AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,11.9.2024
COM(2024) 404 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
Tuarascáil 2024 ar Staid an Aontais Fuinnimh
(de bhun Rialachán (AE) 2018/1999 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide)
1.RÉAMHRÁ
Tá an beartas fuinnimh ríthábhachtach d’iomaíochas, slándáil agus dícharbónú na hEorpa i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050, agus chun cuspóirí maidir le truailliú nialasach, cosaint na bithéagsúlachta agus an geilleagar ciorclach a bhaint amach. Faoin gComhaontú Glas don Eoraip, tá creat beartais fuinnimh atá cobhsaí agus uaillmhianach curtha i bhfeidhm ag an Aontas, rud a léiríonn gurb ionann fuinneamh agus timpeall 75 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT).
In 2023 agus 2024, rinne an Coimisiún comhdhlúthú ar an gcreat beartais is gá chun ár ngealltanais idirnáisiúnta agus spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais a bhaint amach. Trí theacht ar chomhaontuithe polaitiúla maidir leis na príomhchomhaid reachtacha uile sa Phacáiste ‘Oiriúnach do 55’, tá bealach soiléir réitithe ag an Aontas Eorpach i dtreo a spriocanna 2030.
Mar gheall ar chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine agus an úsáid atá á baint aici as an bhfuinneamh mar uirlis troda, tá slándáil fuinnimh na hEorpa agus, dá réir sin, slándáil eacnamaíoch na hEorpa faoi bhagairt. Mar fhreagairt air sin, sheol an tAontas Plean REPowerEU chun deireadh a chur de réir a chéile leis an spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise agus rinne sé na gníomhaíochtaí éigeandála is gá chun slándáil fuinnimh a bhaint amach agus chun margaí a chobhsú.
Le blianta beaga anuas, tá luas na suiteála cumhachta in‑athnuaite ag an leibhéal is airde riamh. Tá an tAontas tar éis a spleáchas ar ghás iontaise na Rúise a laghdú freisin, agus leis an gcoigilteas fuinnimh cuireadh teorainn le tomhaltas. Mar sin féin, tá dúshláin fós roimh shlándáil fuinnimh an Aontais, ó spleáchas ar allmhairí agus rioscaí slándála go méadú ar bhagairtí ón athrú aeráide agus ó dhíghrádú an chomhshaoil. Tá dúshlán mór roimh thionscal na hEorpa maidir lena iomaíochas mar gheall ar iomaíocht mhéadaitheach ón tSín, ar dhifreálaigh praghsanna arda fuinnimh i gcomparáid le hiomaitheoirí tionsclaíocha eile amhail na Stáit Aontaithe agus ar spleáchais straitéiseacha a d’fhéadfadh a bheith ann ar theicneolaíochtaí fuinnimh ghlain. Ar an gcaoi chéanna, tá billí arda fuinnimh le híoc ag saoránaigh mar aon leis an gcostas maireachtála atá ag dul i méid, rudaí a laghdaíonn a gcumhacht ceannaigh a thuilleadh.
Thairis sin, ní mór an luas i dtreo spriocanna an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh in‑athnuaite a mhéadú a thuilleadh chun a áirithiú go mbainfear amach iad.
Tá an t‑aistriú chuig fuinneamh glan ríthábhachtach maidir le fuinneamh slán, inbhuanaithe, iomaíoch agus inacmhainne le haghaidh gnólachtaí agus saoránach chun an tionscal (earnálacha tionsclaíocha agus iompair a bhfuil sé deacair srian a chur leo agus earnálacha na teicneolaíochta glaine go háirithe) agus poist ardcháilíochta san Aontas a choimeád agus le haghaidh shlándáil eacnamaíoch na hEorpa. Éilíonn an comhthéacs geo‑eacnamaíoch foriomlán ar an gCoimisiún agus ar an Aontas torthaí nithiúla a bhaint amach.
Chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, tá sprioc idirmheánach 2030 leagtha síos ag an Aontas maidir le laghdú 55 % ar a laghad a dhéanamh ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomparáid le 1990 le creat beartais fuinnimh agus aeráide iomlán ‘Oiriúnach do 55’, agus tá sprioc aeráide idirmheánach 2040 de 90 % molta ag an gCoimisiún Eorpach. Mar chuid dár ngealltanas a bheith ar an gcéad mhór‑roinn aeráidneodrach faoi 2050, tá an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit ag obair chun cuspóirí aeráide agus fuinnimh 2030 a bhaint amach, agus tá torthaí dearfacha le feiceáil le haghaidh saoránach agus gnólachtaí.
Leis an tuarascáil bhliantúil ar Staid an Aontais Fuinnimh, tomhaistear dul chun cinn an Aontais i dtreo chuspóirí an Aontais Fuinnimh, Phlean REPowerEU agus an aistrithe chuig fuinneamh glan i gcomhréir leis na spriocanna fuinnimh agus aeráide.
Tar éis thuarascáil na bliana seo caite ar Staid an Aontais Fuinnimh inar pléadh na dúshláin agus an méid a baineadh amach in 2020‑2023, tugtar an fhaisnéis is nua i dtuarascáil na bliana seo ar an gcaoi ar ghníomhaigh an tAontas ar fhorbairtí agus ar dhúshláin nach bhfacthas a leithéid riamh sa bhliain dheireanach de shainordú an Choimisiúin seo. Tá an tuarascáil roinnte in dhá chuid. Léirítear sa chéad chuid an chaoi a raibh an uaillmhian ard fuinnimh agus aeráide faoin gComhaontú Glas don Eoraip agus faoi Phlean REPowerEU ina bonn do straitéis an Aontais maidir le freagairt ar ghéarchéimeanna. Leagtar amach inti freisin céimeanna chun iomaíochas thionscal na hEorpa a fheabhsú. Sa dara cuid, déantar anailís ar staid na himeartha maidir le cur chun feidhme an Aontais Fuinnimh i ngach ceann dá chúig ghné: dícharbónú; éifeachtúlacht fuinnimh; slándáil fuinnimh; margadh inmheánach fuinnimh; nuálaíocht taighde agus iomaíochas.
|
Staid an Aontais Fuinnimh – na príomhéachtaí
-Ghlac an tAontas na príomhchomhaid fuinnimh agus aeráide uile faoin bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’, lena n‑áirítear leasuithe a eascraíonn as plean REPowerEU chun deireadh a chur go tapa lenár spleáchais, agus an t‑athbhreithniú ar CTA an Aontais, a bhfuil feidhm aige anois maidir le hastaíochtaí muiriompair, lena leasaítear rialacha maidir le leithdháileadh saor in aisce chun dícharbónú tionsclaíoch a dhreasú, agus lena dtugtar sainordú do na Ballstáit an t‑ioncam uile a chaitheamh chun críoch aeráide agus fuinnimh.
-Tá laghdú 32,5
% tagtha cheana féin ar astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais i gcomparáid le 1990, agus d’fhás geilleagar an Aontais thart ar 67 % sa tréimhse chéanna, rud a rinne an fás a dhíchúpláil ó astaíochtaí.
-Le haghaidh astaíochtaí a chumhdaítear le CTA, léirítear sna sonraí a thuairiscigh Ballstáit an Aontais faoin 2 Aibreán 2024 laghdú 15,5 % ar astaíochtaí in 2023, i gcomparáid le leibhéil 2022. Leis an bhforbairt sin, tá astaíochtaí CTA thart ar 47 % faoi bhun leibhéil 2005 anois agus tá siad ar an mbóthar ceart chun sprioc 2030 de -62 % a bhaint amach.
-D’éirigh go maith le bearta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta agus tháinig laghdú as cuimse ar phraghsanna leictreachais agus gáis i gcomparáid leis na buaicphointí in 2022, sna margaí mórdhíola agus miondíola araon. Mar sin féin, tá siad fós ard.
-Bhain an tAontas laghdú 18 % amach ar éileamh ar ghás idir mí Lúnasa 2022 agus mí na Bealtaine 2024. Mar thoradh air sin, sábháladh thart ar 138 mbilliún méadar ciúbach (bmc) gáis. Agus smachtbhannaí an Aontais lena gcuirtear cosc ar allmhairí muiriompartha amhola agus táirgí peitriliam scagtha ón Rúis chomh maith le gual na Rúise, thit allmhairí gáis ón Rúis (píblíne & GNL) ó sciar 45 % d’allmhairí gáis foriomlána an Aontais in 2021, go 18 % suas go dtí mí Lúnasa 2024.
-Chun soláthar gáis na Rúise a ionadú go tapa agus chun slándáil fuinnimh na hEorpa a áirithiú sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma, rinne an tAontas teagmháil le soláthróirí idirnáisiúnta eile. Is iad an Iorua agus na Stáit Aontaithe na soláthróirí gáis is mó san Aontas anois - i gcás gás píblíne agus gás GNL faoi seach - a sholáthraíonn 34 % agus 18 % d’allmhairí gáis an Aontais sa chéad leath de 2024.
-Coimisiúnaíodh 12 chríochfort GNL nua agus sé thionscadal leathnaithe de chríochfoirt atá ann cheana, an líon is mó ná riamh, idir 2022 agus 2024. Ar an iomlán, meastar go mbeidh méadú 70 bmc ar chumas allmhairiúcháin GNL an Aontais go 284 bmc faoi 2024 mar gheall orthu sin.
-Rannchuidigh Ardán an Aontais Eorpaigh um Cheannach Fuinnimh le spriocanna éagsúlaithe an Aontais. Mheall sé níos mó ná 180 cuideachta chun tairiscintí a dhéanamh agus mheaitseáil sé ceannaitheoirí Eorpacha le soláthróirí seachtracha le haghaidh níos mó ná 75 bmc gáis nádúrtha idir 2023 agus 2024.
-Bhí leibhéil stórála gáis an Aontais ag 59 % d’acmhainneacht ón 1 Aibreán 2024, agus shroich siad an líon is airde riamh le haghaidh dheireadh shéasúr an gheimhridh; an 19 Lúnasa 2024, bhain an tAontas amach an sprioc 90 % maidir le hacmhainneacht stórála gáis, níos mó ná 2 mhí roimh spriocdháta an 1 Samhain.
-Ghlac an Coimisiún an chéad liosta de Thionscadail Leasa Choitinn (PCInna) agus de Thionscadail Leasa Fhrithpháirtigh (PMInna) de chuid an Aontais i mí na Samhna 2023 chun cuidiú le líonra bonneagair a thógáil ar fud na hEorpa atá oiriúnach dár gcuspóirí uaillmhianacha maidir le héagsúlú agus dícharbónú.
-Cuireadh síos an Plean Gníomhaíochta um Eangacha agus tabharfar aghaidh ann ar na príomhdhúshláin a bhaineann le heangacha tarchurtha agus dáileacháin leictreachais an Aontais a leathnú, a dhigitiú agus a úsáid ar bhealach níos fearr.
-Cuideoidh an Gníomh um an Tionscal Glan‑nialasachta agus an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla, a tháinig i bhfeidhm in 2024, le hathléimneacht an tslabhra soláthair a neartú trí fhoinsiú éagsúlaithe agus tógfar leo bonn láidir monaraíochta intíre le haghaidh teicneolaíochtaí glan‑nialasacha. Le rialacha comhchuibhithe nua an Aontais maidir le héicidhearthóireacht, rannchuideofar freisin le costais fuinnimh a laghdú le haghaidh gnólachtaí agus saoránaigh Eorpacha.
-Sháraigh gaoth giniúint gáis le bheith ar an dara foinse leictreachais is mó de chuid an Aontais taobh thiar den earnáil núicléach. Agus 56 GW toilleadh nua grianfhuinnimh suiteáilte in 2023, tá an leibhéal is airde riamh socraithe ag an Aontas ón 40 GW breise a suiteáladh in 2022. Bhí toilleadh suiteáilte carnach iomlán 221 GW ag fuinneamh gaoithe ar tír agus amach ón gcósta san Aontas, (201 GW ar tír; 19 GW amach ón gcósta), agus 16 GW suiteáilte in 2023.
-Bunaíodh an Banc Eorpach Hidrigine, arna mhaoiniú ó Chiste CTA an Aontais don Nuálaíocht, agus rinne sé an chéad bhabhta rathúil de cheantanna an Aontais lenar dámhadh beagnach EUR 720 milliún do sheacht dtionscadal hidrigine in‑athnuaite san Eoraip.
