AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,8.10.2024
COM(2024) 445 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
An Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil - Tuarascáil Bhliantúil 2023
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,8.10.2024
COM(2024) 445 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
An Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil - Tuarascáil Bhliantúil 2023
Réamhrá
Tá áthas orm an tuarascáil seo a chur i láthair lena gcumhdaítear timthriall 2023 na hIonstraime um Thacaíocht Theicniúil (TSI). Agus TSI ar bun don tríú huair, deimhnítear gur ionstraim bheartais rathúil í a théann chun tairbhe inláimhsithe do na Ballstáit. Arís eile, bhí an líon iarratas ar thacaíocht ó na húdaráis náisiúnta i bhfad níos mó ná an líon iarratas a raibh Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach in ann freastal orthu.
Léiríonn an fhianaise a chuirimid i láthair sa tuarascáil seo go gcuidíonn TSI leis na Ballstáit feabhas a chur ar a n‑acmhainneacht riaracháin chun athchóirithe a dhearadh, a fhorbairt agus a chur chun feidhme, agus go gcuidíonn sí le fás inbhuanaithe a bhaint amach agus leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach a éascú. Gan aon réamh‑leithdháileadh cistí bunaithe ar thosca geografacha nó téamacha, is ionstraim sholúbtha atá dírithe ar éileamh fós é TSI lenar féidir oiriúnú do riachtanais atá ag teacht chun cinn agus do thimpeallachtaí atá ag athrú go tapa.
Is díol suntais é gur lean spéis na mBallstát páirt a ghlacadh i dtionscadail ilnáisiúnta de bheith ag méadú, agus bhí 34 thionscadal den sórt sin ann faoi TSI 2023. Léirigh na Ballstáit freisin gur spéis leo an comhar a neartú ar an leibhéal réigiúnach trí deich dtionscadal ilréigiúnacha. Ar an gcaoi chéanna, ghlac na Ballstáit go mór leis na 12 thionscadal shuaitheanta le haghaidh tacaíocht theicniúil a roghnaíodh ar bhonn riachtanais na mBallstát agus a bhí nasctha le príomhthosaíochtaí an Aontais.
In 2023, bhí formhór na n‑athchóirithe a fuair tacaíocht ó TSI nasctha le cur chun feidhme na bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta. Ina theannta sin, i gcomhthéacs thosaíocht pholaitiúil an Choimisiúin dlús a chur leis an bpróiseas comhtháthaithe agus aontachais, osclaíodh TSI lasmuigh de theorainneacha an Aontais agus sheol sí tionscadal píolótach le tíortha an mhéadaithe mar bhreathnóirí ar thionscadail tacaíochta teicniúla roghnaithe.
Garsprioc eile in 2023 ba ea glacadh na Teachtaireachta maidir leis an Spás Riaracháin Eorpach (ComPAct) a fheabhsú , ina moltar gníomhaíochtaí nithiúla chun cuidiú le riaracháin phoiblí freastal ar riachtanais daoine agus gnólachtaí ar fud na hEorpa. Nasctha le ComPAct, seoladh Malartú Comhair sa Riarachán Poiblí (PACE) in 2023 freisin mar thionscadal suaitheanta de chuid TSI. Tá sé d’aidhm ag an tionscnamh seo piarfhoghlaim agus malartú dea-chleachtas a chur chun cinn i measc státseirbhísigh na mBallstát éagsúil chun acmhainneacht riaracháin, ceapadh beartas agus scileanna cur chun feidhme a neartú. Glacadh go forleathan le PACE agus ghlac níos mó ná 300 státseirbhíseach páirt i 70 malartú ar fud na mBallstát.
Leis an tuarascáil seo, cuirimid i dtábhacht freisin rannchuidiú mór TSI leis an iomaíochas, ar príomhthosaíocht de chuid an Aontais í. Tá an forléargas seo ar thacaíocht TSI do na Ballstáit maidir le hiomaíochas le linn 2023 struchtúrtha de réir na naoi spreagadh iomaíochais a sainaithníodh sa Teachtaireacht ‘An Margadh Aonair ag 30’ agus i dtuarascáil bhliantúil 2024 ar an margadh aonair agus ar iomaíochas . Cuirtear i láthair sa tuarascáil cásanna nithiúla inar thacaigh TSI le gnólachtaí Eorpacha chun geilleagair na mBallstát a chur chun cinn, rud a chruthaigh poist, comhtháthú, nuálaíocht agus rathúnas.
Tá muinín agam go leanfaidh TSI de bheith ag tacú le dearadh agus cur chun feidhme athchóirithe i gcomhréir le príomhbheartais agus príomhthosaíochtaí an Aontais, ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin náisiúnta agus thrasnáisiúnta, agus ar an gcaoi sin go mbeidh tionchar dearfach soiléir aici ar fud an Aontais sna blianta amach romhainn.
Judit RÓZSA
Ard‑Stiúrthóir Gníomhach Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach
Clár Ábhair
Réamhrá
An Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil
TSI in 2023
I. Príomhphointí
Riarachán poiblí agus rialachas
II. Timthriall TSI 2023 - fíorais agus figiúirí
Seoladh thimthriall TSI 2023
Iarratais ar thacaíocht TSI 2023
Tionscadail TSI 2023
Tionscadail shuaitheanta
Tacaíocht le haghaidh Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta
Tionscadal píolótach do thíortha an mhéadaithe mar bhreathnóirí
III. Cur i ngníomh an tionscadail
IV. Pleananna comhair agus tacaíochta
V. Teachtaireacht maidir le TSI
VI. Meastóireacht ar TSI
TSI mar phríomhionstraim chun tacú le hiomaíochas an Aontais
I. Margadh aonair feidhmiúil
II. Rochtain ar chaipiteal príobháideach
III. Infheistíocht phoiblí agus bonneagar poiblí
IV. Taighde agus nuálaíocht
V. Fuinneamh
VI. Ciorclaíocht
VII. An Digiteáil
VIII. Oideachas agus scileanna
IX. An trádáil agus uathriail straitéiseach oscailte
Conclúid
Iarscríbhinn 1 – Timthriall bliantúil TSI
Iarscríbhinn 2 – Glao ginearálta TSI 2023: iarratais in aghaidh an Bhallstáit
An Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil
Ó bhí 2021 ann, is í an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (TSI) 1 clár an Aontais lena gcuirtear saineolas teicniúil saincheaptha ar fáil do na Ballstáit chun feabhas a chur ar a n‑acmhainneacht a gclár oibre um athchóiriú a dhearadh agus a chur chun feidhme, lena n‑áirítear trína bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta. Is é a cuspóir ginearálta comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a chur chun cinn trí thacú le hiarrachtaí na mBallstát na hathchóirithe is gá a chur chun feidhme chun téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta, athléimneacht agus cóineasú eacnamaíoch agus sóisialta aníos a bhaint amach.
Agus é á bhainistiú ag AS Tacaíochta an Choimisiúin Eorpaigh um Athchóiriú Struchtúrach, tá TSI ar fáil d'aon Bhallstát a bhfuil dúshláin roimhe sa phróiseas chun athchóirithe a dhearadh agus a chur chun feidhme. Áirítear leis sin athchóirithe a bhfuil sé d’aidhm acu aghaidh a thabhairt ar na dúshláin arna sainaithint i bpróiseas an tSeimeastair Eorpaigh maidir le comhordú an bheartais eacnamaíoch, tosaíochtaí beartais an Aontais, nó athchóirithe arna ndéanamh ag Ballstát ar a thionscnamh féin. Ní réamh‑leithdháiltear cistí de réir Ballstáit nó de réir réimse beartais le TSI.
Ní éilítear cómhaoiniú ó na Ballstáit le TSI. Is é EUR 864.4 milliún a buiséad foriomlán do chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027. Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit tacaíocht theicniúil bhreise a iarraidh trí ranníocaíocht dhíreach nó mar chuid dá bpleananna téarnaimh agus athléimneachta.
|
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
2025 |
2026 |
2027 |
Iomlán |
|
116,4 |
118.7 |
121.1 |
123.5 |
126.0 |
128.5 |
130.4 |
864.4 |
Fíor 1 - Cláreagrú bhuiséid TSI 2021-2027 (milliún euro)
Cuireann TSI rochtain uathúil atá bunaithe ar thionscadail ar shaineolas teicniúil agus deiseanna piarfhoghlama ar fáil d’údaráis is tairbhithe sna Ballstáit chun cuidiú leo dul i ngleic le dúshláin maidir le hathchóirithe. Is ionstraim í atá bunaithe ar éilimh na mBallstát agus eagraítear í i dtimthriallta bliantúla, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn 1. Cumhdaítear le tacaíocht TSI saineolas agus saineolaithe a sholáthar a bhaineann le comhairle faoi bheartas, athrú beartais, straitéisí agus treochláir athchóirithe a fhoirmliú, agus tacaíocht le haghaidh athchóirithe reachtacha, institiúideacha, struchtúracha agus riaracháin. Cumhdaítear leis freisin fothú acmhainneachta institiúidí, riaracháin nó earnála, seimineáir, comhdhálacha agus ceardlanna, malartú dea-chleachtas agus gníomhaíochtaí oiliúna, forbairt modheolaíochtaí coiteanna, fothú acmhainneachta TF agus staidéir a dhéanamh.
Dá bhrí sin, neartaíonn an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil acmhainneacht institiúideach agus riaracháin Bhallstáit an Aontais. Tá an tacaíocht curtha in oiriúint do riachtanais athchóirithe agus do dhearlaic acmhainne gach údaráis is tairbhí. Faigheann gach tionscadal meascán uathúil saineolais arna sholáthar ag saineolaithe inmheánacha an Choimisiúin Eorpaigh (dá ngairtear ‘an Coimisiún’ anseo feasta), agus saineolaithe ó riaracháin náisiúnta Bhallstáit an Aontais (e.g. trí Ionstraim an Choimisiúin um Chúnamh Teicniúil agus um Malartú Faisnéise, 2 ), eagraíochtaí idirnáisiúnta nó an earnáil príobháideach. Nuair is gá, déanann an Coimisiún conarthaí maidir le saineolas seachtrach trí bhainistíocht dhíreach (an earnáil príobháideach den chuid is mó) nó trí bhainistíocht indíreach 3 (eagraíochtaí idirnáisiúnta den chuid is mó). Bíonn foireann Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach go hiomlán rannpháirteach le linn an phróisis chun gach tionscadal a chur chun feidhme.
TSI in 2023
I.Príomhphointí
Mar a tharla sna blianta roimhe seo, in 2023 chuir TSI tacaíocht theicniúil ar fáil do na Ballstáit uile i raon leathan réimsí beartais tar éis na n‑iarratas a chuir na húdaráis náisiúnta isteach. Áiríodh orthu sin riarachán poiblí agus rialachas, an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach, iomaíochas, sláinte agus cúram fadtéarmach, riarachán ioncaim agus custaim, bainistiú airgeadais phoiblí, ceartas, an smacht reachta, frith‑éilliú, sláine agus soláthar poiblí, margadh an tsaothair agus scileanna cosanta sóisialta, oideachas agus oiliúint agus imirce.
