An Bhruiséil,12.6.2024

COM(2024) 251 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

An Plean Cur Chun Feidhme Coiteann don Chomhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann

{SWD(2024) 251 final}


Réamhrá

Dul chun cinn stairiúil atá i gceist le hathchóiriú an bheartais imirce agus tearmainn a bheartaítear sa Chomhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann 1 . Cuireann sin creat dlíthiúil agus uirlisí ar fáil don Aontas chun bainistiú éifeachtach a theorainneacha seachtracha a fheabhsú a thuilleadh, chun nósanna imeachta tapa agus éifeachtúla a chur ar bun maidir le tearmann agus filleadh, agus coimircí láidre á náirithiú an tráth céanna. Cuireann sé córas cothrom éifeachtach dlúthpháirtíochta agus freagrachta i bhfeidhm chun an imirce a bhainistiú i dteannta a chéile, córas nach bhfágtar aon Bhallstát faoi bhrú ina aonar.

Le glacadh rathúil an athchóirithe sin léirítear freisin tiomantas comhchoiteann an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát teacht ar réitigh ar dhúshláin choiteanna, lena dtreisítear muinín fhrithpháirteach. Is caibidil nua í i gcur chun feidhme an chur chuige dériain maidir le hathchóiriú struchtúrach inbhuanaithe a shaothrú in éineacht le freagairt oibríochtúil spriocdhírithe lena náirítear trí chomhpháirtíochtaí cuimsitheacha le tíortha comhpháirtíochta. Chuir sin ar a chumas don Aontas bogadh ar aghaidh ó na scoilteanna roimhe seo agus cur chuige coiteann maidir le himirce agus bainistiú teorainneacha a chomhdhlúthú le 4 bliana anuas 2 .

Ní mór dúinn anois an móiminteam dearfach sin a thapú chun an Comhshocrú a aistriú ó ghníomhartha reachtacha go hiarbhír oibríochtúil. 2 bhliain tar éis a dteacht i bhfeidhm an 11 Meitheamh 2024, beidh na huirlisí dlíthiúla lena gcomhdhéantar an Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann infheidhme ó lár 2026 ar aghaidh 3 . Tacóidh an plean cur chun feidhme coiteann sin leis an Aontas agus lena Bhallstáit ullmhú go héifeachtach dá gcur chun feidhme. Áiritheoidh sé go núsáidfear an idirthréimhse 2 bhliain ar bhealach éifeachtach, lena náiritheofar go nglacfaidh na páirtithe leasmhara ábhartha uile na céimeanna riaracháin, oibríochtúla agus dlíthiúla is gá.

Ní mór don Choimisiún, faoin Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce agus faoin Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn, plean cur chun feidhme coiteann 4 a chur i láthair. I bhfianaise a thábhachtaí atá an cur chun feidhme mar aon lena chasta atá sé, chinn an Coimisiún a ghlacadh a chur chun cinn ó mhí Mheán Fómhair go mí an Mheithimh 2024 ionas go mbeidh an tam uasta ag na Ballstáit a bPleananna Náisiúnta Cur Chun Feidhme a ullmhú, pleananna atá le cur isteach faoin 12 Nollaig 2024.

Aidhm agus cuspóir an Phlean Cur Chun Feidhme Choitinn

Glacann an Plean Cur Chun Feidhme Coiteann cur chuige pragmatach agus díríonn sé ar na gnéithe bunúsacha nach mór do na Ballstáit a chur san áireamh agus a bPleananna Náisiúnta Cur Chun Feidhme á bhforbairt acu agus ar gá iad a bheith i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun a áirithiú go mbeidh an Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann i bhfeidhm faoi lár 2026. Soláthraíonn sé an creat ar fáil maidir le clár oibre comhpháirteach le haghaidh an 2 bhliain atá amach romhainn, lena n‑áirítear na spriocanna dlíthiúla agus insoláthartha, na struchtúir le haghaidh plé, agus tacaíocht ábhartha oibríochtúil agus airgeadais.

Is é an réasúnaíocht atá leis an bPlean Cur Chun Feidhme Coiteann go bhfuil sé coiteann: tá sé coiteann do na Ballstáit uile, coiteann d’ionstraimí reachtacha uile an Chomhshocraithe maidir le hImirce agus Tearmann is gá a chur chun feidhme agus féachtar leis an aidhm choiteann córas dea-ullmhaithe a bheith i bhfeidhm a bhaint amach faoi dheireadh na hidirthréimhse.

Ar an gcéad dul síos, tá an Plean Cur Chun Feidhme Coiteann coiteann mar tugann sé na Ballstáit uile le chéile, mar aitheantas gur dúshlán coiteann Eorpach í an imirce in Aontas de 27 mBallstát, dúshlán a bhfuil réiteach coiteann Eorpach ag teastáil ina leith. Beidh rath an chórais ag brath ar ullmhacht na mBallstát uile ar ndóigh – agus beidh impleachtaí ag gníomhaíochtaí an chórais ar chách. Is é is aidhm don Phlean Cur Chun Feidhme Coiteann cur chun feidhme an Chomhshocraithe a bheith soláimhsithe do chách, agus é a bhainistiú le chéile.

Tá an plean ann mar thoradh ar dhlúthchomhar leis na Ballstáit, agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, go háirithe tríd an gComhdháil Aireachta maidir le hOibríochtú an Chomhshocraithe a d’eagraigh Uachtaránacht na Beilge an 29-30 Aibreáin 2024 in Gent mar aon le cruinnithe éagsúla de Choiste Straitéiseach na Comhairle um Inimirce, Teorainneacha agus Tearmann. Reáchtáil an Coimisiún comhairliúcháin leis an tsochaí shibhialta freisin, lena n‑áirítear Grúpa Saineolaithe de chuid an Choimisiúin maidir le tuairimí imirceach i réimse na himirce i réimse na himirce, an tearmainn agus na lánpháirtíochta, mar aon le comhairliúcháin le hOifig Ard‑Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe.

Ar an dara dul síos, tá an Plean Cur Chun Feidhme Coiteann coiteann mar cuimsíonn sé na hionstraimí reachtacha uile atá sa Chomhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann, ar ionstraimí iad atá idirghaolmhar agus nach féidir oibriú go héifeachtach ar leithligh. Le chéile, cruthaíonn ionstraimí an Chomhshocraithe córas comhtháite, lena léirítear an cur chuige cuimsitheach cothrom Eorpach i leith na himirce, lena náirithítear an dlúthpháirtíocht agus an fhreagracht, cosaint ceart agus comhlíonadh na noibleagáidí. Tá an cur chuige cuimsitheach sin leabaithe sa Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce 5 . Mar thoradh air sin, ba cheart don Choimisiún príomhghnéithe an chur chuige chuimsithigh sin a léiriú sa Phlean Cur Chun Feidhme Coiteann.

Ar an tríú dul síos, saothraíonn an Plean Cur Chun Feidhme Coiteann an aidhm choiteann córas dea-ullmhaithe a bheith i bhfeidhm faoi dheireadh na hidirthréimhse, rud atá fíor-riachtanach chun an mhuinín fhrithpháirteach is gá le haghaidh an chur chuige nua cothrom chun oibre a chothú. Is í an dea-ullmhacht an coincheap criticiúil atá mar bhonn taca leis na príomhoibleagáidí faoin gComhshocrú, mar is í an bhunlíne í chun na Ballstáit a mheas faoi bhrú imirce nó chun aghaidh a thabhairt ar staid mhór imirce nó chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim. Is é an coincheap é lena gcuirtear ar a gcumas do na Ballstáit tairbhe a bhaint as dlúthpháirtíocht nó as na hasbhaintí ó oibleagáidí dlúthpháirtíochta. Is é an coincheap é lena n‑áirithítear go n‑oibríonn an Comhshocrú mar chomhshocrú comhleanúnach iomlán.

Ní chiallaíonn coiteann ‘an rud céanna’ do chách. Tugann an Plean Cur Chun Feidhme Coiteann an tsolúbthacht is gá do na Ballstáit chun oibleagáidí a oiriúnú faoin gComhshocrú dá gcórais. Tá dúshláin éagsúla le sárú ag gach Ballstát agus tá gach Ballstát ag céim dhifriúil ullmhachta, ach níl aon Bhallstát ag tosú ón tús. Cuireann go leor de na nuálaíochtaí sa Chomhshocrú le cleachtais atá ann cheana nó cuireann siad leis ceanglais atá ann cheana. Spreagtar na Ballstáit a gcuid eolais agus taithí a threisiú agus dea-chleachtais a roinnt.

Ina theannta sin, ní mór trí ghné a mheas chun an leibhéal ceart uaillmhéine a shocrú le linn na hidirthréimhse.

Ar an gcéad dul síos, cé go bhfuil 2 bhliain againn i bprionsabal chun ullmhú do theacht i bhfeidhm an chreata dhlíthiúil nua, tá sé tábhachtach a chur i bhfios go láidir nach mór roinnt gnéithe a bheith i bhfeidhm cheana féin roimh lár 2026. Mar shampla, tosóidh an chéad timthriall bliantúil bainistithe imirce i mí an Mheithimh 2025 agus maidir leis na chéad Cinntí ón gCoimisiún lena gcinnfear na Ballstáit atá faoi bhrú imirce, i mbaol ina leith, na Ballstáit sin atá ag tabhairt aghaidh ar staid mhór imirce, beidh ar an gCoimisiún iad a mholadh i mí Dheireadh Fómhair 2025.

Ar an dara dul síos, is é an chéad chúram láithreach é bearta a dhéanamh ionas go mbeidh gnéithe riachtanacha uile an chórais nua i bhfeidhm faoi dheireadh na hidirthréimhse, ach is obair mheántéarmach go fadtéarmach atá i gceist leis na deiseanna ar fad a chuirtear ar fáil leis an gComhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann a chur chun feidhme ina n‑iomláine. Ní próiseas aonuaire é cur chun feidhme an Chomhshocraithe ach is próiseas dinimiciúil é. Beidh gá le tuilleadh gníomhaíochtaí meántéarmacha agus fadtéarmacha chun éifeachtúlacht na gcóras náisiúnta imirce agus tearmainn a fheabhsú agus chun iad a chomhtháthú a thuilleadh mar chuid de bheartas Eorpach imirce agus tearmainn.

Léireofar fís straitéiseach réamhbhreathnaitheach sa chéad Straitéis Eorpach 5 bliana maidir le hImirce agus Tearmann atá le heisiúint faoi dheireadh 2025, rud a chuireann le straitéisí cuimsitheacha náisiúnta imirce agus tearmainn a fhorbairt a bheidh le tarchur ag na Ballstáit chuig an gCoimisiún faoi mhí an Mheithimh 2025.

Ar an tríú dul síos, tá an obair leanúnach ar an ngné sheachtrach den imirce fós ríthábhachtach. Cé nach bhfuil gníomhaíochtaí sa réimse seo ceangailte le hoibleagáidí dlíthiúla, beidh sé riachtanach go leanfaidh an tAontas den obair le tíortha comhpháirtíochta chun go gcuirfidh sé tuilleadh leis an obair sin, go háirithe sna trí phríomhréimse seo: an comhrac i gcoinne smuigleáil imirceach, filleadh/athligean isteach/ath‑imeascadh éifeachtach, agus bealaí dlíthiúla.

Fíor 1: Amlíne na bpríomh‑gharspriocanna le linn na tréimhse cur chun feidhme 2 bhliain



1An Plean Cur Chun Feidhme Coiteann agus na pleananna náisiúnta cur chun feidhme

An Plean Cur Chun Feidhme Coiteann

Áirítear sa Chomhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann tacar de dheich ngníomh reachtacha chuimsitheacha. Chun tuiscint agus cur chun feidhme na dtéacsanna coimpléascacha sin a éascú, déanann an Plean Cur Chun Feidhme Coiteann na hoibleagáidí éagsúla a ghrúpáil, oibleagáidí a eascraíonn as na gníomhartha dlíthiúla éagsúla agus na gníomhaíochtaí is gá chun iad a oibríochtú ina ndeich mbloc tógála. Leis an gcur chuige pragmatach sin, táthar in ann acmhainní a dhíriú ar na bunphrionsabail is gá chun go n‑oibreoidh an córas nua.

Ní bheidh rogha ann. Ní mór gach bloic tógála a chur chun feidhme agus tá siad idirspeách. Mar shampla, beidh ró‑ualach ar chóras glactha maith (bloc tógála 3) mura ndéantar nósanna imeachta go pras (bloc tógála 4); nó má fhanann tairbhithe cosanta idirnáisiúnta sa chóiríocht atá beartaithe d’iarratasóirí ar feadh tréimhse rófhada (bloc tógála 10). Dlúthpháirtíocht (bloc tógála 7) agus freagracht (bloc tógála 6) nó an córas nua chun sreabha imirce a bhainistiú ag teorainn seachtrach an Aontais (bloc tógála 2), ní bheidh siad oibríochtúil ach amháin má tá Eurodac (bloc tógála 1) ag feidhmiú in am. Gné thrasearnálach de gach gníomh reachtach agus gné is gá a oibríochtú i ngach ceann de na bloic is ea meas ar choimircí agus ar chearta (bloc tógála 9). Cé go bhféadfaí tosaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí laistigh de na bloic thógála, ní mór cur chun feidhme gach bloic tógála a dhéanamh i gcomhthreo leo.

Fíor 2: Deich mBloc tógála chun príomhoibleagáidí an Chomhshocraithe maidir le hImirce agus Tearmann a chur chun feidhme.

Cumhdaíonn gach bloc tógála na hoibleagáidí dlíthiúla agus a n‑iarmhairtí ar chur i gcrích an chreata rialála, ar na próiseas riaracháin, ar an eagrúcháin, agus ar acmhainneachtaí daonna agus bonneagair nach mór do na Ballstáit, an Coimisiún agus Gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a chur chun feidhme.

Sa Phlean Cur Chun Feidhme Coiteann sainítear freisin an chaoi a dtacóidh an obair ar leibhéal an Aontais leis an gcur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta, trí mhalartú faisnéise i measc na mBallstát agus ‘nascadh’ a chothú (lena n‑áirítear trí dhea-chleachtais agus réimsí a shainaithint inar féidir leis na Ballstáit tacú lena chéile) agus trí shamhail phraiticiúla, doiciméid treorach agus seicliostaí coiteanna a fhorbairt chun cur chun feidhme coiteann agus comhchuibhithe a áirithiú. Cuirtear na gnéithe mionsonraithe de gach bloc i láthair i seicliosta sa doiciméad inmheánach oibre.

Pleananna Náisiúnta Cur Chun Feidhme

Mar a fhoráiltear dó sa Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce agus sa Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn, bunóidh gach Ballstát, le tacaíocht ón gCoimisiún agus ó chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, Plean Náisiúnta Cur Chun Feidhme lena leagtar amach na gníomhaíochtaí agus an amlíne le haghaidh a gcur chun feidhme faoin 12 Nollaig 2024 ar bhonn an Phlean Cur Chun Feidhme Choitinn atá ann faoi láthair.

Tá dúshláin éagsúla le sárú ag gach Ballstát agus tá gach Ballstát ag céim dhifriúil tosaigh. Dá bhrí sin, i bPlean Náisiúnta Cur Chun Feidhme gach Ballstáit, ba cheart an staid reatha a mhapáil ar dtús, lena n‑áirítear an comhthéacs náisiúnta, an creat reachtach agus na cleachtais riaracháin atá ann faoi láthair, an leagan amach eagraíochtúil agus na struchtúir atá i bhfeidhm, na hacmhainneachtaí atá ann cheana mar aon leis na dúshláin a bhaineann le himthosca geografacha.

Chun a áirithiú go gcuirfidh na Ballstáit na gnéithe bunúsacha a leagtar amach le haghaidh gach bloic tógála i bhfeidhm, gnéithe atá riachtanach le haghaidh cur chuige coiteann agus inchomparáide ar fud na mBallstát uile, d’fhorbair an Coimisiún teimpléad le haghaidh na bPleananna Náisiúnta Cur Chun Feidhme lena léirítear struchtúr an bhloic tógála atá i gceangal leis an Teachtaireacht seo.

Molann an Coimisiún do na Ballstáit a bheith ag obair ar bhonn tascfhórsa idir-aireachta agus trasearnálach ar an leibhéal náisiúnta chun a bPlean Náisiúnta Cur Chun Feidhme a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Beidh comhordú éifeachtúil ina réamhriachtanas tábhachtach chun gach gné den Chomhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann a chur chun feidhme faoi lár 2026.

Chun Plean Náisiúnta Cur Chun Feidhme láidir a fhorbairt, iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit na céimeanna seo a leanas a ghlacadh le haghaidh gach bloic tógála:

·Athbhreithniú a dhéanamh ar a gcreataí dlíthiúla agus leanúint leis na coigeartuithe is gá ar rialacha rialála agus riaracháin. Ba cheart amlíne chun bearta den sórt sin a chur síos agus a ghlacadh ar an leibhéal náisiúnta.

·Athbhreithniú a dhéanamh ar an leagan amach eagraíochtúil atá ann faoi láthair agus é a choigeartú, de réir mar is gá, lena náirítear struchtúir chomhordúcháin laistigh de sheirbhísí, ar fud seirbhísí agus ranna aireachta agus ar an leibhéal idir-aireachta chun a áirithiú go bhfuil siad oiriúnacht don fheidhm. Más gá, beidh ar na Ballstáit bunú struchtúr nua nó atheagrú seirbhísí nua nó atheagrú seirbhísí a shainaithint agus a phleanáil nó córais chomhtháite bainistithe cásanna. Ba cheart a áireamh sa Phlean Náisiúnta Cur Chun Feidhme tuairisc ar na struchtúir agus ar an eagrúchán atá ann faoi láthair (ar an leibhéal náisiúnta agus na tascanna a tharmligtear chuig údaráis réigiúnacha nó áitiúla), na hathruithe is gá chomh maith leis an amlíne le haghaidh a gcur chun feidhme.

