AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,18.12.2024
COM(2024) 578 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 450/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an innéacs costais saothair (ICS)
I.RÉAMHRÁ
Tomhaistear leis an innéacs costais saothar (ICS) athruithe ráithiúla ar chostais saothair iomlána a íocann fostóirí, agus leis sin is féidir faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí sa bhrú costais a eascraíonn as an tosca táirgeachta ‘saothar’. Tá ICS ar cheann de na príomhtháscairí eacnamaíocha Eorpacha / na táscairí euro, táscairí lena soláthraítear faisnéis maidir le forbairtí eacnamaíocha sa limistéar euro.
Is é an Córas Eorpach Banc Ceannais a bhaineann úsáid as ICS chun measúnú a dhéanamh ar bhrú boilscithe a d’fhéadfadh teacht as forbairtí sa mhargadh saothair. Tá sé tábhachtach freisin go ndéanfaidh comhpháirtithe sóisialta atá rannpháirteach i gcaibidlíocht pá, agus go ndéanfaidh an Coimisiún féin, faireachán ar fhorbairtí gearrthéarmacha i gcostais saothair. Ar deireadh, baintear úsáid as sonraí ICS chun praghsanna a innéacsú i roinnt conarthaí móra tráchtála a mhaireann roinnt blianta.
Ar shuíomh gréasáin Eurostat, foilsíonn sé preaseisiúint ráithiúil maidir le ICS ina bhfuil tacar mór sonraí arna mhiondealú de réir gníomhaíocht eacnamaíoch agus de réir chomhpháirteanna na gcostas saothair (costais phá agus neamhphá). Tá rátaí fáis ó ráithe go ráithe agus ó bhliain go bhliain ar an suíomh gréasáin freisin.
Le Rialachán (CE) Uimh. 450/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2003 maidir leis an innéacs costais saothair (‘Rialachán ICS’), leagtar amach creat coiteann faoina ndéanfaidh na Ballstáit innéacsanna inchomparáide a tháirgeadh agus a tharchur chuig an gCoimisiún.
Le hAirteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 450/2003 éilítear ar an gCoimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach 2 bhliain. Is é cuspóir na tuarascála measúnú a dhéanamh ar cháilíocht an staidrimh a sholáthraíonn na Ballstáit agus ar cháilíocht chomhiomláin an Aontais, agus réimsí a shainaithint ina bhféadfaí feabhsuithe a dhéanamh.
Is é seo an 10ú tuarascáil ICS ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Dírítear inti ar shonraí ICS a fuarthas ón eagrán roimhe ar aghaidh, i gcás na ráithí tagartha ón dara ráithe de 2022 (R2 2022) go dtí an chéad ráithe de 2024 (R1 2024). Léirítear inti na rudaí a thug Eurostat faoi deara nuair a bhí sonraí ICS do na ráithí tagartha sin á mbailiú agus á bhfíorú aige, agus cuireann sí leis an doiciméadacht a sholáthraíonn na Ballstáit ina dtuarascálacha bliantúla ar cháilíocht.
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1216/2003, sainítear cáilíocht ICS de réir na gcritéar seo a leanas: ábharthacht, cruinneas, poncúlacht sholáthar na sonraí, inrochtaineacht agus soiléireacht, inchomparáideacht, comhleanúnachas agus iomláine.
Tá inrochtaineacht agus soiléireacht shonraí ICS seanbhunaithe anois, trí mheiteashonraí mionsonraithe agus tuarascálacha cáilíochta náisiúnta a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin Eurostat. Dá bhrí sin, díreoidh an tuarascáil ICS seo ar na critéir eile.
II.DUL CHUN CINN GINEARÁLTA Ó BHÍ AN TUARSCÁIL DHEIREANACH ANN
Ní dhearnadh aon athrú reachtach ó bhí an tuarascáil dheireanach ann. Sna míreanna seo a leanas, leagtar amach go mionsonraithe na feabhsuithe a rinneadh maidir le cur le chéile na tuarascála.