Fíor 2 – TSI 2023: Rannchuidiú le príomhthosaíochtaí beartas
Thacaigh tionscadail TSI 2023 go láidir freisin le pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta 4 a chur chun feidhme. Lean TSI de bheith ag tacú leis na Ballstáit athchóirithe a dhearadh agus a chur chun feidhme le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh. Chun an dlúthpháirtíocht leis an Úcráin a neartú, thacaigh TSI freisin leis na Ballstáit bearta sriantacha in aghaidh na Rúise a chur chun feidhme. Agus i gcomhréir leis an mBliain Eorpach um Scileanna 2023, thacaigh TSI le roinnt Ballstát agus iad ag forbairt a straitéise náisiúnta scileanna chun ganntanais scileanna agus mímheaitseáil scileanna a shárú.
Ar an leibhéal idirinstitiúideach, bhuail an Coimisinéir um Chomhtháthú agus um Athchóiriúcháin, Elisa Ferreira, leis an gCoiste um Buiséid agus leis an gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta i bParlaimint na hEorpa an 7 Samhain 2023 chun tuairimí a mhalartú maidir le cur chun feidhme TSI.
Riarachán poiblí agus rialachas
An 25 Deireadh Fómhair 2023, ghlac an Coimisiún Teachtaireacht nua maidir leis an Spás Riaracháin Eorpach (ComPAct) a fheabhsú, inar moladh gníomhaíochtaí nithiúla chun cuidiú le riaracháin phoiblí freastal ar riachtanais daoine agus gnólachtaí ar fud na hEorpa. An 7 Nollaig 2023, chuir an Coimisinéir Ferreira ComPAct i láthair ag an g Comhairle Iomaíochais (An margadh inmheánach agus an tionsclaíocht).
Freagra ab ea ComPAct ar ghlaonna ó na Ballstáit, ó Pharlaimint na hEorpa agus ó Choiste na Réigiún ar an gCoimisiún chun comhar agus idirphlé beartais a chothú agus chun cuidiú le feabhas a chur ar acmhainneacht agus ar cháilíocht na riarachán poiblí ar leibhéil lárnacha, réigiúnacha agus áitiúla san Aontas. Tugann ComPAct aghaidh freisin ar ionchais mhuintir na hEorpa mar a cuireadh in iúl i suirbhé Eorabharaiméadair maidir le hathchóirithe agus riaracháin phoiblí a sheol Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach in earrach 2023. Tríd an suirbhé sin, d’iarr na saoránaigh go mbeadh níos lú maorlathais i gceist le riaracháin phoiblí, go mbeidís níos tapúla maidir le seirbhísí a sholáthar, níos trédhearcaí agus níos gaire do na daoine. Is é ComPAct an chéad tacar cuimsitheach gníomhaíochtaí riamh ón gCoimisiún chun tacú le nuachóiriú na n‑údarás riaracháin náisiúnta agus chun an comhar trasteorann eatarthu a neartú ionas gur féidir leo aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna le chéile.
Is é is cuspóir do ComPAct comhar agus idirphlé beartais a chothú agus cuidiú le feabhas a chur ar acmhainneacht agus ar cháilíocht na riarachán poiblí ar leibhéil lárnacha, réigiúnacha agus áitiúla san Aontas. Moltar sraith straitéiseach gníomhaíochtaí in ComPAct chun feabhas a chur ar an Spás Riaracháin Eorpach trí shraith choiteann prionsabal uileghabhálach a chur chun cinn atá mar bhonn taca faoi cháilíocht an riaracháin phoiblí agus trína thacaíocht do nuachóiriú riaracháin na mBallstát a threisiú.
Nasctha le ComPAct, seoladh tionscnamh suaitheanta sonrach nua TSI – Malartú Comhair sa Riarachán Poiblí (PACE) – in 2023. Tá sé d’aidhm ag an tionscnamh seo piarfhoghlaim agus malartú dea-chleachtas a chur chun cinn i measc státseirbhísigh na mBallstát éagsúil chun acmhainneacht riaracháin, ceapadh beartas agus scileanna cur chun feidhme a neartú. Cuidíonn an dlúth‑ailíniú idir ComPAct agus TSI le fócas láidir beartais a choinneáil ar bun maidir le feabhas a chur ar acmhainneacht oibríochtúil agus éifeachtúlacht riaracháin phoiblí na mBallstát.
II.Timthriall TSI 2023 - fíorais agus figiúirí
Seoladh thimthriall TSI 2023
Seoladh timthriall TSI 2023 le linn chomhdháil bhliantúil TSI ‘Athléimneacht na mBallstát a Chothú’, a bhí ar siúl ar líne an 5 Bealtaine 2022. Léiríodh ag an gcomhdháil an chaoi ar féidir le TSI tacú leis na Ballstáit athchóirithe feabhsaithe athléimneachta a dhearadh agus a chur chun feidhme go rathúil, go háirithe i gcomhthéacs na ngéarchéimeanna a bhí ann le déanaí (paindéim COVID-19, ionradh na Rúise ar an Úcráin). Cuireadh i láthair freisin sa chomhdháil na príomhthosaíochtaí le haghaidh TSI in 2023, go háirithe:
·tacaíocht leanúnach a sholáthar do chur chun feidhme na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta;
·tacaíocht a dhíriú ar thosaíochtaí roghnaithe de chuid an Aontais, trí choincheap nuálach Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach maidir le tionscadail shuaitheanta, ar coincheapa tionscadail iad atá molta go réamhghníomhach ag an gCoimisiún do na Ballstáit; agus
·dearadh agus cur chun feidhme tionscadal ilnáisiúnta agus ilréigiúnach a spreagadh.
Thug an chomhdháil deis freisin an 12 smaoineamh tionscadail ‘shuaitheanta’ um thacaíocht theicniúil a chur i láthair, smaointe a cuireadh chun cinn toisc go dtugann siad aghaidh ar riachtanais athchóirithe ar fud roinnt Ballstát agus go bhfuil siad nasctha le príomhthosaíochtaí an Aontais atá á gcur chun feidhme ag na Ballstáit. Dá réir sin, tá sé d’aidhm acu tacú leis na Ballstáit athléimneacht agus athchóirithe spreagtha fáis a bhaint amach.
Thairis sin, moladh tionscnamh suaitheanta TSI 2022 ‘ Acadamh an Aontais um Maoirseacht ar Airgeadas Digiteach chun scileanna na n‑údarás maoirseachta airgeadais a fheabhsú’ arís do thimthriall TSI 2023.
Tionscadail shuaitheanta um thacaíocht theicniúil TSI 2023
· Dlús a chur le fuinneamh in-athnuaite a cheadú
· Tacaíocht d’Oiriúnú don Athrú Aeráide
· Bainistíocht Riosca comhshaoil, shóisialta agus rialachais le haghaidh na hEarnála Airgeadais
· Tacaíocht d’éiceachórais thionsclaíocha
· Imirce agus Mealladh Tallainne
· I dtreo cúram comhtháite duinelárnach
· PACE — Malartú Comhair sa Riarachán Poiblí
· Pearsanra an tsoláthair phoiblí a ghairmiúlú: modhanna straitéiseacha, an t-ionracas agus an trédhearcacht a chothú
· Claochlú digiteach le haghaidh riaracháin phoiblí réigiúnacha agus áitiúla
Iarratais ar thacaíocht TSI 2023
Faoin 31 Deireadh Fómhair 2022, bhí 530 iarratas ar thacaíocht theicniúil curtha isteach ag 27 mBallstát mar fhreagairt ar ghlao ginearálta TSI 2023, ar mhéid iomlán EUR 256 mhilliún, sin níos mó ná dhá oiread an chistithe a bhí ar fáil. Cé gur measadh go raibh gach iarratas a cuireadh isteach incháilithe 5 , tharraing na Ballstáit iarrthacha seacht gcinn díobh siar le linn chéim an mheasúnaithe. Mar thoradh air sin, rinneadh measúnú ar 523 iarratas lena roghnú.
D’áirithigh Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach trí phróiseas cinnteoireachta dea-shainithe (féach Iarscríbhinn 1) go roghnaítear tionscadail bunaithe ar na critéir mheasúnaithe a shainítear in Airteagal 9(5) de Rialachán TSI. Déantar anailís ar iarratais bunaithe ar phráinn, ar leithead agus ar dhoimhneacht na ndúshlán a sainaithníodh, ar na riachtanais tacaíochta i leith na réimsí beartais lena mbaineann, agus ar an anailís ar tháscairí socheacnamaíocha agus ar acmhainneacht institiúideach agus riaracháin ghinearálta na mBallstát lena mbaineann. Ina theannta sin, trí scagadh incháilitheachta, áirithíonn Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach go bhfuil gníomhaíochtaí incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán TSI.
Is féidir leis an gCoimisiún tacú leis na Ballstáit trí bhearta speisialta i gcás riachtanais phráinneacha. Go deimhin, de réir Airteagal 12(7) de Rialachán TSI, féadfaidh Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach, bearta speisialta a ghlacadh i gcomhréir leis na cuspóirí agus na gníomhaíochtaí a leagtar amach i Rialachán TSI seo chun tacaíocht theicniúil a sholáthar do na húdaráis náisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha. Is de chineál eatramhach iad na bearta speisialta den sórt sin agus tá siad nasctha leis na himthosca sonracha a leagtar síos in Airteagal 9(3), (inter alia, ullmhú nó cur chun feidhme pleananna téarnaimh agus athléimneachta faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, athchóirithe i gcomhthéacs an phróisis rialachais eacnamaíoch amhail moltaí tírshonracha, cur chun feidhme Clár coigeartaithe eacnamaíoch). In 2023, níor thacaigh Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach le haon bheart speisialta.
Chuaigh Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach i gcomhairle le ranna/Ard‑Stiúrthóireachtaí eile an Choimisiúin chun a áirithiú go raibh an tacaíocht theicniúil a cuireadh ar fáil faoi TSI 2023 ailínithe le beartais an Aontais, nár dhúbláil sí gníomhaíochtaí agus cistiú eile de chuid an Aontais, agus gur chomhlánaigh sí agus gur fhorbair sí cláir eile de chuid an Aontais.
Ar bhonn níos leithne, tugadh aghaidh sna hiarratais a cuireadh isteach ar riachtanais tacaíochta le haghaidh athchóirithe a sainaithníodh in imthosca éagsúla, lena n‑áirítear tosaíochtaí athchóirithe féin na mBallstát chomh maith le hathchóirithe chun dul i ngleic le dúshláin a sainaithníodh trí phróiseas rialachais eacnamaíoch an Aontais, chomh maith leis na dúshláin sin a bhaineann le tosaíochtaí an Aontais a chur chun feidhme.
Fíor 3 – TSI 2023: Cúinsí iarratais na mBallstát
Tar éis an phróisis measúnaithe agus roghnúcháin a leagtar amach in Iarscríbhinn 1, roghnaíodh 231 iarratas lena gcumhdaítear príomhthosaíochtaí an Aontais le haghaidh EUR 119.7 milliún faoi ghlao ginearálta TSI 2023, lena n‑áirítear 6 :
·90 iarratas a bhaineann le pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme;
·69 n‑iarratas a bhaineann leis an aistriú digiteach;
·83 iarratas a bhaineann leis an gComhaontú Glas don Eoraip;
·34 iarratas a bhaineann le comhionannas: tacaíocht do mhná, do dhaoine faoi mhíchumas, don phobal Romach, d’imircigh, do dhaoine aosta agus don phobal LGBTIQ+.
