An Bhruiséil,24.10.2024

COM(2024) 489 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir le cur chun feidhme Threoir (AE) 2016/800 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le coimircí nós imeachta do leanaí atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe in imeachtaí coiriúla















1.    RÉAMHRÁ    

2.    MEASÚNÚ GINEARÁLTA    

3.    POINTÍ SONRACHA MEASÚNAITHE    

3.1.Raon feidhme (Airteagal 2) agus imeachtaí an Bharántais Gabhála Eorpaigh (Airteagal 17)

3.2.Sainmhínithe (Airteagal 3)

3.3.An ceart chun faisnéise (Airteagal 4)

3.4.An ceart atá ag an leanbh go gcuirfí sealbhóir na freagrachta tuismitheora ar an eolas (Airteagal 5)

3.5.Cúnamh dlíodóra (Airteagal 6)

3.6.An ceart chun measúnú aonair a fháil (Airteagal 7)

3.7.An ceart chun scrúdú leighis a fháil (Airteagal 8)

3.8.Taifeadadh closamhairc ar cheistiú (Airteagal 9)

3.9.Teorainn le cailleadh saoirse (Airteagal 10)

3.10.Bearta malartacha (Airteagal 11)

3.11.Cóir shonrach i gcás cailleadh saoirse (Airteagal 12)

3.12.Déileáil go tráthúil agus go dícheallach le cásanna (Airteagal 13)

3.13.An ceart chun príobháideachas a chosaint (Airteagal 14)

3.14.An ceart atá ag an leanbh sealbhóir na freagrachta tuismitheora a bheith á thionlacan le linn na nimeachtaí (Airteagal 15)

3.15.An ceart atá ag leanaí teacht i láthair go pearsanta ag a dtriail agus páirt a ghlacadh inti (Airteagal 16)

3.16.An ceart chun cúnamh dlíthiúil a fháil (Airteagal 18)

3.17.Leigheasanna (Airteagal 19)

3.18.Oiliúint (Airteagal 20)

3.19.Bailiú Sonraí (Airteagal 21)

3.20.Costais (Airteagal 22)

3.21.Trasuí Airteagal 24

4.    AIRTEAGAL 6 DEN TREOIR A CHUR I bhFEIDHM    

5.    CONCLÚID    


1.RÉAMHRÁ

Tá sé daidhm ag Treoir (AE) 2016/800 maidir le coimircí nós imeachta do leanaí atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe in imeachtaí coiriúla 1 (an Treoir) coimircí nós imeachta a bhunú chun a áirithiú go mbeidh leanaí, is é sin daoine faoi bhun 18 mbliana daois, ar daoine iad atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe in imeachtaí coiriúla, in ann na himeachtaí sin a thuiscint agus a leanúint agus a gceart chun trialach córa a fheidhmiú go héifeachtach. Tá sé daidhm aige freisin atitimeachas a chosc agus imeascadh sóisialta leanaí atá i gcoinbhleacht leis an dlí a chothú.

Tá na coimircí a leagtar amach sa Treoir seo bunaithe ar an gceart chun trialach córa agus ar cheart na cosanta mar a chumhdaítear in Airteagail 47 agus 48 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh 2 i gcomhar le hAirteagal 24 maidir le cearta an linbh, lena mbunaítear an prionsabal nach mór tús áite a thabhairt do leas an linbh i ngach beart a bhaineann le leanaí.

Is í an Treoir an cúigiú hionstraim a glacadh faoi Airteagal 82(2)(b) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena soláthraítear an bunús dlí le haghaidh rialacha íosta maidir le cearta daoine aonair sa nós imeachta coiriúil a ghlacadh. Tá feidhm aige in 25 Bhallstát 3 .

Tá na cúig Threoir eile seo a leanas ina ndírítear ar chearta daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine atá cúisithe glactha ag an Aontas:

·an Treoir maidir leis an gceart chun ateangaireachta agus chun aistriúcháin 4 ;

·an Treoir maidir leis an gceart chun faisnéise 5 ;

·an Treoir maidir leis an gceart rochtana ar dhlíodóir agus chun cumarsáid a dhéanamh le tríú daoine le linn don tsaoirse a bheith caillte 6 ;

·an Treoir maidir le neartú ar ghnéithe áirithe de thoimhde na neamhchiontachta agus den cheart chun bheith i láthair le linn na trialach 7 ; agus

·an Treoir maidir le cúnamh dlíthiúil 8 .

Leis na sé Threoir sin maidir le cearta nós imeachta, neartaítear muinín na mBallstát i gcórais ceartais choiriúil a chéile agus, ar an gcaoi sin, cuirtear feabhas ar an aitheantas frithpháirteach do chinntí in ábhair choiriúla.

Tá tuarascálacha cur chun feidhme foilsithe cheana féin ag an gCoimisiún Eorpach le haghaidh cúig cinn de na treoracha 9 i gcomhréir lena cheanglais tuairiscithe faoi na gníomhartha sin. Ar an gcaoi chéanna, le hAirteagal 25 den Treoir seo ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar a mhéid a rinne na Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, lena náirítear meastóireacht ar chur i bhfeidhm Airteagal 6, agus tograí reachtacha ag gabháil léi, más gá.

Chun faisnéis a thiomsú maidir le cur i bhfeidhm praiticiúil Airteagal 6, agus, inter alia, chun faisnéis a bhailiú maidir le cur chun feidhme fhorálacha na Treorach ar gá bearta praiticiúla cur chun feidhme a dhéanamh ina leith seachas trasuí reachtach, cuireadh ceistneoir chuig na Ballstáit. Fuarthas freagraí ó 20 ceann de na 25 Bhallstát rannpháirteacha.

Dá bhrí sin, tá an tuarascáil seo bunaithe ar an bhfaisnéis a chuir na Ballstáit ar fáil don Choimisiún i gcomhthéacs fógra a thabhairt faoi bhearta náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir agus ar dhoiciméid mhíniúcháin chomhfhreagracha chomh maith leis an bhfaisnéis bhreise a cuireadh ar fáil mar fhreagairt ar an gceistneoir a mhéid a cuireadh an fhaisnéis bhreise sin isteach go deimhin. Baintear faisnéis freisin as taighde arna dhéanamh ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha 10 agus as staidéir arna gcistiú ag an gCoimisiún a rinne páirtithe leasmhara seachtracha 11 .

Leagfar béim sa tuarascáil seo freisin ar fhorálacha na Treorach lena gceanglaítear bearta praiticiúla cur chun feidhme a ghlacadh agus tabharfar forbhreathnú inti ar an bhfaisnéis faoi ghlacadh na mbeart sin arna soláthar ag na Ballstáit.

2.MEASÚNÚ GINEARÁLTA

De réir Airteagal 24 den Treoir, bhí ar na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 11 Meitheamh 2019 agus bhí sé d’oibleagáid orthu an Coimisiún a chur ar an eolas faoi sin láithreach.

Bhí an cur chuige maidir le trasuí na Treorach éagsúil idir na Ballstáit, mar gheall ar dhifríochtaí struchtúracha idir a gcórais cheartais. Is féidir trí chineál cur chuige ginearálta a shainaithint. Ghlac an chéad ghrúpa Ballstát ionstraimí dlíthiúla sonracha maidir le coimircí nós imeachta do leanaí, amhail i bhfoirm acht um cheartas dógánaigh, a chuirtear ar bun mar lex specialis maidir le rialacha ginearálta nós imeachta choiriúil is infheidhme maidir le gach duine atá faoi dhrochamhras agus gach duine atá cúisithe. Roghnaigh an dara grúpa Ballstát leasuithe a bhaineann go sonrach le leanaí ar a rialacha nós imeachta ginearálta i.e. a gcóid ghinearálta nós imeachta choiriúil. Soláthraíonn an tríú grúpa Ballstát rialacha maidir le himeachtaí coiriúla a bhaineann le leanaí ina gCóid ghinearálta um Nós Imeachta Coiriúil agus in ionstraimí dlí eile a bhaineann go sonrach le himeachtaí in aghaidh leanaí a rinne gníomh a cháilíonn mar chion coiriúil, gan na himeachtaí sin iad féin á gcáiliú mar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta. Sna Ballstáit sin, níl leanaí faoi réir rialacha ginearálta an nós imeachta choiriúil ach amháin mar eisceacht i gcásanna fíorthromchúiseacha nó cheana féin ó 17 mbliana daois seachas 18 mbliana daois. I ngach cás eile, tá leanaí a rinne gníomh a cháilíonn mar chion coiriúil faoi réir imeachtaí nach naithníonn na Ballstáit faoi seach mar imeachtaí coiriúla. Dá bhrí sin, ní aithníonn na Ballstáit sin infheidhmeacht na Treorach maidir le himeachtaí den sórt sin. Bunaithe ar chritéir Engel a dfhorbair an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine mar a chuireann an Chúirt Bhreithiúnais i bhfeidhm ina cásdlí iad 12 , áfach, is féidir a mheas go gcáilíonn na himeachtaí sin mar imeachtaí coiriúla a thagann faoi raon feidhme na Treorach. I roinnt de na Ballstáit sin, tá saincheisteanna substainteacha ann mar thoradh air sin maidir le ceanglais na Treorach a bheith á gcomhlíonadh ag na rialacha nós imeachta is infheidhme maidir le leanaí in imeachtaí den sórt sin.

Níor thug an Bhulgáir, an Chipir, an tSeicia, an Ghearmáin, an Ghréig, an Chróit ná Málta 13 fógra faoi na bearta trasuite faoin sprioc-am a ceanglaíodh. Dá bhrí sin, i mí an Mheithimh 2019, thionscain an Coimisiún imeachtaí um shárú faoi Airteagal 258 CFAE in aghaidh na seacht mBallstát sin. Thairis sin, fuair an Chipir Tuairim Réasúnaithe maidir le neamhchumarsáid leanúnach na mbeart trasuite i mí na Bealtaine 2020. Thug gach ceann de na seacht mBallstát sin fógra faoi bhearta trasuite ina dhiaidh sin.

Sainaithníodh saincheisteanna comhlíontachta maidir le trasuí iomlán agus/nó ceart na Treorach i ngach Ballstát. As na seacht gcás in aghaidh na mBallstát maidir le neamhchumarsáid iomlán na mbeart trasuite a osclaíodh i mí an Mheithimh 2019, dúnadh ach ceithre chás, in aghaidh Mhálta, na Cipire, na Cróite agus na Seicia 14 , go dtí seo. Tá na trí Bhallstát eile ag an gcéim a bhfuil Litir fógra fhoirmiúil bhreise faighte acu 15 maidir le neamhchumarsáid pháirteach na mbeart trasuite lena gcuirtear i dtábhacht na bearnaí atá fós sa trasuí. Ina theannta sin, ó bhí mí Iúil 2023 ann, tá tús curtha ag an gCoimisiún le himeachtaí um shárú maidir le neamhchumarsáid iomlán 16 nó neamhchumarsáid pháirteach 17 na mbeart trasuite in aghaidh gach ceann de na 18 mBallstát eile. Dfhéadfaí trí cinn de na himeachtaí um shárú sin a dhúnadh arís cheana féin 18 . Dá bhrí sin, tá imeachtaí gníomhacha um shárú ar siúl faoi láthair in aghaidh 18 Bhallstát mar gheall nár éirigh leo go hiomlán bearta náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir de bhun Airteagal 260(3) CFAE a chur in iúl. Maidir le comhréireacht na mbeart trasuite ar tugadh fógra ina leith leis an Treoir, rinneadh staidéar agus réamh-mheasúnú. Déanfaidh an Coimisiún, in am trátha, na bearta is gá freisin chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a shainaithnítear sa chomhthéacs sin trí imeachtaí um shárú a thionscnamh de bhun Airteagal 258 CFAE.

Ar an iomlán, tá éagsúlacht ann maidir le méid agus cineál na n‑easnamh a sainaithníodh. Ba cheart béim ar leith a leagan ar thrí chineál saincheiste maidir le comhlíonadh. Is iad an chéad chineál saincheisteanna comhlíontachta maidir le forálacha áirithe den Treoir is féidir a mheas a bheith suntasach mar gheall ar líon na mBallstát a léiríonn a dtrasuí an t‑easnamh céanna.

Is féidir a mheas go bhfuil fadhbanna ar leith ag baint leis an dara cineál saincheisteanna suntasacha maidir le comhlíonadh mar gheall ar raon feidhme a dtionchair, ós rud é go ndéantar leanaí a ndéantar difear dóibh a eisiamh go héifeachtach ó thairbhe a bhaint as formhór na gceart agus na gcoimircí, nó fiú as na cearta agus na coimircí uile, a bhfuil siad ina dteideal faoin Treoir. Tagann an cineál sin saincheisteanna chun cinn, go háirithe, maidir le trasuí mícheart Airteagal 2, lena leagtar amach raon feidhme na Treorach agus trasuí mícheart Airteagal 17 den Treoir, arb é is aidhm dó a áirithiú go mbeidh feidhm mutatis mutandis ag na cearta dá dtagraítear in Airteagail 4, 5, 6 agus 8, Airteagail 10 go 15 agus Airteagal 18 den Treoir, maidir le leanaí ar daoine iarrtha iad.

Baineann an tríú cineál saincheisteanna maidir le comhlíonadh le heaspa airde ar an difríocht idir raon feidhme agus cineál príomhchaighdeán áirithe maidir le cearta nós imeachta do dhaoine fásta atá faoi dhrochamhras agus do dhaoine atá cúisithe agus a raon feidhme agus a gcineál mar a bheartaítear sa Treoir do leanaí. Déantar difear ar leith d’Airteagal 6 den Treoir lena rialaítear cúnamh ó dhlíodóir chomh maith le hAirteagail 4 agus 5 lena rialaítear cearta faisnéise, mar gheall ar easpa aitheantais (agus, dá bhrí sin, easpa trasuímh) ar na ceanglais dhlíthiúla bhreise atá ar na Ballstáit maidir le leanaí i gcomparáid le daoine fásta.

I gcásanna da leithéid nach ndéantar forálacha na Treorach a chomhlíonadh go hiomlán, bíonn tionchar aige sin ar éifeachtacht na gceart dá bhforáiltear inti. Leanfaidh an Coimisiún de gach beart iomchuí a dhéanamh chun é a leigheas, lena n‑áirítear imeachtaí um shárú de bhun Airteagal 258/260(3) CFAE.