-Ag tús mhí Feabhra, sheol an Coimisiún an Chomhghuaillíocht Thionsclaíoch Eorpach um Imoibreoirí Modúlacha Beaga (SMRanna) lena gcuirfear dlús le forbairt, taispeáint agus cur chun feidhme na chéad tionscadail SMR san Aontas faoi thús 2030.
-I mí Dheireadh Fómhair 2023, d’fhoilsigh an Coimisiún Teachtaireacht maidir leis an athbhreithniú ar an bPlean Straitéiseach um Theicneolaíocht Fuinnimh (SET), an phríomhionstraim chun colún taighde, nuálaíochta agus iomaíochais an Aontais Fuinnimh a chur chun feidhme.
-Maidir le cur chun feidhme na bPleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta (RRPanna), faoi lár mhí an Mheithimh 2024, tá níos mó ná EUR 240 billiún eisíoctha ag an Aontas leis na Ballstáit chun na bearta a chur chun feidhme ina bpleananna. Tá os cionn EUR 184 bhilliún leithdháilte ag na Ballstáit chun tacú le hathchóirithe agus infheistíochtaí a bhaineann le fuinneamh ó seoladh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.
-Lean cláir an Bheartais Chomhtháthaithe 2021‑2027 de phríomhthacaíocht a sholáthar d’infheistíochtaí san earnáil fuinnimh, agus EUR 83 bhilliún (lena n‑áirítear cómhaoiniú náisiúnta) san iomlán leithdháilte ar thosaíochtaí an Aontais Fuinnimh. Is féidir tuilleadh tacaíochta a thabhairt do theicneolaíochtaí glana trí chistí comhtháthaithe leis an Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip.
-Le bearta tacaíochta a tugadh isteach arb é is aidhm dóibh faoiseamh a thabhairt do theaghlaigh agus do ghnólachtaí in aghaidh praghsanna arda fuinnimh, cuidíodh le tionchair na géarchéime fuinnimh ar chostais mhaireachtála a mhaolú.
-Cé gur léiríodh sa mheasúnú ar na dréachtphleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide atá cothrom le dáta (PNFAnna) i mí na Nollag 2023 go bhfuil rún daingean ag na Ballstáit dlús a chur le gníomhaíocht ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach chun spriocanna ‘Oiriúnach do 55’ agus REPowerEU a chomhlíonadh, tá bearnaí uaillmhéine ann, lena n‑áirítear scrogaill agus naisc atá in easnamh le haghaidh bonneagair chomhtháite i dtreo spriocanna 2030 an Aontais agus chun athléimneacht in aghaidh tionchair aeráide a fheabhsú. Rinne an Coimisiún moltaí agus tá sé ag obair go dlúth leis na Ballstáit chun tacú le spriocanna 2030 an Aontais a bhaint amach go tráthúil sna PNFAnna deiridh atá cothrom le dáta.
-Tá tacaíocht don Úcráin, lena n‑áirítear a hearnáil fuinnimh fós ina príomhthosaíocht ag an gCoimisiún agus ag gach ceann de na 27 mBallstát. Meastar gur sholáthair Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta (UCPM) thart ar EUR 900 milliún chun tacú leis an Úcráin. Tá Ciste Tacaíochta Fuinnimh na hÚcráine (UESF) tar éis é féin a bhunú mar phríomhuirlis tacaíochta chun trealamh fuinnimh a sholáthar, amhail seachadadh na mílte gineadóirí agus claochladán cumhachta agus tá níos mó ná EUR 500 milliún slógtha aige faoi mhí Lúnasa 2024. Le Saoráid an Aontais don Úcráin, dar luach EUR 50 billiún, a bhfuil Plean na hÚcráine ina bhonn taca léi, soláthrófar cistiú comhsheasmhach chun cabhrú le téarnamh na hÚcráine agus chun fás eacnamaíoch inbhuanaithe a neartú go dtí 2027 agus chun EUR 96 mhilliún a chistiú ar leithligh do Chiste Tacaíochta Fuinnimh na hÚcráine le cistí breise do gheimhreadh 2024, chun tacaíocht a sholáthar do chóras fuinnimh na hÚcráine.
-Lean an tAontas d’iarrachtaí idirnáisiúnta taidhleoireachta fuinnimh agus aeráide a dhéanamh chun allmhairí fuinnimh a éagsúlú agus chun an caidreamh le comhpháirtithe idirnáisiúnta a neartú agus chun tacú lena chomhpháirtithe ina n‑aistriú agus ina rochtain ar fhuinneamh. Ag COP 28, d’fhógair an tAontas an gealltanas domhanda maidir le toilleadh fuinnimh in‑athnuaite a mhéadú faoi thrí agus ráta na bhfeabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh a dhúbailt faoi 2030, gealltanas a d’fhormhuinigh 132 thír, agus aithníodh a chuspóirí sa chinneadh maidir leis an gcéad Athbhreithniú Domhanda. Thairis sin, ag COP 28, tá gealltanas tugtha ag an Aontas deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais neamhéifeachtúla breoslaí iontaise, agus d’fhógair sé gealltanas de bhreis agus EUR 20 billiún ó Fhoireann na hEorpa don Tionscnamh um Fhuinneamh Glas idir an Afraic agus an Eoraip
mar chuid de Phacáiste Infheistíochta Global Gateway idir an Afraic agus an Eoraip. An tráth céanna, gheall 25 thír, lena n‑áirítear 12 Bhallstát, acmhainneacht fuinnimh núicléach a mhéadú faoi thrí faoi 2050.
-Tá an tAontas i gceannas ar iarrachtaí domhanda chun astaíochtaí meatáin ó earnáil an fhuinnimh a laghdú tríd an nGealltanas Domhanda maidir le Meatán. Seoladh a sheachtháirge, an tionscnamh um Meatán Orgánach a Ísliú (Meatán-ÍSEAL), lena dtugtar aghaidh ar astaíochtaí meatáin ó earnáil na dramhaíola, ag COP29. Thairis sin, lean an tAontas de ról lárnach a bheith aige sa tionscnamh Mission Innovation, arb é a phríomhfhóram domhanda é chun gníomhaíocht agus infheistíocht sa taighde, san fhorbairt agus sa taispeántas a spreagadh chun fuinneamh glan a dhéanamh inacmhainne, tarraingteach agus inrochtana do chách.
-Ar an gcaoi chéanna, bhí ról ríthábhachtach ag an Aontas maidir le Creat Domhanda Bithéagsúlachta Kunming-Montreal a ghlacadh, chun aghaidh a thabhairt ar an gcailliúint bithéagsúlachta, rud atá ríthábhachtach don mhaolú ar an athrú aeráide agus don oiriúnú don athrú aeráide.
|
2.AISTRIÚ SLÁN AGUS IOMAÍOCH FUINNIMH AGUS AERÁIDE TRÍD AN gCOMHAONTÚ GLAS DON EORAIP AGUS TRÍD AN bPLEAN REPOWEREU
I mí na Bealtaine 2022, d’fhreagair an Coimisiún d’éileamh na Comhairle Eorpaí deireadh a chur de réir a chéile le spleáchas na hEorpa ar allmhairí fuinnimh na Rúise a luaithe is féidir trí
Phlean REPowerEU
a ghlacadh. Ba é an cuspóir a bhí ann spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise na Rúise a laghdú go tapa, ní hamháin trí fhuinneamh a shábháil agus ár soláthairtí a éagsúlú, ach go háirithe trí oibriú i dtreo an chuspóra fhadtéarmaigh chun dlús a chur leis an aistriú glan trí dhlús a chur le húsáid foinsí fuinnimh in‑athnuaite agus trí bhearta éifeachtúlachta fuinnimh, ag dul i gcomhar le chéile chun córas fuinnimh níos athléimní agus fíor‑Aontas Fuinnimh a bhaint amach. Tháinig an t‑éileamh céanna ó na saoránaigh i gcomhthéacs na
Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa
.
An tráth céanna, ghlac an tAontas an chuid is mó de chomhaid aeráide agus fuinnimh ‘Oiriúnach do 55’ agus REPowerEU, rud a d’fhág gur féidir spriocanna aeráide agus fuinnimh 2030 a bhaint amach arna neartú ag REPowerEU. Tá sé sin ríthábhachtach chun an Eoraip a choinneáil ar an mbóthar ceart i dtreo na haeráidneodrachta, chun dul chun cinn a dhéanamh maidir le hoiriúnú don athrú aeráide i gcomhréir leis an Dlí Aeráide Eorpach, agus chun feabhas a chur ar athléimneacht, iomaíochas agus neamhspleáchas straitéiseach gheilleagar an Aontais os comhair rás domhanda na dteicneolaíochtaí glana. Thairis sin, tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, thug an Coimisiún cúnamh do 17 mBallstát REPowerEU a chur chun feidhme trí athchóirithe agus infheistíochtaí a shainaithint chun deireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí breoslaí iontaise ón Rúis.
A bhuí leis na gníomhaíochtaí a rinneadh cheana agus leis an aontacht agus an diongbháilteacht a léiríodh agus an ghéarchéim á láimhseáil, tá an tAontas tar éis an chuid is mó de spriocanna gearrthéarmacha REPowerEU a shárú go comhchoiteann go dtí seo, amhail allmhairí na Rúise a laghdú go mór, agus tá bearta tráthúla déanta aige lena leagtar síos foras láidir chun cuspóirí meántéarmacha go fadtéarmacha an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach. Mar sin féin, d’ainneoin uaillmhianta méadaithe, tá gá fós le hiarrachtaí de réir mheasúnú an Choimisiúin ar na dréacht‑PNFAnna atá cothrom le dáta a cuireadh isteach in 2023, lena sainaithnítear bearna uaillmhéine maidir le spriocanna aeráide, in‑athnuaite agus éifeachtúlachta fuinnimh 2030 a chomhlíonadh. Thairis sin, níor chuir ach 10 mBallstát a bpleananna deiridh isteach go dtí seo, agus is cúis mhór imní é sin.
2.1. Fuinneamh a Shábháil agus allmhairí breoslaí iontaise ón Rúis a Laghdú
Gníomhaíochtaí láithreacha atá dírithe ar fhuinneamh a shábháil agus ar éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú mar an bealach is glaine agus is saoire chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim fuinnimh. Leis na gníomhaíochtaí a rinneadh faoi REPowerEU, bhíothas in ann ceann de na laghduithe is géire riamh ar an éileamh ar ghás a bhaint amach.
I gcomhthráth le smachtbhannaí an Aontais lena gcuirtear cosc ar allmhairí muiriompartha amhola agus táirgí peitriliam scagtha ón Rúis chomh maith le gual na Rúise, thit allmhairí gáis ón Rúis (píblíne & GNL) ó sciar 45 % d’allmhairí foriomlána gáis an Aontais in 2021 go dtí 18 % sa chéad leath de 2024 (ó 150,2 go 25,4 bmc), agus tháinig laghdú 72 % ar an méid bliantúil a allmhairíodh in 2023 ó bhí 2021 ann. Is éachtaí móra iad sin, rud a chuireann an tAontas ar an mbóthar ceart chun deireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí breoslaí iontaise ón Rúis a luaithe is féidir. Bhí iarmhairtí móra aige sin freisin ar an Rúis, ar tháinig laghdú níos mó ná 70 % ar a hioncam ó ghás píblíne agus GNL araon a dhíol leis an Aontas ó bhuaic na géarchéime in 2022. Le déanaí, rinneadh gníomhaíocht chun díriú ar ioncam GNL na Rúise ar bhealach níos sonraí. Tar éis an 14ú pacáiste smachtbhannaí a glacadh an 24 Meitheamh 2024, cuirfidh an tAontas toirmeasc ar sheirbhísí athlódála GNL na Rúise i gcríoch an Aontais chun críche oibríochtaí trasloingsithe chuig tríú tíortha, agus cuirfidh sé toirmeasc ar infheistíochtaí nua, chomh maith le hearraí, teicneolaíochtaí agus seirbhísí a sholáthar chun tionscadail GNL na Rúise atá á dtógáil a thabhairt chun críche, amhail GNL 2 an Artaigh agus GNL Murmansk.
