An Bhruiséil,18.12.2024

COM(2024) 579 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2023 MAIDIR LE CUR CHUN FEIDHME RIALACHÁN (CE) UIMH. 300/2008 MAIDIR LE RIALACHA COMHCHOITEANNA I RÉIMSE NA SLÁNDÁLA EITLÍOCHTA SIBHIALTA










1.RÉAMHRÁ

De réir Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 1 , cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus na mBallstát gach bliain, á gcur ar an eolas maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin sin agus maidir lena thionchar ar fheabhsú na haershlándála.

In 2020, chuir ranna an Choimisiúin tús le hathbhreithniú maidir leis na chéad chéimeanna eile a dfhéadfadh a bheith ann le haghaidh chóras slándála eitlíochta an Aontais 2 . Mar thoradh air sin, dfhoilsigh ranna an Choimisiúin Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin i mí Feabhra 2023 dar teideal Working Towards an enhanced and more resilient aviation security policy: a stocktaking [Ag obair i dtreo beartas slándála eitlíochta feabhsaithe agus níos athléimní: athbhreithniú], lenar deimhníodh a bhfuil bainte amach le córas slándála eitlíochta an Aontais, lenar tarraingíodh aird ar roinnt saincheisteanna atá fós gan réiteach agus ar na bunchúiseanna atá leo, agus lenar sainaithníodh roghanna réitigh a dfhéadfadh a bheith ann, mar aon leis an tionchar a dfhéadfadh a bheith acu, nuair ab fhéidir iad a shainaithint. Moladh sa Doiciméad Inmheánach Oibre bonnlíne nua níos uaillmhianaí maidir le paisinéirí agus bagáiste a scagadh, bonnlíne a bheadh comhoiriúnach leis an gcóras i dtaca le rialú slándála aonair laistigh den Aontas , próiseas rialála feabhsaithe agus forbairt agus glacadh nuálaíochta feabhsaithe.

In 2023, lean an Coimisiún den chóras slándála eitlíochta a neartú agus thug a sheirbhísí faoi roinnt gníomhaíochtaí a sainaithníodh mar ghníomhaíochtaí ríthábhachtacha sa Doiciméad Inmheánach Oibre. Trí bhearta sealadacha a bhí dírithe ar bhaill foirne slándála, rinne sé beart chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchor acmhainneachta ag aerfoirt an Aontais le linn shéasúr samhraidh 2023 nuair a tháinig méadú ar an taisteal eitlíochta tar éis COVID, tráth a raibh ganntanas fostaíochta san earnáil eitlíochta.

Le linn 2023, d’oibrigh Grúpa Stiúrtha na Straitéise Slándála Eitlíochta le chéile, le tacaíocht ó shruthanna oibre comhairliúcháin, chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí a leagtar síos sa Doiciméad Inmheánach Oibre.

2.TEAGMHAIS BHAGARTHA AGUS AN tIONCHAS

Lean an Coimisiún, in éineacht leis na gníomhaireachtaí ábhartha, d’idirphlé leanúnach faoi na bagairtí slándála atá ag teacht chun cinn le haghaidh na hearnála eitlíochta, agus d’fhaireachán tráthrialta a dhéanamh orthu, lena n‑áirítear bagairtí de chineál hibrideach, in éineacht leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara eile, chun cur leis an eolas agus leis an acmhainneacht chun na bagairtí sin a fhreagairt, agus bainistíocht éifeachtach á déanamh ar an riosca. Tugadh cleachtadh cuimsitheach mapála rioscaí chun measúnú a dhéanamh ar leibhéal na bagartha agus an riosca don eitlíocht shibhialta i gcrích leis na Ballstáit sa chéad ráithe de 2023. Rinneadh an cleachtadh sin mar chuid de na hiarrachtaí chun beartas slándála eitlíochta feabhsaithe agus níos athléimní a bhaint amach, mar a liostaítear sa Doiciméad Inmheánach Oibre.

2.1Sceimhlitheoireacht agus bagairtí hibrideacha

Níor tháinig aon athrú ar staid dhomhanda na sceimhlitheoireachta in 2023. Oibríonn sceimhlitheoirí thar theorainneacha, ag baint úsáid as teicneolaíochtaí agus modi operandi nua. Is cúis mhór imní i gcónaí é scaipeadh na bolscaireachta ar líne agus an acmhainneacht radacaithe a bhaineann léi, ag tógáil ar an imeallú sóisialta agus ar an easpa córas láidir tacaíochta chun leantóirí nua a earcú. I dtimpeallacht atá níos díláraithe agus níos luainí, déanann gníomhaithe sceimhlitheoireachta agus gníomhaithe antoisceacha foréigneacha atá scaipthe ó chéile ceangal le chéile agus spreagann siad a chéile ar bhealaí nach bhfuil teoranta don idé-eolaíocht ná don chleamhnacht ghrúpa.

Tá coinne ann go leanfaidh na bagairtí agus na dúshláin a bhaineann le heitlíocht sibhialta mar sprioc ardphróifíle de bheith ag forbairt, agus go dtiocfaidh méadú ar éagsúlacht modi operandi na n‑ionsaithe. Tugtar aird ar leith fós ar bhagairtí cos istigh agus ar an sceimhlitheoireacht ón tír istigh. Beidh timpeallacht fós ann le haghaidh sceimhlitheoirí i gcriosanna coinbhleachta ina mbeidh an deis acu trealamh de ghrád míleata atá níos sofaisticiúla a fháil.