Tacaíonn TSI 2023 le bearta cumhdaithe i ngach Ballstát.
Tionscadail TSI 2023
Tar éis ghlacadh an Chinnidh maidir le Maoiniú agus an chláir oibre bhliantúil an 21 Márta 2023 lena leagtar amach na bearta is gá chun TSI 2023 a chur chun feidhme 7 rinneadh na 231 iarratas roghnaithe a chuíchóiriú ina 151 tionscadal, ós rud é gur cuireadh roinnt iarratas le chéile in aon tionscadal amháin uaireanta chun leas a bhaint as barainneachtaí scála, chun sineirgí a chur chun cinn agus chun deiseanna piarfhoghlama a éascú. Dá réir sin, thacaigh an 151 thionscadal sin leis na 27 mBallstát 326 athchóiriú cheannródaíocha a ullmhú, a dhearadh agus a chur chun feidhme 8 .
Fíor 4 – TSI 2023: An líon athchóirithe a dtacaítear leo i ngach Ballstát
Lean spéis na mBallstát páirt a ghlacadh i dtionscadail ilnáisiúnta de bheith ag méadú in 2023, rud a d’fhág gur tháinig méadú géar ar dhá thionscadal ilnáisiúnta faoi TSI 2021 go 21 faoi TSI 2022 agus 34 thionscadal ilnáisiúnta faoi TSI 2023. Léirigh na Ballstáit freisin gur spéis leo an comhar a neartú ar an leibhéal réigiúnach trí dheich dtionscadal ilréigiúnacha.
Glacadh go forleathan leis an tionscadal suaitheanta ilnáisiúnta maidir le malartú comhair sa riarachán poiblí (PACE) - arb é is aidhm dó comhar agus malartuithe trasteorann a chur chun cinn i measc na mBallstát chun acmhainneacht riaracháin a fhorbairt agus an chéad ghlúin eile de lucht ceaptha beartas san Aontas Eorpach a ullmhú - agus é mar chuspóir leis 70 malartú a chur chun feidhme ar fud 17 mBallstát le haghaidh níos mó ná 300 rannpháirtí.
Fíor 5 – TSI 2021-2023: Athrú ar an líon tionscadal ilnáisiúnta
Áiríodh ar thionscadail TSI 2023 dhá thionscadal ilnáisiúnta a thacaíonn le héiceachórais thionsclaíocha na mBallstát (EL, ES, FI, PT agus SE) agus a chuidíonn leo dlús a chur le fuinneamh in‑athnuaite a cheadú (LT agus NL), agus rannchuidigh an dá thionscadal le hiomaíochas gheilleagar an Aontais a chothú. Áiríodh leo freisin an tionscadal ilnáisiúnta Sástacht an tSaoránaigh le Príomhsheirbhísí Rialtais a Thomhais ar mhaithe le Feidhmíocht Níos Fearr agus Iontaoibh Fheabhsaithe (AT, BE, EE, EL, ES, FI, HR, IE, LT, LV agus SI), agus an tionscadal creata bainistíochta riosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais don earnáil airgeadais (BG, CY, EL, FI, FR, HR, IE, IT, LV, RO agus SI) chun feabhas a chur ar acmhainneacht maoirseoirí airgeadais freagairt do dhúshláin a bhaineann le rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais, agus tionscadal maidir le Feabhas a chur ar Cháilíocht agus úsáid na faisnéise cánach a mhalartaítear idir na Ballstáit i gcomhthéacs na Treorach maidir le Comhar Riaracháin sa Chróit agus in Éirinn.
Fíor 6 – TSI 2021-2023: Athrú ar an líon tionscadal a bhfuil gné réigiúnach/áitiúil ag baint leo
Thar na blianta, tháinig méadú ar na tionscadail TSI a thacaigh leis na Ballstáit agus athchóirithe á gcur i gcrích acu ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais. Mar shampla, in 2023 thacaigh TSI le 10 réigiún i 5 mBallstát chun feabhas a chur ar éiceachórais réigiúnacha mianadóireachta de chuid an Aontais chun tacú leis an aistriú glas agus chun soláthar amhábhar mianrach a dhaingniú .
Tionscadail shuaitheanta
Léirigh TSI 2023 freisin go raibh glacadh láidir le tionscadail shuaitheanta i gcomparáid le TSI 2022 nuair a tugadh an coincheap isteach den chéad uair. As na 151 thionscadal TSI 2023, bhí 50 díobh nasctha le tionscadail shuaitheanta, lena n‑áirítear i réimsí an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, an fhuinnimh, an riaracháin phoiblí, an airgeadais phoiblí, an lánpháirtithe imirceach agus an chúraim sláinte.
Le glao TSI 2023 tugadh an deis d’ocht n‑údarás nua is tairbhithe ó na Ballstáit dul isteach in Acadamh an Aontais um Maoirseacht ar Airgeadas Digiteach , a dearadh ar dtús faoi TSI 2022, rud a d'fhág go raibh 32 údarás ó 25 Bhallstát ann san iomlán.
Tacaíocht le haghaidh Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta
Tá TSI ag tacú le cur chun feidhme na n‑athchóirithe agus na n‑infheistíochtaí a áirítear sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta, ar fud réimsí beartais an rialachais agus an riaracháin phoiblí, an digitithe, an fháis inbhuanaithe agus na timpeallachta gnó, mhargadh an tsaothair, na sláinte, an oideachais, na seirbhísí sóisialta, an riaracháin ioncaim agus na bainistíochta airgeadais phoiblí, agus san earnáil airgeadais chomh maith.
In 2023, bhí 66 % de thionscadail TSI 2023 nasctha go díreach nó go hindíreach le pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta, rud a chuidigh leis na Ballstáit a n‑acmhainneacht a mhéadú a thuilleadh chun na pleananna téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme, lena n‑áirítear modhanna faireacháin agus modhanna bainistithe tionscadal na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta, sásraí tuairiscithe, creataí iniúchóireachta agus rialaithe, straitéis chumarsáide, struchtúir rialachais, córais TF agus an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a chur i bhfeidhm.
DÍRIÚ AR THIONSCADAIL TSI A BHFUIL NAISC DHÍREACHA ACU LEIS NA PLEANANNA TÉARNAIMH AGUS ATHLÉIMNEACHTA
Faoi TSI 2023, thacaigh Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach le tionscadail athchóirithe a bhí nasctha go díreach le cur chun feidhme na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta.
·Fuair 10 mBallstát (BE, BG, CY, ES, IE, LV, PT, RO, NL agus SI) tacaíocht ghinearálta dá bplean téarnaimh agus athléimneachta. Seoladh tionscadal ilnáisiúnta maidir le tionchar na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta a chur in iúl don phobal i gcoitinne go hoifigiúil, mar shampla, an 27 Samhain 2023 le hionadaithe ó ocht mBallstát is tairbhithe (BE, BG, CY, ES, LV, NL, PT, agus RO), Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach, Ard‑Stiúrthóireacht na Cumarsáide, Ard‑Rúnaíocht an Tascfhórsa Téarnaimh agus Athléimneachta, Ard‑Stiúrthóireacht na Gnóthaí eacnamaíochta agus Airgeadais agus Oifigigh Seimeastair Eorpaigh ó na Ballstáit rannpháirteacha uile. Bhí sé d’aidhm aige acmhainneachtaí cumarsáide na mBallstát a neartú agus bearta tacaíochta teicniúla tírshonracha a chur ar fáil dóibh chun feabhas a chur ar a gcumarsáid maidir le tairbhí a bplean téarnaimh agus athléimneachta. Bhí dearadh an tionscadail bunaithe ar dhá thionscadal cumarsáide rathúla de phlean téarnaimh agus athléimneachta a cuireadh chun feidhme sa tSlóvaic agus sa tSeicia.
·Fuair 16 Bhallstát (BE, BG, CY, CZ, DK, EE, EL, HR, HU, IT, LV, MT, PL, PT, RO agus SK) tacaíocht chun athchóirithe agus infheistíochtaí sonracha a áirítear ina bpleananna téarnaimh agus náisiúnta a chur chun feidhme. I measc na samplaí tá tacaíocht chun an creat nua gairmeacha acadúla a institiúidiú sa Laitvia, tacú le gnólachtaí leibhéal níos airde digiteála a bhaint amach sa tSeicia, agus tacaíocht chun pleananna straitéiseacha a bharrfheabhsú chun ríomhshláinte a fhorbairt a thuilleadh sa Pholainn.
Sa mheastóireacht mheántéarma ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta 9 , cuirtear an méid seo a leanas i dtábhacht: ‘Is é is cúis le comhleanúnachas idir an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus TSI sineirgí ionsuite idir an dá ionstraim agus ailíniú a gcritéar measúnaithe. Cuireann Rialachán na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta sineirgí idir an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus TSI chun cinn go gníomhach trí chur ar chumas na mBallstát suas le 4 % dá leithdháileadh iomlán a leithdháileadh ar thacaíocht theicniúil i gcur chun feidhme pleananna téarnaimh agus athléimneachta, rogha a úsáideann ceithre Bhallstát. Le hailíniú chritéir mheasúnaithe na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta agus TSInna, cuirtear i dtábhacht go bhfuil na cuspóirí beartais céanna ag an dá ionstraim agus go bhfuil a dtosaíochtaí ailínithe. Mar shampla, tá ábharthacht na moltaí tírshonracha ar cheann de na critéir mheasúnaithe a úsáidtear chun tionscadail TSI a roghnú agus chun pleananna téarnaimh agus athléimneachta a fhormheas. Is léir comhleanúnachas an dá ionstraim ós rud é go bhfuil níos mó ná 400 tionscadal a formheasadh faoi TSI nasctha le hullmhú nó cur chun feidhme pleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát, agus ról ríthábhachtach TSInna sa tSaoráid á chur i dtábhacht.’.
Tionscadal píolótach do thíortha an mhéadaithe mar bhreathnóirí
I gcomhthéacs thosaíocht pholaitiúil an Choimisiúin dlús a chur leis an bpróiseas comhtháthaithe agus aontachais do thíortha an mhéadaithe 10 , d’fhorbair Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach agus an Ard‑Stiúrthóireacht um Beartas Comharsanachta agus Caibidlíocht maidir le Méadú tionscadal píolótach TSI chun ligean do thíortha an mhéadaithe a bheith ina ‘mbreathnóirí’ ar thionscadail TSI roghnaithe in 2023. Rinneadh é sin le comhaontú na n‑údarás is tairbhithe faoi seach sna Ballstáit agus gan a rannpháirtíocht a bheith á cistiú ag TSI.
Cuireadh tús leis an tionscadal píolótach an 13 Meán Fómhair 2023 agus bhí ocht dtír an mhéadaithe rannpháirteach, is iad sin an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Mholdóiv, an Mhacadóin Thuaidh, an Albáin, an tSeirbia, an Tuirc, an tSeoirsia agus an Chosaiv 11 . Ba thionscadail ilnáisiúnta TSI go príomha iad na tionscadail a roghnaigh tíortha an mhéadaithe. Ba dhíol sásaimh do na riaracháin phoiblí a raibh baint acu le tíortha an mhéadaithe agus leis na Ballstáit araon na deiseanna comhair a cuireadh ar fáil tríd an tionscadal píolótach.