2.1 Caighdeáin maidir le bailiú sonraí
An leagan is déanaí de na struchtúir sonraí agus na liostaí cóid a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta a bhaineann leis an Malartú Sonraí Staidrimh agus Meiteashonraí (SMDX) (atá le fáil ar líne trí chlárlann thiomnaithe), leanann sé de bheith á úsáid chun sonraí a fháil ó na Ballstáit agus chun ICS a tháirgeadh, agus chun sonraí ICS a tharchur chuig an mBanc Ceannais Eorpach.
2.2 Bailíochtú sonraí
Rinneadh na sonraí a bhailíochtú go córasach trí úsáid a bhaint as uirlis nua chun a sheiceáil an gcomhlíonann na cóid agus na struchtúir sonraí a úsáidtear na caighdeáin a comhaontaíodh maidir le tarchur sonraí. Leis sin, simplítear an próiseas táirgthe agus laghdaítear an baol go n‑eascróidh earráidí as códú mícheart. I gcás nach gcomhlíonann an comhad a tharchuirtear caighdeáin SDMX atá i bhfeidhm, diúltaítear dó go huathoibríoch. Faigheann na Ballstáit fógra ratha/teipe trí ríomhphost agus féadfaidh siad rochtain a fháil ar an tuarascáil bhailíochtaithe trí thairseach EDAMIS.
Chomh maith leis sin, déanann Eurostat seiceálacha inchreidteachta ar gach tarchur ráithiúil trí shraitheanna a chur i gcomparáid le chéile le himeacht ama agus thar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha de réir aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa Chomhphobal Eorpach (NACE). I gcás ina mbíonn athruithe suntasacha ó ráithe go ráithe ann, iarrann Eurostat ar na Ballstáit na sonraí a dheimhniú nó comhad sonraí ceartaithe a tharchur. Má bhraitear athbhreithnithe móra nó athruithe tobanna, in aon roinn NACE áirithe, déantar obair leantach orthu go córasach in éineacht leis na tíortha lena mbaineann.
2.3 Leibhéil costais saothair in aghaidh na huaire
Leanann Eurostat de mheastacháin bhliantúla ar chostais saothair in aghaidh na huaire a fhoilsiú de réir roinn NACE, ó bhí an chéad eisiúint ann i mí Aibreáin 2016. Tá na meastacháin sin bunaithe ar na leibhéil a fuarthas ón suirbhé ar chostas saothair a dhéantar gach ceithre bliana, leibhéil a eachtarshuitear leis na hinnéacsanna costais saothair. Arna dtáirgeadh 3 mhí tar éis dheireadh na tréimhse tagartha, cumhdaítear leo na ranna NACE uile seachas na ranna ‘A – Talmhaíocht, foraoiseacht agus iascaireacht’; ‘O – Riarachán poiblí agus cosaint; slándáil shóisialta éigeantach’; ‘T – Gníomhaíochtaí teaghlach mar fhostóirí; gníomhaíochtaí táirgthe earraí agus seirbhísí neamhdhifreáilte de chuid teaghlach dá n‑úsáid féin’ agus ‘U – Gníomhaíochtaí eagraíochtaí agus comhlachtaí seach-chríochacha’.
2.4 Tuarascálacha cáilíochta
Rinneadh na tuarascálacha cáilíochta bliantúla a chuir na Ballstáit isteach a phróiseáil in am trátha tríd an leagan is déanaí de Láimhseálaí Meiteashonraí an Chórais Staidrimh Eorpaigh a úsáid, agus cuireadh ar fáil do na húsáideoirí uile iad.
2.5 Coigeartuithe de réir an tséasúir agus de réir an fhéilire
Rinne Eurostat anailís ar an tsraith arna coigeartú de réir an fhéilire (CA) agus ar an tsraith arna coigeartú de réir an fhéilire agus de réir an tséasúir (CSA) arna dtarchur ag na Ballstáit. De réir Rialachán (CE) Uimh. 1216/2003 ón gCoimisiún, tá coinne leis go dtarchuirfidh Ballstáit uile an Aontais agus tíortha eile an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE) sraith CA agus sraith CSA le haghaidh gach rannáin NACE ar leith.
