaí atá i ngleic le líon díréireach rioscaí bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta. Cé go bhfuil na tosaíochtaí a aontaíodh sna cláir ábhartha fós, tá sé tábhachtach dlús a chur lena gcur chun feidhme. Tá an cuspóir éiceachórais nuálaíochta á neartú ar an leibhéal réigiúnach ábhartha fós, cuspóir a bhfuil an aidhm san áireamh ann an bhearta nuálaíochta a laghdú idir an réigiún TI agus an dá réigiún eile. Tá sé tábhachtach fós rochtain ar na seirbhísí sóisialta a éascú agus bearta maidir le scileanna spriocdhírithe a fhorbairt do na grúpaí is mó faoi bhuntáiste chun dul i ngleic le ganntanais lucht saothair, leis an mbochtaineacht agus leis an eisiamh sóisialta. D’fhéadfadh Éire tionscnamh an Ardáin um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip a ghiaráil chun borradh a chur faoi infheistíochtaí sa digitiú agus sa chlaochlú digiteach i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide agus sa taighde ar mhaithe le teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain i gcomhréir leis an straitéis um speisialtóireacht chliste agus le ‘Fís de Straitéis um Thionscal 4.0 2020-2025 na hÉireann’ agus le bunú Mhonaraíocht na Todhchaí, Éire.
(22)Chomh maith leis na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta a dtugtar aghaidh orthu leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta agus le cistí eile ón Aontas, tá Éire i ngleic le roinnt dúshlán a bhaineann le soláthar uisce óil agus le cóireáil fuíolluisce, le cois an chórais bainistithe dramhaíola. Ina theannta sin, tá dúshláin eile fós ann i dtaca leis an gcóras leictreachais, leis an mbonneagar fuinnimh agus le teicneolaíochtaí eangaí cliste, chomh maith le héifeachtúlacht fuinnimh.
(23)Tá easnaimh mhóra ann fós sna hearnálacha uisce agus fuíolluisce a dhéanann difear don cháilíocht uisce, easnaimh a mhéadaítear de bharr rátaí sceite arda atá ag leanúint ar aghaidh sa chóras soláthair uisce. Níl ag éirí le hÉirinn chomh maith agus ba cheart di i leith na gcaighdeán a bhfuil achoimre orthu sa Treoir maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh, mar go bhfuil méid mór fuíolluisce uirbigh fós ann nach gcóireáiltear nó nach mbailítear, agus tá bonneagar atá as dáta ar cheann de na cúiseanna móra leis sin. Tá sciar mór de dhaonra na hÉireann fós nach bhfuil nasctha le cóireáil thánaisteach fuíolluisce ar a laghad. Ní leor an rialú ar astarraingt uisce agus ar athruithe ar dhobharlaigh mar nach bhfuil creat dlíthiúil ceart ann. Ós rud é nach leor an bonneagar atá ann chun uisce óil a sholáthar agus chun fuíolluisce a bhailiú agus a chóireáil is féidir go mbeidh teorann le tógáil tithíochta nó tionscal i limistéir áirithe, rud a dhéanfaidh difear don iomaíochas.
(24)Lean córas fuinnimh na hÉireann ag léiriú airíonna íogaireachta in 2023 agus praghsanna leictreachais miondíola níos airde inti fós ná mar a bhí meán an Aontais. Sa dara leath de 2023, ba in Éirinn a bhí na praghsanna leictreachais is airde le haghaidh custaiméirí teaghlaigh san Aontas, agus tá na praghsanna sin ard fós. Tá spriocanna uaillmhianacha leagtha síos ag Éirinn i leith an sciar ginte leictreachais in-athnuaite agus tá tús curtha aici le foinsí fuinnimh in-athnuaite breise a chur in úsáid, rud a bheidh dian ar an gcóras leictreachais de bharr méideanna níos mó ginte éagsúil. Tá gá le hacmhainneacht eangaí níos mó ar na leibhéil tarchuir agus dáileacháin araon, lena n-áirítear tionscadail nua trasteorann. Tá tionchar ag an easpa acmhainneachta eangaí ar an iomaíochas chomh maith, go háirithe i dtaca le cuideachtaí a tharraingt agus a choinneáil. De bharr na srianta acmhainneachta bíonn costais táirge níos airde chomh maith, rud a fhéadfaidh cuideachtaí a dhíspreagadh. Tugadh de chúram don údarás rialála náisiúnta plean a chur ar fáil maidir le solúbthacht ar thaobh an éilimh chun gur féidir le córas fuinnimh na hÉireann oibriú go héifeachtúil agus sciartha móra de leictreachas in-athnuaite ina gcuid de. Beidh solúbthacht ar thaobh an éilimh agus uasghráduithe móra ar an mbonneagar tarchuir, dáileacháin agus stórála ríthábhachtach má tá Éire leis an sprioc 80 % leictreachais in-athnuaite a bhaint amach, sprioc atá leagtha síos ina Plean Gníomhaíochta ar son na hAeráide, leis an gciorrú a laghdú ar an ngineadh in-athnuaite atá ann cheana, agus leis an 5GW ginte gaoithe amach ón gcósta atá beartaithe a chomhtháthú faoi 2030. Tá gá le gníomhaíocht bhreise chun solúbthacht ar thaobh an éilimh agus rannpháirtíocht tomhaltóirí in acmhainní fuinnimh dáilte a chur chun cinn chun go gcumhachtófar na tomhaltóirí agus go bhfeabhsófar solúbthacht an chórais fuinnimh san am céanna. Áirítear leis sin rannpháirtíocht tomhaltóirí i seirbhísí cothromúcháin agus solúbthachta.