Sa chomhthéacs sin, tugtar faoi deara freisin gur eisigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Chúirt Bhreithiúnais) a céad bhreithiúnas le déanaí maidir le léirmhíniú na Treorach i gcás C-603/22 19 . Bhain an cás le cur i bhfeidhm na Treorach maidir le himeachtaí coiriúla sa Pholainn in aghaidh triúr leanaí (17 mbliana daois).

3.POINTÍ SONRACHA MEASÚNAITHE

3.1.Raon feidhme (Airteagal 2) agus imeachtaí an Bharántais Gabhála Eorpaigh (Airteagal 17)

Cinntear le hAirteagal 2(1) raon feidhme na Treorach, a bhfuil feidhm aici maidir le leanaí atá faoi dhrochamhras agus atá cúisithe in imeachtaí coiriúla go dtí go mbeidh na himeachtaí sin tugtha i gcrích go hiomlán. Ciallaíonn sé sin go bhfuil feidhm ag an Treoir, i bprionsabal, a luaithe a bhíonn an leanbh de facto faoi dhrochamhras, rud a d’fhéadfadh a bheith amhlaidh, mar shampla, i gcás ina luann finné nó íospartach mar dhéantóir líomhnaithe ciona é, gan beann ar cé acu a aithníodh nó nár aithníodh é cheana féin mar dhuine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe trí ghníomh foirmiúil ó na húdaráis nó ar cuireadh in iúl dó nó nár cuireadh go bhfuil sé faoi dhrochamhras nó cúisithe mar gheall ar chion coiriúil a dhéanamh. Tá raon feidhme an-leathan sin na Treorach tábhachtach maidir le coimircí áirithe, amhail an ceart chun príobháideachais, atá ceaptha éifeacht a bheith acu fiú sula dtéann an leanbh i dteagmháil go díreach leis na húdaráis imscrúdaitheacha agus go gcuirtear ar an eolas é faoi aon amhras ina choinne. Tá roinnt forálacha den Treoir, amhail na forálacha maidir le cúnamh ó dhlíodóir, nach bhfuil sé i gceist feidhm a bheith acu ach amháin nuair a chuirtear in iúl don leanbh gur duine é atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe , ach, mar sin féin, ní mór a thabhairt faoi deara nach ndéanfaí ceart an linbh leas a bhaint as a chearta faoin Treoir ón tráth a mheastar de facto gur duine faoi dhrochamhras é, nach ndéanfaí an ceart sin a neamhbhailiú toisc gan é a bheith curtha in iúl ag na húdaráis inniúla don leanbh gurb amhlaidh gur duine é atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe, in ainneoin é a bheith faoi dhrochamhras acu cheana. Dheimhnigh an Chúirt Bhreithiúnais an réasúnaíocht sin i gcomhthéacs chur i bhfeidhm Threoir 2012/13/AE agus áirithítear léi nach mbainfear a chearta de dheasca aon dearmad a dhéanfadh na húdaráis inniúla a mhéid a bhaineann le fógra a thabhairt do dhuine atá faoi dhrochamhras maidir lena stádas sna himeachtaí.

Níor thug níos mó ná aon trian de na Ballstáit an raon feidhme céanna do chosaintí ar an leibhéal náisiúnta, áfach. Ní chuireann roinnt Ballstát an Treoir, nó forálacha áirithe di ar a laghad, i bhfeidhm maidir le leanaí ach amháin nuair a aithnítear go foirmiúil iad mar dhuine atá faoi dhrochamhras nó mar dhuine atá cúisithe (rud a chomhchuimsítear faoin gcoincheap ‘cosantóir’ i roinnt Ballstát) trí ghníomh oifigiúil nó nuair atá siad i dteagmháil dhíreach leis na húdaráis imscrúdúcháin, mar shampla le linn ceistiú póilíneachta. Cuireann Ballstáit eile na gnáthrialacha maidir le nós imeachta coiriúil i bhfeidhm nach dtugann cosaint shonrach do leanaí i gcásanna ina ndearna leanaí coir an-tromchúiseach nó, go ginearálta, ó 17 mbliana d’aois ar aghaidh. Dá bhrí sin, sna Ballstáit sin, ní bhaineann gach leanbh, i bprionsabal, tairbhe as na cearta agus na coimircí dá bhforáiltear sa Treoir. Níl comhlíonadh na Treorach sna cásanna sin ach teagmhasach i gcás ina bhfuil cosúlachtaí ann idir coimircí áirithe do dhaoine fásta agus coimircí áirithe do leanaí a leagtar amach sa Treoir. Ar an iomlán, tá fadhbanna ar leith ag baint le saincheisteanna comhlíontachta maidir le trasuí raon feidhme na Treorach toisc gur féidir leo cosaintí uile na Treorach a bhaint de líon mór leanaí ag an am céanna. Tugtar faoi deara go bhfuil nasc idir go leor saincheisteanna maidir le trasuí forálacha substainteacha sonracha na Treorach agus trasuí mícheart a raon feidhme.

Na Ballstáit sin nach gcuireann coimircí náisiúnta i bhfeidhm maidir le leanaí sula n‑aithnítear go foirmiúil iad mar dhaoine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe, léirigh siad saincheisteanna freisin maidir le trasuí mhír 4 d’Airteagal 2. Le hAirteagal 2(4) fágtar go bhfuil feidhm ag an Treoir maidir le leanaí a d’fhéadfaí a mheas, mar shampla, a bheith ina bhfinnéithe ar dtús ach a dhéanann ráitis fhéin-ionchoiritheacha le linn ceistithe agus a thagann chun bheith ina ndaoine faoi dhrochamhras dá bharr sin. I gcásanna den sórt sin, mar a shoiléirítear in Aithris 29, ní mór ceistiú a chur ar fionraí go dtí go gcuirfear an leanbh ar an eolas gur duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe iad agus go dtugann dlíodóir cúnamh dó. Tá gá leis na bearta sin chun a áirithiú, mar shampla, go bhfuil na leanaí sin ar an eolas faoina gceart gan iad féin a ionchoiriú agus faoin gceart bheith ina dtost agus gur féidir leo an ceart sin a fheidhmiú go héifeachtach.

I gcomhréir le hAirteagal 2(2), tá feidhm ag an Treoir freisin maidir le leanaí a ghabhtar tar éis iarraidh ar eiseachadadh ó Bhallstát eile, amhail trí Bharántas Gabhála Eorpach, ó am a ngabhála sa Bhallstát forghníomhaitheach. Mínítear an leathnú sin ar raon feidhme na Treorach ar bhealach níos mionsonraithe in Airteagal 17 den Treoir, ina sonraítear na cearta agus na coimircí sin ar cheart feidhm chomhionann a bheith acu maidir le gach leanbh atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe, bíodh siad ag fanacht le heiseachadadh nó ná bíodh.

Níos mó ná aon trian de na Ballstáit uile, níor thrasuigh siad Airteagal 2(2) go sainráite, agus mar thoradh air sin ní dhearna siad cuid de na cearta riachtanacha a leagtar amach in Airteagal 17 a leathnú, amhail níor leathnaigh siad chun leanaí atá ag fanacht le tabhairt suas a chumhdach an ceart go mbeadh sealbhóir freagrachta tuismitheora á dtionlacan.

Bunaithe ar Airteagal 2(3), tá feidhm fós ag formhór chearta na Treorach maidir le leanaí a thagann in aois le linn na n‑imeachtaí coiriúla ina n‑aghaidh i gcás ina measann na húdaráis inniúla go mbeadh sé iomchuí i bhfianaise imthosca uile an cháis, lena n‑áirítear aibíocht agus leochaileacht an duine lena mbaineann. Ón uair a bheidh an duine óg 21 bhliain d’aois, féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan an Treoir a chur i bhfeidhm a thuilleadh, fiú má tá na himeachtaí fós ar siúl. Sainaithníodh saincheisteanna maidir le comhlíonadh i líon suntasach Ballstát i ndáil leis an bhforáil sin.

I roinnt Ballstát, tá inniúlacht ag údarás seachas cúirt a bhfuil dlínse aici in ábhair choiriúla chun smachtbhannaí a fhorchur nó ní féidir cailleadh saoirse a fhorchur mar smachtbhanna i ndáil le mionchionta, amhail cionta tráchta ar bhóithre, a d’fhéadfaí a shuí tar éis rialú tráchta. Foráiltear le hAirteagal 2(6) i gcásanna den sórt sin, maidir le mionchionta agus cionta nach féidir cailleadh saoirse a fhorchur mar phianbhreith ina leith, nach bhfuil feidhm ag an Treoir ach amháin maidir leis na himeachtaí os comhair cúirte a bhfuil dlínse aici in ábhair choiriúla agus i gcás ina mbaintear an tsaoirse den leanbh.

Tá líon mór Ballstát, áfach, nach ndearna idirdhealú idir imeachtaí i leith mionchionta os comhair cúirteanna a bhfuil dlínse acu in ábhair choiriúla agus iad siúd os comhair údaráis eile nó ní ráthaíonn siad cearta na Treorach i gcás inar féidir cailleadh saoirse a fhorchur mar smachtbhanna i leith mionchionta sonracha. Ní shíneann siad coimircí náisiúnta chuig leanaí a bhfuil amhras fúthu nó atá cúisithe i mionchionta ar chor ar bith.

3.2.Sainmhínithe (Airteagal 3)

In Airteagal 3 den Treoir, sainmhínítear príomhchoincheapa, amhail na coincheapa ‘leanbh’, ‘sealbhóir na freagrachta tuismitheora’ agus ‘freagracht tuismitheora’. Foráiltear leis freisin, i gcás nach bhfuil sé cinnte an bhfuil 18 mbliana d’aois slánaithe ag duine, go dtoimhdeofar gur leanbh an duine sin; ceanglas nár thrasuigh aon trian de na Ballstáit go sainráite chun críche imeachtaí coiriúla.

3.3.An ceart chun faisnéise (Airteagal 4)

Forordaítear le hAirteagal 4(1) an fhaisnéis nach mór do leanbh atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe i gcion coiriúil a fháil agus na pointí sonracha ama ag a bhfuil an fhaisnéis sin le soláthar. Sa bhreis ar a gcearta i gcomhréir le Treoir 2012/13/AE, ba cheart, dá bhrí sin, leanaí a chur ar an eolas go pras faoi ghnéithe ginearálta de sheoladh na n‑imeachtaí, amhail faoi na chéad chéimeanna nós imeachta eile. Ní dhéanann beagnach leath de na Ballstáit foráil shainráite maidir leis sin.

Baineann faisnéis bhreise atá le soláthar go pras le cúnamh dlíthiúil agus le cearta eile a chumhdaítear in Airteagail 5, 6, 14, agus Airteagal 15(4) den Treoir, ar féidir iad a fheidhmiú agus ar cheart iad a fheidhmiú ó chéim luath sna himeachtaí. Ba cheart faisnéis maidir leis an gceart chun measúnú aonair chomh maith le cearta eile a chumhdaítear in Airteagail 8, 10, 11, Airteagal 15(1) agus Airteagail 16, agus 19, a thagann i bhfeidhm ag pointí éagsúla ama, ag brath ar na córais dlí éagsúla, a thabhairt ag an gcéim iomchuí is luaithe. Ar deireadh, tá roinnt faisnéise ann nach mór a sholáthar ar chailleadh saoirse, eadhon faisnéis i leith an chirt chun cóir shonrach a fháil le linn cailleadh saoirse, dá bhforáiltear in Airteagal 12 den Treoir.

Ar an iomlán, níl ach dornán Ballstát ann a cheanglaíonn ar a n‑údaráis inniúla an fhaisnéis uile is gá a sholáthar de réir a chéile ag céimeanna éagsúla na n‑imeachtaí a luaitear sa Treoir. I bhformhór na mBallstát, tá raon feidhme na faisnéise atá le soláthar níos teoranta nó tugtar faisnéis maidir le cearta nós imeachta agus coimircí is infheidhme go léir ag an am céanna. Is féidir leis an dara ceann an ceann is fearr a fháil ar an leanbh go héasca. Go deimhin, is é is cuspóir don soláthar céimnithe faisnéise sa Treoir go príomha a áirithiú go mbeidh leanaí in ann tairbhe iomlán a bhaint as faisnéis ríthábhachtach faoi chearta sonracha go díreach nuair a thiocfaidh na cearta sin chun bheith infheidhme nó ábhartha.

Ina theannta sin, tá go leor Ballstát ann nach gcuireann de cheangal go sainráite ar údaráis inniúla faisnéis a sholáthar do leanaí i dteanga shimplí inrochtana mar a cheanglaítear le mír 2 d’Airteagal 4. Ní dhearna páirtithe eile litir chearta do leanaí atá oiriúnaithe go sonrach a thabhairt isteach go foirmiúil lena n‑áireofar tagairt dá gcearta uile faoin Treoir mar a ndearnadh iad a thrasuí sa dlí náisiúnta, mar a cheanglaítear le mír 3.

Sa chomhthéacs sin, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, nuair a chuathas i gcomhairle leo maidir leis an ábhar sin, gur chuir roinnt de na Ballstáit in iúl gur tarraingíodh suas litreacha sonracha maidir le cearta leanaí agus go n‑úsáidtear iad sa chleachtas, ach nach ndearnadh aon oibleagáid chomhfhreagrach a thrasuí sa dlí náisiúnta, ar saincheist maidir le comhlíonadh í.

3.4.An ceart atá ag an leanbh go gcuirfí sealbhóir na freagrachta tuismitheora ar an eolas (Airteagal 5)

Mar a mheabhraítear in Aithris 22 den Treoir, ba cheart do na Ballstáit sealbhóir nó sealbhóirí na freagrachta tuismitheora (an bheirt tuismitheoirí, i bprionsabal, a áireamh mar shealbhóirí freagrachta tuismitheora) a chur ar an eolas faoi chearta nós imeachta an linbh. Ba cheart an fhaisnéis a sholáthar a luaithe is féidir agus í chomh mionsonraithe agus is gá chun cothroime na n‑imeachtaí a choimirciú agus chun ligean do shealbhóir(í) na freagrachta tuismitheora tacú leis an leanbh a chearta a fheidhmiú go héifeachtach. Cumhdaítear an prionsabal sin in Airteagal 5(1) den Treoir, ach ní dhearnadh é a thrasuí i gcomhréir leis an Treoir i bhformhór na mBallstát.