Déanann Eurostat faireachán freisin ar iarscríbhinn an choigeartaithe shéasúraigh a ghabhann leis na tuarascálacha cáilíochta náisiúnta. Go háirithe, sonraítear san iarscríbhinn nuashonraithe seo na samhlacha coigeartaithe shéasúraigh a úsáidtear, na hasluitigh a bhraitear, méid na gcoigeartuithe agus luaineacht na dtorthaí.
Foilsíonn Eurostat sonraí CSA le haghaidh comhiomláin an Aontais sa bhunachar sonraí agus san alt ‘Statistics Explained’ [Míniú ar Staidreamh] maidir le ICS, chomh maith le sonraí nach bhfuil coigeartaithe de réir an tséasúir (NSA). Díorthaítear torthaí CSA d’innéacs costais saothair uile ó shonraí CSA le haghaidh na gcomhpháirteanna pá agus neamhphá, chun an chomhsheasmhacht a áirithiú.
2.6 Athbhunú
In 2023, iarradh ar gach tír sonraí arna sloinneadh sa bhonnbhliain nua 2020 = 100 a tharchur, rud a chiallaíonn gurb é atá san innéacs 100 le haghaidh na bliana tagartha 2020. Bhí tarchur tástála seolta ag Eurostat sular tharla an tarchur iarbhír i mí na Bealtaine 2023 (le haghaidh splancshonraí ICS) agus i mí an Mheithimh 2023 (le haghaidh sonraí críochnaitheacha ICS). Níor taifeadadh aon difríocht idir na sonraí athbhunaithe arna dtarchur agus na sonraí arna n‑athríomh ag Eurostat, ach amháin i gcás trí thír a cheartaigh na sonraí ina dhiaidh sin agus a d’atarchuir iad.
Foilsíodh sonraí ICS arna sloinneadh sa bhonnbhliain nua ina dhiaidh sin, le haghaidh ráithe thagartha R1-2023 agus na hamshraithe stairiúla iomláine roimh an ráithe sin.
III.CÁILÍOCHT NA SONRAÍ
3.1Ábharthacht agus iomláine
Ábharthacht
Bhí éileamh leanúnach ann ó úsáideoirí, ní hamháin ar fhaisnéis faoi athruithe ráithiúla ar chostais saothair in aghaidh na huaire, arna thomhas ag ICS, ach níos mó agus níos mó ar fhaisnéis faoi leibhéil costais saothair. Chuaigh Eurostat ar aghaidh ag foilsiú ag deireadh mhí an Mhárta/tús mhí Aibreáin gach bliain, meastacháin bhliantúla le haghaidh na gcostas saothair in aghaidh na huaire in euro agus in airgeadraí náisiúnta, arna miondealú de réir roinn NACE. Scaipeadh sciartha na gcostas neamhphá i gcostais saothair iomlána freisin. Is dearfach an t‑aiseolas a fuarthas maidir le foilsiú na meastachán sin, agus leanfaidh Eurostat de na costais bhliantúla saothair a sholáthar de réir roinn NACE.
Iomláine
Sa chuid seo déantar athbhreithniú ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na sonraí agus meiteashonraí ICS a tharchuirtear na riachtanais dlí i dtéarmaí iomláine. Baineann na barúlacha le hinnéacsanna, ualaí agus tuarascálacha cáilíochta.
a) Innéacsanna
Go ginearálta, bhí infhaighteacht agus iomláine an ICS sásúil le linn na tréimhse tagartha ar fad. Fuair Eurostat sonraí CA agus sonraí CSA le haghaidh na ráithí uile lena mbaineann agus ó na Ballstáit uile seachas ón nGréig (sonraí R1-2023). Sholáthar na Ballstáit uile sonraí NSA freisin, cé is moite den Danmhairg agus den tSualainn, tíortha ar ar deonaíodh maoluithe.
