AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,25.7.2024
COM(2024) 357 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
An Dara Tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS),
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,25.7.2024
COM(2024) 357 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
An Dara Tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS),
1Réamhrá
Is í seo an dara tuarascáil ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), arna glacadh i gcomhréir le hAirteagal 97 de RGCS. Glacadh an chéad tuarascáil an 24 Meitheamh 2020 (‘tuarascáil 2020’) ( 1 )).
Tá RGCS ar cheann de bhunchlocha de chur chuige an Aontais i leith an chlaochlaithe dhigitigh. Tá a bhunphrionsabail - próiseáil chothrom, shábháilte agus thrédhearcach sonraí pearsanta, lena gcinntítear go bhfanann daoine aonair i gceannas - mar bhonn agus mar thaca ag beartais uile an Aontais a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta.
Ó rinneadh tuarascáil 2020 ann, tá réimse tionscnamh glactha ag an Aontas arb é is aidhm dóibh daoine aonair a chur i gcroílár an aistrithe dhigitigh. Tá aidhm ar leith ag gach tionscnamh, amhail timpeallacht níos sábháilte ar líne a chruthú, an geilleagar digiteach a dhéanamh níos cothroime agus níos iomaíche, taighde ceannródaíoch a éascú, forbairt na hintleachta saorga (IS) atá sábháilte agus iontaofa a chinntiú agus fíormhargadh aonair le haghaidh sonraí a chruthú. Aon uair a bhíonn sonraí pearsanta i gceist, tógann na tionscnaimh sin ar RGCS. Cuireann RGCS bonn ar fáil freisin do thionscnaimh earnála a mbíonn tionchar acu ar phróiseáil sonraí pearsanta, e.g. i réimsí na seirbhísí airgeadais, na sláinte, na fostaíochta, na soghluaisteachta agus fhorfheidhmiú an dlí.
Tá comhaontú leathan ann i measc páirtithe leasmhara, údarás cosanta sonraí agus na mBallstát, in ainneoin roinnt dúshlán, go bhfuil torthaí tábhachtacha curtha ar fáil ag RGCS do dhaoine aonair agus do ghnólachtaí. Leis an gcur chuige rioscabhunaithe atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, tugtar cosaint láidir d’ábhair sonraí agus cuirtear oibleagáidí comhréireacha ar rialaitheoirí agus próiseálaithe sonraí. Ag an am céanna, ba cheart tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh i roinnt réimsí. Go háirithe, sna blianta amach romhainn, ba cheart díriú ar thacú le hiarrachtaí comhlíonta na bpáirtithe leasmhara - go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), oibreoirí beaga agus taighdeoirí agus eagraíochtaí taighde, treoir níos soiléire agus níos inghníomhaithe a sholáthar ó na húdaráis cosanta sonraí, agus léirmhíniú agus forfheidhmiú níos comhsheasmhaí RGCS a bhaint amach ar fud an Aontais.
De réir Airteagal 97 de RGCS, ba cheart don Choimisiún scrúdú a dhéanamh go háirithe ar chur i bhfeidhm agus ar fheidhmiú aistriú idirnáisiúnta sonraí pearsanta chuig tríú tíortha (i.e. tíortha lasmuigh den Aontas/LEE) (Caibidil V, RGCS) agus na sásraí comhair agus comhsheasmhachta idir údaráis náisiúnta cosanta sonraí (Caibidil VII, RGCS). Mar sin féin, mar atá i dtuarascáil 2020, soláthraítear sa tuarascáil seo measúnú ginearálta ar chur i bhfeidhm RGCS a théann níos faide ná an dá ghné sin: sainaithnítear leis roinnt gníomhaíochtaí a shainaithint atá riachtanach chun tacú le cur i bhfeidhm RGCS i bpríomhréimsí tosaíochta.
Cuirtear na foinsí seo a leanas san áireamh sa tuarascáil sin: (i) an seasamh agus na torthaí ón gComhairle, a glacadh i mí na Nollag 2023 ( 2 ); (ii) ionchur a bailíodh ó pháirtithe leasmhara, go háirithe trí ghrúpa ilpháirtithe leasmhara RGCS ( 3 ) agus trí ghlao poiblí ar fhianaise ( 4 ); agus (iii) ionchur ó údaráis cosanta sonraí (trí ionchur ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí ( 5 ) (an Bord) agus tuarascáil arna hullmhú ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) bunaithe ar agallaimh a rinneadh le húdaráis aonair cosanta sonraí ( 6 ) (”tuarascáil FRA”). Cuireann an tuarascáil freisin le faireachán leanúnach an Choimisiúin ar chur i bhfeidhm RGCS, lena n‑áirítear idirphlé déthaobhach leis na Ballstáit maidir le comhlíonadh na reachtaíochta náisiúnta, rannchuidiú gníomhach le hobair an Bhoird, agus dlúth‑theagmhálacha le raon leathan páirtithe leasmhara maidir le cur i bhfeidhm praiticiúil an Rialacháin.
2Forfheidhmiú RGCS agus feidhmiú na sásraí comhair agus comhsheasmhachta
Is é is aidhm do chóras forfheidhmithe ilfhreastail RGCS léirmhíniú agus forfheidhmiú comhchuibhithe ag údaráis neamhspleácha cosanta sonraí a áirithiú. Éilítear leis comhar idir údaráis cosanta sonraí i gcásanna próiseála trasteorann, i gcás ina ndéantar difear suntasach d’ábhair sonraí i roinnt Ballstát. Réitíonn an Bord díospóidí idir na húdaráis faoi shásra comhsheasmhachta RGCS.
2.1Láimhseáil cásanna trasteorann a dhéanamh níos éifeachtúla: an togra maidir le rialacha nós imeachta
Tugadh ar aird i dtuarascáil 2020 an gá atá le láimhseáil níos éifeachtúla agus níos comhchuibhithe a dhéanamh ar chásanna trasteorann ar fud an Aontais, go háirithe i bhfianaise difríochtaí móra i nósanna imeachta riaracháin náisiúnta agus léirmhínithe ar choincheapa i sásra comhair RGCS. Dá bhrí sin, i mí Iúil 2023, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh Rialachán maidir le rialacha nós imeachta ( 7 ), ag tarraingt freisin ar liosta de na saincheisteanna a chuir an Bord faoi bhráid an Choimisiúin i mí Dheireadh Fómhair 2022 ( 8 ), agus ar ionchur ó pháirtithe leasmhara ( 9 ) agus ó na Ballstáit ( 10 ). Comhlánaíonn an togra RGCS trí rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le gearáin trasteorann, rannpháirtíocht an ghearánaigh, cearta próisis chuí na bpáirtithe atá faoi imscrúdú (rialaitheoirí agus próiseálaithe), agus comhar idir údaráis cosanta sonraí. Thacódh comhchuibhiú na ngnéithe nós imeachta sin le himscrúduithe a thabhairt chun críche go tráthúil agus le leigheas tapa a chur ar fáil do dhaoine aonair. Tá an togra á chaibidliú faoi láthair ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle.
2.2Comhar méadaithe idir údaráis cosanta sonraí agus úsáid an tsásra comhsheasmhachta
Tá méadú suntasach tagtha ar líon na gcásanna trasteorann le blianta beaga anuas. Tá sé léirithe ag údaráis cosanta sonraí go bhfuil siad toilteanach níos mó úsáid a bhaint as na huirlisí comhair a chuirtear ar fáil le RGCS. Bhain gach údarás cosanta sonraí úsáid as an uirlis cúnaimh fhrithpháirtigh ( 11 ) chomh maith le hiarrataí “neamhfhoirmiúla” chun cúnamh a thabhairt dá chéile ar bhonn deonach. Tá na húdaráis cosanta sonraí i bhfabhar iarrataí neamhfhoirmiúla, nach bhforchuireann sprioc-am ná dualgas docht chun freagra a thabhairt. Cé gur ghlac an Bord treoirlínte maidir le hoibríochtaí comhpháirteacha in 2021 ( 12 ), níl úsáid shuntasach bainte fós ag na húdaráis as an uirlis sin ( 13 ) agus luaitear difríochtaí i nósanna imeachta náisiúnta agus easpa soiléireachta maidir leis an nós imeachta mar na príomhchúiseanna lena húsáid theoranta.
Tugann RGCS an deis do na húdaráis cosanta sonraí lena mbaineann agóid ábhartha agus réasúnaithe a dhéanamh i gcás nach n‑aontaíonn siad le dréachtchinneadh ón bpríomhúdarás cosanta sonraí i gcás trasteorann. I gcás nach féidir le húdaráis cosanta sonraí teacht ar chomhthoil maidir le hagóid ábhartha réasúnaithe, déanann RGCS foráil maidir le réiteach díospóide ag an mBord ( 14 ). Ba iad seo a leanas na hábhair ba mhinice a ardaíodh sna hagóidí ábhartha réasúnaithe: (i) an bunús dlí atá leis an bpróiseáil; (ii) oibleagáidí faisnéise agus trédhearcachta; (iii) fógra a thabhairt faoi sháruithe i ndáil le sonraí; (iv) cearta na n‑ábhar sonraí; (v) maoluithe le haghaidh aistrithe idirnáisiúnta; (vi) bearta ceartaitheacha a úsáid; agus (vii) méid fíneála riaracháin.
Tá córas forfheidhmithe RGCS bunaithe ar an mbonn go bhfuil comhar dílis agus éifeachtach ann idir údaráis cosanta sonraí. Cé go bhfuil ról tábhachtach ag an nós imeachta um réiteach díospóidí san ollstruchtúr forfheidhmithe sin, ba cheart é a úsáid de réir an mheoin inar ceapadh é, is é sin aird chuí á tabhairt ar roinnt na hinniúlachta idir údaráis cosanta sonraí, an gá atá le cearta próisis chuí a urramú, agus an leas a bhaineann le réiteach tráthúil a bhaint amach ar an gcás d’ábhair sonraí. Éilíonn gach nós imeachta um réiteach díospóide acmhainní suntasacha ón bpríomhúdarás, ó na húdaráis lena mbaineann agus ó rúnaíocht an Bhoird, agus cuireann sé moill ar sholáthar leighis d’ábhair sonraí.
|
Úsáid mhéadaithe uirlisí comhair ag údaráis cosanta sonraí ·Cláraíodh beagnach 2 400 iontráil cháis i gcóras malartaithe faisnéise an Bhoird ( 15 ). ·Tá thart ar 1 500 dréachtchinneadh eisithe ag na príomhúdaráis cosanta sonraí ( 16 ), agus rinneadh cinntí críochnaitheacha mar thoradh ar 990 díobh inar cinneadh go raibh sárú ar RGCS ( 17 ). ·Thionscain údaráis cosanta sonraí beagnach 1 000 iarraidh “fhoirmiúla” ar chúnamh frithpháirteach ( 18 ) agus thart ar 12 300 iarraidh “neamhfhoirmiúla” ( 19 ). ·Tionscnaíodh cúig chomhoibríocht ina raibh údaráis cosanta sonraí ó sheacht mBallstát rannpháirteach. ·Rinne údaráis cosanta sonraí ó 18 mBallstát agóidí ábhartha réasúnaithe ( 20 ). |
Tá méadú ag teacht ar an úsáid a bhaineann údaráis cosanta sonraí as sásra comhsheasmhachta RGCS. Tá trí chomhpháirt ann: (i) tuairimí an Bhoird; (ii) réiteach díospóide ag an mBord; agus (iii) an nós imeachta práinne ( 21 ).
Tugann an Bord aghaidh níos mó agus níos mó ar shaincheisteanna tábhachtacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo ina thuairimí ( 22 ). Ba cheart don Bhord comhairliúchán tráthúil fóinteach a áirithiú sula nglacfar na tuairimí sin. I gcásanna a cuireadh faoi bhráid réiteach díospóide, tugadh aghaidh ar cheisteanna amhail an bunús dlí chun sonraí a phróiseáil le haghaidh fógraíocht iompraíochta ar na meáin shóisialta agus sonraí leanaí a phróiseáil ar líne. Rinneadh agóid os comhair na Cúirte Ginearálta i gcoinne fhormhór na gcinntí ceangailteacha ina dhiaidh sin.
Tá trédhearcacht i bpróiseas cinnteoireachta an Bhoird ríthábhachtach chun a áirithiú go n‑urramófar an ceart chun dea-riaracháin faoi Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Le nós imeachta práinne RGCS, ceadaítear d’údaráis cosanta sonraí maolú ón sásra comhair agus comhsheasmhachta chun bearta práinneacha a dhéanamh i gcás inar gá chun cearta agus saoirsí na n‑ábhar sonraí a chosaint. De mhaolú ar an ngnáthnós imeachta comhair faoi RGCS, ceaptar uirlisí amhail an nós imeachta práinne lena n‑úsáid in imthosca eisceachtúla amháin agus i gcás nach féidir leis an ngnáthnós imeachta comhair cearta agus saoirsí na n‑ábhar sonraí a chosaint.
|
An sásra comhsheasmhachta ·Tá 190 tuairim chomhsheasmhachta glactha ag an mBord. ·Glacadh naoi gcinneadh cheangailteacha i réiteach díospóide ( 23 ). Thug gach ceann acu treoir don phríomhúdarás cosanta sonraí a dhréachtchinneadh a leasú agus tá fíneálacha suntasacha mar thoradh ar roinnt acu. ·Ghlac cúig údarás cosanta sonraí bearta sealadacha faoin nós imeachta práinne (an Ghearmáin, an Fhionlainn, an Iodáil, an Iorua agus an Spáinn). ·D’iarr dhá údarás cosanta sonraí cinneadh ceangailteach práinneach ón mBord ( 24 )agus d’ordaigh an Bord bearta críochnaitheacha práinneacha i gcás amháin. |
2.3Forfheidhmiú níos láidre
Tá méadú suntasach tagtha ar ghníomhaíocht forfheidhmiúcháin na n‑údarás cosanta sonraí le blianta beaga anuas, lena n‑áirítear fíneálacha substaintiúla a fhorchur i gcásanna cinniúnacha i gcoinne cuideachtaí ilnáisiúnta “mórtheicneolaíochta”. Forchuireadh fíneálacha, mar shampla, i leith na nithe seo a leanas: (i) dlíthiúlacht agus slándáil na próiseála a shárú; (ii) sárú ar phróiseáil catagóirí speisialta sonraí pearsanta; agus (iii) mainneachtain cearta daoine aonair a chomhlíonadh ( 25 ). Mar thoradh air sin, tá cuideachtaí príobháideacha “ag glacadh go dáiríre le cosaint sonraí” ( 26 ) agus chabhraigh sé le cultúr comhlíontachta a leabú in eagraíochtaí. Glacann údaráis cosanta sonraí cinntí lena n‑aimsítear sáruithe ar RGCS i gcásanna atá bunaithe ar ghearáin agus i gcásanna féintionscnaimh. Cé nach bhfuil siad ar fáil i ngach Ballstát, bhain go leor údarás cosanta sonraí úsáid éifeachtach as nósanna imeachta “réiteach cairdiúil” chun cásanna atá bunaithe ar ghearáin a réiteach go tapa chun sástacht an ghearánaigh. Aithnítear i dtogra na rialacha nós imeachta go bhféadfaí gearáin a réiteach trí réiteach cairdiúil ( 27 ).