III.Cur i ngníomh an tionscadail
Éilítear le TSI go mbeidh Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach rannpháirteach i gcónaí, ó chéim deartha an tionscadail go dtí cur chun feidhme, faireachán agus meastóireacht an tionscadail.
Tá Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach gníomhach ó na luathchéimeanna ina ndéantar an tionscadal a shainaithint, le gníomhaíochtaí for-rochtana fhorleathan dírithe ar údaráis náisiúnta, idirghníomhaíocht leanúnach idir comhordaitheoirí tíre Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach agus na húdaráis chomhordúcháin chomhfhreagracha, agus cruinnithe idir bainisteoirí sinsearacha Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach agus údaráis náisiúnta gach Ballstáit.
A luaithe a roghnaíodh iarratais TSI 2023 agus a cinneadh a modhanna cur chun feidhme, rinne oifigigh bheartais in Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach idirchaidreamh rialta leis na húdaráis náisiúnta chun na haschuir ó thionscadail a chinneadh agus chun na gníomhaíochtaí agus na pleananna oibre gaolmhara a mhúnlú. Bhí siad ina mbaill foirne i ngach tionscadal gaolmhar, in éineacht leis na soláthraithe roghnaithe, agus d’oibrigh siad i gcomhar i mbainistiú laethúil an tionscadail. Áirithíodh leo cumarsáid rianúil idir soláthraithe agus údaráis náisiúnta freisin, rud a chuireann comhthuiscint chun cinn chun rath na dtionscadal a chosaint.
Chomhordaigh Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach obair le ranna eile de chuid an Choimisiúin trí líonra buan d’ionadaithe ó Ard‑Stiúrthóireachtaí eile. Rinneadh é sin chun a áirithiú go raibh an tacaíocht theicniúil a soláthraíodh le TSI ailínithe le beartais an Aontais, nár dhúbláil sí tionscadail eile, agus gur chomhlánaigh sí agus gur fhorbair sí cláir eile de chuid an Aontais (lena n‑áirítear trí rochtain ar shaineolas teicniúil atá ar fáil laistigh den Choimisiún a éascú nó trí chláir eile de chuid an Aontais a shlógadh go héasca).
Ar deireadh, áiríodh ball foirne de chuid Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach i ngach coiste stiúrtha tionscadail, in éineacht le hoifigigh shinsearacha ó na húdaráis náisiúnta, chun a áirithiú go leanfadh tionscadail de bheith ag teacht le tosaíochtaí náisiúnta agus go gcuirfí in oiriúint iad don tírdhreach athraitheach, más gá. Bhí sé d’aidhm acu rannchuidiú le cláir oibre náisiúnta um athchóiriú agus iarracht á déanamh ag an am céanna breisluach Eorpach a bhaint amach.
IV.Pleananna comhair agus tacaíochta
Tugadh pleananna comhair agus tacaíochta 12 i gcrích leis na 27 mBallstát uile in 2023 chun na treoirphrionsabail agus na modhanna oibre a leagan amach le haghaidh na tacaíochta a sholáthraítear le TSI. Roinneadh iad sin leis an gComhairle agus le Parlaimint na hEorpa i mí Mheán Fómhair 2023. Tugtar tuairisc i ngach plean ar na réimsí beartais a chumhdaítear agus ar raon feidhme na mbeart tacaíochta atá le cur chun feidhme le haghaidh an Bhallstáit, chomh maith le hamlínte táscacha agus buiséid mheasta. Dá bhrí sin, tugann sé forléargas straitéiseach do gach Ballstát ar chur chun feidhme bhearta tacaíochta TSI ar leibhéil náisiúnta agus réigiúnacha.
In 2023, áiríodh sna pleananna sin freisin togra le haghaidh sainordú údaráis chomhordúcháin náisiúnta TSI, lena dtugtar tuairisc ar a ról ag gach céim de thimthriall TSI, lena n‑áirítear rannpháirtíocht fhéideartha i ngníomhaíochtaí cumarsáide agus meastóireachta, agus a rannpháirtíocht i líonra údarás comhordúcháin a bhfuil Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach ina cathaoirleach air. In 2023, tháinig an líonra sin le chéile cúig huaire (ceithre huaire ar líne agus uair amháin ar an láthair an 12 Meán Fómhair 2023 i Maidrid). Deis a bhí sa chruinniú fisiciúil go háirithe chun béim a leagan ar a thábhachtaí atá ról údaráis chomhordúcháin na mBallstát le haghaidh TSI a fheidhmíonn go rianúil agus chun plé a dhéanamh ar an mbealach is fearr chun smaointe agus páirtithe leasmhara a bhailiú agus a chomhordú chun iarratais ilnáisiúnta ar TSI a thógáil.
V.Teachtaireacht maidir le TSI
Tá an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil uathúil ina dearadh agus ina solúbthacht. Oibríonn sí le riaracháin náisiúnta chun tacú lena n‑athchóirithe a dhearadh agus a chur chun feidhme ar mhaithe le daoine aonair agus le gnólachtaí. Chun infheictheacht chistiú an Aontais a áirithiú, cuireann Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach obair TSI agus tionscadail ghaolmhara TSI agus a dtorthaí chun cinn i gcomhar leis na húdaráis is tairbhithe, leis na soláthraithe tacaíochta agus le hoifigí ionadaíochta Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisiúin araon i ngach Ballstát. Le gníomhaíochtaí cumarsáide trí chainéil thiomnaithe (an suíomh gréasáin um thacaíocht don athchóiriú, na meáin shóisialta, foilseacháin, imeachtaí, agus mar sin de) soláthraítear faisnéis spriocdhírithe do lucht spéise éagsúil, lena n‑áirítear na meáin agus an pobal.
In 2023, bhí gníomhaíochtaí cumarsáide a bhaineann le TSI agus le ceapadh beartas maidir le riarachán poiblí agus rialachas níos dírithe ar thorthaí. I dtéarmaí nithiúla, thionóil Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach preasagallamh bliantúil TSI 2023 an 21 Márta 2023 chun glacadh chlár oibre TSI 2023 a chomóradh. D’eagraigh Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach Comhdháil bhliantúil TSI freisin maidir le ‘ Riarachán Poiblí atá oiriúnach don todhchaí agus atá inoiriúnaithe don athrú’ a tionóladh an 25 Bealtaine 2023. Seoladh timthriall TSI 2024 ag an gcomhdháil sin. Leis an bhformáid seó teilifíse, coinníodh an 1 600 rannpháirtí ar líne gafa le linn na hócáide ar fad.
Chomheagraigh Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach imeachtaí poiblí agus/nó ghlac sí páirt iontu, go háitiúil agus ar líne araon, chun scéalta ratha a thaispeáint agus faisnéis faoi thorthaí TSI a scaipeadh. Áiríodh orthu sin:
·Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach ag Fóram Eacnamaíoch Delphi VIII, 26-29 Aibreán 2023
·Tacú le forbairt scileanna trí athchóirithe, 25 Bealtaine 2023
·Comhroinnt, rialachas agus comhtháthú sonraí turasóireachta, 27-28 Meán Fómhair 2023
·An eolaíocht don bheartas san Eoraip, an 10-11 Deireadh Fómhair 2023
·Maoiniú inbhuanaithe – imeacht a tionóladh ar imeall COP 28, 4 Nollaig 2023.
Ag imeacht ón gcur chuige atá dírithe ar thionscadail i mblianta tosaigh TSI agus ag díriú níos mó ar athchóirithe agus ar a dtionchar ar shaol daoine, mhéadaigh Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach a gníomhaíochtaí preasa freisin trí agallaimh agus trí imeachtaí preasa.
Tugadh formáid níos soláimhsithe don suíomh gréasáin Tacaíochta um Athchóiriú, a ndearna níos mó ná 160 000 cuairteoir uathúil brabhsáil air in 2023, chun faisnéis mhionsonraithe a chur ar fáil maidir le hathchóirithe agus tionscadail athchóirithe de réir réimse beartais agus de réir tíre. Faoi dheireadh mhí na Nollag 2023, bhí níos mó ná 350 tuairisc ar thionscadail ar líne.
I gcomhréir leis an gceanglas trédhearcachta a leagtar amach in Airteagal 17 de Rialachán TSI, óstálann an suíomh gréasáin tacaíochta um Athchóiriú stór poiblí aonair ar líne de staidéir nó tuarascálacha deiridh a tháirgtear mar chuid de thionscadail tacaíochta TSI. Tá an stór inchuardaithe de réir bliana, ábhair agus Ballstáit, chun cuidiú leis na foilseacháin éagsúla a scaipeadh chuig lucht spéise leathan. Ag deireadh mhí na Nollag 2023, bhí staidéar deiridh ar fáil ar líne cheana féin ag 45 % de na tionscadail TSI a bhí dúnta.
D’fhan Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach gníomhach ar na meáin shóisialta, agus bhí 3 500 leantóir aici ar a cuntas @EU_reforms X (ar a dtugtaí Twitter roimhe seo) agus, ag an am céanna, d’athchóirigh sí a cainéal YouTube DG REFORM le hábhar nua agus táirgí closamhairc bunaidh. Mhéadaigh Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach acmhainneacht inmheánach léirithe físeán in 2023 agus léirigh sí roinnt físeán chun tacú leis an tsraith Tionscadal sa spotsolas .
Is minic a thagraítear freisin i dtuarascálacha agus i bhfeachtais chumarsáide ar fud an Aontais do TSI mar fhoinse thábhachtach thacaíochta do na Ballstáit chun a gclár oibre um athchóiriú a bhaint amach, i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais. Luadh TSI sa chomhthéacs sin seacht n‑uaire i dTuarascáil Ghinearálta 2023 an Aontais, le tagairtí sonracha don obair a rinneadh chun tacú leis na pleananna téarnaimh agus athléimneachta, le hAontas na Margaí Caipitil, le RePowerEU, leis an oideachas agus leis an tsláinte. Áiríodh dhá thagairt do theachtaireacht ComPAct sa tuarascáil sin freisin.
VI.Meastóireacht ar TSI
Déanann Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach measúnú ar an tacaíocht a chuireann sí ar fáil do na Ballstáit ar leibhéal na gclár agus ar leibhéal na dtionscadal araon. Tugann an mheastóireacht ar chlár agus ar thionscadail TSI fianaise faoin méid atá bainte amach do na Ballstáit agus do na daoine ar an bhfód. Tá sé tábhachtach na torthaí sin a roinnt lenár bpáirtithe leasmhara agus leis an bpobal i gcoitinne chun a léiriú go bhfuil athrú dearfach ag teacht ar chúrsaí mar gheall ar ghníomhaíocht an Aontais.
Foilsíodh an mheastóireacht ex post ar an gClár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach , a bhí ann roimh TSI, i mí Dheireadh Fómhair 2023. Thug an mheastóireacht sin léargas tábhachtach ar dhearadh, ar chur chun feidhme agus ar éifeachtaí na dtionscadal tacaíochta teicniúla a chuireann Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach (agus an tSeirbhís Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach) chun feidhme. De réir na tuarascála, baineadh amach cuspóir ginearálta an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach maidir le tacú le hathchóirithe institiúideacha, riaracháin agus struchtúracha fáschothaitheacha sna Ballstáit. Fuarthas amach gur ionstraim an‑ábhartha é an Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach atá saincheaptha go maith chun feabhas a chur ar acmhainneachtaí riaracháin na mBallstát athchóirithe a dhearadh agus a chur chun feidhme agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin. I measc na bpríomhthosca bhí rannpháirtíocht láidir na riarachán náisiúnta agus a n‑úinéireacht ar thionscadail.
