AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,3.10.2024
COM(2024) 435 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
ar chur chun feidhme na Teachtaireachta 'Tús áite a thabhairt do dhaoine, fás inbhuanaithe cuimsitheach a áirithiú, leas a bhaint as acmhainneacht na réigiún is forimeallaí san Aontas'
{SWD(2024) 227 final}
RÉAMHRÁ
Tá cúig mhilliún saoránach den Aontas ina gcónaí sna réigiúin is forimeallaí, na codanna is iargúlta den Aontas Eorpach: Guáin na Fraince, Guadalúip, La Réunion agus Saint Martin, Martinique, Mayotte (an Fhrainc), na hAsóir agus Maidéara (an Phortaingéil), agus na hOileáin Chanáracha (an Spáinn). Is dlúthchuid den Aontas iad na naoi réigiún sin, atá suite san Aigéan Atlantach agus san Aigéan Indiach, in imchuach Mhuir Chairib, agus i Meiriceá Theas.
Is sócmhainní uathúla iad na réigiúin is forimeallaí, dá dtairbhíonn an tAontas ina iomláine: suíomh straitéiseach gar do tríú tíortha; saintréithe geografacha eisceachtúla le haghaidh gníomhaíochtaí spáis agus réaltfhisice; foinsí in‑athnuaite fuinnimh; bithéagsúlacht shaibhir; agus limistéir mhuirí ollmhóra. An tráth céanna, tá srianta buana ar na réigiúin sin, amhail fíor‑iargúltacht, oileánachas, beagmhéid, leochaileacht i leith an athraithe aeráide, agus spleáchas eacnamaíoch ar bheagán earnálacha. Sa chomhthéacs sin, déantar foráil sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (Airteagal 349) maidir le bearta sonracha chun tacú leis na réigiúin is forimeallaí, lena n‑áirítear dlí, beartais agus cláir oiriúnaithe de chuid an Aontais. Is leis an meon sin, ó bhí 2004 ann, go bhfuil straitéisí tiomnaithe glactha ag an gCoimisiún le haghaidh na réigiún sin.
Ó bhí 2019 ann, tá aghaidh tugtha ag an gCoimisiún ar shainiúlachtaí na réigiún is forimeallaí i dtuairim agus céad beartas, gníomh reachtach agus clár de chuid an Aontais. In 2022, ghlac an Coimisiún Teachtaireacht Tús áite a thabhairt do dhaoine, fás inbhuanaithe cuimsitheach a áirithiú, leas a bhaint as acmhainneacht na réigiún is forimeallaí san Aontas, lenar ghabh raon feidhme níos leithne agus uaillmhian níos airde ná straitéisí a bhí ann roimhe. Sa Teachtaireacht sin, cuirtear beagnach 80 gníomhaíocht shaincheaptha shonrach ar aghaidh chun tacú leis na réigiúin is forimeallaí. Ina theannta sin, cuireann sí moltaí faoi bhráid na riarachán réigiúnach agus náisiúnta, a bhfuil ról príomhúil acu ina bhforbairt.
Tá príomhról ag cistí an bheartais comhtháthaithe chun tacú leis na réigiúin is forimeallaí. Faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), faoin gCiste Comhtháthaithe agus faoi Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), tairbhíonn na réigiúin sin de na rátaí cómhaoinithe is airde, de leithdháileadh breise sonrach agus d’eisceachtaí le haghaidh infheistíochtaí, amhail na hinfheistíochtaí sin i dtaca le calafoirt, aerfoirt agus cóireáil dramhaíola iarmharaí. Faoi bhuiséad 2021-2027 an Aontais, chuir an Coimisiún EUR 16 bhilliún in áirithe le haghaidh na réigiún is forimeallaí – méadú mór os cionn EUR 13 bhilliún a bhí ann ó 2014-2020 – faoi chistí na mbeartas comhtháthaithe, talmhaíochta agus iascaigh.
Mar sin féin, tá dúshláin mhóra fós ann i dtéarmaí dálaí maireachtála, deiseanna agus forbairt sna réigiúin is forimeallaí. Mar a cuireadh i dtábhacht sa Naoú Tuarascáil faoin gComhtháthú, tá formhór na réigiún sin fós thíos le OTI íseal per capita (faoi bhun 75 % de mheán an Aontais), éagothromaíochtaí eacnamaíocha, dífhostaíocht níos airde (go háirithe le haghaidh daoine óga), agus leibhéal oideachais níos ísle. Go háirithe i gcás Mayotte, a tháinig chun bheith ina réigiún deireanach de na réigiúin is forimeallaí in 2014, is é an réigiún is boichte san Aontas. Tá dúshláin dhéimeagrafacha roimh fhormhór na réigiún sin freisin, amhail daonra atá ag dul in aois agus eis‑sreabhadh daoine óga. Sin é an fáth gurb é príomhfhócas Theachtaireacht 2022 ‘tús áite a thabhairt do dhaoine’.
Maidir le cur chun feidhme Theachtaireacht 2022, tá dul chun cinn seasta á dhéanamh agus roinnt mhaith gealltanas de chuid an Choimisiúin á chomhlíonadh. Chuir Parlaimint na hEorpa i dtábhacht a thábhachtaí atá sé an Teachtaireacht sin a chur chun feidhme go hiomlán (Rún 2023 maidir leis an Teachtaireacht), mar a rinne an Chomhairle (Conclúidí 2022 maidir leis na réigiúin is forimeallaí) agus Coiste na Réigiún (Tuairim 2023).
Leis an tuarascáil seo, déantar machnamh ar an dul chun cinn suntasach atá déanta ag an gCoimisiún maidir le Teachtaireacht 2022 a chur chun feidhme faoi roinnt mhaith beartas, cistí, clár agus uirlisí de chuid an Aontais, agus thart ar dhá thrian de na gníomhaíochtaí curtha chun feidhme nó ag dul ar aghaidh i gcónaí. Cuirtear i dtábhacht sa tuarascáil seo freisin na tionscnaimh a rinne na réigiúin is forimeallaí agus a mBallstáit faoi seach de réir na moltaí a cuireadh faoina mbráid sa Teachtaireacht. Leis an doiciméad inmheánach oibre atá ag gabháil leis an tuarascáil seo, dírítear ar phríomhthacaíocht an bheartais comhtháthaithe sna réigiúin is forimeallaí, agus béim á cur ar earnálacha roghnaithe ina bhfuil na riachtanais is mó agus an tionchar is suntasaí.
TÉARNAMH
Bhí tionchar mór ag géarchéim COVID‑19 ar na réigiúin is forimeallaí, go háirithe ar an iompar, turasóireacht, oideachas, oiliúint agus poist, agus ar an rochtain ar sheirbhísí. Ina theannta sin, tá na réigiúin is forimeallaí neamhchosanta ar phraghsanna fuinnimh níos airde de thoradh ionradh na Rúise ar an Úcráin. Tá na réigiúin sin ag streachailt chun téarnamh a dhéanamh, cé gur lú is amhlaidh é sin sna hAsóir, i Maidéara agus sna hOileáin Chanáracha.
Bhí príomhról ag cistí an bheartais comhtháthaithe i dtéarnamh na réigiún sin agus leanann siad de thacú le forbairt na réigiún sin. Le linn ghéarchéim COVID‑19, thairbhigh na réigiúin is forimeallaí de EUR 2 bhilliún breise, faoin mbeartas comhtháthaithe, ón gCúnamh Téarnaimh don Chomhtháthú agus do Chríocha na hEorpa (REACT‑EU). Thacaigh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) le hinfheistíochtaí agus athchóirithe poiblí chun geilleagair níos láidre agus níos athléimní a thógáil sna réigiúin sin. Tá cistí eile de chuid an Aontais ag rannchuidiú lena dtéarnamh freisin, amhail an comhbheartas talmhaíochta agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID).
Mhol an Coimisiún ionstraim éigeandála le haghaidh an mhargaidh aonair lena dtabharfaí aghaidh ar a leochailí atá na réigiúin is forimeallaí i leith na nganntanas earraí agus seirbhísí a bhíonn i gceist i ngéarchéimeanna. Faoin nGníomh um Éigeandáil agus Athléimneacht an Mhargaidh Inmheánaigh, is féidir leis an gCoimisiún a mholadh do na Ballstáit earraí agus seirbhísí a bhíonn i gceist i ngéarchéimeanna a dháileadh ar limistéir a bhíonn thíos go mór le suaitheadh sna slabhraí soláthair, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí.
1.TÉARNAMH AGUS FÁS INBHUANAITHE CUIMSITHEACH
1.1.Tús áite a thabhairt do dhaoine: deiseanna cothroma agus comhionanna do chách
Aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht, agus an comhionannas agus an cuimsiú a chothú
Tá formhór na réigiún is forimeallaí thíos le OTI íseal per capita, táirgiúlacht saothair íseal agus feidhmíocht nuálaíochta íseal, agus le rátaí níos airde ó thaobh na dífhostaíochta, na bochtaineachta agus luathfhágála na scoile de agus iad á gcur i gcomparáid le meáin a mBallstát agus an Aontais. Cuireadh na dúshláin sin i dtábhacht go seasta sna tuarascálacha tíre a foilsíodh i bpacáiste earraigh an tSeimeastair Eorpaigh.
Chun cuidiú leis an mbochtaineacht agus leis na neamhionannais shóisialta a laghdú, tacaíonn an Coimisiún leis na réigiúin is forimeallaí Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme, go háirithe trí chistí an bheartais comhtháthaithe agus tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. I gcuid de na réigiúin sin, tacaíonn CSE+ le seirbhísí le haghaidh aosú gníomhach, chun galair a chosc, tacaíocht do leanaí agus do dhaoine óga atá i mbaol an eisiaimh shóisialta (Maidéara, Mayotte, Guáin na Fraince, Guadalúip, Martinique, La Réunion), cúram fadtéarmach (na hAsóir), agus an comhrac in aghaidh na fuinneamhbhochtaineachta (na hOileáin Chanáracha).
Thairis sin, tá an Coimisiún ag tacú le rannpháirtíocht na réigiún is forimeallaí i dtionscnamh Líonra Eorpach na Réigiún don Gheilleagar Sóisialta. In 2023, tháinig an roinn thar lear de chomhlachas na Fraince don gheilleagar dlúthpháirtíochta sóisialta (ESS France Outre-mer) agus na hOileáin Chanáracha isteach mar chomhaltaí sa Líonra sin. Ina theannta sin, tá cistí de chuid an bheartais comhtháthaithe á dtiomnú ag Mayotte, Guáin na Fraince, La Réunion agus Saint‑Martin chun an geilleagar sóisialta a fhorbairt (e.g. cruthú gnó agus oiliúint atá nasctha leis an ngeilleagar sóisialta).