2.2Cibearshlándáil

I gcomhthéacs spleáchas méadaitheach na hearnála eitlíochta ar an teicneolaíocht faisnéise agus ar chórais dhigiteacha oibríochtúla, tá an chibearshlándáil ag éirí níos tábhachtaí an tam ar fad. Dfhéadfaí iarmhairtí tubaisteacha a bheith ag cibirionsaithe a dhíreofaí ar an earnáil iompair agus dfhéadfadh suaitheadh mór eacnamaíoch a bheith mar thoradh orthu. Tuairiscíodh níos mó ná 6 000 cibirionsaí a raibh tionchar acu ar pháirtithe leasmhara eitlíochta éagsúla in 2023. Ba iad suíomhanna gréasáin calaoiseacha, fioscaireacht agus bogearraí mailíseacha (lena náirítear bogearraí éirice) na modhanna is mó a raibh luí leo chun cibirionsaithe a dhéanamh, agus ba ar úsáideoirí aerspáis, aerfoirt agus soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta agus a slabhra soláthair a díríodh go príomha. 3 Tugadh an creat slándála eitlíochta atá ann cheana cothrom le dáta in 2023 tar éis an Dara Treoir NIS 4 . Tionóladh cruinnithe leis na húdaráis náisiúnta agus é de chuspóir acu cur i bhfeidhm agus comhsheasmhacht forfheidhmiúcháin uasta a áirithiú idir cibir-rialacha cothrománacha agus earnála chun an earnáil iompair agus an bonneagar gaolmhar a dhéanamh níos athléimní, lena náirítear na modhanna chun dul i ngleic le cibearbhagairtí. Baineann roinnt dúshláin shonracha leis an gcibir-réimse, lena náirítear an réimse gníomhaithe agus ábhair spreagtha (anuas ar ghrúpaí sceimhlitheoireachta).

3.MEASÚNUITHE RIOSCA

3.1Dróin

An úsáid neamhdhleathach a bhaintear as córais aerárthaí gan foireann, nó dróin mar is fearr aithne orthu, is féidir léi cur isteach ar oibríochtaí aerfoirt agus dfhéadfadh sí aerárthaí agus na daoine atá iontu a chur i mbaol. 5  I ndáil leis sin, agus bunaithe ar straitéis an Choimisiúin a glacadh le déanaí maidir le cur in aghaidh na mbagairtí a dfhéadfadh a bheith ag baint le dróin 6 , tá measúnú riosca slándála eitlíochta déanta ag ranna an Choimisiúin ar dhróin agus é mar chuspóir aige leochaileachtaí breise a dfhéadfadh a bheith ag aerfoirt agus a bhféadfadh réitigh rialála a bheith ag teastáil ina leith a shainaithint. Seoladh an cleachtadh measúnaithe riosca sa ráithe dheireanach de 2023, agus tabharfar chun críche é sa chéad ráithe de 2024.

3.2Criosanna Coinbhleachta

Faoi Chóras Foláirimh an Aontais maidir le Criosanna Coinbhleachta, leanadh de mheasúnuithe riosca coiteanna a dhéanamh ar bhonn ráithiúil tráthrialta in 2023, faoi stiúir ghrúpa comhtháite measúnaithe riosca an Aontais i ndáil leis an slándáil eitlíochta, lena náirítear Ballstáit den Aontas, Lárionad Faisnéise agus Staide an Aontais Eorpaigh (EU INTCEN) de chuid na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA). Is é is aidhm don chleachtas sin faisnéis a roinnt go tráthúil maidir leis an measúnú ar na rioscaí a eascraíonn as criosanna coinbhleachta chun tacú le maolú riosca. I gcás práinne, socraítear cruinnithe eisceachtúla. Thionóil an grúpa ceithre chruinniú ráithiúla in 2023 agus trí chruinniú phráinneacha ad hoc, go háirithe maidir leis an gcoinbhleacht Hamas-Iosrael agus a tionchar ar eitlíocht shibhialta an Aontais. Mar thoradh air sin, foilsíodh feasachán faisnéise nua maidir le crios coinbhleachta (CZIB), tarraingíodh siar dhá CZIB, agus cuireadh síneadh le 11 CZIB atá ann cheana. 7

Le próiseas comhtháite measúnaithe ar an riosca i ndáil leis an tslándáil eitlíochta de chuid an Aontais, cuirtear ar fáil an cumas chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí agus tugtar tacaíocht don phróiseas cinnteoireachta (maolú riosca) le haghaidh na slándála aerlasta agus na gcaighdeán slándála eitlíochta freisin.

4.AN CREAT REACHTACH AGUS UIRLISÍ FORLÍONTACHA

4.1An creat reachtach

Tá an eitlíocht shibhialta an-tarraingteach fós do ghníomhaithe naimhdeacha agus ní mór bearta cosanta comhréireacha rioscabhunaithe a chur chun feidhme chun dul i ngleic leis an mbagairt sin. Dá bhrí sin, bíonn an Coimisiún agus na Ballstáit de shíor ag coigeartú na mbeart maolúcháin chun an leibhéal is airde slándála a bhaint amach agus éifeachtaí díobhálacha ar na hoibríochtaí á n‑íoslaghdú an tráth céanna.