Sháraigh an tAontas a sprioc dheonach an t‑éileamh ar ghás a laghdú 15 % mar a bunaíodh leis an
Rialachán éigeandála maidir le Bearta Comhordaithe an Aontais chun an tÉileamh ar Ghás a Laghdú
. Ar an iomlán, laghdaigh an tAontas a éileamh ar ghás 18 % ó mhí Lúnasa 2022 go mí na Bealtaine 2024 agus sábháladh 138 mbilliún méadar ciúbach gáis (bmc). Is torthaí comhcheangailte iad na coigiltis sin ar iarrachtaí na mBallstát, na ngnólachtaí agus na saoránach, rud a chuidigh le ganntanais soláthair a sheachaint agus slándáil an tsoláthair a áirithiú. Cuireadh síneadh leis na hiarrachtaí chun an t‑éileamh ar ghás a laghdú trí Mholadh ón gComhairle.
Fíor 1. Laghdú ar an Éileamh ar Ghás Nádúrtha
Foinse: An Coimisiún Eorpach bunaithe ar Eurostat
Thairis sin, ghlac an tAontas spriocanna éigeantacha líonta stórála gáis go tapa chun fanacht ullmhaithe do shéasúir gheimhridh 2023 agus 2024, rud a thugann athdhearbhú láidir do shlándáil an tsoláthair agus don mhargadh araon. Leis an Rialachán maidir le Stóráil Gáis
, ceanglaíodh ar shaoráidí stórála gáis faoi thalamh na mBallstát a líonadh go 80 % ar a laghad dá dtoilleadh faoin 1 Samhain 2022, ag ardú go 90 % ó 2023 ar aghaidh. Ón 1 Aibreán 2024 ar aghaidh, bhí na leibhéil stórála gáis ag toilleadh 59 %, an leibhéal is airde riamh maidir le deireadh shéasúr an gheimhridh, agus an 19 Lúnasa bhain an tAontas amach an sprioc 90 % maidir le hacmhainneacht stórála thar 2 mhí roimh spriocdháta an 1 Samhain.
Le himeacht na mblianta, tá obair chomhoibríoch agus comhordú láidir déanta ag an gCoimisiún in éineacht leis na Ballstáit freisin, go háirithe tríd an nGrúpa Comhordaithe Gáis agus Grúpa Comhordaithe Leictreachais, chun ullmhacht gheimhridh an Aontais a áirithiú de mheon na haontachta agus na dlúthpháirtíochta.
Chuidigh an dá bheart, mar aon leis an ‘Oiriúnach do 55’ agus tionscnaimh reachtacha éigeandála, le praghsanna fuinnimh a chobhsú. Cé go bhfuil praghsanna miondíola gáis agus leictreachais fós os cionn na leibhéal a bhí ann roimh an ngéarchéim, tá laghdú substaintiúil tagtha orthu i gcomparáid le buaicphointí in 2022.
Rinneadh na bearta éigeandála sin a cheangal le dul chun cinn mór i dtreo chuspóirí fadtéarmacha an Aontais, rud a d’ailínigh príomhreachtaíocht ‘Oiriúnach do 55’ le huaillmhian mhéadaithe Phlean REPowerEU.
Tar éis ghlacadh na Treorach athmhúnlaithe maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh i mí Mheán Fómhair 2023, ghlac an Coimisiún sraith moltaí chun cur chun feidhme a áirithiú agus chun cuidiú leis na Ballstáit sa phróiseas trasuite. Tá an Coimisiún ag gabháil go tapa freisin do chur chun feidhme na Treorach maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh a glacadh i mí Aibreáin 2024, rud a fhágfaidh go mbeifear in ann ár stoc foirgneamh a dhícharbónú go tapa, arb é atá fós freagrach as thart ar 40 % de thomhaltas fuinnimh iomlán an Aontais, agus ar deireadh thiar a mhéadóidh ár slándáil fuinnimh agus a laghdóidh ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise allmhairithe. Lean an Misean Eorpach maidir le cathracha cliste aeráid‑neodracha de bheith ag cur go mór le spriocanna coigiltis fuinnimh Phlean REPowerEU. Fuair 33 chathair Lipéad Misin anois, lena n‑aithnítear a mbearta aeráide agus a bplean infheistíochta chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2030.
2.2. An t‑aistriú chuig fuinneamh glan a chur ar aghaidh go tapa
Le linn 2023 agus 2024, rinne an tAontas dul chun cinn mór maidir leis an aistriú chuig fuinneamh glan a chothú nuair a ghlac comhreachtóirí an phríomhreachtaíocht laistigh den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ agus nuair a leagadh síos garspriocanna tábhachtacha i dtreo cuspóirí REPowerEU a bhaint amach.
Go háirithe, bhí uas‑scálú tháirgeadh an fhuinnimh in‑athnuaite i gcroílár chuspóir Phlean REPowerEU córas fuinnimh atá slán agus dícharbónaithe a thógáil san Aontas. Léirítear torthaí den scoth leis na sonraí is déanaí agus tháinig méadú 36 % ar an toilleadh gaoithe agus gréine suiteáilte idir 2021 agus 2023, rud a shábháil thart ar 35 bhilliún méadar ciúbach (bmc) gáis thar 2 bhliain. Agus 56 GW toilleadh nua grianfhuinnimh suiteáilte in 2023, tá taifead eile socraithe ag an Aontas a sháraíonn an 40 GW breise a suiteáladh in 2022. Is céimeanna tábhachtacha sa treo ceart iad na figiúirí sin, ach tá gá le tuilleadh luasghéaraithe chun spriocanna REPowerEU faoi Straitéis an Aontais um an nGrianfhuinneamh a chomhlíonadh agus chun toilleadh 700 GW ar a laghad a bhaint amach faoi 2030, ardú ón 263 GW measta a suiteáladh ag deireadh 2023. Le blianta beaga anuas, tá roinnt tionscnamh déanta ag an Aontas chun an tacaíocht d’earnáil monaraíochta fótavoltaí na hEorpa a neartú trí Chomhghuaillíocht Eorpach um an Tionscal Fótavoltachais Gréinea sheoladh, trí Chairt Ghréine a ghlacadh agus trí chomhpháirtíocht chomhchláraithe phoiblí phríobháideach a bhunú chun tacú lena hiarrachtaí comhordaithe T&N. Maidir le cumhacht ghaoithe, suiteáladh 16 GW toilleadh nua san Aontas in 2023, agus sroicheadh 221 GW san iomlán. Cé go léirítear dul chun cinn maith leis sin, ní mór d’earnáil na cumhachta luas na suiteála a mhéadú chun spriocanna uaillmhianacha an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite a chomhlíonadh, dúshlán ar fhreagair an Coimisiún nuair a glacadh an Pacáiste um Chumhacht Gaoithe, agus iarracht á déanamh an tráth céanna imscaradh cothrom a bhaint amach i gcomhar le saoránaigh áitiúla chun nach mbeidh dúshlán ann don aistriú fuinnimh mar gheall ar ábhair imní maidir le tírdhreacha, bithéagsúlacht, oidhreacht chultúrtha agus stíleanna maireachtála, go háirithe i gceantair thuaithe.
Fíor 2. Toilleadh suiteáilte gaoithe agus gréine
Foinse: An Coimisiún Eorpach bunaithe ar Eurostat, WindEurope, Solar Power Europe
Ar bhonn na n‑uaillmhianta agus na réamh‑mheastacháin a leagtar amach i ndréacht‑Phleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide na mBallstát den Aontas atá cothrom le dáta agus a cuireadh isteach in 2023/24, d’fhéadfadh táirgeadh bithgháis agus bithmheatáin raon 30‑32 bmc a bhaint amach faoi 2030. Cé go leagtar amach treocht dhearfach leis sin, tá gá le tuilleadh iarrachtaí chun sprioc REPowerEU a bhaint amach, is é sin 35 bhilliún méadar ciúbach (bmc) a tháirgeadh in aghaidh na bliana faoi 2030. Bunaithe ar na sonraí atá ar fáil ó earnáil na tionsclaíochta le haghaidh 2022, tuairiscítear gurb é 21 bmc an táirgeadh iomlán bithgháis agus bithmheatáin as a bhfuil thart ar 4,2 bmc de bhithmheatán, a shroich 5,2 bmc in 2024
.
Tá an margadh teaschaidéal ag fás le 10 mbliana anuas agus luasghéarú ann in 2021 agus 2022 a bhaineann leis na praghsanna gáis agus leis an gcogadh san Úcráin: tháinig méadú ar dhíolacháin ó thart ar 700 000 aonad in 2015 suas go 1,5 milliún in 2020 agus cuireadh dlús leo go 2,75 milliún in 2022. In 2023, coinníodh díolacháin le luachanna comhchosúla (2,77 milliún aonad), a buaileadh leis na praghsanna gáis laghdaitheacha agus le hearnáil tógála íslithe. D’ainneoin an fháis sheasta sin, tá díolacháin coire breosla iontaise fós chun tosaigh sa mhargadh le haghaidh trealamh téite.
Maidir le hidrigin, atá ríthábhachtach d’earnálacha tionsclaíocha agus iompair a bhfuil sé deacair srian a chur leo, tá an phíblíne is mó ar domhan de thionscadail hidrigine fógartha ag an Eoraip. Tugadh sin cothrom le dáta le déanaí faoin gComhghuaillíocht Eorpach don Hidrigin Ghlan. Faoi dheireadh 2024, d’fhéadfadh an tAontas 0,8 GW toilleadh leictrealóra nua a bhaint amach. Thairis sin, tá tairiscintí soláthair seolta ag tomhaltóirí tionsclaíocha Eorpacha le haghaidh thart ar 1 mhilliún tona de hidrigin in‑athnuaite agus ísealcharbóin ó bhí mí Mheán Fómhair 2023 ann. D’ainneoin méadú a tháinig le déanaí ar thionscadail a tugadh chun críche agus d’ainneoin na gcinntí infheistíochta deiridh a rinneadh, is beag tionscadal a bhogann ar aghaidh ón gcinneadh infheistíochta deiridh ar thaobh an tsoláthair, go háirithe mar gheall ar an éileamh níos ísle ná mar a bhíothas ag súil leis ar hidrigin ghlas. Maidir le formheas na gceithre shraith de Thionscadail Thábhachtacha ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (i.e. Hy2Tech, Hy2Use, Hy2Infra agus Hy2Move) a chomhfhreagraíonn d’infheistíocht phoiblí 18,9 billiún, tacóidh sé le tionscadail mhórscála a chur in úsáid. Chun éileamh agus soláthar araon a spreagadh, rinne an Banc Eorpach Hidrigine an chéad cheant hidrigine in‑athnuaite ar fud an Aontais tríd an gCiste don Nuálaíocht, arna mhaoiniú ó ioncaim CTA an Aontais, le buiséad EUR 800 milliún. Mheall an ceant 132 thairiscint arbh fhiú 8,8 milliún tona d’acmhainneacht táirgeachta hidrigine in‑athnuaite iad agus a gceannaitheoirí beartaithe le bheith oibríochtúil faoi 2029 ar a dhéanaí. Táthar ag súil go dtáirgfidh na seacht dtionscadal a dámhadh 1,6 milliún tona hidrigine in‑athnuaite sna chéad 10 mbliana oibríochta. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an dara ceant a eagrú roimh dheireadh na bliana agus buiséad méadaithe EUR 1,2 billiún ag gabháil leis chun tacú le héiceachóras tionsclaíoch hidrigine na hEorpa. Tháinig méadú ar acmhainneacht mhonaraíochta leictrealóirí na hEorpa ó 4,2 GW in 2022 go 6,8 GW in 2023, agus meastar go sroichfidh sí 12,4 GW faoi dheireadh 2024.. Ina theannta sin, tá an Coimisiún ag obair ar shásra píolótach chun tacú le forbairt mhargadh hidrigine na hEorpa agus chun trédhearcacht sa mhargadh a chruthú. Beidh an sásra i bhfeidhm ar feadh cúig bliana agus beidh sé mar chuid den Bhanc Eorpach Hidrigine. Ina theannta sin, cuireann na tosaíochtaí agus gníomhaíochtaí straitéiseacha atá á gcur chun feidhme chun 50 Gleann Hidrigine ar a laghad a thógáil nó a chur i bhfeidhm faoi 2030 laistigh den Aontas bailchríoch ar iarrachtaí an Aontais margadh hidrigine a chruthú. Cé go bhfuil an dul chun cinn i dtreo margadh hidrigine ar scála Eorpach aitheanta ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE), léirítear i dtuarascáil a foilsíodh le déanaí saincheisteanna feadh an tslabhra luacha ina iomláine, amhail an gá atá leis an gcreat rialála a thabhairt chun críche tríd an nGníomh Tarmligthe maidir le hidrigin ísealcharbóin a ghlacadh
.