In 2023, chuir Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach tús le hullmhúcháin chun an mheastóireacht mheántéarma ar TSI a sheoladh, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán TSI. Soláthrófar an mheastóireacht sin faoi mhí Feabhra 2025 agus meastar go mbeidh ról tábhachtach aici maidir le todhchaí an chláir don chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile a mhúnlú. Chomh maith le measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme luath TSI feadh na gcúig chritéar mheastóireachta éigeantacha maidir le rialáil níos fearr (éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach Eorpach), déanfar anailís sa mheastóireacht mheántéarma freisin ar éifeachtaí fadtéarmacha agus ar inbhuanaitheacht an chláir a bhí ann roimhe sin, is é sin an Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach.
De bhreis ar an meastóireacht a rinneadh ar leibhéal an chláir, tá nós imeachta dhá chéim curtha i bhfeidhm ag Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach chun sonraí meastóireachta a bhailiú ar thionscadail tacaíochta teicniúla uile TSI. Sa chéad chéim, a thosóidh go gairid tar éis dhúnadh an tionscadail, déanfar measúnú ar leibhéal sástachta na bpríomhpháirtithe leasmhara a bhfuil baint acu le dearadh agus cur i gcrích an tionscadail. Sa dara céim, 1 bhliain ar a laghad tar éis dhúnadh an tionscadail, déanfar measúnú ar a mhéid atá na torthaí a bhfuil coinne leo bainte amach ag an tionscadal.
Le linn 2023, fuair Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach ceistneoirí sástachta arna gcomhlánú ag údaráis is tairbhithe le haghaidh 94 thionscadal TSI, i.e. ráta freagartha 72 %. Léirítear san aiseolas ó údaráis is tairbhithe meánrátáil sástachta 9 as 10 don tacaíocht a chuir Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach ar fáil agus 8.7 as 10 do rath na dtionscadal. Cé gur féidir le fad an tionscadail a bheith éagsúil, tógann sé 24 mhí ar an meán tionscadal TSI a chríochnú. Dá réir sin, tá sé fós róluath measúnú a chur ar fáil ar an méid atá bainte amach ag tionscadail ar an bhfód.
TSI mar phríomhionstraim chun tacú le hiomaíochas an Aontais
Spreagann gnólachtaí Eorpacha geilleagair na mBallstát, rud a chruthaíonn poist, comhtháthú, nuálaíocht agus rathúnas. Mar sin féin, mar gheall ar shuaitheadh sa slabhra soláthair agus ar bhoilsciú ard mar thoradh ar na géarchéimeanna comhleanúnacha a bhí ann le déanaí, cuireadh leis na hábhair imní atá ann le fada maidir le táirgiúlacht agus iomaíochas lag san Aontas. Thug an Coimisiún aghaidh ar na dúshláin sin, i measc nithe eile, le straitéis thionsclaíoch na hEorpa , plean tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais , Teachtaireacht maidir le hiomaíochas fadtéarmach agus tionscnaimh chun slándáil eacnamaíoch an Aontais a neartú. Mar a chuir an tUachtarán i dtábhacht ina hAitheasc ar Staid an Aontais , ‘Déanfaidh an Eoraip “cibé rud is gá” chun a buntáiste iomaíoch a choinneáil.’
Sa roinn seo tá forléargas ar thacaíocht Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú do na Ballstáit maidir le hiomaíochas le linn 2023, forléargas atá struchtúrtha de réir na naoi spreagadh iomaíochais a sainaithníodh sa Teachtaireacht dar teideal ‘An Margadh Aonair ag 30’ agus i dTuarascáil bhliantúil 2024 maidir leis an margadh aonair agus an iomaíochas . Chun tacaíocht éifeachtach a chur ar fáil do na Ballstáit atá ailínithe le tosaíochtaí an Aontais, chomhoibrigh Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach go dlúth leis na tionscadail tacaíochta le hArd‑Stiúrthóireachtaí ábhartha an Choimisiúin, lena n‑áirítear CLIMA, CNECT, COMP, DIGIT, EAC, ENER, ENV, ECFIN, EMPL, ESTAT, FISMA, GROW, HOME, JRC, MOVE, REGIO, RTD, SG RECOVER, SG, TAXUD agus TRADE.
Fíor 7 - Samplaí de Thacaíocht TSI in 2023 maidir leis na naoi spreagadh iomaíochais
I.Margadh aonair feidhmiúil
Leis an tacaíocht a thug Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach do na Ballstáit, cuidítear leo cur lena n‑acmhainneacht athchóirithe a sholáthar ar mhaithe le margadh aonair feidhmiúil agus iomaíochas. Cumhdaítear leis an tacaíocht raon leathan réimsí beartais, ó thionscal agus nuálaíocht go hiompar agus an t‑aistriú digiteach.
|
DÍRIÚ AR THIONSCNAIMH SHUAITHEANTA In 2023, bhí Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach i mbun dhá thionscnamh shuaitheanta i réimse an mhargaidh aonair agus an iomaíochais: ·Fuair seacht mBallstát (HR, EL, IT, MT, PT, SI agus ES) tacaíocht faoi thionscnamh suaitheanta TSI 2022 maidir le héiceachóras turasóireachta níos inbhuanaithe, níos athléimní agus níos digití . Mar chuid de na tionscadail sin, reáchtáil Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach agus Ard‑Stiúrthóireacht um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fionraíocht agus Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide saincheardlann dhá lá maidir le comhroinnt, rialachas agus comhtháthú sonraí turasóireachta i mí Mheán Fómhair 2023, inar bailíodh thart ar 300 rannpháirtí ó thrí mhór-roinn. ·Fuair 11 Bhallstát (CY, DK, FI, GR, LV, PT, RO, SK, SI, ES agus SE) tacaíocht faoi thionscnamh suaitheanta TSI 2023 maidir le héiceachórais thionsclaíocha an Aontais a neartú lena ndírítear ar straitéisí tionsclaíocha, faireachas margaidh náisiúnta agus córais maoine intleachtúla, chomh maith leis an lucht saothair tionsclaíoch a athsciliú agus a uas‑sciliú. |
In 2023, thug Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach tacaíocht do 26 Bhallstát (AT, BE, BG, CY, CZ, DE, DK, EE, EL, ES, FI, FR, HR, HU, IE, IT, LT, LV, MT, NL, PL, PT, RO, SE, SI agus SK), lena n‑áirítear faoi thionscadail shuaitheanta TSI, chun an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) a straitéisí tionsclaíocha a fhorbairt agus feabhas a chur ar a gcórais náisiúnta faireachais margaidh agus maoine intleachtúla; (ii) éiceachóras turasóireachta inbhuanaithe, athléimneach agus digiteach a chur chun cinn; agus (iii) dlús a chur leis an aistriú digiteach.
|
AN MÉID A BAINEADH AMACH Áirítear an méid seo a leanas ar shamplaí sonracha d’athchóirithe agus d’fhothú acmhainneachta i réimse an mhargaidh aonair agus an iomaíochais in 2023 le tacaíocht TSI: ·Chuir an Chróit ardán digiteach ar bun le haghaidh na Tástála FBM agus ghlac sí reachtaíocht nua maidir leis an measúnú tionchair rialála. ·D’fhormheas Cúige Féinrialaithe Trento (an Iodáil) reachtaíocht nua lena nglactar an cur chuige rioscabhunaithe maidir le nósanna imeachta riaracháin, lena n‑áirítear cigireachtaí. ·Chuir an tSlóivéin feabhas ar a córas taighde agus nuálaíochta trí shamhail nua rialachais a chur i bhfeidhm, lena n‑áirítear bord cláir idir-aireachta le haghaidh tionscnaimh straitéiseacha. ·Ghlac an Rómáin reachtaíocht náisiúnta nua chun a creat maidir le rialachas corparáideach fiontar atá faoi úinéireacht an Stáit a ailíniú níos fearr le treoirlínte ECFE. |
II.Rochtain ar chaipiteal príobháideach
Le tacaíocht Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach, cuidítear le feabhas a chur ar chumais na mBallstát athchóirithe a chur i gcrích lena n‑éascaítear rochtain ar chaipiteal príobháideach a bhfuil géarghá leis chun claochluithe digiteacha agus inbhuanaithe a chur chun cinn. Chumhdaítear leis an tacaíocht raon leathan réimsí beartais, lena n‑áirítear Aontas na Margaí Caipitil, an tAontas Baincéireachta agus cur chun feidhme na straitéise airgeadais dhigitigh agus chreat airgeadais inbhuanaithe an Aontais.
|
DÍRIÚ AR THIONSCNAIMH SHUAITHEANTA In 2023, chuaigh Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach i mbun dhá thionscnamh shuaitheanta maidir le rochtain ar chaipiteal príobháideach: ·Fuair 12 údarás maoirseachta náisiúnta ó 11 Bhallstát (BG, HR, CY, FI, FR, EL, IE, IT, LV, RO agus SI) tacaíocht faoi thionscnamh suaitheanta TSI 2023 maidir le bainistiú riosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais don earnáil airgeadais , chun aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le maoirseacht éifeachtach chomhshaoil, shóisialta agus rialachais agus chun cuidiú le caipiteal a stiúradh i dtreo an gheilleagair ghlais. ·Fuair 34 údarás maoirseachta airgeadais ó 25 Bhallstát tacaíocht trí thionscnamh suaitheanta TSI 2022 maidir le hAcadamh an Aontais um Maoirseacht ar Airgeadas Digiteach chun feabhas a chur ar a n‑acmhainneacht mhaoirseachta i réimse an airgeadais dhigitigh, i gcomhréir leis an straitéis airgeadais dhigitigh. |
In 2023, chuidigh Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach leis na 27 mBallstát uile a ndeiseanna infheistíochta a leathnú agus córas airgeadais níos cobhsaí, níos athléimní agus níos iomaíche a thógáil, rud atá riachtanach chun infheistíocht phríobháideach a mhéadú. Chuir Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach moltaí ar fáil agus chuidigh sí leis na Ballstáit cur chuige straitéiseach a chur i bhfeidhm maidir le margaí caipitil áitiúla a fhorbairt. Is éard a bhí i gceist leis sin beartais a fhorbairt chun an t‑aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe a dhéanamh, creataí dócmhainneachta a nuachóiriú, borradh a chur faoi acmhainneachtaí maoirseachta na n‑údarás náisiúnta trí dhigiteáil, cóineasú maoirseachta, tacú le forbairt na mbonn infheisteoirí príobháideacha agus poiblí araon agus litearthacht airgeadais daoine agus gnólachtaí a fheabhsú.