Leasaíodh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 i mí an Mhárta 2023 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/566 8 . Leis an rialachán is déanaí díobh sin, tugtar isteach leasuithe a bhfuil gá leo anois i bhfianaise na nathruithe atá tagtha ar an staid bhagartha agus riosca, agus i bhfianaise na bhforbairtí is déanaí maidir leis an teicneolaíocht. Baineann na leasuithe sin le bogearraí uathoibrithe braite ítimí toirmiscthe (APID), córais braite pléascán (EDS) le haghaidh bagáiste cábáin, trealamh braite rianta pléascán (ETD), scanóirí slándála, bagairtí ceimiceacha áirithe a bhrath, mar aon le trealamh braite gaile pléascán (EVD) agus modhnuithe gaolmhara sa phróiseas scagtha.

4.2Bunachar sonraí an Aontais maidir le slándáil an tslabhra soláthair

Is é bunachar sonraí an Aontais 9    maidir le slándáil an tslabhra soláthair an taon uirlis dhlíthiúil amháin atá ar fáil le haghaidh comhairliúcháin nuair a ghlactar le coinsíneachtaí ó ghníomhaire rialáilte eile nó ó choinsíneoir aitheanta. Áirítear sa bhunachar sonraí céanna liosta den trealamh slándála eitlíochta formheasta ar a bhfuil an mharcáil Stampa AE.

Faoi dheireadh 2023, bhí thart ar 40 000 taifead sa bhunachar sonraí maidir le gníomhairí rialáilte, coinsíneoirí aitheanta, soláthróirí aitheanta soláthairtí aerfoirt, bailíochtóirí neamhspleácha, aerlínte ACC3, soláthróirí rialáilte, gníomhairí rialáilte agus coinsíneoirí aitheanta tríú tíortha, trealamh slándála, aerfoirt agus úsáideoirí. Ba é 99,98 % a ráta infhaighteachta, rud a chiallaíonn go raibh sé neamh-inrochtana ar feadh níos lú ná 2 uair an chloig le linn na bliana 2023.

4.3Réamhfhaisnéis Lasta Réamhluchtaithe (PLACI)

Ní mór d’oibreoirí eacnamaíocha atá freagrach as coinsíneachtaí a thabhairt isteach i gcríoch custaim an Aontais (mar cheann scríbe nó mar áit idirthurais) ó thríú tíortha d’aer réamhfhaisnéis lasta a chur isteach go leictreonach chuig críoch custaim an Aontais. Déanann údaráis chustaim an chéad phointe iontrála san Aontas anailís ar na sonraí sin chun críoch slándála eitlíochta sibhialta trí úsáid a bhaint as an gcóras nua allmhairiúcháin custaim (CRA2).

D’fhéadfadh sé go n‑éileodh toradh anailíse riosca na Réamhfhaisnéise Lasta Réamhluchtaithe go gcuirfí bearta maolaitheacha sonracha slándála eitlíochta chun feidhme, lena n‑áirítear an fhéidearthacht go dtabharfaí ordú nó tarchur ‘gan luchtú a dhéanamh’. Ní mór d’oibreoirí eacnamaíocha atá páirteach i slabhra soláthair isteach an Aontais na bearta sin a chur i bhfeidhm sula luchtaítear an choinsíneacht ar bord eitilte atá ag imeacht go dtí an tAontas.

Cuireadh an dara céim de CRA2 lena leathnaítear na ceanglais sin chun gach aerlasta a chumhdach chun feidhme an 1 Márta 2023. In 2023, bhí 202 539 068 comhdú na Réamhfhaisnéise Lasta Réamhluchtaithe ann agus níor eisíodh aon tarchur gan luchtú a dhéanamh.

5.CIGIREACHTAÍ AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ EILE FAIREACHÁIN AR CHOMHLÍONADH

5.1Ginearálta

Is é is aidhm do Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 cosc a chur le cur isteach neamhdhleathach ar eitlíocht shibhialta chun daoine agus earraí a chosaint. Cé go gceanglaíonn an Rialachán sin ar na Ballstáit faireachán tráthrialta a dhéanamh an gcomhlíonann na haerfoirt, na haeriompróirí agus na heintitis eile cur chun feidhme na mbunchaighdeán coiteann maidir le slándáil eitlíochta, agus go gceanglaíonn sé orthu a áirithiú go mbraitear agus go gceartaítear cásanna de neamhchomhlíonadh go tapa, is é an ról a thugann an reachtóir don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach an cheanglais dhlíthiúil sin ag Ballstáit an Aontais/LEE 10 .

Le hAirteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 éilítear ar an gCoimisiún cigireachtaí a dhéanamh agus, de réir mar is iomchuí, moltaí a dhéanamh chun feabhas a chur ar an tslándáil eitlíochta. Chun an cuspóir faireacháin sin a chomhlíonadh, cumhdaítear le córas formhaoirseachta an Choimisiúin gníomhaíochtaí na mBallstát chun clár náisiúnta éifeachtach um shlándáil eitlíochta sibhialta agus clár náisiúnta éifeachtach um rialú cáilíochta ar shlándáil eitlíochta a bhunú, a choinneáil ar bun agus a chur i bhfeidhm.

Chuige sin, feidhmíonn an Coimisiún córas faireacháin dhá shraith maidir le comhlíonadh, i.e. a chigireachtaí féin a chomhlánaítear leis an measúnú ar thuarascálacha bliantúla na mBallstát ar ghníomhaíochtaí náisiúnta faireacháin.