Tá neart úsáide bainte ag údaráis cosanta sonraí as a gcumhachtaí ceartaitheacha, cé go bhfuil éagsúlacht mhór i líon na mbeart ceartaitheach a fhorchuirtear i measc na n‑údarás. Seachas fíneálacha, ba iad rabhaidh, iomarduithe agus orduithe chun RGCS a chomhlíonadh na bearta ceartaitheacha ba choitianta a úsáideadh.Is minic a dhéanann rialaitheoirí agus próiseálaithe agóid i gcoinne cinntí lena gcinntear sáruithe ar RGCS sna cúirteanna náisiúnta, ar fhorais nós imeachta den chuid is mó ( 28 ).
|
Forfheidhmiú níos láidre ·Tá os cionn 20 000 imscrúdú féintionscnaimh seolta ag na húdaráis cosanta sonraí ( 29 ). ·Faigheann siad breis agus 100 000 gearán in aghaidh na bliana i dteannta a chéile ( 30 ). ·Maireann an t‑am airmheánach a bhíonn ag údaráis cosanta sonraí chun gearáin a láimhseáil (ón uair a fhaightear iad go dtí go ndúntar an cás) idir 1 mhí agus 12 mhí, agus maireann sé 3 mhí nó níos lú i gcúig Bhallstát (an Danmhairg (1 mhí), an Spáinn (1.5 mí), an Eastóin (3 mhí), an Ghréig (3 mhí) agus Éire (3 mhí)). ·Réitíodh breis agus 20 000 gearán trí réiteach cairdiúil. Is san Ostair, san Ungáir, i Lucsamburg agus in Éirinn is mó a úsáidtear é. ·In 2022, ghlac údaráis cosanta sonraí sa Ghearmáin an líon is airde cinntí lena bhforchuirtear beart ceartaitheach (3 261), agus ina dhiaidh sin an Spáinn (774), an Liotuáin (308) agus an Eastóin (332). Forchuireadh an líon is ísle beart ceartaitheach i Lichtinstéin (8), sa tSeicia (8), san Íoslainn (10), san Ísiltír (17) agus i Lucsamburg (22). ·D’fhorchuir údaráis cosanta sonraí breis agus 6 680 fíneáil arb ionann iad agus thart ar EUR 4.2 billiún ( 31 ). Tá an méid iomlán fíneálacha is airde (EUR 2.8 billiún) forchurtha ag an údarás in Éirinn, agus ina dhiaidh sin tá Lucsamburg (EUR 746 mhilliún), an Iodáil (EUR 197 milliún) agus an Fhrainc (EUR 131 mhilliún). D’fhorchuir Lichtinstéin (EUR 9 600), an Eastóin (EUR 201 000) agus an Liotuáin (EUR 435 000) an méid fíneálacha is ísle. |
Cé go measann formhór na n‑údarás cosanta sonraí go bhfuil a n‑uirlisí imscrúdaitheacha leordhóthanach, tá uirlisí breise ag teastáil ó chuid acu ar an leibhéal náisiúnta, amhail smachtbhannaí leordhóthanacha i gcás ina dteipeann ar rialaitheoirí comhoibriú nó ina soláthraíonn siad an fhaisnéis is gá ( 32 ). Measann na húdaráis cosanta sonraí gurb iad acmhainní neamhleora agus bearnaí i saineolas teicniúil agus dlíthiúil an phríomhghné a dhéanann difear dá gcumas forfheidhmithe ( 33 ).
2.4An Bord
Tá an Bord comhdhéanta de cheann údaráis cosanta sonraí amháin ó gach Ballstát agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, agus bíonn an Coimisiún rannpháirteach ann gan cearta vótála a bheith aige. Tá sé de chúram ar an mBord, a fhaigheann tacaíocht ina chuid oibre óna rúnaíocht, cur i bhfeidhm comhsheasmhach RGCS a áirithiú ( 34 ). Measann formhór na n‑údarás cosanta sonraí go raibh ról dearfach ag an mBord maidir leis an gcomhar eatarthu a neartú ( 35 ). Tiomnaíonn go leor údarás cosanta sonraí acmhainní suntasacha do ghníomhaíochtaí an Bhoird, cé go léiríonn údaráis bheaga go gcuireann a méid cosc orthu páirt iomlán a ghlacadh ( 36 ). Measann roinnt údarás gur cheart éifeachtúlacht phróisis an Bhoird a fheabhsú, go háirithe trí líon na gcruinnithe a laghdú agus trí níos lú airde a thabhairt ar mhioncheisteanna ( 37 ). Ag brath ar thoradh na caibidlíochta ar an togra maidir le rialacha nós imeachta RGCS, arb é is aidhm dó líon na gcásanna a chuirtear faoi bhráid an Bhoird chun díospóidí a réiteach a laghdú, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le machnamh a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil acmhainní breise ag teastáil ón mBord.
Amhail ó mhí na Samhna 2023, bhí 35 threoirlíne glactha ag an mBord. Cé go measann páirtithe leasmhara agus údaráis cosanta sonraí go bhfuil siad úsáideach, measann siad araon gur cheart treoirlínte a sheachadadh níos tapúla agus gur cheart an cháilíocht a fheabhsú ( 38 ). Tugann páirtithe leasmhara dá n‑aire gur minic a bhíonn siad rótheoiriciúil, rófhada agus nach léiríonn siad cur chuige rioscabhunaithe RGCS ( 39 ). Ba cheart d’údaráis cosanta sonraí agus don Bhord treoirlínte gonta agus praiticiúla a sholáthar lena dtugtar freagraí ar fhadhbanna nithiúla agus lena léirítear cothromaíocht idir cosaint sonraí agus cearta bunúsacha eile. Ba cheart go mbeadh sé éasca treoirlínte a thuiscint freisin do dhaoine aonair nach bhfuil oiliúint dhlíthiúil acu, mar shampla in FBManna agus in eagraíochtaí deonacha ( 40 ). Bealach chun é sin a bhaint amach is ea ullmhú na dtreoirlínte a dhéanamh níos trédhearcaí, agus dul i gcomhairle ag céim luath chun tuiscint níos fearr a fháil ar dhinimic an mhargaidh, ar chleachtais ghnó agus ar conas na treoirlínte a chur i bhfeidhm go praiticiúil ( 41 ). Is díol sásaimh dó, mar chuid dá Straitéis 2024-2027, gur leag an Bord béim ar a sprioc treoir phraiticiúil a chur ar fáil atá inrochtana don lucht féachana ábhartha ( 42 ).
Cuireann páirtithe leasmhara i dtábhacht an gá atá le treoirlínte breise, go háirithe maidir le hanaithnidiú agus bréagainmniú ( 43 ), leas dlisteanach agus taighde eolaíoch ( 44 ). I dtuarascáil 2020, d’iarr an Coimisiún ar an mBord treoirlínte a ghlacadh maidir le taighde eolaíoch, ach níor glacadh na treoirlínte go fóill. Agus aitheantas á thabhairt acu dá thábhachtaí atá taighde eolaíoch sa tsochaí, go háirithe chun faireachán a dhéanamh ar ghalair agus chun cóireálacha a fhorbairt, agus chun nuálaíocht a chothú, tá sé ríthábhachtach go ngníomhóidh údaráis cosanta sonraí chun na ceisteanna sin a shoiléiriú gan a thuilleadh moille ( 45 ). Bhainfeadh údaráis phoiblí tairbhe freisin as treoir lena dtabharfaí aghaidh ar na dúshláin ar leith atá rompu ( 46 ).
2.5Údaráis cosanta sonraí
2.5.1Neamhspleáchas agus acmhainní
Tá neamhspleáchas na n‑údarás cosanta sonraí cumhdaithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Leagtar síos le RGCS ceanglais chun ‘neamhspleáchas iomlán’ na n‑údarás cosanta sonraí a áirithiú ( 47 ). Fuarthas amach i dtuarascáil FRA go n‑oibríonn formhór na n‑údarás cosanta sonraí go neamhspleách ar an Rialtas, ar an bParlaimint nó ar aon chomhlacht poiblí eile ( 48 ).
Teastaíonn acmhainní leordhóthanacha daonna, teicniúla agus airgeadais ó na húdaráis cosanta sonraí chun go mbeidh siad in ann a gcúraimí a chur i gcrích go héifeachtach agus go neamhspleách faoi RGCS. I dtuarascáil 2020, thug an Coimisiún dá aire nach raibh cur ar fáil acmhainní do na húdaráis cosanta sonraí sásúil fós agus d’ardaigh sé an tsaincheist sin arís agus arís eile leis na Ballstáit. Ó shin i leith, tá feabhas tagtha ar an scéal.
|
Acmhainní méadaithe d’údaráis cosanta sonraí ( 49 ) ·Idir 2020 agus 2024, thairbhigh gach údarás cosanta sonraí seachas dhá údarás díobh de mhéadú ar an bhfoireann agus sháraigh an méadú 25 % i 14 Bhallstát. ·Is ag an údarás cosanta sonraí in Éirinn a bhí an méadú is mó ar an bhfoireann (79 %), agus ina dhiaidh sin bhí an Eastóin, an tSualainn (57 % araon) agus an Bhulgáir (56 %). ·Bhí laghdú beag ar an bhfoireann ag an údarás sa tSeicia (-1 %) agus ní raibh aon mhéadú ar an bhfoireann i Lichtinstéin agus mionmhéaduithe ar an bhfoireann sa Chipir (4 %) agus san Ungáir (8 %). ·Idir 2020 agus 2024, bhí méadú ar an mbuiséad ag gach údarás cosanta sonraí seachas údarás amháin, agus sháraigh an méadú 50 % i 13 Bhallstát. ·Is ag an údarás cosanta sonraí sa Chipir a bhí an méadú is mó sa bhuiséad (130 %), agus ina dhiaidh sin bhí an Ostair (107 %), an Bhulgáir (100%) agus an Eastóin (97 %). ·Tháinig laghdú 15 % ar bhuiséad údarás cosanta sonraí na Gréige agus bhí mionmhéaduithe buiséid ann d’údaráis Lichtinstéin (1 %), na Slóvaice (6 %) agus na Seice (8 %). |
Cé go léiríonn na staitisticí sin treocht ghinearálta aníos maidir le hacmhainní a chur ar fáil do na húdaráis cosanta sonraí, measann na húdaráis féin nach bhfuil acmhainní daonna leordhóthanacha acu fós ( 50 ). Cuireann siad i dtreis go láidir an gá atá le heolas teicniúil an‑speisialaithe, go háirithe maidir le teicneolaíochtaí nua agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn ( 51 ), a ndéanann a n‑easpa difear do chainníocht agus do cháilíocht a gcuid oibre, agus na deacrachtaí a bhaineann le dul in iomaíocht le haghaidh acmhainní daonna leis an earnáil phríobháideach. Luann na húdaráis cosanta sonraí nach leor an t‑eolas atá acu ar an dlí agus go bhfuil easpa scileanna teanga mar thosca a dhéanann difear dá bhfeidhmíocht. Cuirtear i dtábhacht luach saothair íseal, neamhábaltacht baill foirne a roghnú go neamhspleách, agus ualach oibre trom mar na príomhthosca a dhéanann difear do chumas na n‐údarás baill foirne a earcú agus a choinneáil ( 52 ). Cuireann údaráis cosanta sonraí i dtábhacht freisin an gá atá acu le hacmhainní airgeadais má tá siad chun a bpróisis a nuachóiriú agus a dhigitiú, agus trealamh teicniúil a fháil ( 53 ). Comhlíonann gach údarás cosanta sonraí cúraimí sa bhreis orthu siúd a chuirtear de chúram orthu le RGCS ( 54 ), e.g. mar údaráis mhaoirseachta don Treoir maidir le Cosaint Sonraí i Réimse Fhorfheidhmiú an Dlí agus don Treoir maidir le r-Phríobháideachas, agus cuireann go leor acu in iúl go bhfuil imní orthu faoi fhreagrachtaí breise a bheith orthu faoin reachtaíocht dhigiteach nua ( 55 ).
2.5.2Deacrachtaí maidir le líon ard gearán a láimhseáil
Tugann roinnt údarás cosanta sonraí le fios go n‑úsáidtear an iomarca dá n‑acmhainní chun líon ard gearán a láimhseáil, agus measann siad go bhfuil an chuid is mó díobh fánach agus gan bhunús, ós rud é gur oibleagáid faoi RGCS atá faoi réir athbhreithniú breithiúnach é gach gearán a láimhseáil ( 56 ). Ciallaíonn sé sin nach féidir le húdaráis cosanta sonraí acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí eile, amhail imscrúduithe féintionscnaimh, feachtais feasachta poiblí agus rannpháirtíocht le rialaitheoirí ( 57 ). Mar údaráis phoiblí, tá sé de rogha ag údaráis cosanta sonraí a n‑acmhainní a leithdháileadh de réir mar is cuí leo chun gach ceann dá gcúraimí (a liostaítear in Airteagal 57(1) RGCS) a chomhlíonadh ar mhaithe le leas an phobail. Tá straitéisí glactha ag go leor údarás cosanta sonraí chun éifeachtúlacht na láimhseála gearán a mhéadú, amhail uathoibriú ( 58 ), úsáid nósanna imeachta um réiteach cairdiúil ( 59 ) agus “grúpáil” a dhéanamh ar ghearáin a bhaineann le saincheisteanna comhchosúla ( 60 ).
2.5.3Léirmhíniú RGCS ag údaráis náisiúnta cosanta sonraí
Cuspóir lárnach de chuid RGCS ba ea deireadh a chur leis an gcur chuige ilroinnte maidir le cosaint sonraí a bhí ann faoin Treoir um Chosaint Sonraí roimhe seo (Treoir 95/46/CE) ( 61 ). Mar sin féin, leanann údaráis cosanta sonraí de léirmhínithe éagsúla a ghlacadh maidir le príomhchoincheapa cosanta sonraí ( 62 ). Sainaithníonn páirtithe leasmhara é sin mar an phríomhchonstaic ar chur i bhfeidhm comhsheasmhach RGCS san Aontas. Mar gheall ar léirmhínithe éagsúla a bheith fós ann, cruthaítear éiginnteacht dhlíthiúil agus méadaítear na costais do ghnólachtaí (e.g. trí dhoiciméadacht éagsúil á héileamh do roinnt Ballstát), cuirtear isteach ar shaorghluaiseacht sonraí pearsanta san Aontas, cuirtear bac ar ghnó trasteorann agus cuirtear bac ar thaighde agus ar nuálaíocht maidir le dúshláin shochaíocha phráinneacha.
I measc na saincheisteanna sonracha a d’ardaigh páirtithe leasmhara tá an méid seo a leanas: (i) go bhfuil dearcadh éagsúil ag na húdaráis cosanta sonraí i dtrí Bhallstát maidir leis an mbunús dlí iomchuí chun sonraí pearsanta a phróiseáil agus triail chliniciúil á stiúradh acu; (ii) gur minic a bhíonn tuairimí éagsúla ann maidir le cé acu rialaitheoir nó próiseálaí é eintiteas; agus (iii) i gcásanna áirithe nach leanann údaráis cosanta sonraí treoirlínte an Bhoird nó foilsíonn siad treoirlínte ar an leibhéal náisiúnta a thagann salach ar threoirlínte an Bhoird ( 63 ). Is measa fós na saincheisteanna sin nuair a ghlacann an iliomad údarás cosanta sonraí laistigh d’aon Bhallstát amháin léirmhínithe chontrártha.
Measann roinnt páirtithe leasmhara freisin go nglacann údaráis cosanta sonraí áirithe agus an Bord léirmhínithe a imíonn ó chur chuige rioscabhunaithe RGCS, rud a chruthaíonn dúshlán d’fhorbairt an gheilleagair dhigitigh ( 64 ) agus do shaoirse agus iolrachas na meán. Luann siad an méid seo a leanas mar ábhair imní: (i) an léirmhíniú ar anaithnidiú; (ii) bunús dlí an leasa dhlisteanaigh agus an toilithe ( 65 ); agus (iii) na heisceachtaí ón toirmeasc ar chinnteoireacht aonair uathoibrithe ( 66 ). Ba cheart a mheabhrú go bhfuil sé de chúram ar na húdaráis cosanta sonraí agus ar an mBord cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil a sonraí pearsanta chomh maith saorshreabhadh sonraí pearsanta laistigh den Aontas a chinntiú. Mar a aithnítear in RGCS ( 67 ), ní mór an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint a mheas i ndáil leis an bhfeidhm atá aige sa tsochaí agus ní mór é a chothromú i gcoinne cearta bunúsacha eile, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta.