Tá faireachán á dhéanamh ag an gCoimisiún freisin ar bhearta chun an bhochtaineacht a laghdú, chun feabhas a chur ar an lánpháirtiú agus ar an gcomhionannas, agus chun foréigean in aghaidh na mban a chosc sna réigiúin sin. Mar a moladh i dTeachtaireacht 2022, tá tionscnaimh glactha ag na Ballstáit agus ag na réigiúin is forimeallaí. Áirítear orthu sin an straitéis laghdaithe bochtaineachta de chuid na Fraince le haghaidh 2021-2030 in éineacht le bearta lena ndírítear ar na réigiúin is forimeallaí, na straitéisí um míchumas agus pleananna um chomhionannas de chuid na nAsór agus Mhaidéara, agus an cur chuige inrochtaineachta a cuireadh chun feidhme in San Cristóbal de la Laguna (na hOileáin Chanáracha), a fuair Gradam an Choimisiúin don Chathair is Inrochtana in 2024.
Thairis sin, tá faireachán á dhéanamh ag an gCoimisiún ar an ngné a bhaineann leis na réigiúin is forimeallaí sna pleananna gníomhaíochta náisiúnta ábhartha lena gcuirtear an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí chun feidhme. Ar phleananna gníomhaíochta na Fraince agus na Portaingéile, áirítear bearta maidir le folláine agus comhionannas deiseanna leanaí sna réigiúin sin. Tá an Spáinn ag comhoibriú le UNICEF chun an Ráthaíocht a reáchtáil ar bhonn píolótach sna hOileáin Chanáracha.
Rochtain ar thithíocht leordhóthanach, ar uisce, ar an idirlíon agus ar iompar agus fuinneamh inacmhainne
Tacaíonn an Coimisiún leis na réigiúin is forimeallaí agus lena mBallstáit chun sineirgí a bhaint amach idir cistí náisiúnta agus cistí de chuid an Aontais chun feabhas a chur ar dhálaí maireachtála sna réigiúin is forimeallaí, ós rud é gur gá fós don chuid is mó acu an bhearna maidir le rochtain ar bhunriachtanais a laghdú.
In 2024, d’fhoilsigh an Coimisiún staidéar neamhspleách ar rochtain daoine ar thithíocht, ar uisce óil agus ar shláintíocht, ar leictreachas, agus ar naisc idirlín agus teileafóin sna réigiúin is forimeallaí. D’ainneoin an dul chun cinn a rinneadh, lena n-áirítear trí infheistíochtaí CFRE (2014-2020) agus tríd an tacaíocht atá beartaithe (2021-2027), is é an chonclúid an staidéir go bhfuil riachtanais mhóra fós ann, go háirithe i gcuid de na réigiúin sin is forimeallaí Fhrancacha.
Moltar sa staidéar tuilleadh infheistíochta a dhéanamh i dtithíocht shóisialta chun lóistín cuibhiúil a sholáthar do chách i gcomhthéacs praghsanna arda agus brú déimeagrafach. Chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin, tiomnaíonn na hAsóir agus Maidéara tacaíocht CFRE agus CSE+ d’athshlánú an stoic tithíochta sóisialta atá ann cheana agus chun aghaidh a thabhairt ar díth ábharach. Leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta freisin, tacaítear le hiarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais tithíochta, e.g. tithíocht shóisialta do theaghlaigh faoi mhíbhuntáiste i Maidéara, agus in Le Tampon in La Réunion ar mhaithe le tithíocht inbhuanaithe.
Moltar sa staidéar ar dhálaí maireachtála go dtiomnófar acmhainní breise don bhonneagar chun feabhas a chur ar an rochtain ar uisce óil sna réigiúin is forimeallaí Fhrancacha, agus infheistíocht a dhéanamh i stóráil agus i réitigh theicniúla chun uisce a athúsáid. In Mayotte, a d’fhulaing géarchéim thromchúiseach uisce in 2023, déanfar breis agus dúbailt ar infheistíochtaí CFRE sa bhonneagar uisce ó EUR 20 milliún in 2014-2020 go EUR 47.5 milliún in 2021-2027. Thairis sin, le Plean Eau DOM na Fraince, tacaítear leis na réigiúin is forimeallaí Fhrancacha chun feabhas a chur ar sheirbhísí fuíolluisce agus ar an rochtain ar uisce óil.
Cé gur léir, ó thaobh nasc idirlín de, gur méadú atá i gceist leis an treocht atá le feiceáil sna réigiúin is forimeallaí, a bhuí go háirithe le tacaíocht CFRE, tá luasanna nasctha idirlín níos ísle ag formhór na réigiún ná mar atá ag a mórthír agus tá easpa bonneagair nasctha ann i gceantair thuaithe. Leis an leithdháileadh breise sonrach dóibh faoi CFRE, tacaítear le costais na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí san iompar, rud a neartaíonn na naisc idir ceantair thuaithe agus ceantair uirbeacha agus idir na hoileáin.
Tá dúshláin a eascraíonn as an ngéarchéim fuinnimh roimh na réigiúin is forimeallaí uile, agus is measa fós na dúshláin sin mar gheall ar leochaileachtaí intreacha na réigiún. Ina theannta sin, i réigiúin áirithe, níl an meánioncam teaghlaigh ardaithe chomh tapa céanna le praghsanna fuinnimh. Leis an leasú maidir leis na bearta a bhaineann le Tacú le Fuinnimh Inacmhainne (SAFE) faoi Rialachán REPowerEU, tugadh isteach solúbthacht i rialacha an bheartais comhtháthaithe chun tacú le teaghlaigh leochaileacha aghaidh a thabhairt ar an bhfuinneamhbhochtaineacht. Le plean téarnaimh agus athléimneachta (RRP) na Fraince, maoinítear 70 % de thionscnamh MaPrimeRenov chun borradh a chur faoi éifeachtúlacht fuinnimh na tithíochta príobháidí lena n-áirítear sna réigiúin is forimeallaí.
Rochtain ar chúram sláinte
Comhlánaíonn an Coimisiún iarrachtaí na mBallstát chun córais sláinte a dhéanamh níos athléimní agus níos inrochtana agus chun neamhionannais a laghdú, lena n-áirítear sna réigiúin is forimeallaí bhí thíos go fíormhór le géarchéim COVID‑19.
Tugann na réigiúin is forimeallaí gealltanas go n‑úsáidfear a gcistí comhtháthaithe agus ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun a gcórais sláinte a neartú, e.g. chun líonra na mbonneagar agus na seirbhísí cúraim fhadtéarmaigh a leathnú (Maidéara) nó chun ardán teilileighis a fhorbairt chun faireachán a dhéanamh ar chréachtaí ainsealacha (Saint‑Martin). Óstálann Guadalúip comhalta amháin laistigh de EuroBloodNet, ceann de na Líonraí Tagartha Eorpacha le haghaidh galair neamhchoitianta agus aimpléiseacha, a oibríonn ar ghalair haemaiteolaíocha. Tá tionscadail Interreg á bhforbairt ag cuid de na réigiúin is forimeallaí agus ag a dtíortha comharsanacha maidir le galair a chosc agus a chóireáil, amhail tionscadal CUREMA in imchuach Amazonia agus tionscadal MACbioIDi2 sa Mhacrainéis.
In 2023, chothaigh an Coimisiún plé idir seirbhísí sláinte na réigiún is forimeallaí agus údaráis sláinte náisiúnta na Fraince, na Portaingéile agus na Spáinne chun rannpháirtíocht na réigiún is forimeallaí a éascú agus chun a riachtanais a léiriú i gclár EU4Health. Spreag sé páirtithe leasmhara réigiúnacha freisin chun páirt a ghlacadh i gcomhairliúcháin phoiblí trí Ardán an Bheartais Sláinte. Le cláir oibre EU4Health 2023 agus 2024, tugtar aghaidh ar riachtanais shonracha na réigiún is forimeallaí e.g. acmhainneacht faireachais fuíolluisce agus straitéisí um stoc‑charnadh a fhorbairt.
Thairis sin, is é is aidhm don Údarás um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte a áirithiú go mbeidh frithbhearta leighis ar fáil san ullmhacht paindéime ar fud an Aontais, lena n-áirítear sna réigiúin is forimeallaí, a bhíonn neamhchosanta ar bhagairtí sláinte trasteorann.
Deiseanna don óige: oideachas, oiliúint, tacaíocht fostaíochta agus fiontraíocht
Bíonn dúshláin bhreise roimh dhaoine óga sna réigiúin is forimeallaí maidir le hoideachas, oiliúint agus poist a aimsiú, i gcomparáid le mór‑roinn na hEorpa. Go sonrach, tá cuid de na rátaí fostaíochta is ísle san Aontas i measc daoine óga sna réigiúin is forimeallaí agus tá leibhéil arda daoine óga ann nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna (NEET).
Chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin, tá roinnt gníomhaíochtaí déanta ag an gCoimisiún. Go sonrach, in 2023, chruthaigh sé scéim deontais EUR 1 mhilliún faoi CFRE chun tacú le tionscadail ar mionscála faoi stiúir daoine óga nó eagraíochtaí óige sna réigiúin is forimeallaí chun bheith ina ngníomhaithe gníomhacha ina bpobail áitiúla agus chun díriú ar an gcomhionannas agus ar an gcuimsiú a chur chun cinn. As beagnach 200 iarratas a fuair an Coimisiún faoin scéim sin, tá coinne leis go rithfidh thart ar 70 gníomhaíocht ó mhí Mheán Fómhair 2024 go mí an Mheithimh 2025.
Tar éis togra ón gCoimisiún chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin san oideachas, amhail luathfhágáil na scoile, ghlac an Chomhairle Moladh in 2022 maidir le Conairí i dtreo na Rathúlachta Scoile, lenar cuireadh béim ar a thábhachtaí atá sé beartais a fhorbairt atá saincheaptha do riachtanais na réigiún is forimeallaí. Tacaíonn CSE+ leis an gcomhrac in aghaidh luathfhágáil na scoile trí thionscnaimh chomhairleoireachta agus tacaíochta acadúla.
I gcláir oibre Erasmus+ le haghaidh 2023 agus 2024, chuimsigh an Coimisiún fócas ar leith ar dhaoine óga i réigiúin iargúlta nó sna réigiúin is forimeallaí, rud lena soláthraítear tacaíocht airgeadais níos airde do rannpháirtithe ó na réigiúin sin. Cuirtear cur chuige comhchosúil i bhfeidhm leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach. Tá na réigiúin is forimeallaí rannpháirteach i dtionscnaimh shuaitheanta Erasmus+ freisin. In 2023, faoi ghníomhaíocht DiscoverEU, um chuimsiú, bhronn an Coimisiún deontais ar 11 eagraíocht ó na réigiúin sin, rud a chuir ar a gcumas do 180 duine óg taisteal ar fud na hEorpa.
Leis an gCinneadh maidir le Bliain Eorpach na Scileanna, a tógadh, i measc nithe eile, ar an gComhshocrú um Scileanna, cuirtear i dtábhacht teorainneacha maidir leis an rochtain ar an margadh saothair agus ar dheiseanna uas‑scilithe sna réigiúin sin. Tiomnaíonn na réigiúin is forimeallaí cistí CSE+ don oiliúint (e.g. cúrsaí san idirnáisiúnú do chéimithe sna hOileáin Chanáracha agus cúrsaí oiliúna in Lárionad Intleachta Saorga Mhaidéara) agus chun an fhiontraíocht a chur chun cinn ar mhaithe le fostaíocht don aos óg. Le gníomhaireacht na Fraince thar lear um shoghluaisteacht, tacaítear leis an tsoghluaisteacht oiliúna idirnáisiúnta sna réigiúin is forimeallaí.