Ó bhí 2010 ann, tá an ráta comhlíontachta a shainaithnítear le linn chigireachtaí an Choimisiúin cobhsaí, ag thart ar 80 %. Mar sin féin, ní chiallaíonn an figiúr réasúnta cobhsaí sin nár tháinig méadú ar iarrachtaí na mBallstát, mar tá ceanglais i réimse na slándála eitlíochta neartaithe go mór freisin le blianta anuas, go háirithe i réimsí amhail an tslándáil aerlasta, scagadh leachtanna, aerasól agus glóthach, nó i gcur in úsáid nó úsáid teicneolaíochta níos feidhmiúla agus níos sofaisticiúla.

5.2Minicíocht agus raon feidhme na gcigireachtaí

Déanann an Coimisiún cigireachtaí ar riaracháin slándála eitlíochta na mBallstát (na ‘húdaráis iomchuí’ de réir mar a shainmhínítear in Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 300/2008) agus ar aerfoirt, oibreoirí agus eintitis a chuireann caighdeáin slándála eitlíochta i bhfeidhm freisin.

Leagtar amach líon, minicíocht agus raon feidhme na gcigireachtaí sin i straitéis Ard-Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair (AS MOVE) maidir le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme chaighdeáin slándála eitlíochta an Aontais. Cuirtear san áireamh inti leibhéal na gníomhaíochta eitlíochta i ngach Ballstát, sampla ionadaíoch ar an gcineál oibríochtaí aerfoirt, leibhéal a gcomhlíontachta maidir le cur chun feidhme na rialachán slándála eitlíochta, torthaí ó na cigireachtaí a rinne an Coimisiún roimhe seo, measúnuithe ar thuarascálacha náisiúnta bliantúla ar rialú cáilíochta, teagmhais slándála (‘gníomhartha cur isteach neamhdhleathaigh’), leibhéil bhagartha agus fachtóirí agus measúnuithe eile.

Chun ráthaíochtaí leordhóthanacha a thabhairt don Choimisiún maidir le leibhéal comhlíontachta na mBallstát, úsáidtear cur chuige faireacháin ilbhliantúil. Mar sin, faightear fianaise maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 agus na reachtaíochta cur chun feidhme a ghabhann leis ag gach Ballstát de réir timthriall 2 bhliain, trí bhíthin cigireacht ar a údarás iomchuí nó cigireacht ag ceann amháin dá aerfort ar a laghad.

Ina theannta sin, faightear fianaise ar chur i bhfeidhm na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir leis an tslándáil eitlíochta de réir timthriall cúig bliana trí 15 %, ar a laghad, d’aerfoirt uile an Aontais a thagann faoi Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 a roghnú, lena n‑áirítear an t‑aerfort is mó i dtéarmaí an lín paisinéirí i ngach Ballstát. Na cigireachtaí a dhéanann an Coimisiún ag aerfoirt roghnaithe, is táscaire láidir iad ar an leibhéal foriomlán comhlíontachta i ngach Ballstát.

5.3Nósanna imeachta agus modheolaíocht le haghaidh cigireachtaí

Le Rialachán (AE) Uimh. 72/2010 11 ón gCoimisiún, leagtar síos na nósanna imeachta maidir le cigireachtaí an Choimisiúin a dhéanamh i réimse na slándála eitlíochta. Áirítear leis sin, inter alia, forálacha maidir le cáilíocht agus cumhachtaí chigirí an Choimisiúin. 12

An mhodheolaíocht a úsáidtear chun na cigireachtaí a dhéanamh, forbraíodh í i ndlúthchomhar le húdaráis slándála eitlíochta na mBallstát agus tá sí bunaithe ar chur chun feidhme éifeachtach na mbeart slándála a fhíorú.

5.4Cigireachtaí a rinne an Coimisiún

Bhí foireann ghníomhach de sheachtar cigirí slándála eitlíochta lánaimseartha ag an gCoimisiún go dtí Lúnasa 2023, a méadaíodh go dtí ochtar amhail Meán Fómhair 2023 agus ag tacú leis an bhfoireann sin bhí buíon de thart ar 80 iniúchóir náisiúnta a d’ainmnigh na Ballstáit agus a cháiligh chun páirt a ghlacadh i gcigireachtaí an Choimisiúin.

Agus páirt a thabhairt diniúchóirí náisiúnta i gcigireachtaí an Choimisiúin, cuirtear le córas athbhreithnithe piaraí freisin agus is féidir modheolaíochtaí agus dea-chleachtais a scaipeadh ar fud na mBallstát agus na dtíortha comhlachaithe. 13  

Cigireachtaí ar údaráis náisiúnta iomchuí

Is é is aidhm do na cigireachtaí ar údaráis iomchuí a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil na huirlisí is gá ag na Ballstáit – lena n‑áirítear clár náisiúnta um rialú cáilíochta, údarás dlíthiúil agus acmhainní iomchuí – chun bheith ábalta reachtaíocht slándála eitlíochta an Aontais a chur chun feidhme go leormhaith.

Mar pháirt dá sheachtú timthriall de chigireachtaí ar na húdaráis iomchuí, rinne an Coimisiún ceithre chigireacht le linn 2023. Rinne formhór na mBallstát ar a ndearnadh cigireacht in 2023 a gcláir náisiúnta um shlándáil eitlíochta a ailíniú le reachtaíocht an Aontais; thug siad na cumhachtaí forfheidhmiúcháin is gá dá n‑údaráis iomchuí chun faireachán a dhéanamh ar cheanglais uile an Rialacháin agus a ghníomhartha cur chun feidhme, agus chun iad a fhorfheidhmiú; d’áirithigh siad go raibh líon leordhóthanach iniúchóirí ar fáil chun gníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíonadh a dhéanamh, agus chuir siad formhór na gceanglas a bhaineann le hoiliúint slándála chun feidhme.