2.5.4Rannpháirtíocht le rialaitheoirí agus próiseálaithe
Cuireann páirtithe leasmhara i dtábhacht an tairbhe a bhaineann leis an deis a bheith acu dul i mbun idirphlé cuiditheach le húdaráis cosanta sonraí chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad RGCS ón tús, go háirithe maidir le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn. Tugann páirtithe leasmhara dá n‑aire go mbíonn roinnt údarás cosanta sonraí rannpháirteach go gníomhach le rialaitheoirí, agus go mbíonn údaráis eile mall chun freagairt, go dtugann siad freagraí doiléire, nó nach bhfreagraíonn siad ar chor ar bith ( 68 ).
3Cur chun feidhme RGCS ag na Ballstáit
3.1Ilroinnt i gcur i bhfeidhm náisiúnta
Cé go bhfuil RGCS, mar rialachán, infheidhme go díreach, ceanglaítear leis ar na Ballstáit reachtaíocht a rith i réimsí áirithe agus tugtar an deis dóibh a chur i bhfeidhm a shonrú tuilleadh i líon teoranta réimsí ( 69 ). Agus reachtaíocht á déanamh acu ar an leibhéal náisiúnta, ní mór do na Ballstáit é sin a dhéanamh faoi na coinníollacha agus laistigh de na teorainneacha a leagtar síos le RGCS. Mar a tharla in 2020, tuairiscíonn páirtithe leasmhara go raibh deacrachtaí acu a eascraíonn as ilroinnt i rialacha náisiúnta i gcás ina bhfuil an deis ag na Ballstáit RGCS a shonrú, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:
·an aois íosta do thoiliú linbh i ndáil le seirbhísí na sochaí faisnéise a thairiscint don leanbh sin ( 70 );
·coinníollacha breise á dtabhairt isteach ag Ballstáit maidir le próiseáil sonraí géiniteacha, sonraí bithmhéadracha nó sonraí a bhaineann leis an tsláinte ( 71 );
·próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann le ciontuithe coiriúla agus cionta ( 72 ), rud a chruthaíonn deacrachtaí in earnálacha rialáilte áirithe.
Ag an am céanna, rud atá tábhachtach, tuairiscíonn go leor páirtithe leasmhara go n‑eascraíonn saincheisteanna ilroinnte go príomha as léirmhínithe éagsúla ar RGCS ag údaráis cosanta sonraí, seachas as clásail shonraíochta roghnacha a bheith á n‑úsáid ag na Ballstáit.
Measann na Ballstáit go bhféadfadh méid teoranta ilroinnte a bheith inghlactha agus go bhfuil tairbhe fós ag baint leis na clásail shonraíochta dá bhforáiltear le RGCS, go háirithe maidir le próiseáil ag údaráis phoiblí ( 73 ). Ceanglaítear le RGCS ar na Ballstáit dul i gcomhairle lena n‐údarás náisiúnta cosanta sonraí agus reachtaíocht a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta á hullmhú acu ( 74 ). Fuarthas amach i dtuarascáil FRA gur shocraigh roinnt rialtas spriocdhátaí an‑dochta do na húdaráis sin, agus i gcásanna áirithe nach dtéann siad i gcomhairle leo ar chor ar bith ( 75 ).
3.2Faireachán an Choimisiúin
Déanann an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme RGCS ar bhonn leanúnach. Sheol an Coimisiún nósanna imeachta um shárú in aghaidh na mBallstát maidir le saincheisteanna amhail neamhspleáchas na n‑údarás cosanta sonraí (lena n‑áirítear fanacht saor ó thionchar seachtrach agus fáil a bheith ar leigheas breithiúnach i gcás dífhostaithe) ( 76 ) agus an ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil do na hábhair sonraí i gcás nach láimhseálann an t‑údarás cosanta sonraí gearán ( 77 ). Mar chuid dá fhaireachán, iarrann an Coimisiún freisin go soláthróidh na húdaráis cosanta sonraí, ar bhonn rúnda daingean, faisnéis rialta ( 78 ) maidir le cásanna leanúnacha trasteorann ar mhórscála, go háirithe iad siúd a bhaineann le mórchuideachtaí teicneolaíochta ilnáisiúnta.
Déanann an Coimisiún cumarsáid rialta leis na Ballstáit maidir le cur chun feidhme RGCS. Mar a leagtar amach i dtuarascáil 2020, lean an Coimisiún d’úsáid a bhaint as sainghrúpa RGCS na mBallstát ( 79 ) chun plé agus comhroinnt taithímaidir le cur chun feidhme éifeachtach RGCS a éascú. Bhí plé sonrach ag an sainghrúpa maidir leis an méid seo a leanas: (i) maoirseacht ar chúirteanna atá ag gníomhú ina gcáil bhreithiúnach (Airteagal 55 RGCS; Airteagal 8 den Chairt); (ii) réiteach a dhéanamh idir an ceart chun cosaint sonraí agus an ceart chun tuairimí a nochtadh (Airteagal 85 RGCS); agus (iii) an ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil i gcoinne údarás maoirseachta (Airteagal 78 RGCS). Tar éis an phlé sin, thiomsaigh an Coimisiún forléargais ar na cineálacha cur chuige a glacadh maidir le cur chun feidhme na bhforálacha sin sna Ballstáit ( 80 ). D’úsáid an Coimisiún an grúpa sin freisin chun tuairimí a mhalartú leis na Ballstáit agus an togra maidir le rialacha nós imeachta á ullmhú aige.
Déantar measúnú freisin ar chomhlíonadh na reachtaíochta náisiúnta agus an chleachtais leis na rialacha cosanta sonraí a leagtar amach i gcorpas dlí an Aontais maidir le limistéar Schengen mar chuid de mheastóireachtaí Schengen, arna ndéanamh go comhpháirteach ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún. Déantar cúig mheastóireacht ar a laghad ar chosaint sonraí ar an láthair in aghaidh na bliana, ag díriú faoi láthair ar chórais mhórscála TF agus ar Chóras Faisnéise Schengen, ar an gCóras Faisnéise Víosaí agus ar ról maoirseachta na n‑údarás náisiúnta cosanta sonraí ar na córais sin.
Tá an Coimisiún ag cur go gníomhach leis an líon mór cásanna atá os comhair na Cúirte Breithiúnais (agus thart ar 30 réamhrialú ann in aghaidh na bliana le blianta beaga anuas), a bhfuil ról lárnach acu i léirmhíniú comhsheasmhach phríomhchoincheapa RGCS. Tá roinnt soiléirithe tugtha ag corpas cásdlí de chuid na Cúirte atá ag dul i méid, amhail an sainmhíniú ar shonraí pearsanta ( 81 ), catagóirí speisialta sonraí pearsanta ( 82 ), rialaitheoir ( 83 ), toiliú ( 84 ), leas dlisteanach ( 85 ), an ceart rochtana ( 86 ), an ceart go ndéanfaí léirscriosadh ( 87 ), an ceart chun cúitimh ( 88 ), cinnteoireacht aonair uathoibrithe ( 89 ), fíneálacha riaracháin ( 90 ), oifigigh cosanta sonraí ( 91 ), foilsiú sonraí pearsanta i gcláir ( 92 ) agus cur i bhfeidhm RGCS maidir le gníomhaíochtaí parlaimintí ( 93 ).
4Cearta an ábhair sonraí
Feasacht daoine aonair faoi RGCS agus na húdaráis cosanta sonraí (Eorabharaiméadar 2024, 549 maidir le Ceartas, cearta agus luachanna)
·Thug 72 % de na freagróirí ar fud an Aontais le fios gur chuala siad faoi RGCS, lena n‑áirítear 40 % a bhfuil a fhios acu cad é atá ann.
·I 19 mBallstát, thug níos mó ná 70 % de na freagróirí le fios go bhfuil siad ar an eolas faoi RGCS, agus is iad na freagróirí sa tSualainn (92 %) is mó atá ar an eolas faoi, agus ina dhiaidh sin an Ísiltír (88 %), Málta agus an Danmhairg (84 %), agus is iad na freagróirí sa Bhulgáir (59 %) is lú atá ar an eolas faoi, agus an Liotuáin (63 %) agus an Fhrainc (64 %) ina dhiaidh sin.
·Thug 68 % de na freagróirí ar fud an Aontais le fios gur chuala siad faoi údarás náisiúnta atá freagrach as a gcearta cosanta sonraí a chosaint, agus dúirt 24 % de na freagróirí go léir go bhfuil a fhios acu freisin cén t‑údarás poiblí atá freagrach.
·I ngach Ballstát, chuala leath na bhfreagróirí ar a laghad faoi údarás náisiúnta den sórt sin, leis na leibhéil is airde san Ísiltír (82 %), sa tSeicia, sa tSlóivéin agus sa Pholainn (75 % i ngach tír faoi seach), agus sa Phortaingéil (74 %). Is lú atá freagróirí san Ostair (56 %) agus sa Spáinn (58 %) ar an eolas faoin údarás sin.
Tá méadú ag teacht ar an eolas atá ag daoine aonair ar a gcearta faoi RGCS agus ar an gcaoi a bhfeidhmíonn siad na cearta sin go gníomhach ( 94 ). Leithdháileann údaráis cosanta sonraí acmhainní suntasacha chun feasacht a chur chun cinn maidir le cearta agus oibleagáidí cosanta sonraí i measc an phobail i gcoitinne, amhail trí fheachtais meán sóisialta agus teilifíse, línte cabhrach, nuachtlitreacha agus cuir i láthair in institiúidí oideachais ( 95 ). Bhain go leor de na tionscnaimh sin tairbhe as cistiú ón Aontas ( 96 ). Tugann an Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha dá haire, cé go bhfuil méadú tagtha ar fheasacht an phobail i gcoitinne ar chosaint sonraí, go bhfuil an tuiscint ar chosaint sonraí fós in easnamh, mar is léir ó líon mór gearán fánach nó gan bhunús ( 97 ). Forbraíodh roinnt uirlisí digiteacha soláimhsithe chun é a dhéanamh níos éasca d’ábhar sonraí a gcearta a fheidhmiú ( 98 ). Ba cheart go gcruthófaí bealaí breise d’ábhair sonraí chun a gcearta a fheidhmiú amach anseo mar thoradh ar ghníomhartha reachtacha, go háirithe an Gníomh um Rialachas Sonraí ( 99 ). Tugann gnólachtaí dá n‑aire go bhfuil méadú ag teacht ar an úsáid a bhaintear as an gceart go ndéanfaí léirscriosadh, cé gurb annamh a bhíonn an ceart chun ceartúcháin agus an ceart chun agóid a dhéanamh i gceist.
4.1An ceart rochtana
Tuairiscíonn rialaitheoirí gurb é an ceart rochtana (Airteagal 15 RGCS) an ceart is minice a agraíonn ábhair sonraí. Cé gur ghlac an Bord treoirlínte maidir leis an gceart sin in 2022, leanann rialaitheoirí de dhúshláin a thuairisciú, mar shampla agus léirmhíniú á dhéanamh acu ar an gcoincheap “iarrataí gan bhunús nó iarrataí iomarcacha” ( 100 ), agus iad ag freagairt do líon ard iarrataí, agus nuair a bhíonn siad ag déileáil le hiarrataí a dhéantar chun críoch nach mbaineann le cosaint sonraí, mar shampla chun fianaise a bhailiú le haghaidh imeachtaí dlíthiúla ( 101 ). Tugann eagraíochtaí na sochaí sibhialta dá n‑aire gur minic a chuirtear moill ar fhreagairtí ar iarrataí ar rochtain nó go mbíonn siad neamhiomlán, agus nach mbíonn na sonraí a fhaightear i bhformáid inléite i gcónaí ( 102 ). Luann údaráis phoiblí deacrachtaí maidir leis an idirghníomhaíocht idir an ceart rochtana agus rialacha maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ( 103 ). Dá bhrí sin, is díol sásaimh é gur sheol an Bord gníomhaíocht chomhpháirteach maidir leis an gceart rochtana faoin gCreat Forfheidhmithe Comhordaithe i mí Feabhra 2024 ( 104 ).
4.2An ceart chun iniomparthachta
I dtuarascáil 2020, gheall an Coimisiún go bhfiosródh sé modhanna praiticiúla chun úsáid mhéadaithe an chirt chun iniomparthachta (Airteagal 20 RGCS) ag daoine aonair a éascú, i gcomhréir leis an straitéis sonraí. Tá roinnt tionscnamh glactha ag an gCoimisiún ó shin lena gcomhlánaítear an ceart sin. Leis na tionscnaimh sin, éascaítear aistriú éasca idir seirbhísí, rud a chruthaíonn rogha níos mó do dhaoine aonair, a thacaíonn le hiomaíocht agus nuálaíocht, agus a chuireann ar chumas daoine aonair tairbhe a bhaint as úsáid a gcuid sonraí. Leis an nGníomh um Shonraí, tugtar ceart feabhsaithe d’úsáideoirí gléasanna cliste maidir le hiniomparthacht sonraí a ghintear trí ghairis den sórt sin - agus sainordaítear leis go bhfágann dearadh an táirge nó freastalaí cúil an mhonaróra nó an tsealbhóra sonraí gur féidir iniomparthacht den sórt sin a dhéanamh go teicniúil. Leis an nGníomh um Margaí Digiteacha, ceanglaítear ar sholáthraithe croísheirbhísí ardáin a shainaithnítear mar “gheatóirí” iniomparthacht éifeachtach sonraí úsáideoirí a sholáthar, lena n‑áirítear rochtain leanúnach agus fíor-ama ar shonraí den sórt sin. Le roinnt tionscnamh eile de chuid an Choimisiúin atá faoi chaibidil faoi láthair nó ar baineadh comhaontú polaitiúil amach ina leith, foráiltear do chearta iniomparthachta feabhsaithe i réimsí sonracha, amhail an Treoir maidir le hObair Ardáin ( 105 ), an Spás Eorpach Sonraí Sláinte ( 106 ) agus an Creat um Rochtain ar Shonraí Airgeadais ( 107 ).
4.3An ceart chun gearán a thaisceadh
Mar is léir ón líon mór gearán, tá feasacht leathan ann maidir leis an gceart gearán a thaisceadh le húdarás cosanta sonraí. Leagann eagraíochtaí na sochaí sibhialta béim ar dhifríochtaí gan údar i gcleachtais náisiúnta chun gearáin a láimhseáil, saincheist a dtéitear i ngleic léi sa togra ón gCoimisiún maidir le rialacha nós imeachta. Is beag Ballstát a d’fheidhmigh an rogha faoi RGCS an ceart a thabhairt do chomhlacht neamhbhrabúsach gníomhaíochtaí a dhéanamh go neamhspleách ar shainordú ábhair sonraí (Airteagal 80(2)). Mar sin féin, beidh níos mó comhchuibhithe ann i ndáil leis sin mar thoradh ar an Treoir maidir le Caingne Ionadaíocha ( 108 ), a glacadh in 2020, trí ghníomhaíochtaí comhchoiteanna ag daoine aonair a éascú mar gheall ar RGCS a shárú. Tháinig bearta náisiúnta lena gcuirtear an Treoir chun feidhme i bhfeidhm i mí an Mheithimh 2023.