Anuas ar na gníomhaíochtaí earnáilsonracha sin, chomhaontaigh an Chomhairle i mí na Nollag 2023 síneadh a chur le bearta éigeandála áirithe maidir le ceadú, arb é is aidhm dóibh na nósanna imeachta deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in‑athnuaite a ghiorrú agus dlús a chur leo. I mí na Bealtaine 2024, glacadh ‘pacáiste’ nua, lena n‑áirítear trí bheart spriocdhírithe chun dlús breise a chur le húsáid foinsí fuinnimh in‑athnuaite san Aontas: Moladh agus treoraíocht ón gCoimisiún maidir le ceantanna fuinnimh in‑athnuaite a dhearadh; Moladh agus treoraíocht atá cothrom le dáta maidir le dlús a chur le nósanna imeachta deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in‑athnuaite; agus treoraíocht maidir le limistéir luathaithe fuinnimh in‑athnuaite a ainmniú. Sheol an Coimisiún tionscnamh ag deireadh 2023 chun tacú le trasuí tráthúil na Treorach athbhreithnithe maidir le Fuinneamh In‑athnuaite sna Ballstáit (Accele-RES), lena n‑áirítear cruinnithe déthaobhacha leis na Ballstáit chun dul chun cinn trasuite a phlé agus chun réimsí dúshlánacha a shainaithint inar féidir leis an gCoimisiún tacaíocht a thairiscint. Faoin Tascfhórsa um Fhorfheidhmiú an Mhargaidh Aonair, thug an Coimisiún agus na Ballstáit aghaidh ar thart ar 60 % de na bacainní a bhaineann leis an bpróiseas a sainaithníodh i nósanna imeachta náisiúnta deonaithe ceadanna. Mar sin féin, ní réitíonn na bearta sin gach fadhb. Is príomh-shaincheist fós í an easpa foirne nó acmhainneacht na riarachán poiblí ceadanna a chur ar fáil. Iarrann an Coimisiún i gcónaí ar na Ballstáit na hacmhainneachtaí sin a threisiú.
Chun infheictheacht agus intuarthacht a fheabhsú don slabhra luacha iomlán, seoladh ardán ceantanna fuinnimh in‑athnuaite ar fud an Aontais mar chuid den phacáiste, arb é is aidhm dó faisnéis maidir le ceantanna fuinnimh in‑athnuaite atá beartaithe i dTíortha uile an Aontais a chomhdhlúthú.
Ina theannta sin, chun aghaidh a thabhairt ar na príomhdhúshláin a bhaineann le heangacha tarchurtha agus dáileacháin leictreachais an Aontais a leathnú, a dhigitiú agus a úsáid ar bhealach níos fearr, lena n‑áirítear idirnaisc trasteorann, – coinníoll fíor-riachtanach chun an tAontas Fuinnimh a thabhairt chun críche - d’fhoilsigh an Coimisiún Plean Gníomhaíochta le haghaidh Eangach i mí na Samhna, a d’iarr an Chomhairle, sna conclúidí uaithi i mí na Bealtaine 2024, ar na Ballstáit a chur chun feidhme go pras.
Sainaithnítear sa Phlean gníomhaíochtaí nithiúla saincheaptha chun dul i ngleic leis an tsaincheist ríthábhachtach maidir le feabhas a chur ar rochtain ar mhaoiniú do thionscadail eangach, trí infheictheacht na ndeiseanna do chláir chistiúcháin an Aontais a mhéadú. Tá méadú nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe ar riachtanais infheistíochta le sárú ag oibreoirí eangaí, ar an leibhéal tarchurtha agus ar an leibhéal dáileacháin araon, rud atá riachtanach freisin chun an sprioc 15 % maidir le hidirnascadh a bhaint amach faoi 2030, agus, dá bhrí sin, ar mhéid a gcaiteachais caipitil. I gcás leictreachais, EUR 584 bhilliún sna hinfheistíochtaí foriomlána faoi 2030, agus as sin 375‑425 bhilliún d’infheistíocht in eangacha dáileacháin. Leis an méadú géar ar infheistíocht in eangach a bhfuiltear ag súil leis, d’fhéadfaí go gcuirfí faoi bhrú an tsamhail atá ann faoi láthair chun na hinfheistíochtaí sin a athmhaoiniú trí tharaifí tomhaltóirí.
Leis an Treoir athbhreithnithe maidir leis an gCóras Trádála Astaíochtaí (CTA), treisíodh an tacaíocht airgeadais do na Ballstáit ar ioncam níos ísle chun a gcórais fuinnimh a nuachóiriú agus chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh tríd an gCiste don Nuachóiriú. Ardaíodh an tacaíocht iomlán ón gCiste sin go 750 milliún liúntas, méadú 110 milliún liúntas (ar fiú thart ar EUR 60 billiún iad). Thairis sin, bhí trí Bhallstát eile incháilithe don Chiste, rud a d’fhág go raibh 13 thairbhí san iomlán ann. Thart ar EUR 12,7 billiún atá sna heisíocaíochtaí iomlána ón gCiste don Nuachóiriú ó bunaíodh é.
2.3.Éagsúlú a dhéanamh ar ár soláthairtí fuinnimh trí chomhpháirtíochtaí neartaithe
Tá éagsúlú déanta ag an Aontas ar a allmhairí fuinnimh trí allmhairí ó sholáthróirí idirnáisiúnta eile a chur in ionad sholáthar gáis na Rúise, rud a bhaineann tairbhe as roinnt críochfort nuathógtha d’aonaid snámhacha stórála agus athghásúcháin (FSRUnna) agus as feabhas a chur ar na líonraí gáis tras-Eorpacha.
Coimisiúnaíodh 12 chríochfort GNL nua agus sé thionscadal leathnaithe, an líon is mó riamh, idir 2022 agus 2024. Ar an iomlán, meastar go dtiocfaidh méadú 70 bmc ar chumas allmhairiúcháin GNL an Aontais faoi 2024. Is iad an Iorua agus na Stáit Aontaithe na soláthróirí gáis is mó san Aontas anois - le haghaidh píblíne agus GNL faoi seach - a sholáthraíonn 34 % agus 18 % d’allmhairí gáis an Aontais in 2024 go dtí mí an Mheithimh.
Leanadh de chomhiomlánú éilimh agus de cheannach comhpháirteach gáis nádúrtha in 2024 faoi AggregateEU. D’éirigh leis an sásra go foriomlán, ag mealladh níos mó ná 180 cuideachta agus ag meaitseáil ceannaitheoirí Eorpacha le soláthróirí seachtracha le haghaidh níos mó ná 75 bmc de ghás nádúrtha idir 2023 agus 2024. Ag cur leis an rath sin, rinneadh comhiomlánú éilimh agus ceannach comhpháirteach a ionchorprú mar uirlis dheonach bhuan faoi phacáiste an mhargaidh hidrigine agus gáis dhícharbónaithe. I mí an Mheithimh 2024, sheol an Coimisiún an soláthar don soláthraí TF le haghaidh Ardán Iltáirgí Eorpach buan chun tráchtearraí straitéiseacha a cheannach go comhpháirteach lena n‑áireofar an sásra deonach le haghaidh gás nádúrtha a bheidh ann amach anseo, an sásra píolótach ar leith le haghaidh hidrigine agus sásra nua le haghaidh Amhábhair Straitéiseacha.
D’oibrigh an Coimisiún freisin ar an gcaidreamh le comhpháirtithe idirnáisiúnta a neartú chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais a eascraíonn as an meath ar allmhairí gáis ón Rúis. Shínigh an tAontas 14 Mheabhrán Tuisceana (MT) le tíortha ina chomharsanacht dhíreach (Maracó, an Éigipt, an Iorua, an Úcráin) agus níos faide i gcéin (an Asarbaiseáin, an Chasacstáin, an Namaib, an tSeapáin, an Airgintín agus Uragua). Bunaíodh Comhpháirtíocht Straitéiseach leis an Úcráin maidir le gáis in‑athnuaite freisin agus síníodh MT maidir le Comhpháirtíocht Straitéiseach idir an tAontas agus an Úcráin i dtaca le Bithmheatán, Hidrigin agus Gáis Shintéiseacha eile an 2 Feabhra 2023.
Lean an Coimisiún agus Gníomhaireacht Soláthair Euratom (GSE) den chuspóir a bhaint amach maidir le héagsúlú soláthair a shaothrú a mhéid a bhaineann le breosla núicléach, seirbhísí gaolmhara timthrialla breosla núicléach agus páirteanna spártha. In 2023 agus 2024, tháinig dhá imoibreoir núicléacha EPR nua i bhfeidhm san Aontas, a bheidh in ann leictreachas saor ó charbón a ghiniúint chun tomhaltas 6 mhilliún teach a chumhdach. Ina theannta sin, i mí Feabhra na bliana seo, sheol an Coimisiún an Chomhghuaillíocht Thionsclaíoch Eorpach um Imoibreoirí Modúlacha Beaga (SMRanna), inar bailíodh timpeall 300 comhalta a bhfuil sé d’aidhm acu cur chun feidhme na chéad tionscadail SMR san Eoraip a éascú faoi thús na 2030idí. Thairis sin, tacaíonn Clár Taighde agus Oiliúna Euratom le dhá thionscadal a rannchuidíonn le réiteach breosla Eorpach a fhorbairt agus a chur chun feidhme go tapa agus go slán don imoibreoir fuinneamhachais uisce‑uisce (VVER), mar a thugtar air, chun éagsúlú ó bhreoslaí na Rúise a éascú agus chun slándáil an tsoláthair breosla núicléach a chur chun cinn.
Ó thús ionradh iomlán na Rúise, is príomhthosaíocht de chuid an Aontais Eorpaigh é tacú leis an Úcráin, agus lean an Coimisiún de thacaíocht bhuanseasmhach a thabhairt d’earnáil fuinnimh na hÚcráine chun a hoibriú a áirithiú d’ainneoin na n‑ionsaithe leanúnacha ar bhonneagar. Faoin 31 Iúil 2024, tiomnaíodh breis agus 40 % de dheonacháin uile na mBallstát don earnáil fuinnimh. Seoladh breis agus 8 189 ngineadóir cumhachta agus 3 348 gclaochladán, mar aon leis na milliúin píosaí trealaimh fuinnimh, agus meastar go bhfuil ranníocaíocht iomlán Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta os cionn EUR 900 milliún.
Tá Ciste Tacaíochta Fuinnimh na hÚcráine (UESF), a bunaíodh faoi choimirce an Choimisiúin agus atá á bhainistiú ag Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh, tar éis é féin a bhunú mar phríomhuirlis tacaíochta chun trealamh fuinnimh a sholáthar agus tá níos mó ná EUR 500 milliún slógtha aige faoi mhí Lúnasa 2024. Le Saoráid an Aontais don Úcráin, dar luach EUR 50 billiún, a bhfuil Plean na hÚcráine ina bhonn taca léi, soláthrófar cistiú comhsheasmhach chun cabhrú le téarnamh na hÚcráine agus chun fás eacnamaíoch inbhuanaithe a threisiú go dtí 2027. In 2022, le sioncrónú eangacha na hÚcráine agus na Moldóive le Líonra Mhór‑roinn na hEorpa, rinneadh córas leictreachais na hÚcráine a chobhsú le linn mhíonna tosaigh an chogaidh. Éascaíonn sé sin dlúthchomhar le ENTSO‑E [Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais] inniu chun acmhainneacht a dhaingniú agus a mhéadú le haghaidh malartuithe leictreachais, acmhainneacht atá socraithe inniu ag 1,7 GW le haghaidh trádáil tráchtála. Chuir sé ar chumas na hÚcráine freisin allmhairí éigeandála a úsáid, go háirithe tar éis na n‑ionsaithe a rinneadh le déanaí ar a bonneagar fuinnimh. Ar an iomlán, tá dlúthchomhordú á dhéanamh maidir le honnmhairí leictreachais agus maidir le hathchóiriú le comhpháirtithe (go háirithe na Stáit Aontaithe) chun giniúint leordhóthanach a sholáthar don chéad gheimhreadh eile. Le deontas EUR 96 mhilliún ón Aontas agus ranníocaíochtaí ó na Ballstáit agus ó dheontóirí príobháideacha trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta, meastar go n‑athbhunófar an acmhainneacht le haghaidh 2,7GW. Beidh Plean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide na hÚcráine ina phríomhdhoiciméad straitéiseach chun earnálacha fuinnimh agus eacnamaíocha na hÚcráine a athrú ó bhonn, chun é a ailíniú le caighdeáin an Aontais agus chun tacú le haontachas leis an Aontas.
Sholáthair an tAontas pacáiste tacaíochta fuinnimh dar luach EUR 1 bhilliún freisin do na Balcáin Thiar in 2023 chun cuidiú leis an réigiún aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim fuinnimh.
2.4.Iomaíochas agus earnáil an fhuinnimh ghlain
Tá an t‑aistriú chuig fuinneamh glan ríthábhachtach maidir le fuinneamh slán, inbhuanaithe, iomaíoch agus inacmhainne le haghaidh gnólachtaí agus saoránach, chun an tionscal agus poist a choimeád san Eoraip agus le haghaidh shlándáil eacnamaíoch na hEorpa. Cé gur laghdaigh gníomhaíocht bheartais praghsanna fuinnimh go mór ó bhuaicleibhéil in 2022, tá praghsanna miondíola tionsclaíocha leictreachais an Aontais fós 2 go 3 oiread níos airde ná na praghsanna sna Stáit Aontaithe (2021 go 2023) agus san am a chuaigh thart bhí siad 1,5-2 oiread níos airde ná praghsanna na Stát Aontaithe. Tá praghsanna gáis 3 go 6 oiread níos airde ná praghsanna sna Stáit Aontaithe, cé go raibh siad 2-3 oiread níos airde san am a chuaigh thart.
Le leathadh ard phraghsanna cumhachta tionsclaíche an Aontais i leith tíortha amhail na Stáit Aontaithe agus an tSín, cuirtear dúshlán roimh iomaíochas na hEorpa, go háirithe i gcás tionscail dianfhuinnimh, agus tá an baol ann go méadófar spleáchais chriticiúla. Chun fuinneamh inacmhainne a sholáthar dár saoránaigh agus dár ngnólachtaí, tá sé ríthábhachtach dlús a chur le rolladh amach fuinnimh ghlain iomaíoch. Ghníomhaigh an tAontas chun praghsanna fuinnimh a ísliú go struchtúrach, inter alia trí chomhtháthú margaidh níos fearr, trí infheistíocht a dhéanamh in idirnaisc thrasteorann agus tríd an athchóiriú a rinneadh le déanaí ar Dhearadh an Mhargaidh Leictreachais (EMD), ar céim bhunúsach é chun dlús a chur le cur chun feidhme agus comhtháthú níos mó fuinnimh in‑athnuaite sa chóras fuinnimh, chun cobhsaíocht, intuarthacht agus inacmhainneacht praghsanna fuinnimh a chur chun cinn agus, ar an gcaoi sin, chun cur le hiomaíochas thionscal an Aontais.
Leanfaidh an t‑iomaíochas de bheith ina phríomhchuspóir sna blianta amach romhainn, agus d’iarr an Chomhairle Eorpach go mbeadh Comhaontú nua maidir le hIomaíochas na hEorpa ann. Ina treoirlínte polaitiúla, leag Uachtarán an Choimisiúin von der Leyen amach Comhaontú nua maidir le Tionsclaíocht Ghlan chun dícharbónú agus iomaíochas a chomhcheangal. Beidh a dhíriú iomlán ar thacaíocht a thabhairt do chuideachtaí agus ar na dálaí cearta a chruthú dóibh chun go mbeidh rath orthu san Eoraip, lena n‑áirítear tríd an timpeallacht rialála a shimpliú, trí chostais fuinnimh a laghdú, trí infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí glana agus trí rochtain ar sholáthairtí fuinnimh agus ar amhábhair atá saor, inbhuanaithe agus slán a áirithiú. Sa Tuarascáil ó Mario Draghi maidir le hiomaíochas agus sa Tuarascáil ó Enrico Letta maidir le ‘Empowering the Single Market to deliver a sustainable future and prosperity for all EU Citizens’ [An Margadh Aonair a Chumasú chun todhchaí inbhuanaithe agus rathúnas inbhuanaithe a sholáthar do shaoránaigh uile an Aontais],cuireadh i dtábhacht freisin, inter alia, an gá atá le gné an Mhargaidh Aonair don fhuinneamh a neartú agus a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh i líonraí bonneagair na hEorpa, idirnaisc thrasteorann a neartú, na heangacha tarchurtha agus dáileacháin leictreachais a uasghrádú agus roghanna soláthair fuinnimh a leathnú don tionscal.
Bunaithe ar scagadh a dhéanamh ar oibleagáidí pleanála, tuairiscithe agus faireacháin faoi dhlí fuinnimh agus aeráide an Aontais, shainaithin an Coimisiún roinnt príomhghníomhaíochtaí sna pleananna cuíchóirithe chun bearta nua a shainaithint chun ualaí tuairiscithe a laghdú, lena n‑áirítear oibleagáidí tuairiscithe ar stoic ola a aisghairm, athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht maidir le slándáil an tsoláthair gáis, agus reachtaíocht threasach faoin reachtaíocht maidir leis an margadh inmheánach gáis agus leictreachais agus faoin Rialachán maidir le Sláine agus Trédhearcacht an Mhargaidh Mórdhíola Fuinnimh. Déantar é sin a chomhlánú le roinnt bearta tacaíochta chun an t‑ualach comhlíontachta a laghdú. Tugadh faoi deara sna pleananna cuíchóirithe freisin an t‑athbhreithniú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an Rialachán Rialachais mar bhealach chun éifeachtúlacht a fheabhsú a thuilleadh.
Leis an gcomhthéacs geopholaitiúil atá ann faoi láthair, tá méadú tagtha ar thábhacht na hathléimneachta agus na slándála sa tionscal glan‑nialasachta, a bhfuil a ábharthacht eacnamaíoch ag méadú go mór freisin agus tá sé beartaithe go dtiocfaidh méadú faoi thrí ar an margadh domhanda le haghaidh príomh‑theicneolaíochtaí glan‑nialasachta ollmhonaraithe faoi 2030 agus luach bliantúil thart ar EUR 600 billiún air. Tá dianiomaíocht roimh mhonaróirí Eorpacha ar na margaí domhanda sin atá ag dul i méid. Tá teicneolaíochtaí fuinnimh ar cheann de na 10 réimse teicneolaíochta is tábhachtaí do shlándáil eacnamaíoch an Aontais
.
Leis an nGníomh um an Tionscal Glan‑nialasachta (NZIA) agus leis an nGníomh um Amhábhair Chriticiúla, rinne an tAontas gníomhaíocht chun iomaíochas agus athléimneacht slabhraí soláthair a mhonaróirí teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain a neartú. Déanfar athléimneacht na gcóras fuinnimh a bheidh ann amach anseo a thomhas trí rochtain shlán ar na teicneolaíochtaí lena gcumhachtófar na córais sin – tuirbíní gaoithe, leictrealóirí, ceallraí, fótavoltachas gréine, teaschaidéil, teicneolaíochtaí eangach agus eile. Leis an nGníomh um an Tionscal Glan-nialasachta, cuideofar leis an Aontas éagsúlú a dhéanamh ar a fhoinsí soláthair le haghaidh teicneolaíochtaí glana agus acmhainneacht láidir monaraíochta intíre teicneolaíochtaí glana a thógáil, rud a chuirfidh feabhas ar an iomaíochas agus muid ag iarraidh aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Ó bhí 2022 ann, tá an Ciste don Nuálaíocht ag tacú le rolladh amach na monaraíochta teicneolaíochta glaine le himchlúdach buiséid tiomnaithe ina ghlaonna bliantúla. Tá sé beartaithe go gcuirfidh teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain a fhaigheann tacaíocht cheana ón gCiste don Nuálaíocht méadú substaintiúil ar acmhainneacht i dtáirgeadh gréine agus ceallraí chomh maith le leictrealóirí. Tá an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) ag rannchuidiú le forbairt agus monarú ardteicneolaíochtaí glana san Aontas, rud a laghdaíonn spleáchais straitéiseacha agus a neartaíonn nuálaíocht na hEorpa i dteicneolaíochtaí criticiúla den sórt sin.
Agus an tAontas ag dul i dtreo todhchaí ghlan‑nialasach, beidh sé tábhachtach aghaidh a thabhairt ar spleáchais atá ag teacht chun cinn maidir le hábhair chriticiúla agus breoslaí núicléacha chun an t‑aistriú fuinnimh a chumasú agus chun slándáil eacnamaíoch an Aontais a áirithiú.
Na Comhpháirtíochtaí Straitéiseacha maidir le slabhraí luacha amhábhar inbhuanaithe atá á dtabhairt i gcrích ag an Aontas le tríú tíortha, is dlúthchuid iad den ghné sheachtrach den Ghníomh um Amhábhair Chriticiúla chun soláthar an Aontais maidir le hamhábhair chriticiúla a dhaingniú agus a éagsúlú agus breisluach áitiúil á áirithiú i dtíortha comhpháirtíochta an tráth céanna. Go dtí seo, tá 14 Chomhpháirtíocht Straitéiseacha sínithe ag an Aontas
. Le bliain anuas, tá dul chun cinn breise déanta maidir le héagsúlú slabhraí soláthair domhanda le haghaidh amhábhair chriticiúla trí sheacht gcomhpháirtíocht nuabhunaithe a théann chun tairbhe don dá thaobh, lena n‑áirítear comhpháirtíochtaí le tíortha comhpháirtíochta ríthábhachtacha fuinnimh amhail an Iorua, an Astráil nó an tSeirbia
. An Painéal um mianraí criticiúla san aistriú fuinnimh arna thionól ag na Náisiúin Aontaithe, painéal a seoladh i mí Aibreáin 2024 agus a bhfuil seirbhísí an Choimisiúin ina gcomhchathaoirligh air, tabharfaidh sé le chéile rialtais agus páirtithe leasmhara eile atá gníomhach sna tionscail eastóscacha chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le cearta an duine, cothromas, trédhearcacht, infheistíocht agus inbhuanaitheacht agus cearta an duine i slabhraí soláthair mianraí criticiúla, chun a áirithiú nach gcuirfidh an t‑éileamh méadaitheach ar mhianraí criticiúla leis an teannas geopholaitiúil ach go gcothóidh sé aistriú fuinnimh cóir cothrom ina ionad sin.
San aistriú i dtreo geilleagar níos glaise, is cumasóir tábhachtach iad scileanna d’iomaíochas agus do nuálaíocht na hEorpa toisc go n‑éilítear leis an aistriú i dtreo teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain lucht saothair a bhfuil scileanna breise acu i gcomparáid le hearnálacha fuinnimh traidisiúnta . Faoin nGníomh um an Tionscal Glan‑nialasachta, tá Acadaimh Eorpacha um an Tionscal Glan‑nialasachta seolta cheana féin nó tá siad á mbunú chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist trí ábhar foghlama a fhorbairt sna Ballstáit in earnálacha amhail grianfhuinneamh, hidrigin agus ceallraí, agus beidh acadaimh eile in amhábhair agus cumhacht ghaoithe le leanúint amach anseo. Cuireann na hAcadaimh le tionscnaimh a bhí ann amhail na Treoirphleananna um Chomhar Earnála maidir le Scileanna agus Comhshocrú an Aontais um Scileanna, lena dtrí Chomhpháirtíocht Scileanna ar Mhórscála in éiceachóras an fhuinnimh in‑athnuaite. Trína n‑áirithiú go bhfaigheadh oibrithe na scileanna atá ag teastáil uathu, d’fhéadfaí leas a bhaint as acmhainneacht iomlán fostaíochta spriocanna REPowerEU a mheastar a chruthóidh os cionn 3,5 milliún post faoi 2030.