Mar sin féin, léiríodh sna cigireachtaí an gá le hiarrachtaí breise sna réimsí seo a leanas: ailíniú iomlán chláir slándála na n‑aerfort, na n‑oibreoirí agus na n‑eintiteas leis na rialacháin a áirithiú; lena n‑áirítear an mhodheolaíocht is gá le haghaidh cigireachtaí agus chomhlíonadh na gceanglas a bhaineann leis an bpróiseas tuairiscithe (e.g. am tíolactha, plean gníomhaíochta ceartaithí, dúnadh foirmiúil an chomhaid cigireachta, etc.); íosmhinicíochtaí le haghaidh iniúchtaí, cigireachtaí agus tástálacha slándála a chomhlíonadh; agus i gcás inar gá nó inarb infheidhme, measúnuithe riosca cuí a dhéanamh chun bearta slándála nó eisceachtaí áirithe a shainiú. Ina theannta sin, sainaithníodh saincheisteanna maidir le minicíocht agus raon feidhme san fhaireachán tráthrialta ar aeriompróirí náisiúnta agus/nó eachtracha agus ar roinnt eintiteas a bhfuil freagrachtaí slándála orthu.

Cigireachtaí tosaigh ag aerfoirt

In 2023, rinne an Coimisiún 14 chigireacht tosaigh ar aerfoirt arbh é ab aidhm dóibh a fhíorú an ndéanann an t‑údarás iomchuí faireachán leormhaith ar chur chun feidhme éifeachtach na mbeart slándála eitlíochta agus an bhfuil siad ábalta easnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann a bhrath agus a cheartú go tapa. Ní mór aon easnamh a shainaithníonn cigirí an Choimisiúin a cheartú laistigh de thréimhse ama atá leagtha síos. Roinntear na tuarascálacha cigireachta idir na Ballstáit.

Tar éis an 14ú bliain de Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 a chur chun feidhme, léiríonn torthaí na cigireachta na hiarrachtaí atá déanta ag údaráis iomchuí agus ag an tionscal. Cuireadh formhór na gceanglas slándála i bhfeidhm mar is ceart. Mar sin féin, léiríodh deacrachtaí sna cigireachtaí maidir le roinnt beart a chur chun feidhme go héifeachtach, mar shampla rialú rochtana agus scagadh ar bhagáiste cábáin, chomh maith leis sa réimse cibearshlándála.

Cigireachtaí leantacha

I gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 72/2010, déanann an Coimisiún líon teoranta cigireachtaí leantacha go tráthrialta. Déantar cigireachtaí den sórt sin a sceidealú nuair a shainaithnítear roinnt easnamh tromchúiseach le linn na cigireachta tosaigh, ach déantar iad ar bhonn randamach freisin chun a fhíorú go bhfuil na cumhachtaí is gá ag na húdaráis iomchuí chun ceartú easnamh a éileamh laistigh de thréimhsí ama a leagtar síos. In 2023, rinneadh cigireacht leantach amháin.

5.5Measúnuithe ar thuarascálacha bliantúla na mBallstát ar rialú cáilíochta

Le pointe 18 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 300/2008, ceanglaítear ar na Ballstáit tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin gach bliain maidir leis na bearta a glacadh chun a n‑oibleagáidí a chomhlíonadh agus maidir le staid na slándála eitlíochta ag a n‑aerfoirt.

Leis an measúnú ar na tuarascálacha sin, chomh maith le cigireachtaí tráthrialta an Choimisiúin féin, cuirtear uirlis ar fáil dó chun súil ghéar a choinneáil ar chur chun feidhme na mbeart náisiúnta um rialú cáilíochta. Dá réir sin, is féidir easnaimh i ngach Ballstát a bhrath agus a cheartú go tapa.

Áirítear sa mheasúnú anailís ar fhaireachán tráthrialta ar aerfoirt, ar aeriompróirí agus ar eintitis eile a bhfuil freagrachtaí slándála eitlíochta orthu, chomh maith leis an am a chaith na hiniúchóirí ar an láthair, raon feidhme agus minicíochtaí meascáin oiriúnaigh de ghníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíonadh, leibhéil náisiúnta chomhlíontachta, gníomhaíochtaí leantacha agus úsáid cumhachtaí forfheidhmiúcháin.

Fanann cáilíocht na dtuarascálacha bliantúla agus na faisnéise a sholáthraíonn na Ballstáit seasmhach agus baineadh amach tuilleadh comhchuibhithe le linn 2023.

Cuireadh meastóireacht chuimsitheach fhoirmiúil chuig na Ballstáit, agus cuireadh i dtábhacht inti, nuair ba ghá, moltaí maidir leis an gcaoi a bhféadfaí na hiarrachtaí náisiúnta a fheabhsú nó a oiriúnú ar bhealach níos fearr.

5.6Measúnuithe ar aerfoirt tríú tíortha

Déanann an Coimisiún measúnuithe i gcomhthéacs socruithe i dtaca le rialú slándála aonair idir an tAontas Eorpach agus tríú tíortha. Is é is cuspóir dó a dheimhniú go bhfuil bearta slándála áirithe fós á gcur chun feidhme ar chaighdeán comhchosúil le cur chun feidhme reachtaíocht slándála eitlíochta an Aontais. In 2023, rinneadh trí mheasúnú, san Iorua 14 , i gCeanada agus sa Ríocht Aontaithe faoi seach.