·Athbhreithniú a dhéanamh ar sreafaí oibre riaracháin, nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha, agus prótacail agus iad a choigeartú de réir mar is gá. Ba cheart an próiseas sin a úsáid chun na huirlisí faisnéise atá ar fáil faoi láthair a shainaithint mar aon leis an ngá cinn nua a fhorbairt. Ba cheart a áireamh sa Phlean Náisiúnta Cur Chun Feidhme na príomhspriocanna insoláthartha a mbeidh gá leo sa réimse sin agus an amlíne le haghaidh a gcur chun feidhme.

·Athbhreithniú a dhéanamh ar an acmhainneacht atá ann cheana i dtaca le hacmhainní daonna agus na riachtanais a shainaithint, lena náirítear earcaíocht agus oiliúint. Ba cheart a léiriú sa Phlean Náisiúnta Cur Chun Feidhme an líon foirne atá ann faoi láthair agus aon mhéadú is gá le haghaidh próifílí éagsúla ba cheart a fhoráil go bpleanálfaí go soiléir na céimeanna éagsúla chun earcú aon phearsanra nua a thabhairt i gcrích. Ba cheart a áireamh ann freisin na riachtanais oiliúna, lena náirítear an oiliúint sin a phleanáil agus an amlíne atá beartaithe dá cur chun feidhme.

·Na gníomhaíochtaí a dhéanfaidh páirtithe leasmhara nó eagraíochtaí ábhartha a shainaithint (e.g., dlíodóirí, comhpháirtíochtaí, eagraíochtaí neamhrialtasacha, eintitis phríobháideacha) agus na riachtanais acmhainneachta a chumhdófaí leo siúd. Ba cheart foráil a dhéanamh ann freisin maidir leis an seachfhoinsiú sin agus maidir leis na sásraí chun a áirithiú go ndéanfar faireachán agus rialú cáilíochta ar na gníomhaíochtaí a dhéanann na páirtithe leasmhara nó na heagraíochtaí sin.

·Athbhreithniú a dhéanamh ar an acmhainneacht atá ann cheana agus riachtanais a shainaithint i dtaca le ceanglais fhéideartha lóistíochta. Áirítear leis sin acmhainneachtaí i dtaca le bonneagar fisiciúil le haghaidh glactha agus coinneála sa chríoch agus ag na teorainneacha chomh maith le bonneagar TF, nascacht idirlín agus an timpeallacht slándála. Ba cheart a áireamh sa Phlean Náisiúnta Cur Chun Feidhme na leibhéil acmhainneachta atá ann faoi láthair maidir leis na gnéithe sin agus an méadú is gá agus a fhoráil go bpleanálfaí go soiléir na céimeanna éagsúla chun soláthar trealaimh agus tógáil nó athchóiriú a thabhairt i gcrích.

Ar fud na mbloc tógála, beidh ar na Ballstáit meastóireacht a dhéanamh ar na costais chun riachtanais a mheaitseáil le hacmhainní, agus aird iomlán á tabhairt acu ar thimthriallta buiséadacha náisiúnta agus infhaighteacht cistí AE.

Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit dul i dteagmháil leis na comhpháirtithe sóisialta, leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus le páirtithe leasmhara eile agus úsáid a bhaint astu, go háirithe ionadaithe eagraíochtaí na sochaí sibhialta, trí theagmháil agus comhairliúchán rialta. Cabhraíonn an méid sin le dúshláin a shainaithint, réitigh bheartais a fheabhsú agus úinéireacht níos leithne a áirithiú le linn ullmhú na bPleananna Náisiúnta Cur Chun Feidhme agus, ina dhiaidh sin, le linn a gcur chun feidhme ina mbíonn róil chriticiúla ag na gníomhaithe céanna go minic.

Cuireann an Coimisiún fáilte roimh na Ballstáit a ndréachtphleananna a roinnt faoi mhí Dheireadh Fómhair 2024 chun idirphlé maidir leis na riachtanais agus na hacmhainní atá ar fáil a áirithiú chun iad a thabhairt i gcrích go tráthúil faoin 12 Nollaig 2024.

Príomh‑gharspriocanna táscacha le cur san áireamh ag na Ballstáit ina gcuid pleanála:

Faoin 1 Iúil 2024 ba cheart do na Ballstáit struchtúir náisiúnta chomhordúcháin a chur ar bun agus an comhordaitheoir náisiúnta a cheapadh (mura bhfuil sé sin déanta cheana féin).

Faoi mhí Dheireadh Fómhair 2024 ba cheart do na Ballstáit a ndréachtPhlean Náisiúnta Cur Chun Feidhme a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Faoin 12 Nollaig 2024 cuirfidh na Ballstáit a ndréachtPhlean Náisiúnta Cur Chun Feidhme in iúl don Choimisiún.

Faoin gcéad leath de 2025 glacfaidh an Coimisiún an cinneadh lena leithdháiltear cistí faoi na cláir náisiúnta i gcomhthéacs an athbhreithnithe meántéarma ar an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (CTIL) agus ar an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IBTV), ar bhonn na staitisticí nuashonraithe lena léirítear an eochair leithdháilte in 2021-2023.

Faoin gcéad leath de 2025 leithdháilfidh an Coimisiún cuid den chistiú ó athbhreithniú meántéarma ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) tríd an tSaoráid Théamach ar na Ballstáit.

Faoin gcéad leath de 2025 ba cheart do na Ballstáit soláthar a sheoladh chun trealamh agus gníomhaíochtaí tógála a fháil.

Faoin gcéad leath de 2025 ba cheart do na Ballstáit an próiseas earcaíochta a sheoladh.

Faoi lár 2026 beidh na Ballstáit réidh chun an Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann a chur i bhfeidhm.

2Deich mBloc Tógála chun an Chomhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann a chur chun feidhme

BLOC TÓGÁLA 1

Comhchóras faisnéise maidir le himirce agus tearmainn: Eurodac

Is é Eurodac an córas mórscála TF a thacóidh le feidhmiú an Chomhshocraithe sa chleachtas, i measc nithe eile, go háirithe maidir le freagracht a chinneadh agus faireachán a dhéanamh ar ghluaiseachtaí tánaisteacha.

Stórálfaidh agus próiseálfaidh Eurodac na sonraí bithmhéadracha, na sonraí céannachta agus faisnéis eile iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta, daoine a dhéantar a dhíbhordáil tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála mar aon le daoine a gabhadh maidir le teorainneacha seachtracha den Aontas a thrasnú go neamhrialta nó daoine a aimsítear i láthair go neamhdhleathach ar chríoch Ballstáit. Ar an gcaoi sin, cuidíonn an córas le hiarratais nua ar chosaint idirnáisiúnta a chur i gcomparáid leis na hiarratais sin atá cláraithe cheana sa bhunachar chun na rialacha maidir le freagracht a chur i bhfeidhm faoin Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce mar aon le gluaiseachtaí tánaisteacha agus daoine a d’fhéadfadh a bheith ina mbagairt ar an tslándáil inmheánach a lua.

Tá an Eurodac nua ar cheann de na cnámha droma oibríochtúla lena dtacaítear leis an gcreat dlíthiúil nua. Is réamhchoinníoll ríthábhachtach é forbairt agus teacht i bhfeidhm tráthúil chóras athchóirithe Eurodac chun gach gné eile den Chomhshocrú a chur chun feidhme. Cuirfidh sé ar a gcumas do na Ballstáit na rialacha nua dlúthpháirtíochta a oibríochtú, bíodh sin na fritháirimh athshocraithe nó dlúthpháirtíochta. Beidh sé ríthábhachtach freisin chun na rialacha nua maidir le freagracht a chur i bhfeidhm, go háirithe na hamlínte nua maidir le haistriú agus scor freagrachta nó an foras scoir nua le haghaidh cinntí tearmainn a glacadh sa nós imeachta teorann.

Leis an gComhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann, beidh Eurodac mar chuid de chóras idir-inoibritheach comhtháite um bainistiú imirce agus teorainneacha. Is mó go mór a bhfuil i gceist le ceanglais an chórais nua ná díreach athrú ó bhonn Eurodac atá ann faoi láthair. I bhfianaise raon feidhme an bhunachair sonraí atá i bhfad níos leithne agus na bhfeidhmiúlachtaí atá méadaithe go mór, is gá an córas nua a thógáil go hiomlán ón tús. Tá an méid sin fíor i gcás an bhunachair sonraí féin a thógfaidh eu-LISA agus i gcás gach ceann de na comhpháirteanna náisiúnta nach mór do na Ballstáit a thógáil agus nach mór a nascadh leis an mbunachar sonraí sin. I dtéarmaí an bhealaigh a gcuireann na húdaráis inniúla Rialachán Eurodac i bhfeidhm, ní mór sonraí bithmhéadracha a ghlacadh agus lánurraim á tabhairt do dhínit agus sláine fhisiciúil an duine. Ba cheart do na Ballstáit a chur san áireamh ina n‑athbhreithniú agus ina bpleanáil an tionchar féideartha ar ualach oibre na nÚdarás Cosanta Sonraí.

Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na gníomhaithe uile na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh ionas go mbeidh príomhfheidhmiúlachtaí Eurodac ar fáil agus go mbeidh córais na mBallstát réidh lena n‑úsáid faoi dheireadh na hidirthréimhse:

An Ballstát

Reachtaíocht

üBeidh ar na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a gcreataí rialála náisiúnta agus iad a choigeartú de réir mar is gá chun rochtain dhlíthiúil agus oibríochtúil ar an gcóras a áirithiú do na húdaráis inniúla uile, mar shampla údaráis tearmainn nó gardaí teorann, i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí.

Próisis eagrúcháin agus riaracháin

üBeidh ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis na húdaráis ainmnithe agus fíoraithe le haghaidh Eurodac laistigh de 3 mhí ó theacht i bhfeidhm an rialacháin.

üTá go leor feidhmiúlachtaí nua ag gabháil leis an Eurodac nua, ach ní féidir iad uile a mheas mar réamhchoinníoll ríthábhachtach le haghaidh gnéithe eile den Chomhshocrú atá le cur chun feidhme faoi lár 2026 (e.g., an chatagóir nua maidir le tairbhithe cosanta sealadaí). Dá bhrí sin, i bhfianaise an spriocdháta dhúshlánaigh, ba cheart teacht ar chomhthuiscint idir na Ballstáit, eu-LISA agus an Coimisiún maidir leis na feidhmiúlachtaí Eurodac ar cheart tosaíocht a thabhairt dóibh maidir le cur chun feidhme an Chomhshocraithe. Ar an gcuma chéanna, ba cheart teacht ar chomhthuiscint maidir le hualú coibhneasta na réiteach teicniúil éagsúil atá le cur chun feidhme (réitigh láraithe agus córais náisiúnta, féach thíos).

üBa cheart do na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a sreafaí oibre inmheánacha agus nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha chun malartú rianúil faisnéise idir na húdaráis a áirithiú chomh maith le clárú cuí na faisnéise in Eurodac a áirithiú, agus aird ar leith á tabhairt ar cheanglais an Aontais maidir le cosaint sonraí.

Acmhainneachtaí (acmhainní daonna, bonneagar, agus trealamh)

üBeidh ar na Ballstáit ullmhacht phríomhfheidhmiúlachtaí Eurodac a chur chun feidhme agus a thástáil ar an leibhéal náisiúnta chun bailiú agus scaipeadh cuí na faisnéise trí Phointí Rochtana Náisiúnta a áirithiú. I bhfianaise na sprioc-amanna dúshlánacha, ba cheart do na Ballstáit na roghanna ar fad mheas, roghanna a d’fhéadfadh a bhforbairt agus a gcur chun feidhme náisiúnta a laghdú agus a shimpliú, mar shampla úsáid táirgí atá le ceannach sa siopa. An rogha maidir le forbairt córais níos lárnaí ag eu-LISA a roghnú nó forbairt córais níos náisiúnta a roghnú, ba cheart í a mheas go luath freisin. Cé is moite d’fhorbairt a shimpliú go mór, d’fhéadfadh sé dlús a chur le seachadadh Eurodac agus solúbthacht a áirithiú nuair a bhíonn gá le coigeartuithe ag an nóiméad deiridh.

üBa cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil líon pearsanra leordhóthanach atá oilte go hiomchuí chun na seiceálacha Eurodac a dhéanamh, agus earcaíocht agus oiliúint a chur san áireamh ina namlínte pleanála.

üBa cheart do na Ballstáit an oiliúint leormhaith a chur ar na Ballstáit freisin an fhaisnéis is gá a bhailiú agus a uaslódáil in Eurodac go tráthúil (e.g., meaisíní Eurodac, trealamh lenar féidir íomhánna den aghaidh a ghabháil, etc.). D’fhéadfadh sé gurbh é a bheadh i gceist leis sin soláthar a sheoladh chun na crua-earraí is gá a cheannach chun sonraí Eurodac a bhailiú agus chun na ceanglais nascachta a chomhlíonadh. Ba cheart amlínte soláthair a thuar agus a chur san áireamh.

an Coimisiún

Oibleagáid dhlíthiúil

üTionólfaidh an Coimisiún Coiste Rialála Eurodac 6 faoi mhí Mheán Fómhair 2024 chun a bheith in ann an gníomh cur chun feidhme dá bhforáiltear i Rialachán Eurodac a ghlacadh.

üTabharfaidh an Coimisiún naoi ngníomh tarmligthe agus cur chun feidhme cothrom le dáta faoi na Rialacháin Idir-inoibritheachta agus faoin gCóras Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil agus faoin Rialacháin maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí 7 chun gur féidir leo sonraí Eurodac a úsáid. Glacfaidh sé an gníomh cur chun feidhme maidir le staitisticí traschórais.

Tacaíocht Phraiticiúil

üOibreoidh an Coimisiún i ndlúthchomhar le eu-LISA chun na príomhchinntí is gá do na Ballstáit a dhéanamh a éascú.

üComhlánóidh an Coimisiún an obair theicniúil faoi cheannas eu-LISA leis an tacaíocht is gá trí ghrúpa saineolaithe Eurodac atá ann cheana (‘Coiste Teagmhála Eurodac’) 8 chun cur i bhfeidhm ceart an Rialacháin a éascú (lena náirítear trí bhrí roinnt forálacha a shoiléiriú) agus chun na réimsí ar ghá aird bhreise a thabhairt orthu san idirthréimhse a shainaithint.

eu-LISA

Oibleagáid dhlíthiúil

üFaoi dheireadh 2024, beidh ar eu-LISA Doiciméad Rialaithe Comhéadain Eurodac athbhreithnithe a ghlacadh ar an leibhéal lárnach, lena léireofar na feidhmiúlachtaí nua. Chuige sin, ba cheart teacht ar chomhthuiscint luath idir na Ballstáit uile, an Coimisiún agus eu-LISA maidir leis an réiteach theicniúil chun Doiciméad Rialaithe Comhéadain Eurodac agus a fheidhmiúlachtaí a chur chun feidhme, rud a leagfaidh paraiméadair thábhachtacha le haghaidh an chur chun feidhme náisiúnta. Sa chomhthéacs sin, ullmhóidh an Coimisiún, in éineacht le eu-LISA, nóta coincheapa a bheidh le plé leis na Ballstáit maidir leis na réitigh theicniúla don bhunachar mar aon leis na príomhfheidhmiúlachtaí ba cheart a bheith i bhfeidhm faoin 12 Meitheamh 2026.

Tacaíocht Phraiticiúil

üTabharfaidh eu-LISA an Lámhleabhar Oibreora cothrom le dáta agus cuirfidh sé oiliúint ar úsáideoirí Eurodac maidir le húsáid theicniúil Eurodac.

üSainaithneoidh eu-LISA ceanglais idir-inoibritheachta agus tabharfaidh sé aghaidh orthu, ceanglais lena bhféadfaí Eurodac a chomhtháthú leis an gcreat idir-inoibritheachta.

üTacóidh eu-LISA le réitigh theicneolaíocha a fhorbairt chun gur féidir le Foirne Frontex agus Foirne Tacaíochta do chúrsaí Tearmainn de chuid Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann tacaíocht ábhartha a thabhairt, tacaíocht a d’fhéadfadh na Ballstáit a iarraidh.

Príomh‑gharspriocanna le cur san áireamh:

Faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2024 ba cheart do na Ballstáit, an Coimisiún agus eu‑LISA teacht ar chomhthuiscint maidir le príomhfheidhmiúlachtaí Eurodac chun a áirithiú go mbeidh na feidhmiúlachtaí sin i bhfeidhm faoin 12 Meitheamh 2026.

Faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2024 ba cheart do na Ballstáit, an Coimisiún agus eu‑LISA teacht ar chomhthuiscint maidir leis an gcineál réitigh theicniúil a chuirfear chun feidhme (bíodh sé láraithe nó ná bíodh).

Faoi mhí Mheán Fómhair 2024 ba cheart don Choimisiún Coiste Rialála Eurodac a thionól.

Faoin 12 Nollaig 2024 ba cheart do na Ballstáit teacht ar chomhaontú maidir le Doiciméad um Rialú Comhéadain Eurodac.

Faoin 12 Nollaig 2024 ba cheart don Choimisiún a áirithiú go mbeidh comhaontú ann maidir le téacsanna cobhsaí na ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme is gá le haghaidh príomhfheidhmiúlachtaí Eurodac.

Faoin 12 Meitheamh 2026 beidh Eurodac uasghrádaithe beo.