Leis an Sásra chun cur leis an Tallann, faoin Teachtaireacht maidir le Leas a bhaint as an tallann i réigiúin na hEorpa, is féidir cuidiú leis na réigiúin is forimeallaí aghaidh a thabhairt ar oideachas treasach íseal agus ar imirce amach a ndaoine óga oilte. Áirítear Guadalúip ar cheann de na meithleacha faoin sásra sin. In 2024, roghnaigh an Coimisiún na hAsóir mar réigiún atá i mbaol dul ‘i sáinn na forbartha tallainne’, agus gheobhaidh an réigiún sin tacaíocht shaincheaptha faoin sásra. Faoin Ráthaíocht threisithe don Aos Óg, tacaíonn CSE+ le tionscnaimh chun fostaíocht don aos óg a chur chun cinn, e.g. sna hOileáin Chanáracha, in éineacht le tairiscint oiliúna shonrach, lena sainaithnítear roghanna poist agus deiseanna (EUR 62 mhilliún). Tacaíodh le daoine óga sna réigiúin is forimeallaí Fhrancacha faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta faoi chuimsiú an phlean don óige 1 jeune 1 solution. Tacaíonn Plean Téarnaimh agus Athléimneachta na Portaingéile leis na hAsóir ó thaobh sciliú agus uas‑sciliú de trí oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil sna hAsóir.
1.2.Cur le sócmhainní, aghaidh a thabhairt ar shrianta, díriú ar phríomhearnálacha
Taighde, nuálaíocht agus speisialtóireacht chliste
Baineann ardacmhainneacht taighde agus nuálaíochta le sócmhainní uathúla na réigiún is forimeallaí. Faoi chuimsiú an chláir Fís Eorpach, áirítear topaicí atá ábhartha do na réigiúin is forimeallaí sna braislí téamacha. Ina theannta sin, tá eintitis ó na réigiúin sin incháilithe sna gníomhaíochtaí ‘Rannpháirtíocht a fhairsingiú agus barr feabhais a leathadh’, ar gníomhaíochtaí iad a rannchuidíonn le cur leis an acmhainneacht taighde agus nuálaíochta i dtíortha atá tite chun deiridh. Dá thoradh sin, tá méadú tagtha ar rannpháirtíocht na réigiún is forimeallaí faoin gclár Fís Eorpach. Thairis sin, tá na réigiúin is forimeallaí ag tairbhiú de thacaíocht faoi ‘Fairsingiú’ do 21 thionscadal chun a n‑acmhainneacht nuálaíochta a fheabhsú agus chun líonrú a dhéanamh le príomh‑chontrapháirteanna taighde de chuid an Aontais, e.g. ionad barr feabhais QCIRCLE san eolaíocht chandamach (na hOileáin Chanáracha, EUR 14.5 milliún de chistiú ón Aontas), agus tionscadal TwinSolar chun gníomhaíochtaí a neartú ar mhaithe le líonrú i réimse an fhuinnimh (La Réunion, EUR 1.5 milliún de chistiú ón Aontas).
Tá cuid de na réigiúin is forimeallaí rannpháirteach i misean ‘Ár nAigéan agus ár nUiscí a Athbhunú faoi 2030’ d’Fhís Eorpach, e.g. Maidéara, na hAsóir, na hOileáin Chanáracha agus La Réunion, a bhfuil baint acu le tionscadal BlueMissionAA (EUR 3 mhilliún de chistiú ón Aontas). Beartaíonn an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT)gníomhaíochtaí ar mhaithe le cruthú gnó, forbairt scileanna, agus tionscadail taighde atá dírithe ar an nuálaíocht. In 2024, d’fhoilsigh EIT straitéis le haghaidh na réigiún is forimeallaí san Aontas agus, faoi 2025, is é is aidhm don Institiúid trí ‘mhol pobail’ a bhunú faoi chuimsiú a Scéime Nuálaíochta Réigiúnaí chun idirghníomhaíochtaí a chothú idir gníomhaithe nuálaíochta áitiúla sna réigiúin is forimeallaí.
Chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt don acmhainneacht nuálaíochta agus don rannpháirtíocht i slabhraí luacha an Aontais, tugann an Coimisiún aird ar leith ar na réigiúin is forimeallaí faoin Ionstraim um Infheistíocht Nuálaíochta Idir‑réigiúnach (I3) (pointí bónais do thionscadail a bhfuil rannpháirtí ó cheann de na réigiúin is forimeallaí acu), agus rannpháirtíonn na réigiúin sin i sé thionscadal anois. Chomh maith leis sin, mhaoinigh an Coimisiún tionscadal faoi stiúir ECFE, chun tacú le rannpháirtíocht na réigiún sin i slabhraí luacha idirnáisiúnta (agraibhia, bithgheilleagar, fuinnimh in-athnuaite, geilleagar gorm agus tionscail chruthaitheacha).
Tá tacaíocht thairis sin á tabhairt ag an gCoimisiún do La Réunion, na hAsóir agus Maidéara mar chuid den Chomhphobal Cleachtais um Speisialtóireacht Chliste chun a straitéisí nuálaíochta, ar a dtugtar straitéisí um speisialtóireacht chliste, a dhearadh agus a chur chun feidhme.
An tsoghluaisteacht, an t‑iompar
Tacaíonn roinnt cistí de chuid an Aontais leis an tsoghluaisteacht sna réigiúin is forimeallaí, agus a spleáchas ar an aeriompar agus ar an muiriompar á chur san áireamh.
In 2021-2027, tá CFRE le EUR 559 milliún a infheistiú sa tsoghluaisteacht agus san iompar, go háirithe EUR 338 milliún a bhaineann leis an iompar poiblí i limistéir uirbeacha sna réigiúin is forimeallaí. Sna réigiúin sin, maoiníonn CFRE bonneagar aerfoirt go heisceachtúil, e.g. síneadh a chur le haerfort Roland Garros La Réunion, an chéad chríochfort bithaeráide. Tá infheistíochtaí i gcalafoirt incháilithe freisin agus leasaigh Guadalúip a chlár CFRE-CSE+ 2021-2027 chun a Mórchalafort Muirí a chuimsiú. Sa bhreis ar thacaíocht don bhonneagar, cuidíonn leithdháileadh breise sonrach ó CFRE le haghaidh na réigiún is forimeallaí le costais oibriúcháin iompair arda a chúiteamh. Tacaíonn plean téarnaimh agus athléimneachta na Portaingéile le busanna nua astaíochtaí nialasacha a cheannach ar mhaithe leis an iompar poiblí i Maidéara agus báid farantóireachta leictreacha sna hAsóir.
Le clár oibre na Saoráide um Chónascadh na hEorpa (SCE) agus leis na glaonna ar thograí a ghabhann leis, spreagtar iarratais go sonrach ó na réigiúin is forimeallaí – go háirithe ar mhaithe le bonneagar na gcalafort muirí – agus gabhann rátaí cómhaoinithe níos airde leis an gclár freisin. Le glao 2024 ar thograí faoin tSaoráid um Bonneagar Breoslaí Malartacha, soláthraítear ráta cómhaoinithe 70 % le haghaidh na réigiún sin. Leis an Rialachán athbhreithnithe maidir leis an nGréasán Tras‑Eorpach Iompair (TEN‑T), a glacadh in 2024, méadaítear an líon calafort agus aerfort sna réigiúin is forimeallaí. Áirítear leis freisin nóid uirbeacha sa ghréasán cuimsitheach, rud a fhágann go bhfuil siad incháilithe do chistiú SCE, rud lena méadaítear deiseanna i nglaonna SCE amach anseo dá réir.
Spreag an Coimisiún na Ballstáit agus na réigiúin is forimeallaí uirlisí an Aontais a úsáid amhail an comhchúnamh chun tacú le tionscadail i réigiúin na hEorpa (JASPERS) chun tacú leis an acmhainneacht chun tionscadail mhóra a fhorbairt, e.g. le haghaidh an iompair. Tá JASPERS ag tacú le Guáin na Fraince maidir le hinfheistíochtaí bóthair agus tá sé beartaithe aige tacaíocht chomhchosúil a thabhairt do Saint‑Martin. Tacaíonn sé freisin le plean iompair a fhorbairt sna hOileáin Chanáracha agus sna hAsóir chun an calafort ar Oileán Flores a atógáil tar éis spéirling Lorenzo in 2019.
An turasóireacht, an cultúr
Tacaíonn an Coimisiún leis an turasóireacht sna réigiúin is forimeallaí, ceann dá bpríomhghníomhaíochtaí eacnamaíocha. Mar shampla, tacaíonn CFRE leis an turasóireacht inbhuanaithe sna hOileáin Chanáracha (EUR 40.5 milliún), leis an turasóireacht agus leis an oidhreacht chultúrtha sna hAsóir (EUR 7 milliún), agus leis an turasóireacht agus leis an gcultúr in La Réunion (EUR 121 mhilliún) agus i nGuáin na Fraince (EUR 10 milliún).
Sheol an Coimisiún glao chun tacú leis an turasóireacht inbhuanaithe mhuirí agus chósta sna réigiúin is forimeallaí faoi CEMID (tacaíocht EUR 2 mhilliún ón Aontas). D’eascair dhá thionscadal as an nglao, ceann amháin maidir leis an turasóireacht ghorm (na hOileáin Chanáracha, Maidéara, na hAsóir agus Martinique), agus ceann eile maidir leis an oidhreacht seandálaíochta faoi uisce (na hAsóir, Maidéara, Guadalúip agus Martinique). Leithdháileann plean téarnaimh agus athléimneachta na Spáinne EUR 75 mhilliún ar an turasóireacht inbhuanaithe sna hOileáin Chanáracha.
Tá glaonna ar ghealltanais faoi Transition pathway for tourism [Conair an aistrithe le haghaidh na turasóireachta] á rolladh amach ag an gCoimisiún. Faoin tionscnamh sin, gheall na hAsóir borradh a chur faoin turasóireacht inbhuanaithe agus ghlac siad cairt chun samhail ghnó agus rialachais níos inbhuanaithe a chothú.
Tacaíonn CFRE le hearnálacha uathúla an chultúir agus na cruthaitheachta sna réigiúin is forimeallaí uile. Bhronn an Coimisiún deontais freisin le haghaidh dhá thionscadal, sna hAsóir agus sna hOileáin Chanáracha, faoi chlár Eoraip na Cruthaitheachta. In 2021-2023, chómhaoinigh an tAontas scéim phíolótach Archipel.eu (EUR 1 mhilliún) lena dtacaítear le 51 thionscadal ar mhaithe leis an oidhreacht chultúrtha dholáimhsithe ó na réigiúin is forimeallaí agus ó thíortha agus críocha thar lear.