Maidir le tíortha eile de chuid an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE), tharchuir an Íoslainn agus an Iorua araon sonraí ICS le haghaidh na ráithí uile sa tréimhse thagartha. Soláthraíonn an Iorua sraith CA, CSA agus NSA. Is iad na sraitheanna CA agus CSA amháin a chuireann an Íoslainn ar fáil.
Tá na sonraí uile, meastacháin CSA san áireamh, le fáil ar an tábla ábhartha
de bhunachar sonraí Eurostat. Tá na príomhfhigiúirí bunaithe ar shonraí CA, arna sloinneadh mar athruithe bliain ar bhliain (R/R-4) atá níos cobhsaí ná gluaiseachtaí ráithiúla. Chumhdaigh na tíortha uile na ranna NACE uile, agus na maoluithe thuas á gcur san áireamh.
b) Ualaí
De bhun Rialachán ICS, tá coinne leis go dtarchuirfidh na Ballstáit agus tíortha LEE eile, uair sa bhliain ar a laghad, na costais saothair bhliantúla le haghaidh na gcomhpháirteanna pá/neamhphá (na hualaí) de gach roinn NACE Ath. 2 aonair. Tá sé tábhachtach na sonraí sin a choinneáil cothrom le dáta toisc go ndéanann siad difear do ríomh Eurostat ar chomhiomláin NACE agus do dhíorthú na n‑iomlán ó na comhpháirteanna pá agus neamhphá.
Faoin 30 Meitheamh 2024, bhí na hualaí le haghaidh na bliana tagartha 2023 tarchurtha ag na Ballstáit uile agus ag tíortha LEE eile.
c) Tuarascálacha cáilíochta
Faoi thús mhí Mheán Fómhair 2024, bhí a dtuarascálacha cáilíochta náisiúnta le haghaidh na bliana tagartha 2023 dréachtaithe ag na Ballstáit uile.
Tá sé beartaithe tuarascálacha cáilíochta ICS 2023 a fhoilsiú ar leathanach gréasáin comhfhreagrach Eurostat mar aon le tuarascáil ar choigeartú séasúrach.
3.2Poncúlacht
De réir Rialachán ICS, ní mór do na Ballstáit agus do thíortha LEE eile innéacsanna costais saothair a sholáthar taobh istigh de 70 lá den ráithe thagartha. Is iad na tíortha a chaill roinnt sprioc-amanna ón tuarascáil dheireanach ná an tSualainn (fuarthas sonraí R4-2023 2 lá féilire tar éis an sprioc-ama) agus an Fhionlainn (fuarthas sonraí R4-2023 3 lá féilire tar éis an sprioc-ama).
Maidir le tíortha LEE eile, tharchuir an Iorua agus an Íoslainn sonraí ICS in am.
3.3Cruinneas
Tá roinnt athróga éagsúla san ICS (e.g. costais saothair agus uaireanta oibre), agus féadfaidh na hathróga sin teacht as roinnt foinsí. Ciallaíonn sé sin go bhféadfaí athbhreithnithe a dhéanamh tráth ar bith, agus go ndéanfadh sé sin difear don ráithe dheireanach, do roinnt ráithí nó do bhlianta iomlána. Má bhaineann coigeartuithe leis an mbliain tagartha, ní mór an tsraith iomlán a athbhreithniú.
Níor sháraigh athbhreithnithe ar phríomhfhigiúr an Aontais riamh, is é sin ráta fáis bliain ar bhliain an ICS iomláin, 0,3 pointe céatadáin (pc) ach amháin i gcás speisialta aonair (R2-2022, féach Fíor 1).
Tharla an t‑athbhreithniú mór ( + 1,1 pc) a taifeadadh sa ráithe sin mar gheall ar na hathruithe aonuaire a rinne an Ghearmáin ar a bhfoinsí agus ar a modhanna. Ó R3-2022 ar aghaidh, rinneadh sonraí ICS na tíre sin a thagarmharcáil ar shonraí an tsuirbhé ar chostais saothair le haghaidh 2020 agus athraíodh an fhoinse sonraí le haghaidh pá.