|
AN MÉID A BAINEADH AMACH Áirítear an méid seo a leanas ar shamplaí sonracha d’athchóirithe agus d’fhothú acmhainneachta maidir le rochtain ar chaipiteal príobháideach in 2023 le tacaíocht TSI: ·Chuir an Rómáin, an Chróit, an Pholainn agus Málta feabhas ar acmhainneacht a maoirseoirí san earnáil airgeadais agus bhain siad cóineasú amach trí oibriú le chéile chun cleachtais agus socruithe maoirseachta nochta a fhorbairt chun tuairisciú a dhéanamh ar cheanglais airgeadais inbhuanaithe. Ba é ba aidhm don chomhoibriú sin timpeallacht níos cobhsaí agus níos intuartha a chruthú d’infheistíochtaí inbhuanaithe ag cuideachtaí san earnáil phríobháideach. ·D’fhorbair an Bhulgáir agus an Ghréig grinnanailísí agus moltaí a bhí dírithe ar a margaí caipitil a fhorbairt. Bhí sé d’aidhm acu éifeachtúlacht an mhargaidh a fheabhsú, muinín infheisteoirí a chothú agus rochtain níos leithne ar mhaoiniú a éascú do ghnólachtaí. ·D’fhorbair an Eastóin agus an Laitvia a gcur chuige i gcomhpháirt maidir le straitéis tacsanomaíochta agus airgeadais inbhuanaithe an Aontais a chur chun feidhme, lena ndéantar a n‑earnálacha airgeadais agus neamhairgeadais a ailíniú níos dlúithe le spriocanna infheistíochta inbhuanaithe agus lena bhfeabhsaítear margadh an mhaoinithe ghlais sa dá thír. ·D’fhorbair an Ghréig, an Pholainn agus an Phortaingéil a straitéisí oideachais airgeadais chun tomhaltóirí a chumhachtú chun cinntí eolasacha a dhéanamh faoina n‑infheistíochtaí. |
III.Infheistíocht phoiblí agus bonneagar poiblí
Leis an tacaíocht a thug Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach do na Ballstáit, cuidítear leo cur lena n‑acmhainneacht athchóirithe a sholáthar ar mhaithe le bainistiú infheistíochta poiblí agus rialachas bonneagair. Cumhdaítear leis an tacaíocht raon leathan réimsí beartais, agus gné thrasearnálach agus earnáilsonrach araon á cur san áireamh, ó chleachtais bainistithe infheistíochta poiblí a bharrfheabhsú go pleanáil bonneagair a fheabhsú chun an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach a bhaint amach.
|
DÍRIÚ AR THIONSCNAIMH SHUAITHEANTA In 2023, chuaigh Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach i mbun dhá thionscnamh shuaitheanta maidir le hinfheistíocht phoiblí agus bonneagar: ·Fuair ocht mBallstát (AT, BE, HU, IT, LV, SK, SI agus ES) tacaíocht faoi thionscnamh suaitheanta TSI 2023 maidir le prionsabal ‘gan aon dochar suntasach a dhéanamh’ a chur i bhfeidhm ar infheistíochtaí poiblí ó chistí agus cláir an Aontais agus ó chistí agus cláir náisiúnta, lena n‑áirítear ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Fuair trí Bhallstát eile (FI, CZ agus PL) tacaíocht den sórt sin faoi TSI 2022. ·Fuair seacht mBallstát (IT, EL, NL, MT, BE, PL agus SK) tacaíocht faoi thionscnamh suaitheanta TSI 2022 chun soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe a chur chun cinn , lena n‑áirítear trí ghlacadh le feithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle agus trí phleananna soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe a chur chun feidhme. |
In 2023, thug Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach tacaíocht do 20 Ballstát (AT, BE, BG, CZ, DE, EL, ES, FI, HU, IE, IT, LT, LV, MT, NL, PL, PT, RO, SK agus SI), lena n‑áirítear faoi thionscadail shuaitheanta TSI, chun an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) leithdháileadh cistí poiblí a bharrfheabhsú; (ii) a áirithiú go mbainfear úsáid éifeachtúil astu agus go ndéanfar iad a ailíniú le cuspóirí beartais uileghabhálacha an Aontais agus le cuspóirí beartais náisiúnta, amhail an Comhaontú Glas; (iii) cumais institiúideacha na mBallstát a neartú maidir le pleanáil, cur i bhfeidhm agus meastóireacht tionscadal; agus (iv) bonneagar poiblí a fhorbairt agus a fheabhsú i réimsí amhail fuinneamh, iompar agus nascacht dhigiteach. Tríd an tacaíocht sin, bhí sé d’aidhm ag Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach cáilíocht agus tionchar na n‑infheistíochtaí poiblí a ardú ar mhaithe le fás inbhuanaithe agus athléimneacht san Aontas.
|
AN MÉID A BAINEADH AMACH Áirítear an méid seo a leanas ar shamplaí sonracha d’athchóirithe ar infheistíochtaí poiblí agus ar bhonneagar a cuireadh i gcrích in 2023 le tacaíocht TSI: ·Rinne Éire athbhreithniú ar a treoirlínte breithmheasa caipitil chun dlús a chur le seachadadh a plean forbartha náisiúnta. ·Chuir an Ghréig feabhas ar a córas TF agus ar a sásraí tuairiscithe atá dírithe ar fhaireachán ar an mbuiséad infheistíochta poiblí a chuíchóiriú. Chomh maith leis sin, d’ullmhaigh sí creat reachtach athbhreithnithe go forleathan chun é a chur faoi bhráid na Parlaiminte in 2024. ·Sheol an tSlóvaic athchóiriú ar bhainistiú infheistíochta atá dírithe ar luach eacnamaíoch na dtionscadal infheistíochta a cuireadh chun feidhme le déanaí a mhéadú agus ar thoradh níos airde a fháil ar gach euro. ·Bhunaigh an Bheilg Coiste Staidéir um Infheistíochtaí Poiblí chun tuarascálacha agus tuairimí a ullmhú maidir le treochtaí, riachtanais, cur chun feidhme agus iarmhairtí na hinfheistíochta poiblí agus tá TSI ag tacú lena oibríochtú. ·D’fhoilsigh an Rómáin treoirlínte maidir le comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí chun tacú le húdaráis áitiúla agus náisiúnta tionscadail infheistíochta a sheoladh agus a chur chun feidhme go rathúil. ·Ghlac an Ghréig straitéis agus treochlár chun samhaltú faisnéise foirgneamh a thabhairt isteach i dtionscadail bonneagair phoiblí. Beidh coigilteas mór costas ann agus bainfear úsáid níos fearr as acmhainní mar thoradh air sin. ·Ghlac Calafort Antuairp na Beilge bearta chun feabhas a chur ar an loingseoireacht intíre agus ar dhálaí tráchta i limistéar calafoirt Antuairp le tacaíocht TSI. |
IV.Taighde agus nuálaíocht
Leis an tacaíocht a thug Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach do na Ballstáit, cuirtear borradh faoina n‑acmhainneacht athchóirithe a sholáthar le haghaidh taighde agus nuálaíocht fheabhsaithe. Cuidíodh leo freisin cuspóirí na Teachtaireachta ón gCoimisiún maidir le Limistéar Taighde nua don Taighde agus don Nuálaíocht 13 agus cuspóirí na Straitéise Eorpaí d’Ollscoileanna a bhaint amach 14 . Cumhdaítear leis an tacaíocht raon leathan réimsí beartais, ó dhícharbónú agus digiteáil go déimeagrafaic. Áirítear léi sin straitéisí, beartais agus uirlisí a chur chun cinn chun eolas nua agus nuálaíocht cheannródaíoch a chur chun cinn lena spreagfar na claochluithe glasa agus digiteacha. Áirítear léi freisin atheagrú a dhéanamh ar institiúidí náisiúnta taighde agus nuálaíochta.
In 2023, thug Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach tacaíocht do 16 Bhallstát (BG, CY, CZ, DE, EE, ES, FR, HR, HU, IT, LV, NL, PL, PT, SI agus SK) maidir le taighde agus nuálaíocht, rud a chruthaigh deiseanna chun ardoideachas a nuachóiriú chun aghaidh níos fearr a thabhairt ar riachtanais mhargadh an tsaothair agus chun borradh a chur faoi mhalartú eolais idir ollscoileanna, taighde agus gnólachtaí. Neartaíodh ceapadh beartas fianaisebhunaithe freisin trí phiarfhoghlaim, comhpháirtíochtaí agus tástáil beartais a éascú. Chuidigh sé sin le tairbhí fadtéarmacha a chruthú i réimse an iomaíochais, an dul chun cinn shóisialta agus na forbartha eacnamaíche inbhuanaithe.
|
AN MÉID A BAINEADH AMACH Áirítear an méid seo a leanas ar shamplaí sonracha d’athchóirithe agus d’fhothú acmhainneachta maidir le taighde agus nuálaíocht in 2023 le tacaíocht TSI: ·D’fhorbair an Laitvia samhail ghairme acadúil nua i gcomhréir le dea-chleachtas idirnáisiúnta agus tá cuidiú á fháil aici faoi láthair lena cur chun feidhme. ·Chruthaigh an Iodáil creat dinimiciúil láidir le haghaidh malartú eolais agus comhair. ·Rinne an Ungáir a córas dearbhaithe cáilíochta don ardoideachas níos oiriúnaí don ré dhigiteach. ·Chuir an Spáinn feabhas ar raon feidhme, cáilíocht agus éifeachtúlacht an mhalartaithe eolais idir ollscoileanna, institiúidí taighde agus gnólachtaí. ·Rinne an Chróit measúnú ar ullmhacht dhigiteach na n‑institiúidí ardoideachais. ·Chuir an tSlóivéin feabhas ar a córas taighde agus nuálaíochta trí shamhail nua rialachais a chur ar bun lena spreagtar comhar i measc riaracháin ábhartha atá freagrach as beartais taighde agus nuálaíochta chun a bpleananna a ailíniú ar bhealach níos fearr. ·Chuir an Chipir feabhas ar acmhainneacht a hOifige um Inniúlachtaí Leathanbhanda de chuid an Leas‑Aireachta Taighde, Nuálaíochta agus Beartais Dhigitigh agus chruthaigh sí scéim dearbhán agus sonraíochtaí teicniúla chun infheistíochtaí a thairiscint amach. |
V.Fuinneamh
Leis an tacaíocht a thug Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach do na Ballstáit, cuirtear borradh faoina n‑acmhainneacht athchóirithe fuinnimh a sholáthar. Cumhdaítear leis an tacaíocht raon leathan réimsí beartais, ó fhuinneamh in‑athnuaite a fháil go dtí an tAistriú Cóir agus éifeachtúlacht fuinnimh.
|
DÍRIÚ AR THIONSCNAIMH SHUAITHEANTA In 2023, bhí Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach i mbun trí thionscnamh shuaitheanta i réimse an mhargaidh aonair agus an iomaíochais: ·Fuair sé Bhallstát (CY, SK, FI, NL, LT agus IE) tacaíocht faoi thionscnamh suaitheanta TSI 2023 maidir le dlús a chur le tionscadail fuinnimh in‑athnuaite a cheadú . D’oibrigh Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach chun próisis níos soiléire, níos tapúla agus níos trédhearcaí a chruthú chun iarratas a dhéanamh ar cheadanna do thionscadail fuinnimh in‑athnuaite agus chun ceadanna a dheonú ina leith, i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme de chuid an Aontais agus le tionscnaimh de chuid an Aontais atá le teacht. ·Fuair cúig Bhallstát (IT, SE, HR, HU agus SK) tacaíocht faoi thionscnamh suaitheanta TSI 2022 chun tacú le hAistriú Cóir a chur chun feidhme. Chuidigh Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shonracha sna réigiúin agus sna hearnálacha a ndearna an t‑aistriú difear dóibh. ·Fuair ocht mBallstát (BE, CY, EE, HU, IE, LT, MT agus SK) tacaíocht faoi thionscnamh suaitheanta TSI 2022 chun tacú leis an Rabharta Athchóiriúcháin . Chuidigh Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar chuid de na príomhbhacainní ar athchóiriú foirgneamh. |
In 2023, thug Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach tacaíocht do 23 Bhallstát (AT, BE, BG, CZ, DK, EE, FI, FR, EL, HR, HU, IE, LV, LT, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SI, ES agus SE), lena n‑áirítear faoi thionscnaimh shuaitheanta TSI, chun dlús a chur le ceadanna do thionscadail fuinnimh in‑athnuaite; tacú le cur chun feidhme an Aistrithe Chóir; agus tacú leis an Rabharta Athchóiriúcháin.