An bhithéagsúlacht
Is é is aidhm do roinnt straitéisí náisiúnta agus réigiúnacha dlús a chur le cosaint na bithéagsúlachta, e.g. clár na nAsór Gorm nó Straitéis Bhithéagsúlachta Náisiúnta na Fraince 2030, lena n-áirítear treochláir athbhunaithe le haghaidh gach réigiún.
Chun fíor‑ardluach bithéagsúlachta na réigiún is forimeallaí a chosaint, tá tacaíocht á fáil ag cuid de na réigiúin sin faoi chlár LIFE, lena dtugtar aird ar leith agus pointí bónais d’iarratais na réigiún is forimeallaí. Is amhlaidh atá i gcás na réigiún is forimeallaí Francach le tionscadal ARTISAN (EUR 10 milliún de chistiú ón Aontas) atá dírithe ar réitigh dhúlrabhunaithe, nó BIODIV’OM (EUR 5.6 milliún de chistiú ón Aontas), lena ndírítear ar speicis faoi bhagairt a chosaint.
In 2023, sheol an Coimisiún scéim deontas BESTLIFE2030, faoi LIFE, lena ngabhann ráta cómhaoinithe 95 %, chun tacú le caomhnú na bithéagsúlachta sna réigiúin is forimeallaí agus sna tíortha agus críocha thar lear. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún dlús a chur leis an tacaíocht trí thionscadail a chuimsiú, lena gcosnaítear gnáthóga nó speicis tosaíochta agus speicis a mheastar a bheith faoi bhagairt, lena n-áirítear go sainráite sna réigiúin is forimeallaí mar gheall ar an luach bithéagsúlachta thar a bheith ard atá acu, i gclár oibre LIFE le haghaidh 2025-2027, rud lena ngabhann uasráta cómhaoinithe (75 %). Chuir sé síneadh le scéim phíolótach MOVE-ON freisin chun éiceachórais sna réigiúin is forimeallaí agus sna tíortha agus críocha thar lear a mhapáil agus chun measúnú a dhéanamh orthu.
Tacaíonn cistí eile de chuid an Aontais le cosaint na bithéagsúlachta, mar shampla tacaíonn plean téarnaimh agus athléimneachta na Spáinne le teicneolaíochtaí chun faireachán a dhéanamh ar éiceachórais nó chun staidéar a dhéanamh ar ionraí bitheolaíocha sna hOileáin Chanáracha (EUR 23 mhilliún).
Leis an Rialachán um Athbhunú Dúlra, a glacadh in 2024, leagtar béim ar an ngá atá le cás sonrach na réigiún is forimeallaí a chur san áireamh, i gcomhréir le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030.
An geilleagar gorm
Tá acmhainneacht uathúil ó thaobh an gheilleagair ghoirm de ag na réigiúin is forimeallaí a bhuí lena limistéir eacnamaíocha eisiacha mhóra. Tá straitéisí cuimsitheacha maidir leis an ngeilleagar gorm inbhuanaithe glactha ag formhór na réigiún is forimeallaí chun borradh a chur faoi shlabhraí luacha gorma atá ann go traidisiúnta agus atá ag teacht chun cinn agus tá leas á bhaint acu as sineirgí i dtacaíocht an Aontais chun iad a chur chun feidhme.
Ina chreat dlíthiúil athbhreithnithe um Státchabhair in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe, chuir an Coimisiún sainiúlachtaí na réigiún sin san áireamh. In 2023, leasaigh an Coimisiún an Rialachán de minimis is infheidhme maidir le hearnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní phráinneacha sábháilteachta a bhaineann leis an gcabhlach beag iascaireachta cósta sna réigiúin is forimeallaí, rud a chuir ar a gcumas dá mBallstáit tacú le soithí iascaireachta atá níos lú ná 12 mhéadar ar fad a cheannach, a nuachóiriú nó a thógáil. Is féidir cabhair de minimis suas le EUR 40 000 in aghaidh an ghnóthais a dheonú gan aon rialú roimh ré ón gCoimisiún, ar choinníoll go mbunóidh na Ballstáit clár lárnach.
Ó bhí 2018 ann, rinneadh foráil sna treoirlínte maidir le Státchabhair in earnálacha an iascaigh agus an dobharshaothraithe maidir leis an bhféidearthacht cabhair a dheonú ar mhaithe leis an athnuachan cabhlaigh sna réigiúin is forimeallaí, ar choinníoll go mbeidh an roinn chabhlaigh ábhartha i gcothromaíocht leis na stoic éisc, mar a léiríodh sa tuarascáil is déanaí i dtaca le cabhlaigh náisiúnta. In 2023, tugadh isteach leis na treoirlínte athbhreithnithe maidir le Státchabhair an fhéidearthacht cabhair a dheonú le haghaidh infheistíochtaí i dtrealamh a rannchuidíonn le sábháilteacht soithí ar mionscála a mhéadú sna réigiúin sin. Faoi na treoirlínte sin, d’fhormheas an Coimisiún scéimeanna Státchabhrach chun tacú le hathnuachan an chabhlaigh iascaireachta i réigiún amháin is forimeallaí Portaingéileach agus i gcúig réigiún is forimeallaí Francach, ar choinníoll go léiríonn na Ballstáit go bhfuil cothromaíocht idir stoic éisc agus acmhainneacht iascaireachta an chabhlaigh. In 2024, níor chaith an Coimisiún amhras ar an measúnú ar an iarmhéid i dtrí roinn cabhlaigh in Martinique, in dhá roinn in La Réunion, i gceann amháin i nGuadalúip ná i gceann amháin i Maidéara, rud a d’fhág gur féidir cabhair a dheonú sna réigiúin sin faoi na scéimeanna sin. Ina theannta sin, agus de bharr imthosca urghnácha a bhaineann le sábháilteacht agus slándáil, in 2024 rinne an Coimisiún cabhair sa Ghuáin a fhormheas go heisceachtúil le haghaidh soithí suas le 24 mhéadar.
Tacaíonn an Coimisiún go gníomhach leis na Ballstáit sonraí a bhaineann leis an iascach a bhailiú, agus riachtanais shonracha na réigiún is forimeallaí á meas, mar a léirítear sna pleananna oibre náisiúnta maidir le bailiú sonraí, agus bunaithe ar staidéar téamach ó 2022. Leis an Teachtaireacht a glacadh in 2024 chun forlíonadh a dhéanamh ar na treoirlínte atá ann cheana maidir le measúnú a dhéanamh ar chothromaíocht an chabhlaigh, go sonrach le haghaidh na réigiún is forimeallaí, cuirtear na sainiúlachtaí atá acu san áireamh. In 2024, rinne an Coimisiún an mheitheal saineolaithe um shaincheisteanna na réigiún is forimeallaí a athghníomhachtú freisin, faoi shainchúram an Choiste Eolaíoch Theicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach, chun soláthar comhairle maidir leis na réigiúin sin a éascú.
Leanann an Coimisiún de leasanna na réigiún is forimeallaí a mheas agus comhaontuithe comhpháirtíochta déthaobhacha maidir le hiascaigh inbhuanaithe á gcaibidliú aige le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad. Déantar é sin chun a áirithiú go dtairbheoidh na réigiúin is forimeallaí (e.g. na hOileáin Chanáracha, La Réunion) den ghníomhaíocht a ghintear de thoradh na gcomhaontuithe sin, rud a chuirfidh ar chumas a gcabhlach cion cothrom a fháil sna deiseanna iascaireachta a fhaightear in uiscí tíortha eile. Leis an gcomhaontú idir an tAontas agus Poblacht na Séiséal, a athnuadh in 2022, tacaítear le hinbhuanaitheacht na hiascaireachta in uiscí Mayotte.
Faoi CEMID 2021-2027, tacaíonn an Coimisiún leis an iascach agus leis an dobharshaothrú inbhuanaithe, agus leis an ngeilleagar gorm sna réigiúin is forimeallaí, tacaíocht lena ngabhann buiséad EUR 330 milliún nach mór. Tugtar aghaidh leis freisin ar shainiúlachtaí na réigiún sin chun a gcostais bhreise a chúiteamh le buiséad tiomnaithe (EUR 183 mhilliún). D’fhormheas an Coimisiún plean gníomhaíochta foirmiúil le haghaidh gach ceann de na réigiúin is forimeallaí chun a áirithiú go gcuirfear tacaíocht an Aontais in oiriúint do riachtanais gach réigiúin. Thairis sin, chuimsigh an Coimisiún anailísí críochacha tiomnaithe i bhFaireachlann an Aontais um an nGeilleagar Gorm agus i dTuarascáil 2024 maidir leis an nGeilleagar Gorm, agus sa Straitéis Imchuach Farraige don Atlantach agus ina phlean gníomhaíochta, rud lena gcothaítear geilleagar gorm inbhuanaithe sna réigiúin is forimeallaí, i réigiún na Macrainéise agus i Muir Chairib. I gcomhréir leis an Treoir maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí, thacaigh CEMID freisin le pleananna spásúla muirí a ghlacadh sna hAsóir, i Maidéara, sna hOileáin Chanáracha agus i nGuáin na Fraince.
Tá iarrachtaí á ndéanamh ag na Ballstáit agus ag na réigiúin is forimeallaí maidir le bailiú sonraí chun feabhas a chur ar an eolas faoi acmhainní iascaigh (e.g. tionscadal Accobiom na Fraince arna chistiú ag CEMID). Neartaigh an Fhrainc an comhar le tíortha comharsanacha chun an iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte in uiscí Ghuáin na Fraince a chomhrac. Chun tacú le cinntí maidir le pleanáil spásúil, cur chun feidhme tionscadal agus infheistíocht, tá Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin ag mapáil acmhainneacht an fhuinnimh in‑athnuaite amach ón gcósta sna réigiúin is forimeallaí faoi láthair.
An talmhaíocht agus an fhorbairt tuaithe
Tá earnáil na talmhaíochta sna réigiúin is forimeallaí ríthábhachtach chun a neamhspleáchas bia a áirithiú. D’oibrigh an Coimisiún go dlúth leis na Ballstáit chun a áirithiú gurb amhlaidh le pleananna straitéiseacha na Fraince, na Portaingéile agus na Spáinne faoin gcomhbheartas talmhaíochta go dtugtar aghaidh ar riachtanais shonracha na réigiún is forimeallaí dá gcuid. Glacadh na pleananna sin in 2022 agus cuimsítear gné réigiúnach iontu. Ina theannta sin, tá pleananna neamhspleáchais bia glactha ag formhór na réigiún is forimeallaí Francach.
Tacaíonn an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach ó thaobh na talmhaíochta de sna réigiúin sin. Tacaíonn na cistí sin le tionscnaimh amhail nuachóiriú na bhfeirmeacha, tacaíocht do thionscnaimh agra‑chomhshaoil agus don fheirmeoireacht orgánach (e.g. bonneagair uisciúcháin sna hOileáin Chanáracha, in La Réunion agus i Maidéara). Tugann an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe tacaíocht thairis sin do thionscadail taighde agus forbartha (e.g. cineál cána siúcra atá athléimneach in aghaidh triomaigh) agus do thionscadail chun an turasóireacht, gnólachtaí agus seirbhísí bunúsacha a fhorbairt.