5.7Cásanna Airteagal 15 agus imeachtaí breithiúnacha

I gcás na n‑easnamh a shainaithnítear i gcur chun feidhme beart slándála ag aerfort, má tá siad tromchúiseach go leor chun tionchar mór a bheith acu ar leibhéal foriomlán na slándála eitlíochta sibhialta san Aontas, gníomhachtóidh an Coimisiún Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 72/2010. Ciallaíonn sé sin go gcuirtear údaráis iomchuí na mBallstát uile ar an eolas faoin gcás, agus go gcaithfear le heitiltí a thagann ón aerfort faoi réir Airteagal 15 mar eitiltí a thagann ó thríú tír, rud a fhágann go bhfuil oibleagáid ar na haerfoirt ghlactha bearta slándála cúiteacha a chur chun feidhme i ndáil le paisinéirí traschuir ag teacht isteach agus a mbagáiste, chomh maith leis na haerárthaí ar tháinig siad isteach iontu. Níor tionscnaíodh cás den sórt sin in 2023.

Tá an deis ag an gCoimisiún freisin imeachtaí um shárú a thionscnamh i gcomhréir le hAirteagal 258 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go háirithe i gcásanna nach gceartaítear easnaimh ar feadh tréimhse fhada nó go dtarlaíonn siad arís. In 2023, níor seoladh imeachtaí den sórt sin.

6.TRIALACHA AGUS CRUINNITHE

6.1Trialacha

Déantar triail de réir bhrí reachtaíocht slándála eitlíochta an Aontais nuair a chomhaontaíonn Ballstát leis an gCoimisiún go núsáidfidh sé meán nó modh áirithe nach naithnítear faoi théarmaí na reachtaíochta in ionad ceann de na rialuithe slándála aitheanta, ar feadh tréimhse teoranta ama, ar choinníoll nach nimreoidh an triail sin tionchar diúltach ar na leibhéil slándála fhoriomlána. Tionscnaíodh dhá thriail maidir le brath uathoibríoch ítimí toirmiscthe (APID) a chur chun feidhme in éineacht le Córais Braite Pléascán le haghaidh Malaí Cábáin le linn 2022, san Ísiltír agus sa Ghearmáin. 15  

6.2Cruinnithe 

D’eagraigh an Coimisiún agus Riarachán Shlándáil an Iompair de chuid na Stát Aontaithe an chéad Chruinniú Mullaigh Slándála Aerlasta idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas Eorpach i Maidrid sa Spáinn, i mí Feabhra 2023. Deis a bhí san imeacht bagairtí ar aerlasta a shainaithint agus straitéisí maolaithe a chur chun feidhme i dteannta a chéile.

I mí na Samhna 2023, deagraigh an Coimisiún an ceathrú cruinniú den Mheitheal um Chibearshlándáil Eitlíochta inar tugadh le chéile na húdaráis Bhallstáit atá freagrach as an tslándáil eitlíochta agus as cur chun feidhme Treoir NIS 16 . Ba é ba chuspóir don chruinniú comhar a chothú idir na húdaráis chun ailíniú agus comhlíonadh a éascú idir an Dara Treoir NIS agus rialacha eitlíochta. Rinneadh iarracht freisin bearnaí nó dúbláil a dfhéadfadh a bheith ann maidir le hoibleagáidí cibearshlándála a sheachaint agus ualaí riaracháin agus oibríochtúla nach bhfuil gá leo a íoslaghdú.

D’eagraigh an Coimisiún cruinniú agus oiliúint bhliantúil le haghaidh cigirí náisiúnta na slándála eitlíochta i mí Dheireadh Fómhair 2023, d’fhonn aiseolas ó chigireachtaí a thabhairt do na Ballstáit, trédhearcacht a chur chun cinn agus modheolaíochtaí faireacháin ar chomhlíonadh a chomhchuibhiú.

7.IDIRPHLÉ IDIRNÁISIÚNTA

7.1Ginearálta

Lean an Coimisiún de bheith ag cur leis an tslándáil eitlíochta ar fud an domhain. Rinne sé sin trí theagmháil a dhéanamh le comhlachtaí idirnáisiúnta, amhail an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO), an Chomhdháil Eorpach um Eitlíocht Shibhialta (ECAC) agus príomh-chomhpháirtithe trádála, trí bheith ag obair go dlúth leis na Ballstáit chun seasaimh chomhordaithe an Aontais a áirithiú. Tionóladh idirphlé déthaobhach le tríú tíortha áirithe, amhail na Stáit Aontaithe, Ceanada, an Astráil, Singeapór agus an Ríocht Aontaithe.

7.2Comhlachtaí idirnáisiúnta

Ghlac an tAontas páirt ghníomhach, mar bhreathnóir, i gcruinniú bliantúil Phainéal Slándála Eitlíochta ICAO (AVSECP/34) a tionóladh ón 29 Bealtaine go dtí an 2 Meitheamh 2023 chomh maith leis an dara cruinniú den Phainéal Cibearshlándála ICAO (CYSECP/2), a tionóladh ón 5 go dtí an 9 Meitheamh 2023.

7.3Tríú tíortha

I gcomhthéacs an chaidrimh slándála eitlíochta leis na Stáit Aontaithe, is é is aidhm don Ghrúpa Comhair maidir le Slándáil an Iompair idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe an comhar a chothú i roinnt réimsí leasa fhrithpháirtigh. Áirithíonn sé feidhmiú leanúnach na socruithe i dtaca le rialú slándála aonair agus aitheantas frithpháirteach chórais aerlasta agus phoist an Aontais agus na Stát Aontaithe. Tionóladh an 32ú cruinniú den Ghrúpa Comhair maidir le Slándáil an Iompair idir an 15-16 Samhain 2023.