Ní dhearna roinnt Ballstát idirdhealú idir an oibleagáid sealbhóir/sealbhóirí na freagrachta tuismitheora a chur ar an eolas faoi chearta an linbh faoin Treoir agus an oibleagáid iad a chur ar an eolas gur baineadh an tsaoirse den leanbh. Cumhdaítear an ceann deireanach sin in Airteagal 5(2) de Threoir 2013/48/AE, ní sa Treoir. Mar sin féin, tá saincheisteanna indíreacha maidir le comhlíonadh ann freisin. Tá baint acu sin le trasuí mícheart Airteagal 4 maidir le ceart an linbh chun faisnéise i gcás nach gceanglaítear leis an dlí náisiúnta, i roinnt Ballstát, mar a luaitear thuas, go dtabharfaí an fhaisnéis uile ba cheart a thabhairt don leanbh i gcomhréir leis an Treoir. De ghnáth, ní cheanglaítear a thabhairt do shealbhóir(í) freagrachta tuismitheora ná do dhuine fásta iomchuí eile atá ainmnithe ag an leanbh agus a nglacann an t‑údarás inniúil leis amhlaidh i gcomhréir le mír 2 d’Airteagal 5 ach an fhaisnéis chéanna (neamhdhóthanach) a thugtar don leanbh. Eascraíonn saincheist indíreach maidir le comhlíonadh as sin i roinnt mhaith Ballstát.

Ar an iomlán, sainaithníodh saincheisteanna maidir le comhlíonadh i dtrasuí Airteagal 5(2) a bhaineann le ceapadh agus soláthar faisnéise do dhuine fásta iomchuí eile in 21 Bhallstát. Sa bhreis ar an tsaincheist indíreach maidir le comhlíonadh a bhaineann le hAirteagal 4, tagann saincheisteanna maidir le comhlíonadh, inter alia, ón easpa beachtais i dtrasuí na bhforas atá teoranta go docht chun maolú ar phríomhcheart shealbhóir/shealbhóirí na freagrachta tuismitheora an fhaisnéis a fháil ar thaobh amháin nó ón easpa aitheantais d’fhigiúr duine fhásta iomchuí eile arna cheapadh ag an leanbh mar pháirtí atá comhionann le sealbhóir na freagrachta tuismitheora i dtéarmaí cearta agus pribhléidí nós imeachta ar an taobh eile.

Cuireann an chéad saincheist le saincheisteanna maidir le comhlíonadh a tugadh faoi deara maidir le trasuí Airteagal 5(3) den Treoir freisin, airteagal ina ndéantar foráil maidir leis an nós imeachta atá le leanúint i gcás nach ann a thuilleadh do na himthosca maidir le faisnéis a choinneáil siar ó shealbhóir(í) na freagrachta tuismitheora.

3.5.Cúnamh dlíodóra (Airteagal 6)

Le hAirteagal 6(1), meabhraítear agus treisítear an ceart chun rochtain a fháil ar dhlíodóir mar a chumhdaítear é i dTreoir 2013/48/AE. Cé go bhfuil 9 sárú ar oscailt faoi láthair in aghaidh na mBallstát maidir le trasuí mícheart Threoir 2013/48/AE 20 , níor sainaithníodh aon cheann de na bearta ar tugadh fógra ina leith lena dtrasuitear an Treoir seo mar bhearta a dhéanann dochar don cheart sin. Mar sin féin, is minic nach gcomhlíonann na bearta trasuite ar thug na Ballstáit fógra ina leith ceanglais na Treorach seo mar a leagtar amach sna míreanna seo a leanas dAirteagal 6.

Lemír 2 d’Airteagal 6 bunaítear oibleagáid ghinearálta do na Ballstáit a áirithiú go dtugann dlíodóir cúnamh do leanaí ar bhealach inar féidir leo cearta na cosanta a fheidhmiú go héifeachtach. Tá cúnamh dlíodóra le tuiscint sa chomhthéacs sin mar thacaíocht dhlíthiúil agus ionadaíocht ó dhlíodóir le linn na n‑imeachtaí coiriúla. I gcás nach bhfuil dlíodóir ceaptha ag an leanbh ná ag sealbhóir na freagrachta tuismitheora iad féin, ní mór do na húdaráis inniúla é sin a dhéanamh dá bhrí sin.

Leagtar amach i míreanna 3 go 8 na ceanglais nós imeachta mhionsonraithe arb é is aidhm dóibh a áirithiú go ráthófar cúnamh ó dhlíodóir ar bhealach inar féidir cearta cosanta a fheidhmiú go héifeachtach. Níor trasuíodh iad uile, áfach, i gcomhréir leis an Treoir i roinnt mhaith Ballstát (mar a phléitear ar bhealach níos mionsonraithe thíos). Dá bhrí sin, ní ráthaítear comhlíonadh an phrionsabail ghinearálta a leagtar amach i mír 2 d’Airteagal 6 i ngach imthoisc i bhformhór chórais dlí na mBallstát ach oiread.

Mar shampla, níor bhain níos mó ná leath de na Ballstáit trasuí iomlán mhír 3 d’Airteagal 6 amach, lena gceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go dtabharfaidh dlíodóir cúnamh do leanaí gan moill mhíchuí a luaithe a chuirfear in iúl dóibh go bhfuil siad faoi dhrochamhras nó cúisithe. Ainmnítear sa Treoir ceithre phointe is luaithe a d’fhéadfadh a bheith ann sna himeachtaí inar cheart cúnamh dlíthiúil a bheith tionscanta.

I roinnt de na Ballstáit neamhchomhlíontacha sin, ní áirithítear cúnamh dlíthiúil go fóill i gcás inar léir go bhfuil an leanbh faoi amhras cheana féin san imscrúdú, ach nár ainmníodh amhlaidh é go fóill, toisc nach naithnítear coincheap an amhrastaigh sa chóras dlí ar leith. Nascann sé sin ar ais le trasuí mícheart raon feidhme na Treorach 21 . Ní áirithítear cúnamh dlíthiúil gan moill mhíchuí ach oiread i ngach cás sna Ballstáit sin ina bhféadtar imeachtaí in aghaidh linbh a rialú leis na gnáthrialacha nós imeachta coiriúla seachas le rialacha nós imeachta coiriúla a bhaineann go sonrach le leanaí. I mBallstáit eile fós, dfhéadfaí a áirithiú go gceapfar dlíodóir don leanbh, ach níl aon deimhneacht dhlíthiúil ann maidir le cé acu is gá nó nach gá don dlíodóir a bheith i láthair agus cúnamh éifeachtach a thabhairt don leanbh le linn na mbearta áirithe a shonraítear sa Treoir gan gá don leanbh a iarraidh go mbeidís i láthair/rannpháirteach. I roinnt córas dlí, is ag na dlíodóirí atá sé de cheart cinneadh a dhéanamh an bhfuil gá lena láithreacht nó nach bhfuil agus, dá bhrí sin, diúltú a bheith i láthair, agus foráiltear leis an Treoir go bhfuil sé de cheart ag an leanbh dlíodóir a bheith aige ansin. Déanann saincheisteanna comhchosúla maidir le comhlíonadh difear do thrasuí Airteagal 6(4), ina sonraítear, mar chuid den chúnamh dlíodóra atá le háirithiú, go gceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh sé de cheart ag leanaí bualadh le dlíodóir go príobháideach sula gceisteofar iad. Ní mór a áirithiú freisin go bhfuil dlíodóir i láthair agus gur féidir leis a bheith rannpháirteach go héifeachtach le linn an cheistiúcháin agus go bhfaigheann leanaí, ar a laghad, cúnamh dlíodóra le linn gníomhartha áirithe imscrúdaithe nó bailithe fianaise dá bhforáiltear sa Treoir. I roinnt mhaith Ballstát, ní bhíonn gá i gcónaí le dlíodóir a bheith i láthair agus cúnamh gníomhach a fháil sna cásanna sin go léir. Ní ráthaíonn cuid acu, mar shampla, cruinniú pearsanta leis an dlíodóir sula gceistítear iad.

Le hAirteagal 6(5), cosnaítear rúndacht na cumarsáide idir leanaí agus a ndlíodóir, i cibé foirm, cuir i gcás cruinnithe, comhfhreagras i scríbhinn nó cumarsáid ar an teileafón. Mar sin féin, ní dhéanann na Ballstáit uile raon feidhme na rúndachta a leathnú go sainráite chuig gach cineál cumarsáide.

Ní ceart iomlán é an ceart chun cúnamh a fháil ó dhlíodóir, áfach. Déantar foráil sa Treoir maidir le dhá fhoras chun maolú ar na rialacha maidir le cúnamh ó dhlíodóir, ceann amháin bunaithe ar chomhréireacht (Airteagal 6(6)) agus an ceann eile bunaithe ar riachtanas eisceachtúil agus sealadach (Airteagal 6(8)).

I gcás ina gceadaítear é le comhlíonadh an chirt chun trialach córa, féadfaidh na Ballstáit, dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 6(6) maolú ar chúnamh dlíodóra a sholáthar, i gcás nach mbeadh sé sin comhréireach i bhfianaise imthosca an cháis. Dá bhrí sin, is gá measúnú cás ar chás a dhéanamh ar mhaolú ar fhorais chomhréireachta, agus tromchúis an chiona choiriúil líomhnaithe, castacht an cháis agus na bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh i ndáil le cion den sórt sin á gcur san áireamh, ach gan a bheith bunaithe orthu sin amháin. Ní mór tús áite a thabhairt i gcónaí do leas an linbh agus ní mór cúnamh dlíodóra a chur ar fáil fós do leanaí nuair a thugtar os comhair cúirt inniúil nó os comhair breitheamh inniúil iad chun cinneadh a dhéanamh maidir le coinneáil agus le linn coinneála. Rud atá tábhachtach, níor cheart cailleadh saoirse a fhorchur mar phianbhreith choiriúil ach oiread i gcás ina ndearna easpa cúnaimh ó dhlíodóir difear do chumas an linbh a chearta cosanta a fheidhmiú go héifeachtach.

Bhain formhór na mBallstát úsáid as an bhféidearthacht sin i bhfoirm éigin, ach d’fhéadfadh sé nach raibh siad i gcomhréir iomlán leis an Treoir. Mar shampla, teipeann ar go leor acu teorainn a chur leis na himthosca faoina bhfuil an maolú sin atá bunaithe ar chomhréireacht teoranta don mhéid céanna agus atá sa Treoir. Go háirithe, ní éilíonn roinnt Ballstát fíormheasúnú cás ar chás agus imthosca uile an cháis á gcur san áireamh. Ina ionad sin, cuireann siad an rogha maolaithe i bhfeidhm bunaithe ar chritéir chineálacha, amhail tromchúis an chiona, amháin. Ní leor é sin chun leas an linbh a ráthú toisc go bhféadfadh imthosca a bheith ann a bhaineann le leochaileachtaí nó leibhéal aibíochta áirithe linbh a dhéanann difear dá chumas na himeachtaí a thuiscint i gceart agus páirt a ghlacadh iontu agus, dá bhrí sin, labhródh sé in aghaidh maolú ar chúnamh dlíodóra, fiú i gcás ina gcomhlíontar critéir chineálacha áirithe.

Ní fhéadfaidh na Ballstáit maolú ar chúnamh ó dhlíodóir a áirithiú toisc amháin nach dtagann an dlíodóir i láthair in am le haghaidh beart imscrúdaitheach nó bailithe fianaise ar leith, amhail ceistiú, nach mór cúnamh a áirithiú ina leith de ghnáth. Foráiltear le hAirteagal 6(7) den Treoir nach mór do na húdaráis inniúla an gníomh a chur siar ar feadh tréimhse réasúnta ama sna cásanna sin chun go mbeidh am ag an dlíodóir teacht. I gcás nach bhfuil dlíodóir ainmnithe ag an leanbh, ba cheart do na húdaráis an gníomh a chur siar go dtí go mbeidh dlíodóir socraithe acu don leanbh.

Mar a tugadh faoi deara i gcomhthéacs an phlé maidir le míreanna 3 agus 4, áfach, tá roinnt Ballstát ann nach gceanglaíonn go docht go dtabharfaí cúnamh dlíodóra do leanbh i ngach cás dá bhforáiltear sa Treoir. Déanann sé sin difear freisin do thrasuí mhír 7 d’Airteagal 6.

Maidir le maoluithe sealadacha atá bunaithe ar riachtanas ón gceanglas cúnamh dlíodóra a áirithiú, le hAirteagal 6(8) ceadaítear do na Ballstáit, in imthosca eisceachtúla, agus ag an gcéim réamhthrialach amháin, gníomhartha imscrúdaitheacha nó bailithe fianaise a dhéanamh go sealadach in éagmais dlíodóra ar chúiseanna láidre a leagtar amach sa Treoir. Áirítear leis sin, mar shampla, an gá práinneach atá ann iarmhairtí díobhálacha tromchúiseacha do bheatha, do shaoirse nó d’iomláine choirp duine a sheachaint nó fianaise thábhachtach a fháil maidir le cion coiriúil tromchúiseach. Ar ndóigh, ní fhéadfar maolú den sórt sin a chur i bhfeidhm ach amháin i gcás ina dtugann measúnú ar imthosca sonracha an cháis aonair, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann le haon leochaileacht ar leith a d’fhéadfadh a bheith ag an leanbh, údar leis, agus leas an linbh á chur san áireamh. Rud atá tábhachtach, ní mór d’údarás breithiúnach aon chinneadh maidir le maolú den sórt sin a chur i bhfeidhm a dhéanamh nó ní mór dó a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach.