An clár de roghanna a bhaineann go sonrach leis an iargúltacht agus leis an oileánacht (POSEI) , ceapadh é chun tacú leis an talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí. In 2022, sheol an Coimisiún meastóireacht ar POSEI chun measúnú a dhéanamh ar an éifeachtacht, an éifeachtúlacht agus ar an mbreisluach AE a bhain le cur chun feidhme an chláir i gclárthréimhse 2014-2020. Rannchuideoidh an mheastóireacht – a fhoilseofar in 2025 – leis an machnamh ar conas todhchaí fhadtéarmach a áirithiú d’earnáil na talmhaíochta sna réigiúin is forimeallaí.
Tríd an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus an clár de roghanna a bhaineann go sonrach le hiargúltacht agus le hoileánacht, rannchuidigh an Coimisiún freisin leis an damáiste a rinne brúchtadh bholcán La Palma a dheisiú. Leasaíodh Clár Forbartha Tuaithe na nOileán Canárach 2014-2022 in 2022 agus 2023 chun ranníocaíocht náisiúnta iomlán EUR 20 milliún ón Spáinn a chur leis an gclár chun na feirmeacha a ndearnadh dochar dóibh a athbhunú agus chun an táirgeadh a athsheoladh. Leasaíodh clár POSEI na nOileán Canárach, rud a chuir ar a gcumas do tháirgeoirí (in earnáil na mbananaí go príomha) leanúint de thacaíocht ioncaim a fháil. Fuair an Spáinn ranníocaíocht airgeadais bhreise EUR 9.5 milliún ó Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh chun tacú le hoibríochtaí éigeandála agus téarnaimh riachtanacha.
In 2022, ghlac an Coimisiún athbhreithniú ar na treoirlínte maidir le Státchabhair don talmhaíocht agus ar an Rialachán Blocdhíolúine don Talmhaíocht. Leis na treoirlínte athbhreithnithe, ardaítear déine na cabhrach sna réigiúin is forimeallaí ó 75 % go 80 % le haghaidh roinnt cineálacha infheistíochtaí agus coinnítear forálacha sonracha ar bun, amhail cabhair oibriúcháin chun costais bhreise iompair na dtáirgí talmhaíochta a tháirgtear sna réigiúin sin a chúiteamh. Ar bhonn cás ar chás, ceadaítear leis na rialacha sonracha sin cabhair a dheonú le haghaidh costais bhreise eile freisin.
1.3.É a dhéanamh i gceart: an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach a chothú
1.3.1. An t‑aistriú glas: i dtreo geilleagar inbhuanaithe
Gníomhú ar son na haeráide
Tá na réigiúin is forimeallaí an-leochaileach i leith an athraithe aeráide agus braitheann siad go mór ar nascacht an iompair. Sin an fáth ar thug an Coimisiún aird ar leith ar a riachtanais nascachta sa Chóras Trádála Astaíochtaí athbhreithnithe (CTA)
Chun leanúnachas críche a áirithiú, eitiltí intíre agus turais mhuirí idir réigiún is forimeallaí agus aon aerfort nó calafort eile sa Bhallstát céanna – lena n-áirítear eitiltí agus muiraistir laistigh den réigiún is forimeallaí céanna – tá siad díolmhaithe ó CTA go dtí 2030. Cuireadh thart ar EUR 1.6 billiún i leataobh ó ioncaim CTA chun an difríocht sa phraghas idir úsáid breoslaí eitlíochta inbhuanaithe incháilithe agus ceirisín iontaise a chumhdach go dtí 2030. Tugtar aird ar leith ar aerfoirt sna réigiúin is forimeallaí, áit ar féidir leis na cistí sin an difríocht iomlán sa phraghas le ceirisín iontaise a chumhdach. Tuairisceoidh an Coimisiún, in 2024 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, ar chur chun feidhme leathnú CTA chun muiriompar a chuimsiú, agus aird chuí á tabhairt ar na réigiúin is forimeallaí. In 2026, déanfaidh sé meastóireacht ar nascacht aeir na n-oileán agus na gcríoch iargúlta, amhail na réigiúin is forimeallaí.
Thug an Coimisiún aird ar leith freisin ar na réigiúin is forimeallaí faoin gCiste Aeráide Sóisialta, lena bhforáiltear gur cheart do na Ballstáit sainiúlachtaí geografacha, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí, a mheas ina bpleananna aeráide sóisialta.
Mar chuid de Straitéis an Aontais Eorpaigh um an Oiriúnú, d’eagraigh an Coimisiún 10 gceardlann in imchuacha éagsúla na réigiún is forimeallaí. Is é an aidhm a bhí ann malartuithe a spreagadh i dtaca le réitigh maidir le hoiriúnú don athrú aeráide idir na réigiúin sin agus a dtíortha comharsanacha, mar shampla maidir leis an athléimneacht chósta, talmhaíocht, bithéagsúlacht, bainistiú acmhainní uisce agus turasóireacht. D’fhoilsigh sé coimre ina gcuirtear i láthair na dea‑chleachtais is nuálaí sa chomhthéacs sin.
Chuir an Coimisiún rioscaí sonracha aeráide na réigiún is forimeallaí i dtábhacht ina Theachtaireacht Rioscaí aeráide a bhainistiú – daoine agus rathúnas a chosaint , teachtaireacht a glacadh i mí an Mhárta 2024. Sa Mheasúnú Eorpach ar Riosca Aeráide lena gcomhlánaítear an Teachtaireacht, tá caibidil shonrach maidir leis na réigiúin is forimeallaí, ina mionsonraítear na rioscaí aeráide atá roimh na réigiún sin.
Tacaíonn CFRE le hinfheistíochtaí maidir leis an oiriúnú don athrú aeráide agus rioscaí a chosc sna réigiúin uile is forimeallaí (EUR 334 mhilliún in 2021-2027), e.g. Guadalúip agus Martinique le haghaidh infheistíocht san athshlánú seismeach scoileanna, agus La Réunion le haghaidh bearta in aghaidh creimeadh agus tuilte cois abhann.
Tá tionscadail á gcur chun feidhme ag cuid de na réigiúin is forimeallaí chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide, amhail an tionscadal Adapt’Island arna chistiú ag LIFE maidir le teicnící nuálacha inmhacasamhlaithe chun éiceachórais chósta agus mhuirí a athbhunú ar fud Mhuir Chairib ar fad. Tá tionscnaimh reachtacha glactha ag roinnt réigiún freisin, amhail gníomh na nOileán Canárach maidir leis an athrú aeráide agus leis an aistriú fuinnimh.
Fuinneamh in-athnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh
Tacaíonn an Coimisiún le haistriú na réigiún is forimeallaí chuig meascán fuinnimh níos glaise chun leas a bhaint as a n‑acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite, amhail a n-acmhainní ollmhóra fuinnimh gaoithe agus grianfhuinnimh amach ón gcósta. Tharraing sé aird ar a n‑acmhainneacht ghrianfhuinnimh i Straitéis an Aontais um an nGrianfhuinneamh. Tacaíonn an Coimisiún le fuinnimh in-athnuaite a ghiniúint trí chistí éagsúla de chuid an Aontais, e.g. tá EUR 42 mhilliún de chistiú CFRE á thiomnú ag na hOileáin Chanáracha chun tacú le fuinneamh in-athnuaite, agus tacaíonn plean téarnaimh agus athléimneachta na Portaingéile le roinnt mhaith infheistíochtaí san fhuinneamh in-athnuaite sna réigiúin is forimeallaí, amhail dreasachtaí do theaghlaigh agus do FBManna chun córais fhótavoltacha a cheannach sna hAsóir (tionscadal SOLENERGE).
Tacaíonn CFRE le héifeachtúlacht fuinnimh na bhfoirgneamh príobháideach agus poiblí. Leithdháileann Martinique EUR 5 mhilliún de chistí CFRE ar an athchóiriú foirgneamh cónaithe agus poiblí, agus leithdháileann na hAsóir cistiú CFRE ar éifeachtúlacht fuinnimh (EUR 16.3 milliún) agus ar chórais chliste fuinnimh, agus chun eangacha cliste agus stóráil chliste a fhorbairt (EUR 7.5 milliún). Le cláir Interreg, cothaítear malartuithe idir na réigiúin is forimeallaí agus a dtíortha comharsanacha i dtaca le bainistiú fuinnimh.
Tríd an tionscnamh maidir le fuinneamh glan d’oileáin an Aontais, thug an Coimisiún tacaíocht spriocdhírithe agus chothaigh sé fothú acmhainneachta sna réigiúin is forimeallaí, e.g. an tionscadal Aisghabhála Fuinnimh (tionscadal PI) in Saint‑Martin, staidéar ar chóras stórála fuinnimh i gceallraí in La Palma (na hOileáin Chanáracha) agus tionscadal H2PortoSanto chun bithmhais iarmharach a chlaochlú ina hidrigin ghlan i Maidéara.
Tacaíonn an Coimisiún le roinnt réigiún chun pleananna dícharbónaithe a ullmhú dá gcórais fuinnimh agus tá treoraíocht á forbairt aige maidir le rochtain foinsí fuinnimh in‑athnuaite ar eangacha agus maidir le bainistiú eangaí ar oileáin neamh‑idirnasctha de chuid an Aontais, lena gcumhdaítear ceithre réigiún de na réigiúin is forimeallaí. I gcomhthéacs an tionscnaimh dar teideal New Energy Solutions Optimised for Islands [Réitigh Fuinnimh Nua arna nOptamú d’Oileáin], d’éascaigh an Coimisiún an t‑aistriú chuig fuinneamh glan, tríd an bPobal Fuinnimh Áitiúil in La Palma (na hOileáin Chanáracha) agus trí thionscadal H2 sna hAsóir.
Tá tús curtha ag na réigiúin is forimeallaí le hiniúchadh a dhéanamh ar acmhainneacht na hidrigine. Mar shampla, mhaoinigh an Banc Eorpach Infheistíochta Treochlár Hidrigine Ghuadalúip (EUR 660 milliún), agus tá sé d’aidhm ag tionscadal Hyguane i nGuáin na Fraince 110 dtona hidrigine glaise a ghiniúint ó 2027 ar aghaidh chun a sholáthar do Lárionad Spáis na Guáine agus don earnáil iompair.
Ghlac roinnt réigiún straitéisí chun dlús a chur le giniúint fuinnimh in-athnuaite, éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn agus spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú. Áirítear leis sin straitéis um fuinneamh siúcra na nAsór 2030, idirnascadh na ngréasán leictreachais idir oileáin na nOileán Canárach, agus cláir fuinnimh ilbhliantúla na réigiún is forimeallaí Francach.