Bhí tionchar aonuaire ag an athbhreithniú sin ar fhás bliantúil ICS, gan aon iarmhairt ar iontaofacht mheastachán ICS.
Fíor 1: Athruithe ar an ráta fáis bliantúil idir an chéad eisiúint ICS agus an eisiúint deiridh
(AE-27, comhiomlán Ranna B go S NACE, costais saothair iomlána, de réir pc, [R2-2022 -R1-2024])
Foinsí:
-I gcás sonraí deiridh: Tacar sonraí Eurostat lc_lci_r2_q [athróg: ‘Costas saothair don ICS (cúiteamh d’fhostaithe móide cánacha lúide fóirdheontais)’].
-I gcás na gcéad mheastacháin: bunachar sonraí táirgthe Eurostat.
Fuarthas na sonraí sin an 20 Lúnasa 2024
3.4 Comhleanúnachas agus inchomparáideacht
Comhleanúnachas le figiúirí na gcuntas náisiúnta
Réimse amháin a leanann d’aird á fháil is ea comhleanúnachas ICS le staidreamh eile maidir le costais saothair, go háirithe le sonraí na gcuntas náisiúnta ráithiúil.
I gcás na tuarascála bliantúla cáilíochta, iarrtar ar na Ballstáit ráta fáis an ICS a chur i gcomparáid le ráta fáis an chúitimh d’fhostaithe in aghaidh na huaire atá le fáil sna cuntais náisiúnta (sainmhíniú CEC 2010). Níl coinne leis go mbeidh na tacair sonraí comhoiriúnach go foirfe - fiú má tá na sainmhínithe ar chostas saothair beagnach mar an gcéanna, d’fhéadfadh foinsí agus cóireálacha staidrimh a bheith difriúil. Thairis sin, tá deacrachtaí faoi leith ag baint le huaireanta oibre a bhailiú i gcás an ICS agus na gcuntas náisiúnta araon. D’ainneoin na ndifríochtaí seo sa mhodheolaíocht, is mór is fiú anailís a dhéanamh ar leibhéal na neamhréireachtaí idir an dá fhoinse. Más rud é go bhfuil na leibhéil os cionn tairseach choibhneasta ar leith, d’fhéadfadh sé sin tabhairt le fios go bhfuil fadhbanna cáilíochta in aon cheann den dá thacar sonraí.
Maidir le measúnú cáilíochta, lean Eurostat d’fhaireachán a dhéanamh ar chomhiomláin Ranna B go S NACE de gach Ballstát. Ar mhaithe leis an gcomparáid sin, úsáideadh sonraí NSA, cé is moite den Danmhairg agus den tSualainn nach raibh ach sonraí CA ar fáil ina leith. Cuireadh ráta airmheánach fáis bliantúil ICS i gcomparáid le ráta airmheánach fáis an chúitimh d’fhostaithe in aghaidh na huaire bunaithe ar shonraí ó chuntais náisiúnta os cionn 8 ráithe. Measadh go raibh gá le hanailís bhreise a dhéanamh ar athruithe sa bhreis ar 3 pc (féach Fíor 2, agus tíortha rangaithe de réir ord méadaitheach na bearna i ndearbhluach). Is iad an Liotuáin agus an Laitvia amháin a thaifead bearna os cionn 3 pc (3,5 pc araon).
Déantar obair leantach ar thorthaí na hanailíse thuasluaite leis na Ballstáit, go háirithe maidir le sonraí faoi uaireanta oibre.
Chomh maith leis na hairmheáin, rinne Eurostat comparáid idir diall caighdeánach rátaí fáis bliantúla an ICS agus sraith na gcuntas náisiúnta araon, mar tháscaire luaineachta. I measc na dtíortha uile, taifeadadh na bearnaí is airde idir dialltaí caighdeánacha sa tSualainn (2,1 pc), agus ina dhiaidh sin sa Laitvia (1,5 pc), san Ísiltír agus sa tSeicia (1,3 pc don dá thír) ansin sa tSlóvaic (1,2 pc).
Fíor 2: Rátaí fáis bliantúla airmheánacha an innéacs costais saothair (LCI) i gcomparáid le sraith cuntas náisiúnta (CN) le haghaidh cúiteamh d’fhostaithe in aghaidh na huaire
(Comhiomlán Ranna B go S NACE, costais saothair iomlána, tréimhse thagartha: R2-2022-R1-2024*)
Foinsí:
-I gcás na gcuntas náisiúnta: Tacair sonraí Eurostat namq_10_a10 [athróg: ‘Cúiteamh d’fhostaithe san airgeadra náisiúnta] agus namq_10_a10_e [athróg: ‘Fostaithe, coincheap intíre, i mílte uair an chloig a oibrítear’].
-I gcás an ICS: Tacar sonraí Eurostat lc_lci_r2_q [athróg: ‘Costas saothair don ICS (cúiteamh d’fhostaithe móide cánacha lúide fóirdheontais)’].
-I gcás na Danmhairge agus na Sualainne, ní raibh sonraí NSA ar fáil tráth an dréachtaithe; Úsáideadh sonraí CA ina ionad sin. Fuarthas na sonraí sin an 4 Meán Fómhair 2024.
Fíor 3: Diall caighdeánach rátaí fáis bliantúla airmheánacha an innéacs costais saothair (ICS) i gcomparáid le sraith cuntas náisiúnta (CN) le haghaidh cúiteamh d’fhostaithe in aghaidh na huaire
(Comhiomlán Ranna B go S NACE, costais saothair iomlána, tréimhse thagartha: R2-2022-R1-2024*)
Foinsí:
-I gcás na gcuntas náisiúnta: Tacair sonraí Eurostat namq_10_a10 [athróg: ‘Cúiteamh d’fhostaithe san airgeadra náisiúnta] agus namq_10_a10_e [athróg: ‘Fostaithe, coincheap intíre, i mílte uair an chloig a oibrítear’].
-I gcás an ICS: Tacar sonraí Eurostat lc_lci_r2_q [athróg: ‘Costas saothair don ICS (cúiteamh d’fhostaithe móide cánacha lúide fóirdheontais)’].
-I gcás na Danmhairge agus na Sualainne, ní raibh sonraí NSA ar fáil tráth an dréachtaithe; Úsáideadh sonraí CA ina ionad sin. Fuarthas na sonraí sin an 4 Meán Fómhair 2024.
Inchomparáideacht
Áirithítear inchomparáideacht idir tíortha trí na sainmhínithe mionsonraithe agus an mhodheolaíocht a leagtar amach i reachtaíocht ICS. Comhlíonann na Ballstáit riachtanais an Aontais trí úsáid a bhaint as na foinsí sonraí atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta. Baineann an chuid is mó acu úsáid as suirbhéanna nó as meascán de shuirbhéanna agus de shonraí riaracháin, ach bíonn 2 Bhallstát ag brath go heisiach ar fhoinsí riaracháin.
Chun sonraí inchomparáide ICS a fhoilsiú thar am, tá sé tábhachtach ceartú a dhéanamh ar éifeachtaí féilire agus séasúracha. Déantar na príomhfhigiúirí a choigeartú le haghaidh éifeachtaí féilire agus an tráth céanna déantar an tséasúracht a fhritháireamh trí chomparáid a dhéanamh idir na ráithí céanna thar 2 bhliain as a chéile.
De réir Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 1216/2003, ní mór figiúirí ICS a sholáthar i bhfoirm NSA, CA, agus CSA.
Ní luaitear go sainráite i Rialachán (CE) Uimh. 450/2003 an gá coigeartuithe féilire agus coigeartuithe séasúracha a dhéanamh trí úsáid a bhaint as an gcur chuige díreach nó indíreach. Ciallaíonn coigeartú indíreach go ndéantar an bhunsraith a choigeartú agus a úsáid ansin chun comhiomláin ardleibhéil a chur le chéile, ach ciallaíonn coigeartú díreach go ndéantar gach sraith, lena n‑áirítear comhiomláin ardleibhéil, a choigeartú ar bhonn aonair. Maidir leis an ICS, molann Eurostat an cur chuige indíreach a úsáid chun neamhréireachtaí idir iomlán na gcostas saothair agus na comhpháirteanna saothair a sheachaint.
Déanann Eurostat seiceálacha go córasach le haghaidh neamhréireachtaí idir rátaí fáis bliantúla an ISC uile i gcomparáid lena chomhpháirteanna pá agus neamhphá agus tuairiscíonn sé gach neamhréireacht sa bhreis ar 0,1 pc (i ndiaidh slánú) le haghaidh na dtíortha lena mbaineann. Déantar an ICS iomlán a athríomh ansin bunaithe ar na comhpháirteanna pá agus neamhphá (cur chuige indíreach). Leis an gcur chuige comhchuibhithe sin, áirithítear freisin inchomparáideacht níos fearr ar fud na dtíortha.
IV.CONCLÚIDÍ
Ar an iomlán, tá cáilíocht innéacsanna costais saothair na mBallstát agus chomhiomláin an Aontais fós go maith. Cé is moite d’athbhreithniú substaintiúil i ráithe amháin (R2-2022), a mhínítear le hathruithe modheolaíochta i dtír amháin, ní dhearnadh ach athbhreithnithe beaga ar chomhiomláin an Aontais, mar a tharla roimh ghéarchéim COVID-19.
Rinneadh na tuarascálacha cáilíochta a chuir na Ballstáit isteach a phróiseáil tríd an leagan is déanaí de Láimhseálaí Meiteashonraí an Chórais Staidrimh Eorpaigh a úsáid. Cuireadh ar fáil do gach úsáideoir iad, lena n‑áirítear an iarscríbhinn maidir le cleachtais choigeartaithe shéasúraigh agus torthaí ar fud na mBallstát.
Ó bhí 2017 ann, tá Eurostat ag foilsiú meastacháin bhliantúla ar leibhéil costais saothair in aghaidh na huaire de réir ranna NACE, bunaithe ar shonraí costais saothair ón suirbhé agus ar threochtaí ICS. Tá líon mór amas ar an alt gaolmhar ‘Statistics Explained’ [Míniú ar Staidreamh], rud lena ndeimhnítear spéis na n‑úsáideoirí san ábhar sin. Leanfaidh an Coimisiún d’fhaireachán rialta a dhéanamh ar chomhlíonadh agus ar cháilíocht sonraí, bunaithe ar na sonraí a sheachadtar agus ar dhoiciméadacht náisiúnta eile, lena n‑áirítear tuarascálacha cáilíochta.
Ó bhí mí na Bealtaine 2024 ann, tá meastacháin luatha á n‑eisiúint ag Eurostat le haghaidh an innéacs costais saothair don Aontas ina iomláine agus don limistéar euro araon. Scaoiltear na meastacháin sin thart ar 1 mhí amháin roimh an eisiúint deiridh (50 lá seachas 77 lá tar éis na tréimhse tagartha). Eisítear na meastacháin luatha sin sa tacar sonraí céanna leis na sonraí deiridh.
Ar deireadh, rinne Eurostat athbhreithniú ginearálta ar reachtaíocht an Aontais maidir le staidreamh an mhargaidh saothair i ndáil le gnólachtaí, as ar eascair togra reachtach a ghlac an Coimisiún an 28 Iúil 2023. Is é is aidhm don athbhreithniú seo meastóireacht agus nuachóiriú a dhéanamh ar reachtaíocht iomlán an Aontais i réimse staidreamh an mhargaidh saothair i ndáil le gnólachtaí, lena n‑áirítear ICS.