4.4Sonraí pearsanta leanaí a chosaint
Tá cosaint shonrach de dhíth ar leanaí nuair a dhéantar a sonraí pearsanta a phróiseáil ( 109 ). Tá RGCS mar chuid de chreat dlíthiúil cuimsitheach lena n‑áirithítear go gcosnaítear leanaí as líne agus ar líne araon ( 110 ). Ós rud é go bhfuil méadú tagtha ar láithreacht leanaí ar líne, rinneadh roinnt gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta le blianta beaga anuas chun tacú le leanaí a chosaint ar líne. Tá fíneálacha suntasacha forchurtha ag údaráis cosanta sonraí ar chuideachtaí meán sóisialta as sárú RGCS agus sonraí leanaí á bpróiseáil acu. Oibríonn siad i gcomhar le húdaráis eile freisin chun cosaint níos fearr a iarraidh do leanaí i réimse na fógraíochta. I dtuarascáil 2020, d’iarr an Coimisiún ar an mBord treoirlínte a ghlacadh maidir le próiseáil sonraí leanaí agus tá an obair sin ar siúl faoi láthair ( 111 ). Áirítear sa Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha forálacha sonracha chun ardleibhéal príobháideachais, sábháilteachta agus slándála a áirithiú do leanaí a úsáideann ardáin ar líne.
Tuairiscíonn roinnt páirtithe leasmhara dúshláin maidir le feidhmiú chearta an ábhair sonraí, nuair is leanaí iad na hábhair sonraí. Go háirithe, tuairiscíonn siad nach dtuigeann leanaí a gcearta go hiomlán, nach bhfuil scileanna litearthachta digití acu agus go bhféadfadh siad a bheith faoi réir tionchar míchuí ( 112 ). Tá roinnt tionscnamh maoinithe ag an gCoimisiún ar an leibhéal náisiúnta maidir le sonraí leanaí a chosaint agus maidir le feasacht ar chosaint sonraí a chur chun cinn i measc leanaí ( 113 ). Faoin straitéis maidir le hIdirlíon Níos Fearr do Leanaí (BIK+), tá acmhainní agus oiliúint múscailte feasachta á gcur ar fáil ag an gCoimisiún do leanaí maidir lena gcearta digiteacha, lena n‑áirítear cosaint sonraí (e.g. toiliú digiteach) ( 114 ). Tá béim níos mó á leagan ar an ngá atá le huirlisí fíoraithe aoise atá éifeachtach agus fabhrach don phríobháideachas. Go luath in 2024, bhunaigh an Coimisiún tascfhórsa maidir le fíorú aoise leis na Ballstáit, leis an mBord agus le Grúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc, arb é is aidhm dó plé a dhéanamh ar fhorbairt chur chuige Eorpaigh maidir le fíorú aoise agus tacú leis an bhforbairt sin. Leanfar den obair sin anois faoi Bhord an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha, sa Mheitheal um Chosaint Mionaoiseach. I gcomhthéacs an Rialacháin maidir le Céannacht Dhigiteach Eorpach ( 115 ), a tháinig i bhfeidhm i mí na Bealtaine 2024, tá an Coimisiún ag obair chun a áirithiú go dtairgfear an Tiachóg Eorpach Céannachta Digití do shaoránaigh agus do chónaitheoirí uile an Aontais in 2026, lena n‑áirítear le haghaidh fíorú aoise. Idir an dá linn, sula mbeidh éiceachóras na Tiachóige ag feidhmiú go hiomlán, forbrófar réiteach gearrthéarmach maidir le fíorú aoise agus beidh sé ar fáil ar fud an Aontais.
5Deiseanna agus dúshláin d’eagraíochtaí, go háirithe do FBManna
Chruthaigh RGCS cothrom iomaíochta do ghnólachtaí atá ag feidhmiú sa mhargadh inmheánach, agus cuireann a chur chuige atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de agus fabhrach don nuálaíocht ar chumas gnólachtaí rómhaorlathas a laghdú agus tairbhe a bhaint as iontaoibh níos mó ó thomhaltóirí ( 116 ). Tá cultúr inmheánach cosanta sonraí forbartha ag go leor gnólachtaí agus féachann siad ar phríobháideachas agus ar chosaint sonraí mar phríomhpharaiméadair iomaíochta. Is mór ag gnólachtaí cur chuige rioscabhunaithe RGCS mar threoirphrionsabal lena gceadaítear solúbthacht agus inscálaitheacht a n‑oibleagáidí ( 117 ).
5.1Bosca uirlisí do ghnólachtaí
Cuireann RGCS bosca uirlisí ionstraimí ar fáil chun é a chur ar a gcumas d’eagraíochtaí a gcomhlíonadh a bhainistiú agus a léiriú go solúbtha, lena n‑áirítear cóid iompair, sásraí deimhniúcháin agus clásail chonarthacha chaighdeánacha. Mar a fógraíodh i dtuarascáil 2020, ghlac an Coimisiún clásail chonarthacha chaighdeánacha maidir leis an gcaidreamh idir an rialaitheoir agus an próiseálaí in 2021 ( 118 ). Leis na clásail chonarthacha chaighdeánacha sin, soláthraítear uirlis um chomhlíonadh deonach atá réamhdhéanta agus éasca le cur chun feidhme, uirlis atá úsáideach go háirithe do FBManna nó d’eagraíochtaí a bhféadfadh sé nach mbeadh na hacmhainní acu conarthaí aonair a chaibidliú lena gcomhpháirtithe tráchtála. Tuairiscíonn gnólachtaí aiseolas measctha maidir le húsáid na gclásal conarthach caighdeánach, sa mhéid is go n‑úsáideann roinnt cuideachtaí (FBManna den chuid is mó) iad go hiomlán nó i bpáirt, agus is iondúil nach n‑úsáideann cuideachtaí eile (cuideachtaí móra den chuid is mó) iad toisc gur fearr leo a gclásail féin a úsáid.
Cuireann gnólachtaí i dtábhacht go bhfuil acmhainneacht mhór ag cóid iompair mar uirlis um chomhlíonadh atá sonrach don earnáil agus costéifeachtach ( 119 ). Mar sin féin, tá forbairt na gcód iompair teoranta ( 120 ). De réir na faisnéise atá ar fáil go dtí seo, níor formheasadh ach dhá chód uile-Aontais (san earnáil néalríomhaireachta araon), agus formheasadh sé chód ar an leibhéal náisiúnta ( 121 ). Tuairiscíonn páirtithe leasmhara ceanglais throma (lena n‑áirítear an gá atá le comhlacht faireacháin creidiúnaithe a bhunú), easpa rannpháirtíochta ó údaráis cosanta sonraí, agus próiseas formheasa fada mar na príomhthosca lena gcuirtear teorainn le glacadh cód iompair ( 122 ).
Tá gá le trédhearcacht mhéadaithe sa phróiseas agus le hamlínte formheasa soiléire. Ba cheart d’údaráis cosanta sonraí agus, i gcás cóid uile-Aontais, don Bhord, tarraingt suas na gcód iompair a spreagadh ar bhealach níos gníomhaí trí chomhoibriú leis na comhlachais a fhorbraíonn na cóid. Cuideoidh sé sin le difríochtaí sa léirmhíniú a réiteach agus dlús a chur leis an bpróiseas formheasa. Is oth leis na páirtithe leasmhara na moilleanna fada a bhaineann le cóid iompair a ghlacadh, mar thoradh ar shaincheisteanna a bheith á bplé ag an am céanna mar chuid den obair ar threoirlínte. Ar an gcaoi chéanna, tuairiscíonn gnólachtaí nach n‑úsáidtear deimhniú go forleathan toisc go bhfuil an próiseas le haghaidh forbartha mall agus casta. Mar is amhlaidh le cóid iompair, ba cheart d’údaráis cosanta sonraí amlínte níos soiléire a sholáthar chun deimhnithe a athbhreithniú agus a fhormheas.
Tá gealltanas tugtha ag an mBord ina straitéis 2024-2027 leanúint de thacaíocht a thabhairt do bhearta um chomhlíonadh amhail deimhniúchán agus cóid iompair, lena n‑áirítear trí dhul i dteagmháil le príomhghrúpaí páirtithe leasmhara chun míniú a thabhairt ar an gcaoi ar féidir na huirlisí a úsáid ( 123 ).
5.2Dúshláin shonracha do FBManna agus d’oibreoirí beaga
I dtuarascáil 2020, d’iarr an Coimisiún go gcuirfí dlús leis na hiarrachtaí chun tacú le FBManna RGCS a chomhlíonadh. Le blianta beaga anuas, lean na húdaráis cosanta sonraí agus an Bord d’uirlisí um chomhlíonadh a fhorbairt do FBManna, le tacaíocht i bpáirt ó chistiú ón gCoimisiún ( 124 ). I mí Aibreáin 2023, sheol an Bord treoir maidir le cosaint sonraí do ghnólachtaí beaga ( 125 ), lena gcuirtear faisnéis phraiticiúil ar fáil do FBManna i bhformáid inrochtana agus shothuigthe.
Leagann FBManna i roinnt mhaith Ballstát béim ar na tairbhí a bhaineann le tacaíocht shaincheaptha óna n‑údaráis áitiúla cosanta sonraí. Mar sin féin, ciallaíonn cineálacha éagsúla cur chuige maidir le múscailt feasachta agus treoir ó údaráis cosanta sonraí go mbraitheann FBManna i mBallstáit áirithe go bhfuil comhlíonadh casta agus go bhfuil eagla orthu roimh fhorfheidhmiú ( 126 ). Ba cheart d’údaráis cosanta sonraí dlús a chur lena gcuid iarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, lena n‑áirítear trí dhul i dteagmháil go réamhghníomhach le FBManna chun aon ábhar imní maidir le comhlíonadh gan bhunús a mhaolú. Ba cheart d’údaráis cosanta sonraí díriú ar thacaíocht shaincheaptha agus uirlisí praiticiúla a chur ar fáil, amhail teimpléid (e.g. chun measúnuithe tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh), línte cabhrach, samplaí léiritheacha, seicliostaí, agus treoir maidir le hoibríochtaí próiseála sonracha (e.g. billeáil nó nuachtlitreacha) agus bearta teicniúla agus eagraíochtúla. Ós rud é nach bhfuil saineolas intí ag formhór na FBManna maidir le cosaint sonraí, ba cheart dóibh siúd nach bhfuil oiliúint dhlíthiúil acu aon treoir atá dírithe ar FBManna a thuiscint go héasca ( 127 ).
I gcomhréir le cur chuige rioscabhunaithe RGCS, níl ualach substaintiúil um comhlíonadh ar FBManna a dhéanann gníomhaíochtaí próiseála ísealriosca. Cé go bhfuil feidhm ag an maolú chun taifid a choinneáil ar ghníomhaíochtaí próiseála ( 128 ) in imthosca teoranta ( 129 ), féadfaidh FBManna a dhéanann próiseáil ísealriosca comhlíonadh a dhéanamh trí thaifid shimplithe a choinneáil bunaithe ar theimpléid arna soláthar ag údaráis cosanta sonraí. Ina theannta sin, ba cheart breathnú ar na taifid sin mar uirlis úsáideach do FBManna chun a ngníomhaíochtaí próiseála a mheas.
5.3Oifigigh cosanta sonraí
Tá ról tábhachtach ag oifigigh cosanta sonraí maidir le comhlíonadh GPDR a chinntiú sna heagraíochtaí ina n‑oibríonn siad. Go ginearálta, tá an t‑eolas agus na scileanna is gá ag oifigigh cosanta sonraí atá ag feidhmiú san Aontas chun a gcúraimí a chomhlíonadh faoi RGCS, agus urramaítear a neamhspleáchas ( 130 ). Mar sin féin, tá roinnt dúshlán fós ann, lena n‑áirítear: (i) deacrachtaí maidir le hoifigigh cosanta sonraí a cheapadh a bhfuil an saineolas is gá acu; (ii) easpa caighdeán uile-Aontais don oideachas agus don oiliúint; (iii) mainneachtain oifigigh cosanta sonraí a chomhtháthú go leordhóthanach i bpróisis eagraíochtúla; (iv) easpa acmhainní; (v) cúraimí breise lasmuigh de chosaint sonraí;agus (vi) sinsearacht neamhleor ( 131 ).Thug an Bord dá aire gur gá d’údaráis cosanta sonraí dlús a chur le gníomhaíochtaí múscailte feasachta, chomh maith lena ngníomhaíochtaí faisnéise agus forfheidhmithe chun a áirithiú gur féidir le hoifigigh cosanta sonraí a ról faoi RGCS a chomhlíonadh ( 132 ).
6RGCS mar bhunchloch do bheartas an Aontais sa réimse digiteach
6.1Beartas digiteach a fhorbairt maidir le RGCS
I dtuarascáil 2020, gheall an Coimisiún go dtacódh sé le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an chreata cosanta sonraí i ndáil le teicneolaíochtaí nua, chun tacú le forbairtí nuálaíochta agus teicneolaíochta. Tá réimse tionscnamh glactha ag an Aontas ó shin, a gcomhlánaíonn cuid acu RGCS nó a shonraíonn conas ba cheart é a chur i bhfeidhm i réimsí sonracha, chun cuspóirí ar leith a shaothrú, mar a chuirtear i láthair thíos.
·Leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha ( 133 ), arb é is aidhm dó timpeallacht shábháilte ar líne a sholáthar do dhaoine aonair agus do ghnólachtaí, cuirtear toirmeasc ar ardáin ar líne fógraí a thaispeáint atá bunaithe ar phróifíliú agus úsáid á baint as “catagóirí speisialta sonraí pearsanta”, mar a shainmhínítear in RGCS.
·Chun margaí digiteacha a dhéanamh níos cothroime agus níos inchoimhlinte, cuirtear toirmeasc, leis an an Gníomh um Margaí Digiteacha ( 134 ), ar oibreoirí a ainmnítear mar “gheatóirí” sonraí pearsanta a “chomhcheangal” agus a “a thras‑úsáid” idir a gcroísheirbhísí ardáin agus seirbhísí eile mura bhfuil a thoiliú tugtha ag an úsáideoir, mar a shainmhínítear i RGCS.
·Sonraítear sa Ghníomh um an Intleacht Shaorga ( 135 ) rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí i réimsí sonracha ina n‑úsáidtear IS, mar shampla i gcianchórais shainaitheanta bithmhéadraí, i bpróiseáil catagóirí speisialta sonraí chun claontacht a bhrath agus i bpróiseáil bhreise sonraí pearsanta i mboscaí gainimh rialála.
·Comhlánaíonn an Treoir maidir le hObair Ardáin ( 136 ) RGCS i réimse na fostaíochta trí rialacha a leagan síos maidir le córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe a úsáideann ardáin saothair dhigiteacha, agus go háirithe teorainneacha maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil, trédhearcacht, formhaoirseacht dhaonna, athbhreithniú agus iniomparthacht.
·Leis an Rialachán maidir le Fógraíocht Pholaitiúil ( 137 ) toirmisctear úsáid catagóirí speisialta sonraí pearsanta san fhógraíocht pholaitiúil agus éilítear trédhearcacht níos fearr maidir leis na teicnící spriocdhírithe agus aimpliúcháin a úsáidtear.
·Leis an Rialachán maidir le Céannacht Dhigiteach Eorpach, is féidir tiachóg na céannachta digití Eorpaí a chruthú a bheidh uilíoch, iontaofa agus slán. Cuirfidh sé sin ar a gcumas do dhaoine aonair tréithe pearsanta amhail aois, ceadúnais tiomána, dioplómaí agus cuntais bhainc a chruthú, agus smacht iomlán acu ar a gcuid sonraí pearsanta agus gan sonraí a chomhroinnt gan ghá.
Tá an togra le haghaidh Rialachán maidir le ríomh‑Phríobháideachas ( 138 ) chun teacht in ionad na Treorach reatha maidir le ríomh‑Phríobháideachas ( 139 ) agus chun an creat reachtach maidir le príobháideachas agus cosaint sonraí a chomhlánú faoi chaibidil le roinnt roinnt blianta anuas. Tá gá le machnamh ar na chéad chéimeanna eile don tionscnamh seo, lena n‑áirítear a ghaol le RGCS.
Is é is aidhm don Ghníomh um Eoraip Idir-inoibritheach ( 140 ) seirbhísí poiblí digiteacha a dhéanamh idir-inoibritheach ar fud an Aontais. Tacaíonn sé leis an gcomhar idir údaráis cosanta sonraí go háirithe trí bhoscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta.