An geilleagar ciorclach
Tá ardacmhainneacht ag na réigiúin is forimeallaí réitigh atá bunaithe ar an ngeilleagar ciorclach a fhorbairt. Tacaíonn an beartas comhtháthaithe le forbairt an gheilleagair chiorclaigh sna réigiúin is forimeallaí. Tacaíonn CFRE agus Interreg araon le bainistiú dramhaíola agus athchúrsáil dramhaíola, e.g. in La Réunion le EUR 18 milliún de chistiú CFRE atá tiomnaithe don gheilleagar ciorclach, agus i Muir Chairib trí thionscadal Interreg SARGOOD (EUR 450 000) maidir le bailiú agus aisghabháil sargassum dramhaíola. Tairbhíonn na réigiúin is forimeallaí de thacaíocht faoi chlár LIFE freisin (e.g. is é is aidhm do thionscadal AgriLoop iarmhair thearcshaothraithe a uasghrádú ina mbiththáirgí ard‑bhreisluacha go n-athúsáidfear iad).
Chun malartuithe a éascú agus dea-chleachtais an gheilleagair chiorclaigh a chur chun cinn, tá comhar ar siúl chun seimineár gréasáin a eagrú maidir leis an gciorclaíocht sna réigiúin is forimeallaí faoi Ardán Eorpach Gheallsealbhóirí an Gheilleagair Chiorclaigh, ionad ilfhreastail le haghaidh imeachtaí, deiseanna cistiúcháin, agus na cleachtais is fearr maidir leis an ngeilleagar ciorclach.
Tá straitéisí ceaptha ag roinnt de na réigiúin is forimeallaí chun cosc dramhaíola a chur chun cinn, feabhas a chur ar an aisghabháil agus bainistiú dramhaíola, agus dramhaíl ghuaiseach a bhainistiú. Áirítear orthu sin plean réigiúnach Ghuáin na Fraince um chosc agus bainistiú dramhaíola agus an straitéis réigiúnach um bainistiú dramhaíola i Maidéara. Cheap roinnt de na réigiúin is forimeallaí straitéisí a fhreastalaíonn ar shainiúlachtaí a réigiún amhail Comhdháil na nAsór um an nGeilleagar Ciorclach.
1.3.2. An t‑aistriú digiteach a chothú: deiseanna nua a chumasú
Tacaíonn an Coimisiún go gníomhach leis na réigiúin is forimeallaí chun aghaidh a thabhairt ar a riachtanais ó thaobh na nascachta digití de mar gheall ar a n-iargúltacht ó mhór‑roinn na hEorpa.
Faoi shruth digiteach na Saoráide um Chónascadh na hEorpa (SCE), soláthraíonn an Coimisiún rátaí cómhaoinithe níos airde do thionscadail a bhfuil baint ag na réigiúin is forimeallaí leo agus d’fhormheas sé cistiú le haghaidh bonneagar cáblaí fomhuirí sna réigiúin sin ar fiú os cionn EUR 125 mhilliún é. Le tionscadal amháin arna chómhaoiniú ag SCE (EUR 30 milliún) agus CFRE (EUR 10 milliún), nascfar Guáin na Fraince le córas cábla EllaLink lena nasctar Meiriceá Laidineach leis an Eoraip. Tacaíonn tionscadal eile (EUR 40 milliún faoi SCE) le cáblaí fomhuirí nua lena nasctar Liospóin leis na hAsóir, agus na hAsóir le Maidéara. Tacóidh SCE freisin le bonneagair cáblaí fomhuirí sna hOileáin Chanáracha (EUR 36 mhilliún) agus sna réigiúin is forimeallaí Fhrancacha i Muir Chairib (EUR 20.6 milliún).
Ina Phacáiste Nascachta, chuir an Coimisiún i dtábhacht spleáchas na réigiún is forimeallaí ar shonraí a iompraítear trí cháblaí fomhuirí. Moladh sa Phacáiste go sainaithneodh na Ballstáit gníomhaíochtaí spriocdhírithe lena nasctar Ballstát leis na réigiúin is forimeallaí dá chuid mar ‘thionscadal cáblaí ar mhaithe le leas na hEorpa’.
Cuirtear i dtábhacht i Rialachán maidir le Clár an Aontais um Nascacht Shlán gurb iad seirbhísí cumarsáide satailíte spásbhunaithe an rogha is inmharthana in éagmais córais cumarsáide ar talamh. Le Clár an Aontais um Nascacht Shlán, ba cheart nascacht a chumasú ar fud an Aontais, lena n-áirítear sna réigiúin is forimeallaí, agus ar fud an domhain.
Tá bonneagar talún sna réigiúin is forimeallaí ríthábhachtach don spás, don tslándáil agus don chosaint i bhfianaise a suíomhanna straitéiseacha agus a gcumas uathúil, mar a shonraítear sa Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le Straitéis Spáis an Aontais um Shlándáil agus Cosaint. Go háirithe, Lárionad Spáis na Guáine i nGuáin na Fraince agus tionscadail eile spásfoirt atá ag teacht chun cinn sna réigiúin is forimeallaí, rannchuidíonn siad le rochtain uathrialach agus athléimneacht an Aontais i leith an spáis a neartú.
Cuireann an Coimisiún uirlisí digiteacha chun cinn sna réigiúin is forimeallaí trí ghréasán na Mol Nuálaíochta Digití Eorpach agus trí na moil shonracha sna réigiúin is forimeallaí arna gcistiú ag an gClár don Eoraip Dhigiteach (DIGITAL), lena soláthraítear deiseanna oiliúna agus le haghaidh líonrú. Is féidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta cistiú comhlántach a sholáthar do mhoil (Smart Island Hub [Mol na nOileán Cliste] i Maidéara) nó infheistíocht a dhéanamh in earnálacha nua a fhorbairt (eGames Lab [Saotharlann físchluichí] chun tionscal físchluichí a fhorbairt i Maidéara).
Sa chéad tuarascáil uaidh maidir le Staid na Deacáide Digití, mhol an Coimisiún go gcomhlánódh na Ballstáit infheistíocht phríobháideach chun bearnaí nascachta na réigiún is forimeallaí dá gcuid a laghdú agus chun scileanna digiteacha a chothú. Tá roinnt ionstraimí cistiúcháin de chuid an Aontais ar fáil chun an t‑oideachas a dhigitiú. Tacaíonn CFRE leis na hOileáin Chanáracha lena bPlean don Oideachas Digiteach a chur chun feidhme. Tacaíonn plean téarnaimh agus athléimneachta na Portaingéile le trealamh digiteach agus oiliúint múinteoirí i Maidéara (EUR 22 mhilliún). Tríd an tionscnamh Guyane connectée, combler les écarts [An Ghuáin nasctha, na bearnaí a laghdú] dá cuid, tá sé d’aidhm ag Guáin na Fraince nascacht satailíte a uasghrádú agus soláthar cumhachta i seomraí ranga a dhaingniú.
Spreag an Coimisiún rannpháirtíocht na réigiún is forimeallaí i seimineáir ghréasáin Líonra na nOifigí um Inniúlachtaí Leathanbhanda maidir le cáblaí cliste fomhuirí, maidir le nascacht satailíte, agus maidir le Glaonna digiteacha SCE ar thograí. Léirigh an líonra sin físeáin ar fhorbairt an leathanbhanda in La Réunion agus sna hOileáin Chanáracha. Reáchtáladh dhá sheimineár gréasáin thiomnaithe maidir le deiseanna faoin bPacáiste Nascachta in 2024.
2.COMHAR LE RÉIGIÚIN EORPACHA EILE, LE TÍORTHA COMHARSANACHA AGUS NÍOS FAIDE i gCÉIN
Interreg agus comhar le NDICI-An Eoraip Dhomhanda agus ionstraimí maoinithe tíortha agus críoch thar lear
Tá suíomh geografach na réigiún is forimeallaí ina phríomhshócmhainn le haghaidh leasanna domhanda an Aontais. Dá bhrí sin, thug an Coimisiún aird ar leith ar na réigiúin is forimeallaí san athbhreithniú ar straitéisí agus ar chomhaontuithe comhpháirtíochta idir an tAontas agus codanna den domhan ina bhfuil na réigiúin is forimeallaí suite, agus comhar leis na tíortha agus críocha thar lear á spreagadh aige.
Sa Chlár Oibre nua don chaidreamh idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib (LAC), cuirtear láithreacht an Aontais sa réigiún sin i dtábhacht, trí na réigiúin is forimeallaí, mar shócmhainn don chomhpháirtíocht sin, agus beartaítear an comhar idir Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib, na réigiúin is forimeallaí agus tíortha agus críocha thar lear, a neartú. Faoin gComhaontú Comhpháirtíochta idir an tAontas agus Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin, a síníodh in 2023, spreagann na prótacail don Afraic agus do Mhuir Chairib an comhar réigiúnach leis na réigiúin is forimeallaí agus le tíortha agus críocha thar lear.
Rinne an Coimisiún uasghrádú ar ghné sheachtrach chláir Interreg 2021-2027 le haghaidh na réigiún is forimeallaí trí fhoráil gur cheart baint le tionscadail a bheith ag amháin ar a laghad tír comhpháirtíochta chomharsanach amháin agus/nó ag tír nó críoch amháin thar lear. In 2014-2020, d’fhorbair na réigiúin is forimeallaí roinnt tionscadal Interreg chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna, e.g. an comhrac in aghaidh sargassum nó práinnfhreagairt chomhtháite ar thubaistí réigiúnacha. Leanann sé sin ar aghaidh faoi chláir 2021-2027, lena ndéantar níos mó ná EUR 19 milliún a thiomnú don oiriúnú don athrú aeráide.
Chun go bhféadfaidh Interreg agus na hionstraimí cistiúcháin sheachtraigh gníomhaíochtaí comhpháirteacha a mhaoiniú, le Rialachán Interreg, le Rialachán NDICI-an Eoraip Dhomhanda agus leis an gCinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear lena n-áirítear an Ghraonlainn (DOAG) déantar foráil maidir le cistiú a chomhcheangal. Go sonrach, tá na coinníollacha á leagan síos ag ranna an Choimisiúin go gcuimseofar buiséad breise measta (EUR 15 mhilliún) ó NDICI do chláir Interreg Mhaidéara-na nAsór‑na nOileán Canárach (MAC) agus an Aigéin Indiaigh. Beidh tionscadal ATLANTE, arna ghlacadh ag comhpháirtithe chlár MAC, ríthábhachtach chun an cuspóir sin a bhaint amach. D’fhormheas an Coimisiún buiséad EUR 15 mhilliún freisin ó leithdháileadh faoin gCinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear chun comhar inréigiúin idir tíortha agus críocha thar lear agus a gcomharsana a chothú, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí. Thionscain an Coimisiún plé (e.g. ag Fóram 2024 na dTíortha agus Críocha Thar Lear agus an Aontais) faoi ghníomhaíochtaí tosaíochta coiteanna sa nascacht dhigiteach (bonneagar) agus sa gheilleagar gorm agus glas.