(25)Cé go ndearnadh dul chun cinn maidir le tionscnaimh a chur chun cinn chun an éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú, tá gá le tuilleadh beart fós chun úsáid leictreachais a laghdú agus chun an stoc tógála a dhícharbónú, go háirithe uasghráduithe ar fhuinneamh cónaithe, iarfheistiú agus aistriú luathaithe chuig téamh in-athnuaite. Níor éirigh le hÉirinn srian a chur le húsáid fuinnimh go fóill, rud a mheastar a mhéadóidh i dtreo 2030 de réir thuarascáil na hÉireann maidir le Réamh-mheastacháin Náisiúnta Fuinnimh agus a sháróidh na huasteorainneacha astaíochtaí earnála a bunaíodh d’earnáil na timpeallachta tógtha. Cé go bhfuil fíormhéid na n-iarfheistithe domhana teoranta fós, thosaigh Éire ag cur chun feidhme spriocanna uaillmhianacha a Plean Gníomhaíochta ar son na hAeráide. Leithdháileadh breis agus EUR 400 milliún ar éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh faoi bhuiséad an Stáit 2024. D’fhéadfadh cur chun feidhme na gclár coigilteas fuinnimh cuimsitheach le haghaidh na hearnála poiblí feidhmíocht fuinnimh an stoic phoiblí thógála a mhéadú. Tá gá le hiarrachtaí breise freisin chun dul i ngleic leis an tomhaltas fuinnimh san iompar agus sna tionscail trí iarnróid chomaitéireachta a leictriú agus trí fhaireachán ar fhuinnimh agus córais rialúcháin a spreagadh.
(26)I bhfianaise na n‑idirnasc dlúth idir geilleagair Bhallstáit an limistéir euro agus a rannchuidithe choitinn le feidhmiú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadais, in 2024, mhol an Chomhairle go ngníomhódh Ballstáit an limistéir euro, lena n‑áirítear trína bpleananna téarnaimh agus athléimneachta, chun an moladh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro a chur chun feidhme. I gcás na hÉireann, cuidíonn moltaí (1), (2). (3) agus (4) le cur chun feidhme an chéad mholta, an dara moladh agus an cheathrú moladh maidir leis an limistéar euro.
AG MOLADH LEIS SEO go ngníomhódh Éire in 2024 agus 2025 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
1.An plean fioscach-struchtúrth meántéarmach a chur isteach go tráthúil. Aghaidh a thabhairt ar an méadú ar chaiteachas a bhaineann le haois tríd an gcóras cúraim sláinte a dhéanamh níos costéifeachtúla.
2.Aghaidh a thabhairt ar mhoilleanna atá ag teacht chun cinn chun gur féidir an plean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme ar bhealach leanúnach pras éifeachtach, lena n-áirítear caibidil REPowerEU, a luaithe a ghlacfar í, a áirithiú go dtabharfar athchóirithe agus infheistíochtaí chun críche faoi mhí Lúnasa 2026. Dlús a chur le cur chun feidhme clár beartais comhtháthaithe. I gcomhthéacs a n-athbhreithnithe meántéarma, leanúint de bheith ag díriú ar na tosaíochtaí a comhaontaíodh, agus na deiseanna a chuireann an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip ar fáil chun feabhas a chur ar an iomaíochas a chur san áireamh san am céanna.
3.Infheistíochtaí a mhéadú sa bhonneagar uisce óil agus fuíolluisce chun cáilíocht uisce a fheabhsú agus sceitheadh a laghdú.
4.Na hiarrachtaí a mhéadú ar sholúbthacht an chórais leictreachais a mhéadú, agus an acmhainneacht eangaí a nuachóiriú agus a leathnú. Straitéis a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun an fhreagairt ar thaobh an éilimh a mhéadú, agus an phleanáil agus an ceadú le haghaidh saoráidí stórála agus nascóirí eangaí a chuíchóiriú. Iarrachtaí a mhéadú ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh príobháideach a fheabhsú chun billí fuinnimh agus costais an chórais fuinnimh a laghdú.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán