An Bhruiséil,13.11.2024

COM(2024) 522 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir leis an athbhreithniú comhpháirteacht ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le próiseas agus aistriú Sonraí Teachtaireachtaí Airgeadais ón Aontas Eorpach go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá chun críocha an Chláir um Sceimhlitheoireacht agus a Maoiniú a Rianú

{SWD(2024) 252 final}


An Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le próiseas agus aistriú Sonraí Teachtaireachtaí Airgeadais ón Aontas Eorpach go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá chun críocha an Chláir um Sceimhlitheoireacht agus a Maoiniú a Rianú, tháinig sé i bhfeidhm an 1 Lúnasa 2010 1 .

Gnéithe nós imeachta

Foráiltear le hAirteagal 13 den Chomhaontú go ndéanfaidh foirne athbhreithnithe ón Aontas Eorpach agus ó na Stáit Aontaithe, lena n‑áirítear an Coimisiún Eorpach, Roinn Státchiste na Stát Aontaithe (‘an Státchiste’ anseo feasta), agus ionadaithe ó dhá údarás cosanta sonraí ó Bhallstáit an Aontais, athbhreithnithe comhpháirteacha rialta ar na forálacha maidir le coimircí, rialuithe agus cómhalartacht, agus féadfaidh saineolaithe slándála agus cosanta sonraí mar aon le daoine a bhfuil taithí bhreithiúnach acu a áireamh sna foirne freisin.

Baineann an tuarascáil seo leis an seachtú hathbhreithniú comhpháirteach ar an gComhaontú ó tháinig sé i bhfeidhm agus clúdaíonn an t‑athbhreithniú tréimhse idir an 1 Nollaig 2021 agus an 30 Samhain 2023. Rinneadh athbhreithnithe comhpháirteacha roimhe seo ar an gComhaontú i mí Feabhra 2011 2 , i mí Dheireadh Fómhair 2012 3 , i mí Aibreáin 2014 4 , i mí an Mhárta 2016 5 , i mí Eanáir 2019 6 agus i mí an Mhárta 2022 7 . An 27 Samhain 2013 ghlac an Coimisiún an Teachtaireacht maidir leis an Tuarascáil Chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ón Státchiste maidir le luach na sonraí a sholáthraítear leis an gClár um Sceimhlitheoireacht agus a Maoiniú a Rianú de bhun Airteagal 6(6) den Chomhaontú 8 .

I gcomhréir le hAirteagal 13(3) den Chomhaontú, chun críocha an athbhreithnithe, bhí an Coimisiún Eorpach ina ionadaí don Aontas Eorpach, agus bhí an Státchiste ina ionadaí do na Stáit Aontaithe. Bhí oifigeach sinsearach ón gCoimisiún i gceannas ar fhoireann athbhreithnithe an Aontais agus bhí beirt ón gCoimisiún ar an bhfoireann san iomlán, chomh maith le hionadaithe ó dhá údarás náisiúnta cosanta de chuid an Aontais.

Rinneadh an seachtú hathbhreithniú comhpháirteach in dhá phríomhchéim: an 27 Feabhra 2024 sa Háig ag áitreabh Europol agus an 19 agus an 20 Márta 2024 in Washington DC ag an Státchiste.

Tá an tuarascáil seo bunaithe ar an bhfaisnéis atá sna freagraí scríofa a thug an Státchiste ar cheistneoir an Aontais a seoladh roimh an athbhreithniú, ar faisnéis í a fuarthas ó na pléití le foireann an Státchiste agus le baill d’fhoireann athbhreithnithe na Stát Aontaithe, chomh maith leis an bhfaisnéis atá i ndoiciméid eile de chuid an Státchiste atá ar fáil go poiblí. Ina theannta sin, cuirtear san áireamh san athbhreithniú faisnéis a sholáthraigh foireann Europol le linn an athbhreithnithe. Chun an fhaisnéis atá ar fáil a chomhlánú, bhuail an Coimisiún leis an Soláthraí Ainmnithe maidir le seirbhísí teachtaireachtaí íocaíochta airgeadais freisin agus fuair sé faisnéis uaidh agus d’eagraigh sé cruinniú an 18 Eanáir 2024 chun aiseolas a fháil ó na Ballstáit maidir le forálacha cómhalartachta an Chomhaontaithe.

Forbairtí nua agus na príomhthorthaí

Ó bhí mí an Mhárta 2023 ann, tá an soláthraí ainmnithe de sheirbhísí teachtaireachtaí íocaíochta airgeadais i mbun ailtireacht nua teachtaireachtaí a uasghrádú (ISO 20022). Mar thoradh ar an aistriú chuig caighdeán nua, éilíonn iarrataí ó na Stáit Aontaithe ar shonraí a fháil ón soláthraí dhá chineál teachtaireachtaí a tháirgeadh (teachtaireachtaí MX (nua) agus na teachtaireachtaí tosaigh MT). Ós rud é go bhfuil teachtaireachtaí ina n‑úsáidtear an caighdeán nua á stóráil i gcríoch an Aontais Eorpaigh ó bhí mí an Mhárta 2023 ann, tá méadú suntasach tagtha ar an raon feidhme geografach a chumhdaítear le hiarrataí Airteagal 4. Meastar go dtarlóidh an t‑aistriú sin thar thréimhse 2 bhliain go dtí mí na Samhna 2025, agus le linn na tréimhse sin athróidh institiúidí airgeadais de réir a chéile ón bhformáid MT go dtí an fhormáid MX.

Ar bhonn na faisnéise agus na mínithe a fuarthas ón Státchiste, ó Europol, ón Soláthraí Ainmnithe agus ó na maoirseoirí neamhspleácha agus ar bhonn fhíorú na ndoiciméad ábhartha agus fhíorú sampla a roghnaíodh go randamach d’iarrataí ar orduithe táirgthe agus ar chuardaigh a rinneadh ar shonraí an Chláir um Sceimhlitheoireacht agus a Maoiniú a Rianú, tá an Coimisiún sásta ar an iomlán go bhfuil an Comhaontú, mar aon lena choimircí agus a rialuithe, á gcur chun feidhme i gceart.

Tá Europol ag comhlíonadh a chúraimí fíoraithe i gcomhréir iomlán le hAirteagal 4 ar bhonn doiciméadacht tacaíochta mionsonraithe a thugtar cothrom le dáta go rialta agus a fhaightear ón Státchiste. Leis an bhfíorú moillithe ar iarrataí Airteagal 4 a bhí ann i ndiaidh aistriú an soláthraí ainmnithe ó theachtaireachtaí i bhformáid MT go formáid MX, léirítear go ndéanann Europol gach iarracht chun a fhíorú go dtugann na hiarrataí sin bunús soiléir leis an ngá atá leis na sonraí a iarradh agus go n‑oibríonn an choimirce a leagtar amach in Airteagal 4(4) go maith.

Tá an sásra maoirseachta ag feidhmiú go rianúil agus áirithíonn sé go héifeachtach go gcomhlíonann an phróiseáil a dhéantar ar shonraí na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 5 lena n‑áirítear nár cuardaíodh sonraí ach amháin i gcás ina bhfuil faisnéis nó fianaise ann cheana a léiríonn cúis lena chreidiúint go bhfuil nasc ag ábhar an chuardaigh leis an sceimhlitheoireacht nó lena maoiniú. Scriostar na sonraí neamh‑asbhainte 5 bliana tar éis iad a fháil ar a dhéanaí, i gcomhréir le hAirteagal 6(4) den Chomhaontú.

Is príomhionstraim é an Clár um Sceimhlitheoireacht agus a Maoiniú a Rianú i gcónaí chun faisnéis thráthúil chruinn iontaofa a sholáthar faoi ghníomhaíochtaí a bhaineann le gníomhaíochtaí amhrasacha pleanála sceimhlitheoireachta agus lena maoiniú. Cuidíonn sé le sceimhlitheoirí agus a líonraí tacaíochta a aithint agus a rianú ar fud an domhain. I roinnt cásanna, bhí an fhaisnéis a soláthraíodh faoin gComhaontú ríthábhachtach chun imscrúduithe sonracha a thabhairt chun cinn maidir le hionsaithe sceimhlitheoireachta ar chríoch an Aontais.

Tháinig laghdú ar an meánlíon leideanna in aghaidh na míosa ó 1 631 leid go 566 leid le linn na tréimhse athbhreithnithe. An laghdú 33 % sin, is é is cúis leis, go páirteach, an laghdú ar an líon ionsaithe sceimhlitheoireachta san Aontas a cuireadh i gcrích, ar theip orthu agus ar cuireadh stop leo (laghdú 19 %) chomh maith leis an líon gabhálacha a rinneadh bunaithe ar amhras go ndearnadh sceimhlitheoireacht (laghdú 23 %). Tháinig laghdú ar an líon cuardach in aghaidh na míosa ó 828 gcuardach go 721 chuardach, nó 13 % i gcomparáid leis an tréimhse athbhreithnithe roimhe sin.



Moltaí agus conclúidí

Is díol sásaimh don Choimisiún an tuarascáil ó Fhoireann Athbhreithnithe Airteagal 13 an Aontais atá i Ranna 3 agus 4 den Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann léi chomh maith lena moltaí. Maidir leis an bhféidearthacht tuilleadh feabhais a dhéanamh, tacaíonn an Coimisiún leis na moltaí seo a leanas:

1.Leanúint de na hiarrachtaí comhpháirteacha chun luach an Chláir um Sceimhlitheoireacht agus a Maoiniú a Rianú a léiriú. Molann an Coimisiún do Europol leanúint dá iarrachtaí luach na bhforálacha cómhalartacha a léiriú, ar luachanna iad a leagtar amach sa Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le próiseáil agus aistriú Sonraí Teachtaireachtaí Airgeadais ón Aontas Eorpach go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá chun críocha an Chláir um Sceimhlitheoireacht agus a Maoiniú a Rianú agus molann sé dó feasacht i leith an Chláir um Sceimhlitheoireacht agus a Maoiniú a Rianú a chur chun cinn go gníomhach agus tacú leis na Ballstáit atá ag lorg a chomhairle maidir le hiarrataí spriocdhírithe Airteagal 10 a cheapadh.

2.Míniú a thabhairt ar luach na gcineálacha teachtaireachtaí airgeadais a iarradh. Aithníonn an Coimisiún go ndéanann an Státchiste measúnú ar na cineálacha teachtaireachtaí agus ar na réigiúin gheografacha is mó agus is lú a fhreagraíonn do chuardaigh sa mheastóireacht bhliantúil ar Iarrataí Airteagal 4 dá chuid, ach molann sé gur cheart míniú níos mionsonraithe a thabhairt ar thoradh measúnaithe den sórt sin in iarrataí Airteagal 4 ina dhiaidh sin, go háirithe ós rud é gur gá dhá chineál teachtaireachtaí a tháirgeadh (teachtaireachtaí MX (nua) agus teachtaireachtaí tosaigh MT) mar gheall ar an aistriú chuig caighdeán teachtaireachta nua ar cuireadh tús leis i mí an Mhárta 2023. D’fhéadfadh mínithe níos mionsonraithe den sórt sin a léiriú ar bhealach níos fearr go bhfuil iarraidh an Státchiste curtha in oiriúint go géar aige chun an méid sonraí a iarrann an soláthraí ainmnithe a íoslaghdú.

3.Athbhreithniú a dhéanamh ar an ngá ‘sonraí asbhainte’ a choinneáil. Aithníonn an Coimisiún iarrachtaí na Stát Aontaithe chun méid na sonraí asbhainte a íoslaghdú, agus aithníonn sé freisin luach féideartha an tsásra a tugadh isteach le déanaí, sásra ar cheart dó méid na sonraí asbhainte a laghdú trína áirithiú nach gcoinneoidh córas an Chláir um Sceimhlitheoireacht agus a Maoiniú a Rianú teachtaireacht mura marcálann úsáideoir deiridh na teachtaireachtaí aonair mar theachtaireachtaí a fhreagraíonn do chuardach. Molann an Coimisiún freisin don Státchiste leanúint dá iarrachtaí a shásraí a fheabhsú chun athbhreithniú a dhéanamh ar an ngá ‘sonraí asbhainte’ a choinneáil chun a áirithiú nach gcoimeádtar na sonraí sin ach ar feadh tréimhse chomh fada agus is gá don imscrúdú sonrach nó don ionchúiseamh sonrach ina n‑úsáidtear iad. Molann an Coimisiún don Státchiste nósanna imeachta i scríbhinn a bhunú chun athbhreithniú a dhéanamh ar choinneáil sonraí den sórt sin, agus é sin a dhéanamh roimh an gcéad athbhreithniú eile.

4. Tuilleadh aiseolais ó Bhallstáit an Aontais le haghaidh an Státchiste. Iarrann an Coimisiún ar  na Ballstáit a n‑iarrachtaí a mhéadú chun Europol a chur ar an eolas mar Phointe Teagmhála Aonair nuair a bhíonn cás curtha i gcrích faoi dheireadh, ionas gur féidir an fhaisnéis sin a sholáthar ina dhiaidh sin don Státchiste, agus ba cheart, i bprionsabal, sonraí asbhainte a bhaineann leis an gcás sin a scriosadh dá thoradh sin, mura rud é go ndéantar imscrúduithe eile bunaithe ar na sonraí asbhainte. Maidir leis ann moladh ó Europol foirm chaighdeánach mheastóireachta/fhreagartha a fhorbairt, ar foirm í a sheolfar in éineacht leis na ceannairí, is díol sásaimh don Choimisiún é agus tacaíonn sé leis.

5.Ról Europol agus an tacaíocht a thugann sé do Bhallstáit an Aontais – cur chun cinn agus comhairle. Moltar do Europol leanúint dá iarrachtaí feasacht ar an gClár um Sceimhlitheoireacht agus a Maoiniú a Rianú a chur chun cinn go gníomhach agus tacú leis na Ballstáit atá ag lorg a chomhairle agus a thaithí maidir le hiarrataí Airteagal 10 spriocdhírithe a cheapadh. Iarrann an Coimisiún ar an Státchiste a cheanglais maidir le nasc a bhunú leis an sceimhlitheoireacht agus a threoirlínte i scríbhinn a roinnt le húsáideoirí nó anailísithe an Chláir um Sceimhlitheoireacht agus a Maoiniú a Rianú le Europol chun tacú le gníomhaíochtaí for‑rochtana Europol leis na Ballstáit agus chun a áirithiú go mbeidh tuiscint níos fearr acu sin ar a bhfuil riachtanach chun cúis a léiriú lena chreidiúint go bhfuil nasc ag ábhar an chuardaigh leis an sceimhlitheoireacht nó lena maoiniú.

6.Próiseáil leideanna a éascú (digitiú). Chuir údaráis na mBallstát in iúl go bhféadfaí na leideanna a scaipeann an Státchiste mar chóipeanna fisiceacha páipéir a phróiseáil ar bhealach níos éifeachtúla dá gcuirfí ar fáil go digiteach iad. Mar sin féin, is féidir a thabhairt faoi deara go ndéantar na leideanna bunaidh a bhaintear as bunachar sonraí an Cláir um Sceimhlitheoireacht agus a Maoiniú a Rianú a phriontáil go heisiach ar pháipéar, agus go mbeadh gá le próiseas breise chun iad a scaoileadh ó rúnaicmiú chun iad a thiontú ina bhformáid dhigiteach. Iarrann an Coimisiún ar an Státchiste agus ar Europol a machnamh a dhéanamh ar bhealaí féideartha chun na próisis fadálacha maidir le scaoileadh ó rúnaicimiú a bhaineann le leideanna a tiontaíodh go formáid dhigiteach a dhéanamh níos éifeachtúla chun próiseáil leideanna a éascú, i gcomhréir le socruithe slándála an Chláir um Sceimhlitheoireacht agus a Maoiniú a Rianú.

7.Cearta cosanta sonraí a fhíorú. Maidir leis na nósanna imeachta chun iarratais ó dhaoine a phróiseáil chun a áirithiú gur urramaíodh a gcearta cosanta sonraí i gcomhréir leis an gComhaontú, tugann an Coimisiún dá aire gur cosúil go bhfuil siad ag feidhmiú go héifeachtúil. Tugann an Coimisiún dá aire freisin gur mhaígh Bord Maoirseachta na Stát Aontaithe um Príobháideacht agus Saoirsí Sibhialta i mí na Samhna 2020, i gcomhthéacs athbhreithniú maoirseachta ar an gClár um Sceimhlitheoireacht agus a Maoiniú a Rianú, go léiríonn an t‑athbhreithniú go bhfuil an clár deartha go cúramach, go soláthraíonn sé luach suntasach ar fhrithsceimhlitheoireacht, agus go gcosnaíonn sé príobháideacht an duine aonair go cuí. Is díol sásaimh don Choimisiún breithniú agus obair an Státchiste chun aghaidh a thabhairt ar mholtaí neamhcheangailteacha a rinne Bord Maoirseachta na Stát Aontaithe um Príobháideacht agus Saoirsí Sibhialta agus ba dhíol sásaimh dó tuilleadh nuashonruithe a fháil maidir leis an gcaoi ar tugadh aghaidh orthu. Maidir leis an Oifigeach Príobháideachta i Roinn Státchiste na Stát Aontaithe, oifigeach a bhfuil sé de chúram air Airteagail 15 agus 16 den Chomhaontú a chur i bhfeidhm, leagann an Coimisiún béim ar a thábhachtaí atá sé go leanfaidh sé dá iarrachtaí rochtain ar an gceart rochtana agus sásaimh a éascú a thuilleadh a do dhaoine agus go mbreithneoidh sé freisin an bealach lenar féidir nósanna imeachta a thástáil in éagmais iarratais shonracha.

Is díol sásaimh don Choimisiún an trédhearcacht leanúnach atá ag údaráis na Stát Aontaithe maidir le faisnéis a chomhroinnt lena léirítear luach an Chláir um Sceimhlitheoireacht agus a Maoiniú a Rianú in iarrachtaí idirnáisiúnta frithsceimhlitheoireachta. San fhaisnéis mhionsonraithe faoin gcaoi ar féidir na sonraí a sholáthraíonn an Clár um Sceimhlitheoireacht agus a Maoiniú a Rianú a úsáid agus faoin gcaoi a bhfuil na sonraí sin á n‑úsáid, sna cásanna nithiúla den mhéid sin arna soláthar sa Tuarascáil Chomhluacha, agus i gcomhthéacs an athbhreithnithe seo, mínítear feidhmiú an Chláir um Sceimhlitheoireacht agus a Maoiniú a Rianú go soiléir agus léirítear breisluach an Chláir don tslándáil ar an dá thaobh den Atlantach, ós rud é go bhfuil sé fós ina uirlis riachtanach chun tacú le hanailísithe agus imscrúduithe frithsceimhlitheoireachta, mar shampla chun oibrithe sceimhlitheoireachta agus lucht tacaíochta airgeadais nach raibh ar eolas roimhe seo a shainaithint.

Le linn na tréimhse atá faoi athbhreithniú, bhain údaráis na Stát Aontaithe úsáid fhorleathan as an rogha faoi Airteagal 9 den Chomhaontú faisnéis a sholáthar go spontáineach ón gClár um Sceimhlitheoireacht agus a Maoiniú a Rianú d’údaráis an Aontais. Ina theannta sin, lean Europol de shraith iarrataí a thionscnamh go réamhghníomhach faoi Airteagal 10 den Chomhaontú sa tréimhse faoi athbhreithniú agus thacaigh sé le himscrúduithe i dtíortha comhpháirteacha trí chuardaigh a dhéanamh sa Chlár um Sceimhlitheoireacht agus a Maoiniú a Rianú agus le leideanna. Tá athbhreithniú rialta ar an gComhaontú riachtanach chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme i gceart é, chun caidreamh muiníne a fhorbairt idir na páirtithe conarthacha agus chun deimhneacht a thabhairt do pháirtithe leasmhara maidir le luach ionstraim an Chláir um Sceimhlitheoireacht agus a Maoiniú a Rianú. Chomhaontaigh an Coimisiún agus an Státchiste an chéad athbhreithniú comhpháirteach eile a dhéanamh de réir Airteagal 13 den Chomhaontú ag tús 2026.

Tá cur síos mionsonraithe ar fheidhmiú an Chomhaontaithe, ar phróiseas an athbhreithnithe chomhpháirtigh, ar a thoradh agus ar a mholtaí sa Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis an Tuarascáil seo.

(1)

     IO L 195/5 an 27.7.2010.

(2)

     SEC(2011) 438 final.

(3)

     SWD(2012) 454 final.

(4)

     COM (2014) 513 final agus SWD (2014) 264 final an 11.8.2014.

(5)

     COM (2017) 31 final agus SWD (2017) 17 final an 19.1.2017.

(6)

     COM (2019) 342 final agus SWD (2019) 301 final an 22.7.2019.

(7)

     COM (2022) 585 final agus SWD (2022) 357 final an 11.11.2022.

(8)

     COM (2013) 843 final an 27.11.2013.