BLOC TÓGÁLA 2

Córas nua chun na sreafaí imirce a bhainistiú ag teorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh

Le cur chun feidhme an Chomhshocraithe cruthófar cur chuige gan uaim chun bainistiú éifeachtach theorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh a fheabhsú a thuilleadh. Cuirtear na huirlisí is gá ar fáil leis chun bainistiú a dhéanamh ar theacht isteach náisiúnach tríú tír agus chun nósanna imeachta tapa agus éifeachtúla a chur ar bun maidir le tearmann agus filleadh agus coimircí aonair níos láidre ann. Leis an Rialachán maidir le Scagadh, an Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn, agus an Rialachán maidir le Nós Imeachta Teorann um Fhilleadh le chéile, déantar foráil maidir le cur chuige comhchuibhithe.

Déanfar gach imirceach neamhrialta a chlárú agus beidh siad faoi réir scagadh céannachta, riosca slándála, leochaileachta agus sláinte. Áirítear leis sin daoine a ghabhtar laistigh den chríoch nach ndearnadh scagadh ná seiceáil teorann orthu go fóill. Is amhlaidh atá i gcás gach duine a dhéanann iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ag pointe trasnaithe teorann. Ag an dara céim, beidh nós imeachta éigeantach teorann i bhfeidhm dóibh siúd ar dócha nach mbeidh cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, ar riosca slándála iad nó a chuireann na húdaráis ar mhíthreoir. Tá forálacha nua sa Rialachán maidir le scagadh agus sa Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn chun feabhas a chur ar dhaoine gan stát a shainaithint.

Chun na hoibleagáidí nua a chur chun feidhme go rathúil, is gá go n‑oibreoidh na nósanna imeachta teorann um thearmann agus (i gcás inarb ábhartha) um fhilleadh le chéile i bpróiseas gan uaim, lena n‑áiritheofar dianchinnteoireacht, agus lánurraim á tabhairt do na ráthaíochtaí uile agus do chearta an duine.

Ní mór do gach Ballstát an acmhainneacht a bheith aige scagadh a dhéanamh ar gach duine a thagann isteach ar bhealach neamhrialta agus chun líon áirithe iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta (agus fillithe) a óstáil le linn an nós imeachta teorann i ndálaí leormhaithe. Tá an ‘acmhainneacht leordhóthanach’ 9 chun iarratais ar thearmann agus filleadh a phróiseáil ag an teorainn socraithe ag 30 000 ar leibhéal an Aontais, agus ríomhann an Coimisiún sciar aonair na mBallstát den acmhainneacht leordhóthanach sin gach 3 bliana, i gcomhréir leis an bhfoirmle a leagtar síos sa Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn.

Is féidir nós imeachta tapa a chur i bhfeidhm gan dochar a dhéanamh do cháilíocht na cinnteoireachta ná do chearta na niarratasóirí. Cé nach núdaraítear do dhaoine teacht isteach i gcríoch an Aontais le linn an scagtha agus an nós imeachta teorann, tá an ceart acu fanacht inti. Ní mór do na Ballstáit na nósanna imeachta sin a dhéanamh i gcomhréir leis na coimircí agus na ráthaíochtaí dá bhforáiltear faoi ionstraimí reachtacha an Chomhshocraithe agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha mar a leagtar amach i gCairt an Aontais, lena náirítear prionsabal an nonrefoulement agus an ceart chun leigheas éifeachtach i ndáil le cinntí a dhéantar sa nós imeachta teorann 10 .

Cuireann an córas nua maidir leis an teorainn leis na struchtúir agus leis an eolas atá ann cheana. Tá prótacail scagtha á gcur chun feidhme cheana féin ag go leor Ballstát, rud a spreag na hoibleagáidí dlíthiúla nua den chuid is mó. Thairis sin, tá an nós imeachta teorann um thearmann curtha i bhfeidhm cheana féin ag ar a laghad 14 Bhallstát nó tá roinnt dea-chleachtas curtha i bhfeidhm ag an teorainn acu.

Sa chomhthéacs sin, ba cheart na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirtear an bloc tógála seo i bhfeidhm i gceart:

An Ballstát

Reachtaíocht

üBa cheart do na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a gcreataí rialála náisiúnta agus iad a oiriúnú do na forálacha nua agus a áirithiú go neagrófar rialuithe teorann, scagadh agus na nósanna imeachta teorann um thearmann agus um fhilleadh gan uaim chun na teorainneacha ama nua diana a chomhlíonadh (7 lá le haghaidh an scagtha, 12 seachtaine le haghaidh an nós imeachta teorann um thearmann agus 12 seachtaine le haghaidh an nós imeachta teorann um fhilleadh).

Próisis eagrúcháin agus riaracháin

üBa cheart do na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a bpróisis riaracháin, ag tosú lena sreafaí oibre agus lena nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha, mar aon lena nuirlisí chun sreabhadh leordhóthanach na faisnéise a áirithiú i ngach céim agus i measc na núdarás lena mbaineann agus na teorainneacha ama nua diana agus na hoibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit smaoineamh ar chórais chomhtháite bainistithe cásanna a bhunú ionas go mbaileofar faisnéis ábhartha agus go roinnfear í leis na seirbhísí éagsúla, de réir mar is ábhartha.

üBeidh ar na Ballstáit na bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh imircigh fós ar fáil do na húdaráis le linn an scagtha agus na nósanna imeachta teorann (agus go gcuirfear cosc orthu teacht isteach ar bhealach neamhúdaraithe agus go mbeidh siad teoranta ó bhogadh ar bhealach neamhúdaraithe 11 ). Áirítear ar na gníomhaíochtaí sin prótacail lena gcumhdaítear measúnú ar na bearta chun teorainn a chur leis an riosca éalaithe, lena náirítear roghanna malartacha ar choinneáil (roghanna ba cheart a shainiú leis an dlí), go háirithe i gcás teaghlaigh a bhfuil leanaí acu, agus úsáid fhéideartha na coinneála.

üBa cheart do na Ballstáit scagadh a léiriú ina gcuid straitéisí náisiúnta um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha.

üBeidh ar na Ballstáit na seiceálacha céannachta, slándála, leochaileachta agus sláinte is gá le haghaidh scagadh sa chríoch a chomhtháthú sa chleachtas atá ann cheana um ghabháil náisiúnta/filleadh.

Acmhainneachtaí (acmhainní daonna, bonneagar, agus trealamh)

üBeidh ar na Ballstáit na suíomhanna a shainaithint chun an scagadh agus na nósanna imeachta teorann a dhéanamh. Más gá, beidh orthu an bonneagar is gá a mhéadú nó a thógáil. Ba cheart a áireamh sa bhonneagar saoráidí scagtha le haghaidh imircigh neamhrialta agus iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta is gá caighdeáin na Treorach um Fhilleadh (i gcás imircigh neamhrialta) agus na Treorach athmhúnlaithe maidir le Dálaí Glactha (i gcás iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta). Ba cheart a áireamh sa bhonneagar freisin ionaid ghlactha le haghaidh iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta (lena náirítear acmhainneacht iomchuí coinneála) chun ceanglais an Bhallstáit maidir le ‘hacmhainneacht leordhóthanach’ a chomhlíonadh agus ar ionaid iad nach mór dóibh a bheith i gcomhréir le caighdeáin na Treorach athmhúnlaithe maidir le Dálaí Glactha 12 , agus na ceanglais shonracha maidir le teaghlaigh a bhfuil leanaí acu á gcur san áireamh freisin 13 . Chuige sin is gá measúnú críochnúil a dhéanamh ar an acmhainneacht atá ann cheana agus tógáil nó athchóiriú bonneagair a phleanáil díreach tar éis don Choimisiún an acmhainneacht leordhóthanach is gá do gach Ballstát a chur i bhfeidhm a bhunú.

üBeidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh líon leordhóthanach ball foirne inniúil 14 ann chun an scagadh agus na nósanna imeachta teorann um thearmann/filleadh a dhéanamh laistigh de na sprioc-amanna gearra dá bhforáiltear sa reachtaíocht agus urraim chuí á tabhairt do na coimircí uile maidir le cearta bunúsacha. Ba cheart do na Ballstáit méid leordhóthanach acmhainneacht bhreithiúnach a áirithiú chun a áirithiú go mbeadh aon achomharc ag teacht leis an sprioc-am le haghaidh na nósanna imeachta teorann.

üMás gá, beidh ar na Ballstáit an trealamh is gá a fháil chun na nósanna imeachta scagtha agus teorann a dhéanamh (e.g., meaisíní Eurodac, trealamh chun doiciméid chalaoiseacha a shainaithint) agus nascacht idirlín leordhóthanach a áirithiú chun rochtain a fháil ar na bunachair sonraí éagsúla.

üBeidh ar na Ballstáit a áirithiú freisin go mbeidh rochtain ag baill foirne chuíúdaraithe an scagtha ar bhunachair sonraí an Aontais agus Interpol agus ar shonraí Europol.

üBeidh ar na Ballstáit an acmhainneacht bailithe sonraí is gá a fhorbairt chun na hoibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh i gcás ina mbaintear amach an ‘acmhainn leordhóthanach’ nó an líon uasta bliantúil iarratas.

an Coimisiún

Oibleagáid dhlíthiúil

üFaoi mhí Lúnasa 2024 (2 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn), glacfaidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme lena ríomhfar an acmhainneacht leordhóthanach nach mór do gach Ballstát a chur i bhfeidhm ar feadh 3 bliana.

Tacaíocht Phraiticiúil

üDéanfaidh an Coimisiún, in éineacht le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, samhail le haghaidh an nós imeachta teorann a fhorbairt (lena náirítear coimircí maidir le cearta bunúsacha). Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú freisin, de réir mar is gá, ar an Treoirleabhar Praiticiúil do Ghardaí Teorann. Chun comhthuiscint a áirithiú idir gardaí teorann, oifigigh tearmainn agus oibrithe cásanna fillte, eagróidh an Coimisiún plé tiomnaithe lena dtabharfar na trí ghníomhaí sin le chéile.

üDéanfaidh an Coimisiún gach beart is gá, lena náirítear san obair leantach ar phróiseas Airteagal 25a den Chód Víosaí a chuirtear i láthair i roinn 5 mar aon leis na ‘gníomhaíochtaí spriocdhírithe um fhilleadh’ i gcomhthéacs obair Chomhordaitheoir an Aontais Eorpaigh um Fhilleadh (féach bloc tógála 5) chun a áirithiú gur féidir leis an nós imeachta um fhilleadh feidhmiú go héifeachtach, agus na náisiúntachtaí a thagann faoin nós imeachta éigeantach teorann á gcur san áireamh.

üDéanfaidh an Coimisiún an scagadh a chomhtháthú i dtimthriall beartais an Bhainistithe Chomhtháite Eorpaigh ar theorainneacha seachtracha.

Gníomhaireachtaí de chuid an Aontais

Oibleagáid dhlíthiúil

üForbróidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann treoir maidir le malartuithe éifeachtacha ar choinneáil.

üLe ‘Tuarascálacha rialta maidir le cóineasú’ ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, tuarascálacha atá ag teacht chun cinn go luath, ba cheart tacú leis na Ballstáit sa phróiseas chun na náisiúntachtaí sin a thiocfadh faoin nós imeachta teorann a chinneadh i bprionsabal agus cásanna a shainaithint nach bhfuil an ráta aitheantais 20 % ar an gcéad dul síos ionadaíoch ina leith mar gheall ar dhifríochtaí móra idir an chéad tarlú agus na cinntí críochnaitheacha.

üBeidh ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann aird ar leith a thabhairt ar chur i bhfeidhm an nós imeachta teorann a dhéanfaidh na Ballstáit. I gcás ina léirítear le faireachán Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann nach bhfuil na dálaí ann chun freastal ar leanaí i bhfeidhm, tá oibleagáid ar an gCoimisiún moladh poiblí a eisiúint chun na nósanna imeachta teorann maidir le teaghlaigh a bhfuil leanaí acu a chur ar fionraí.

Tacaíocht Phraiticiúil

üTabharfaidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann modúil agus treoir oiliúna cothrom le dáta. Ar na samplaí de nuashonruithe a bhfuil gá leo tá na sreafaí oibre oibríochtúla le haghaidh scagtha, bosca uirlisí maidir le scagadh/leochaileacht, nó an uirlis phraiticiúil d’oifigigh chéad teagmhála.

üCuirfidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta tacaíocht oibríochtúil ar fáil do na Ballstáit maidir le scagadh, go háirithe oiliúint a chur ar údaráis scagtha.

üBa cheart do Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta scagadh, mar uirlis nua de bhainistiú teorainneacha seachtracha Schengen, a áireamh san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Straitéis Theicniúil agus Oibríochtúil le haghaidh bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip.

Príomh‑gharspriocanna le cur san áireamh:

Faoin 12 Lúnasa 2024 glacfaidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme lena ríomhfar acmhainneacht leordhóthanach do gach Ballstát.

Faoin 12 Nollaig 2024 ba cheart do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann treoirlínte a ghlacadh maidir leis na ceanglais i leith pearsanra sa nós imeachta teorann agus treoirlínte Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann maidir le cleachtais éagsúla a mhéid a bhaineann le roghanna malartacha i gcomhthéacs an nós imeachta teorann.

Faoin 11 Aibreán 2026 (i.e., 2 mhí roimh an dáta a bheidh an Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn infheidhme), tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na suíomhanna le haghaidh na nósanna imeachta teorann.

Faoin 12 Meitheamh 2026 ní mór bunú a n‑acmhainneachta leordhóthanaí a bheith curtha i gcrích ag na Ballstáit.



BLOC TÓGÁLA 3

Athmhachnamh a dhéanamh ar ghlacadh

Is é atá i gceist le hacmhainneacht ghlactha an cumas dálaí ábharacha glactha (tithíocht, bia, táirgí sláinteachais phearsanta agus liúntas speansas laethúil ar cheart méid airgid a bheith san áireamh ann i gcónaí) a sholáthar d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta, agus a ninscne, a naois, agus aon riachtanas glactha speisialta atá acu á gcur san áireamh. Is é atá i gceist leis freisin an acmhainneacht cúram sláinte fisicí agus meabhraí, oideachas do mhionaoisigh, bearta agus faisnéis lánpháirtíochta luatha a sholáthar chomh maith lena gcearta a chosaint 15 .

Tá gá le cóineasú i dtreo caighdeáin ghlactha leordhóthanacha d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta lena gcruthaítear dálaí maireachtála inchomparáide i ngach Ballstát chun gur féidir leis an gcóras Eorpach imirce agus tearmann a fheidhmiú i gceart, lena náirítear i gcás aistrithe faoi na rialacha freagrachta. Is gné thábhachtach dálaí glactha leordhóthanacha a bheith ann agus cinneadh á dhéanamh an bhfuil Ballstát dea-ullmhaithe. Tá fíorthábhacht le glacadh ábharach a sholáthar i gcomhréir leis na caighdeáin sa Treoir athmhúnlaithe maidir le Dálaí Glactha chun cinneadh a dhéanamh an féidir a mheas go bhfuil acmhainneacht teorann ‘leordhóthanach’ 16 .

Is iomaí dúshlán atá roimh fhormhór na mBallstát maidir le glacadh. Leis an Treoir athmhúnlaithe maidir le Dálaí Glactha, ní hamháin go gcuirtear leis an gcóras atá ann faoi láthair, ach tugtar deis freisin athmhachnamh a dhéanamh ar an gcaoi a n‑eagraítear córais ghlactha ar an leibhéal náisiúnta. Tá uirlisí tábhachtacha nua ann i ndáil le glacadh a bhainistiú lena bhforáiltear maidir le solúbthacht bhreise, éifeachtúlacht agus gluaiseachtaí tánaisteacha a chosc. Mar shampla, leis an Treoir maidir le Dálaí Glactha, tá an fhéidearthacht ann cóiríocht agus limistéir gheografacha a leithdháileadh ar iarratasóirí, rud a fhágfaidh go mbeidh soláthar dálaí glactha ábharacha faoi réir cónaí iarbhír sa chóiríocht inar leithdháileadh iarratasóirí nó i limistéar sonrach. Ba cheart do na Ballstáit leas iomlán a bhaint as na deiseanna sin. Thairis sin, ní bheidh ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le bunriachtanais ach amháin i gcás nach bhfuil iarratasóirí sa Bhallstát a bhfuil siad in ainm a bheith ann.

Leis an Treoir athmhúnlaithe maidir le Dálaí Glactha, déantar caighdeáin a chomhchuibhiú a thuilleadh agus neartaítear na coimircí d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta, lena náirítear rochtain níos luaithe ar an margadh saothair (6 mhí in ionad 9 mí), ar chúram sláinte fisicí agus meabhraí agus ar chosaint bhreise do theaghlaigh, do leanaí agus d’iarratasóirí leochaileacha ann 17 .

I bhfianaise na ngníomhaithe iomadúla a bhfuil baint acu le glacadh iarrthóirí tearmainn a bhainistiú, is minic a léiríodh go bhfuil comhpháirtíochtaí ilpháirtithe leasmhara le gníomhaithe ábhartha ríthábhachtach i mbainistiú cuí na gcóras glactha i roinnt Ballstát. Áirítear leis sin rannpháirtíocht údarás áitiúil agus réigiúnach, comhpháirtithe sóisialta agus eacnamaíocha, eagraíochtaí idirnáisiúnta, eagraíochtaí neamhrialtasacha nó eagraíochtaí faoi threoir imirceach.

Sa chomhthéacs sin, ba cheart na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfear an bloc tógála seo i bhfeidhm i gceart:

An Ballstát

Reachtaíocht

üBeidh ar na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a gcreataí rialála náisiúnta agus na bearta reachtacha uile is gá a ghlacadh chun an Treoir athmhúnlaithe maidir le Dálaí Glactha a thrasuí faoin 12 Meitheamh 2026 agus iad a chur in iúl don Choimisiún. Chun go mbeidh na Ballstáit in ann na réitigh sholúbtha dá bhforáiltear sa Treoir athmhúnlaithe a chur i bhfeidhm, mar shampla i ndáil le cónaí agus leithdháileadh na niarratasóirí chuig limistéir shonracha, ní mór na féidearthachtaí sin a thrasuí sa dlí náisiúnta. Ba cheart leis an reachtaíocht foráil a dhéanamh maidir le roghanna malartacha ar choinneáil.

Próisis eagrúcháin agus riaracháin

üBeidh ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na húdaráis atá freagrach as na hoibleagáidí a eascraíonn as an Treoir athmhúnlaithe maidir le Dálaí Glactha a chomhlíonadh.

üBa cheart do na Ballstáit smaoineamh ar athbhreithniú a dhéanamh ar eagrúchán na gcóras náisiúnta glactha chun an chaoi a bhfuil siad eagraithe a bharrfheabhsú. Mar shampla, d’fhéadfadh na Ballstáit ionaid ghlactha a mheascadh le haonaid tithíochta, seirbhísí tacaíochta agus cúnamh airgid, ag brath ar phróifíl an iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta, i.e. inscne, aois, comhdhéanamh an teaghlaigh, leochaileachtaí, agus riachtanais.

üCuireann teicneolaíochtaí nua uirlisí uathoibrithe ar fáil, rud atá in easnamh faoi láthair i roinnt Ballstát, chun acmhainneacht ghlactha a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtúla. Dá bhrí sin moltar do na Ballstáit smaoineamh ar chóras comhtháite bainistithe cásanna chun sonraí ábhartha cainníochtúla agus cáilíochtúla agus faisnéis maidir le leibhéil acmhainneachta glactha a bhailiú agus a roinnt ar bhealach éifeachtach. Ansin d’fhéadfadh an córas comhtháite rochtain ar sheirbhísí ag na gníomhaithe ábhartha uile a éascú agus chuideodh sé le héalú a bhrath freisin.

üBa cheart do na Ballstáit na bearta riaracháin is gá a dhéanamh agus nósanna imeachta a fhorbairt chun na bearta nua sa Treoir athmhúnlaithe a léiriú chun srian a chur le gluaiseachtaí tánaisteacha agus míúsáidí (i ndiaidh iad a thrasuí sa dlí náisiúnta), amhail an oibleagáid riachtanais bhunúsacha amháin a chumhdach nuair nach bhfuil iarratasóirí sa Bhallstát a gceanglaítear orthu a bheith ann, nó an deis iarratasóirí a leithdháileadh ar limistéir chóiríochta agus gheografacha shonracha, rud a fhágfaidh go mbeidh soláthar dálaí glactha ábharacha faoi réir cónaí iarbhír sa chóiríocht nó sna limistéir inar leithdháileadh iarratasóirí 18 .

Acmhainneachtaí (acmhainní daonna, bonneagar, agus trealamh)

üBeidh ar na Ballstáit a áirithiú go bhfuil acmhainneacht ghlactha leordhóthanach ann, maidir le bonneagar, tithíocht, cúnamh airgid, etc., (i ndáil le daoine a bhfuil riachtanais speisialta ghlactha acu freisin 19 ), chun freastal ar riachtanais réamhmheasta agus foráil a dhéanamh maidir le caighdeán maireachtála leormhaith. Ba cheart athshocruithe réamhmheasta a chur san áireamh san acmhainneacht sin (má roghnaíonn an Ballstát an beart dlúthpháirtíochta sin), chomh maith le hacmhainneacht chun críoch ullmhachta 20 agus acmhainneacht chun roghanna malartacha éifeachtacha eile ar choinneáil a chur chun feidhme. Chuige sin tá gá le measúnú críochnúil ar an acmhainneacht atá ann cheana féin agus leis na hathruithe is gá a phleanáil.

üBeidh ar na Ballstáit a áirithiú go bhfuil acmhainneacht ann chun rochtain leordhóthanach agus oiriúnaithe ar chúram sláinte fisiciúla agus cúram meabhairshláinte a sholáthar agus rochtain níos tapa agus níos éifeachtaí ar bhearta lánpháirtithe luatha (e.g., oideachas, oiliúint teanga, rochtain ar an margadh saothair laistigh de 6 mhí ó chláraítear an tiarratasóir, tacaíocht fostaíochta). Beidh ar na Ballstáit a áirithiú go bhfuil foireann atá oilte go leordhóthanach agus go leormhaith ag an bhfáiltiú agus rochtain ar sheirbhísí a áirithiú (amhail ateangairí, aistritheoirí, oibrithe sóisialta, pearsanra leighis lena náirítear pearsanra le haghaidh meabhairshláinte, agus oifigigh cosanta leanaí). Chuige sin tá gá le measúnú críochnúil ar an acmhainneacht atá ann cheana féin agus leis an earcaíocht agus an oiliúint foirne is gá a phleanáil. Ní mór a chur san áireamh san oiliúint a chuirtear ar a bhfoireann na croíchodanna den Churaclam Eorpach Tearmainn a bhaineann le dálaí glactha chomh maith leis an uirlis chun iarratasóirí ag a bhfuil riachtanais ghlactha speisialta a shainaithint a d’fhorbair Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann. I gcás ina nglacann údaráis áitiúla agus réigiúnacha, an tsochaí shibhialta nó eagraíochtaí idirnáisiúnta páirt i gcur chun feidhme na Treorach maidir le Dálaí Glactha, beidh ar na Ballstáit na hacmhainní is gá a leithdháileadh orthu.

An Coimisiún

Tacaíocht Phraiticiúil

üSoláthróidh an Coimisiún an tacaíocht theicniúil is gá tríd an nGrúpa saineolaithe um ghlacadh, (‘an Coiste Teagmhála um Ghlacadh’) 21 chun cur i bhfeidhm ceart na Treorach athmhúnlaithe a éascú, lena náirítear trí shoiléiriú a dhéanamh ar chuir de na forálacha, agus na réimsí ar ghá aird bhreise a thabhairt orthu sa tréimhse aistrithe, lena náirítear i bhfianaise thrasuí na Treorach athmhúnlaithe maidir le Dálaí Glactha.

Gníomhaireachtaí de chuid an Aontais

Oibleagáid dhlíthiúil

üForbróidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann teimpléad faisnéise caighdeánach chomh maith leis an treoraíocht maidir le roghanna malartacha ar choinneáil.

Tacaíocht Phraiticiúil

üSoláthróidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann tacaíocht trína Líonra um Eagraíochtaí Glactha agus déanfaidh sé nuashonrú ar threoirdhoiciméid, uirlisí agus ábhair oiliúna atá ann cheana féin agus déanfaidh sé athbhreithniú ar a chaighdeáin agus táscairí maidir le glacadh agus leochaileacht. Áirítear leis sin go háirithe 2024 Guidance on Reception – Standards and Indicators [Treoraíocht 2024 maidir le Glacadh – Caighdeáin agus Táscairí].

Príomh‑gharspriocanna le cur san áireamh:

Faoi dheireadh 2025, déanfaidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann foráil maidir le teimpléad faisnéise caighdeánach.

Faoin 12 Meitheamh 2026, beidh ceanglais na Treorach athmhúnlaithe maidir le Dálaí Glactha trasuite ag na Ballstáit isteach sa reachtaíocht náisiúnta.

Faoin 12 Meitheamh 2026, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na húdaráis atá freagrach as na hoibleagáidí atá sa Treoir maidir le Dálaí Glactha a chomhlíonadh. Moltar do na Ballstáit fógra a thabhairt níos luaithe ná an spriocdháta dlíthiúil, más féidir é, chun teagmháil leis an gCoimisiún a éascú chun críoch cur chun feidhme.

BLOG TÓGÁLA 4

Nósanna imeachta tearmainn atá cothrom éifeachtúil aontreoch

Tá nósanna imeachta níos tapúla agus níos comhchuibhithe ríthábhachtach chun sláine an chórais tearmainn fhoriomláin a choinneáil ar bhun agus chun gluaiseachtaí tánaisteacha a laghdú agus mí‑úsáidí a chosc. Leis an Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn agus leis an Rialachán Cáilitheachta, cuíchóirítear an próiseas measúnaithe agus cinnteoireachta maidir le hiarratais aonair ar thearmann ar fud na hEorpa, cothaítear cóineasú ann, agus treisítear na coimircí, na cearta agus na ráthaíochtaí d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus do thairbhithe cosanta idirnáisiúnta. Ina theannta sin áirítear leis an Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn forálacha ar cheart dóibh sainaithint daoine gan stát a éascú.

Leis an Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn cuíchóirítear an rochtain ar an nós imeachta tearmainn agus comhchuibhítear na hamlínte rud a dhéanann foráil maidir le nósanna imeachta níos éifeachtúla. Mar shampla, bunaíonn an Rialachán sprioc-amanna soiléire do thrí chéim an nóis imeachta tearmainn, i.e. cuireann an t‑iarratasóir in iúl gur mian leis cosaint idirnáisiúnta a fháil (‘iarratas a dhéanamh’) agus ansin faigheann údaráis an Bhallstáit é agus cláraíonn siad an t‑iarratas (‘iarratas a chlárú’) agus déanann an t‑iarratasóir an t‑iarratas a thaisceadh (‘iarratas a thaisceadh’). Soiléirítear sa Rialachán cad atá i gceist le gach ceann de na trí chéim, cad iad na hoibleagáidí atá ar an iarratasóir agus ar na húdaráis, agus cad iad na spriocdhátaí do gach ceann de na céimeanna (5 lá chun an t‑iarratas a chlárú, 21 lá chun é a thaisceadh). Ina theannta sin bunaíonn an Rialachán sprioc-amanna chun an t‑iarratas a scrúdú (6 mhí maidir le cinneadh sa ghnáthnós imeachta, 3 mhí maidir leis an nós imeachta brostaithe agus idir 10 lá agus 2 mhí maidir le seiceálacha neamh‑inghlacthachta).

Ina theannta sin beidh ar na Ballstáit rialacha nua atá sainordaitheach a ghlacadh, mar shampla na nósanna imeachta brostaithe sainordaitheacha (a bhí roghnach go dtí seo), chomh maith leis an gcóras sainordaitheach níos déine is infheidhme maidir le hiarratais iardain (lena n‑áirítear an oibleagáid maidir le hiarratais a rinneadh tar éis an diúltaithe i mBallstát eile a mheas mar iarratais iardain). Ina theannta sin beidh orthu na coigeartuithe is gá a dhéanamh chun iarratas a mheas mar iarratas atá tarraingthe siar go hintuigthe i gcás nach gcomhlíonann an t‑iarratasóir oibleagáidí áirithe, mar shampla an ceanglas sonraí bithmhéadracha a sholáthar, nó nach gcuireann siad an coincheap nua maidir le ‘cosaint éifeachtach’ i bhfeidhm chun tríú tíortha shábháilte a ainmniú agus nach gcuireann siad an coincheap maidir le tír an chéad tearmainn i bhfeidhm. Thairis sin, i gcás fhormhór na n‑éileamh mí‑úsáideach agus na n‑iarratas a dhéantar ina dhiaidh sin, ní bheidh éifeacht fionraíochta uathoibríoch ag an achomharc, rud a chiallaíonn gurb amhlaidh, más rud é go ndiúltaítear don iarratas agus nach gceadaíonn cúirt don duine fanacht, gur féidir leis na húdaráis cinneadh um fhilleadh a fhorfheidhmiú.

Ina theannta sin beidh ar na Ballstáit na ceanglais nua atá beartaithe sa Rialachán Cáilitheachta amhail an oibleagáid rogha mhalartach ar chosaint inmheánach a mheasúnú agus an oibleagáid stádas cosanta idirnáisiúnta a tharraingt siar i gcás ina ndearnadh gníomhartha coiriúla áirithe nó ina bhfuil bagairt slándála ag baint leis an duine ar shlí eile.

Na hathruithe a tugadh isteach sa Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn agus na gnéithe nós imeachta den Rialachán Cáilitheachta, is deis iad sin do na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá rompu faoi láthair maidir le nósanna imeachta tearmainn fadálacha agus riaráistí atá ann faoi láthair. Urraim do chearta bunúsacha iarratasóirí agus tairbhithe cosanta idirnáisiúnta i gcomhréir leis an gCairt agus na cearta bunúsacha dá ndéantar foráil faoin dá Rialachán, is ní é sin atá fíor-riachtanach chun an bloc tógála seo a chur i bhfeidhm i gceart (féach bloc tógála 9).

Sa chomhthéacs sin, ba cheart na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirtear an bloc tógála seo i bhfeidhm i gceart:

Na Ballstáit

Reachtaíocht

üBa cheart do na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a gcreataí rialaitheacha náisiúnta agus na coigeartuithe is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirtear an dá Rialachán i bhfeidhm go héifeachtach. I ndáil leis sin, seo a leanas cuid de na gnéithe a mbeidh aird ar leith le tabhairt orthu: an chaoi a neagraítear an rochtain ar an nós imeachta (i.e., na céimeanna, na hamlínte, na húdaráis atá bainteach), an éifeacht fionraíochta neamhuathoibríoch le haghaidh cineál áirithe cinntí agus an chaoi a sainmhínítear an cinneadh deiridh. Maidir leis an gcaoi a sainmhínítear an cinneadh deiridh, tá sé ríthábhachtach a áirithiú gur féidir na rialacha maidir le hiarratais iardain a chur i bhfeidhm go rianúil leis an sainmhíniú gan imeachtaí comhthreomhara a chruthú idir an chéad iarratas ag céim an achomhairc agus an dara ceann ag an gcéim riaracháin.

Próisis eagrúcháin agus riaracháin

üBeidh ar na Ballstáit freagrachtaí atá curtha in oiriúint don chreat nua a shannadh chomh maith leis na céimeanna den nós imeachta tearmainn a bhfuil idirdhealú soiléir déanta orthu, i.e. iarratais a dhéanamh/a fháil, iarratais a chlárú agus iarratais a thaisceadh.

üBa cheart do na Ballstáit sreafaí oibre inmheánacha éifeachtúla a fhorbairt chun faisnéis a mhalartú idir seirbhísí éagsúla (e.g. chun an oibleagáidí faisnéise a comhlíonadh nuair nach ionann an túdarás a fhaigheann an tiarratas agus an túdarás a chláraíonn an túdarás) agus le Ballstáit eile (e.g., nuair a diúltaíodh d’iarratas cheana féin i mBallstát eile).

üBa cheart do na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar mhodhanna oibre agus iad a choigeartú de réir mar is gá agus, más gá, nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha a fhorbairt do na céimeanna éagsúla den nós imeachta tearmainn agus lánurraim á tabhairt do na hamlínte (maidir le nósanna imeachta nua agus brostaithe agus maidir le seiceálacha neamhinghlacthachta) agus oibleagáidí nua, lena náirítear maidir le hachomhairc, agus foráil á déanamh maidir leis na coimircí agus ráthaíochta uile is gá 22 .

üBa cheart do na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar eagrú reatha a noifigí tearmainn , agus dúshláin atá ann cheana i ndáil le riaráistí agus meánfhad an nós imeachta tearmainn á gcur san áireamh.

üBeidh ar na Ballstáit a áirithiú go neisítear cinntí tearmainn agus go dtugtar fógra fúthu i gcomhréir leis na ceanglais nua. Ina theannta sin beidh ar na Ballstáit na gnéithe is gá chun na coincheapa maidir leis an tríú tír shábháilte agus an chéad tír thearmainn a chur i bhfeidhm, agus go háirithe an coincheap maidir le ‘cosaint éifeachtach’, a ionchorprú isteach ina nósanna imeachta riaracháin. Ina theannta sin beidh orthu an oibleagáid iarratas a mheas mar iarratas atá tarraingthe siar go hintuigthe a ionchorprú i gcásanna dá bhforáiltear sa Rialachán (bíonn feidhm ag an gcinneadh láithreach, gan tréimhse fionraí, mura bhforálann an Ballstát a mhalairt). Ina theannta sin beidh orthu an oibleagáid rogha mhalartach ar chosaint inmheánach a mheasúnú a ionchorprú ina nósanna imeachta cinnteoireachta chomh maith leis an oibleagáid stádas cosanta idirnáisiúnta a tharraingt siar i gcás ina ndearnadh gníomhartha coiriúla áirithe nó ina bhfuil bagairt slándála ag baint leis an duine ar shlí eile.

üBa cheart do na Ballstáit feasacht a mhúscailt faoi Fhaisnéis Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann faoin Tír Thionscnaimh agus Treoir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann do Thíortha agus beidh orthu a áirithiú go gcuireann cásoibrithe tearmainn na táirgí sin san áireamh chun tacú le measúnú láidir ar an rogha mhalartach shainordaitheach ar chosaint inmheánach. Ina theannta sin ba cheart do na Ballstáit feasacht a mhúscailt faoi Fhaisnéis Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann faoin Tír Thionscnaimh agus Treoir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann do thíortha i measc breithiúna.

Acmhainneachtaí (acmhainní daonna, bonneagar, agus trealamh)

üBeidh ar na Ballstáit a áirithiú go bhfuil foireann inniúil leordhóthanach ann (cásoibrithe tearmainn, ateangairí, etc.), agus na nithe seo a leanas á gcur san áireamh: easnaimh reatha, riaráistí agus meánfhad an nós imeachta tearmainn chomh maith leis na hoibleagáidí nua. Beidh orthu a áirithiú go náirítear croíchodanna den Churaclam Eorpach Tearmainn san oiliúint a thugtar.

üBeidh ar na Ballstáit a áirithiú go bhfuil oifigí tearmainn feistithe go leormhaith (le meaisíní Eurodac, etc.) chun a gcúraimí a chomhlíonadh go héifeachtúil laistigh de na hamlínte nua agus i gcomhréir leis na hoibleagáidí nua.