|
AN MÉID A BAINEADH AMACH Áirítear an méid seo a leanas ar shamplaí sonracha d’athchóirithe agus d’fhothú acmhainneachta i réimse an mhargaidh aonair agus an iomaíochais in 2023 le tacaíocht TSI: ·Díreach tar éis chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, thacaigh TSI le 17 mBallstát (BE, BG, CY, CZ, EE, EL, ES, FI, HR, HU, IE, IT, PL, PT, RO, SI agus SK) chun athchóirithe agus infheistíochtaí a shainaithint chun spleáchais ar allmhairí breosla iontaise ón Rúis a laghdú agus chun plean REPowerEU a chur chun feidhme. ·Ghlac an tSlóivéin dlí maidir le suiteálacha a imscaradh chun leictreachas a ghiniúint ó fhoinsí fuinnimh in‑athnuaite. ·D’fhormhuinigh an Rómáin a Straitéis Hidrigine agus a Plean Gníomhaíochta le haghaidh 2030. ·Thíolaic an Rómáin a dréachtstraitéis fhadtéarmach chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú le haghaidh comhairliúchán poiblí. ·D’fhormheas an Liotuáin dlí maidir le dleacht mháil lena dtugtar isteach cáin charbóin ar bhreoslaí truaillitheacha. |
VI.Ciorclaíocht
Leis an tacaíocht a thug Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach do na Ballstáit, cuirtear borradh faoina n‑acmhainneacht athchóirithe a sholáthar chun bogadh i dtreo geilleagar níos ciorclaí agus níos iomaíche. Cumhdaítear leis an tacaíocht, i measc nithe eile, bainistiú dramhaíola agus amhábhair chriticiúla.
In 2023, thug Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach tacaíocht do 11 Bhallstát (AT, CZ, DK, EL, ES, FI, HU, IT, PT, RO, agus SE), lena n‑áirítear faoi thionscadail shuaitheanta TSI, chun an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) straitéisí, pleananna gníomhaíochta agus sásraí faireacháin náisiúnta maidir leis an ngeilleagar ciorclach a fhorbairt; (ii) bonn eolais a fhorbairt le haghaidh aistriú FBManna; (iii) rialacháin a thabhairt isteach maidir le bainistiú dramhaíola; (iv) tacar sonraí agus uirlis phleanála a chruthú le haghaidh sreafaí amhábhar agus stoc amhábhar; agus (v) ciorclaíocht na mianadóireachta a fheabhsú.
|
AN MÉID A BAINEADH AMACH Áirítear an méid seo a leanas ar shamplaí sonracha d’athchóirithe agus d’fhothú acmhainneachta maidir le ciorclaíocht in 2023 le tacaíocht TSI: ·Ghlac an Rómáin straitéis don gheilleagar ciorclach, plean gníomhaíochta don gheilleagar ciorclach agus plean faireacháin comhfhreagrach. Thairis sin, rith an Rómáin reachtaíocht thánaisteach nua maidir le taraifí dramhaíola a ríomh chun tuilleadh ciorclaíochta a dhreasú. ·Chuir an Spáinn ábhair chumarsáide agus uirlisí fothaithe acmhainneachta ar fáil do bhardais chun ciorclaíocht an bhainistithe dramhaíola a fheabhsú. |
VII.An Digiteáil
Leis an tacaíocht a thug Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach do na Ballstáit, rannchuidítear lena gclaochlú digiteach, atá ag teacht le tosaíocht an Choimisiúin maidir le hEoraip atá oiriúnach don Aois dhigiteach agus spriocanna na Deacáide Digití a bhaint amach. Tá digiteáil an riaracháin phoiblí ríthábhachtach do dhaoine aonair agus do ghnólachtaí chun an bealach a réiteach do gheilleagar iomaíoch san Aontas. Cumhdaítear leis an tacaíocht raon leathan réimsí beartais, idir idir-inoibritheacht, intleacht shaorga, atheagrú ar phróisis ghnó, chinnteoireacht bunaithe ar shonraí agus scileanna digiteacha.
|
DÍRIÚ AR THIONSCNAIMH SHUAITHEANTA In 2023, chuaigh Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach i mbun dhá thionscnamh shuaitheanta maidir le claochlú digiteach: ·Fuair naoi mBallstát (DK, IT, EL, LV, PT, SK, CY, IE agus NL) tacaíocht faoi thionscnaimh shuaitheanta TSI 2022 maidir le seirbhísí rialtais digiteacha atá athléimneach, nuálach agus dírithe ar an duine a fhorbairt . Cuidíonn na tionscadail le straitéisí agus pleananna gníomhaíochta a chur ar bun a chuideoidh le haistriú digiteach earnáil poiblí an Aontais a bhaint amach. ·Fuair ceithre Bhallstát (PT, ES, DK agus RO) tacaíocht faoi thionscnamh suaitheanta TSI 2023 maidir leis an gclaochlú digiteach le haghaidh riaracháin phoiblí réigiúnacha agus áitiúla . Mar shampla, fuair an Danmhairg tacaíocht maidir le huirlisí a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí i dtionscadail intleachta saorga arna ndéanamh ag údaráis áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta. Is éard atá i gceist leis sin stór cásanna úsáide intleachta saorga atá ann cheana a thógáil laistigh de riarachán na Danmhairge, agus é mar aidhm aige ath‑inúsáidteacht a chothú go náisiúnta agus sa chomhthéacs Eorpach araon. |
In 2023, chuir Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach tacaíocht ar fáil do na Ballstáit uile, lena n‑áirítear faoi thionscnaimh shuaitheanta TSI, chun dul chun cinn a dhéanamh maidir lena ndigiteáil agus chun feabhas a chur ar sholáthar na seirbhíse digití, ar bhainistiú sonraí, ar úsáid intleachta saorga agus ar idir-inoibritheacht na gcóras a áirithiú.
|
AN MÉID A BAINEADH AMACH Áirítear an méid seo a leanas ar shamplaí sonracha d’athchóirithe agus d’fhothú acmhainneachta maidir le digiteáil in 2023 le tacaíocht TSI: ·Ghlac an tSlóvaic cur chuige cuimsitheach maidir le seirbhísí rialtais digiteacha a fheabhsú tríd an intleacht shaorga agus creat eIDAS um shainaithint dhigiteach a chomhtháthú. Ghlac sí straitéisí maidir le rialachas sonraí, reachtaíocht atá réidh don digitiú agus dearadh institiúideach, lena n‑áirítear breithnithe maidir le hacmhainní daonna agus teicneolaíochtaí, slándáil agus tionchair airgeadais reachtaíocht dhigiteach an Aontais agus na reachtaíochta digití náisiúnta araon. ·Chuir an Fhionlainn barrfheabhas ar na hiarrachtaí chun na breithiúna a dhigitiú agus chun éifeachtúlacht oibríochtúil a fheabhsú trí straitéis rialachais TFC a chur chun feidhme. ·Chuir an Iodáil struchtúr eagrúcháin nua agus próisis ghnó oiriúnaithe i bhfeidhm san Aireacht Geilleagair agus Airgeadais le cuidiú ó bhearta tacaíochta cuimsitheacha lena ndírítear ar bhainistiú athruithe agus ar athrú cultúir. ·D’fhorbair an Phortaingéil, le rannpháirtíocht breis agus 400 páirtí leasmhar, Straitéis Náisiúnta um Chathracha Cliste faoi ‘Phlean Gníomhaíochta le haghaidh Aistriú Digiteach’ na tíre. |
VIII.Oideachas agus scileanna
Leis an tacaíocht a thug Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach do na Ballstáit, rannchuidítear le borradh a chur faoina mbeartais oideachais, scileanna agus meallta tallainne atá dírithe ar lucht saothair oilte a áirithiú. Leis an tacaíocht, cuireadh feabhas ar a n‑acmhainneacht athchóirithe a dhearadh agus a chur chun feidhme chun an dúshraith a leagan síos d’fhorbairt scileanna cuimsitheacha ó aois óg agus chun deiseanna córasacha uas‑scilithe agus athscilithe a chur ar fáil, lena n‑áirítear do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste. Bhí athchóirithe breise dírithe freisin ar thallann a mhealladh ó lasmuigh den Aontas.
|
In 2023, chuaigh Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach i mbun dhá thionscnamh shuaitheanta maidir le hoideachas agus scileanna: ·Fuair 10 mBallstát (AT, CY, CZ, ES, FI, IE, LV, PL, PT agus SI) tacaíocht faoi thionscnamh suaitheanta TSI 2023 ‘Tús Áite don Aos Óg ’ arb é is aidhm dó taca a chur faoi athchóirithe lena bhfeabhsaítear torthaí oideachais, sláinte agus sóisialta do leanaí agus do dhaoine óga. Cumhdaítear leis an tacaíocht príomhréimsí don lucht saothair Eorpach a bheidh ann amach anseo, amhail rochtain ar oideachas agus oiliúint chuimsitheach ardcháilíochta agus tacaíocht d’uas‑sciliú agus d’athsciliú. ·Fuair seacht mBallstát (BE, CY, DK, ES, MT, NL agus SE) tacaíocht faoi thionscnamh suaitheanta TSI 2023 ‘Imeascadh eachtrannach agus mealladh tallainne’ atá dírithe ar na Ballstáit ar mian leo tairbhe a bhaint as na gnóthachain shóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann le himeascadh feabhsaithe, rannpháirtíocht i margadh an tsaothair agus soghluaisteacht an lucht saothair do náisiúnaigh tríú tíortha i gcomhthéacs ganntanais scileanna a dhoimhniú agus iomaíocht dhomhanda le haghaidh tallainne a mhéadú. |
In 2023, chuir Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach tacaíocht ar fáil do na 27 mBallstát uile trí thionscadail shuaitheanta aonair, ilnáisiúnta agus TSI chun feabhas a chur ar cháilíocht agus ábharthacht mhargadh an tsaothair san oideachas scoile, sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint, san ardoideachas, san oideachas aosach, chomh maith le córais athscilithe agus uas‑scilithe, chun ardcháilíocht a áirithiú sa lucht saothair teagaisc, chun oibrithe oilte ó lasmuigh den Aontas a choinneáil agus a mhealladh, chun dlús a chur le haitheantas do scileanna agus cáilíochtaí eachtracha agus chun rochtain ar oideachas agus cúram luath‑óige ardcháilíochta a éascú ionas gur féidir le tuismitheoirí oibriú lasmuigh den bhaile.