Déanann tromlach mór na mBallstát foráil maidir le rogha maolaithe den sórt sin, ach d’fhéadfadh sé nach gcomhlíonann siad an Treoir go hiomlán. Déanann cuid acu foráil maidir le forais níos leithne le haghaidh maolú sealadach nó ní dhéanann siad foráil maidir leis an gceanglas ‘práinne’ a bhunaítear leis an Treoir. Tá fadhbanna ag baint leis sin, ós rud é go bhfuil baol ann i gcónaí go ndéanfaidh maoluithe den sórt sin ar chúnamh ó dhlíodóir dochar d’fheidhmiú éifeachtach a gceart chun cosanta ag an leanbh agus nár cheart iad a chur i bhfeidhm ach laistigh de theorainneacha dochta. Go háirithe, d’fhéadfadh leanaí iad féin a ionchoiriú trí thimpiste, toisc nár thuig siad go hiomlán méid a gceart chun fanacht ina dtost agus gan iad féin a ionchoiriú nó toisc go mbraitheann siad go bhfuil imeaglú orthu agus go bhfuil brú orthu ceisteanna a fhreagairt.

3.6.An ceart chun measúnú aonair a fháil (Airteagal 7)

In imeachtaí coiriúla in aghaidh leanaí, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí measúnú aonair orthu chun a riachtanais shonracha a shainaithint ó thaobh cosanta, oideachais, oiliúna agus imeascadh shóisialta de. Déantar foráil maidir leis sin i míreanna 1 agus 2 d’Airteagal 7. Mar a shonraítear i mír 2, ní mór a chur san áireamh sa mheasúnú aonair, go háirithe, pearsantacht agus aibíocht an linbh, a chúlra eacnamaíoch, sóisialta agus teaghlaigh, agus aon leochaileachtaí sonracha a d’fhéadfadh a bheith aige, amhail míchumais foghlama nó deacrachtaí cumarsáide.

Níor cheart torthaí an mheasúnaithe a úsáid riamh mar chineál ‘fianaise’ comhthéacsúla neamhoifigiúla ina aghaidh, níor cheart iad a úsáid ach amháin chun cinneadh a dhéanamh, i gcomhréir le mír 4 d’Airteagal 7, an mbeadh bearta speisialta de dhíth air le linn na n‑imeachtaí coiriúla agus a mhéid a bheadh bearta speisialta de dhíth air, agus chun cinneadh a dhéanamh faoi mhéid a fhreagrachta coiriúla agus oiriúnacht pionóis nó birt oideachais ar leith.

Níl rialacha náisiúnta maidir le measúnuithe aonair a dhéanamh agus a gcuspóir i gcomhréir leis an Treoir i leath de na Ballstáit ar a laghad. A mhéid a bhaineann le raon feidhme pearsanta an chirt chun measúnú aonair a thrasuí, tagann saincheist maidir le comhlíonadh chun cinn sna Ballstáit nach gceanglaítear leo go ndéanfaí measúnú aonair ar gach leanbh, amhail iad siúd atá os cionn 17 mbliana daois, nó nach bhforáiltear iontu do mheasúnuithe aonair i ngach cineál cásanna, amhail na cásanna sin ina rialaítear na himeachtaí leis na rialacha rialta maidir le nós imeachta coiriúil seachas le rialacha a bhaineann go sonrach le leanaí. Nascann sé sin ar ais le trasuí mícheart raon feidhme na Treorach 22 . Ina theannta sin, rinne roinnt Ballstát rud roghnach den mheasúnú aonair go ginearálta, seachas rud éigeantach, ionas gur faoi rogha an ionchúisimh a dhéantar é. I gcásanna den sórt sin, níl aon deimhneacht dhlíthiúil ann go ndéanfar an measúnú aonair i gcónaí i gcás ina gceanglaítear sin leis an Treoir, fiú i gcás ina spreagtar ionchúisitheoirí le treoraíocht neamhcheangailteach cloí lena prionsabail. Ina theannta sin, i roinnt Ballstát, tá raon feidhme substainteach an mheasúnaithe atá le déanamh níos teoranta ná mar a fhoráiltear leis an Treoir. Is minic nach rialáiltear an chaoi a mbaileofar an fhaisnéis riachtanach agus ábhartha uile i gcásanna nach bhfuil sé sin déanta cheana féin ag údaráis ábhartha eile, amhail seirbhísí cosanta leanaí.

A mhéid a bhaineann le cuspóir an mheasúnaithe aonair agus a ról sa chinnteoireacht trí na himeachtaí coiriúla, is minic nach ndearna na Ballstáit forálacha sainráite sa dlí náisiúnta. I gcás ina leagtar cuspóir amach sa dlí náisiúnta, tá sé teoranta den chuid is mó d’eolas a dhéanamh do chinntí maidir le pianbhreitheanna. I gcás nach gcuirtear torthaí measúnaithe aonair san áireamh sna príomhchinntí uile a dhéanann difear don leanbh le linn na n‑imeachtaí, tá teorainn mhór leis an bhfeidhm atá aige mar phríomhuirlis chun a áirithiú go mbeidh na himeachtaí fabhrach do leanaí agus go mbeidh leas an linbh mar threoir acu.

Chun a áirithiú gur féidir le torthaí an mheasúnaithe aonair, sa chleachtas, bonn eolais dearfach a chur faoi phríomhchinntí a rinneadh i leith an linbh cheana féin le linn na céime réamhthrialach, foráiltear le mír 5 gur cheart an measúnú sin a dhéanamh ag an gcéim iomchuí is luaithe de na himeachtaí agus, faoi réir mhír 6, sula gcuirfí an díotáil fhoirmiúil i láthair, ar a dhéanaí. In imthosca eisceachtúla amháin, amhail i gcás go gcuirfí síneadh gan gá leis an gcoinneáil ina bhfuil an leanbh á choinneáil agus ag fanacht leis an tuarascáil mheasúnaithe aonair, is féidir an measúnú a chur i láthair os comhair cúirte ag tús na héisteachta trialach amháin. Mínítear in Aithris 38 go bhféadfaí athmheasúnú a dhéanamh ansin ar oiriúnacht agus éifeachtacht na mbeart nó na gcinntí a dhéantar sula ndéantar measúnú aonair nuair a bhíonn an measúnú aonair ar fáil.

Cé go ndéanann formhór na mBallstát foráil maidir leis an measúnú aonair a bheith ar fáil roimh dhíotáil ar a dhéanaí nó ar a laghad faoi thús na n‑éisteachtaí trialach os comhair cúirte, ní shonraíonn formhór na mbeart trasuite an pointe ama iomchuí is luaithe sin a thuilleadh.

Fiú i gcás ina ndéantar measúnuithe aonair ag an gcéim is luaithe is iomchuí, d’fhéadfadh easpa cáilíochta a bheith i gceist leo toisc nach n‑éilíonn ach fíorbheagán Ballstát go sainráite go mbeadh dlúthbhaint ag an leanbh, agus ag a shealbhóir(i) freagrachta tuismitheora, i gcás inarb iomchuí, leis an measúnú nó go ndéanfaí an measúnú a thabhairt cothrom le dáta i rith na n‑imeachtaí, i gcás ina bhfuil cúis ann, mar a cheanglaítear le mír 7 agus le mír 8 d’Airteagal 7. Ina theannta sin, i roinnt Ballstát, ní rialaítear go héifeachtach cé a bhaileoidh an fhaisnéis is gá/ábhartha agus cé na foinsí óna mbaileofar an fhaisnéis sin i gcásanna nach bhfuil aon fhaisnéis faoin leanbh ná faoina gcúinsí ar fáil go héasca cheana féin ó údaráis ábhartha eile, amhail seirbhísí cosanta leanaí. Tá tionchar aige sin ar chomhlíonadh an cheanglais maidir le measúnuithe aonair a bheith á ndéanamh ag pearsanra cáilithe, agus cur chuige ildisciplíneach á leanúint acu, a mhéid is féidir, sna Ballstáit sin. I gcomhréir le hAirteagal 7(9) féadfaidh na Ballstáit maolú ón oibleagáid measúnú aonair a dhéanamh i gcás ina bhfuil sé sin comhoiriúnach le leas an linbh agus inar gá sin agus imthosca sonracha an cháis á gcur san áireamh, amhail an raibh an leanbh faoi réir measúnú aonair cheana féin le déanaí. Cé go ndearna formhór na mBallstát sin a roghnaigh foráil a dhéanamh maidir leis an rogha maolaithe sin amhlaidh i gcomhréir leis an Treoir, ní éilíonn roinnt acu measúnú cás ar chás go dlíthiúil chun í a chur i bhfeidhm.

3.7.An ceart chun scrúdú leighis a fháil (Airteagal 8)

Chun sláinte agus sláine phearsanta linbh a mbaintear an tsaoirse de a chosaint, le hAirteagal 8(1) den Treoir ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh sé de cheart ag na leanaí sin scrúdú leighis gairmiúil agus íosionrach a fháil gan moill mhíchuí, lena dhéanamh, i gcomhréir le mír 3, ar thionscnamh na n‑údarás inniúil nó an linbh, a dhlíodóra nó a shealbhóra nó a shealbhóirí freagrachta tuismitheora, arna thaifeadadh i scríbhinn (féach mír 4) agus arna thabhairt cothrom le dáta i gcás inar gá (féach mír 5). Is é is cuspóir do scrúdú den sórt sin measúnú a dhéanamh ar riocht ginearálta meabhrach agus fisiceach an linbh agus go háirithe, mar a shonraítear i mír 2, ar a chumas a bheith faoi réir ceistithe, gníomhartha imscrúdaithe nó bailithe fianaise eile, nó aon bhirt arna dhéanamh nó arna bheartú in aghaidh an linbh, amhail cailleadh saoirse fada i gcoinneáil réamhthrialach. Éilítear an scrúdú freisin mar bhonn chun a chinneadh cén áit nach mór cúnamh leighis a sholáthar (féach mír 4).

Cé go dtugann na Ballstáit uile an rogha go ndéanfaí scrúdú leighis de chineál éigin i gcás ina mbaintear a saoirse de leanaí i gcoimeád nó i gcoinneáil réamhthrialach na bpóilíní, ní cheanglaítear i gcónaí scrúduithe den sórt sin a dhéanamh gan moill mhíchuí.

I roinnt mhaith córas dlí, ní fhoráiltear go sainráite ach oiread gur gá torthaí scrúdaithe leighis a chur san áireamh chun a chinneadh an bhfuil an leanbh oiriúnach le bheith faoi réir bearta áirithe nós imeachta/comhéigneacha. Is minic a fhágtar faoi rogha na n‑údarás inniúil imscrúdaitheach cé acu taifid leighis a iarraidh chun na críche sin nó gan iad a iarraidh, rud nach bhfuil comhlíontach leis an Treoir.

3.8.Taifeadadh closamhairc ar cheistiú (Airteagal 9)

Leanaí atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe in imeachtaí coiriúla, ní i gcónaí a bhíonn siad in ann ábhar an cheistithe a bhfuil siad faoina réir a thuiscint. Chun cosaint leordhóthanach leanaí den sórt sin a áirithiú, ní mór taifeadadh closamhairc a dhéanamh ar cheistiú leanaí ag póilíní nó ag údaráis forfheidhmithe dlí eile le linn na n‑imeachtaí coiriúla i gcás, mar a leagtar amach in Airteagal 9(1), ina bhfuil sé sin comhréireach sa chás sin. Ba cheart do na húdaráis inniúla atá i gceannas ar cheistiú a chur san áireamh, go háirithe, an bhfuil dlíodóir i láthair nó nach bhfuil agus an mbaintear saoirse den leanbh nó nach mbaintear agus ní mór dóibh a áirithiú go dtugtar tús áite i gcónaí do leas an linbh.

I gcás ina ndéantar foráil sa dlí náisiúnta maidir le taifeadadh den sórt sin bunaithe ar chritéir chineálacha áirithe amháin agus nach gceanglaítear leis imthosca sonracha an cháis a chur san áireamh, amhail an bhfuil míchumas intleachtúil nó síceasóisialta ar an leanbh a d’fhéadfadh a fhágáil gur iomchuí taifeadadh closamhairc a dhéanamh, tá amhras ann an bhfuil an trasuí i gcomhréir leis an Treoir. Ní foras bailí é bonneagar teicniúil neamhleor chun maolú ar na rialacha maidir le taifeadadh closamhairc mar a bhunaítear leis an Treoir. Ní féidir a mheas gur fadhb theicniúil dhosháraithe eisceachtúil í easpa shistéamach infheistíochta i mbonneagar teicniúil iomchuí a thabharfadh údar le maolú ar rialacha na Treorach maidir le taifeadadh closamhairc. Ar an iomlán, tugadh saincheisteanna den sórt sin faoi deara maidir le trasuí Airteagal 9 in dhá thrian de na Ballstáit.

3.9.Teorainn le cailleadh saoirse (Airteagal 10)

Bíonn leanaí i staid an-leochaileach nuair a bhaintear a saoirse díobh, go háirithe i gcoimeád na bpóilíní nó i gcoinneáil réamhthrialach. Tá baol féideartha díobhála ag baint le haon chailleadh saoirse a mhéid a bhaineann lena bhforbairt fhisiciúil, mheabhrach agus shóisialta chomh maith lena n‑athimeascadh rathúil sa tsochaí. Dá bhrí sin, bunaítear leis an Treoir dhá phríomhphrionsabal a bheidh le hurramú ag údaráis inniúla nuair a fhorchuirfidh siad cailleadh saoirse.

Is é an chéad phrionsabal nach mór cailleadh saoirse linbh ag aon chéim de na himeachtaí a theorannú don tréimhse ama iomchuí is giorra, agus aird chuí á tabhairt ar aois agus ar staid aonair an linbh chomh maith le himthosca ar leith an cháis (Airteagal 10(1)). Is é an dara prionsabal nach mór cailleadh saoirse, go háirithe coinneáil, a bheith ina rogha dheiridh i gcónaí agus nach mór cinntí chun coinneáil réamhthrialach a fhorchur a bheith bunaithe ar chinneadh réasúnaithe, arna dhéanamh gan moill mhíchuí, atá faoi réir athbhreithniú breithiúnach tréimhsiúil ag eatraimh réasúnta (Airteagal 10(2)).

Níor thrasuigh níos mó ná aon trian de na Ballstáit uile an chéad phrionsabal ná an dara prionsabal i gcomhréir iomlán leis an Treoir. Tá ról ag saincheisteanna comhlíontachta a tharlaíonn arís 23 agus arís eile sa chás seo, lena náirítear trasuí mícheart raon feidhme na Treorach agus an easpa ceanglais dhlíthiúil shainráite i reachtaíocht náisiúnta go leor Ballstát dúdaráis inniúla measúnuithe críochnúla de réir an cháis a dhéanamh lena gcuirtear san áireamh imthosca sonracha an linbh agus an cháis, go háirithe chun oiriúnacht fhéideartha beart malartach a chinneadh 24 .