Agus Airteagal 435 den Chomhaontú um Chomhar Trádála idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe á chur i bhfeidhm, áirithítear le Comhar Slándála Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe comhar maidir le cúrsaí slándála eitlíochta, malartú faisnéise, dea-chleachtas a phlé agus a chomhroinnt agus socruithe comhair idir saineolaithe teicniúla a fhorbairt. Tionóladh an 3ú Cruinniú Comhair Slándála Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe an 16 Deireadh Fómhair 2023.

I gcomhréir le dlí an Aontais, tá socruithe i dtaca le rialú slándála aonair bunaithe ag an gCoimisiún lena naithnítear na caighdeáin slándála a chuirtear i bhfeidhm i roinnt tríú tíortha, nó i roinnt aerfort i dtríú tíortha, mar chaighdeáin atá coibhéiseach le caighdeáin an Aontais. 17 Níor tugadh aon socrú nua i dtaca le rialú slándála aonair i gcrích in 2023. Bhí plé maidir le rialú slándála aonair leis an tSeapáin fós ar siúl.

Maidir le fothú na hacmhainneachta, leanadh den tionscadal An tSlándáil Eitlíochta Sibhialta san Afraic, san Áise agus sa Mheánoirthear (CASE II), arna gcistiú ag an gCoimisiún Eorpach agus buiséad EUR 8 milliún aige arna chur chun feidhme ag ECAC, in 2023. Áiríodh leis na gníomhaíochtaí arna soláthar ag saineolaithe slándála eitlíochta ceardlanna, seimineáir ghréasáin agus gníomhaíochtaí intíre déthaobhacha. 18 Is é is cuspóir foriomlán do CASE II bagairt na sceimhlitheoireachta ar an eitlíocht shibhialta a chomhrac tríd an gcomhpháirtíocht le Stáit sna trí réigiún, chun na córais slándála eitlíochta atá acu a neartú. 19

8.CONCLÚIDÍ

Is coinníoll bunúsach é oibríochtaí eitlíochta slána san aer agus ar an talamh a áirithiú chun go dtiocfaidh borradh faoin eitlíocht tráchtála. Sa chóras rialála slándála eitlíochta is fearr tagann an nuálaíocht agus an chobhsaíocht le chéile agus coinníonn sé an leibhéal slándála is airde ar bun i gcónaí. In 2023, lean an Coimisiún dá chuid oibre chun córas slándála eitlíochta den sórt sin a áirithiú, agus aghaidh á tabhairt aige ar dhúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, agus sin á dhéanamh i ndlúthchomhar le rialtóirí agus le páirtithe leasmhara araon. Leanfar den obair sin in 2024.

(1)      Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na slándála eitlíochta sibhialta agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 (IO L 97, 9.4.2008, lch. 72).
(2)      Chinn roinnt comhaltaí de Ghrúpa Comhairleach na bPáirtithe Leasmhara maidir le Slándáil Eitlíochta, a bunaíodh faoi Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 300/2008, go deonach páirt a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin.
(3)      Tuarascáil EUROCONTROL/EATM-CERT 2024 maidir leis an gcibearshlándáil san eitlíocht.
(4)      Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972 agus lena naisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80).
(5)      De réir Athbhreithniú Bliantúil EASA 2022 ar an tSábháilteacht, laghdaíodh an ráta tarlaithe drón in 2021 (na figiúirí is déanaí atá ar fáil).
(6)      Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa maidir le cur in aghaidh na mbagairtí a dfhéadfadh a bheith ag baint le dróin, COM(2023) 659 final.
(7)      https://www.easa.europa.eu/ga/domains/air-operations/czibs
(8)      Chun mionsonraí a fháil, féach Iarscríbhinn 2.
(9)     https://ksda.ec.europa.eu/  
(10)      An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch: 27 mBallstát den Aontas Eorpach, an Iorua, an Íoslainn agus an Eilvéis. Is é Údarás Faireacháin CSTE atá freagrach as cigireachtaí slándála eitlíochta a dhéanamh san Iorua agus san Íoslainn. Déanann an Coimisiún cigireachtaí slándála eitlíochta san Eilvéis bunaithe ar chomhaontú déthaobhach.
(11)    Rialachán (AE) Uimh. 72/2010 ón gCoimisiún an 26 Eanáir 2010 lena leagtar síos nósanna imeachta i dtaca le cigireachtaí an Choimisiúin a dhéanamh i réimse na slándála eitlíochta (IO L 23, 27.1.2010, lch. 1).
(12)      Féach Airteagail 4 agus 5.
(13)      Féach Iarscríbhinn 1 le haghaidh achoimre ar ghníomhaíochtaí uile an Choimisiúin agus Údarás Faireacháin CSTE a bhaineann le faireachán ar chomhlíonadh a rinneadh in 2023.
(14)      In Svalbard, limistéar neamhchorpraithe na hIorua.
(15)      Fuarthas an tuarascáil chríochnaitheach le haghaidh na trialach san Ísiltír i mí an Mheithimh 2023. Tá an triail sa Ghearmáin fós ar siúl.
(16)      Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta chun leibhéal ard comhchoiteann slándála na gcóras gréasáin agus faisnéise a áirithiú ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1).
(17)      Tá socruithe i dtaca le rialú slándála aonair ag an Aontas Eorpach leis na tíortha seo a leanas: na Stáit Aontaithe, Ceanada, Singeapór, Montainéagró, an tSeirbia, an Ríocht Aontaithe agus Iosrael (i gcás bagáiste boilg amháin).
(18)      Le linn 2023, tugadh faoi 68 ngníomhaíocht, méadú 94 % ar an aschur i gcomparáid leis na 35 ghníomhaíocht ar tugadh fúthu in 2022. Dóstáil 39 Stát Comhpháirtíochta na gníomhaíochtaí intíre sin agus ghlac 66 Stát Comhpháirtíochta páirt iontu chun leas 1 119 rannpháirtí. Is éard a bhí sna gníomhaíochtaí sin 44 ghníomhaíocht oiliúna dhéthaobhacha, 10 ngníomhaíocht oiliúna iltaobhacha, 5 ghníomhaíocht mheantóireachta, 5 cheardlann (dhá cheann réigiúnacha agus trí cinn idir-réigiúnacha), 3 Athbhreithniú APEX in Security agus seimineár gréasáin amháin. Ar an iomlán, tugadh faoi 131 ghníomhaíocht intíre agus chianda ó bunaíodh an Tionscadal. Maidir le saineolas a chur in úsáid, scaoileadh 30 saineolaí ó 11 Bhallstát agus rannchuidigh 39 saineolaí ó 22 údarás um eitlíocht shibhialta de chuid Stáit Chomhpháirtíochta le 25 ghníomhaíocht a dhéanamh le linn na tréimhse sin. Rannchuidigh 10 saineolaí ó 8 núdarás um eitlíocht shibhialta de chuid Stáit Chomhpháirtíochta le cur i gcrích an 20 gníomhaíocht intíre in éineacht le saineolaithe Thionscadal CASE II. Chuir 31 saineolaí ó 19 núdarás um eitlíocht shibhialta de chuid Stáit Chomhpháirtíochta le 2 cheardlann réigiúnacha agus trí cheardlann idir-réigiúnacha a reáchtáil, arb iad 41 % de na cainteoirí uile.
(19)