An Coimisiún

Oibleagáid dhlíthiúil

üDéanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar choincheap an tríú tír sábháilte faoin 12 Meitheamh 2025 agus, i gcás inarb iomchuí, molfaidh sé aon leasú spriocdhírithe.

Tacaíocht Phraiticiúil

üEagróidh an Coimisiún cruinnithe de na grúpaí saineolaithe maidir le Próisis Tearmainn agus Cáilitheacht (‘Coiste Teagmhála um Phróisis Tearmainn agus ‘Coiste Teagmhála um Cháilitheacht’) 23 chun cur i bhfeidhm ceart an chreata dhlíthiúil a éascú, lena náirítear trí shoiléiriú a dhéanamh ar bhrí cuid de na forálacha, agus na réimsí ina mbeadh aird bhreise ag teastáil a shainaithint. Beidh sé d’aidhm ag an gCoimisiún go gcumhdóidh na Coistí Teagmhála comhpháirteacha na gnéithe nós imeachta uile faoin Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn agus faoin Rialachán Cáilitheachta araon. Ina theannta sin cuideoidh an Coimisiún le sainaithint agus scaipeadh dea-chleachtas a chomhordú.

Gníomhaireachtaí de chuid an Aontais

Tacaíocht Phraiticiúil

üBunóidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann líonra aonad atá freagrach as údaráis náisiúnta agus déanfaidh sé nuashonrú ar an bhfaisnéis agus na hábhair oiliúna ar fad chomh maith leis na doiciméid treorach, agus, más gá, ar na táscairí, nithe ba cheart a mheas le linn an phróisis cinnteoireachta ar fad (lena náirítear maidir le cúirteanna agus binsí).

üLeanfaidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann d’Fhaisnéis faoin Tír Thionscnaimh agus Treoir do Thíortha a chur ar fáil do na húdaráis riaracháin agus na húdaráis bhreithiúnacha náisiúnta uile agus de na bunachair sonraí atá ann cheana féin a choigeartú amhail an Córas Luathrabhaidh agus Ullmhachta do na creata nua.

üAr iarraidh ón gCoimisiún, cuirfidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann faisnéis agus anailís ar fáil don Choimisiún maidir le tríú tíortha sonracha a d’fhéadfaí a mheas lena nainmniú mar thríú tíortha sábháilte ar leibhéal an Aontais.

Príomh‑gharspriocanna le cur san áireamh:

Faoin 12 Meitheamh 2025, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar choincheap an tríú tír sábháilte agus i gcás inarb iomchuí, molfaidh sé aon leasuithe spriocdhírithe.

Faoin 12 Meitheamh 2026, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na húdaráis atá freagrach as iarratais a fháil, iarratais a chlárú agus iarratais a thaisceadh faoin Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn.

Faoin 12 Meitheamh 2026, ní mór do na Ballstáit pointe teagmhála náisiúnta a cheapadh chun críocha an Rialacháin Cáilitheachta agus a sheoladh a chur in iúl don Choimisiún. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin in iúl do na Ballstáit eile.



BLOG TÓGÁLA 5

Nósanna imeachta éifeachtúla cothroma um fhilleadh

Ní féidir le beartas imirce an Aontais a bheith inbhuanaithe ach amháin má chuirtear ar ais go héifeachtach iad siúd nach bhfuil an ceart acu fanacht san Aontas. Sa bhloc tógála seo liostaítear céimeanna breise i dtreo córas coiteann AE um fhilleadh, córas lena ndéantar fillithe a dhreasú chun comhoibriú, chun a bheith ar fáil le linn an phróisis agus chun filleadh, go deonach nuair is féidir é. Leis na bearta atá dírithe ar fhilleadh deonach a dhreasú, ba cheart filleadh éigeantach inchreidte a fheidhmíonn go maith a chomhlánú. Ina theannta sin ba cheart uirlisí agus nósanna imeachta a bheith ag na Ballstáit lenar féidir leo bainistiú inmheánach éifeachtúil agus comhar feabhsaithe agus comhroinnt faisnéise leis na Ballstáit eile a áirithiú i bhfianaise próiseas fillte atá níos éifeachtaí.

Chun an lúb ar lár a dhúnadh idir an nós imeachta tearmainn agus an nós imeachta um fhilleadh, leis an Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go bhfaigheann gach iarratasóir neisítear cinneadh diúltach maidir le tearmann dóibh cinneadh um fhilleadh freisin an tráth céanna nó go gairid ina dhiaidh sin. Ní mór an achomharc a dhéanamh i gcoinne an dá chinneadh i gcomhpháirt os comhair na cúirte céanna nó an bhinse chéanna, sna himeachtaí breithiúnacha céanna, agus sna hamlínte céanna má dhéantar an cinneadh um fhilleadh mar chuid den chinneadh diúltach gaolmhar maidir le tearmann. Má eisítear an cinneadh um fhilleadh ar leithligh, féadfar achomharc a dhéanamh ina choinne ar leithligh ach de réir na namlínte céanna 24 . Beidh na rialacha treisithe infheidhme maidir leo siúd a dhéanann iarracht moill a chur ar na nósanna imeachta trí achomhairc nó iarratais úra ar thearmann chun bac a chur ar an bhfilleadh ón Aontas agus chuige sin amháin.

Cé gur bainistiú na ngníomhaithe atá bainteach leis an bpróiseas um fhilleadh láraithe ag roinnt Ballstát faoi aon údarás amháin, tá socruithe oibre bunaithe ag Ballstáit eile idir gníomhaithe agus údaráis éagsúla chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus inbhuanaitheacht an phróisis um fhilleadh.

Tá 19 mBallstát ann a eisiann cinntí diúltacha maidir le tearmann in éineacht le cinntí um fhilleadh cheana féin, cuid acu á dhéanamh sin mar chuid den ghníomh céanna agus cuid eile á dhéanamh mar dhá ghníomh ar leithligh ach an tráth céanna mar sin féin. Tá córais FT bainistithe cásanna um fhilleadh digitithe ag cúig Bhallstát cheana féin, agus tá 11 Bhallstát i mbun ceann a fhorbairt faoi láthair bunaithe ar an tsamhail Bainistithe Cásanna um Fhilleadh arna forbairt ag Frontex. Éascaíonn na Córais Bainistithe Cásanna um Athligean Isteach, a fhaigheann maoiniú ón Aontas, na nósanna imeachta um athligean isteach le roinnt tríú tíortha a bhfuil an chuid is mó de na Ballstáit nasctha leo.

Ina theannta sin, tá roinnt gníomhaithe ar an leibhéal náisiúnta bainteach leis an bpróiseas um fhilleadh agus tá an comhar ríthábhachtach maidir le próiseas éifeachtúil. Tá meastóireacht théamach Schengen atá ag dul ar aghaidh faoi láthair i réimse an fhillidh le haghaidh córas éifeachtach de chuid an Aontais dírithe go háirithe ar conas bearnaí a dhruidim idir gníomhaithe sa phróiseas um fhilleadh. Ba cheart a mheas go bhfuil torthaí na meastóireachta (lena náirítear na dea-chleachtais) ábhartha agus gnéithe an Chomhshocraithe a bhaineann le nósanna imeachta éifeachtúla cothroma um fhilleadh ar fud na hEorpa á gcur chun feidhme 25 .

Is iad an filleadh deonach, agus an filleadh éigeantach inchreidte mar bhonn taca leis, in éineacht leis an ath‑imeascadh, an bealach is inbhuanaithe, is costéifeachtaí agus is daonnúla/dínití chun filleadh a dhéanamh agus ba cheart leanúint de thús áite a thabhairt dó. Tá sé tábhachtach dreasachtaí maidir le filleadh deonach a dhaingniú agus tacaíocht chomhleanúnach ath‑imeasctha a chur ar fáil, lena n‑áirítear trí úsáid a bhaint as Clár an Aontais um Ath‑imeascadh, clár atá á stiúradh ag Frontex. Faoi láthair tá 25 as na 31 Bhallstát agus Thír atá Comhlachaithe le Schengen ag glacadh páirt i gClár Frontex an Aontais um Ath‑lánpháirtiú agus ag baint úsáid as.

Sa chomhthéacs sin, ba cheart na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirtear an bloc tógála seo i bhfeidhm i gceart:

Na Ballstáit

Reachtaíocht

üBa cheart do na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar na creata rialála náisiúnta agus iad a oiriúnú de réir mar is gá.

üBeidh ar na Ballstáit a áirithiú go neisítear an cinneadh um fhilleadh mar chuid den chinneadh diúltach maidir le tearmann nó, má eisítear é mar ghníomh ar leithligh, go neisítear an cinneadh um fhilleadh an tráth céanna leis an gcinneadh maidir le tearmann nó go gairid ina dhiaidh.

üIna theannta sin beidh ar na Ballstáit a áirithiú go láimhseálfar achomhairc i gcoinne cinntí diúltacha maidir le tearmann agus an cinneadh um fhilleadh i gcomhpháirt nó laistigh de na hamlínte dá bhforáiltear sa Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn. Mar shampla, d’fhéadfadh Ballstáit teorainneacha ama comhpháirteacha a chur ar bun don dá rud sa reachtaíocht.

Próisis eagrúcháin agus riaracháin

üBa cheart do na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a nósanna imeachta inmheánacha chun próiseas agus sreabhadh oibre soiléir a bhunú maidir leis an gcaoi a mbainistítear cásanna chun próiseas gan uaim a áirithiú idir cinneadh diúltach maidir le tearmann a eisiúint agus an cinneadh um fhilleadh, ón tráth nach bhfuil ceart ag an duine fanacht san Aontas níos mó go dtí an cinneadh um fhilleadh, go dtí iarratas ar athligean isteach i dtríú tír agus ansin an filleadh deonach/éigeantach agus tacaíocht athimeasctha a chur ar fáil. Ina theannta sin ba cheart do na Ballstáit struchtúir a chur ar bun lena ráthaítear go láimhseálfar achomhairc i gcoinne cinntí diúltacha maidir le tearmann agus an cinneadh um fhilleadh i gcomhpháirt nó laistigh de na hamlínte dá bhforáiltear sa Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn.

üMoltar do na Ballstáit céimeanna gníomhacha a dhéanamh chun córas TF bainistithe cásanna um fhilleadh atá nua-aimseartha agus feidhmiúil a bhunú, córas lena ndéantar foráil maidir le próiseáil agus seiceálacha faisnéise a léiríonn na hathruithe reachtacha agus riaracháin agus na ceanglais maidir le sreabhadh oibre. Ina theannta sin ba cheart tacú le húsáid an Chórais Bainistithe Cásanna um Fhilleadh agus na nUirlisí Cúnaimh le haghaidh Athlánpháirtiú agus iad a leathnú.

Acmhainneachtaí (acmhainní daonna, bonneagar, agus trealamh)

üBa cheart do na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar cheanglais maidir le bonneagar agus ar acmhainneacht foirne chun a bheith ábalta foráil a dhéanamh maidir leis na bearta éifeachtacha lena náirithítear go mbeidh an fillí ar fáil le linn an nós imeachta chun an baol éalaithe a chosc, lena náirítear trí roghanna malartacha ar choinneáil a chur i bhfeidhm.

üBa cheart do na Ballstáit acmhainneacht a sholáthar chun comhairleoireacht maidir le filleadh a dhaingniú chun a áirithiú go dtugtar cabhair thapa dóibh siúd is gá a chur ar ais le linn an phróisis.

üBa cheart do na Ballstáit dreasachtaí maidir le filleadh deonach a dhaingniú agus tacaíocht athlánpháirtithe a chuíchóiriú, i ndlúthchomhar le Frontex.

An Coimisiún

Tacaíocht Phraiticiúil

üBeidh ról lárnach ag an gComhordaitheoir um Fhilleadh san obair leantach maidir le dúshláin shainaitheanta i réimse an fhillte agus trí ghnóthachain éifeachtúlachta, comhleanúnachas inmheánach, agus comhar idir na Ballstáit a chothú. Déanfaidh an Comhordaitheoir um Fhilleadh an méid sin trí ghníomhaíochtaí spriocdhírithe um fhilleadh, é ag cur leis an obair atá seolta cheana féin chun feabhas a chur ar phleanáil chomhpháirteach eitiltí agus misean aitheantais, ina measc sin chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as tacaíocht Frontex, cleachtais agus taithí a mhalartú maidir le cinntí diúltacha i ndáil le tearmainn agus cinntí um fhilleadh a eisiúint go comhpháirteach, agus comhar maidir le fillithe ar bagairt slándála iad a chur ar ais. Ina theannta sin tacóidh an Líonra Ardleibhéil um Fhilleadh agus Frontex leis na hiarrachtaí sin.

üOibreoidh an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit chun feabhas a chur ar chur chun feidhme praiticiúil chur chuige Fhoireann na hEorpa agus comhar éifeachtach tríú tíortha maidir le hathligean isteach a neartú, trí úsáid a bhaint as gach giaráil agus dreasacht atá ar fáil dóibh amhail an obair leantach ar Airteagal 25a de shásra an Chóid Víosaí a nascann comhar maidir le víosa agus athligean isteach, mar a thuairiscítear i roinn 5 thíos, chomh maith le trádáil, víosa, forbairt, agus beartais eile.

üForbróidh an Coimisiún treoirlínte polaitiúla ginearálta maidir le digitiú chóras an Aontais um fhilleadh le cur chuige iomlánaíoch maidir le gnéithe uile chur chun feidhme an Chomhshocraithe.

Gníomhaireachtaí de chuid an Aontais

Tacaíocht Phraiticiúil

üBeidh ról lárnach ag Frontex, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún agus leis an gComhordaitheoir um Fhilleadh maidir leis an mbloc tógála seo a chur chun feidhme trí thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit i ngach céim den phróiseas um fhilleadh. Beidh sé ríthábhachtach tacaíocht Frontex a threisiú agus leas iomlán a bhaint aisti i dtaca le sainaithint, oibríochtaí um fhilleadh agus tacaíocht maidir le hathlánpháirtiú inbhuanaithe.

üLe córas comhordaithe intuartha laistigh de Frontex, bunaithe ar chomhphleanáil maidir leis an úsáid a bhaineann na Ballstáit as tacaíocht Frontex, ba cheart go mbeifí in ann acmhainní a chomhthiomsú ar bhealach níos fearr le linn gach céime den fhilleadh. Leis an gcóras sin, ba cheart cur leis an obair ar ghníomhaíochtaí spriocdhírithe um fhilleadh, ag díriú ar chomhleanúnachas, comhordú, gnóthachain éifeachtúlachta agus malartú dea-chleachtas idir na Ballstáit agus laistigh díobh a neartú, faoi stiúir an Chomhordaitheora um Fhilleadh.

Príomh‑gharspriocanna le cur san áireamh:

Faoi dheireadh 2024, ba cheart do na Ballstáit uile Clár Frontex an Aontais um Athlánpháirtiú a úsáid go gníomhach.

Faoi mhí Eanáir 2025, bunóidh Frontex, agus é ag obair go dlúth leis an gCoimisiún agus na Ballstáit, córas pleanála cuimsitheach, a bheidh dírithe ar na príomhthríú tíortha tosaíochta.

Faoi mhí an Mheithimh 2025, forbróidh an Comhordaitheoir um Fhilleadh, mar ‘ghníomhaíocht spriocdhírithe’, lámhleabhar chun treoraíocht a thabhairt do ghníomhaithe a bhfuil baint acu le glacadh laistigh de na Ballstáit a nascfar trí shreabhadh oibre éifeachtúil.

In 2025, bunóidh an Coimisiún sásraí chun tacú leis na Ballstáit sin nach bhfuil cinntí um fhilleadh á n‑eisiúint acu go fóill in éineacht le cinntí tearmainn diúltacha chun acmhainneachtaí a fhorbairt chun amhlaidh a dhéanamh.

Faoi lár 2026, bunaithe ar anailís Frontex ar bhearnaí, tabharfaidh Frontex cúnamh do na Ballstáit chun córas TF bainistithe cásanna um fhilleadh a chur i bhfeidhm.

BLOG TÓGÁLA 6

Córas cothrom éifeachtúil: na rialacha nua freagrachta a chur ag obair

Tá sé ar cheann de phríomhthosaíochtaí an Chomhshocraithe comhroinnt freagrachta éifeachtach agus chobhsaí a bhunú ar fud an Aontais agus dreasachtaí le haghaidh gluaiseachtaí tánaisteacha a laghdú agus is gné ríthábhachtach é chun muinín a chothú i measc na mBallstát.

Sa lá atá inniu ann le Rialachán Bhaile Átha Cliath III 26 bunaítear na critéir agus na sásraí chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta. Mura bhfuil iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta i láthair sa Bhallstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar a niarratas, ní mór iad a aistriú chuig an mBallstát sin. Bhí dúshláin mhóra ann maidir le cur chun feidhme Rialachán Bhaile Átha Cliath, go háirithe maidir le haistrithe a dhéanamh.

Leis an Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce (RBTI) a glacadh le déanaí, déantar athchóiriú ar chóras Bhaile Átha Cliath, trí rialacha freagrachta níos cothroime agus níos éifeachtúla a thabhairt isteach. Tá cur i bhfeidhm ceart na rialacha nua bunriachtanach d’fheidhmiú éifeachtach chóras tearmainn na hEorpa, agus chun dlúthpháirtíocht a áirithiú i measc na mBallstát. Trí aistrithe córasacha tapa chuig an mBallstát atá freagrach a áirithiú, cuideofar le haghaidh a thabhairt ar an ‘tsiopadóireacht tearmainn’ agus, dá réir sin, díspreagfar imircigh neamhrialta agus laghdófar cuid de na tosca a spreagann daoine chun gluaiseacht idir na Ballstáit ar bhealach neamhúdaraithe.