3.10.Bearta malartacha (Airteagal 11)

Le hAirteagal 11 den Treoir, ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfí bearta malartacha ar choinneáil i bhfeidhm maidir le leanaí i gcás inar féidir in ionad a saoirse a bhaint díobh. D’fhéadfaí a áireamh ar na bearta malartacha sin toirmeasc ar an leanbh a bheith in áiteanna áirithe, oibleagáid orthu cónaí in áit shonrach, srianta a bhaineann le teagmháil le daoine sonracha, oibleagáidí tuairiscithe do na húdaráis inniúla, rannpháirtíocht i gcláir oideachais, nó, faoi réir thoiliú an linbh, rannpháirtíocht i gcláir theiripeacha nó andúile (féach Aithris 46).

Déanann formhór na mBallstát foráil maidir le bearta malartacha den sórt sin, ach tá éagsúlacht sna cineálacha beart ar fud na mBallstát agus fiú sna réigiúin laistigh de na Ballstáit sin. Ní ráthaíonn ach dornán Ballstát go mbeidh níos mó ná beart malartach amháin ar fáil sa dlí náisiúnta nó ní ráthaíonn siad roghanna malartacha maidir le gach leanbh.

Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach a thabhairt faoi deara go labhraíonn an Treoir ar bhearta malartacha san uimhir iolra, rud a chiallaíonn gur cheart níos mó ná beart malartach féideartha amháin a bheith ar fáil de réir dlí, i bhfianaise raon leathan na mbeart féideartha ar féidir leis na Ballstáit, i bprionsabal, rogha a dhéanamh astu. Is é an cleachtas breithiúnach an príomhdhúshlán chun a áirithiú go mbainfidh leanaí tairbhe iarbhír as cur i bhfeidhm bearta malartacha den sórt sin, áfach, agus tá torthaí an chleachtais sin éagsúil ar fud na mBallstát.

3.11.Cóir shonrach i gcás cailleadh saoirse (Airteagal 12)

Ceanglaítear le hAirteagal 12(1) den Treoir nach mór leanaí a choinnítear a choinneáil scartha ó dhaoine fásta, ach amháin mura chun leasa an linbh é sin. Ar an gcaoi chéanna, ceanglaítear le hAirteagal 12(2) go gcoinneofaí leanaí atá faoi choimeád póilíneachta ar leithligh ó dhaoine fásta, mura rud é nach chun leasa an linbh é sin, nó mura rud é, in imthosca eisceachtúla, nach féidir é sin a dhéanamh i gcleachtas. D’fhéadfadh sé go mbainfeadh an dara rogha maolaithe sin le cásanna i limistéir inar tearc an daonra, áit nach bhfuil saoráidí ar leithligh ag stáisiúin phóilíneachta chun leanaí a choinneáil, toisc nach ndéileálann siad ach le fíorbheagán cásanna a bhaineann leo. I gcúinsí den sórt sin, áfach, ní mór leanaí a choinneáil in éineacht le daoine fásta ar bhealach atá comhoiriúnach le leas an linbh.

Ní chomhlíontar na prionsabail sin go hiomlán i ndlí náisiúnta thart ar aon trian de na Ballstáit. Tabhair faoi deara anseo an difríocht idir na rialacha maidir le scaradh i gcoimeád na bpóilíní agus i gcoinneáil réamhthrialach a mhéid a bhaineann leis an bhféidearthacht maolú a dhéanamh. Maidir le coinneáil réamhthrialach, ceanglaítear leis an Treoir nach bhféadfar cóiríocht chomhpháirteach a shocrú ach amháin i gcás inarb é leas an linbh é, i ndáiríre, gan iad a choinneáil ar leithligh. Ní údar cuí le maolú ar an riail sin iad fadhbanna struchtúracha maidir le bonneagar coinneála a oiriúnú.

Tá roinnt cásanna ann freisin ina raibh sé d’éifeacht ag iarrachtaí na mBallstát míreanna 3 agus 4 d’Airteagal 12 a thrasuí gur laghdaíodh comhlíonadh cheart an linbh, i bprionsabal, chun a bheith á choinneáil ar leithligh ó dhaoine fásta, fiú daoine fásta óga atá díreach tar éis 18 mbliana d’aois a bhaint amach..

Rialaítear le míreanna 3 agus 4 síneadh an chórais coinneála níos tacúla agus níos cosantaí do leanaí dóibh siúd a thagann in aois le linn a dtréimhse coinneála (go dtí go mbeidh siad 21 bhliain d’aois ar a laghad). Is í an fhadhb i roinnt Ballstát go ndéantar foráil, i ndáiríre, maidir le síneadh a chur le cóiríocht chomhpháirteach le leanaí mar réamhshocrú seachas é a bheith coinníollach ar mheasúnú cás ar chás, agus leas na leanaí a gcoinneofaí an duine fásta óg leo á chur san áireamh. I mBallstáit eile, tá dlí náisiúnta na mBallstát leagtha amach ar bhealach a thugann le fios go gcoinneofaí aosaigh óga ar leithligh ó leanaí agus ó dhaoine fásta eile araon, ach tá éiginnteacht dhlíthiúil fós ann maidir leis an léirmhíniú sin.

Sa bhreis ar chóiríocht ar leithligh ó dhaoine fásta, tá gá le bearta speisialta cosanta agus tacaíochta eile chun folláine leanaí agus a n‑acmhainneacht athimeasctha a áirithiú, go háirithe i gcás ina mbeidh siad faoi réir coinneáil réamhthrialach. Dá bhrí sin, ceanglaítear le hAirteagal 12(5) ar na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh i cúig réimse shubstainteacha maidir le leanaí atá faoi choinneáil réamhthrialach lena n‑áirithítear, i measc nithe eile, go bhfeidhmeoidh siad go héifeachtach an ceart chun saol an teaghlaigh trí theagmháil rialta i bhfoirm cuairteanna agus comhfhreagras lena dtuismitheoirí, lena dteaghlach agus lena gcairde. Ba cheart go gcumhdófaí leis na bearta sin freisin, i gcás inarb iomchuí/a mhéid is iomchuí, cásanna de choimeád na bpóilíní agus, i gcás ina bhforáiltear dó sin faoin dlí náisiúnta, cásanna eile de chailleadh saoirse.

Tá bearta glactha ag na Ballstáit uile, lena n‑áirítear reachtaíocht, arb é is aidhm dóibh, go pointe áirithe ar a laghad, sláinte leanaí a áirithiú, go háirithe, agus a saoirse á baint díobh. Tugtar éifeacht do cheanglais eile, amhail urraim do shaoirse reiligiúin nó creidimh leanaí a áirithiú, den chuid is mó trí fhorálacha ginearálta maidir le saoirse reiligiúin a chosaint. Thug go leor Ballstát fógra freisin maidir le forálacha ginearálta an dlí náisiúnta lena gcumhdaítear an ceart go gcaithfí le daoine le dínit agus i gcomhréir leis na caighdeáin is infheidhme maidir le cearta an duine.

I roinnt mhaith Ballstát, na bearta trasuite ar tugadh fógra ina leith, ní leor iad (go páirteach) chun na caighdeáin dá bhforáiltear sa Treoir a bhaint amach ar cheann de na cúiseanna seo a leanas: níl bearta sonrach go leor nó ní féidir a mheas go bhfuil siad éifeachtach chun na cearta agus na caighdeáin dá bhforáiltear sa Treoir a áirithiú, níl siad leordhóthanach ó thaobh raon feidhme de chun na príomhaidhmeanna uile a shainaithnítear sa Treoir nó cineálacha caillte saoirse a chumhdach a mhéid is gá nó ní chumhdaítear leo gach leanbh a mbaintear an tsaoirse de (éifeacht thrasuí neamhchomhlíontach raon feidhme na Treorach). Nuair a chuathas i gcomhairle le roinnt Ballstát, chuir siad in iúl freisin go bhfuil bearta breise praiticiúla cur chun feidhme ann, amhail cláir thacaíochta agus oideachais a bhunú, ar cláir iad a thairgeann seirbhísí ábhartha sóisialta nó oideachais ar bhonn deonach rialta nó ad hoc agus chuir cuid acu béim ar chóireáil a indibhidiúlú do gach leanbh. Ar an iomlán, áfach, fuarthas amach nár léirigh formhór na mBallstát gur trasuíodh Airteagal 12(5) ar bhealach a bhí go hiomlán comhlíontach.

Ar an gcaoi chéanna, níor ghlac thart ar leath de na Ballstáit bearta sonracha chun a áirithiú gur féidir le leanaí a mbaintear an tsaoirse díobh bualadh le sealbhóir na freagrachta tuismitheora a luaithe is féidir, rud a gceanglaítear orthu iarracht a thabhairt air, ar a laghad, i gcomhréir le hAirteagal 12(6) den Treoir.

3.12.Déileáil go tráthúil agus go dícheallach le cásanna (Airteagal 13)

Ceanglaítear le hAirteagal 13(1) agus (2) den Treoir ar na Ballstáit gach beart iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go gcaitear le himeachtaí coiriúla a bhaineann le leanaí mar ábhar práinne agus le dícheall cuí agus go gcaitear leis na leanaí féin i gcónaí ar bhealach a chosnaíonn a ndínit, atá oiriúnach dá n‑aois, dá n‑aibíocht agus dá leibhéal tuisceana agus ar bhealach a chuireann san áireamh aon riachtanas speisialta a d’fhéadfadh a bheith acu, lena n‑áirítear aon deacracht cumarsáide.

Mar a tharlaíonn i gcomhthéacs bearta sonracha do leanaí a mbaintear an tsaoirse díobh, measann formhór na mBallstát go dtugtar éifeacht leordhóthanach do na ceanglais sin trí fhorálacha ginearálta an dlí náisiúnta, amhail prionsabail bhunreachtúla, lena gceanglaítear urraim do dhínit an duine aonair agus na caighdeáin is infheidhme maidir le cearta an duine, lena n‑áirítear Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, atá daingnithe ag Ballstáit uile an Aontais.

3.13.An ceart chun príobháideachas a chosaint (Airteagal 14)

Ba cheart príobháideachas leanaí le linn imeachtaí coiriúla, lena n‑áirítear príobháideachas a gcuid faisnéise pearsanta atá sa chomhad coiriúil, a áirithiú ar an mbealach is fearr is féidir chun stiogmatú a chosc, i measc nithe eile, mar bhac ar a n‑athimeascadh sa tsochaí. Dá réir sin, leagtar amach ceanglas comhfhreagrach maidir le cosaint leanaí in Airteagal 14(1) den Treoir.

Ceanglaítear le mír 2 d’Airteagal 14 go dtionólfaí éisteachtaí cúirte a bhaineann le leanaí, de ghnáth, in éagmais an phobail, nó go gceadófaí do chúirteanna nó do bhreithiúna eisiamh an phobail a ordú, agus luaitear i mír 3 nach mór bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú nach scaipfear taifid chlosamhairc ar cheistiú go poiblí.

Níor sainaithníodh ach mioncheisteanna comhlíontachta i níos lú ná dornán Ballstát agus ceachtar de na forálacha sin á dtrasuí. Mar sin féin, i roinnt mhaith Ballstát, dealraíonn sé nach gcumhdaítear le raon feidhme na bhforálacha náisiúnta lena dtrasuitear an ceart ginearálta chun príobháideachais leanaí mar a leagtar amach i mír 1 dAirteagal 14, leanaí a bhfuil amhras fúthu go ndearna siad cion coiriúil, ach nár ainmnigh na húdaráis inniúla go hoifigiúil fós iad mar dhuine atá faoi dhrochamhras nó mar dhuine atá cúisithe (nó mar choincheapa coibhéiseacha na mBallstát maidir leis na coincheapa sin). Nascann sé sin ar ais le trasuí mícheart raon feidhme na Treorach 25 .

In aon chás, ní mór do na Ballstáit, i gcomhréir le mír 4 d’Airteagal 14 agus urraim á tabhairt don tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil chomh maith le saoirse agus iolrachas na meán, na meáin a spreagadh freisin chun bearta féinrialála a dhéanamh chun cuspóirí rialacha na Treorach maidir le príobháideachas a bhaint amach.

Dá bhrí sin, níor thug formhór na mBallstát fógra oifigiúil faoi bhearta trasuite le haghaidh na forála sin. Mar sin féin, sa fhreagairt ar chomhairliúchán an Choimisiúin maidir le bearta praiticiúla cur chun feidhme, thug níos mó ná aon trian de na Ballstáit le fios go bhfuil na meáin faoi cheangal go páirteach ar a laghad ag bearta reachtacha lena dtoirmeasctar faisnéis phearsanta leanaí atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe, nó íomhánna nó taifeadtaí díobh, a scaipeadh. Comhlánaítear é sin le féinrialáil. Chuir Ballstáit eile in iúl go n‑oibríonn na meáin ina gcóras dlí de réir treoirlínte arna n‑eisiúint ag comhlachtaí riaracháin náisiúnta tiomnaithe agus/nó de réir cóid eitice féin-fhorchurtha agus féinfhaireacháin gan idirghabháil Stáit.

3.14.An ceart atá ag an leanbh sealbhóir na freagrachta tuismitheora a bheith á thionlacan le linn na nimeachtaí (Airteagal 15)

Tugtar isteach coimirce nós imeachta a bhaineann go heisiach le leanaí agus é de cheart ag an leanbh sealbhóir na freagrachta tuismitheora a bheith in éineacht leis le linn éisteachtaí cúirte, mar a chumhdaítear i mír 1 d’Airteagal 15 den Treoir, agus, i gcomhréir le mír 4, le linn céimeanna eile de na himeachtaí i gcás ina bhfuil sé sin chun leasa an linbh agus nach ndéanann sé dochar do na himeachtaí coiriúla. Má tá freagracht tuismitheora as an leanbh céanna ag níos mó ná duine amháin, ba cheart an ceart a bheith ag an leanbh, mar a leagtar amach in Aithris 57, iad go léir a bheith in éineacht leis an leanbh, ach amháin mura féidir é sin a dhéanamh go praiticiúil in ainneoin iarrachtaí réasúnacha na n‑údarás inniúil.