Cuireann roinnt tionscnamh de chuid an Aontais bunús dlí ar fáil do phróiseáil sonraí pearsanta ag eintitis phríobháideacha chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh. Ní mór aon reachtaíocht den sórt sin a spriocdhíriú go cúramach chun cur isteach ar an gceart chun sonraí pearsanta a chosaint a íoslaghdú agus ní mór í a bheith comhréireach leis an aidhm atá á saothrú ( 141 ). Cuireann an Chairt, RGCS agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais creat ar fáil ar cheart na tionscnaimh sin a thomhas ina aghaidh. Sa phacáiste atá beartaithe maidir le frithsciúradh airgid ( 142 ) tá coimircí substaintiúla chun sonraí pearsanta a chosaint, gan cur isteach ar an gcuspóir rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a mhaolú agus iarrachtaí coiriúla chun mí-úsáid a bhaint as córas airgeadais an Aontais a bhrath go héifeachtach.
Sa chomhthéacs sin, chuir an Chomhairle i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh aon reachtaíocht nua de chuid an Aontais ina bhfuil forálacha maidir le próiseáil sonraí pearsanta comhsheasmhach le RGCS agus le cásdlí na Cúirte Breithiúnais.
6.2Creat dlíthiúil chun comhroinnt sonraí a fheabhsú
Is é is aidhm don straitéis sonraí margadh aonair le haghaidh sonraí a chruthú, margadh ina sreabhann sonraí gan bhac laistigh den Aontas agus ar fud na n‑earnálacha ar mhaithe le gnólachtaí, taighdeoirí agus riaracháin phoiblí. Príomhsprioc de chuid na straitéise sonraí is ea spásanna coiteanna sonraí Eorpacha a chruthú lena n‑éascaítear comhthiomsú sonraí, rochtain ar shonraí agus comhroinnt sonraí. Maidir le sonraí pearsanta, cuireann RGCS creat ar fáil do gach tionscnamh a fhéachann le saorshreabhadh sonraí san Aontas a fheabhsú – ar cuspóir de chuid RGCS é féin. Chomh fada agus a bhaineann sé le sonraí pearsanta, ní dhéantar tagairt do chosaintí RGCS.
Is colúin den straitéis sonraí iad an Gníomh um Rialachas Sonraí ( 143 ) agus an Gníomh um Shonraí ( 144 ). Leagtar síos leis an nGníomh um Rialachas Sonraí rialacha nithiúla i gcomhthéacs athúsáid sonraí ón earnáil phoiblí ina bhfuil sonraí pearsanta, leagtar síos leis creat reachtach le haghaidh seirbhísí idirghabhála sonraí - lena n‑áirítear seirbhísí bainistíochta faisnéise pearsanta (PIMS) nó néalta sonraí pearsanta a thairgtear chun ábhair sonraí a chumhachtú agus a gcearta á bhfeidhmiú acu faoi RGCS. Leagtar amach ann freisin na coinníollacha maidir le húsáid sonraí chun críoch altrúchais. Leis an nGníomh um Shonraí, neartaítear an smacht atá ag ábhair sonraí ar na sonraí a ghineann siad trí úsáid a bhaint as réada cliste ar leo iad, a fhaigheann siad ar cíos nó a léasaíonn siad trí cheanglais theicniúla a shainordú maidir le rochtain ar shonraí agus iniomparthacht sonraí.
Léiríonn an Spás Eorpach Sonraí Sláinte (EHDS) ( 145 ) na riachtanais shonracha a shainaithnítear in earnáil na sonraí sláinte agus, ag an am céanna, cuireann sé le RGCS. Cuireann sé ar chumas daoine aonair rochtain a fháil go héasca ar a gcuid sonraí sláinte i bhformáid leictreonach agus iad a roinnt le gairmithe sláinte, lena n‑áirítear i mBallstáit eile, rud a fheabhsaíonn soláthar cúraim sláinte agus a mhéadaíonn smacht na n‑othar ar a gcuid sonraí. Cuirtear creat dlíthiúil comhchoiteann i bhfeidhm leis freisin chun sonraí sláinte a athúsáid chun críoch amhail taighde, nuálaíocht agus sláinte phoiblí, bunaithe ar chead arna eisiúint ag comhlacht rochtana sonraí sláinte. Chun cosaint sonraí pearsanta a áirithiú, cuirfidh EHDS suíomh iontaofa ar fáil chun rochtain shlán a fháil ar shonraí sláinte agus chun iad a phróiseáil go slán. Leanann an Coimisiún de bheith ag tacú leis an obair ar spásanna coiteanna Eorpacha sonraí a fhorbairt ar fud 14 hearnáil tríd an gcreat reachtach nua a chur chun feidhme agus trí thionscnaimh a bhaineann go sonrach leis an earnáil a chistiú.
6.3Rialachas rialacha digiteacha nua
Le forbairt na rialachán digiteach, tá gá le dlúthchomhar ar fud na réimsí rialála ( 146 ). Tá comhar den sórt sin níos riachtanaí fós ós rud é go dtrasnaíonn saincheisteanna cosanta sonraí níos mó ná riamh ceisteanna eile, mar shampla, dlí na hiomaíochta, dlí na dtomhaltóirí, rialacha maidir le margaí digiteacha, rialáil na cumarsáide leictreonaí agus an chibearshlándáil. Is amhlaidh atá, mar shampla, agus measúnú á dhéanamh ar chomhoiriúnacht na samhlacha “pá nó ceart go leor” le dlí an Aontais.
I gcásanna áirithe, cuirtear de chúram ar údaráis cosanta sonraí forálacha sonracha de reachtaíocht dhigiteach nua an Aontais a fhorfheidhmiú ( 147 ). Cruthaíonn rialacháin dhigiteacha nua struchtúir shaincheaptha freisin lena dtugtar le chéile rialtóirí inniúla chun forfheidhmiú comhleanúnach a áirithiú, amhail grúpa ardleibhéil an Ghnímh um Margaí Digiteacha, an Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí (a bunaíodh faoin nGníomh um Rialachas Sonraí) agus an Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha (a bunaíodh faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha). Leagtar amach i dTreoir NIS2 ( 148 ) rialacha níos mionsonraithe maidir le comhar idir údaráis rialála agus údaráis cosanta sonraí maidir le teagmhais slándála ar sáruithe ar shonraí pearsanta iad a láimhseáil.
Lasmuigh de na struchtúir fhoirmiúla sin, tá bearta á ndéanamh ag údaráis cosanta sonraí chun a chinntiú go bhfuil a gcuid gníomhaíochtaí comhlántach agus comhleanúnach le réimsí rialála eile. I mí Iúil 2020, bhunaigh údaráis tomhaltóirí agus údaráis cosanta sonraí ‘grúpa saorálaithe’ chun dea-chleachtais a chinneadh agus chun taithí forfheidhmiúcháin a chomhroinnt. Leanann údaráis cosanta sonraí de bheith rannpháirteach i gceardlanna comhpháirteacha leis an nGréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí. In 2023, bhunaigh an Bord tascfhórsa maidir leis an idirghníomhú idir cosaint sonraí, iomaíocht agus cosaint tomhaltóirí.
Cé go bhfuil na forbairtí sin dearfach, tá gá le modhanna comhair níos struchtúrtha agus níos éifeachtúla, go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar chásanna a dhéanann difear do líon mór daoine aonair san Aontas agus a bhfuil roinnt rialtóirí páirteach iontu ( 149 ). Ba cheart a áirithiú le haon struchtúr den sórt sin go leanfaidh na húdaráis de bheith freagrach i gcónaí as gach ceist a bhaineann le comhlíonadh rialacha laistigh dá réimsí inniúlachta. Ba cheart do na Ballstáit oibriú freisin chun a áirithiú go ndéanfar comhar iomchuí ar an leibhéal náisiúnta ( 150 ).
7Aistrithe idirnáisiúnta agus comhar domhanda
7.1Bosca uirlisí aistrithe RGCS
Tá sreafaí sonraí ina gcuid dhílis de chlaochlú digiteach na sochaí agus de dhomhandú an gheilleagair. Níos mó ná riamh, is coinníoll é príobháideachas a urramú le haghaidh sreafaí tráchtála cobhsaí, slána agus iomaíocha, chomh maith le bheith ina chumasóir le haghaidh go leor cineálacha comhair idirnáisiúnta. Cuireann bosca uirlisí aistrithe RGCS, a sholáthraítear i gCaibidil V de, ionstraimí éagsúla ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar chásanna aistrithe éagsúla, agus cinntítear ag an am céanna go leanann sonraí de thairbhe a bhaint as ardleibhéal cosanta ar fhágáil an Aontais dóibh.
Ó foilsíodh tuarascáil 2020, rinneadh na ceanglais maidir le haistrithe sonraí a leagtar amach i reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint sonraí a shoiléiriú a thuilleadh agus lean an bosca uirlisí aistrithe de bheith ag forbairt. Baineann soiléiriú tábhachtach leis an gcoincheap “aistriú idirnáisiúnta”, atá sainithe ag an mBord ( 151 ) mar ní lena gcuimsítear aon nochtadh sonraí pearsanta ag rialaitheoir nó ag próiseálaí a bhfuil a phróiseáil faoi réir RGCS do rialaitheoir nó do phróiseálaí eile i dtríú tír, gan beann ar cibé acu atá nó nach bhfuil an phróiseáil ag an bpróiseálaí sin faoi réir RGCS ( 152 ). Bhí tábhacht ar leith ag baint leis an treoir sin ón mBord chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar do rialaitheoirí agus próiseálaithe Eorpacha maidir leis na cásanna ina bhfuil gá le huirlis aistrithe faoi Chaibidil V RGCS.
Chuir an Chúirt Bhreithiúnais tuilleadh soiléirithe ar fáil freisin ina breithiúnas Schrems II ( 153 ) maidir leis an gcosaint nach mór a chur ar fáil le hionstraimí aistrithe éagsúla chun a áirithiú nach mbainfear an bonn den leibhéal cosanta a ráthaítear le RGCS ( 154 ). Go háirithe, ní mór a áirithiú leis na hionstraimí sin go dtabharfar leibhéal cosanta do dhaoine aonair a n‐aistrítear a gcuid sonraí lasmuigh den Aontas atá coibhéiseach go bunúsach leis an leibhéal a ráthaítear laistigh den Aontas ( 155 ). Tá sé de fhreagracht ar onnmhaireoir sonraí an Aontais a mheas cé acu an amhlaidh atá, agus imthosca sonracha a aistrithe á gcur san áireamh ( 156 ).
Chun measúnú a dhéanamh ar an leibhéal cosanta, ní mór d’onnmhaireoirí sonraí breithniú a dhéanamh ar na coimircí cosanta sonraí a leagtar amach san ionstraim aistrithe a tugadh i gcrích le hallmhaireoir sonraí nach allmhaireoir sonraí de chuid an Aontais é (e.g. conradh), chomh maith le gnéithe ábhartha de chóras dlí na tíre ina bhfuil an t‑allmhaireoir sonraí lonnaithe, go háirithe a mhéid a bhaineann le rochtain fhéideartha ar na sonraí ag údaráis phoiblí sa tír sin ( 157 ). Ní mór an dara ceann a mheasúnú i bhfianaise na gcritéar le haghaidh measúnuithe leordhóthanachta a leagtar amach in Airteagal 45 RGCS. Rinne an Chúirt tuilleadh forbartha freisin ar na critéir sin, go háirithe i ndáil leis na rialacha maidir le rochtain ar shonraí pearsanta ag údaráis phoiblí chun críocha fhorfheidhmiú an dlí agus na slándála náisiúnta.
Léiríodh an léirmhíniú sin freisin i dtreoraíocht an Bhoird, lenar nuashonraíodh a ‘leordhóthanacht thagrach’ ( 158 ) (a thug treoraíocht maidir leis na heilimintí nach mór don Choimisiún a chur san áireamh agus measúnú leordhóthanachta á dhéanamh aige). Ghlac an Bord treoir nua freisin ina dtugtar tuilleadh soiléirithe maidir leis an méid seo a leanas: (i) na heilimintí atá le cur san áireamh ag onnmhaireoirí sonraí aonair agus measúnú á dhéanamh acu ar an leibhéal cosanta; (ii) forbhreathnú ar fhoinsí féideartha is féidir a úsáid; agus (iii) samplaí de bhearta forlíontacha féideartha (e.g. coimircí conarthacha agus teicniúla) ( 159 ). Cuirtear i dtábhacht go sonrach sa treoraíocht gur measúnú uathúil é gach measúnú a dhéanann onnmhaireoirí sonraí, agus gur gá dóibh, dá bhrí sin, gnéithe sonracha gach aistrithe a d’fhéadfadh a bheith éagsúil ag brath ar chuspóir an aistrithe sonraí, na cineálacha eintiteas lena mbaineann, an earnáil ina ndéantar an t‑aistriú, catagóirí na sonraí pearsanta a aistrítear, etc. a chur san áireamh. ( 160 ).
Agus na soiléirithe éagsúla sin maidir leis na ceanglais le haghaidh aistrithe idirnáisiúnta sonraí á gcur san áireamh, rinneadh bearta suntasacha le blianta beaga anuas chun bosca uirlisí aistrithe RGCS a fhorbairt agus a oibríochtú a thuilleadh.
7.1.1Cinntí leordhóthanachta
Mar a léirítear freisin san aiseolas a fuarthas ó pháirtithe leasmhara, tá ról lárnach fós ag cinntí leordhóthanachta i mbosca uirlisí aistrithe RGCS ( 161 ), trí réiteach simplí cuimsitheach a sholáthar le haghaidh aistrithe sonraí gan gá don onnmhaireoir sonraí coimircí breise a sholáthar ná aon údarú a fháil. Trí shaorshreabhadh sonraí pearsanta a chumasú, osclaíodh bealaí tráchtála d’oibreoirí an Aontais leis na cinntí sin, lena n‑áirítear trí thairbhí comhaontuithe trádála a chomhlánú agus a mhéadú, agus éascaíodh an comhar le comhpháirtithe eachtracha i raon leathan réimsí, ó chomhar rialála go taighde.
Ó thuarascáil 2020, tá fás leanúnach tagtha ar líon na dtíortha a bhfuil dlíthe nua-aimseartha um chosaint sonraí curtha i bhfeidhm acu - lena ndéantar foráil i measc nithe eile do phríomhphrionsabail cosanta sonraí, cearta aonair, agus forfheidhmiú éifeachtach ag rialtóirí neamhspleácha. Chuir an treocht sin ( 162 ) ar chumas an Choimisiúin dlús a chur lena chuid oibre leordhóthanachta freisin. Áirítear leis sin cinneadh leordhóthanachta a ghlacadh don Ríocht Aontaithe ( 163 ), cinneadh atá lárnach chun feidhmiú cuí na gcomhaontuithe éagsúla a tugadh i gcrích leis an Ríocht Aontaithe tar éis Brexit a chinntiú. Chun a áirithiú go bhfanfaidh sé slán i bhfad na haimsire, áirítear sa chinneadh leordhóthanachta “clásal éagtha” atá le dul in éag in 2025, agus ina dhiaidh sin féadfar é a athnuachan má leanann an leibhéal cosanta de bheith leordhóthanach. Ghlac an Coimisiún cinneadh leordhóthanachta freisin do Phoblacht na Cóiré ( 164 ), lena gcomhlánaítear an Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas agus an Chóiré maidir le sreafaí sonraí pearsanta agus lena n‑éascaítear comhar rialála. Tá an chéad athbhreithniú ar an gcinneadh leordhóthanachta beartaithe i dtreo dheireadh 2024.
Ina theannta sin, tar éis neamhbhailíochtú an chinnidh leordhóthanachta maidir le Sciath Phríobháideachais AE-SAM, chuaigh an Coimisiún i mbun cainteanna le Rialtas na Stát Aontaithe (SAM) chun socrú comharbais a fhorbairt i gcomhréir leis na ceanglais arna soiléiriú ag an gCúirt ( 165 ). Ghlac Uachtarán na Stát Aontaithe Ordú Feidhmiúcháin nua maidir le “Coimircí a fheabhsú do Ghníomhaíochtaí Faisnéise Comharthaí na Stát Aontaithe”, lenar tugadh isteach coimircí ceangailteacha in‑fhorfheidhmithe nua chun a áirithiú nach féidir rochtain a fháil ar shonraí chun críoch slándála náisiúnta ach a mhéid is gá agus is comhréireach, agus go bhfuil sásamh éifeachtach ar fáil do mhuintir na hEorpa. Ar an mbonn sin, ghlac an Coimisiún a chinneadh leordhóthanachta maidir le Creat Príobháideachais Sonraí AE-SAM ( 166 ), lena gceadaítear do shonraí pearsanta sreabhadh gan bhac ón Aontas chuig cuideachtaí SAM a théann isteach sa Chreat Príobháideachais Sonraí. Ós rud é go bhfuil feidhm ag na coimircí a chuir Rialtas na Stát Aontaithe i bhfeidhm i réimse na slándála náisiúnta maidir le gach aistriú sonraí chuig cuideachtaí sna Stáit Aontaithe, beag beann ar an sásra aistrithe RGCS a úsáidtear, éascaíodh go mór úsáid uirlisí eile, amhail clásail chonarthacha chaighdeánacha agus rialacha ceangailteacha corparáideacha. Déanfar an chéad athbhreithniú ar fheidhmiú an Chreata Príobháideachais Sonraí i samhradh 2024 chun a fhíorú gur cuireadh na gnéithe ábhartha uile chun feidhme go hiomlán i gcreat dlíthiúil na Stát Aontaithe agus go bhfuil siad ag feidhmiú go héifeachtach sa chleachtas.
Tá caibidlíocht leordhóthanachta ar siúl faoi láthair leis an mBrasaíl agus leis an gCéinia, agus, den chéad uair, le roinnt eagraíochtaí idirnáisiúnta chomh maith (tá cainteanna leordhóthanacha go mór chun cinn, mar shampla, le hEagraíocht Eorpach na bPaitinní) ( 167 ). I gcomhréir le glaonna páirtithe leasmhara éagsúla ( 168 ) freisin, tá páirt ghníomhach glactha ag an gCoimisiún i réamhchainteanna le tíortha i réigiúin éagsúla ar fud an domhain.
Déanann an Coimisiún faireachán leanúnach freisin ar fhorbairtí sna tíortha a bhaineann tairbhe as torthaí leordhóthanachta cheana féin agus déanann sé athbhreithniú tréimhsiúil ar chinntí atá ann cheana, i gcomhréir lena oibleagáidí comhfhreagracha faoi RGCS ( 169 ). I mí Aibreáin 2023, ghlac an Coimisiún a thuarascáil maidir leis an gcéad athbhreithniú tréimhsiúil ar an gcinneadh leordhóthanachta don tSeapáin ( 170 ), inar thángthas ar an gconclúid go leanann an tSeapáin de leibhéal leordhóthanach cosanta a áirithiú ( 171 ). Léiríodh san athbhreithniú gur tháinig creataí cosanta sonraí an Aontais agus na Seapáine le chéile a thuilleadh ó glacadh na cinntí frithpháirteacha leordhóthanachta.
Ina theannta sin, i gcomhréir le hAirteagal 97 de RGCS, tionscnaíodh an chéad athbhreithniú ar na 11 chinneadh leordhóthanachta ( 172 ) a glacadh faoi iarchreat cosanta sonraí an Aontais (an Treoir maidir le Cosaint Sonraí) mar chuid de mheastóireacht 2020 ar chur i bhfeidhm agus ar fheidhmiú RGCS. Cuireadh conclúid na gné sin den athbhreithniú siar, go háirithe chun breithiúnas na Cúirte Breithiúnais i gcás Schrems II agus léirmhíniú an Bhoird ina dhiaidh sin a chur san áireamh. Mar thoradh ar na soiléirithe thuasluaite ón gCúirt maidir le príomhghnéithe den chaighdeán leordhóthanachta, rinneadh malartuithe mionsonraithe leis na tíortha agus na críocha lena mbaineann maidir le gnéithe ábhartha dá gcreat dlíthiúil, chomh maith le sásraí maoirseachta agus forfheidhmithe.
An 15 Eanáir 2024, d’fhoilsigh an Coimisiún a thuarascáil ar na 11 chinneadh sin, in éineacht le tuarascálacha tíre mionsonraithe ina ndéantar cur síos ar fhorbairtí i ngach ceann de na tíortha agus na críocha ó glacadh na cinntí leordhóthanachta, chomh maith leis na rialacha a bhfuil feidhm acu maidir le rochtain ar shonraí ag údaráis phoiblí, go háirithe chun críoch fhorfheidhmiú an dlí agus na slándála náisiúnta ( 173 ). Is é conclúid na tuarascála go leanann gach ceann de na 11 thír agus chríoch de leibhéal leordhóthanach cosanta a sholáthar do shonraí pearsanta a aistrítear ón Aontas. Léirítear inti go ndearna na tíortha agus na críocha uile lena mbaineann a gcreat dlíthiúil príobháideachais a nuachóiriú agus a neartú ar bhealaí éagsúla. Ina theannta sin, chun aghaidh a thabhairt ar dhifríochtaí ábhartha sa leibhéal cosanta, rinneadh coimircí breise maidir le sonraí pearsanta a aistrítear ón Eoraip a chaibidliú agus a chomhaontú le cuid acu - nuair is gá sin chun leanúnachas an chinnidh leordhóthanachta a áirithiú.
Léirítear sna hathbhreithnithe sin freisin gur leagadh síos le cinntí leordhóthanachta, seachas iad a bheith ina “bpointe deiridh”, an bonn le haghaidh comhar níos dlúithe agus cóineasú rialála breise idir an tAontas agus na comhpháirtithe sin atá ar aon intinn leo. Mar shampla, aithnítear sa tuarascáil ar an gcéad athbhreithniú ar an gcinneadh leordhóthanachta don tSeapáin gur féidir le neartú breise ar chreat cosanta sonraí na Seapáine an bealach a réiteach chun an cinneadh leordhóthanachta a leathnú thar mhalartuithe tráchtála, chun aistrithe atá eisiata óna raon feidhme faoi láthair a chumhdach, amhail i réimse an chomhair rialála agus an taighde rialála. Tá cainteanna ar siúl faoi láthair chun síneadh féideartha den sórt sin a fhiosrú. Go ginearálta, tá cinntí leordhóthanachta ina gcuid straitéiseach de chaidreamh foriomlán an Aontais leis na comhpháirtithe eachtracha sin agus aithnítear iad mar chumasóir mór chun comhar a dhoimhniú i raon leathan réimsí.
Chomh maith le bonn láidir a chur ar fáil don chomhar déthaobhach méadaithe, leis an líonra méadaitheach tíortha agus críoch ar ghlac an tAontas cinneadh leordhóthanachta ina leith, cuirtear deiseanna nua ar fáil chun na tairbhí a bhaineann le sreafaí sonraí sábháilte agus saora a uasmhéadú agus chun comhoibriú níos dlúithe a dhéanamh i measc comhpháirtithe atá ar aon intinn leo maidir le rialacha cosanta sonraí a fhorfheidhmiú. I mí an Mhárta 2024, dá bhrí sin, d’óstáil an Coimisiún an chéad chruinniú ardleibhéil riamh maidir le sreafaí sábháilte sonraí, inar tugadh le chéile Airí freagracha agus ceannairí na n‑údarás cosanta sonraí i 15 thír agus chríoch ar ghlac an tAontas cinneadh leordhóthanachta ina leith, chomh maith le Cathaoirleach an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí ( 174 ). Sainaithníodh roinnt pointí gníomhaíochta nithiúla ag an gcruinniú a bhfuil obair leantach ar siúl laistigh den ghrúpa sin ina leith.
Ar bhonn níos ginearálta, trína ‘n‑éifeacht ghréasáin’, tá cinntí leordhóthanachta arna nglacadh ag an gCoimisiún Eorpach ag éirí níos ábhartha lasmuigh den Aontas freisin, toisc go gceadaítear leo ní hamháin saorshreabhadh sonraí le 30 geilleagar LEE, ach freisin le go leor dlínsí eile ar fud an domhain a aithníonn tíortha a bhfuil cinneadh leordhóthanachta an Aontais ann ina leith mar ‘chinn scríbe sábháilte’ faoina rialacha cosanta sonraí féin ( 175 ).
7.1.2Ionstraimí lena ndéantar foráil maidir le coimircí iomchuí
Ó foilsíodh tuarascáil 2020, forbraíodh uirlisí breise lena ndéantar foráil do choimircí iomchuí agus eisíodh treoraíocht phraiticiúil chun a n‑úsáid a éascú.
Mar a fógraíodh i dtuarascáil 2020, ghlac an Coimisiún clásail chonarthacha chaighdeánacha nuachóirithe ( 176 ), a forbraíodh ag brath go mór ar aiseolas ó pháirtithe leasmhara éagsúla ( 177 ). Tá na clásail chonarthacha chaighdeánacha nua tagtha in ionad na dtrí shraith de chlásail chonarthacha chaighdeánacha a glacadh faoin Treoir um Chosaint Sonraí. I measc na bpríomh‑nuálaíochtaí tá: (i) coimircí nuashonraithe i gcomhréir le RGCS; (ii) cur chuige modúlach lena dtairgtear pointe iontrála aonair lena gcumhdaítear raon leathan cásanna aistrithe; (iii) solúbthacht mhéadaithe maidir le húsáid clásal conarthach caighdeánach ag páirtithe iomadúla; agus (iv) bosca uirlisí praiticiúil chun breithiúnas Schrems II a chomhlíonadh.
Chuir páirtithe leasmhara fáilte roimh na clásail chonarthacha chaighdeánacha nuachóirithe, agus deimhnítear leis an aiseolas a fuarthas gurb iad clásail chonarthacha chaighdeánacha an uirlis is mó a úsáidtear le haghaidh aistrithe ag onnmhaireoirí sonraí an Aontais ( 178 ). Chun cabhrú le honnmhaireoirí sonraí lena n‑iarrachtaí comhlíontachta, d’fhorbair an Coimisiún sraith ceisteanna agus freagraí lena dtugtar treoraíocht bhreise maidir le húsáid na gclásal ( 179 ), treoraíocht a thabharfar cothrom le dáta a thuilleadh má thagann ceisteanna nua chun cinn, lena n‑áirítear i bhfianaise an aiseolais bhreise a gheofar mar chuid den mheastóireacht sin.
Tuairiscíonn go leor onnmhaireoirí sonraí go bhfuil deacrachtaí acu ‘measúnuithe tionchair aistrithe’ a dhéanamh a cheanglaítear le breithiúnas Schrems II, ag tagairt go háirithe dá gcastacht, chomh maith leis na costais agus an t‑am is gá chun iad a dhéanamh ( 180 ). Cé gur díol sásaimh dóibh treoraíocht an Bhoird agus na clásail chonarthacha chaighdeánacha, iarrann siad treoraíochta bhreise (e.g. maidir le freagrachtaí na bpáirtithe rannpháirteacha agus an leibhéal mionsonraí is gá i measúnuithe tionchair aistrithe) agus uirlisí breise chun cabhrú leis na measúnuithe sin a dhéanamh (e.g. teimpléid, measúnuithe ginearálta tíre, catalóga riosca). Cé gur sholáthair páirtithe leasmhara aiseolas den sórt sin ar na clásail chonarthacha chaighdeánacha den chuid is mó, tá gá leis na measúnuithe céanna freisin le haghaidh ionstraimí aistrithe eile (amhail rialacha ceangailteacha corparáideacha). Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go smaoineodh an Bord - ag tógáil ar an taithí a fuarthas le blianta beaga anuas maidir le ceanglais Schrems II a chur i bhfeidhm, lena n‑áirítear mar chuid de ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin na n‑údarás náisiúnta cosanta sonraí - ar bhealaí/uirlisí a fhiosrú chun tuilleadh cúnaimh a thabhairt d’onnmhaireoirí sonraí ina n‑iarrachtaí comhlíontachta sa chomhthéacs sin.
Chun na clásail chonarthacha chaighdeánacha atá ann cheana a chomhlánú, tá tacair bhreise clásal á bhforbairt ag an gCoimisiún chun pacáiste cuimsitheach comhleanúnach a chur ar fáil d’onnmhaireoirí sonraí an Aontais. Áireofar leis sin clásail chonarthacha chaighdeánacha faoi Rialachán (AE) 2018/1725 le haghaidh aistrithe sonraí ag institiúidí agus comhlachtaí an Aontais chuig oibreoirí tráchtála i dtríú tíortha ( 181 ) agus clásail chonarthacha chaighdeánacha le haghaidh aistrithe sonraí chuig allmhaireoirí sonraí tríú tír a bhfuil a n‑oibríochtaí próiseála faoi réir RGCS go díreach. Freagraíonn an dara ceann don iarraidh ó pháirtithe leasmhara chun cásanna a chumhdach go sonrach ina dtagann an t‑allmhaireoir sonraí faoi raon feidhme críochach chur i bhfeidhm RGCS (mar shampla toisc go ndíríonn an phróiseáil atá i gceist ar mhargadh an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 3(2) RGCS) ( 182 ). Mar a shoiléirigh an Bord, tá gá freisin le huirlis aistrithe faoi Chaibidil V RGCS sa chás seo, mar gheall ar na rioscaí méadaithe do shonraí pearsanta a phróiseáiltear lasmuigh den Aontas, mar shampla mar gheall ar dhlíthe náisiúnta a d’fhéadfadh a bheith contrártha nó mar gheall ar rochtain dhíréireach rialtais sa tríú tír ( 183 ). Leis na clásail chonarthacha chaighdeánacha nua atá á bhforbairt ag an gCoimisiún, tabharfar aghaidh go sonrach ar an gcás sin agus cuirfear san áireamh go hiomlán na ceanglais a bhfuil feidhm dhíreach acu cheana féin maidir leis na rialaitheoirí agus na próiseálaithe sin faoi RGCS ( 184 ).
Mar a aithníonn cineálacha éagsúla páirtithe leasmhara freisin ( 185 ), tá ról lárnach ag clásail eiseamláireacha maidir le sreafaí sonraí ar fud an domhain a éascú. D’fhormhuinigh roinnt dlínsí clásail chonarthacha chaighdeánacha an Aontais mar shásra aistrithe faoina ndlíthe féin maidir le cosaint sonraí, le hoiriúnuithe foirmiúla teoranta ar a ndlíchóras intíre ( 186 ). Ghlac roinnt tíortha eile a gclásail eiseamláireacha féin lena mbaineann gnéithe coiteanna tábhachtacha le clásail chonarthacha chaighdeánacha an Aontais ( 187 ). Sampla atá ábhartha go háirithe is ea cruthú clásail eiseamláireacha ag eagraíochtaí nó líonraí idirnáisiúnta/réigiúnacha eile, amhail Coiste Comhairleach Chomhairle na hEorpa maidir le Coinbhinsiún 108, an Líonra Ibéir-Mheiriceánach um Chosaint Sonraí agus Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas (ASEAN) ( 188 ). Cuireann sé sin deiseanna nua ar fáil chun sreafaí sonraí idir réigiúin éagsúla an domhain a éascú ar bhonn clásail eiseamláireacha. Sampla nithiúil is ea Treoraíocht AE-ASEAN maidir le clásail chonarthacha chaighdeánacha an Aontais agus clásail eiseamláireacha ASEAN, a chabhraíonn leo, ag tógáil ar ionchur ó chuideachtaí, ina n‑iarrachtaí comhlíontachta faoin dá shraith clásal ( 189 ).
