An Bhruiséil,4.7.2024

COM(2024) 268 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

An t‑ochtú tuarascáil bhliantúil déag maidir le 2023 i ndáil le cur chun feidhme an chúnaimh ón Aontas faoi Rialachán (CE) Uimh. 389/2006 ón gComhairle an 27 Feabhra 2006 lena mbunaítear ionstraim tacaíochta airgeadais chun forbairt eacnamaíoch phobal Turcach na Cipire a spreagadh


TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

An t‑ochtú tuarascáil bhliantúil déag maidir le 2023 i ndáil le cur chun feidhme an chúnaimh ón Aontas faoi Rialachán (CE) Uimh. 389/2006 ón gComhairle an 27 Feabhra 2006 lena mbunaítear ionstraim tacaíochta airgeadais chun forbairt eacnamaíoch phobal Turcach na Cipire a spreagadh

1.Réamhrá

Is é Rialachán (CE) Uimh. 389/2006 ón gComhairle 1 (an ‘Rialachán um Chabhair’) an bunús le cúnamh a sholáthar do phobal Turcach na Cipire agus ceanglaítear leis tuairisciú bliantúil don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa.

2.Clárú an chúnaimh

Idir 2006 agus deireadh 2023, bhí EUR 688 milliún cláraithe le haghaidh oibríochtaí faoin Rialachán um Chabhair. Ba é EUR 31.7 milliún 2 an méid a gealladh i mí Dheireadh Fómhair 2023 do chlár gníomhaíochta bliantúil 2023. Leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 tugadh peirspictíocht ilbhliantúil don chlár agus tá foráil ann maidir le cistiú cobhsaí bliantúil. Tá an clár cúnaimh eisceachtúil agus idirthréimhseach, áfach, agus tá sé d’aidhm aige ullmhúchán agus éascú a dhéanamh, de réir mar is iomchuí, ar chur i bhfeidhm iomlán an acquis sna limistéir sin de Phoblacht na Cipire nach bhfeidhmíonn Rialtas Phoblacht na Cipire rialú éifeachtach iontu tar éis réiteach ar fhadhb na Cipire. Rinneadh foráil sa Rialachán um Chabhair agus i Rialachán Uimh. 2020/2093 ón gComhairle 3 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil araon d’athbhreithniú i gcás athaontú.

3.Sásraí cur chun feidhme

Cuirtear an clár chun feidhme sna limistéir de Phoblacht na Cipire nach bhfeidhmíonn Rialtas Phoblacht na Cipire rialú éifeachtach iontu (na ‘limistéir nach bhfuil faoi smacht an rialtais’) agus ina bhfuil cur i bhfeidhm an acquis ar fionraí go sealadach de bhun Phrótacal 10 den Chonradh Aontachais. Cuirtear cúnamh chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach.

Oibríonn an Coimisiún i gcomhthéacs uathúil polaitiúil, dlíthiúil agus taidhleoireachta. Agus cúnamh den sórt sin á dheonú, ní thugtar le tuiscint go dtabharfar aitheantas d’aon údarás sna limistéir sin seachas Rialtas Phoblacht na Cipire. Tá gá le socruithe ad hoc chun an clár a chur chun feidhme agus prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais á n‑urramú ag an am céanna. I gcláir cabhrach arna gcistiú ag an Aontas, faoi ghnáthchúinsí, is le comhaontuithe le rialtas is tairbhí a bhunófaí an creat dlíthiúil chun an cúnamh a fhorbairt. Ní féidir aon chomhaontú den sórt sin a dhéanamh chun cúnamh a thabhairt do phobal Turcach na Cipire. Tá bainistiú agus maolú an bhunriosca mar chuid de fhreagracht an Choimisiúin. Áirítear leis na bearta a glacadh dianfhaireachán ar chonarthaí agus tacaíocht a sholáthar do thairbhithe, coinníollacha íocaíochta athbhreithnithe, agus cur chuige cúramach maidir le húsáid ráthaíochtaí bainc. Tá méid suntasach tacaíochta deontais san áireamh sa chúnamh, agus is gá bainistiú atá dian ó thaobh acmhainní de a dhéanamh ina leith.

Chun tionchar a chinntiú, ní mór do phobal Turcach na Cipire a bheith iomlán rannpháirteach san ullmhúchán do chur chun feidhme an acquis ós rud é go dtarraingeofar siar fionraíocht a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Prótacal 10 nuair a thiocfaidh réiteach cuimsitheach i bhfeidhm.

Feidhmíonn foireann an chláir trí Oifig Tacaíochta Clár an Aontais sna limistéir nach bhfuil faoi smacht an rialtais sa Niocóis. Óstálann Ionadaíocht an Choimisiúin sa Chipir cruinnithe, seimineáir agus preasagallaimh agus déanann sí cumarsáid le pobal na Cipire ar fud an oileáin, lena n‑áirítear cumarsáid maidir leis an gClár Cabhrach. Ina theannta sin, déanann Pointe Faisnéise an Aontais, arna chistiú faoin gClár Cabhrach, raon gníomhaíochtaí cumarsáide agus infheictheachta, gníomhaíochtaí lena gcuirtear faisnéis ar fáil faoi bheartais, tosaíochtaí agus gníomhaíochtaí an Aontais chun tacú le pobal Turcach na Cipire, agus chun cultúr na hEorpa a chur chun cinn.

4.Cur chun feidhme le linn na tréimhse tuairiscithe

4.1.Forléargas ginearálta

Tá an Coimisiún fós ag cur an Rialacháin um Chabhair chun feidhme agus é mar aidhm fhoriomlán aige tacú le hathaontú. I gcás réiteach cuimsitheach ar fhadhb na Cipire, déanfaidh an Chomhairle, ar bhonn togra ón gCoimisiún, cinneadh d’aon toil maidir leis na hoiriúnuithe is gá ar an Rialachán seo.

I measc na n‑oibríochtaí in 2023 bhí leanúint de roinnt tionscadal seanbhunaithe agus rathúil, amhail scoláireachtaí ón Aontas agus bearta forbartha muiníne chun tacú leis an gCoiste Teicniúil um Oidhreacht Chultúrtha agus leis an gCoiste um Dhaoine atá ar Iarraidh araon. Bhí tionscnaimh fós á gcistiú ag saoráid tiomnaithe faoi na Coistí Teicniúla déchriosach.

Tá an tacaíocht deontais fós ina gné bhunriachtanach den chlár. Cuireadh níos mó cúnaimh ar fáil do na príomhearnálacha eacnamaíocha atá ag ullmhú le haghaidh réitigh trí thionscadail atá dírithe ar an earnáil phríobháideach agus ar fhorbairt tuaithe. Leanadh leis na hiarrachtaí chun feabhas a chur ar staid na himeartha maidir le galair ainmhithe a dhíothú agus maidir le sábháilteacht bia.

Lean an Coimisiún dá iarrachtaí cabhrú le pobal Turcach na Cipire na caighdeáin a leagtar síos leis an bpacáiste de dhá bheart a ghlac an Coimisiún in 2021 a chomhlíonadh, lena gcláraítear ‘Χαλλούμι’ (Halloumi)/‘Hellim’ mar ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint (ATFC)agus lena leagtar síos na coinníollacha maidir le gluaiseacht an táirge sin thar an Líne Ghlas. Chuige sin, thug saineolaithe cúnaimh airgeadais tiomnaithe agus saineolaithe teicniúla tiomnaithe tacaíocht d’fheirmeoirí, d’oibreoirí gnólachta bia agus do chomhlachtaí áitiúla atá i gceannas ar rialuithe tríd an slabhra táirgthe bia. Ina theannta sin, lean an Coimisiún den Mheitheal neamhfhoirmiúil maidir le Halloumi/Hellim a thionól ina dtugtar le chéile páirtithe leasmhara ón dá phobal Chipireacha.

Tá bearnaí suntasacha ann fós i gcumas na dtairbhithe an acquis a chur chun feidhme go héifeachtach nuair a thiocfaidh réiteach cuimsitheach i bhfeidhm. Mar sin féin, lean pobal Turcach na Cipire de bheith ag déanamh dul chun cinn maith i roinnt réimsí, amhail an comhshaol, sláinte agus sábháilteacht bia, agus fuair sé tuiscint níos daingne ar na dúshláin.

Ag deireadh na bliana, bhí 138 gconradh á bhfeidhmiú faoin gClár Cabhrach.

4.2.Dul chun cinn de réir cuspóirí

Is é cuspóir foriomlán an Chláir Cabhrach athaontú na Cipire a éascú trí fhorbairt eacnamaíoch phobal Turcach na Cipire a spreagadh, agus béim ar leith á leagan ar chomhtháthú eacnamaíoch an oileáin, ar theagmhálacha a fheabhsú idir an dá phobal agus leis an Aontas, agus ar obair ullmhúcháin don acquis.

Tugtar tuairisc thíos ar na gníomhaíochtaí a rinneadh in 2023, le haghaidh gach cuspóra de chuid an Rialacháin um Chabhair.

4.2.1.Cuspóir 1: Bonneagar a fhorbairt agus a athstruchtúrú

Lean Clár Forbartha na Náisiún Aontaithe (UNDP) den ‘Saoráid Bonneagair Áitiúil’ a chur chun feidhme trí chomhaontuithe ranníocaíochta leanúnacha, arna síniú leis an gCoimisiún, ar fiú EUR 33.2 milliún san iomlán iad. Cuireann an tsaoráid tacaíocht ar fáil chun infheistíochtaí ábhartha sa bhonneagar áitiúil a ullmhú agus a chur chun feidhme. In 2023, cuireadh trí thionscadal bonneagair i gcrích, is iad sin tógáil Ionad Comhair Kormakitis, síneadh a chur le gléasra cóireála fuíolluisce Morphou, agus athshlánú bhogaigh Kouklia. Bhí 15 thionscadal breise gníomhach, lena n‑áirítear forbairt réamhstaidéir indéantachta maidir le stáisiún cumhachta gréine déchriosach a bhunú.

In 2023, tháinig deireadh leis na hoibreacha ceartaitheacha agus gníomhaíochtaí tógála ar líonra séarachais Famagusta ar cuireadh tús leo i mí Iúil 2021. Rinneadh 45 km ar an iomlán den líonra séarachais a athchóiriú, réitíodh lochtanna ar a dtángthas le linn an tionscadail tosaigh, agus cuireadh feabhas ar cháilíocht agus feidhmiúlacht an chórais.

Leanadh d’fhadhbanna struchtúracha a bheith ann maidir le hoibriú an líonta talún i bpobal Turcach na Cipire in 2023. Ó tugadh ar láimh í in 2022, níor chuir an tairbhí feabhas ar oibríocht agus bainistiú na saoráide líonta talún, agus lean sé de dhroch‑chleachtais diúscartha dramhaíola a chur chun feidhme. Ar ndóigh, tháinig meath ar an staid agus dímheas suntasach ar an infheistíocht dá bhrí sin. Gan rannpháirtíocht an Choimisiúin, sheol an tairbhí dhá thairiscint chun oibríochtaí líonta talún a chur amach ar conradh. Mar sin féin, cuireadh iad araon ar ceal, rud a chiallaíonn go bhfuil todhchaí rialachas na hearnála dramhaíola doiléir fós. Tá an Coimisiún tiomanta i gcónaí tacaíocht a thabhairt don tairbhí chun an staid a réiteach, ar choinníoll go ndéantar cinntí straitéiseacha iomchuí maidir le bainistiú an tairbhí.

I gcomhréir leis an bplean comhtháite bainistithe um dhramhaíl sholadach arna chistiú ag an Aontas, cuireadh deontais i gcrích in 2023 a chuidíonn le hocht bpobal áitiúla feabhas a chur ar a mbonneagar bainistithe dramhaíola.

Leanadh den acmhainn theicniúil áitiúil chun faireachán a dhéanamh ar cháilíocht an chomhshaoil a neartú trí ghníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta tiomnaithe, ar nós forbartha fardail astaíochtaí áitiúla truailleán aeir. An fhaisnéis a sholáthair an líonra faireacháin maidir le cáilíocht an aeir, líonra arna chistiú ag an Aontas Eorpach, táthar anois á húsáid chun measúnú a dhéanamh ar leibhéil truaillithe agus chun gníomhaíochtaí sonracha a fhorbairt lena laghdú.

In earnáil na teileachumarsáide, cuireadh bonneagar craolacháin nua i gcrích in 2023 a bhuí le tionscadal arna chistiú ag an Aontas Eorpach. Faoin tionscadal, scar pobal Turcach na Cipire gach craoladh teilifíse analógach ón mbandaleithead minicíochta 700 MHz. Bhíothas in ann an banda minicíochta 700 MHz a leithdháileadh ar sheirbhísí móibíleacha 5G gan bhac dá bhrí sin, rud a chuir le digitiú méadaithe i bpobal Turcach na Cipire.

4.2.2.Cuspóir 2: Forbairt shóisialta agus eacnamaíoch a chur chun cinn

Tríd an gClár Cabhrach, lean an Coimisiún de chomhtháthú agus forbairt eacnamaíoch a stiúradh agus a chur chun cinn trí phacáistí cúnaimh a sholáthar d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide i bpobal Turcach na Cipire, agus é mar aidhm aige an iomaíocht agus an nuálaíocht a spreagadh. Ó dheireadh na bliana 2023, bhí cur i bhfeidhm na ndeontas ilbhliantúla ar luach EUR 4.6 milliún curtha i gcrích ag nach mór 100 gnólacht, rud a d’fhág gur cruthaíodh breis agus 200 post nua, gur tugadh isteach caighdeáin cháilíochta an Aontais, agus gur tacaíodh leis an aistriú digiteach. Bhí baint ag os cionn 1 150 fiontraí le clár an Aontais darb ainm ‘Into Business’, rud a chruthaigh 36 ghnólacht nua. Seoladh ‘Incubator Hive’ an Aontais, rud a chuir ar a gcumas do ghnólachtaí nuathionscanta tacaíocht shaincheaptha a fháil.

I réimse an chóineasaithe eacnamaíoch, leanadh den chomhar leis an mBanc Domhanda maidir le faireachán maicreacnamaíoch, staidreamh, éascú trádála agus an timpeallacht ghnó a fheabhsú trí shimpliú nósanna imeachta. Pléadh go forleathan an chéad Suirbhé cuimsitheach ar Bhuiséad Teaghlaigh agus torthaí an tsuirbhé sin, a rinneadh in 2023 agus a dhírigh ar fhaireachán a dhéanamh ar an mbochtaineacht. Rinneadh dul chun cinn leis an obair maidir le dul i ngleic le ceanglais rialála agus maidir le constaicí a shárú i ndáil le cuntais bainc a oscailt do Thurcaigh na Cipire i mbainc sna limistéir atá faoi rialú an rialtais agus maidir le híocaíochtaí le haghaidh trádáil thar an Líne Ghlas a chumasú.

Rinneadh dul chun cinn i réimse na sábháilteachta táirgí freisin. Leanadh in 2023 le tionscadal cúnaimh theicniúil maidir le faireachas margaidh, tionscadal a seoladh i mí an Mhárta 2022, agus é mar aidhm leis cleachtais nua a thabhairt isteach sa mhéadreolaíocht, caighdeánú, creidiúnú agus measúnú comhréireachta, agus na cleachtais atá ann cheana a fheabhsú. Trína bheith ag obair i ndlúthchomhar leis an earnáil phríobháideach, cuidíonn an tionscadal chun feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó i bpobal Turcach na Cipire agus lena chinntiú go gcomhlíonann na hearraí a tháirgtear go háitiúil caighdeáin an Aontais.

Lean an Coimisiún dá thacaíocht sheanbhunaithe a thabhairt do phobal Turcach na Cipire chun cabhrú leis caighdeáin an Aontais a bhaint amach i ndáil le sábháilteacht bia agus sláinte ainmhithe agus galair ainmhithe a chosc, a bhrath agus a dhíothú. Soláthraíodh seirbhísí comhairleacha feirme d’fheirmeoirí agus d’eagraíochtaí feirmeoirí, rud a chruthaigh grúpa de bhreis agus 100 comhairleoir teicniúl áitiúil agus líonra bríomhar de pháirtithe leasmhara atá ag iarraidh a n‑eolas a leathnú agus a gcleachtais a fheabhsú. Le linn 2022-2023, chuir 109 feirmeoir ar a laghad cúrsa gairmoideachais agus oiliúna sa talmhaíocht amháin i gcrích, agus eisíodh 247 ndeimhniú oiliúna dá bhrí sin. Ina theannta sin, scaipeadh deontais dar luach EUR 3.5 milliún ar 53 fheirmeoir, chomharchumann agus oibreoir gnólacht bia ar an iomlán in 2023, rud a chuir lena n‑éifeachtúlacht agus lena dtáirgiúlacht.

Leantar de phríomhghníomhaíochtaí sábháilteachta bia agus ullmhachta i gcomhair géarchéimeanna a chur chun feidhme, rudaí a bhfuil impleachtaí acu don trádáil thar an Líne Ghlas agus don scéim Halloumi/Hellim. Mar thoradh air sin, i mí an Mhárta 2023 deimhníodh go raibh an chéad Halloumi/Hellim a táirgeadh i bpobal Turcach na Cipire i gcomhréir le ATFC. Faoi dheireadh 2023 bhí trí thairgeoir cáise agus 15 fheirm i bpobal Turcach na Cipire deimhnithe agus fianaithe faoi seach faoi scéim ATFC. Thionóil Meitheal neamhfhoirmiúil an Choimisiúin maidir le Halloumi/Hellim ceithre chruinniú ar chur chun feidhme scéim ATFC in 2023.

Leanadh le tástáil agus sampláil ar mhórscála ar ainmhithe in 2023 maidir le galair thosaíochta, lena n‑áirítear brúsallóis, galar crúb agus béil, agus eitinn. Chuige sin, chuir an Coimisiún tástálacha saotharlainne, tomhaltáin tréidliachta, agus seirbhísí ar fáil. Mar thoradh ar raon cuimsitheach bearta an Chláir Cabhrach, lean an titim i leitheadúlacht brúsallóise, agus ba ag 0.3 % a bhí sé faoi dheireadh 2023. Tá eitinn agus an galar crúb agus béil díothaithe cheana.

Chuidigh cúnamh arna chistiú ag an Aontas freisin le dul chun cinn breise a dhéanamh maidir le rannpháirtíocht tréidlianna príobháideacha chun rialuithe sábháilteachta bia agus tréidliachta a chur chun feidhme.

Lean an Coimisiún de thacaíocht a thabhairt i réimse an oideachais, ag díriú ar ghairmoideachas agus gairmoiliúint, an fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus forbairt ghairmiúil múinteoirí. Faoi 2023, bhí pacáiste curaclaim forbartha do 20 gairm agus bhí 330 múinteoir oilte ar na curaclaim nua. Ar an iomlán, eagraíodh 103 oiliúint agus forbraíodh nach mór 200 modúl chun scileanna agus eolas na foirne múinteoireachta ar fad i bpobal Turcach na Cipire a fheabhsú. 

Lean an tionscadal cúnaimh theicniúil le Staidreamh na Danmhairge de feabhas a chur ar sholáthar gnó agus ar bhainistiú foinsí sonraí. Comhlánaíodh an tionscadal sin trí thacaíocht spriocdhírithe a chur ar fáil trí ionstraim an Choimisiúin um chúnamh teicniúil agus malartú faisnéise (TAIEX) agus tríd an mBanc Domhanda. Tagann na gníomhaíochtaí sin go léir le chéile i straitéis chuimsitheach de chuid an Aontais a bhfuil sé mar aidhm aici feabhas a chur ar sholáthar staidrimh i bpobal Turcach na Cipire, d’fhonn athaontú a éascú.

4.2.3.Cuspóir 3: Athmhuintearas, bearta forbartha muiníne, agus tacaíocht don tsochaí shibhialta a chothú

Lean an Coiste um Dhaoine atá ar Iarraidh lena obair allamuigh agus lena obair saotharlainne, le tacaíocht ón gClár Cabhrach trí chomhaontú ranníocaíochta le UNDP. Faoi dheireadh 2023, as an 2 002 duine ar an iomlán a bhí ar iarraidh, bhí 1 186 tacar de thaisí athnochta aige. Díobh sin, aithníodh 1 044 go géiniteach agus cuireadh ar ais chuig a dteaghlaigh iad.

In 2023, síníodh comhaontú ranníocaíochta nua dar luach EUR 2.6 milliún chun cistiú a chur ar fáil d’oibríochtaí an Choiste in 2024. Ar an iomlán, in 2006-2023, ranníoc an tAontas EUR 38.5 milliún chun tacú le gníomhaíochtaí an Choiste um Dhaoine atá ar Iarraidh, is é sin 80 % den chistiú ar fad le haghaidh na tréimhse sin.

Bhí cosaint na hoidhreachta cultúrtha fós ina príomhghné de na bearta athmhuintearais agus forbartha muiníne a fuair tacaíocht faoin gClár Cabhrach, i ndlúthchomhar leis an gCoiste Teicniúil déchriosach um Oidhreacht Chultúrtha. Ar an iomlán, in 2006-2023, fuair an clár oidhreachta cultúrtha cistiú de luach tuairim is EUR 27.5 milliún ón Aontas. Leis sin, bhíothas in ann níos mó ná 142 shuíomh oidhreachta cultúrtha ar fud an oileáin a chaomhnú, tacaíocht struchtúrach a thabhairt dóibh, cosaint fhisiceach a thabhairt dóibh nó athchóiriú a dhéanamh orthu.

In 2023, deonaíodh ranníocaíocht nua EUR 2 mhilliún ón Aontas chun tacú leis an tsaoráid tacaíochta le haghaidh na gCoistí Teicniúla déchriosach. Is é UNDP a chuireann an tacaíocht sin chun feidhme. Ó 2019 i leith, mhaoinigh an tsaoráid tacaíochta thart ar 20 tionscadal de chuid na gCoistí Teicniúla, ó staidéir indéantachta agus taighde go ceardlanna agus taispeántais.

Agus scéim phíolótach scoláireachta déchriosach curtha chun feidhme go rathúil ag Coláistí Domhanda Aontaithe, cumasaíodh 46 mhac léinn ón dá phobal páirt a ghlacadh sa Chlár Idirnáisiúnta Dioplóma Baccalaureate i dtíortha éagsúla idir 2020 agus 2023. Áirítear ar na gníomhaíochtaí eile arna gcur chun feidhme ag Coláistí Domhanda Aontaithe gníomhaíochtaí rannpháirtíochta trasphobail don aos óg agus gearrchúrsaí atá dírithe ar an óige a chumhachtú chun athrú dearfach a bhaint amach ina sochaithe.

Leanadh den tacaíocht don tsochaí shibhialta in 2023. Leis an tionscadal Spás na Sochaí Sibhialta, lena gcuirtear cúnamh teicniúil ar fáil d’eagraíochtaí sochaí sibhialta, leanadh de bheith ag cabhrú leo a n‑acmhainneachtaí a fhorbairt, timpeallacht chumasúcháin a chur chun cinn chun an tsochaí shibhialta a fhorbairt, agus líonrú agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha a spreagadh le heagraíochtaí sochaí sibhialta Gréagacha na Cipire agus le heagraíochtaí sochaí sibhialta eile san Aontas.

17 ndeontas le haghaidh leithdháileadh iomlán airgeadais de EUR 2.5 milliún, is é sin an toradh a bhí ar ghlao ar thograí Shochaí Sibhialta na Cipire i nGníomhaíocht VIII in 2022. Na tionscadail, a dhíríonn ar ghníomhaíochtaí taighde déchriosach, ar ghníomhaíochtaí forbartha muiníne déchriosach, agus ar shochaí shibhialta a neartú i bpobal Turcach na Cipire, thosaigh siad ar an gcéim cur chun feidhme iomláine in 2023, rud a chuir ar chumas na sochaí sibhialta príomhghníomhaíochtaí abhcóideachta a eagrú agus gníomhaíocht shibhialta a spreagadh.

Lean an cumann Ardán um Chearta an Duine dá dheontas díreach arna gcistiú ag an Aontas a chur chun feidhme, agus fuair sé cistiú breise in 2023. Dhírigh na príomhghníomhaíochtaí ar an ngáinneáil a chomhrac, ar chearta dídeanaithe, ar chearta LADTIA, ar rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara ábhartha, ar dhálaí coinneála iomchuí agus ar shaoirse ó chéasadh. Bhí baint ag an ardán leis an gcéad chás gáinneála ar dhaoine a thabhairt os comhair ‘cúirteanna’ phobal Turcach na Cipire, ar tháinig ciontú dá thoradh. Thacaigh sé freisin le híospartaigh sáruithe ar chearta an duine agus threisigh sé acmhainní na sochaí sibhialta maidir le saincheisteanna atá bunaithe ar chearta i gcoitinne.

4.2.4.Cuspóir 4: Pobal Turcach na Cipire a thabhairt níos gaire don Aontas

Ó bhí 2022 ann, tá an Coimisiún i gcomhpháirtíocht le Goethe-Institut chun Clár Scoláireachta an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme. Sa bhliain acadúil 2023/2024, rinneadh 129 scoláireacht a thairiscint do mhic léinn Turcacha na Cipire chun freastal ar ollscoileanna i dtíortha an Aontais, agus ó dheireadh 2023, tugadh beirt Turcach de chuid na Cipire, a bhain tairbhe as scoláireacht ón Aontas, isteach i gColáiste na hEorpa.

Ó 2007 i leith, bronnadh breis agus 2 150 scoláireacht ar mhic léinn, lena gcumhdaítear níos mó ná 100 ollscoil agus 23 thír de chuid an Aontais. Tacaíonn na scoláireachtaí sin le mic léinn le linn na chéad bhliana staidéir fochéime, le mic léinn iarchéime ina gcuid máistreachta nó ina gcláir dhochtúireachta, agus le taighdeoirí agus gairmithe chun a scileanna teanga agus gairmiúla a fhorbairt tuilleadh ar fud thíortha an Aontais. Sheol an Coimisiún, i gcomhar le Goethe-Institut, Alumni Connect Digital freisin, ardán ar líne chun alumni scoláireachta a nascadh.

Tá Pointe Faisnéise an Aontais á bhainistiú ag Oifig Tacaíochta Chlár an Aontais in éineacht le hIonadaíocht an Choimisiúin sa Chipir. In 2023, trína chuid gníomhaíochtaí ar líne agus as líne araon, d’éirigh leis ardleibhéal infheictheachta a bhaint amach don Aontas. Chuir Pointe Faisnéise an Aontais breis agus 500 gníomhaíocht cumarsáide agus infheictheachta i gcrích in 2023, lenar cumhdaíodh téamaí a bhaineann leis an Aontas Eorpach amhail cearta daoine faoi mhíchumas, saoirse chun tuairimí a nochtadh, trádáil thar an Líne Ghlas agus an Comhaontú Glas don Eoraip. Eagraíodh 30 imeacht ar an iomlán inar ghlac breis agus 20 000 rannpháirtí páirt, rud a léiríonn aistriú beartais i dtreo béim níos mó a leagan ar imeachtaí infheictheachta agus cumarsáide d’fhonn líon níos airde tairbhithe. Le linn na tréimhse sin, rinne an Coimisiún 20 foilseachán, 75 ghrafaic faisnéise agus 15 tháirge closamhairc a eisiúint.

4.2.5.    Cuspóirí 5-6: Pobal Turcach na Cipire a ullmhú chun an acquis a thabhairt isteach agus a chur chun feidhme

Úsáidtear ionstraim TAIEX chun cuspóirí 5 agus 6 den Rialachán um Chabhair a chur chun feidhme. Cuidíonn sé chun pobal Turcach na Cipire a ullmhú leis an acquis a chur chun feidhme i bhfianaise fionraíocht a chur chun feidhme a bheith tarraingthe siar ar theacht i bhfeidhm do réiteach cuimsitheach.

Is uirlis thábhachtach i gcónaí í saoráid TAIEX chun cuspóirí an Chláir Cabhrach a bhaint amach. In 2023, cuireadh tacaíocht leanúnach ar fáil leis an ionstraim in 12 réimse théamacha den acquis trí mheascán d’imeachtaí ar líne agus ar an láthair. Eagraíodh thart ar 150 imeacht TAIEX i gcomhréir le huimhreacha na bliana roimhe. Ina theannta sin, forbraíodh bunachar sonraí de na téacsanna dlíthiúla uile a dréachtaíodh le tacaíocht TAIEX, agus leanadh de na hiarrachtaí chun feabhas a chur ar cháilíocht an aistriúcháin agus na hateangaireachta i bpobal Turcach na Cipire.

Tháinig méadú suntasach ar thacaíocht TAIEX don trádáil thar an Líne Ghlas (Rialachán (CE) Uimh. 866/2004 ón gComhairle) in 2023. Rinne saineolaithe neamhspleácha atá sainordaithe ag an gCoimisiún cigireachtaí rialta ar thorthaí agus glasraí úra, ar phrátaí, ar mhil agus ar iasc. Mar aon leis na sé chineál bia próiseáilte nach de bhunadh ainmhíoch iad a ceadaíodh i leith trádála thar an Líne Ghlas den chéad uair in 2022, ceadaíodh ábhair phacáistíochta a thagann i dtadhall le bia agus dhá tháirge phróiseáilte bia nua nach de bhunadh ainmhíoch iad i leith trádála freisin, is iad sin ológa boird agus súnna torthaí éagsúla. Chinntigh saineolaithe TAIEX caighdeáin agus cáilíocht ar leibhéal an Aontais trí sheiceálacha comhlíontachta ábhartha a dhéanamh ar na saoráidí sna limistéir nach bhfuil faoi smacht an rialtais.

Chun trádáil thar an Líne Ghlas a éascú tuilleadh, sheol an Coimisiún ‘Ionad Ilfhreastail de chuid an Aontais’ i mí na Samhna 2023, ionad a sholáthraíonn eolas, tacaíocht agus deiseanna líonraithe do ghnólachtaí agus do thrádálaithe a bhfuil suim acu sa trádáil thar an Líne Ghlas nó atá i mbun trádáil thar an Líne Ghlas.

4.3.Forghníomhú airgeadais (conarthaí agus íocaíochtaí)

4.3.1.Conraitheoireacht

Shínigh an Coimisiún gealltanais dhlíthiúla dar luach EUR 36.9 milliún in 2023.

4.3.2.Íocaíochtaí

Ba é EUR 37.3 milliún méid iomlán na n‑íocaíochtaí in 2023 (EUR 40.6 milliún in 2022).

4.4.Faireachán

Tá an Coimisiún freagrach go díreach as formhór na dtionscadal (bainistíocht dhíreach) a chur chun feidhme. Tá leibhéal an‑ard faireacháin á dhéanamh ag foireann an Choimisiúin, agus teagmhálacha leanúnacha aici le conraitheoirí, cuairteanna spotseiceála á ndéanamh aici, cruinnithe láithreáin agus cruinnithe coistí stiúrtha á reáchtáil aici. An cúnamh teicniúil arna chur ar fáil ag an bhFoireann Tacaíochta Deontais, lean sé de bheith ag tacú leis an gCoimisiún chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme conarthaí deontais, agus ag an am céanna ag cabhrú le tairbhithe deontais rialacha an Aontais a chur i bhfeidhm maidir le conarthaí deontais a chur chun feidhme, lena n‑áirítear rialacha soláthair thánaistigh.