Sa phróiseas sin, beidh sé ríthábhachtach na heasnaimh atá ann faoi láthair a shárú go tapa. Is éabhlóid shuntasach ón gcóras atá ann faoi láthair iad na rialacha nua maidir le freagracht. Mar shampla, leis an Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce, tugtar isteach critéar freagrachta nua bunaithe ar dhioplómaí agus ar cháilíochtaí agus déantar an fhreagracht níos cobhsaí trí shíneadh a chur leis na hamlínte maidir le haistriú agus scor freagrachta, mar riail ghinearálta. Ag an am céanna, treisíonn sé na critéir theaghlaigh, lena n‑áirítear trí oibleagáid nua a thabhairt isteach tosaíocht a thabhairt do chásanna teaghlaigh.

Leis an Rialachán nua, déantar nósanna imeachta níos éifeachtúla trí spriocdhátaí a ghiorrú agus trí fhógra a dhéanamh den nós imeachta um ghabháil ar ais. Tá oibleagáidí nua ar iarratasóirí freisin míúsáidí ar an gcóras a laghdú (amhail an oibleagáid iarratas a dhéanamh i mBallstát na chéad iontrála) agus ar an mBallstát freagairt i gcás gluaiseachtaí tánaisteacha (amhail oibleagáid gan ach bunriachtanais an iarratasóra a chumhdach i gcás éalaithe) nó i gcás ina bhfuil bagairt slándála ag baint leis an iarratasóir. Déantar iad sin a chothromú le ráthaíochtaí nua d’iarratasóirí 27 .

Sa Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin dar teideal ‘Treochlár Bhaile Átha Cliath faoi lán seoil – Éifeachtacht Rialachán Bhaile Átha Cliath III a fheabhsú: dea-chleachtais a shainaithint sna Ballstáit’ 28 sainaithnítear cleachtais a d’fhéadfadh cabhrú leis na Ballstáit dul i ngleic le cuid de na dúshláin atá ann cheana sa chóras atá ann faoi láthair, agus muid ag aistriú i dtreo an chórais nua.

Chun go n‑éireoidh le haistriú ó chóras Bhaile Átha Cliath III go dtí caighdeáin dhlíthiúla agus oibríochtúla an Rialacháin maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce, ba cheart an ghníomhaíocht seo a leanas a dhéanamh:

Na Ballstáit

Reachtaíocht

üBa cheart do na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a gcreataí rialála náisiúnta agus iad a choigeartú de réir mar is gá chun cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce a áirithiú. I measc nithe eile, beidh ar na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar leigheasanna éifeachtacha 29 , ar neamhtheidlíocht maidir le dálaí glactha i gcás éalaithe, agus ar ailíniú leis na hamlínte nua faoi na nósanna imeachta éagsúla.

Próisis eagrúcháin agus riaracháin

üBa cheart do na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar struchtúr agus ar fheidhmiú aonaid náisiúnta Bhaile Átha Cliath agus, i gcás inar gá, iad a choigeartú. Áirítear leis sin athbhreithniú a dhéanamh ar mhodhanna oibre aonaid Bhaile Átha Cliath agus nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha a thabhairt cothrom le dáta chun na nósanna imeachta nua a chur chun feidhme (is iad sin fógraí faoi ghabháil ar ais, athlonnú, agus fritháirimh freagrachta chomh maith le leanúint le freagracht a chinneadh in éagmais an iarratasóra) agus na hamlínte níos giorra do gach nós imeachta a chomhlíonadh.

üBa cheart do na Ballstáit struchtúir chomhordúcháin agus modhanna oibre a fhorbairt idir a naonaid i mBaile Átha Cliath agus údaráis eile chun cur i bhfeidhm éifeachtach na rialacha nua a áirithiú. Áirítear leis sin, mar shampla, modhanna sonracha comhair a fhorbairt leis na húdaráis scagtha agus leis na húdaráis forfheidhmithe dlí (e.g., chun toradh na seiceála slándála le linn an scagtha a chumhdach, nó faisnéis a bhaineann leis an tslándáil a mhalartú sula ndéanfar aistriú) agus leis na húdaráis ghlactha (faireachán a dhéanamh ar an láithreacht sa chóiríocht, etc.).

Chun na gcríoch sin, ba cheart do na Ballstáit smaoineamh ar a gcóras TF bainistithe cásanna atá ann cheana a fhorbairt nó a thabhairt cothrom le dáta chun gur féidir nós imeachta athchóirithe Bhaile Átha Cliath a chomhtháthú leis na próisis eile a bhaineann le tearmann agus glacadh. Le córas comhtháite bainistithe cásanna, éascófar comhlíonadh na n‑oibleagáidí nua agus méadófar éifeachtúlacht na nósanna imeachta atá ann cheana. Áiritheofar leis freisin forbhreathnú níos fearr ar chéimeanna éagsúla an nós imeachta chomh maith le comhar agus cumarsáid níos éifeachtaí i measc na n‑údarás inniúil náisiúnta (e.g., tearmann, glacadh, filleadh, imirce, agus bainistiú teorainneacha). Ba cheart do na Ballstáit smaoineamh freisin ar chodanna áirithe den nós imeachta a uathoibriú, lena n‑áirítear ríomh uathoibríoch na n‑amlínte is infheidhme, meabhrúcháin maidir le dul in éag amlínte nó moltaí maidir leis na chéad chéimeanna eile sa nós imeachta.

üMoltar do na Ballstáit fardal dioplómaí agus cáilíochtaí eile a fhorbairt ó leibhéal a dó den Aicmiú Idirnáisiúnta Caighdeánach ar an Oideachas anuas chun cur i bhfeidhm éifeachtach an chritéir nua maidir le dioplómaí agus cáilíochtaí a éascú. D’fhéadfaí a áireamh san fhardal sin freisin liosta de na forais oideachais sna Ballstáit atá i dteideal dioplómaí agus cáilíochtaí den sórt sin a eisiúint.

üBeidh ar na Ballstáit a áirithiú go dtabharfar tosaíocht do chásanna a bhaineann leis an teaghlach ag gach céim den nós imeachta, mar shampla trí nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha sonracha a fhorbairt. Ba cheart do na Ballstáit smaoineamh ar shocruithe comhair le heagraíochtaí a bhfuil cúram rianaithe teaghlaigh orthu.

Acmhainneachtaí (acmhainní daonna, bonneagar, agus trealamh)

üBeidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na hacmhainní daonna, ábhartha agus airgeadais is gá ag na húdaráis inniúla chun a gcúraimí a chur i gcrích faoin Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce, lena náirítear foireann leordhóthanach atá oilte go leormhaith. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar acmhainneacht Aonaid náisiúnta Bhaile Átha Cliath, a gcúraimí go léir a chur i gcrích laistigh de na teorainneacha ama nua níos giorra agus, más gá, an acmhainneacht sin a mhéadú. Ina theannta sin beidh ar na Ballstáit acmhainneacht leordhóthanach a áirithiú chun cur chun feidhme éifeachtach na gcinntí aistrithe a áirithiú trí, mar shampla, éalú a theorannú 30 , cumarsáid idir na Ballstáit a fheabhsú, solúbthacht a mhéadú sa Bhallstát freagrach agus tacú le Ballstát an aistrithe 31 . Chuige sin, tá gá le hacmhainní daonna agus leis an lóistíocht is gá, lena náirítear, mar shampla, saoráidí tiomnaithe d’aistrithe Bhaile Átha Cliath.

üNí mór do na Ballstáit a áirithiú go dtabharfar DubliNet cothrom le dáta go náisiúnta ionas go leanfaidh DubliNet de bheith oibríochtúil agus go mbeifear in ann an fhaisnéis uile is gá faoin Rialachán maidir le Bainistiú Imirce Tearmainn a mhalartú.

An Coimisiún

Oibleagáid dhlíthiúil

üFaoi mhí Mheán Fómhair 2024, tionólfaidh an Coimisiún an coiste rialála nua um an Rialachán maidir le Bainistiú Imirce Tearmainn chun na gníomhartha cur chun feidhme a cheanglaítear faoin Rialachán a ghlacadh.

üGlacfaidh an Coimisiún na rialacha cur chun feidhme is gá d’fheidhmiú RBTI, a chuirfear in ionad Rialachán 1560/2003 ón gCoimisiún (‘Rialacha Cur Chun Feidhme Bhaile Átha Cliath’) 32 .

Tacaíocht Phraiticiúil

üI gcomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann eagróidh an Coimisiún cruinnithe de shainghrúpa Bhaile Átha Cliath (‘Coiste Teagmhála Bhaile Átha Cliath’) chun cur i bhfeidhm ceart na bhforálacha nua a éascú (lena náirítear trí bhrí roinnt forálacha a shoiléiriú), chun na réimsí a shainaithint ar gá tuilleadh airde a thabhairt orthu san idirthréimhse, agus chun treoir a fhorbairt nuair is gá. Déanfaidh sé a dhícheall na cruinnithe sin a eagrú i gcomhthráth le Líonra Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann Bhaile Átha Cliath, líonra a dhíríonn níos mó ar dhúshláin oibríochtúla.

üTá sé beartaithe ag an gCoimisiún, agus é ag obair le eu-LISA agus leis na Ballstáit, uasghrádú céimnithe a dhéanamh ar DubliNet chun é a chur in oiriúint don chreat dlíthiúil nua agus do riachtanais aonaid náisiúnta Bhaile Átha Cliath.

üTacóidh an Coimisiún le struchtúr coiteann fardal do dhioplómaí agus do cháilíochtaí eile agus d’fhorais oideachais, ag tarraingt ar bhunachair sonraí de chuid an Aontais atá ann cheana (amhail http://eter-project/com ) agus ar obair bhreise i gcomhthéacs an Chreata Eorpaigh um Cháilíochtaí agus Europass 33 a bhaineann le hidir-inoibritheacht bunachar sonraí le haghaidh cáilíochtaí, chomh maith le líonra na nionad náisiúnta um aitheantas acadúil (líonra ENIC-NARIC).

Gníomhaireachtaí an Aontais

Oibleagáid dhlíthiúil

üFaoi mhí Aibreáin 2025 (10 mí tar éis theacht i bhfeidhm RBTI), forbróidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann an teimpléad le haghaidh cásanna a bhaineann leis an teaghlach agus treoirlínte maidir le baill teaghlaigh a rianú agus a shainaithint.

üLe tacaíocht ó na Ballstáit, forbróidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann bileoga eolais agus ábhair oiriúnaithe chuimsitheacha agus cuirfidh sé treoir ar fáil maidir le hagallaimh phearsanta a dhéanamh trí fhíschomhdháil.

Tacaíocht phraiticiúil

üDéanfaidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann feidhmiú agus raon feidhme a líonra d’aonaid Bhaile Átha Cliath a choigeartú chun an córas nua a léiriú agus chun treoirlínte a thabhairt cothrom le dáta lena dtacaítear le cur i bhfeidhm na rialacha nua freagrachta nua.

üBeidh eu-LISA freagrach as uasghrádú teicniúil agus oibríochtúil DubliNet. Cuirfear an chéad chéim (uasghrádú tosaíochta) i bhfeidhm idir lár 2024 agus lár 2026 agus cinnteofar leordhóthanacht fhoirmeacha DulbiNet. Cuirfidh sé príomhuasghráduithe teicneolaíochta agus slándála ar fáil freisin. Sa dara céim 2026-2028 leanfar d’uathoibriú na bpróiseas agus den chomhtháthú iomlán leis na córais náisiúnta.

Príomh‑gharspriocanna le cur san áireamh:

Faoi mhí Mheán Fómhair 2024, tionólfaidh an Coimisiún Coiste Rialála RBTI.

Faoin 12 Meitheamh 2025, beidh sé d’aidhm ag an gCoimisiún na gníomhartha cur chun feidhme a chuirfear in ionad Rialacha Cur Chun Feidhme Bhaile Átha Cliath a ghlacadh.

Faoin 12 Meitheamh 2025, beidh sé d’aidhm ag an gCoimisiún na gníomhartha tarmligthe a cheanglaítear leis an Rialachán maidir le Bainistiú Imirce Tearmainn a ghlacadh.

Faoi mhí Mheán Fómhair 2024, eiseoidh an Coimisiún nóta coincheapa maidir le huasghrádú DubliNet de réir a chéile.

Faoi mhí Aibreáin 2025, forbróidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann an teimpléad le haghaidh cásanna a bhaineann leis an teaghlach agus treoirlínte maidir le baill teaghlaigh a rianú agus a shainaithint.

Faoin 12 Márta 2026, ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na húdaráis inniúla atá freagrach as na hoibleagáidí faoin Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce a chomhlíonadh. Go luath ina dhiaidh sin, foilseoidh an Coimisiún liosta comhdhlúite de na húdaráis sin.



BLOC TÓGÁLA 7

Dlúthpháirtíocht a chur ag obair

Is bunphrionsabal de chuid an Aontais í an dlúthpháirtíocht a chumhdaítear in Airteagal 80 CFAE. Den chéad uair riamh, beidh sásra dlúthpháirtíochta buan solúbtha ag an Aontas atá ceangailteach ó thaobh an dlí de, chun a chinntiú nach bhfágfar aon Bhallstát ina aonar agus é faoi bhrú. Is é sin contrapháirt na rialacha maidir le freagracht fheabhsaithe a thuairiscítear i mbloic thógála 2 agus 6.

Leis an Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce, tugtar isteach sásra dlúthpháirtíochta le híostairseacha de 30 000 athshocrú agus EUR 600 milliún de thacaíocht airgeadais ar leibhéal an Aontais nach mór don Choimisiún a urramú agus riachtanais na bliana á ríomh aige. Beidh ar na Ballstáit uile a bheith rannpháirteach ach beidh siad in ann a mbearta dlúthpháirtíochta a roghnú idir athshocrú, dlúthpháirtíocht airgeadais, nó bearta malartacha (tacaíocht foirne nó tacaíocht chomhchineáil). Foráiltear leis an Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce go mbunófar Fóram Ardleibhéil Dlúthpháirtíochta an Aontais faoi chathaoirleacht an Bhallstáit a bhfuil uachtaránacht na Comhairle aige, inar cheart an gealltanas a thabhairt, agus Fóram Leibhéil Theicniúil Dlúthpháirtíochta an Aontais, faoi chathaoirleacht an Chomhordaitheora Dlúthpháirtíochta, a bheidh freagrach as an gComhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme bliantúil ón gComhairle a oibríochtú.

Fíor 3: An timthriall bliantúil bainistithe imirce

Maidir le cuid mhaith de na gníomhaíochtaí is gá chun an timthriall dlúthpháirtíochta bliantúil a chur chun feidhme, ní mór iad a chur i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún na bearta comhfhreagracha is gá don chéad timthriall bliantúil bainistithe imirce, agus déanfaidh sé gach beart dlíthiúil, riaracháin agus oibríochtúil is gá chun a áirithiú go n‑oibreoidh gach céim den timthriall bliantúil go rianúil, lena n‑áirítear an chéad Chomhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil nach mór don Chomhairle a ghlacadh ag deireadh 2025 a oibríochtú.

Tá gá le gníomhaíochtaí ar an leibhéal náisiúnta freisin. Maidir le go leor de na bloic thógála a bhí ann roimhe seo, is féidir leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit na cleachtais atá ann cheana a ghiaráil, ag tógáil ar an taithí a fuarthas go dtí seo ó shásraí dlúthpháirtíochta ad hoc. Is foinse inspioráide é cur chun feidhme an tSásra Dlúthpháirtíochta Dheonaigh ó bhí 2022 ann 34 , go háirithe, don Choimisiún agus do na Ballstáit maidir le cleachtais, taithí phraiticiúil agus ceachtanna a foghlaimíodh maidir le conas prionsabal na dlúthpháirtíochta a chur chun feidhme – le haghaidh athshocrú iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta chomh maith le dlúthpháirtíocht airgeadais. Ba cheart an taithí agus na hinfheistíochtaí sin a chur san áireamh agus na hoibleagáidí faoin mbloc tógála sin á noibríochtú.

Sa chomhthéacs sin, ba cheart na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh chun cur chun feidhme éifeachtach an bhloic tógála sin a áirithiú:

Na Ballstáit

Reachtaíocht

üBa cheart do na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a gcreataí rialála náisiúnta agus iad a choigeartú de réir mar is gá chun cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce a áirithiú.

Próisis eagrúcháin agus riaracháin

üBeidh ar na Ballstáit na nósanna imeachta cinnteoireachta agus na struchtúir is gá a bhunú chun páirt a ghlacadh sa timthriall bliantúil bainistithe imirce, mar shampla trí chomhordaitheoir náisiúnta a cheapadh agus sásra náisiúnta comhordúcháin a chur ar bun. Go háirithe, beidh ar na Ballstáit an próiseas inmheánach a shainiú maidir le rogha a dhéanamh i dtaca le conas is mian leo rannchuidiú le dlúthpháirtíocht agus le gealltanais thráthúla ag Fóram Ardleibhéil Dlúthpháirtíochta an Aontais. Cuirfear comhairliúchán ar an leibhéal náisiúnta san áireamh freisin i bpróiseas comhairliúcháin an Choimisiúin a thagann roimh ghlacadh an togra ón gCoimisiún le haghaidh gníomh cur chun feidhme ón gComhairle.

üBeidh próisis de dhíth ar na Ballstáit freisin chun an fhaisnéis agus na sonraí is gá a bhailiú agus a tharchur chuig an gCoimisiún chun an Tuarascáil Bhliantúil Eorpach ar Thearmann agus Imirce a ullmhú laistigh de na teorainneacha ama dá bhforáiltear sa Rialachán (tá an tuairisciú le déanamh faoin 1 Meitheamh agus tá nuashonrú le déanamh faoin 1 Meán Fómhair ó 2025 ar aghaidh). Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit na nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha agus na struchtúir chomhordúcháin is gá a fhorbairt.

üNa Ballstáit a roghnaíonn athshocrú nó a bhaineann tairbhe as athshocrú, beidh orthu cloí leis an teorainn ama 1.5 mí chun an próiseas athshocraithe a chur i gcrích (a thosaíonn le tarchur na faisnéise ábhartha chuig Ballstát an athshocraithe), ar próiseas é a leagtar amach sa Rialachán. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha agus sreafaí oibre inmheánacha a bhunú. Leis na sreafaí oibre sin, ní mór sainaithint na ndaoine atá incháilithe d’athshocrú a chumhdach trí scrúdú a dhéanamh ar na tosca ábhartha uile, amhail naisc fhiúntacha a bheith ann idir an duine lena mbaineann agus Ballstát an athshocraithe, agus faisnéis maidir leis na nósanna imeachta chomh maith le leas an linbh agus coimircí gaolmhara a áirithiú. Beidh ar na nósanna imeachta sin seiceálacha slándála agus aistriú faisnéise a bhaineann leis an tslándáil ag na Ballstáit is tairbhithe, agus, i gcás inarb ábhartha, fíorú slándála ag Ballstát an athshocraithe, a chumhdach freisin.

Acmhainneachtaí (acmhainní daonna, bonneagar, agus trealamh)

üBeidh ar na Ballstáit agus ar Ghníomhaireachtaí an Aontais na hacmhainní is gá a áirithiú chun ionchuir ardcháilíochta thráthúla a chur ar fáil don Tuarascáil Bhliantúil Eorpach ar Thearmann agus Imirce — tuairisciú le déanamh faoin 1 Meitheamh agus nuashonrú le déanamh faoin 1 Meán Fómhair ó 2025 ar aghaidh — lena náirítear rannpháirtíocht i bpríomhchruinnithe an Líonra AE um Ullmhacht agus um Bainistiú Géarchéimeanna i ndáil leis an Imirce 35 i mí Iúil agus i mí Mheán Fómhair ó 2025 ar aghaidh.

üBeidh ar na Ballstáit an acmhainneacht is gá a fhorbairt chun a riachtanais dlúthpháirtíochta a shainaithint mar aon le gníomhaíochtaí sonracha le haghaidh tacaíochta trí na ranníocaíochtaí airgeadais nó trí thacaíocht chomhchineáil, chun iad a chur faoi bhráid Fhóram Leibhéil Theicniúil Dlúthpháirtíochta an Aontais agus chun a áirithiú ina dhiaidh sin go nionsúfar aon ranníocaíocht airgeadais nó chomhchineáil den sórt sin go héifeachtach.

üBeidh ar na Ballstáit is tairbhithe agus ar na Ballstáit is rannchuiditheoirí araon an acmhainneacht is gá a áirithiú chun athshocruithe a chur chun feidhme (féach bloc tógála 6 a bhí ann roimhe seo freisin) má roghnaíonn siad an beart seo nó má bhaineann siad tairbhe as. Ciallaíonn sé sin na hacmhainní is gá agus pearsanra inniúil leordhóthanach a áirithiú, lena náirítear in aonaid Bhaile Átha Cliath agus le haghaidh aon seiceálacha slándála breise; an bonneagar is gá a thógáil agus an trealamh is gá a fháil chun athshocruithe a chur chun feidhme laistigh den teorainn ama is gá. Ba cheart do na Ballstáit cumhdach na ngníomhaíochtaí sin a áirithiú trí chóras bainistithe cásanna chomh maith le hacmhainneacht iompair agus ghlactha, lena náirítear moil athshocraithe agus saoráidí (cian)agallaimh.

An Coimisiún

Oibleagáid dhlíthiúil

üGlacfaidh an Coimisiún an chéad Tuarascáil Bhliantúil Eorpach ar Thearmann agus Imirce faoin 15 Deireadh Fómhair 2025, bunaithe ar shonraí cainníochtúla agus cáilíochtúla agus ar fhaisnéis arna soláthar ag na Ballstáit agus ag Gníomhaireachtaí an Aontais. Cruthóidh sé sin léiriú staide ar réimse na himirce agus an tearmainn agus beidh sé ina uirlis luathrabhaidh agus feasachta.

üFaoin 15 Deireadh Fómhair 2025, glacfaidh an Coimisiún freisin an chéad ghníomh cur chun feidhme ón gCoimisiún lena mbunaítear cé na Ballstáit atá faoi bhrú imirce, atá i mbaol brú imirce nó a bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar staid mhór imirce chomh maith leis an gcéad togra ón gCoimisiún le haghaidh gníomh cur chun feidhme ón gComhairle lena mbunaítear an Comhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil.

üCeapfaidh an Coimisiún an chéad Chomhordaitheoir Dlúthpháirtíochta, a bhunóidh agus a thionólfaidh Fóram Leibhéil Theicniúil Dlúthpháirtíochta an Aontais . Aistreofar an Comhshocrú Ardáin Dlúthpháirtíochta atá ann cheana i dtreo a bheith ina Fhóram Leibhéil Theicniúil Dlúthpháirtíochta.

üTionólfaidh an Coimisiún Coiste Rialála RBTI (féach bloc tógála 6) agus glacfaidh sé an dá ghníomh cur chun feidhme a bhaineann le feidhmiú na dlúthpháirtíochta. Baineann an chéad cheann leis na coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le faisnéis agus doiciméid a ullmhú agus a chur isteach chun críche athshocraithe, lena náirítear maidir le seiceálacha slándála. Baineann an dara ceann leis na rialacha maidir le hoibriú na ranníocaíochtaí airgeadais.

üI gcomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, déanfaidh an Coimisiún foráil freisin maidir le huirlisí chun na daoine atá le hathshocrú a shainaithint agus a mheaitseáil leis an mBallstát is rannchuiditheoir chun a áirithiú go gcomhlíonfar an oibleagáid atá ar an mBallstát is tairbhí naisc fhiúntacha idir an duine lena mbaineann agus Ballstát an athshocraithe a chur san áireamh, agus i bhfianaise na bhfabhar réasúnta a chuir an Ballstát sin in iúl freisin.

Tacaíocht phraiticiúil

üDéanfaidh an Coimisiún tástáil (trialach) ar an Tuarascáil Bhliantúil Eorpach ar Thearmann agus Imirce in 2024 chun aon bhearna a d’fhéadfadh a bheith sna sonraí agus san fhaisnéis agus aon easnamh sa phróiseas a réamhmheas agus chun aghaidh a thabhairt orthu. Chun comhdhlúthú criticiúil na sonraí agus na comhroinnte anailíse is gá a áirithiú, bainfidh an Coimisiún leas iomlán as an Líonra AE um Ullmhacht agus um Bainistiú Géarchéimeanna i ndáil leis an Imirce.

üEagróidh an Coimisiún, i gcomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, sraith cruinnithe saineolaithe de chuid an Choimisiúin (‘Coiste Teagmhála Bhaile Átha Cliath’ leathnaithe) chun cur i bhfeidhm ceart an chórais nua a éascú (lena náirítear trí bhrí roinnt forálacha a shoiléiriú), chun na réimsí ar gá tuilleadh airde a thabhairt orthu san idirthréimhse a shainaithint, agus chun sainaithint agus scaipeadh dea-chleachtas a chomhordú.

Gníomhaireachtaí an Aontais

Oibleagáid dhlíthiúil

üBeidh ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, Frontex, Europol agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha sonraí agus faisnéis ábhartha a bhailiú ó na Ballstáit agus a nionchur a chur ar fáil don Choimisiún chun an Tuarascáil Bhliantúil Eorpach ar Thearmann agus Imirce a ullmhú laistigh de na teorainneacha ama dá bhforáiltear sa Rialachán.

Tacaíocht phraiticiúil

üUllmhóidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann teimpléid agus nósanna imeachta oibríochta le haghaidh gealltanais dlúthpháirtíochta agus ranníocaíochtaí dlúthpháirtíochta.

Príomh‑gharspriocanna le cur san áireamh:

Faoin 30 Deireadh Fómhair 2024, tabharfaidh an Coimisiún i gcrích an tréimhse thrialach le haghaidh na Tuarascála Bliantúla Eorpaí ar Thearmann agus Imirce agus cuirfidh sé na torthaí faoi bhráid shásra an Aontais maidir le hullmhacht agus bainistiú géarchéimeanna a bhaineann leis an imirce.

Faoi thús 2025, ceapfaidh an Coimisiún an Comhordaitheoir Dlúthpháirtíochta agus déanfaidh sé foráil maidir leis na hacmhainní is gá chun na cúraimí a dhéanamh go héifeachtach.

Faoi thús mhí na Bealtaine 2025, iarrfaidh an Coimisiún ar na Ballstáit agus ar Ghníomhaireachtaí an Aontais an fhaisnéis is gá a thabhairt d’fhonn tús a chur leis an gcéad timthriall bliantúil bainistithe imirce an 1 Meitheamh 2025.

Faoin 12 Meitheamh 2025, beidh sé d’aidhm ag an gCoimisiún an dá ghníomh cur chun feidhme dá bhforáiltear i ndáil le dlúthpháirtíocht (le haghaidh athshocrú agus ranníocaíochtaí airgeadais faoi seach) a ghlacadh.



BLOC TÓGÁLA 8

Ullmhacht, Pleanáil Theagmhasach agus Freagairt ar Ghéarchéimeanna

Chun freagairt níos fearr a thabhairt ar dhúshláin a bheidh ann amach anseo, áirítear sa chreat reachtach nua roinnt beart nua agus comhlántach chun ullmhacht, pleanáil theagmhasach agus freagairt ar ghéarchéimeanna a áirithiú ar fud an Aontais. Ba cheart go gcuideodh sé sin le hathléimneacht níos mó a fhorbairt i leith teacht chun cinn cásanna imirce, agus laghdú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le géarchéimeanna.

Is gnéithe tábhachtacha iad leibhéal na hullmhachta agus na pleanála teagmhasaí chun a mheas go bhfuil Ballstát ‘dea-ullmhaithe’. Tá dlúthbhaint acu le córais ghlactha leordhóthanacha a choinneáil ar bun ar fud an Aontais (féach bloc tógála 3) agus, dá bhrí sin, tá siad fíor-riachtanach chun na hoibleagáidí freagrachta a fheidhmiú go cuí (féach bloc tógála 6). Ní féidir a mheas go bhfuil Ballstát dea-ullmhaithe mura bhfuil pleanáil theagmhasach i bhfeidhm, rud a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an bhféidearthacht go mbainfeadh an Ballstát tairbhe as dlúthpháirtíocht nó as asbhaintí ó ranníocaíochtaí dlúthpháirtíochta (bloc tógála 7). I ndáil leis sin, mar an chéad chéim den timthriall bliantúil bainistithe imirce, ní mór faisnéis faoin leibhéal ullmhachta san Aontas agus sna Ballstáit a áireamh sa Tuarascáil Bhliantúil Eorpach ar Thearmann agus Imirce. Tacóidh ullmhacht agus pleanáil theagmhasach freisin le freagairt thapa, éifeachtúil agus chomhordaithe i gcás géarchéim imirce, agus sainiúlachtaí geografacha á gcur san áireamh, lena n‑áirítear réigiúin teorann.

Is éard atá i gceist leis an ullmhacht an bonneagar agus na hacmhainní agus daonna, ábhartha agus airgeadais is gá a leithdháileadh chun feidhmiú na gcóras tearmainn agus imirce a ráthú, chomh maith le comhordú i measc na n‑údarás ábhartha, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais.

Is cuid den ullmhacht í an phleanáil theagmhasach mar a shainordaítear leis an Treoir maidir le Dálaí Glactha. Is é is aidhm don phleanáil theagmhasach sin córais ghlactha níos athléimní a thógáil agus a chothabháil ar fud an Aontais, ar córais iad atá in ann feidhmiú go héifeachtúil, lena n‑áirítear i gcásanna géarchéime. Ar an gcúis sin, tá sé ríthábhachtach go gcumhdódh na pleananna teagmhasacha sin nósanna imeachta tearmainn freisin (féach bloc tógála 4). Mura bhfuil aon bheart teagmhasach ann chun iarratais ar thearmann a phróiseáil, is in olcas a rachadh an brú ar na córais ghlactha i gcásanna brú nó géarchéime. Trí nósanna imeachta tearmainn a chuimsiú sna pleananna teagmhasacha maidir le glacadh a cheanglaítear faoin Treoir athmhúnlaithe maidir le Dálaí Glactha, éascófar sineirgí freisin i measc na ngníomhaithe éagsúla lena mbaineann agus áiritheofar go ndéanfar próisis a chuíchóiriú agus go mbeidh na bearta is gá i bhfeidhm. Ní mór athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar na pleananna teagmhasacha sin go tráthrialta (gach 3 bliana ar a laghad).

Ag an am céanna, cé go bhfuil raon feidhme níos leithne ag na straitéisí náisiúnta atá le hullmhú faoin Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce, ba cheart a chuimsiú leo na hoibleagáidí nua a tugadh isteach maidir le pleanáil theagmhasach a dhéanamh ar bhealach atá comhsheasmhach comhlántach leis na hoibleagáidí atá ann cheana maidir le bainistiú teorainneacha agus filleadh (féach bloic thógála 2 agus 5). 

Ó thaobh na hoibríochta de, soláthraítear le sásra an Aontais maidir le hullmhacht agus bainistiú géarchéimeanna a bhaineann leis an imirce (an Treoirphlean Ullmhachta Imirce agus Géarchéime) ina dhá chéim (faireachán agus ullmhacht, ar thaobh amháin agus bainistiú géarchéime, ar an taobh eile), tríd an Líonra AE um Ullmhacht agus um Bainistiú Géarchéimeanna i ndáil leis an Imirce, creat rannpháirtíochta chun faireachán agus réamh‑mheas a dhéanamh ar shreabha imirce agus ar staideanna imirce, athléimneacht a fhorbairt chomh maith le freagairt chomhordaithe ar ghéarchéim imirce a eagrú. Tá ról lárnach ag gníomhaireachtaí an Aontais freisin maidir le tacaíocht spriocdhírithe a chur ar fáil chomh maith le faireachán a dhéanamh ar ullmhacht agus ar phleanáil theagmhasach, i gcomhréir lena sainorduithe féin.

Leis an obair faoin mbloc tógála sin, cuirtear freisin le cur chuige trasearnála, uile-ghuaise agus uile-shochaí a fhorbairt maidir le hullmhacht agus freagairt ar ghéarchéimeanna ar leibhéal an Aontais, bunaithe ar Chonclúidí mhí an Mhárta 2024 ón gComhairle Eorpach.

Sa chomhthéacs sin, ba cheart na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh chun cur chun feidhme éifeachtach an bhloic tógála sin a áirithiú:

Na Ballstáit 

Reachtaíocht

üBa cheart do na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a gcreataí rialála náisiúnta agus iad a choigeartú de réir mar is gá. Beidh ar na Ballstáit, go háirithe, na forálacha ábhartha den Treoir maidir le Dálaí Glactha a bhaineann le pleanáil theagmhasach a thrasuí.

Próisis eagrúcháin agus riaracháin

üBeidh ar na Ballstáit pleananna teagmhasacha náisiúnta maidir le glacadh (agus tearmann) a fhorbairt faoi mhí Aibreáin 2025 (laistigh de 10 mí ó theacht i bhfeidhm na Treorach nua maidir le Dálaí Glactha), agus úsáid á baint as teimpléad nuafhorbartha Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann.

üBa cheart do na Ballstáit na socruithe riaracháin is gá a dhéanamh chun tacú le ceapadh, glacadh, cur chun feidhme agus athbhreithniú tráthrialta na bpleananna teagmhasacha cuimsitheacha maidir le himirce agus tearmann. D’fhéadfaí a áireamh leis sin bunú struchtúr comhordaithe idir-aireachta lena dtabharfaí le chéile na sraitheanna oibre lena gcumhdófaí pleananna teagmhasacha éagsúla faoi bhunúis dlí éagsúla (teorainneacha, glacadh, tearmann, etc.).

üBeidh ar na Ballstáit a áirithiú freisin go ndéanfar faisnéis ábhartha maidir le hullmhacht a bhailiú agus a chomhroinnt de réir mar is ábhartha laistigh de theorainneacha ama an Rialacháin maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce chun críocha ullmhú na Tuarascála Bliantúla Eorpaí maidir le Tearmann agus Imirce (féach bloc tógála 7).

Acmhainneachtaí (acmhainní daonna, bonneagar, agus trealamh)

üIarrtar ar na Ballstáit athbhreithnithe sistéamacha a dhéanamh chun tacú le hullmhacht oibríochtúil agus le pleanáil theagmhasach chun go mbeidh siad in ann na leibhéil ábhartha acmhainneachta a mhéadú agus a laghdú go héifeachtach i gcás inar gá. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar na hacmhainní is gá, mar shampla i dtéarmaí foirne oilte, TF, agus trealamh eile, chomh maith le glacadh, lóistíocht agus bonneagair níos leithne.

An Coimisiún

Tacaíocht Phraiticiúil

üTacóidh an Coimisiún agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann leis na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a bpleananna teagmhasacha náisiúnta maidir le glacadh agus tearmann agus iad a dhréachtú , arna iarraidh sin do na Ballstáit, agus éascóidh siad malartú dea-chleachtas agus eolais trí shásra an Aontais maidir le hullmhacht agus bainistiú géarchéimeanna a bhaineann leis an imirce.