I dteannta clásail chonarthacha chaighdeánacha, leantar de rialacha ceangailteacha corparáideacha a úsáid go forleathan le haghaidh sreafaí sonraí idir comhaltaí de ghrúpaí corparáideacha nó i measc fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu. Ós rud é go bhfuil feidhm ag RGCS, ghlac an Bord 80 tuairim dhearfach maidir le cinntí náisiúnta lena bhformheastar clásail chonarthacha chaighdeánacha ( 190 ). D’eisigh an Bord treoraíocht freisin maidir leis na gnéithe atá le cur san áireamh sna rialacha ceangailteacha corparáideacha do rialaitheoirí (agus an fhaisnéis atá le soláthar mar chuid d’iarratas ar rialacha ceangailteacha corparáideacha), a tugadh cothrom le dáta chun ceanglais RGCS agus breithiúnas Schrems II a léiriú ( 191 ). Tá treoraíocht nuashonraithe maidir le rialacha ceangailteacha corparáideacha le haghaidh próiseálaithe á forbairt freisin ( 192 ). Ós rud é go bhfuil sé d’aidhm ag rialacha ceangailteacha corparáideacha beartais/cláir cheangailteacha cosanta sonraí a chur i bhfeidhm i gcuideachtaí, measann go leor páirtithe leasmhara gur uirlis um chomhlíonadh an‑úsáideach agus gur ionstraim aistrithe iontaofa iad ( 193 ). Ag an am céanna, leanann páirtithe leasmhara de thuairisciú go bhfuil fad agus castacht an phróisis formheasa ag údaráis náisiúnta cosanta sonraí ag cur cosc ar ghlacadh níos leithne clásail chonarthacha chaighdeánacha. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go leanfadh na húdaráis de bheith ag obair ar an bpróiseas formheasa a chuíchóiriú agus a ghiorrú.
Ó thuarascáil 2020, rinneadh bearta freisin chun úsáid deimhniúcháin agus cóid iompair a éascú mar uirlisí le haghaidh aistrithe, e.g. trí threoirlínte tiomnaithe a ghlacadh maidir leis an dá uirlis ag an mBord ( 194 ). Ag an am céanna, tuairiscíonn páirtithe leasmhara na saincheisteanna céanna maidir le hamlíne agus castacht an phróisis formheasa leis na saincheisteanna thuasluaite maidir le deimhniúchán agus cóid iompair mar uirlisí cuntasachta.
Faoi dheireadh, déanann RGCS foráil freisin d'ionstraimí sonracha - comhaontuithe idirnáisiúnta agus socruithe riaracháin arna bhfaomhadh ag údaráis cosanta sonraí - a úsáidfidh údaráis phoiblí chun sonraí pearsanta a aistriú chuig a gcontrapháirteanna i dtríú tíortha, nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta. Ghlac an Bord treoirlínte maidir leis na coimircí ba cheart a áireamh in ionstraimí den sórt sin ( 195 ), ar féidir leo tacú le comhaontuithe agus socruithe den sórt sin a chaibidliú.
7.1.3Comhlántacht le beartais eile a chinntiú
Ós rud é go bhfuil sreafaí sonraí bunriachtanach anois don oiread sin gníomhaíochtaí, tá sé ríthábhachtach a chinntiú go gcomhlánaíonn beartais cosanta sonraí agus beartais eile a chéile. Ní hamháin gur réamhchoinníoll é coimircí cosanta sonraí a áireamh in ionstraimí idirnáisiúnta le haghaidh sreafaí sonraí, ach is cumasóir tábhachtach é freisin le haghaidh comhar cobhsaí iontaofa.
Mar shampla, tá comhaontuithe idirnáisiúnta lena bhforáiltear do na coimircí cosanta sonraí is gá, lena n‑áirítear trí leanúnachas cosanta ar thaobh údaráis iarrthaigh a áirithiú, fíor-riachtanach chun cúirtéis a chinntiú agus chun rochtain trasteorann ag forfheidhmiú an dlí ar fhianaise leictreonach atá i seilbh cuideachtaí a éascú agus, ar an gcaoi sin, chun an choireacht a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí. Léirítear an cur chuige sin sa Dara Prótacal Breise a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Cibearchoireacht ( 196 ), lena bhfeabhsaítear na rialacha atá ann cheana chun rochtain trasteorann a fháil ar fhianaise leictreonach in imscrúduithe coiriúla agus coimircí iomchuí cosanta sonraí á n‑áirithiú ag an am céanna. Idir an dá linn, shínigh roinnt Ballstát de chuid an Aontais an Prótacal. Ar an gcaoi chéanna, tá dul chun cinn á dhéanamh sa chaibidlíocht dhéthaobhach idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe maidir le comhaontú i ndáil le rochtain trasteorann ar fhianaise leictreonach le haghaidh comhair in ábhair choiriúla ( 197 ).
Réimse eile de bheartas slándála an Aontais is ea sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) a mhalartú, ar beartas é a bhfuil tairbhe bainte aige as coimircí láidre cosanta sonraí a fhorbairt. In 2023, thug an tAontas agus Ceanada a gcaibidlíocht i gcrích maidir le Comhaontú nua PNR i gcomhréir leis na ceanglais a leag an Chúirt Bhreithiúnais amach i dTuairim 1/15 uaidh ( 198 ). Tugadh coimircí comhchosúla isteach sa chaibidil PNR den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe. Trí chosaintí príobháideachais feabhsaithe a áireamh sna comhaontuithe sin, ar féidir leo a bheith ina dteimpléad do chomhaontuithe amach anseo le comhpháirtithe eile, tugtar deimhneacht dhlíthiúil d’aeriompróirí agus áirithítear cobhsaíocht malartuithe tábhachtacha faisnéise chun an sceimhlitheoireacht agus coireanna trasnáisiúnta tromchúiseacha eile a chomhrac.
Tacaíonn an Coimisiún freisin le forálacha láidre chun príobháideachas a chosaint agus borradh a chur faoin trádáil dhigiteach ag an Eagraíocht Dhomhanda Trádála sa chaibidlíocht atá ar siúl faoi láthair maidir leis an Tionscnamh Comhráiteas Iltaobhach maidir le tráchtáil leictreonach. Rinneadh forálacha comhchosúla maidir le bacainní gan údar ar thrádáil dhigiteach a chomhrac, agus spás beartais riachtanach na bPáirtithe i réimse na cosanta sonraí á chosaint ag an am céanna, a áireamh arís agus arís eile sna comhaontuithe saorthrádála arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas tar éis theacht i bhfeidhm RGCS, go háirithe sa Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe agus sna comhaontuithe leis an tSile, leis an tSeapáin agus leis an Nua-Shéalainn. Tá forálacha maidir le príobháideachas agus sreafaí sonraí á bplé freisin sa chaibidlíocht leanúnach maidir le trádáil dhigiteach le Singeapór agus leis an gCóiré Theas.
7.2Comhar idirnáisiúnta maidir le cosaint sonraí
7.2.1An ghné dhéthaobhach
Lean an Coimisiún de bheith i mbun idirphlé le tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta maidir le rialacha príobháideachais a fhorbairt, a athchóiriú agus a chur chun feidhme, lena n‑áirítear trí aighneachtaí a dhéanamh chuig comhairliúcháin phoiblí maidir le dréachtreachtaíocht nó bearta rialála i réimse an phríobháideachais ( 199 ), fianaise a thabhairt os comhair comhlachtaí parlaiminteacha inniúla ( 200 ) agus páirt a ghlacadh i gcruinnithe tiomnaithe le hionadaithe rialtais, toscaireachtaí parlaiminteacha agus rialtóirí ó go leor réigiún ar domhan ( 201 ). Rinneadh roinnt de na gníomhaíochtaí sin tríd an tionscadal ‘Cosaint Sonraí agus Sreafaí Sonraí Feabhsaithe’ arna chistiú ag an Aontas, a thacaíonn le tíortha a bhfuil sé beartaithe acu creataí nua-aimseartha cosanta sonraí a fhorbairt nó acmhainneacht a n‑údarás rialála a neartú, trí oiliúint, trí chomhroinnt eolais, trí fhothú acmhainneachta agus malartú dea-chleachtas. Rannchuidigh an Coimisiún freisin le tionscnaimh eile, amhail an Chomhghuaillíocht Dhigiteach idir an tAontas agus Comhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh.
Beidh ról lárnach i gcónaí ag cosaint sonraí in obair an Choimisiúin a bhaineann le méadú. Is cuid thábhachtach d’iarracht fhoriomlán thíortha an mhéadaithe í reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint sonraí chun a gcreataí dlíthiúla a ailíniú le creataí dlíthiúla an Aontais (go háirithe ós rud é go bhfuil próiseáil agus malartú sonraí pearsanta i gcroílár an oiread sin beartas). Thairis sin, is príomhghné de sheiceálacha agus ceartúcháin fhoriomlána agus den smacht reachta é neamhspleáchas agus feidhmiú cuí údaráis cosanta sonraí, agus éireoidh sé níos tábhachtaí de réir mar a dhéanfaidh an tAontas tíortha is iarrthóirí a chomhtháthú de réir a chéile sa mhargadh aonair (mar a bheartaítear le tionscnaimh amhail Plean Fáis do na Balcáin Thiar).
Díríonn gné d’idirphlé an Aontais le tríú tíortha, gné atá ag éirí níos tábhachtaí, ar na malartuithe idir rialtóirí. Mar a fógraíodh i dtuarascáil 2020, chruthaigh an Coimisiún ‘Acadamh um Chosaint Sonraí’, chun malartuithe a chothú idir údaráis cosanta sonraí an Aontais agus údaráis cosanta sonraí tríú tíortha agus, ar an mbealach sin, rannchuidiú le fothú acmhainneachta agus comhar a fheabhsú ‘ar an láthair’. Cuireann an tAcadamh cúrsaí oiliúna saincheaptha ar fáil arna iarraidh sin d’údaráis tríú tíortha agus tugann sé le chéile saineolas ionadaithe ón bpobal forfheidhmithe, ón saol acadúil, ón earnáil phríobháideach agus ó institiúidí Eorpacha. Baineann breisluach na hoiliúna le hoiriúnú na gcomhpháirteanna éagsúla do leasanna agus riachtanais an údaráis iarrthaigh. Thairis sin, leis an oiliúint sin cuirtear ar chumas údaráis cosanta sonraí an Aontais agus údaráis cosanta sonraí tríú tíortha teagmhálacha a bhunú, eolas a roinnt, taithí agus dea-chleachtais a mhalartú, agus réimsí comhair a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint. Chuir an tAcadamh oiliúint ar fáil go dtí seo d’údaráis cosanta sonraí na hIndinéise, na Brasaíle, na Céinia, na Nigéire agus Ruanda, agus tá oiliúint á hullmhú aige faoi láthair do roinnt tíortha eile.
Chomh maith leis an tábhacht a bhaineann le hidirphlé a choinneáil ar bun idir rialtóirí, tá méadú ag teacht ar an ngá atá ann, mar a aithnítear freisin san aiseolas a fuarthas ón gComhairle agus ón mBord ( 202 ), ionstraimí dlíthiúla iomchuí a fhorbairt le haghaidh cineálacha níos dlúithe comhair agus cúnaimh fhrithpháirtigh, lena n‑áirítear tríd an malartú faisnéise is gá a cheadú i gcomhthéacs imscrúduithe. Go deimhin, de réir mar a bhíonn éifeachtaí thar theorainneacha ag sáruithe príobháideachais, is minic nach féidir iad a imscrúdú agus aghaidh a thabhairt orthu go héifeachtach ach amháin trí chomhar idir rialtóirí AE agus rialtóirí neamh‑AE. Dá bhrí sin, iarrfaidh an Coimisiún údarú chun tús a chur le caibidlíocht chun comhaontuithe comhair forfheidhmiúcháin a thabhairt i gcrích le tríú tíortha ábhartha (dá bhforáiltear freisin in Airteagal 50 de RGCS). I ndáil leis sin, tugann an Coimisiún dá aire iarraidh an Bhoird tíortha ina bhfuil an líon is mó oibreoirí atá faoi réir RGCS go díreach a mheas go sonrach mar chontrapháirtithe féideartha, go háirithe tíortha G7 agus/nó tíortha a thairbhíonn de chinntí leordhóthanachta ( 203 ).
Dá gcuirfí comhaontuithe comhair forfheidhmiúcháin agus cúnaimh fhrithpháirtigh den sórt sin i bhfeidhm, chuideofaí freisin le comhlíonadh ó oibreoirí eachtracha atá faoi réir RGCS agus forfheidhmiú éifeachtach a áirithiú i gcoinne na n‑oibreoirí sin, mar shampla toisc go ndíríonn siad go sonrach ar mhargadh an Aontais trí earraí nó seirbhísí a thairiscint. Tugann an Chomhairle dá haire a thábhachtaí atá sé comhlíonadh RGCS a fhorfheidhmiú i gcásanna den sórt sin, agus cuireann sí in iúl a hábhar imní maidir le cothrom na Féinne le heintitis san Aontas, chomh maith le cosaint éifeachtach chearta daoine aonair ( 204 ). Aontaíonn an Coimisiún leis an iarraidh ón gComhairle féachaint ar bhealaí éagsúla chun forfheidhmiú a éascú sa chás sin. Cé gur cinnte go bhféadfadh ról tábhachtach a bheith ag cineálacha níos foirmiúla comhair le rialtóirí tríú tíortha, ba cheart úsáid níos fuinniúla a bhaint as bealaí eile - atá ann cheana féin - freisin. Áirítear leis sin leas iomlán a bhaint as bosca uirlisí forfheidhmithe Airteagal 58 de RGCS, agus ról a thabhairt d’ionadaithe cuideachtaí eachtracha san Aontas (arna gceapadh i gcomhréir le hAirteagal 27 de RGCS).
7.2.2An ghné iltaobhach
Leanann an Coimisiún de bheith rannpháirteach go gníomhach i bhfóraim idirnáisiúnta éagsúla chun luachanna comhroinnte a chur chun cinn agus chun cóineasú a chothú ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal domhanda.
Áirítear leis sin, mar shampla, rannchuidiú go gníomhach le hobair an Choiste Chomhairligh um an gCoinbhinsiún chun Daoine Aonair a Chosaint maidir le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil go hUathoibríoch (Coinbhinsiún 108), an t‑aon ionstraim iltaobhach atá ceangailteach ó thaobh dlí i réimse na cosanta sonraí pearsanta. Go dtí seo, tá an Prótacal Leasaitheach chun Coinbhinsiún 108 ( 205 ) a nuachóiriú daingnithe ag 31 stát, lena n‑áirítear go leor Ballstát de chuid an Aontais, chomh maith le roinnt stát nach comhalta iad de Chomhairle na hEorpa (an Airgintín, Oileán Mhuirís agus Uragua). I measc Bhallstáit an Aontais, níl ach síniú Ballstáit amháin ( 206 ) fós le síniú, agus tá ocht mBallstát ( 207 ) tar éis an Coinbhinsiún nuachóirithe a shíniú go dtí seo, ach níor dhaingnigh siad é. Áitíonn an Coimisiún ar an mBallstát atá fágtha an Coinbhinsiún nuachóirithe a shíniú agus tathantaíonn sé ar Bhallstáit eile é a dhaingniú go pras, ionas go bhféadfaidh sé teacht i bhfeidhm go luath amach anseo. Thairis sin, leanann sé de bheith ag spreagadh aontachas tríú tíortha go réamhghníomhach.