Tá an ceart sin bunaithe ag formhór na mBallstát, cé go gcuireann roinnt Ballstát teorainn lena raon feidhme trí bhíthin roghanna maolaithe nach bhforáiltear dóibh sa Treoir. Nascann sé sin ar ais freisin le trasuí mícheart raon feidhme na Treorach 26 .

Tharla formhór na saincheisteanna maidir le comhlíonadh, áfach, i dtrasuí na rialacha maidir le duine fásta iomchuí eile a cheapadh, mar a leagtar amach i míreanna 2 agus 3, atá cosúil leis na cinn a leagtar amach in Airteagal 5 den Treoir

Ní cheadaíonn roinnt Ballstát don leanbh an duine fásta iomchuí eile a cheapadh é féin, ar an gcéad dul síos. I mBallstáit áirithe eile, tá sé de chumhacht lánroghnach ag údaráis inniúla sealbhóirí freagrachta tuismitheora a eisiamh ó na himeachtaí gan gá a bheith ann a áirithiú go gceapfar duine fásta iomchuí eile chun a n‑ionad a ghabháil. Baineann sé sin go príomha le gan an coincheap ‘aosach iomchuí eile’ a bheith tugtha isteach, aosach nár ceapadh go foirmiúil freisin mar chaomhnóir dlíthiúil iarbhír don leanbh, amhail múinteoir nó ball teaghlaigh nach bhfuil freagracht tuismitheora air nó uirthi go dlíthiúil as an leanbh.

Ar an iomlán, is féidir le saincheisteanna maidir le trasuí comhlíontach an chirt chun duine a thionlacan tionchar an-diúltach a imirt ar thuiscint éifeachtach an linbh ar an nós imeachta coiriúil agus ar a chumas a chearta nós imeachta a fheidhmiú. Go háirithe, d’fhéadfaí leanaí nach bhfaigheann cúnamh dlíodóra, agus Airteagal 6(6) nó 6(8) den Treoir á chur i bhfeidhm, a fhágáil go hiomlán gan láithreacht threorach agus thacúil duine fásta iomchuí.

3.15.An ceart atá ag leanaí teacht i láthair go pearsanta ag a dtriail agus páirt a ghlacadh inti (Airteagal 16)

Le hAirteagal 16(1) meabhraítear ceart leanaí a bheith i láthair ag a dtriail. Ceanglaítear leis freisin, áfach, go ndéanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun a chur ar a gcumas a bheith rannpháirteach go héifeachtach, lena n‑áirítear trí dheis a thabhairt dóibh éisteacht a fháil agus a dtuairimí a chur in iúl. Mar a mholtar in Aithris 60, ba cheart do na Ballstáit dreasachtaí a chur ar fáil do leanaí chun freastal ar a dtriail, lena n‑áirítear trí thoghairm a chur orthu go pearsanta agus trí chóip den toghairm a sheoladh chuig a sealbhóir freagrachta tuismitheora nó chuig duine fásta iomchuí eile.

As an líon beag Ballstát nach gcomhlíonann a ndlí náisiúnta na ceanglais sin go hiomlán, foráiltear in dhá cheann díobh gur féidir cuid den triail ar a laghad a dhéanamh, i gcásanna áirithe, gan an leanbh a bheith i láthair go fisiciúil.

Ina theannta sin, leagtar amach in Airteagal 16(2) ceanglas go ndeonófaí do leanaí a ndearnadh triail orthu in absentia an ceart chun trialach nua lena gceadaítear scrúdú a dhéanamh ar fhianaise (nua) nó chun leigheas dlí éifeachtach eile, i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/343, agus faoi na coinníollacha a leagtar amach inti. Go ginearálta, ní bhaineann forálacha an dlí náisiúnta lena rialaítear ábhair den sórt sin go sonrach le leanaí, ach tá feidhm acu maidir le gach duine atá faoi dhrochamhras agus gach duine atá cúisithe. Sa chomhthéacs sin, ní mór a thabhairt faoi deara nach ndearnadh saincheisteanna maidir le trasuí fhorálacha ábhartha Threoir (AE) 2016/343, is é sin Airteagal 8 maidir leis an gceart a bheith i láthair ag an triail agus Airteagal 9 maidir leis an gceart chun trialach nua, a thrasuí i gceart i sé Bhallstát ar a laghad 27 , ar tionscnaíodh imeachtaí um shárú ina gcoinne.

3.16.An ceart chun cúnamh dlíthiúil a fháil (Airteagal 18)

Tairbhíonn leanaí atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe, amhail daoine fásta, de theidlíochtaí ar chúnamh dlíthiúil mar a leagtar amach i dTreoir (AE) 2016/1919. I gcás leanaí, áfach, ceanglaítear go sainráite le hAirteagal 18 go ráthaítear leis an dlí náisiúnta i ndáil le cúnamh dlíthiúil ní hamháin an ceart chun rochtain a fháil ar dhlíodóir a dheonaítear do gach duine atá faoi dhrochamhras agus do gach duine cúisithe, ach feidhmiú éifeachtach an chirt chun cúnamh iarbhír dlíodóra a fháil mar a leagtar amach in Airteagal 6 den Treoir seo.

Déanann saincheisteanna comhlíontachta maidir le trasuí Threoir (AE) 2016/1919 difear freisin do sholáthar cúnaimh dhlíthiúil do leanaí. Na Ballstáit sin nár thrasuigh Treoir (AE) 2016/1919 i gceart, meastar go huathoibríoch freisin go ndearna siad Airteagal 18 den Treoir seo a thrasuí go mícheart, mura rud é nach ndéanann saincheist an trasuí difear ach do dhaoine fásta atá faoi dhrochamhras nó do dhaoine atá cúisithe toisc go bhfuil rialacha éagsúla ann lena rialaítear soláthar cúnaimh dhlíthiúil do leanaí atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe agus atá i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/1919. A mhéid a bhaineann le saincheisteanna comhlíontachta le Treoir (AE) 2016/1919, níl na rialacha maidir le huainiú chun cúnamh dlíthiúil a sholáthar a leagtar amach in Airteagal 4(5) trasuite ar bhealach comhlíontach ag beagnach gach Ballstát 28 . Ós rud é go gcuireann na Ballstáit dá ndéantar difear na rialacha céanna maidir le cúnamh dlíthiúil i bhfeidhm i gcás leanaí agus a chuireann siad i gcás daoine fásta, is saincheisteanna comhlíontachta faoin Treoir seo iad na saincheisteanna comhlíontachta sin faoi Threoir (AE) 2016/1919 freisin.

Mar a tugadh faoi deara maidir le trasuí Airteagal 6 den Treoir, ní dhéanann na Ballstáit uile foráil maidir le cúnamh dlíodóra, lena náirítear dlíodóir um chúnamh dlíthiúil a cheapadh, ón bpointe ama is luaithe dá bhforáiltear sa Treoir. Nascann sé sin ar ais freisin le trasuí mícheart raon feidhme na Treorach 29 .

I roinnt Ballstát, ní mór do leanaí a fhaigheann cúnamh dlíthiúil na costais sin a aisíoc in imthosca áirithe, cé go bhfuil cúnamh dlíodóra éigeantach. Mar a chuirtear i dtábhacht sa tuarascáil cur chun feidhme 30 le haghaidh Threoir (AE) 2016/1919, is iondúil go gcumasaíonn leath na mBallstát aisghabháil costas i gcás ciontú nó i gcás ina bhfoirceanntar na himeachtaí coiriúla de bharr imthosca nach saorann an duine amhail dul in éag reacht na dtréimhsí. I gcásanna áirithe, déantar aisghabháil costas den sórt sin gan beann ar staid eacnamaíoch/airgeadais na ndaoine dá ndéantar difear.

3.17.Leigheasanna (Airteagal 19)

Is ceart bunúsach nós imeachta é an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil, mar a chumhdaítear in Airteagal 47 den Chairt. Dá bhrí sin, ceanglaítear le hAirteagal 19 go mbeidh leigheas éifeachtach ag leanaí faoin dlí náisiúnta i gcás sárú ar a gcearta faoin Treoir seo. Maidir leis na leigheasanna sin, is ceist neamhspleáchais nós imeachta é. Tá comhlíonadh na forála seo ó thaobh trasuí de an-ard. Tá leigheas de chineál éigin ar a laghad i bhfeidhm ag gach Ballstát i gcás ina sáraítear cearta an linbh faoin Treoir.

3.18.Oiliúint (Airteagal 20)

Tá sé ríthábhachtach oiliúint éifeachtach agus leanúnach a chur ar bhaill de ghairmeacha a bhíonn i dteagmháil le leanaí le linn imeachtaí coiriúla i réimsí amhail cearta leanaí, teicnící iomchuí ceistiúcháin, síceolaíocht leanaí, agus cumarsáid i dteanga atá oiriúnaithe don leanbh, chun a áirithiú go ndéanfar an Treoir a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm ar bhealach atá i gcomhréir lena ceanglais agus lena cuspóirí. Dá bhrí sin, leagtar amach in Airteagal 20 na ceanglais maidir le hoiliúint den sórt sin do phríomhghníomhaithe éagsúla. Tá difríochtaí móra idir na Ballstáit maidir le cur chuige i leith thrasuí na gceanglas sin.

Le mír 1 ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear oiliúint shonrach ar fhoireann na núdarás forfheidhmithe dlí agus na saoráidí coinneála araon a láimhseálann cásanna a bhaineann le leanaí, go dtí leibhéal is iomchuí dá dteagmháil le leanaí. Mar sin féin, cuireann easpa creataí oiliúna seanbhunaithe atá faoi réir sásraí rialaithe cáilíochta sa chleachtas le saincheisteanna comhlíontachta i roinnt mhaith Ballstát. Tá roinnt Ballstát nár thrasuigh ceanglais oiliúna na Treorach ach amháin maidir le foireann forfheidhmithe dlí nó maidir le foireann peannadlann. Fágann roinnt acu gur ar bhonn deonach a ghlactar páirt in oiliúint ábhartha. Is cosúil go bhfuil difríochtaí suntasacha ann freisin maidir le minicíocht na hoiliúna a thairgtear. Nuair a chuathas i gcomhairle leo, dheimhnigh roinnt Ballstát nach bhfuil oiliúint á cur ar fáil ach ar bhonn ad hoc, bunaithe ar mheasúnuithe ar riachtanais inmheánacha, agus tá timthriallta oiliúna rialta bunaithe ag Ballstáit eile. Leag an Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha béim air sin freisin 31 . Ina theannta sin, léirigh na páirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo go bhféadfadh easnaimh a bheith ar cháilíocht na hoiliúna a chuirtear ar fáil. Maidir le breithiúna agus ionchúisitheoirí a dhéileálann le himeachtaí coiriúla a bhaineann le leanaí, ní mór do na Ballstáit, i gcomhréir le mír 2, bearta iomchuí a dhéanamh ar a laghad chun a áirithiú go bhfuil inniúlacht shonrach acu nó go bhfuil rochtain éifeachtach acu ar oiliúint shonrach.

Ní gá go mbeadh ‘bearta iomchuí’ den sórt sin teoranta do bhearta reachtacha agus ba cheart go n‑urramófaí leo in aon chás neamhspleáchas breithiúnach agus difríochtaí in eagrú na mbreithiúna ar fud na mBallstát chomh maith le ról na ndaoine atá freagrach as oiliúint a chur ar bhreithiúna agus ar ionchúisitheoirí, amhail institiúidí náisiúnta neamhspleácha le haghaidh oiliúint bhreithiúnach. Dá bhrí sin, choinnigh formhór na mBallstát a bhfuil ceanglais reachtacha i bhfeidhm acu maidir le hoiliúint a chur ar bhreithiúna agus ar ionchúisitheoirí rialacha den sórt sin an-ghinearálta agus tharraing siad aird ar bhearta cur chun feidhme praiticiúla forlíontacha, lena n‑áirítear bearta arna ndéanamh ag comhlachtaí neamhspleácha chun oiliúint a chur ar ghairm na mbreithiúna agus maidir lena agus bhféinrialáil.

Sna Ballstáit sin nach ann d’aon fhoráil reachtach iontu maidir le hoiliúint a chur ar ionchúisitheoirí agus ar bhreithiúna, tá creataí éagsúla cur chun feidhme i bhfeidhm, creataí atá ag brath go príomha ar bhearta praiticiúla cur chun feidhme. Nuair a chuathas i gcomhairle leo, chuir dhá Bhallstát in iúl go n‑oibríonn a gcóras dlí le cúirteanna agus seirbhísí ionchúisimh speisialta d’ógánaigh. Ní féidir ach breithiúna agus ionchúisitheoirí a bhfuil saineolas faighte acu trí oiliúint a chuireann institiúidí oiliúna ábhartha ar fáil do bhreithiúna agus d’ionchúisitheoirí a cheapadh chun bheith ag obair sna poist sin. Ina theannta sin, tá Ballstáit ann ina gcuireann institiúidí oiliúna tiomnaithe oiliúint speisialaithe ar fáil ach, is cosúil, ar bhonn deonach amháin, ar a laghad do roinnt gairmithe ceartais ábhartha. Ní gá gur leor sin chun a áirithiú go bhfaighidh gach duine ábhartha oiliúint shonrach.

Ní mór bearta iomchuí a dhéanamh freisin, de réir mhír 3, chun soláthar oiliúna sonraí den sórt sin a chur chun cinn ar a laghad do dhlíodóirí a dhéileálann le himeachtaí coiriúla a bhaineann le leanaí, ag cur san áireamh, ar ndóigh, an gá atá le neamhspleáchas ghairm an dlí a urramú agus ról na ndaoine atá freagrach as oiliúint a chur ar dhlíodóirí, amhail Comhlachais Barra náisiúnta.