     Roghnaítear na Stáit Chomhpháirtíochta bunaithe ar chritéir oibiachtúla, amhail tiomantas/cumas Stáit ar leith chun tairbhe iomlán a bhaint as na gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta a sholáthraíonn an Tionscadal, nó easpa dúblála a dfhéadfadh a bheith ann le tionscnaimh fothaithe acmhainneachta eile, bídís sin déthaobhach nó iltaobhach.


An Bhruiséil,18.12.2024

COM(2024) 579 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2023 MAIDIR LE CUR CHUN FEIDHME RIALACHÁN (CE) UIMH. 300/2008 MAIDIR LE RIALACHA COMHCHOITEANNA I RÉIMSE NA SLÁNDÁLA EITLÍOCHTA SIBHIALTA


Iarscríbhinn 1

Cigireachtaí an Choimisiúin ar údaráis iomchuí agus ar aerfoirt amhail an 31.12.2023 (cigireachtaí tosaigh agus leantacha)

Stát

Líon na gcigireachtaí  
(cigireachtaí tosaigh agus leantacha)  
sa tréimhse 01/2023-12/2023

Líon iomlán na gcigireachtaí
(cigireachtaí tosaigh agus leantacha)

ó bhí 2004 ann

An Ostair

0

18

An Bheilg

1

22

An Bhulgáir

0

16

An Chróit

0

10

An Chipir

0

12

Poblacht na Seice

1

15

An Danmhairg

0

21

An Eastóin

1

12

An Fhionlainn

0

18

An Fhrainc

1

38

An Ghearmáin

3

36

An Ghréig

1

27

An Ungáir

1

13

Éire

0

18

An Iodáil

1

34

An Laitvia

0

11

An Liotuáin

1

12

Lucsamburg

0

11

Málta

1

9

An Ísiltír

1

19

An Pholainn

1

22

An Phortaingéil

1

21

An Rómáin

1

15

Poblacht na Slóvaice

0

11

An tSlóivéin

0

10

An Spáinn

1

36

An tSualainn

1

25

Stát nach Ballstát den Aontas é: An Eilvéis

1

14

IOMLÁN

19

526



Cigireachtaí Údarás Faireacháin CSTE ar údaráis iomchuí agus ar aerfoirt amhail an 31.12.2023 (cigireachtaí tosaigh agus leantacha)

Stát

Líon na gcigireachtaí  
(cigireachtaí tosaigh agus leantacha) 
sa tréimhse ó 01/2023 go 12/2023

An líon iomlán cigireachtaí 
(cigireachtaí tosaigh agus leantacha) 
ó bhí 2004 ann

An Íoslainn

1

20

An Iorua

1

63

IOMLÁN

2

83



Iarscríbhinn 2

Reachtaíocht fhorlíontach a glacadh le linn 2023:

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/566 ón gCoimisiún an 10 Márta 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 a mhéid a bhaineann le bearta mionsonraithe áirithe i ndáil le cur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir le slándáil na heitlíochta (IO L 74, 13.3.2023, lch. 47).

Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2023)1569 final ón gCoimisiún an 10 Márta 2023 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8005 a mhéid a bhaineann le bearta mionsonraithe áirithe i ndáil le cur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir le slándáil na heitlíochta (ÍOGAIR – ní reachtaíocht phoiblí í seo, tugadh fógra go díreach do na Ballstáit fúithi).