Cuireann an Coimisiún roinnt conarthaí chun feidhme freisin trí bhainistíocht indíreach. Na comhlachtaí cur chun feidhme, amhail UNDP, an Banc Domhanda, Goethe-Institut agus NI-CO, tuairiscíonn siad don Choimisiún i gcomhréir leis na creat‑chomhaontuithe réime lena mbaineann, faoi seach. Tá dlúthbhaint ag an gCoimisiún leis an bhfaireachán laethúil a dhéantar ar na gníomhaíochtaí sin.

4.5.Iniúchtaí agus rialuithe

Cuireadh chun feidhme go hiomlán na moltaí ón iniúchadh deireanach a rinne an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach in 2017, ar moltaí iad a bhain le socruithe rialaithe inmheánaigh i réimse an tsoláthair phoiblí.

4.1.Meastóireacht

Foilsíodh meastóireacht neamhspleách ar an gClár Cabhrach lenar cumhdaíodh an tréimhse idir 2013-2018 in 2022. Bhí torthaí na meastóireachta sin sásúil. Thángthas ar an gconclúid sa mheastóireacht go bhfuil an clár ábhartha go fóill agus gur dearfach an tionchar a bhíonn aige go ginearálta. Dearbhaíodh léi gur chuir an tAontas Eorpach lena luach agus gur éirigh leis an gclár peirspictíocht an athaontaithe a choinneáil beo. Chuir sí chun suntais freisin comhleanúnachas ginearálta agus éifeachtúlacht an chláir. Ag an am céanna, cuireadh in iúl leis an meastóireacht nach féidir leis an gClár Cabhrach amháin athaontú na Cipire a bhaint amach, rud as a bhfuil an dá phobal Chipireacha freagrach fós.

4.2.Faisnéis, poiblíocht agus infheictheacht

Ar an iomlán, eagraíodh 505 ghníomhaíocht infheictheachta agus chumarsáide in 2023 chun obair an Aontais a léiriú. D’fhoilsigh an Coimisiún leabhrán maidir le forbairt na hearnála príobháidí freisin.

4.3.Comhairliúcháin le Rialtas Phoblacht na Cipire

Tionóladh cruinnithe tráthrialta le hionadaithe Rialtas Phoblacht na Cipire. Tá an Coimisiún ag brath i gcónaí ar chomhar an Rialtais maidir le cearta maoine a fhíorú agus obair na gCoistí Teicniúla déchriosach a éascú. Buaileann an Coimisiún go tráthrialta leis an Aireacht Gnóthaí Eachtracha agus le Buanionadaíocht Phoblacht na Cipire chuig an Aontas Eorpach.

5.Conclúidí

Trí bhíthin na hoibre a dhéanann an Coimisiún i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin um Chabhair, tá sé fós ag cur cúnamh ar fáil faoin Rialachán um Chabhair chun athaontú na Cipire a éascú trí fhorbairt eacnamaíoch phobal Turcach na Cipire a spreagadh.

Le linn na bliana 2023, leanadh le cúnamh a dhírigh ar réimsí fadhbanna ar leith maidir le comhlíonadh an acquis sa todhchaí, agus é á chinntiú go rachfar i ngleic leis na riachtanais atá ag teacht chun cinn ar bhealach éifeachtúil.

Tá torthaí dearfacha ar an mbéim a leagtar ar ábharthacht, aibíocht, úinéireacht agus inbhuanaitheacht tionscadal agus beidh an bhéim sin mar bhonn ag pléití faoin gclárú sa todhchaí. Leanfar de na hiarrachtaí ar thionchar fadtéarmach níos mó a imirt sna réimsí tosaíochta trí ghníomhaíochtaí straitéiseacha.

Tá an Coimisiún réidh chun acmhainní a úsáid de réir mar is gá, faoin gClár Cabhrach san áireamh, chun tacú leis an gcaibidlíocht réitigh faoi choimirce na Náisiún Aontaithe .

(1)

   Rialachán (CE) Uimh. 389/2006 ón gComhairle an 27 Feabhra 2006 lena mbunaítear ionstraim tacaíochta airgeadais chun forbairt eacnamaíoch phobal Turcach na Cipire a spreagadh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2667/2000 ón gComhairle maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Athchóiriú (IO L 65, 7.3.2006, lch. 5).

(2)

   Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 12.09.2023 maidir le Clár Gníomhaíochta a ghlacadh do phobal Turcach na Cipire don bhliain 2023 (C(2023) 5848).

(3)

   Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11).