3.MEASÚNÚ Á DHÉANAMH AR AN DUL CHUN CINN I dTREO NA SPRIOCANNA BEARTAIS FUINNIMH AGUS AERÁIDE AGUS NA hUAILLMHÉINE 2030
3.1.Dícharbónú
In 2022, tháinig laghdú 2,5 % ar ghlanastaíochtaí GCT intíre, lena n‑áirítear úsáid talún, athrú ar úsáid talún, agus foraoiseacht (LULUCF) agus gan astaíochtaí iompair idirnáisiúnta san áireamh, i gcomparáid le 2021. Is laghdú 32,5 % é sin ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomparáid le bonnbhliain 1990. Le linn na tréimhse céanna, bhí laghdú beag 4 mhilliún tona de choibhéis CO2 ar ghlan‑aistrithe GCT tuairiscithe ó LULUCF i gcomparáid le 2021.
Le haghaidh astaíochtaí a chumhdaítear le CTA, léirítear sna sonraí a thuairiscigh Ballstáit an Aontais faoin 2 Aibreán 2024 laghdú 15,5 % ar astaíochtaí in 2023, i gcomparáid le leibhéil 2022. Leis an bhforbairt sin, tá astaíochtaí CTA thart ar 47 % faoi bhun leibhéil 2005 anois agus tá siad ar an mbóthar ceart chun sprioc 2030 de -62 % a bhaint amach.
Mar sin féin, meastar go léireofar i réamh‑mheastacháin astaíochtaí GCT ar fud an gheilleagair, a chuir na Ballstáit isteach le déanaí, roinnt bearnaí le huaillmhian aeráide an Aontais. Chun fanacht ar an mbóthar ceart maidir le sprioc laghdaithe 2030 an Aontais agus maidir le haeráidneodracht faoi 2050, ní mór don Aontas dlús a chur leis an athrú agus an fócas a mhéadú ar réimsí ina bhfuil na laghduithe astaíochtaí is gá mór (e.g. foirgnimh agus iompar) agus an treocht atá ag dul i laghad maidir le glanlinn LULUCF a aisiompú. Tá an Dlí um Athchóiriú Dúlra agus a chur chun feidhme ríthábhachtach chun a áirithiú go mbainfear amach spriocanna LULUCF, atá fíor‑riachtanach chun na hastaíochtaí dosheachanta a bhaint d’earnálacha a bhfuil sé deacair srian a chur leo agus chun feabhas a chur ar oiriúnú.
Léirítear sa mheasúnú ar na dréacht‑PNFAnna atá cothrom le dáta i mí na Nollag 2023 go bhfuil céim sa treo ceart glactha ag na Ballstáit, ach ní leordhóthanach é sin go fóill chun glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030. Mar thoradh ar na dréacht‑PNFAnna atá cothrom le dáta, tháinig laghdú -51 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, bearna 4 phointe céatadáin. Léirítear é sin freisin i mbearnaí i dtreo spriocanna 2030 maidir le Comhroinnt Díchill agus Úsáid Talún, Athrú ar Úsáid Talún agus Foraoiseacht, rud a léiríonn an gá atá le bearta agus cur chun feidhme níos láidre sna PNFAnna deiridh chun fanacht ar an mbóthar ceart i dtreo 2030. Chomh maith leis sin, níor chuir ach roinnt Ballstát pleananna mionsonraithe isteach ina ndréacht-PNFAnna atá cothrom le dáta chun breithniú a dhéanamh ar an oiriúnú don athrú aeráide i gcomhthéacs athléimneacht a gcóras fuinnimh.
In 2022, shroich an tAontas sciar 23,0 % d’fhuinneamh in‑athnuaite san olltomhaltas deiridh fuinnimh, méadú 1,1 pointe céatadáin i gcomparáid le 2021 (21,9 %). I gcomhthéacs na conaire i dtreo 2030, tá sciar 2022 beagán os cionn sciar ceangailteach na conaire eatramhaí 22,2 % le haghaidh 2022 bunaithe ar sprioc 32 % do 2030 a bhí ann roimhe sin.
Ar an meán, tá méadú 0,7 pointe céatadáin in aghaidh na bliana tagtha ar sciar foriomlán an fhuinnimh in‑athnuaite le 10 mbliana anuas. Tá dul chun cinn láidir déanta in earnáil an leictreachais, agus tháinig méadú ar sciar na bhfoinsí in‑athnuaite ó 25,1 % in 2012 go 41,2 % in 2022. Ba mheasartha an dul chun cinn in earnáil an téimh agus an fhuaraithe (ó 18,6 % go 24,9 %) agus in earnáil an iompair (ó 5,8 % go 9,6 %). Beidh fás i bhfad níos tapúla riachtanach sna blianta romhainn amach i dtaca le sprioc nua°42,5 % an Aontais do°2030 (agus níos riachtanaí fós i dtaca leis an sprioc mhianaidhme 45 %). Sa mheasúnú a rinne an Coimisiún ar na dréacht‑PNFAnna atá cothrom le dáta, sainaithníodh bearna uaillmhéine i dtomhaltas foinsí fuinnimh in‑athnuaite faoi 2030, agus rannchuidithe 3‑4 phointe céatadáin níos ísle ná sprioc cheangailteach athbhreithnithe an Aontais de 42,5 %.
Tá éagsúlacht mhór fós idir sciartha fuinnimh in‑athnuaite in 2022 ar fud na mBallstát, rud a léiríonn na pointí tosaigh agus na spriocanna náisiúnta éagsúla a leagtar síos do gach Ballstát sa Treoir bhunaidh maidir le Fuinneamh In‑athnuaite agus na rannchuidithe náisiúnta a leagtar síos sna pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide. Bhain an tSualainn an sciar fuinnimh in‑athnuaite is airde amach in 2022 (66 %), agus ina dhiaidh sin bhí an Fhionlainn (47,9 %), an Laitvia (43,3 %) agus an Danmhairg (41,6 %). Le sciartha níos lú ná 14 %, bhí na sciartha ab ísle ag an mBeilg, ag Éirinn, ag Lucsamburg agus ag Málta.
I bhfianaise an tomhaltais náisiúnta agus na n‑aistrithe staidrimh ar tugadh fógra ina leith faoi láthair, bhí sciar 2022 fós ag trí Bhallstát faoi bhun a sprice ceangailtí maidir le fuinneamh in‑athnuaite le haghaidh 2020 faoin Treoir bhunaidh maidir le Fuinneamh In‑athnuaite: An Fhrainc (2,7 pointe céatadáin níos ísle ná sprioc 2020), Éire (2 phointe céatadáin) agus an Ostair (0,2 pointe céatadáin). Dá dheasca sin, beidh ar na Ballstáit sin, laistigh d’aon bhliain amháin, bearta breise a dhéanamh chun an bhearna a líonadh laistigh den chéad bhliain eile. Thairis sin, níor chomhlíon roinnt Ballstát a bpointe tagartha don bhliain 2022. Táthar ag súil go míneoidh na Ballstáit sin ina gcéad tuarascáil chomhtháite eile ar dhul chun cinn conas a bheartaíonn siad an bhearna a dhúnadh.
Faoi láthair, eagraíonn an Coimisiún an dara glao ar thograí faoi shásra maoiniúcháin an Aontais don fhuinneamh in‑athnuaite. Glacfaidh Lucsamburg páirt arís mar an tír ranníocaíochta a bhfuil EUR 12,5 milliún den ghealltanas a thug sé roimhe sin, nár eisíocadh, á athinfheistiú aici agus EUR 40 milliún eile á chur leis an sásra. Is iad na tíortha óstacha an Fhionlainn a bheidh ina hóstach ar thionscadail fótavoltachais gréine, agus an Eastóin a bheidh ina hóstach ar thionscadail fuinnimh gaoithe ar tír.
Ó bhí 2021 ann, tá ionú tiomnaithe ag SCE Fuinnimh le haghaidh tionscadail fuinnimh in‑athnuaite trasteorann (CB-RES). In 2023, d’eagraigh an Coimisiún dhá ghlao ar thograí chun liosta CB-RES a thabhairt cothrom le dáta agus chun oibreacha agus staidéir a chómhaoiniú. Tá an mheastóireacht ar na glaonna sin ar thograí fós ar siúl, ach léiríonn an méadú atá ag teacht ar líon na n‑iarratas go bhfuil méadú ag teacht ar ghlacadh an chláir.
In earnáil an iompair, glacadh Rialacháin ReFuelEU Aviation agus FuelEU Maritime ag deireadh 2023, lena gcuirfear breoslaí in‑athnuaite agus breoslaí ísealcharbóin in ionad breoslaí iontaise agus lena ndícharbónófar an dá earnáil iompair sin a bhfuil sé deacair srian a chur leo. Sheol an Coimisiún an Chomhghuaillíocht Thionsclaíoch maidir le Slabhra Luacha Breoslaí In-athnuaite agus Ísealcharbóin in 2022, ar tionscnamh nua é atá tiomnaithe do tháirgeadh agus soláthar na mbreoslaí sin a chur chun cinn a bhfuil na margaí ag céim luath aibíochta ina leith agus a bhfuil infheistíocht shubstainteach ag teastáil uathu chun na spriocanna a bhaint amach ó 2030 ar aghaidh.
Áirítear san athbhreithniú a comhaontaíodh ar an Treoir maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh (UWWTD) cuspóir atá ceangailteach ó thaobh dlí de chun neodracht fuinnimh a bhaint amach don earnáil faoi 2045 le spriocanna eatramhacha.
I mí na Bealtaine 2024, glacadh an Rialachán nua maidir le Meatán, lenar tugadh isteach ceanglais nua maidir le hastaíochtaí meatáin a thomhas, a thuairisciú agus a fhíorú san earnáil fuinnimh.
Éifeachtúlacht fuinnimh
Chomhlíon an tAontas spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh 2020, i dtéarmaí ídiú fuinnimh phríomhúil agus tomhaltas fuinnimh deiridh araon. Tar éis téarnamh suntasach in 2021 agus geilleagar na hEorpa ag teacht amach as an dianghlasáil, in 2022 d’éirigh leis an Aontas laghdú sistéamach ar a thomhaltas fuinnimh a léiriú i gcomhréir leis an treocht anuas le 15 bliana anuas, rud a léiríonn freisin iarracht chomhchoiteann an Aontais an t‑éileamh fuinnimh a laghdú tar éis chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine.
In 2022, shroich ídiú fuinnimh phríomhúil san Aontas 1 257 milliún tona de choibhéis ola (Mtoe), laghdú 4,1 % i gcomparáid le 2021, ag druidim níos gaire do sprioc nua 2030 de 992,5 Mtoe agus an bhearna ag laghdú go 26,7 % ó sprioc 2030.
Shroich an tomhaltas fuinnimh deiridh 940 Mtoe in 2022, laghdú 2,8 % i gcomparáid le 2021. In 2022, bhí an tomhaltas fuinnimh deiridh 23,3 % ón sprioc nua 2030 (763 Mtoe). Beidh gá le dlús breise a chur leis na hiarrachtaí éifeachtúlachta fuinnimh chun an sprioc maidir le laghdú 11,7 % ar thomhaltas fuinnimh deiridh a bhaint amach faoi 2030, ós rud é gur sainaithníodh i measúnú uile-Aontais 2023 ón gCoimisiún ar na dréacht‑PNFAnna atá cothrom le dáta laghdú 5,8 % i gcomparáid le réamh‑mheastacháin 2030. In 2022, tháinig laghdú 19.6 Mtoe (-7,5 %) ar thomhaltas fuinnimh deiridh in earnáil foirgneamh cónaithe an Aontais agus laghdú 8,7 Mtoe (-6,7 %) in earnáil na seirbhísí i gcomparáid leis na leibhéil in 2021. Mar sin féin, is é is cúis leis an laghdú den chuid is mó ná geimhreadh níos séimhe agus laghdú ar thomhaltas, seachas feabhas ar fheidhmíocht an fhoirgnimh féin, rud a léiríonn go bhféadfaí feabhas a chur ar chur chun feidhme na straitéisí náisiúnta um Athchóiriú Fadtéarmach. Sa chleachtas, tá rátaí athchóirithe agus leictriú trealaimh téimh i gcoitinne fós ró‑íseal agus níl bearta náisiúnta leordhóthanach chun stoc foirgnimh dícharbónaithe a bhaint amach faoi 2050, a mbeidh cur chun feidhme tapa na treorach athbhreithnithe maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh ríthábhachtach ina leith.