Le tacaíocht ó chláir amhail Fís Eorpach agus Interreg Atlantach, tá na hAsóir, Maidéara agus na hOileáin Chanáracha ag comhoibriú le réigiúin Atlantacha eile an Aontais maidir leis an mbainistiú bruscair mhuirí (tionscadal Free LitterAT) agus dícharbónú na gcalafort (tionscadal ENEPORTS).
Trádáil
I gcomhréir le hAirteagal 349 den Chonradh, i bhfianaise spleáchas eacnamaíoch na réigiún is forimeallaí ar líon beag táirgí, ní mór aird thiomnaithe a thabhairt ar a gcaidreamh trádála le tíortha comharsanacha nó le tíortha a tháirgeann earraí comhchosúla, i gcásanna áirithe, tíortha ina bhfuil costais agus caighdeáin sláinte, sábháilteachta agus comhshaoil níos ísle.
Lean an Coimisiún de leasanna na réigiún is forimeallaí a chur san áireamh sa chaibidlíocht maidir le comhaontuithe trádála agus d’aon tionchar a d’fhéadfadh a bheith orthu a mheas, go háirithe sna measúnuithe tionchair inbhuanaitheachta ex ante agus sna meastóireachtaí ex post. I measúnú tionchair inbhuanaitheachta 2023 lena dtacaítear le doimhniú an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche (CCE) eatramhaigh idir an tAontas agus Oirthear agus Deisceart na hAfraice, cuirtear i dtábhacht cás sonrach na réigiún is forimeallaí i ndáil le táirgí talmhaíochta agus leis an iascach. I measúnuithe tionchair inbhuanaitheachta 2024 lena dtacaítear leis an gcaibidlíocht idir an tAontas agus an India, meabhraíodh ábhair imní na réigiún is forimeallaí maidir le siúcra agus cuimsíodh cás‑staidéar ar an earnáil sin, agus rannchuidiú La Réunion leis an gcomhairliúchán poiblí á chur san áireamh. In 2023, sna doiciméid maidir leis an meastóireacht tionchair ar na Comhaontuithe Comhlachais idir an tAontas agus Meiriceá Láir agus idir an tAontas agus an Cholóim, Eacuadór agus Peiriú, ní fhéadfaí a chur as an áireamh go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar bhananaí agus ar shiúcra sna réigiúin is forimeallaí, agus bheadh gá le tuilleadh measúnaithe chun an tionchar sin a shuíomh. Leis an meastóireacht leanúnach ar an CCE idir an tAontas agus Comhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice (SADC), beartaítear anailís tionchair a dhéanamh ar an gcomhaontú maidir leis na réigiúin sin.
Déanann formhór na gcomhaontuithe trádála foráil maidir le clásal coimirce déthaobhach, lena gcumhdaítear na táirgí uile de ghnáth. Ina theannta sin, i gcomhaontuithe áirithe, cuimsítear forálacha sonracha maidir le táirgí talmhaíochta, agus i bhformhór na gcomhaontuithe cuimsítear forálacha coimirce sonracha freisin ar mhaithe leis na réigiúin is forimeallaí. Thairis sin, ní dheonaítear rochtain fhabhrach ar mhargadh an Aontais le haghaidh earraí íogaire talmhaíochta (e.g. siúcra) ach amháin i bhfoirm taraif‑chuótaí, seachas i gcás CCEnna a thugtar i gcrích le tíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC). Eisiatar na táirgí sin ón léirscaoileadh i gcomhaontuithe déthaobhacha uaireanta fiú (e.g. siúcra agus bananaí sa Chreat‑Chomhaontú Ardleibhéil idir an tAontas agus an tSile agus sa chomhaontú trádála eatramhach).
Déanann an Coimisiún faireachán ar thrádáil agus ar mhargadh bananaí an Aontais go tráthrialta trí thuarascálacha margaidh a bhíonn ar fáil go poiblí chun an trédhearcacht margaidh a mhéadú, agus déantar bearta ábhartha chun táirgeadh an Aontais (agus táirgeadh na réigiún is forimeallaí) a chosaint agus iomaíocht chóir a áirithiú, maidir le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad freisin. In 2022, rinne an Coimisiún staidéar ar mhargadh na mbananaí, agus ba é an chonclúid i tuarascáil chríochnaitheach an staidéir go bhfuil cothromaíocht fhoriomlán ann idir leas tháirgeoirí bananaí an Aontais (lena n-áirítear sna réigiúin is forimeallaí), leas na dtíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (a bhfuil rochtain saor ó dhleacht acu le fada an lá ar mhaithe lena bhforbairt), agus an laghdú dleachta d’onnmhaireoirí ó Mheiriceá Laidineach. De réir an mheasúnaithe sin, níor dhíchobhsaigh na hoibleagáidí idirnáisiúnta sin ar an Aontas táirgeadh bananaí an Aontais sna réigiúin is forimeallaí ná i margadh bananaí an Aontais. Bhí POSEI agus na cláir forbartha tuaithe ríthábhachtach chun tacú le táirgeoirí bananaí sna réigiúin is forimeallaí agus chun táirgeadh an Aontais a chaomhnú.
Ar deireadh, chothaigh an Coimisiún rannpháirtíocht pháirtithe leasmhara na réigiún is forimeallaí in idirphlé leis an tsochaí shibhialta agus i gceardlanna Access2Markets (in 2023 agus 2024), chun cuidiú leis an trádáil le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad agus chun feasacht a mhúscailt maidir le comhaontuithe trádála.
An imirce
Tá dianbhrú ar chuid de na réigiúin is forimeallaí ó thaobh na himirce de, amhail na hOileáin Chanáracha, Mayotte agus Guáin na Fraince. Tacaíonn an Coimisiún leis na réigiúin sin le roinnt cistí de chuid an Aontais lenar féidir maoiniú náisiúnta a mhéadú agus a chomhlánú. Sholáthair an Coimisiún an fhéidearthacht go bhféadfadh cistí an bheartais comhtháthaithe – Gníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip (CARE) agus Cúnamh Solúbtha do Chríocha (FAST‑CARE) – tacú le gníomhaíochtaí a bheadh dírithe ar imircigh a lánpháirtiú, amhail rochtain ar an mhargadh saothair agus bearta eile lena n‑áiritheofaí an lánpháirtiú sóisialta fadtéarmach, e.g. i dtithíocht, cúram sláinte, aistriúchán nó oiliúint.
Is iad na trí phríomhchiste de chuid an Aontais a ceapadh chun aghaidh a thabhairt ar an imirce, ar bhainistiú teorainneacha agus ar an tslándáil an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF), an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IBTV, le haghaidh limistéar Schengen) agus an Ciste Slándála Inmheánaí (ISF). Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go dtabharfar aghaidh ar dhúshláin shonracha na réigiún is forimeallaí lena gcláir náisiúnta faoi AMIF, IBTV agus ISF. Ina theannta sin, leis na saoráidí téamacha faoi na cistí sin, leithdháiltear cistiú ar riachtanais atá ag teacht chun cinn nó ar riachtanais gan choinne, lena n-áirítear na riachtanais sin a bhaineann leis na réigiúin is forimeallaí. Spreag an Coimisiún na Ballstáit freisin chun páirt a thabhairt d’údaráis réigiúnacha chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní atá acu. Tacóidh Clár Interreg MAC 2021-2027 (beartas comhtháthaithe) le soghluaisteacht agus le bainistiú imirce (ranníocaíocht EUR 8.5 milliún) chun cistí AMIF agus CSE+ do mhionaoisigh neamhthionlactha, glacadh ag an teorainn agus feachtais feasachta a chomhlánú.
Leis an gclár de chuid naFraincefaoi AMIF, cuirtear i dtábhacht ról na n-údarás réigiúnach agus áitiúil, go háirithe i réimse lánpháirtiú na ndídeanaithe agus na n-imirceach, clár lena ngabhann ráta cómhaoinithe níos airde agus tairseach airgeadais laghdaithe le haghaidh tionscadail incháilithe sna réigiúin is forimeallaí (ó EUR 500 000 go EUR 200 000). Sa chlár de chuid na Portaingéile, tá cruthú lárionad saoráide sealadach in aerfoirt Mhaidéara agus na nAsór á mhaoiniú ag AMIF agus tá sé beartaithe aige tacú le tionscadail lánpháirtíochta imirceach sa dá réigiún. Faoi IBTV, leithdháileadh cistí chun stáisiúin faireachais teorann a athriochtú agus chun iad sin a idirnascadh leis an gcóras faireachais teorann (ilchríochach) náisiúnta. In 2023 agus 2024, d’iarr an Spáinn tacaíocht airgeadais faoi chúnamh éigeandála na saoráidí téamacha chun an brú ar córas glactha na nOileán Canárach a mhaolú (EUR 20 milliún, AMIF) agus chun acmhainneacht an réigiúin sin a neartú chun cúnamh a thabhairt d’inimircigh a thagann isteach ar a cóstaí agus iad a shainaithint (EUR 17.5 milliún, IBTV). Dheonaigh an Coimisiún an tacaíocht airgeadais sin.
Tá an Coimisiún ag déanamh faireacháin ar chás na himirce, ag tacú le múscailt feasachta agus ag spreagadh úsáid chistí an Aontais le haghaidh na himirce. Tá ionadaithe ó na réigiúin sin ar na Coistí Faireacháin le haghaidh chistí imirce na dtrí Bhallstát ag a bhfuil na réigiúin is forimeallaí. In 2022 agus 2023, d’eagraigh an Coimisiún cruinnithe leis an Spáinn agus leis na hOileáin Chanáracha chun an méadú ar an líon imirceach a thagann isteach san oileánra a phlé, go háirithe an líon ard mionaoiseach neamhthionlactha.
Tá baill foirne á n-imscaradh sna hOileáin Chanáracha ag Frontex agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA) araon, agus leis sin, tá siad ag tacú le húdaráis na Spáinne a mhéid a bhaineann leis an mbainistiú teorainneacha seachtracha agus le glacadh na n‑imirceach. Ó bhí 2023 ann, tugann EUAA cúnamh don Spáinn, lena n-áirítear na hOileáin Chanáracha, chun an córas glactha do mhionaoisigh neamhthionlactha a neartú. In 2023, chuir an Coimisiún plean gníomhaíochta isteach maidir um bealaí imirce na Meánmhara Thiar agus an Atlantaigh ina raibh bearta lena ndírítear ar chomhar le tíortha tionscnaimh agus ar idirthuras na n-imirceach neamhrialta.
Méadaítear na hiarrachtaí sin ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach. Shínigh an Spáinn comhaontú comhair (EUR 50 milliún) leis na hOileáin Chanáracha faoi bhuiséad náisiúnta 2022 chun aghaidh a thabhairt ar an méadú atá ag teacht ar an líon mionaoiseach neamhthionlactha. Leithdháil na hOileáin Chanáracha cistí dá gcuid féin chun cistiú an Aontais le haghaidh mionaoisigh neamhthionlactha a chomhlánú agus d’fhorbair siad cláir shonracha i ndáil le haistriú na mionaoiseach sin i leith aois duine fhásta.