Nuair a chuathas i gcomhairle leo maidir leis an ábhar sin, chuir roinnt Ballstát in iúl go gcuireann siad cistiú ar fáil do chumainn náisiúnta barra chun oiliúint iomchuí dlíodóirí i modhanna ceartais lena dtacaítear le leanaí a éascú agus/nó go gcuireann siad ceangal ar dhlíodóirí ar mian leo a bheith san áireamh ar liosta na ndlíodóirí um chúnamh dlíthiúil do leanaí dul faoi oiliúint shonrach. Mar sin féin, thug formhór mór na mBallstát le fios go bhfuil an oiliúint á rialáil agus á soláthar go hiomlán ag na cumainn bharra náisiúnta ina gcóras dlí agus nach gcuireann an stát isteach ar an ábhar sin.

Ar deireadh, iarrtar i mír 4 ar na Ballstáit tionscnaimh a spreagadh lena gcuirfí ar a gcumas dóibh siúd a chuireann tacaíocht agus seirbhísí ceartais aisiríoch ar fáil do leanaí oiliúint leormhaith a fháil agus caighdeáin ghairmiúla a urramú maidir le neamhchlaontacht, meas agus gairmiúlacht. Ba cheart é sin a bhaint amach trí sheirbhísí poiblí na mBallstát nó trí eagraíochtaí tacaíochta leanaí a chistiú.

Nuair a chuathas i gcomhairle leo, chuir roinnt Ballstát faisnéis ar fáil maidir le bearta agus struchtúir phraiticiúla cur chun feidhme a bhí i bhfeidhm chun oiliúint gairmithe tacaíochta leanaí agus ceartais aisiríoch a éascú. Áirítear ar na bearta a glacadh, inter alia: institiúidí/cláir oiliúna t(h)iomnaithe a bhunú; cistiú a sholáthar d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chuireann oiliúint agus treoraíocht ábhartha ar fáil; ceanglas ar gach gairmí a oibríonn le leanaí bunchúrsa oiliúna a dhéanamh ar chearta an linbh mar chuid dá gcáilíocht ghairmiúil; agus cúrsaí oiliúna státchistithe do chomhaltaí de bhreithiúna a oscailt do ghairmeacha eile, go háirithe oifigigh phromhaidh agus gairmithe a threoraíonn nósanna imeachta idirghabhála.

3.19.Bailiú Sonraí (Airteagal 21)

Chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na Treorach seo, is gá sonraí ábhartha a bhailiú. Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 21, bhí ar na Ballstáit sonraí a bhí ar fáil a sheoladh chuig an gCoimisiún faoin 11 Meitheamh 2021 lena léirítear conas a cuireadh na cearta a leagtar amach sa Treoir seo chun feidhme agus ní mór dóibh é sin a dhéanamh arís gach 3 bliana ina dhiaidh sin.

I gcomhréir le hAithris 64, ba cheart a áireamh leis sin sonraí arna dtaifeadadh ag na húdaráis bhreithiúnacha agus ag na húdaráis forfheidhmithe dlí agus, a mhéid is féidir, sonraí riaracháin arna dtiomsú ag seirbhísí cúraim sláinte agus ag seirbhísí leasa shóisialta maidir leis na cearta a leagtar amach sa Treoir seo, go háirithe maidir le líon na leanaí ar tugadh rochtain ar dhlíodóir dóibh, líon na measúnuithe aonair a rinneadh, líon na dtaifeadtaí closamhairc ceistithe agus líon na leanaí a bhfuil a saoirse bainte díobh.

Rinne níos mó ná dhá thrian de na Ballstáit na sonraí a tharchur. Fiú i gcás inar tarchuireadh sonraí, áfach, is annamh a bhí sé chomh cuimsitheach agus a beartaíodh leis an Treoir. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit, a mhéid is féidir, a gcleachtais bailithe sonraí a choigeartú i gcomhréir leis an Treoir.

3.20.Costais (Airteagal 22) 

Ar deireadh, rialaítear leis an Treoir leithdháileadh na gcostas breise nós imeachta a eascraíonn as cur i bhfeidhm an chirt chun measúnú aonair a fháil mar a chumhdaítear in Airteagal 7, an ceart chun scrúdú leighis a fháil mar a leagtar amach in Airteagal 8 agus chun taifeadadh closamhairc ar cheistiú, dá bhforáiltear in Airteagal 9 den Treoir. Ceanglaítear le hAirteagal 22 nach mór gurb iad na Ballstáit a íocann na costais sin i gcónaí, gan beann ar thoradh na n‑imeachtaí, seachas costais a eascraíonn as cur i bhfeidhm an chirt chun scrúdú leighis i gcás ina gcumhdaítear iad sin le hárachas leighis.

I líon beag Ballstát, mar sin féin, níor áirithíodh go sainráite go n‑íocfaidh an Stát na costais sin, agus i mBallstáit eile, foráiltear go díreach leis an dlí náisiúnta go n‑íocfaidh an leanbh cuid de na costais ar a laghad, go ginearálta nó ar a laghad i gcásanna ina bhfaightear an leanbh ciontach. Cuireann sé sin ualach airgeadais míchuí ar leanaí agus, ar deireadh, ar a sealbhóirí freagrachta tuismitheora sna Ballstáit sin agus is saincheist maidir le comhlíonadh é.

3.21.Trasuí Airteagal 24 

Le hAirteagal 24(1) cuirtear doibleagáid ar na Ballstáit bearta a ghlacadh chun an Treoir a thrasuí agus an Coimisiún a chur ar an eolas faoi sin. Ceanglaítear leis freisin, áfach, nuair a ghlactar na bearta sin, go mbeidh tagairt iontu don Treoir nó go mbeidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Tagraítear don chineál sin forála freisin mar chlásal idirnaisc. Tá sé ceaptha poiblíocht leordhóthanach a áirithiú le haghaidh na mbeart trasuite agus cur ar chumas na ndaoine dá ndéantar difear raon feidhme a gceart agus a noibleagáidí a fháil amach sa réimse áirithe a rialaítear le dlí an Aontais mar a thrasuitear sa dlí náisiúnta é 32 .

Tá sé de shaoirse ag na Ballstáit a roghnú conas a dhéantar an tagairt sin, fad a ghlacann siad beart sonrach trasuite (acte positif de transposition) ina dtagraítear go sainráite don Treoir. Go háirithe maidir le dlíthe atá ann cheana, d’fhéadfadh sé, mar shampla, gur acht sonrach é sin a fhoilsítear in iris oifigiúil an Bhallstáit, lena léirítear go soiléir na dlíthe, na rialacháin nó na forálacha riaracháin atá ann cheana lena measann an Ballstát ábhartha gur thrasuigh sé an Treoir. Dá bhrí sin, ní gá go n‑iarrfaí aon leasuithe reachtacha. Mar sin féin, i gcás nach ndéantar aon bheart chun tagairt don Treoir a áirithiú, is féidir leis an gCoimisiún diúltú do na bearta dá ndéantar difear mar bhearta trasuite.

Ar dtús, níor chuir ach trí Bhallstát clásal idirnaisc na Treorach chun feidhme go hiomlán. Níor chomhlíon formhór na mBallstát eile an ceanglas sin ach amháin a mhéid a bhaineann le bearta nua a glacadh chun an Treoir a thrasuí agus ní a mhéid a bhaineann le reachtaíocht a bhí ann cheana, agus tá dornán Ballstát nár chuir an ceanglas sin chun feidhme ar chor ar bith. Tarraingíodh aníos an easpa sin maidir le cur chun feidhme cuí an chlásail idirnaisc i sáruithe in aghaidh an 22 Bhallstát lena mbaineann.

An 30 Aibreán 2024, tar éis plé a dhéanamh leis na Ballstáit, mhol an Coimisiún céim tástála bliana, ar lena linn a áirithítear foilsiú oifigiúil na mbeart náisiúnta trasuite a éilítear leis an gclásal idirnaisc trí EUR-Lex. Ag deireadh na céime tástála, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na torthaí agus an chleachtais na mBallstát. Mura bhfaightear amach go bhfuil na torthaí is gá bainte amach ag an gcéim tástála, forchoimeádann an Coimisiún a cheart leanúint de na hoibleagáidí a eascraíonn as na clásail idirnaisc a fhorchur an athuair. Idir an dá linn, ní leanfar (a thuilleadh) de chasaoidí in imeachtaí réamhdhlíthíochta leanúnacha ná d’fhiosrúcháin maidir le comhlíonadh na gceanglas faoi chlásail idirnaisc, má d’aontaigh na Ballstáit le hipearnaisc agus/nó doiciméid a fhoilsiú go díreach ar EUR-Lex.

D’ainneoin na mbuntáistí soiléire a bhaineann le réiteach EUR-Lex ó thaobh na hinrochtaineachta de, tá sé de cheart ag na Ballstáit diúltú don mhodh foilsithe sin má gheallann siad go ndéanfaidh siad tagairt go córasach agus go díreach do na treoracha ina mbearta náisiúnta trasuite nó go bhfoilseoidh siad fógraí oifigiúla náisiúnta chuige sin, maidir le reachtaíocht náisiúnta atá níos sine agus níos nuaí ná an treoir atá le trasuí.

4.AIRTEAGAL 6 DEN TREOIR A CHUR I bhFEIDHM

I dteannta an mheasúnaithe ghinearálta ar thrasuí Airteagal 6 den Treoir, gheall an Coimisiún freisin tuairisciú ar chur i bhfeidhm na forála seo. Chun na críche sin, mar a luadh sa réamhrá a ghabhann leis an tuarascáil seo, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit agus d’iarr sé orthu faisnéis agus staidreamh ábhartha a sholáthar. Iarradh ar na Ballstáit faisnéis/sonraí a chur ar fáil maidir lena gcleachtas/socruithe praiticiúla i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a)an ceart chun bualadh le dlíodóir roimh cheistiú mar a leagtar amach i mír 4(a);

(b)na rialacha maidir le rúndacht na cumarsáide mar a leagtar amach i míreanna 4(a) agus 5;

(c)an rogha maolaithe bunaithe ar chomhréireacht dá bhforáiltear i mír 6 agus an rogha maoluithe sealadacha dá bhforáiltear i mír 8;

(d)na rialacha maidir le ceistiú a chur siar mar a leagtar amach i mír 7; agus

(e)cásdlí ábhartha.

Fuarthas an t‑aiseolas seo a leanas:

Ar an gcéad dul síos, maidir leis an gceart chun bualadh le dlíodóir agus dul i gcomhairle leis roimh cheistiú, thuairiscigh gach Ballstát seachas dhá cheann nach ndéantar foráil ina ndlí maidir le híostréimhse/uastréimhse ama le haghaidh comhairliúcháin den sórt sin. Tugann formhór na mBallstát le fios go dtabharfar an oiread ama agus is gá, ach é a bheith réasúnta, do leanaí agus dá ndlíodóirí i gcleachtas. I bhformhór na gcásanna, tuairiscítear go maireann na comhairliúcháin sin thart ar 30 nóiméad.

I roinnt Ballstát, áfach, mar phrionsabal, tá na comhairliúcháin teoranta do 30 nóiméad, agus ní féidir síneadh a chur leo ach amháin ar iarraidh a bhfuil údar maith léi. Socruithe lena socraítear teorainn chineálach den sórt sin leis an am a dheonaítear do leanaí chun comhairliúchán a dhéanamh lena ndlíodóir, níl siad neamhchomhlíontach per se leis an Treoir. Ní mór a áirithiú, áfach, go ndeonófar i gcónaí, i gcleachtas, iarraidh ar shíneadh a chur leis an teorainn sin i gcás inar gá sin chun cothroime na n‑imeachtaí a choimirciú, go háirithe i gcás ina bhféadfadh níos mó ama a bheith ag teastáil ó leanbh lena ndlíodóir mar gheall ar dheacrachtaí cumarsáide, mar shampla.

I gcás roinnt Ballstát, léirítear leis an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil freisin nach n‑áirithíonn siad go mbíonn an deis i gcónaí ag an leanbh bualadh leis an dlíodóir go pearsanta chun críche na gcomhairliúchán sin. Sna Ballstáit sin, i gcásanna áirithe ar a laghad, ní éascaítear comhairliúcháin ach ar an teileafón. Ní chomhlíonann an cleachtas sin, i bprionsabal, an ceart chun ‘cruinniú’ leis an dlíodóir mar a bhunaítear leis an Treoir, toisc go dtugtar le tuiscint le cruinniú gur cheart don dlíodóir a bheith i láthair go pearsanta. Ní mór measúnú breise a dhéanamh ar cé acu a d’fhéadfaí nó nach bhféadfaí údar a thabhairt leis i gcásanna áirithe ar bhonn leas an linbh.

Ar an dara dul síos, maidir le cur i bhfeidhm na rialacha maidir le rúndacht na cumarsáide idir leanbh agus a dhlíodóir, mar a leagtar amach i mír 4(a) agus mír 5, thuairiscigh gach Ballstát is freagróir go n‑áirithítear i gcónaí go bhfuil comhairliúcháin idir leanbh agus a dhlíodóir faoi rún. Chuir an tromlach in iúl go gcuirtear saoráidí ar leithligh ar fáil chun na críche sin i gcás ina mbaintear saoirse den leanbh i gcoimeád nó i gcoinneáil réamhthrialach na bpóilíní.

Dealraíonn sé, áfach, go gceadaíonn dhá Bhallstát ar a laghad faireachán amhairc a dhéanamh ar shaoráidí den sórt sin. Cé nach gcuireann an Treoir cosc sainráite ar an gcleachtas sin, d’fhéadfadh sé a bheith ina ábhar imní, i gcás ina bhfuil rochtain infheicthe ag an duine nó ag na daoine a dhéanann faireachán air ar dhoiciméid atá faoi phribhléid dhlíthiúil nó ar ábhair eile a ndéanann an leanbh agus a dhlíodóir scrúdú orthu le linn comhairliúcháin den sórt sin.

Ar an tríú dul síos, ag féachaint ar chur i bhfeidhm na roghanna maolaithe dá bhforáiltear i míreanna 6 agus 8 den Treoir, chuir roinnt de na Ballstáit is freagróirí in iúl nach ndéantar foráil maidir leis an rogha maolaithe sin ina gcórais dlí. Na Ballstáit sin a mheasann go bhforáiltear dó, chuir siad in iúl nach bhfuil aon sonraí ar fáil maidir le líon na gcásanna inar cuireadh an rogha maolaithe i bhfeidhm nó níor chuir siad aon fhigiúirí ar fáil. Thuairiscigh Ballstát amháin gurb ann don rogha maolaithe ina gcóras dlí, ach nár cuireadh i bhfeidhm go fóill í.