Maidir leis an gcoigilteas fuinnimh a baineadh amach in 2021 trí scéimeanna oibleagáide éifeachtúlachta fuinnimh, bearta beartais malartacha, nó an dá rud, a chur chun feidhme, thuairiscigh Ballstáit éagsúla gur lú an coigilteas ná 60 % den choigilteas is gá, coigilteas a chaithfear a chúiteamh sna blianta atá fágtha go dtí 2030.
Is príomhionstraimí beartais breise iad éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh lena spreagtar éifeachtúlacht fuinnimh san Aontas. Meastar, le thart ar 50 rialachán a chumhdaíonn 30 grúpa táirgí, go sábhálfar 1 418 TWh d’fhuinneamh príomhúil agus 139 MtCO2‑eq in 2030, chomh maith le EUR 157 mbilliún do chustaiméirí. Comhfhreagraíonn sé sin a bheag nó a mhór do thomhaltas fuinnimh na Spáinne in 2022. Leis an Rialachán nua maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe (Rialachán (AE) 2024/1781), leathnaítear an raon feidhme a d’fhéadfadh a bheith ann thar tháirgí a bhaineann le fuinneamh agus is féidir ceanglais nua a thabhairt isteach lena ndírítear ar éifeachtúlacht acmhainní, ar chiorclaíocht agus ar inbhuanaitheacht.
Mar sin féin, tá imní tagtha chun cinn maidir le comhlíontacht na gceanglas ag táirgí a bhaineann le fuinneamh. Chun tairbhí fuinnimh, comhshaoil agus airgeadais an bheartais a dhaingniú, cothrom iomaíochta a áirithiú i measc oibreoirí eacnamaíocha, agus tomhaltóirí a chosaint, beidh sé ríthábhachtach tabhairt faoi na hiarrachtaí i dtreo comhlíontacht níos fearr agus na hiarrachtaí sin a threisiú, i gcás táirgí a bhaineann le fuinneamh agus a mhonaraítear san Aontas agus i gcás allmhairí araon, i gcomhar leis na Ballstáit, agus i gcomhréir le hiarraidh thuarascáil Letta forfheidhmiú a neartú chun tacú le sláine an Mhargaidh Aonair.
Leis an athbhreithniú a comhaontaíodh ar Threoir an Aontais maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha, tacaítear ar bhealach níos fearr le suiteálacha tionsclaíocha an Aontais a bheith níos éifeachtúla ar fhuinneamh, i measc nithe eile, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le dul i ngleic leis an ngéarchéim phláinéadach thriarach.
Slándáil fuinnimh
Tar éis dhá bhliain an‑dúshlánach in 2022 agus 2023, bliain chobhsaíochta a bhí in 2024 go dtí seo do chóras fuinnimh an Aontais. Tá méadú substaintiúil tagtha ar shlándáil an tsoláthair in earnáil an gháis agus tá bunphrionsabail an mhargaidh i bhfad níos cobhsaí anois. Is amhlaidh atá go háirithe a bhuí le laghdú ar an éileamh agus le cur chun feidhme breise Phlean REPowerEU, rud a chuir ar a chumas don Aontas a spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise a laghdú. Chuaigh an tAontas tríd an ngeimhreadh seo caite gan aon mhórshuaitheadh soláthair, d’ainneoin éaradh seirbhíse an nascóra Bhaltaigh idir an Fhionlainn agus an Eastóin agus an suaitheadh geopholaitiúil sa Mheánoirthear.
Léirítear an feabhas ar shlándáil sholáthar gáis an Aontais freisin i gcinneadh roinnt Ballstát (an Eastóin, an Fhionlainn, an tSualainn agus an Danmhairg) a leibhéil ghéarchéime a laghdú. Faoi láthair, tá ocht mBallstát fós ar leibhéal luathrabhaidh, agus Ballstát amháin ar leibhéal foláirimh. Ag tógáil ar na ceachtanna a foghlaimíodh agus ar chreat treisithe maidir le slándáil an tsoláthair, tá an tAontas ullmhaithe go maith don gheimhreadh seo chugainn agus do dheireadh an chomhaontaithe idirthurais gáis idir an Rúis agus an Úcráin.
Oibríonn an Coimisiún go dlúth ar shlándáil idirnáisiúnta an tsoláthair gáis lena chomhpháirtithe straitéiseacha, go háirithe comhaltaí na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA). Cuireadh tús le tionscadal píolótach chun feabhas a chur ar chumarsáid maidir le cúrsaí slándála gáis laistigh den ghrúpa i bhFómhar 2023 agus é mar chuspóir comhthuiscint a fhorbairt ar fhadhbanna agus ar a n‑éifeachtaí ar chomhpháirtithe. Déanann an Coimisiún faireachán agus plé gníomhach ar iompraíochtaí margaidh gníomhaithe éagsúla ar mhargaí an Aontais agus ar mhargaí domhanda GNL.
Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún i mí an Mhárta 2024 maidir le rioscaí aeráide a bhainistiú, cuirtear i dtábhacht na rioscaí méadaithe don tslándáil fuinnimh, go háirithe suaitheadh leictreachais mar gheall ar theas, falscaithe, triomaigh, agus tuilte a dhéanann difear do bhuaicéileamh agus a mbíonn tionchar acu sin ar fad ar tháirgeadh, stóráil, iompar agus dáileadh
. Ní mór pleanáil riosca aeráide a neartú laistigh den earnáil fuinnimh.
Cé gur tharla roinnt teagmhais áitiúla, mar gheall ar dhálaí adhaimsire (e.g. stoirmeacha geimhridh) nó mar gheall gur theip ar roinnt eilimintí bonneagair, tharla suaitheadh i roinnt réigiún, le bliain anuas, níor tugadh faoi deara aon mhórtheagmhas leictreachais ná saincheisteanna leordhóthanachta ar leibhéal an Aontais a chuir slándáil an tsoláthair leictreachais i mbaol. Mar gheall ar dhea‑chomhar agus dea‑chomhordú idir na páirtithe leasmhara uile ar fud an Aontais, níor leathnaíodh na teagmhais áitiúla sin amach. Trí acmhainneacht in‑athnuaite a mhéadú, cuidítear le giniúint cumhachta áitiúla agus slándáil an tsoláthair a áirithiú trí allmhairí breoslaí iontaise isteach san Aontas a laghdú. An tráth céanna, tá infhaighteacht giniúna núicléiche go maith go dtí seo, agus is féidir an rud céanna a rá maidir le hidreachumhacht. Tá measúnú riosca á dhéanamh ar thréimhse an gheimhridh.
In earnáil an fhuinnimh, d’fhan líon na dteagmhas cibearshlándála cobhsaí agus níor tuairiscíodh aon teagmhas suntasach ná aon teagmhas mórthionchair le linn na bliana seo caite. Maidir le bonneagar, rinneadh nasc cábla tarchurtha leictreachais Estlink 2 idir an Fhionlainn agus an Eastóin a dhícheangal ón eangach an 26 Eanáir mar gheall ar mhífheidhm. Táthar ag súil go ndéanfar an cábla a dheisiú faoi lár mhí Mheán Fómhair. Rannchuideoidh Treoir NIS 2 agus an Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil a glacadh le déanaí le hathléimneacht an bhonneagair fuinnimh a mhéadú. Ina theannta sin, tá anailís déanta ag an gCoimisiún ar na tuarascálacha ar na tástálacha struis in earnáil an fhuinnimh a rinne na Ballstáit agus tá gníomhaíochtaí leantacha molta aige do na Ballstáit, a dhéanfaidh cinneadh maidir leis an mbealach chun cinn.
Chun athléimneacht agus cosaint an bhonneagair mhuirí chriticiúil a neartú, lena n‑áirítear inter alia píblínte faoin bhfarraige, in aghaidh bagairtí hibrideacha agus cibearshlándála, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar Straitéis Slándála Muirí an Aontais Eorpaigh agus ar a Phlean Gníomhaíochta i mí Dheireadh Fómhair 2023.
I bhfianaise thábhacht mhór shochaíoch agus eacnamaíoch na slándála fuinnimh, tugtar tosaíocht shainráite don fhuinneamh freisin i gcomhthéacs Straitéis Eorpach Slándála Eacnamaíche an Choimisiúin Chomhpháirtigh /an Ardionadaí. Ó bhí mí an Mheithimh 2023 ann, tugadh tosaíocht d’athléimneacht na slabhraí soláthair agus do shlándáil fhisiciúil agus cibearshlándáil an bhonneagair chriticiúil araon i Straitéis den sórt sin.
3.4. Margaí fuinnimh, lena n‑áirítear bochtaineacht fuinnimh
Le blianta beaga anuas, tá an Coimisiún i gceannas ar athchóirithe móra forleathana ar eagraíocht mhargadh fuinnimh na hEorpa i bhfoirm an athchóirithe a rinneadh le déanaí ar Dhearadh an Mhargaidh Leictreachais (EMD), i bhfoirm an Phacáiste um Dhícharbónú na Margaí Hidrigine agus Gáis agus i bhfoirm an athchóirithe ar an Rialachán maidir le Sláine agus Trédhearcacht an Mhargaidh Mórdhíola Fuinnimh. Leis na pacáistí reachtacha uile a rinneadh le déanaí, beidh gá le hathbhreithnithe fairsinge ar reachtaíocht threasach chun na hathruithe is gá a spreagadh ar an talamh. I gcás gáis, baineann sé sin leis na réimsí a bhaineann le leithdháileadh acmhainneachta, bainistiú ar phlódú agus taraifiú. I gcás leictreachais, tá reachtaíocht threasach nua á forbairt maidir le freagairt don éileamh i margaí mórdhíola leictreachais agus maidir leis an úsáid a bhaineann oibreoirí eangaí as réitigh sholúbthachta. Chun tuilleadh feabhais a chur ar fhorbairt na solúbthachta sa chóras cumhachta agus sna margaí leictreachais, chuaigh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis na Ballstáit chun obair leantach a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach maidir le Leictreachas, go háirithe na forálacha a bhaineann le solúbthacht ar thaobh an éilimh.
Cuireadh roinnt príomhbheartas i bhfeidhm chun forbairt bonneagair trasteorann agus náisiúnta a shainaithint agus a bhrostú. Cruthaíodh Líonra Eorpach na nOibreoirí Gréasáin Hidrigine chun pleananna forbartha gréasáin deich mbliana de chuid an Aontais atá neamhchlaonta agus spriocdhírithe a fhorbairt. Glacadh plean gníomhaíochta an Aontais maidir le heangacha agus an chéad liosta de Thionscadail Leasa Choitinn agus Leasa Fhrithpháirtigh agus cuireadh forálacha ceadaithe brostaithe i bhfeidhm trí Rialacháin Éigeandála, trí cheanglais athbhreithnithe REDIII agus GTE‑F.
Maidir leis an mbochtaineacht fuinnimh, in 2023, dhearbhaigh 10,6 % de dhaonra an Aontais nach raibh siad in ann a n‑áit chónaithe a choimeád te go leordhóthanach. I gcomparáid le 2022, tháinig méadú 1,3 pointe céatadáin ar an sciar sin
, i gcomhthéacs na géarchéime fuinnimh agus an bhoilscithe. Bhí éagsúlacht ann ar fud thíortha an Aontais a chuireann bearta chun cinn chun teaghlaigh a chosaint. Leis an reachtaíocht nua maidir leis an margadh fuinnimh, tabharfar cosaint níos fearr ar dhícheangal do theaghlaigh leochaileacha agus dóibh siúd a ndéanann bochtaineacht fuinnimh difear dóibh. I gcás géarchéim praghsanna gáis nádúrtha, is féidir le bearta éigeandála ar leibhéal an Aontais cuidiú le tomhaltóirí a chosaint trí idirghabhálacha ar uasteorainneacha praghsanna miondíola. Is féidir leis na Ballstáit gníomhú freisin chun rochtain ar sheirbhísí riachtanacha a áirithiú agus chun tomhaltóirí leochaileacha a chosaint ar chostais iomarcacha, agus aghaidh á tabhairt go díreach ar bhochtaineacht fuinnimh.