Ar leibhéal G20 agus G7, díríodh sa phlé maidir le príobháideachas agus sreafaí sonraí ar an gcoincheap ‘saorshreabhadh sonraí le hiontaoibh’ (SSSI) a oibríochtú, coincheap a mhol an tSeapáin ar dtús, ina n‑aithnítear gur féidir le cosaint sonraí agus slándáil sonraí cur le hiontaoibh sa gheilleagar digiteach agus sreafaí sonraí a éascú ( 208 ). Tá ról thar a bheith tábhachtach ag ECFE sa chomhthéacs sin, trí fhóram a chur ar fáil do Phobal Saineolaithe SSSI, lena dtugtar le chéile raon leathan páirtithe leasmhara (rialtais, rialtóirí, an tionscal, an tsochaí shibhialta, an saol acadúil) chun ionchur a sholáthar maidir le tionscadail shonracha agus ceisteanna a bhaineann le SSSI. Ina theannta sin, toradh suntasach ar thionscnamh SSSI, ar rannchuidigh an Coimisiún go mór leis, is ea gur ghlac ECFE Dearbhú maidir le Rochtain an Rialtais ar Shonraí Pearsanta arna Sealbhú ag Eintitis san Earnáil Phríobháideach, an chéad ionstraim idirnáisiúnta sa réimse sin. Tá sraith ceanglas comhroinnte ann chun príobháideachas a chosaint agus rochtain á fáil ar shonraí pearsanta chun críocha slándála náisiúnta agus forfheidhmithe dlí. Ós rud é go n‑aithnítear ar fud an domhain go bhfuil tionchar diúltach ag rochtain dhíréireach rialtais ar mhuinín in aistrithe sonraí, is rannchuidiú tábhachtach é an Dearbhú sin chun sreafaí iontaofa sonraí a éascú. Leanfaidh an Coimisiún de thíortha a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa Dearbhú, rud atá oscailte do thíortha nach comhaltaí ECFE iad freisin.
Tá an Coimisiún i dteagmháil freisin le heagraíochtaí agus líonraí réigiúnacha éagsúla a mhúnlaíonn coimircí coiteanna cosanta sonraí. Baineann sé sin, mar shampla, le ASEAN, leis an Aontas Afracach, le fóram Údaráis Phríobháideachais na hÁise agus an Aigéin Chiúin, leis an Líonra Ibéir-Mheiriceánach um Chosaint Sonraí agus le Líonra Údaráis na hAfraice um Chosaint Sonraí (NADPA – RADPD). Sampla nithiúil den chomhar torthúil sin is ea forbairt Threoraíocht AE-ASEAN thuasluaite maidir le clásail eiseamláireacha.
Ar deireadh, coinníonn an Coimisiún idirphlé ar bun le heagraíochtaí idirnáisiúnta éagsúla, lena n‑áirítear féachaint ar bhealaí chun sreafaí sonraí idir an tAontas agus eagraíochtaí den sórt sin a éascú a thuilleadh. Ós rud é go bhfuil nuachóiriú déanta ag go leor eagraíochtaí ar a gcreataí cosanta sonraí le blianta beaga anuas, nó go bhfuil siad á dhéanamh, tá deiseanna nua ag teacht chun cinn freisin chun taithí agus dea-chleachtais a mhalartú. I ndáil leis an méid sin, léiríodh go bhfuil na ceardlanna bliantúla le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus tascfhórsa tiomnaithe maidir le haistrithe idirnáisiúnta sonraí arna n‑eagrú ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí an‑úsáideach d’fhóraim chun ionstraimí nithiúla comhair a mhalartú agus a fhiosrú, lena n‑áirítear malartú sonraí pearsanta ( 209 ).
8conclúid
Sna 6 bliana ó tháinig sé i bhfeidhm, tá RGCS tar éis cumhacht a thabhairt do dhaoine trí chead a thabhairt dóibh smacht a bheith acu ar a gcuid sonraí. Chabhraigh sé freisin le cothrom iomaíochta a chruthú do ghnólachtaí, agus chuir sé bunchloch ar fáil do réimse leathan tionscnamh atá ag tiomáint an aistrithe dhigitigh san Aontas.
Mar sin féin, chun dhá aidhm RGCS a bhaint amach ina n‑iomláine, mar atá - cosaint láidir do dhaoine aonair agus saorshreabhadh sonraí pearsanta laistigh den Aontas agus sreafaí sábháilte sonraí lasmuigh den Aontas á n‑áirithiú ag an am céanna. ní mór díriú ar an méid seo a leanas:
·forfheidhmiú láidir RGCS, ag tosú le glacadh tapa an togra ón gCoimisiún maidir le rialacha nós imeachta chun leigheasanna tapa agus deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar i gcásanna a dhéanann difear do dhaoine aonair ar fud an Aontais;
·tacaíocht réamhghníomhach ó údaráis cosanta sonraí do pháirtithe leasmhara ina n‑iarrachtaí comhlíontachta, go háirithe FBManna agus oibreoirí beaga;
·léirmhíniú agus cur i bhfeidhm comhsheasmhach RGCS ar fud an Aontais;
·comhar éifeachtach idir rialtóirí ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon chun a ráthú go gcuirfear corpas rialacha digiteacha an Aontais atá ag dul i méid i bhfeidhm go comhsheasmhach agus go comhleanúnach;
·straitéis idirnáisiúnta an Choimisiúin maidir le cosaint sonraí a chur chun cinn a thuilleadh.
Chun tacú le cur i bhfeidhm éifeachtach RGCS agus chun bonn eolais a chur faoi mhachnamh breise maidir le cosaint sonraí, tá gá le roinnt gníomhaíochtaí a shainaithnítear anseo. Tacóidh an Coimisiún lena gcur chun feidhme agus déanfaidh sé faireachán air freisin i bhfianaise na chéad tuarascála eile in 2028.
Struchtúir chomhair éifeachtacha a fhorbairt
Iarrtar ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an togra maidir le rialacha nós imeachta RGCS a ghlacadh go pras.
Iarrtar ar an mBord agus ar na húdaráis cosanta sonraí an méid seo a leanas a dhéanamh:
-comhar rialta a bhunú le rialálaithe earnála eile maidir le saincheisteanna a bhfuil tionchar acu ar chosaint sonraí, go háirithe na saincheisteanna sin a bunaíodh faoi reachtaíocht dhigiteach nua an Aontais, agus páirt ghníomhach a ghlacadh i struchtúir ar leibhéal an Aontais atá ceaptha chun comhar trasrialála a éascú;
-úsáid níos mó a bhaint as na huirlisí dá bhforáiltear le RGCS , ionas nach n‑úsáidfear réiteach díospóide ach mar rogha dheireanach;
-socruithe oibre níos éifeachtúla agus níos spriocdhírithe a chur chun feidhme maidir le treoirlínte, tuairimí agus cinntí agus tosaíocht a thabhairt do phríomh‑shaincheisteanna chun an t‑ualach ar údaráis cosanta sonraí a laghdú agus chun freagairt níos tapúla d’fhorbairtí sa mhargadh.
Ní mór do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
-neamhspleáchas éifeachtach agus iomlán na n‑údarás náisiúnta cosanta sonraí a áirithiú;
-acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh ar údaráis cosanta sonraí chun a chur ar a gcumas a gcúraimí a chomhlíonadh, go háirithe trí na hacmhainní teicniúla agus an saineolas is gá a sholáthar dóibh chun déileáil le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus chun freagrachtaí nua a chomhlíonadh faoin reachtaíocht dhigiteach;
-na huirlisí imscrúdaitheacha is gá a thabhairt do na húdaráis um chosaint sonraí chun go mbeidh siad in ann úsáid éifeachtach a bhaint as na cumhachtaí forfheidhmiúcháin a sholáthraítear le RGCS;
-tacú leis an idirphlé idir údaráis cosanta sonraí agus rialtóirí náisiúnta eile, go háirithe iad siúd a bunaíodh faoin reachtaíocht dhigiteach nua.
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
-tacú go gníomhach le glacadh tapa an togra maidir le rialacha nós imeachta RGCS ag na comhreachtóirí;
-leanúint de dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar neamhspleáchas éifeachtach iomlán na n‑údarás náisiúnta cosanta sonraí;
-sineirgí agus comhsheasmhacht a fhorbairt idir RGCS agus an reachtaíocht uile a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta bunaithe ar thaithí agus, más gá, bearta iomchuí a dhéanamh chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar;
-machnamh a dhéanamh ar an ngá atá le comhar trasrialála struchtúrtha agus éifeachtúil chun cur i bhfeidhm éifeachtach, comhsheasmhach agus comhleanúnach rialacha digiteacha an Aontais a ráthú, agus inniúlacht na n‑údarás cosanta sonraí maidir le gach ceist a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta á hurramú ag an am céanna.
An creat dlíthiúil a chur chun feidhme agus a chomhlánú
Ní mór do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
-a áirithiú go rachfar i gcomhairle le húdaráis cosanta sonraí go tráthúil sula nglacfar reachtaíocht maidir le próiseáil sonraí pearsanta.
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
-leanúint d’úsáid a bhaint as na huirlisí uile atá ar fáil dó, lena n‑áirítear nósanna imeachta um shárú, chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na Ballstáit RGCS;
-leanúint de thacaíocht a thabhairt do mhalartú tuairimí agus cleachtas náisiúnta idir na Ballstáit, lena n‑áirítear trí Ghrúpa Saineolaithe na mBallstát maidir le RGCS;
-gníomhaíochtaí a shaothrú chun a áirithiú go ndéanfar leanaí a chosaint, a chumhachtú agus a urramú ar líne;
-machnamh a dhéanamh ar na chéad chéimeanna eile a d’fhéadfadh a bheith ann i ndáil leis an togra le haghaidh Rialachán maidir le príobháideachas leictreonach, lena n‑áirítear an gaol atá aige le RGCS.
Tacaíocht a thabhairt do pháirtithe leasmhara
Iarrtar ar an mBord agus ar na húdaráis cosanta sonraí an méid seo a leanas a dhéanamh:
-dul i mbun idirphlé cuiditheach le rialaitheoirí agus próiseálaithe maidir le comhlíonadh RGCS;
-iarrachtaí a mhéadú tuilleadh chun tacú le comhlíonadh FBManna, trí threoraíocht agus uirlisí saincheaptha a chur ar fáil, lena maolófar aon ábhar imní gan bhunús atá ag FBManna nach bhfuil próiseáil sonraí pearsanta mar phríomhghnó acu maidir le comhlíonadh, agus iad a thionlacan ina n‑iarrachtaí comhlíontachta;
-tacú le cur chun feidhme beart comhlíontachta éifeachtach ag gnólachtaí, amhail deimhniúchán agus cóid iompair (lena n‑áirítear uirlisí le haghaidh aistrithe), trí dhul i dteagmháil le páirtithe leasmhara le linn an phróisis formheasa, amlínte soiléire a sholáthar le haghaidh formheasanna, agus, mar a gealladh i straitéis an Bhoird 2024-2027, míniú a thabhairt do phríomhghrúpaí páirtithe leasmhara conas is féidir na huirlisí sin a úsáid;
-a áirithiú go bhfuil treoirlínte náisiúnta agus cur i bhfeidhm RGCS ar an leibhéal náisiúnta comhsheasmhach le treoirlínte an Bhoird agus le cásdlí na Cúirte Breithiúnais;
-léirmhínithe éagsúla ar RGCS idir údaráis cosanta sonraí a réiteach, lena n‑áirítear idir údaráis laistigh den Bhallstát céanna;
-treoirlínte a chur ar fáil atá gonta, praiticiúil agus inrochtana don lucht féachana ábhartha, mar a gealladh i straitéis 2024-2027 an Bhoird;
-comhairliúchán níos luaithe agus níos fónta a áirithiú maidir le treoirlínte agus tuairimí chun tuiscint níos fearr a fháil ar dhinimic an mhargaidh agus ar chleachtais ghnó, aird leordhóthanach a thabhairt ar an aiseolas a fhaightear, agus cur i bhfeidhm nithiúil na léirmhínithe arna nglacadh a chur san áireamh;
-an obair leanúnach ar threoirlínte maidir le sonraí leanaí, taighde eolaíoch, anaithnidiú, bréagainmniú agus leas dlisteanach a thabhairt chun críche mar thosaíocht;
-dlús a chur le gníomhaíochtaí múscailte feasachta, le faisnéis agus le gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin chun a áirithiú gur féidir le hoifigigh cosanta sonraí a ról faoi RGCS a chomhlíonadh.
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
-leanúint de thacaíocht airgeadais a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí na n‑údarás cosanta sonraí a éascaíonn cur chun feidhme oibleagáidí RGCS ag FBManna;
-na modhanna uile atá ar fáil a úsáid chun soiléirithe caoithiúla a thabhairt maidir le hábhair a bhfuil tábhacht ag baint leo do pháirtithe leasmhara, lena n‑áirítear FBManna, go háirithe trí thuairimí a iarraidh ar an mBord.
Tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an tsraith straitéisí le haghaidh aistrithe sonraí agus comhar idirnáisiúnta
Iarrtar ar an mBord agus ar na húdaráis cosanta sonraí an méid seo a leanas a dhéanamh:
-an obair a thabhairt chun críche maidir leis an bpróiseas formheasa le haghaidh rialacha ceangailteacha corparáideacha a chuíchóiriú agus a ghiorrú, chomh maith leis an treoraíocht maidir le gnéithe atá le fáil i rialacha ceangailteacha corparáideacha an phróiseálaí a thabhairt cothrom le dáta;
-féachaint ar bhealaí/uirlisí chun tuilleadh cúnaimh a thabhairt d’onnmhaireoirí sonraí ina n‑iarrachtaí comhlíontachta i ndáil le ceanglais Schrems II;
-féachaint ar bhealaí breise chun forfheidhmiú éifeachtach a áirithiú i gcoinne oibreoirí atá bunaithe i dtríú tíortha a thagann faoi raon feidhme críochach RGCS.
Ní mór do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
-a áirithiú go síneofar agus go ndaingneofar Coinbhinsiún 108+ nuachóirithe Chomhairle na hEorpa a luaithe is féidir, d’fhonn go bhféadfaidh sé teacht i bhfeidhm.
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
-tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh i gcainteanna leordhóthanachta leanúnacha, féachaint an bhféadfaí tuilleadh forbartha a dhéanamh ar na torthaí leordhóthanachta atá ann cheana agus idirphlé leordhóthanachta nua a shaothrú le comhpháirtithe leasmhara;
-tacú le comhar méadaithe i measc líonra na dtíortha a thairbhíonn de chinntí leordhóthanachta;
-bailchríoch a chur ar an obair ar chlásail chonarthacha chaighdeánacha bhreise, go háirithe maidir le haistrithe sonraí chuig allmhaireoirí sonraí a bhfuil a bpróiseáil faoi réir RGCS go díreach agus aistrithe faoi Rialachán (AE) 2018/1725 le haghaidh aistrithe sonraí ag institiúidí agus comhlachtaí an Aontais;
-comhoibriú le comhpháirtithe idirnáisiúnta maidir le sreafaí sonraí a éascú ar bhonn clásail chonarthacha eiseamláireacha;
-tacú le próisis athchóirithe leanúnacha i dtríú tíortha maidir le rialacha nua nó nuachóirithe i ndáil le cosaint sonraí trí thaithí agus dea-chleachtais a roinnt;
-dul i dteagmháil le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha amhail ECFE agus G7 chun sreafaí iontaofa sonraí a chur chun cinn bunaithe ar ardchaighdeáin cosanta sonraí, lena n‑áirítear i gcomhthéacs an tionscnaimh um Shreabhadh Sonraí le hIontaoibh;
-malartuithe idir rialálaithe Eorpacha agus idirnáisiúnta a éascú agus tacú leo, lena n‑áirítear trína Acadamh um Chosaint Sonraí;
-rannchuidiú le comhar idirnáisiúnta forfheidhmiúcháin idir údaráis mhaoirseachta a éascú, lena n‑áirítear trí chomhaontuithe comhair agus cúnaimh fhrithpháirtigh a chaibidliú.
() Airteagal 64, Airteagal 65 agus Airteagal 66 den RGCS faoi seach.
() Faoi Airteagal 65(1)(a) RGCS.
() Rialachán (AE) 2024/903 (an Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach) IO L, 2024/903, 22.3.2024.