3.COMHPHÁIRTÍOCHT, IDIRPHLÉ AGUS TACAÍOCHT NEARTAITHE
Tá an t‑idirphlé leis na réigiúin is forimeallaí neartaithe go suntasach ag an gCoimisiún le hidirphlé bliantúil foirmiúil in aghaidh an réigiúin ar leibhéal an Choimisinéara. Leis sin, is féidir straitéis forbartha gach réigiúin a phlé, mar aon le conas is féidir leis an Aontas tacú leis sin, agus réitigh a lorg chun scrogaill ó thaobh na rialála nó an chistithe de a shárú. Eagraíonn an Coimisiún go leor cruinnithe freisin lena dtugtar roinnt ranna de chuid an Choimisiúin agus an réigiún agus na Ballstáit ábhartha le chéile chun gníomhaíocht shaincheaptha choincréiteach le haghaidh gach réigiúin a phlé.
Tá obair leantach déanta ag an gCoimisiún maidir lena ghealltanas cuidiú leis na réigiúin is forimeallaí tairbhiú de dheiseanna tacaíochta éagsúla de chuid an Aontais. D’fhorbair sé sraith ceardlann thiomnaithe maidir le cláir iomaíocha an Aontais (an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, an Eoraip Dhigiteach, LIFE; Erasmus+, Fís Eorpach, Eoraip na Cruthaitheachta, agus Clár an Mhargaidh Aonair), agus sholáthair siad faisnéis maidir leis na glaonna ábhartha uile ar thionscadail, agus chruthaigh siad uirlis chomhairleach le haghaidh na réigiún sin go heisiach. Thacaigh an uirlis chomhairleach nua ar éileamh le raon leathan páirtithe leasmhara poiblí agus príobháideacha maidir le conas straitéisí um fhorbairt réigiúnach a fhorbairt nó a chur chun feidhme, agus chun sineirge idir deiseanna faoi chistí agus cláir an Aontais a chumasú. D’fhormheas an Coimisiún tacaíocht do 23 iarraidh ar sheirbhísí comhairleacha i líon leathan réimsí.
Ní mór do na réigiún is forimeallaí leanúint dá n-acmhainneacht riaracháin a neartú, maidir le cláir an bheartais comhtháthaithe chomh maith, le tacaíocht óna mBallstáit agus trí úsáid iomlán a bhaint as an mbuiséad um chúnamh teicniúil a chuirtear ar fáil dóibh faoi na cláir sin. Tá an acmhainneacht riaracháin ríthábhachtach freisin go mbeifear in ann tabhairt faoi na hathchóirithe is gá chun an leas is fearr is féidir a bhaint as na hinfheistíochtaí.
Spreag an Coimisiún na réigiúin is forimeallaí chun tacaíocht a iarraidh ón Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil agus rinne sé teagmháil leis na réigiúin sin sa tréimhse inar rolladh amach an ionstraim in 2023 agus 2024 sa Fhrainc, sa Phortaingéil agus sa Spáinn. In 2023, sholáthair an Coimisiún tacaíocht theicniúil do na réigiúin is forimeallaí Fhrancacha trí thionscadal lenar tacaíodh le hathchóirithe lena neartaítear acmhainneacht na réigiún is forimeallaí chun rochtain a fháil ar chistiú faoi chláir chothrománacha an Aontais. Sheol sé tionscnamh suaitheanta maidir le ‘Bacainní ar an bhfás réigiúnach a shárú’, lenar spreagadh iarratais ó na réigiúin is forimeallaí go sonrach. In 2024, tacóidh an Coimisiún leis na réigiúin is forimeallaí Fhrancacha chun eolas na saoránach ar an airgeadas digiteach a fheabhsú, lena n-áirítear trí ábhar oideachais a sholáthar.
Státchabhair
Leanann an Coimisiún de shainiúlachtaí na réigiún is forimeallaí a chur san áireamh chun tacú le beagmhéid a ngeilleagar agus léirigh sé iad san athbhreithniú ar rialacháin agus ar threoirlínte maidir le Státchabhair ar fud na n-earnálacha. Mar shampla, i gCreat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe athbhreithnithe 2023, shocraigh an Coimisiún go mbeadh sé indéanta tacaíocht níos airde a sholáthar d’infheistíochtaí sna réigiúin is forimeallaí. In athbhreithniú 2023 ar Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine chuimsigh an Coimisiún bónas 15 % de dhéine cabhrach le haghaidh tionscadail taighde tionsclaíoch agus tionscadail thurgnamhacha sna réigiúin is forimeallaí i limistéar fóirithinte áirithe, rud a d’éascaigh, dá bhrí sin, tacaíocht mhéadaithe do thionscadail T&F sna réigiúin sin, agus choinnigh sé forálacha fabhracha maidir le cabhair réigiúnach ar bun lena rabhthas in ann cuideachtaí sna réigiúin sin a chúiteamh as costais bhreise oibriúcháin mar aon le déine cabhrach níos airde le haghaidh cabhair infheistíochta. Ina theannta sin, ghlac an Coimisiún in 2023 Rialachán nua ginearálta de minimis agus Rialachán nua de minimis maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, lena méadaítear na huasteorainneacha in aghaidh an ghnóthais ó EUR 200 000 go EUR 300 000 agus ó EUR 500 000 go EUR 750 000 thar thréimhse 3 bliana faoi seach – rud dá dtairbheoidh na cuideachtaí sna réigiúin is forimeallaí. Thairis sin, leasaíodh na Treoirlínte maidir le Státchabhair Réigiúnach chun déine cabhrach mhéadaithe suas le 10 % a cheadú do thionscadail a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin maidir leis an Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP).
CONCLÚIDÍ
Maidir le cur chun feidhme na Teachtaireachta Tús áite a thabhairt do dhaoine, fás inbhuanaithe cuimsitheach a áirithiú, leas a bhaint as acmhainneacht na réigiún is forimeallaí san Aontas, tá sé ar an mbóthar ceart. I mbeagán de bhreis ar 2 bhliain, chomhlíon an Coimisiún roinnt mhaith dá chuid gealltanas trí shainiúlachtaí na réigiún is forimeallaí a léiriú san iliomad beartas, tograí reachtacha, tionscnamh agus tionscadal. Tá na réigiúin is forimeallaí agus a mBallstáit ag rannchuidiú freisin le Teachtaireacht 2022 agus a moltaí a chur chun feidhme, trí thionscnaimh náisiúnta nó réigiúnacha éagsúla a fhorbairt, amhail athchóirithe, dlíthe agus pleananna, scéimeanna tacaíochta airgeadais agus tionscadail.
Bhí ról lárnach ag infheistíochtaí arna gcistiú ag an mbeartas comhtháthaithe sna réigiúin is forimeallaí agus leanann siad de ról a bheith acu. Maidir le cistí agus cláir eile de chuid an Aontais, amhail an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe, POSEI agus LIFE, bhí tionchair dhearfacha shuntasacha acu ar na réigiúin sin i réimsí an iompair, an digitithe, na talmhaíochta agus an chomhshaoil.
Thairis sin, chumhdaigh an Coimisiún sainiúlachtaí na réigiún is forimeallaí i roinnt mhaith beartas de chuid an Aontais, amhail gníomhú ar son na haeráide (Scéim Trádála Astaíochtaí), iascach (cabhair de minimis do chabhlach iascaireachta beag), Státchabhair (Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine), an digitiú (Pacáiste Nascachta), nascacht iompair (Gréasán Tras‑Eorpach Iompair), agus trádáil (measúnuithe tionchair inbhuanaithe). Tá uirlisí agus deiseanna sonracha cruthaithe ag an gCoimisiún freisin (e.g. uirlis chomhairleach thiomnaithe agus ceardlanna tiomnaithe, tionscadal óige) chun cuidiú leis na réigiúin is forimeallaí na deiseanna éagsúla maidir le tacaíocht ón Aontas a thapú, deiseanna a bhfuil siad ag tairbhiú díobh níos minice anois.
Ní mór leanúint de na hiarrachtaí sin. Mar a cuireadh i dtábhacht sa 9ú Tuarascáil faoin gComhtháthú, tá OTI per capita faoi bhun 75 % de mheán an Aontais ag formhór na réigiún is forimeallaí agus tá cuid de na réigiúin sin i sáinn ó thaobh na forbartha réigiúnaí de (nó i mbaol a bheith i sáinn dá leithéid). Chun an bhearna i ndálaí maireachtála a laghdú i gcomparáid le mór‑roinn na hEorpa, tá sé ríthábhachtach leanúint d’infheistíocht a dhéanamh i gcumhdach na mbunriachtanas, e.g. uisce agus tithíocht, agus aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht (fuinnimh).
I gcomhréir le hAirteagal 349 den Chonradh, leanfaidh an Coimisiún d’aird ar leith a thabhairt agus de bhearta a sholáthar a bheidh curtha in oiriúint do shrianta buana na réigiún is forimeallaí. Tá tacaíocht shaincheaptha an Aontais ríthábhachtach do na réigiúin is forimeallaí agus dá saoránaigh chun forbairt a dhéanamh agus tairbhiú de bheith ina gcuid den mhargadh aonair. Áirítear leis sin aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an aistrithe ghlais, an aistrithe dhigitigh agus an aistrithe dhéimeagrafaigh agus an leas is mó is féidir a bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil leo. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin le haghaidh na réigiún sin, agus le haghaidh an Aontais ina iomláine, ar féidir leis tairbhiú dá n-acmhainneacht in earnálacha straitéiseacha amhail an spás, fuinnimh in-athnuaite, an bhithéagsúlacht nó an geilleagar gorm, agus de na deiseanna a chuireann na réigiúin sin ar fáil chomh maith chun teagmháil a dhéanamh le hilchríocha agus réigiúin eile ar fud an domhain. Chun leas a bhaint as an acmhainneacht sin, leanfaidh an Coimisiún de thacú leis na réigiúin is forimeallaí i réimsí amhail iompar, talmhaíocht, iascach, trádáil, imirce agus saincheisteanna sóisialta, i measc réimsí eile.
Ó thaobh iarrachtaí an Aontais de chun tacú le forbairt na réigiún is forimeallaí agus feabhas a chur ar a chás eacnamaíoch agus sóisialta, ní mór do na réigiúin iad féin na hiarrachtaí sin a mheaitseáil, mar aon lena mBallstáit. Tá géarghá fós le straitéisí forbartha, athchóirithe agus infheistíochtaí iomchuí chun éagothromaíochtaí leis an gcuid eile den Aontas a laghdú. Go sonrach, tá sé ríthábhachtach tacú le seirbhísí poiblí agus le poist a chruthú sna réigiúin sin, lena n-áirítear tríd an acmhainneacht riaracháin a neartú trí úsáid a bhaint as na deiseanna atá ar fáil ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Ina theannta sin, tá tacaíocht an Aontais agus tacaíocht náisiúnta don chomhar le tíortha comharsanacha ríthábhachtach chun a áirithiú go mbeidh na réigiúin is forimeallaí comhtháite go maith i slabhraí luacha réigiúnacha agus domhanda.