Leis an gCiste Aeráide Sóisialta, a tháinig i bhfeidhm in 2024, slógfar EUR 86,7 billiún ar a laghad d’ioncam CTA an Aontais don tréimhse 2026‑2032, lena n‑áirítear cómhaoiniú 25 % ó na Ballstáit, chun rannchuidiú le haistriú atá cothrom go sóisialta i dtreo na haeráidneodrachta. Leis an gCiste, maoineofar bearta agus infheistíochtaí a thiomsóidh na Ballstáit ina bPleananna Aeráide Sóisialta faoi mhí an Mheithimh 2025 agus ba cheart go gcuideodh sé leis an méadú a bhfuiltear ag súil leis ar bhillí fuinnimh a chúiteamh mar gheall ar phraghsáil carbóin a thabhairt isteach le haghaidh téimh agus iompair. Tá grúpa saineolaithe bunaithe ag an gCoimisiún, grúpa ina roinneann an Coimisiún agus na Ballstáit dea‑chleachtais agus ina malartaíonn siad tuairimí maidir le hullmhú an Chiste. Ó bhí mí an Mheithimh 2024 ann, tugann an Coimisiún tacaíocht do 10 mBallstát chun a bPleananna Aeráide Sóisialta a ullmhú tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil.
Taighde, nuálaíocht agus iomaíochas
Tá iomaíocht mhéadaitheach roimh mhonaróirí an Aontais i dteicneolaíochtaí glan‑nialasacha ar mhargaí domhanda agus intíre. I gcomparáid le 2022, tháinig an méadú is mó ar luach táirgeachta ceallraí ian litiam agus teaschaidéal san Aontas in 2023 (thart ar 30 %), agus ina dhiaidh sin cealla breosla (18 %), teicneolaíochtaí fuinnimh aigéin, bithbhreoslaí (eatánól) agus gabháil, úsáid agus stóráil carbóin (GÚSC) (beagnach 10 %). Cé go bhfuil an luach táirgeachta is airde san Aontas ag ceallraí ian litiam in 2023 (EUR 21 bhilliún), bhí an t‑easnamh trádála is mó sa teicneolaíocht sin ag an Aontas freisin (beagnach EUR 19 mbilliún). Léirigh fótavoltachas gréine easnamh comhchosúil, ach ag luach táirgeachta an Aontais a bhí i bhfad níos lú (EUR 2,1 billiún). I gcás ceallraí, tháinig méadú 21 % ar an easnamh trádála i gcomparáid le 2022, agus i gcás grianfhuinnimh fótavoltachais tháinig laghdú 13 % air. Ó na teicneolaíochtaí glan‑nialasachta a raibh barrachas trádála acu in 2023, ba í an ghaoth an ceann ba shuntasaí (EUR 1,7 billiún), as ar tháinig laghdú 65 % ar allmhairí agus ar tháinig méadú 50 % ar onnmhairí i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin. Bhí an dara barrachas is mó (EUR 1,3 billiún) ag líonraí téimh agus fuaraithe, agus hidreachumhacht (EUR 0,2 billiún) ina dhiaidh sin. Le linn 2021‑2023, bhí an sciar is mó d’onnmhairí domhanda na teicneolaíochta ag onnmhairí rótar gaoithe an Aontais (67 %), agus ina dhiaidh sin bhí teicneolaíochtaí grianfhuinnimh theirmigh agus hidreachumhachta le thart ar 40 %.
Rinne an Coimisiún athbhreithniú ar Phlean SET in 2023 agus chuir sé san áireamh é sa Ghníomh um an Tionscal Glan‑nialasachta, ag neartú a róil maidir le colún taighde, nuálaíochta agus iomaíochais an Aontais Fuinnimh a chur chun feidhme agus ag aithint a rannchuidithe le hacmhainneacht mhonaraíochta an Aontais maidir le teicneolaíochtaí straitéiseacha glan‑nialasachta.
Tá taighde agus nuálaíocht (T&N) fós ríthábhachtach chun iomaíochas chuideachtaí an Aontais amach anseo a áirithiú i dteicneolaíochtaí tionscal glan‑nialasachta ceannródaíocha. Sa chomhthéacs sin, rannchuidigh cur chun feidhme leanúnach Phlean Gníomhaíochta 2022 an Aontais maidir le Digitiú an chórais fuinnimh le nuálaíocht dhigiteach a chothú san Aontas, mar shampla trí leathchúpla digiteach d’eangach leictreachais an Aontais a fhorbairt agus trí tháscairí eangaí cliste a shainiú chun glacadh níos tapúla teicneolaíochtaí eangaí cliste agus nuálacha a chur chun cinn.
Chun an bhearna a dhúnadh idir taighde agus nuálaíocht (T&N) agus glacadh sa mhargadh in earnálacha teicneolaíochta glaine nua nó luathchéime, leanfaidh an Coimisiún de thacaíocht a thabhairt do T&N i ndlúthchomhar leis na Ballstáit tríd an bPlean Straitéiseach um Theicneolaíocht Fuinnimh (SET) agus trína Mheithleacha Cur Chun Feidhme chun cláir oibre chomhpháirteacha taighde agus nuálaíochta a shainiú in earnálacha straitéiseacha mar an ceann a foilsíodh le déanaí maidir le teicneolaíochtaí gréine. Tá sé ríthábhachtach freisin comhpháirtíochtaí a chothú le hearnálacha tionscail agus iompair chun dlús a chur le forbairt teicneolaíochtaí glan‑nialasachta, chun dlús a chur le glacadh margaidh torthaí T&N agus bonn monaraíochta an Aontais a neartú, mar shampla trí naisc láidre a fhorbairt idir na hArdáin Eorpacha Teicneolaíochta agus Nuálaíochta agus comhghuaillíochtaí tionsclaíocha (Comhghuaillíocht Ceallraí an Aontais, an Chomhghuaillíocht Eorpach don Hidrigin Ghlan agus an Chomhghuaillíocht um an Tionscal Fótavoltachais Gréine), chun forbairt tionscadal infheistíochta inmharthana agus acmhainneacht mhonaraíochta i dteicneolaíochtaí fuinnimh ghlain san Aontas a chur chun cinn, agus chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní margaidh, rialála, bonneagair agus teicneolaíochta ar a gcur in úsáid ar scála mór. Tá ról ríthábhachtach ina leith sin ag an gCiste don Nuálaíocht, a bhfuil buiséad measta de thart ar EUR 40 billiún aige go dtí 2030 ó dhíolachán lamháltais CTA an Aontais. Chuidigh idirphlé2 maidir leis an aistriú glan leis an tionscal agus leis na comhpháirtithe sóisialta le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a neartú agus tacú leis, rud a rannchuidigh le cur chuige tionsclaíoch treisithe.
Comhthairbhí an aistrithe fuinnimh
Chomh maith leis an dícharbónú, trí éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú agus trí fhoinsí in-athnuaite fuinnimh neamh-indóite a úsáid, cuidítear le truailliú a laghdú i gcomhréir leis na spriocanna a leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta maidir le Truailliú Nialasach, e.g. trí dhul i ngleic le truailliú aeir agus trí na básanna anabaí gaolmhara agus na tionchair ar éiceachórais a laghdú. Dá bhrí sin, cuideoidh bearta uaillmhianacha leis na Ballstáit spriocanna a bhaineann le haer glan a bhaint amach, lena n‑áirítear na caighdeáin níos uaillmhianaí maidir le cáilíocht an aeir sa Treoir athbhreithnithe maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh. Is deis iad na meastóireachtaí (leanúnacha) ar an Rialachán Rialachais agus ar Threoir 2016/2284 maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta chun na naisc idir beartas fuinnimh agus aeráide agus beartas aeir ghlain a chuíchóiriú a thuilleadh.
4.CONCLÚIDÍ
Le blianta beaga anuas, tá sé cruthaithe ag an Aontas go gcomhlíonann sé a ghealltanais, trí ghníomhaíochtaí daingne a dhéanamh chun a shlándáil, a dhul chun cinn san aistriú chuig fuinneamh glan agus dlúthpháirtíocht bhuanseasmhach leis an Úcráin a áirithiú. Ghníomhaigh sé ar bhealach aontaithe chun cuspóirí Phlean REPowerEU a bhaint amach, d’fhonn córas fuinnimh níos sláine agus níos dícharbónaithe a thógáil do na hEorpaigh uile.
Tá cuspóir den sórt sin i bhfad ó bheith éasca, go háirithe i bhfianaise an chomhthéacs gheopholaitiúil atá ag athrú go tapa agus na ngéarchéimeanna nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo atá os comhair an Aontais. Mar sin féin, mar a léirítear sna sonraí a chuirtear i láthair sa tuarascáil seo, leis an ngníomhaíocht thráthúil chomhbheartaithe ar leibhéal na mBallstát, ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na saoránach, seachnaíodh na héifeachtaí is measa a bhaineann leis an ngéarchéim fuinnimh trí fhuinneamh a shábháil, trínár soláthairtí a éagsúlú agus trí ghníomhaíocht a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar chúiseanna laigí struchtúracha an Aontais trí bhearta i dtreo na haeráidneodrachta a neartú, agus trí fhíoraontas fuinnimh, atá dírithe ar bhorradh a chur faoin bhfuinneamh glan.
I ndomhan atá ag éirí níos deighilte ó thaobh na geopholaitíochta de, tá an tábhacht a bhaineann le slándáil an tsoláthair, slándáil fuinnimh, inbhuanaitheacht agus saincheisteanna athléimneachta in éineacht le tionchair mhéadaitheacha an athraithe aeráide ar ullmhacht laistigh d’earnáil an fhuinnimh tagtha chun cinn, amhail an dúshlán d’iomaíochas thionscal, iompar agus sholáthar amhábhar criticiúil an Aontais. Sa chás sin, ghníomhaigh an tAontas go pras trína chomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a neartú agus tríd an nGníomh um an Tionscal Glan-nialasachta agus an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla a ghlacadh ach freisin trí chuireadh a thabhairt do mhachnamh straitéiseach a dhéanamh ar Mario Draghi agus Enrico Letta
Agus bonn láidir a cothaíodh trí chomhar agus trí dhlúthpháirtíocht gan staonadh, tá an tAontas ullmhaithe ar bhealach níos fearr chun dul i ngleic leis na hathruithe agus na dúshláin mhóra atá amach romhainn.
Mar sin féin, mar gheall ar dhúshláin nua agus dúshláin atá ag teacht chun cinn amhail an bhearna uaillmhéine i spriocanna maidir le foinsí in-athnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh, an méadú ar bhochtaineacht fuinnimh, an difreálach praghsanna fuinnimh i gcomparáid le hiomaitheoirí domhanda eile agus an baol go mbeidh spleáchais chriticiúla straitéiseacha nua ann, tá gá le freagairt chinntitheach beartais agus mórathrú sna hiarrachtaí ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát araon, trí níos mó comhordaithe, comhtháthú margaidh agus gníomhaíocht chomhpháirteach.
Garsprioc ríthábhachtach i ndáil leis sin is ea tíolacadh a bPleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide (PNFAnna) deiridh atá cothrom le dáta ag na Ballstáit toisc go mbeidh orthu araon uaillmhian spriocanna 2030 an Aontais a bhaint amach agus dlús breise a chur leis an gcur chun feidhme i dtreo na spriocanna sin agus, dá bhrí sin, tá siad i gcroílár straitéis seachadta an Aontais agus na mBallstát i dtreo chuspóirí an Aontais Fuinnimh. I gcomhthéacs béim níos mó a leagan ar chur chun feidhme reachtaíocht aeráide agus fuinnimh an Aontais, ní mór do na Ballstáit uile dlús a chur leis na hiarrachtaí chun uaillmhian ar leibhéal leordhóthanach a áirithiú agus chun a áirithiú go mbeidh an tAontas Eorpach ar an mbóthar ceart i dtreo a spriocanna comhchoiteanna fuinnimh agus aeráide le haghaidh 2030. Tathantaíonn an Coimisiún ar na Ballstáit eile a bpleananna a thíolacadh gan mhoill chun gur féidir measúnú tapa cuimsitheach a dhéanamh ar leibhéal an Aontais, agus túsphointe láidir a chruthú an tráth céanna chun aghaidh a thabhairt ar scrogaill, chun dea‑chleachtais a phlé, agus chun feabhas a chur ar chomhordú réigiúnach agus chun gur féidir ár gcuspóirí 2030 a bhaint amach go tapa agus go solúbtha.