Iarradh ar na Ballstáit a léiriú freisin an t‑údarás náisiúnta atá freagrach as an measúnú a cheanglaítear le mír 6 a dhéanamh chun a fháil amach an bhfuil maolú ar cheanglais na Treorach maidir le cúnamh ó dhlíodóir comhréireach agus comhoiriúnach le ceart an linbh chun triail chóir a fháil agus le feidhmiú éifeachtach a gceart chun cosanta. Maidir leis an gceist sin, d’fhreagair formhór na mBallstát gurb é an t‑údarás freagrach an t‑údarás a bhfuil sé d’aidhm aige an cheistiúchán nó gníomh imscrúdaitheach eile a dhéanamh (na póilíní de ghnáth) nó an t‑údarás atá i gceannas ar na himeachtaí ar an iomlán ag an am (ionchúisitheoir nó breitheamh imscrúdaitheach de ghnáth ag an gcéim réamhthrialach, ag brath ar an gcóras dlí). Údarás breithiúnach a éilíonn líon beag Ballstát i gcónaí chun an measúnú ábhartha a dhéanamh.

Mar sin féin, i ngach cás inar údarás forfheidhmithe dlí é an t‑údarás freagrach, ní mór an cinneadh chun an maolú a chur i bhfeidhm a bheith formheasta fós ag ionchúisitheoir nó breitheamh imscrúdaitheach, de réir mar a bheidh, nó faoi réir athbhreithniú breithiúnach ag céim na trialach. Bheadh sé sin tábhachtach chun leigheas éifeachtach a áirithiú agus, go hidéalach, chun aon mhí-úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as an rogha maolaithe a chosc.

Go bunúsach, fuarthas na freagraí céanna maidir le cur i bhfeidhm na rogha um maolú sealadach dá bhforáiltear i mír 8 den Treoir. Níor soláthraíodh aon sonraí maidir le minicíocht an iarratais agus tá sé fós doiléir, cé acu a bheidh nó nach mbeidh cinneadh ó údarás forfheidhmithe dlí an rogha maolaithe a chur i bhfeidhm faoi réir athbhreithniú breithiúnach i gcónaí.

Ar an gceathrú dul síos, i ndáil le cur i bhfeidhm na rialacha maidir le ceistiú a chur siar a leagtar amach i mír 7, chuir beagnach leath de na Ballstáit faisnéis ar fáil maidir leis an gcaoi a ndéantar an coincheap ‘tréimhse réasúnta ama’, a thugtar isteach i mír 7 d’Airteagal 6, a léirmhíniú ina gcóras dlí náisiúnta.

Ní dhéanann an chuid is mó díobh an coincheap sin a shainiú go sainráite sa dlí náisiúnta, ach ligeann siad d’údaráis inniúla an coincheap sin a léirmhíniú ar bhonn cás ar chás, agus imthosca aonair an cháis á gcur san áireamh, go háirithe cibé acu a bhaintear an tsaoirse den leanbh nó nach mbaintear.

Léirigh roinnt Ballstát, áfach, teorainneacha sonracha maidir leis an méid ama a thabharfar do dhlíodóir roghnaithe linbh a bheith i láthair. Maireann sé sin idir uair an chloig agus trí lá (i gcásanna nach mbaintear an tsaoirse den leanbh agus nach bhfuiltear ag súil go gcuirfidh an mhoill an t‑imscrúdú i mbaol).

Mar a cuireadh i dtábhacht sa phlé maidir le trasuí Airteagal 6(7), ní shainítear sa Treoir an coincheap ‘tréimhse réasúnta’. Measann an Coimisiún, áfach, gur cheart é a léirmhíniú mar ‘fad a thógann sé dlíodóir a fháil ar an láthair’, agus é le tuiscint, i gcásanna ina bhfuil moilleanna atá áibhéalach nó míréasúnta go soiléir, go bhfuil cead ag na Ballstáit dlíodóir eile ar dualgas a cheapadh ar feadh thréimhse an ghnímh shonraigh.

Ar deireadh, maidir le cásdlí ábhartha ar an leibhéal náisiúnta inar tarraingíodh anuas sárú ar chearta an linbh faoi Airteagal 6, go háirithe maidir le cur i bhfeidhm na roghanna um maolú dá bhforáiltear i míreanna 6 agus 8, chuir na Ballstáit in iúl nach bhfuil siad ar an eolas faoi aon chás den sórt sin agus/nó nach gcoinníonn siad staitisticí ábhartha. Dá bhrí sin, ní raibh an Coimisiún in ann measúnú a dhéanamh ar na gnéithe áirithe d’Airteagal 6 a bhféadfadh sé gur tarraingíodh saincheisteanna comhlíontachta anuas ina leith sa chleachtas ná ar mhinicíocht na dtarluithe sin.

5.CONCLÚID

Is é is aidhm don Treoir coimircí nós imeachta do leanaí atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe in imeachtaí coiriúla a neartú agus a fhorlíonadh ar bhealach cuimsitheach, chun a áirithiú go bhfuil an fhíorfhéidearthacht éifeachtach acu imeachtaí ina n‑aghaidh a thuiscint agus a leanúint go hiomlán chomh maith lena gceart chun trialach córa a fheidhmiú. Dá réir sin, tá dul chun cinn suntasach déanta ag an Treoir seo ar iarrachtaí chun rochtain chomhionann ar an gceartas a áirithiú ar fud an Aontais do cheann de na catagóirí is leochailí de dhaoine atá faoi dhrochamhras agus atá cúisithe. Ní hamháin go mbaineann a acmhainneacht maidir le tionchar dearfach le muinín fhrithpháirteach neartaithe idir na Ballstáit i gcórais cheartais a chéile, ach baineann sí freisin le hatitimeachas a chosc agus le hathshlánú agus athimeascadh sóisialta leanaí a chothú.

Mar sin féin, cuirtear i dtábhacht sa tuarascáil seo go bhfuil saincheisteanna comhlíontachta ann fós i roinnt Ballstát, maidir le príomhfhorálacha na Treorach. Tá fírinne agus fadhbanna ag baint leis sin go háirithe a mhéid a bhaineann le raon feidhme na mbeart náisiúnta lena gcuirtear an Treoir chun feidhme, agus trasuí príomhfhorálacha substainteacha, lena n‑áirítear maidir le cearta faisnéise, cúnamh dlíodóra, an ceart chun measúnú aonair a fháil agus rialacha maidir le forchur caillte saoirse agus cóireáil sa chás sin. Bunaithe ar an bhfaisnéis a bailíodh don tuarascáil seo, is cosúil freisin go bhfuil saincheisteanna comhlíontachta ann maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 6 den Treoir, go háirithe i ndáil leis na rialacha maidir le ceistiú a chur siar agus i ndáil leis an gceart bualadh le dlíodóir agus dul i gcomhairle leis roimh an gceistiú.

Leanfaidh an Coimisiún, mar ábhar tosaíochta, de shaothrú na gcásanna um shárú a osclaíodh toisc nach ndearnadh an Treoir a thrasuí go hiomlán agus leanfaidh sé de mheasúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht na mBallstát leis an Treoir. I gcás inar gá, déanfaidh an Coimisiún gach beart iomchuí chun a áirithiú go gcomhlíonfar forálacha na Treorach ar fud an Aontais.

(1)

IO L 132, 21.5.2016, lgh. 1–20.

(2)

IO C 326, 26.10.2012, lgh. 391–407.

(3)

I gcomhréir le Prótacal Uimh. 21 agus le Prótacal Uimh. 22, faoi seach, níl Éire ná an Danmhairg faoi cheangal ag an Treoir. Dá bhrí sin, ní chuirtear san áireamh iad sa mheasúnú seo.

(4)

Treoir 2010/64/AE maidir leis an gceart chun ateangaireachta agus chun aistriúcháin in imeachtaí coiriúla, IO L 280, 26.10.2010, lch. 1.

(5)

Treoir 2012/13/AE maidir leis an gceart chun faisnéise in imeachtaí coiriúla, IO L 142, 1.6.2012, lch. 1.

(6)

Treoir 2013/48/AE maidir leis an gceart rochtana ar dhlíodóir in imeachtaí coiriúla agus in imeachtaí a bhaineann leis an mbarántas gabhála Eorpach, agus leis an gceart go gcuirfí tríú páirtí ar an eolas tráth caillte na saoirse agus chun cumarsáid a dhéanamh le tríú daoine agus le húdaráis chonsalachta le linn don tsaoirse a bheith caillte, IO L 294, 6.11.2013, lch. 1.

(7)

Treoir (AE) 2016/343 maidir le neartú ar ghnéithe áirithe de thoimhde na neamhchiontachta agus den cheart chun bheith i láthair le linn na trialach in imeachtaí coiriúla, IO L 65, 11.3.2016, lch. 1.

(8)

Treoir (AE) 2016/1919 maidir le cúnamh dlí do dhaoine atá faoi dhrochamhras agus daoine cúisithe in imeachtaí coiriúla agus do dhaoine iarrtha in imeachtaí maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach, IO L 297, 4.11.2016, lch. 1; ceartúchán: IO L 91, 5.4.2017, lch. 40.

(9)

COM(2018) 857 final, COM(2018) 858 final, COM(2019) 560 final, COM(2021) 144 final agus COM(2023) 44 final.

(10)

Staidéar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (2022), Children as suspects or accused persons in criminal proceedings — procedural safeguards [Leanaí mar dhaoine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe in imeachtaí coiriúla — coimircí nós imeachta], le fáil ag Leanaí mar dhaoine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe in imeachtaí coiriúla — coimircí nós imeachta | Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (europa.eu) .

(11)

 Féach mar shampla: Tionscadal Leanaí LA, Legal aid for children in criminal proceedings: Report on current European national frameworks, le fáil ag https://lachild.eu/wp-content/uploads/2021/06/FINAL-LA-Child-European-report-EN.pdf ; Tionscadal CLEAR-Rights, Practices and gaps in legal aid systems for children in Belgium, France, Hungary, Romania and The Netherlands, le fáil ag https://www.defenceforchildren.nl/ media/6430/clear-rights_eu-review_en_fv.pdf .

(12)

Don Chúirt Eorpach um Chearta an Duine féach Engel agus Eile v. an Ísiltír, 8 Meitheamh 1976, míreanna 80 go 82 agus an cásdlí dá éis sin; Maidir le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh féach e.g. Breithiúnas ón gCúirt (Mór-Dhlísheomra) an 5 Meitheamh 2012, Bonda, Cás C-489/10, EU:C:2012:319, míreanna 37ff agus cásdlí ina dhiaidh sin.

(13)

An Chipir (uimhir thagartha INFR(2019)0175); An Ghearmáin (uimhir thagartha INFR(2019)0183); An tSeicia (uimhir thagartha INFR(2019)0180); An Ghréig (uimhir thagartha INFR(2019)0191); An Chróit (uimhir thagartha INFR(2019)0203); Málta (uimhir thagartha INFR(2019)0227).

(14)

Fuair an Chipir tuairim réasúnaithe bhreise freisin sular dúnadh an cás.

(15)

An Ghearmáin, an Bhulgáir, an Ghréig.

(16)

Lucsamburg (uimhir thagartha INFR(2024)2002); An Spáinn (uimhir thagartha INFR(2023)2176); An Iodáil (uimhir thagartha INFR(2023)2090).

(17)

An Pholainn (uimhir thagartha INFR(2023)2127); An tSualainn (uimhir thagartha 2023/2110); An Ungáir (uimhir thagartha 2023/2109); An tSlóvaic (uimhir thagartha 2023/2108); An Rómáin (uimhir thagartha INFR(2023)2107); An Ostair (uimhir thagartha INFR(2023)2106); An Ísiltír (uimhir thagartha INFR(2023)2089); An Liotuáin (uimhir thagartha 2023/2074); An tSlóivéin (uimhir thagartha 2021/2075); An Eastóin (uimhir thagartha 2021/2076); An Laitvia (uimhir thagartha INFR(2023)2124); An Fhrainc (uimhir thagartha INFR(2023)2125); An Fhionlainn (uimhir thagartha INFR(2023)2126); An Bheilg (uimhir thagartha INFR(2023)2136); An Phortaingéil (uimhir thagartha INFR(2023)2091).

(18)

An Rómáin, an tSlóivéin, an Liotuáin.

(19)

Breithiúnas an 5 Meán Fómhair 2024, Cás C-603/22, M.S. agus eile, ECLI:EU:C:2024:685.

(20)

An tSeicia (INFR(2021)2107), an Iodáil (INFR(2023)2006), an Ísiltír (INFR(2023)2007), an tSlóvaic (INFR(2023)2008), an tSlóivéin (INFR(2023)2010), an Pholainn (INFR(2024)2073), an Bhulgáir (INFR(2024)2003), an Eastóin (INFR(2021)2135), an Ungáir (INFR(2021)2137).

(21)

Féach roinn 3.1.

(22)

Féach roinn 3.1.

(23)

Féach roinn 3.1.

(24)

Féach roinn 3.6. maidir leis an gceart chun measúnú aonair a fháil.

(25)

Féach roinn 3.1.

(26)

Féach roinn 3.1.

(27)

An Bheilg (INFR(2023)2094), an Bhulgáir (INFR(2023)2093), an Chróit (INFR(2023)2092), an Ungáir (INFR(2023)2141), an Laitvia (INFR(2023)2140), an Pholainn (INFR(2024)2034).

(28)

Féach an Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme Threoir (AE) 2016/1919 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le cúnamh dlíthiúil do dhaoine atá faoi dhrochamhras agus daoine cúisithe in imeachtaí coiriúla agus do dhaoine iarrtha in imeachtaí maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach, COM/2023/44 final.

(29)

Féach roinn 3.1.

(30)

Ibid.

(31)

Staidéar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (2022), Children as suspects or accused persons in criminal proceedings — procedural safeguards [Leanaí mar dhaoine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe in imeachtaí coiriúla — coimircí nós imeachta], le fáil ag https://fra.europa.eu/ga/publication/2022/children-criminal-proceedings .

(32)

Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 27 Feabhra 2003, An Coimisiún v An Bheilg, C-415/01, EU:C:2003:118, mír 21.