|
AN MÉID A BAINEADH AMACH Áirítear an méid seo a leanas ar shamplaí sonracha d’athchóirithe agus d’fhothú acmhainneachta chun an t‑iomaíochas a mhéadú trí infheistíocht a dhéanamh san oideachas agus i scileanna in 2023 le tacaíocht TSI: ·Chuir an Fhrainc glúin nua campas bairr feabhais chun feidhme sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint agus béim á leagan ar ábharthacht mhargadh an tsaothair a fheabhsú, trí úsáid a bhaint as treoir a forbraíodh trí thionscadal TSI. ·Sa Bheilg, d’fhorbair rialtas na Vallúine comhpháirtíochtaí uas‑scilithe i measc soláthraithe oiliúna do dhaoine fásta a bhí ag iarraidh cúrsaí oiliúna comhpháirteacha agus socruithe comhair a fhorbairt. ·Rinne Málta nuashonrú ar a creat dearbhaithe cáilíochta do scoileanna, trí úsáid a bhaint as sraith athbhreithnithe caighdeán lena gcomhcheanglaítear féinmheasúnú ar scoileanna le cigireacht sheachtrach. ·Chomhtháthaigh an Eastóin a córais oideachais fhoirmiúil agus foghlama seachfhoirmiúla (lena n‑áirítear gníomhaíochtaí óige) chun go mbeadh daoine óga in ann scileanna a fhorbairt trí chonairí foghlama níos solúbtha. ·Thosaigh an Spáinn ar straitéis a fhorbairt chun cuimsiú mhargadh an tsaothair agus mealladh daoine ó thíortha eile a éascú, lena n‑áirítear trí ardán digiteach a úsáid. |
IX.An trádáil agus uathriail straitéiseach oscailte
Leis an tacaíocht a thug Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach do na Ballstáit, cuirtear borradh faoina n‑acmhainneacht athchóirithe a sholáthar le haghaidh trádáil agus uathriail straitéiseach oscailte. Áirítear ar thacaíocht sa réimse sin straitéisí, beartais agus uirlisí a fhorbairt chun infheistíochtaí coigríche a éascú, spleáchais a laghdú, iomaíocht a chur chun cinn agus slándáil eacnamaíoch agus athléimneacht a fheabhsú.
In 2023, thug Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach tacaíocht d’ocht mBallstát (EL, ES, FI, LV, PL, PT, RO agus SE) chun athléimneacht a n‑éiceachóras tionsclaíoch a fhorbairt agus a fheabhsú, an spleáchas ar acmhainní riachtanacha a mhaolú agus slabhraí soláthair níos athléimní a chur chun cinn.
|
AN MÉID A BAINEADH AMACH Áirítear an méid seo a leanas ar shamplaí sonracha d’athchóirithe agus d’fhothú acmhainneachta maidir le trádáil agus uathriail straitéiseach in 2023 le tacaíocht TSI: ·Chruthaigh an Spáinn meitheal bhuan maidir le géarchéim straitéiseach soláthair ina córas slándála náisiúnta. ·Neartaigh an Chróit an creat straitéiseach chun Infheistíocht Dhíreach Choigríche a chur chun cinn agus a éascú. |
Ar an iomlán, in 2023, thacaigh Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach go héifeachtach leis na Ballstáit sna príomh‑athchóirithe agus san fhothú acmhainneachta maidir leis an iomaíochas. Mar sin féin, amach anseo, beidh dúshláin mhóra fós roimh na Ballstáit maidir le bonn eacnamaíoch níos iomaíche agus níos athléimní a chothú a bheidh oiriúnach don aistriú glas agus don aistriú digiteach.
Conclúid
In 2023, chuir Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach dlús lena ghníomhaíochtaí cumarsáide chun údaráis náisiúnta a chur ar an eolas faoi na deiseanna atá ar fáil faoi TSI agus chun cuntasacht na tacaíochta a sholáthraítear tríd an ionstraim sin a mhéadú a thuilleadh. Mar thoradh air sin, fuarthas 530 iarratas ardcháilíochta ar thacaíocht i dtimthriall TSI 2023, líon iomlán a sháraigh acmhainneacht an chláir arís agus a léirigh spéis na n‑údarás náisiúnta sna deiseanna a chuirtear ar fáil leis an ionstraim seo.
Tar éis an phróisis measúnaithe agus roghnúcháin, roghnaíodh 231 iarratas le haghaidh EUR 119.7 milliún faoi ghlao ginearálta TSI 2023, rud a d’fhág gur dearadh 151 tionscadal chun tacú le 326 athchóiriú cheannródaíocha i ngach Ballstát. Bhain 30 % de na 231 iarratas a roghnaíodh leis an aistriú digiteach, agus bhain 35 % leis an gComhaontú Glas don Eoraip. Thairis sin, tá 66 % de na 151 thionscadal TSI 2023 nasctha go díreach nó go hindíreach le pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta.
Tá an méadú géar ar thionscadail ilnáisiúnta le 3 bliana anuas ina tháscaire ar acmhainneacht TSI breisluach Eorpach a thabhairt agus malartú dea-chleachtas agus deiseanna foghlama frithpháirteacha a éascú i measc na riarachán náisiúnta. Léiríodh in TSI 2023 freisin go raibh glacadh láidir le tionscadail shuaitheanta TSI i gcomparáid le TSI 2022 nuair a tugadh an coincheap isteach den chéad uair.
Thacaigh Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach leis na Ballstáit maidir le tionscadail TSI a chur chun feidhme, lena n‑áirítear na tionscadail sin ó thimthriallta roimhe seo, á áirithiú gur éirigh leo agus go raibh a n‑aschuir fós i gcomhréir le cuspóirí na mBallstát. Cumhdaítear leis na tionscadail raon leathan réimsí beartais, i gcomhréir le hiarratais ó údaráis náisiúnta. Réimse amháin, a cuireadh i dtábhacht sa tuarascáil seo, ab ea an t‑iomaíochas, a bhfuair gach ceann de na 27 mBallstát tacaíocht ina leith, ó thacaíocht do mhargadh aonair feidhmiúil go hinfheistíocht phoiblí agus bonneagar poiblí, digiteáil agus oideachas agus scileanna.
Le glacadh na Teachtaireachta maidir leis an Spás Riaracháin Eorpach a fheabhsú (ComPAct) i mí Dheireadh Fómhair 2023, ina moltar gníomhaíochtaí nithiúla chun cuidiú le riaracháin phoiblí freastal ar riachtanais daoine agus gnólachtaí ar fud na hEorpa, neartaítear an ról is féidir a bheith ag TSI chun cuidiú le riaracháin náisiúnta acmhainneacht a fhorbairt chun athchóirithe a dhearadh agus a chur chun feidhme agus chun dea-chleachtais a mhalartú, go háirithe trí thionscadal suaitheanta TSI PACE.
Mar sin féin, bunaithe ar aiseolas a fuarthas ó údaráis is tairbhithe ar leibhéal an tionscadail, agus ó údaráis chomhordúcháin ar leibhéal na tíre, ba mhór ag na Ballstáit an tacaíocht a cuireadh ar fáil trí TSI, go háirithe an ról gníomhach is féidir a bheith acu maidir le tionscadail a dhearadh agus a chur chun feidhme, agus an chumarsáid éifeachtach a rinne Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach.
Iarscríbhinn 1 – Timthriall bliantúil TSI
Iarscríbhinn 2 – Glao ginearálta TSI 2023: iarratais in aghaidh an Bhallstáit
|
Tír |
Curtha isteach |
Tarraingthe siar |
Níor roghnaíodh |
Roghnaíodh |
|
An Ostair |
11 |
5 |
6 |
|
|
An Bheilg |
22 |
1 |
11 |
10 |
|
An Bhulgáir |
16 |
8 |
8 |
|
|
An Chróit |
15 |
5 |
10 |
|
|
An Chipir |
23 |
13 |
10 |
|
|
An tSeicia |
20 |
11 |
9 |
|
|
An Danmhairg |
5 |
2 |
3 |
|
|
An Eastóin |
11 |
4 |
7 |
|
|
An Fhionlainn |
18 |
10 |
8 |
|
|
An Fhrainc |
21 |
3 |
7 |
11 |
|
An Ghearmáin |
18 |
7 |
11 |
|
|
An Ghréig |
43 |
27 |
16 |
|
|
An Ungáir |
16 |
12 |
4 |
|
|
Éire |
19 |
10 |
9 |
|
|
An Iodáil |
25 |
13 |
12 |
|
|
An Laitvia |
31 |
20 |
11 |
|
|
An Liotuáin |
10 |
5 |
5 |
|
|
Lucsamburg |
3 |
2 |
1 |
|
|
Málta |
22 |
14 |
8 |
|
|
An Ísiltír |
10 |
4 |
6 |
|
|
An Pholainn |
26 |
18 |
8 |
|
|
An Phortaingéil |
45 |
33 |
12 |
|
|
An Rómáin |
33 |
3 |
20 |
10 |
|
An tSlóvaic |
20 |
10 |
10 |
|
|
An tSlóivéin |
15 |
5 |
10 |
|
|
An Spáinn |
22 |
10 |
12 |
|
|
An tSualainn |
10 |
6 |
4 |
|
|
Móriomlán |
530 |
7 |
292 |
231 |
Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, IO L 57, 18.2.2021, lch. 1-16 (an ‘Rialachán TSI’).
https://neighbourhood-enlargement.ec.europa.eu/funding-and-technical-assistance/taiex_ga
Tá liosta na n-eintiteas a chuireann cistí an Aontais chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach don Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil ar fáil ar shuíomh gréasáin na hIonstraime um Thacaíocht Theicniúil .
Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, IO L 57, 18.2.2021, lch. 17-75 (‘ Rialachán na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta’, Airteagal 7.2).
Fíoraítear incháilitheacht na n-iarratas bunaithe ar na critéir a leagtar amach i Rialachán TSI, is é sin in Airteagail 8 agus 9. Déantar incháilitheacht tairbhithe féideartha a fhíorú freisin bunaithe ar na critéir a leagtar amach i Rialachán TSI, is é sin in Airteagal 2.
D’fhéadfadh iarratas aonair ar thacaíocht theicniúil cur le roinnt tosaíochtaí de chuid an Aontais.
Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2023)1 786 ón gCoimisiún an 20.3.2023 maidir leis an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil a mhaoiniú agus an clár oibre do 2023 a ghlacadh.
Tá líon iomlán na n-athchóirithe a dtacaítear leo le haghaidh TSI 2023 níos airde ná an líon iomlán tionscadal a dtacaítear leo agus an líon iomlán iarratas roghnaithe toisc go gcomhfhreagraíonn tionscadail ilnáisiúnta agus iarratais ilnáisiúnta d’athchóirithe iomadúla i mBallstáit éagsúla faoi TSI 2023.
Doiciméad inmheánach oibre – Meastóireacht mheántéarma ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (leathanach 62).
An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Montainéagró, an Mholdóiv, an Mhacadóin Thuaidh, an Albáin, an tSeirbia, an Tuirc, an Úcráin, an tSeoirsia agus an Chosaiv.
Níor ghlac Montainéagró ná an Úcráin páirt sa tionscadal píolótach mar gheall ar acmhainneacht theoranta riaracháin ach léirigh siad spéis mhór a bheith rannpháirteach amach anseo.
Mar a thagraítear dóibh in Airteagal 9(5) de Rialachán TSI.
COM(2020) 628 final.
COM(2022) 16 final.