Oibleagáid Dhlíthiúil

üForbróidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann teimpléad do na pleananna teagmhasacha náisiúnta maidir le glacadh agus tearmann, rud atá beartaithe faoi láthair don cheathrú ráithe de 2024 agus cuirfidh sé tacaíocht ar fáil do na Ballstáit chun athbhreithniú a dhéanamh ar a bpleananna teagmhasacha agus iad a fhorbairt, arna iarraidh sin do na Ballstáit.

Príomh‑gharspriocanna le cur san áireamh:

Faoi dheireadh 2024 forbróidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann teimpléad le haghaidh pleananna teagmhasacha.

Faoin 12 Aibreán 2025, glacfaidh na Ballstáit a bpleananna teagmhasacha náisiúnta agus tabharfaidh siad fógra do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann ina leith.



BLOC TÓGÁLA 9

Coimircí nua d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus daoine leochaileacha, agus faireachán méadaithe ar chearta bunúsacha

Leis an gComhshocrú, leagtar amach agus soiléirítear a thuilleadh coimircí agus ráthaíochtaí tábhachtacha do na hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus do dhaoine a bhfuil riachtanais shonracha acu, go háirithe mionaoisigh agus teaghlaigh a bhfuil leanaí acu nó mná aonair agus máithreacha aonair. Ar fud na ngníomhartha dlí nua go léir, foráiltear do chearta nua agus feabhsaithe. Tugtar le chéile iad sa bhloc tógála trasearnála seo.

Trí na cearta, na coimircí agus na ráthaíochtaí sin a chur chun feidhme, cosnaítear dínit an duine agus áirithítear fíorcheart éifeachtach chun tearmainn, lena n‑áirítear do na daoine is leochailí, chomh maith le rochtain ar leigheasanna éifeachtacha. Leis na coimircí agus na ráthaíochtaí sin, cosnaítear cearta bunúsacha i gcomhréir le Cairt an Aontais. An tráth céanna, cabhraíonn siad freisin le sláine na nósanna imeachta a chosaint ar fud na mbloc tógála go léir.

Is féidir achoimre a dhéanamh ar na cearta, na coimircí agus na ráthaíochtaí sin mar seo a leanas: 

- Cearta faisnéise nua agus neartaithe d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta ar fud na ngníomhartha reachtacha nua, ionas gur féidir le hiarratasóirí a gcearta, a n‑oibleagáidí agus na hiarmhairtí a bhaineann le neamh‑chomhlíonadh a n‑oibleagáidí a thuiscint go tráthúil. Is gá faisnéis a sholáthar chun na rialacha a chur i bhfeidhm maidir le mí‑úsáid a dhéanann iarratasóirí a chomhrac. Ní mór faisnéis a sholáthar agus sainiúlachtaí phróifíl an iarratasóra á gcur san áireamh.

- Ceart nua chun comhairleoireacht dhlíthiúil saor in aisce d'iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta le linn chéim riaracháin an nós imeachta. Tá feidhm aige sin maidir leis na nósanna imeachta riaracháin uile, lena n‑áirítear an nós imeachta teorann agus an nós imeachta maidir le freagracht na mBallstát as iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a chinneadh. Beidh sé fós de cheart ag gach iarratasóir cúnamh a fháil ó dhlíodóir agus dlíodóir a bheith aige ag céim an achomhairc.

-Leochaileachtaí agus riachtanais speisialta nós imeachta agus ghlactha a shainaithint níos luaithe agus sprioc-amanna níos soiléire a bheith ag gabháil leo don chéad mheasúnú agus do mheasúnuithe aonair chomh maith le hobair leantach thapa d’íospartaigh an chéasta agus an fhoréigin.

- Ráthaíochtaí níos láidre chun a áirithiú go n‑úsáidfear an choinneáil mar rogha dheireanach, tar éis measúnú aonair, le coimircí i bhfeidhm i gcás ina bhfuil riosca tromchúiseach ann do shláinte fhisiceach nó mheabhrach iarratasóirí (i gcás ina mbeadh riosca tromchúiseach ann do shláinte fhisiceach agus mheabhrach iarratasóirí a bhfuil riachtanais ghlactha speisialta acu, ní féidir na hiarratasóirí sin a choinneáil).

- Ráthaíochtaí nua do mhionaoisigh: Agus an Comhshocrú á chur chun feidhme, ní mór do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh cosaint leanaí lárnach i gcónaí, agus go háirithe, nach mór do na Ballstáit tús áite a thabhairt do leas an linbh 36 .

Ina theannta sin, le hionstraimí an Chomhshocraithe, cuirtear ráthaíochtaí nua ar bun do mhionaoisigh mar a leagtar amach thíos.

Ba cheart ionadaí a cheapadh go tapa do gach mionaoiseach neamhthionlactha – le caighdeáin oiliúna threisithe – chun a áirithiú go nurramófar go hiomlán leasanna an linbh, lena náirítear a fholláine (ionadaí sealadach láithreach, lena náirítear chun méarloirg a thógáil 37 , agus ionadaí buan laistigh de 15 lá ón iarratas a dhéanamh le cóimheas 1 ionadaí do 30 mionaoiseach neamhthionlactha). Má thagann an mionaoiseach neamhthionlactha chun bheith ina thairbhí cosanta idirnáisiúnta, beidh feidhm ag coimircí breise maidir le caomhnóirí (ceanglais le haghaidh caomhnóirí, déanfaidh gach caomhnóir ionadaíocht do líon comhréireach teoranta mionaoiseach neamhthionlactha, an fhéidearthacht gearáin a dhéanamh i gcoinne an chaomhnóra, maoirseacht agus faireachán a dhéanamh ar chaomhnóirí).

Áirítear sa Chomhshocrú freisin ráthaíochtaí treisithe do mhionaoisigh neamhthionlactha i ndáil leis an nós imeachta teorann. Déantar iad a eisiamh go huathoibríoch mura rud é go bhfuil siad, ar fhorais thromchúiseacha, ina mbagairt don tslándáil náisiúnta nó don ord poiblí. Ach sa chás sin, ní mór feidhm a bheith ag na cearta nós imeachta agus glactha uile maidir le mionaoisigh neamhthionlactha, lena n‑áirítear éifeacht fionraíochta uathoibríoch an achomhairc i gcás iarratas ar thearmann a diúltaíodh.

I gcás gach mionaoisigh: forálacha nua chun a chosc go mbeidh leanaí ag dul ar iarraidh (méarlorgaireacht a dhéanamh orthu ó 6 bliana d’aois ar aghaidh) agus ráthaíochtaí níos láidre chun roghanna malartacha eile seachas coinneáil a áirithiú (ós rud é nár cheart leanaí a choinneáil de ghnáth), chun dearcadh na leanaí a chur san áireamh agus chun faisnéis atá oiriúnach do leanaí a sholáthar.

Tugtar isteach oibleagáid maidir le cur chuige ildisciplíneach i leith measúnú aoise chun íoslaghdú a dhéanamh ar úsáid scrúduithe leighis cunóracha nach féidir a úsáid ach amháin más measúnú ildisciplíneach neamhchonclúideach é an chéad mheasúnú ildisciplíneach. Ní mór rochtain ar oideachas a áirithiú a luaithe is féidir do gach leanbh agus laistigh de 2 mhí ar a dhéanaí ó iarratas ar thearmann a thaisceadh, agus ní mór rochtain ar chúram sláinte a bheith ag teacht leis an rochtain atá ag mionaoiseach ar náisiúnaigh iad.

Ina theannta sin, i gcás ina bhfuil teaghlaigh a bhfuil leanaí acu faoi réir an nós imeachta teorann, ní mór tús áite a thabhairt do scrúdú a dhéanamh ar iarratais ó mhionaoisigh agus óna mbaill teaghlaigh agus ní mór saoráidí glactha do mhionaoisigh agus dá mbaill teaghlaigh a bheith oiriúnach dá riachtanais, agus lánurraim á tabhairt don Treoir athmhúnlaithe maidir le Dálaí Glactha.

- An ceart chun fanacht agus an ceart ar leigheas éifeachtach: Tá sé de cheart ag duine fanacht sna Ballstáit ina bhfuil an t‑iarratas á phróiseáil le linn chéim riaracháin an nós imeachta. Tá na heisceachtaí ón gceart seo leagtha amach go soiléir. I gcás cinneadh diúltach, tá sé de cheart ag duine leigheas éifeachtach (achomharc) a fháil lena bhforálfaí maidir le scrúdú iomlán ex nunc ar fhíorais agus ar phointí dlí araon os comhair cúirt nó binse céadchéime ar a laghad. D’fhéadfadh éifeacht fionraíochta uathoibríoch a bheith i gceist leis an achomharc, rud a chiallaíonn go bhfuil an ceart ag an duine fanacht ar feadh ré an achomhairc, cé is moite d’eisceachtaí a shainítear go soiléir. Ceann de na heisceachtaí sin is ea an nós imeachta teorann, agus de ghnáth ní bhíonn éifeacht fionraíochta uathoibríoch ag achomhairc a dhéantar ina leith, ach bíonn sé de cheart ag an duine a iarraidh ar chúirt nó ar bhinse fanacht ar feadh ré an achomhairc.

- Sásra neamhspleách chun faireachán a dhéanamh ar chearta bunúsacha le linn chéim an scagtha agus an nós imeachta teorann um thearmann. Ina theannta sin, ní mór do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le sásra éifeachtach chun imscrúdú a dhéanamh ar líomhaintí maidir le mainneachtain cearta bunúsacha a urramú chun cur ar a chumas don íospartach rochtain a fháil ar cheartas sibhialta nó coiriúil.

Beidh ar an sásra faireacháin neamhspleách náisiúnta faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh dhlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta, a mhéid a bhaineann le rochtain ar an nós imeachta tearmainn, prionsabal an non‑refoulement, leas an linbh agus na rialacha ábhartha maidir le coinneáil, le linn an scagtha agus an nós imeachta teorann um thearmainn. Ní mór a áirithiú leis go ndéileálfar go héifeachtach le líomhaintí cuí‑réasúnaithe maidir le mainneachtain cearta bunúsacha a urramú agus, go ndéanfar imscrúduithe ar líomhaintí den sórt sin de réir mar is gá.

Ní mór don sásra faireacháin neamhspleách a chúraimí a dhéanamh bunaithe ar sheiceálacha ar an láthair agus ar sheiceálacha randamacha agus neamhfhógartha, agus rochtain a bheith aige ar gach suíomh ábhartha, lena náirítear saoráidí glactha agus coinneála. Féadfaidh eagraíochtaí idirnáisiúnta agus neamhrialtasacha ábhartha a bheith rannpháirteach sa sásra faireacháin nó, i gcás nach bhfuil baint ag na heagraíochtaí sin leis, ní mór don sásra faireacháin neamhspleách dlúthnaisc a bhunú agus a choinneáil ar bun leo. Tá sé de chumhacht ag na comhlachtaí faireacháin moltaí bliantúla a eisiúint do na Ballstáit agus d’fhéadfadh a dtorthaí a bheith ábhartha do nósanna imeachta ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais 38 .

Sa chomhthéacs sin, ba cheart na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh chun cur chun feidhme éifeachtach an bhloic tógála sin a áirithiú:

Na Ballstáit

Reachtaíocht

üBa cheart do na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a gcreataí rialála náisiúnta agus iad a choigeartú de réir mar is gá chun cur i bhfeidhm éifeachtach na gceart agus na ráthaíochtaí nua a áirithiú. Beidh ar na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar choigeartuithe san athbhreithniú a dhéanfaidh siad ar a gcreataí rialála náisiúnta chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go héifeachtach an ceart nua ar chomhairleoireacht dhlíthiúil saor in aisce d’iarratasóirí i ngach nós imeachta (laistigh den raon feidhme agus de na coinníollacha sa Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce agus sa Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn), lena náirítear an nós imeachta teorann agus an nós imeachta chun a chinneadh an Ballstát atá freagrach as iarratas ar thearmann a scrúdú. Má tá cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce á gcur ar fáil cheana féin ag an mBallstát le linn na céime riaracháin le haghaidh gach nós imeachta, ní gá coigeartuithe a dhéanamh ar a gcórais.

Beidh ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar foráil sa chreat dlíthiúil náisiúnta maidir le roghanna malartacha ar choinneáil, coimircí ábhartha cosanta leanaí, lena n‑áirítear forálacha chun cur i bhfeidhm éifeachtach an mheasúnaithe aoise ildisciplíneach nua a áirithiú, chomh maith leis na ráthaíochtaí feabhsaithe maidir le hionadaíocht agus caomhnóireacht do mhionaoisigh neamhthionlactha.

üBeidh ar na Ballstáit an creat dlíthiúil maidir le sásra faireacháin neamhspleách le haghaidh cearta bunúsacha don scagadh agus don nós imeachta teorann a chur ar fáil, ar creat dlíthiúil é a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán maidir le scagadh agus sa Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn. I gcás ina bhfuil sásra faireacháin um chearta bunúsacha i bhfeidhm ag na Ballstáit cheana féin, ní mór don chreat dlíthiúil a neamhspleáchas a áirithiú, mar aon leis an raon feidhme, na cúraimí agus na cumhachtaí a leagtar síos sa Rialachán maidir le scagadh agus sa Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn. Thairis sin, ní mór do na Ballstáit forálacha ábhartha a ghlacadh faoin dlí náisiúnta chun imscrúdú a dhéanamh ar líomhaintí maidir le mainneachtain cearta bunúsacha a urramú i ndáil leis an scagadh agus chun tarchur a áirithiú, i gcás inarb iomchuí, chun imeachtaí ceartais shibhialta nó choiriúil a thionscnamh i gcásanna nach nurramaítear nó nach bhforfheidhmítear cearta bunúsacha.

Próisis eagrúcháin agus riaracháin

üBeidh ar na Ballstáit ábhar faisnéise a fhorbairt agus a áirithiú gur féidir le hiarratasóirí a gcearta agus a noibleagáidí a thuiscint go tráthúil idir na nósanna imeachta agus le linn an ghlactha. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar shreafaí oibre agus ar nósanna imeachta chun faisnéis a sholáthar i gceart, nó más gá, iad a fhorbairt. Ní mór an soláthar faisnéise a oiriúnú do shainiúlachtaí phróifíl an iarratasóra, amhail leochaileachtaí, chomh maith le riachtanais nós imeachta agus ghlactha (mar shampla má tá an tiarratasóir faoi mhíchumas sonrach nó más leanbh nó íospartach gáinneála nó foréigin é) agus ina mínítear i dteanga shimplí cearta agus oibleagáidí na niarratasóirí. Ba cheart deimhniú ar an bhfaisnéis a fuarthas a bheith san áireamh sna sreafaí oibre.

üBeidh ar na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar na cleachtais agus na nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha atá ann cheana agus iad a oiriúnú de réir mar is gá chun riachtanais shonracha nós imeachta nó ghlactha a shainaithint go luath agus chun obair leantach a dhéanamh orthu chun na sprioc-amanna nua a chomhlíonadh (i.e., ní mór an measúnú ar riachtanais ghlactha speisialta agus riachtanais nós imeachta speisialta a thabhairt chun críche laistigh de 30 lá ó iarratas a dhéanamh).

Sa chomhthéacs sin, beidh ar na Ballstáit a áirithiú freisin go mbeidh na próisis riaracháin is gá (e.g., sreafaí oibre faisnéise iomchuí idir na húdaráis ábhartha) i bhfeidhm chun an nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm nó gan é a chur i bhfeidhm maidir le hiarratasóirí a bhfuil riachtanais speisialta acu maidir le nós imeachta agus glacadh nach féidir freastal orthu leis an nós imeachta teorann, lena n‑áirítear i gcás ina bhfuil údar leis sin ar fhorais sláinte.

I gcás teaghlaigh a bhfuil leanaí acu, ní mór a áireamh sna próisis riaracháin freisin an oibleagáid tosaíocht a bhaint de theaghlaigh a bhfuil leanaí acu sna cásanna dá bhforáiltear sa Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn (ach amháin má mheastar, ar fhorais thromchúiseacha, gur baol iad do shlándáil náisiúnta agus d’ord poiblí Ballstáit).

üBa cheart do na Ballstáit treoracha nó prótacail shonracha a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar roghanna malartacha ar choinneáil chun a áirithiú nach núsáidfear coinneáil go huathoibríoch, trí mheasúnuithe aonair a dhéanamh go cuí agus trí roghanna malartacha éifeachtacha ar choinneáil a chur i bhfeidhm freisin. Beidh ar na Ballstáit na bearta dlíthiúla agus eagraíochtúla is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hamlínte nua le haghaidh athbhreithniú breithiúnach i gcoinne cinntí coinneála (tráth nach déanaí ná 15 lá nó, i gcásanna eisceachtúla, tráth nach déanaí ná 21 lá ó thús na coinneála).

A mhéid a bhaineann le leanaí, is é an riail ghinearálta nár cheart iad a choinneáil. Dá bhrí sin, agus na treoracha nó na prótacail shonracha maidir le coinneáil á bhforbairt acu, ní mór do na Ballstáit a áirithiú nach gcoinneofar leanaí ach amháin in imthosca eisceachtúla, i gcás ina bhfuil géarghá leis, mar rogha dheireanach agus ar feadh na tréimhse ama is giorra is féidir, tar éis dóibh a shuí nach féidir bearta malartacha eile nach bhfuil chomh comhéigneach céanna a chur i bhfeidhm go héifeachtach, agus tar éis a mheas gur chun a leasa iad an choinneáil.

üBeidh ar na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar nósanna imeachta atá ann cheana nó nósanna imeachta nua a fhorbairt chun rochtain ar chomhairleoireacht dhlíthiúil saor in aisce a áirithiú (mura soláthraíonn an Ballstát an chomhairleoireacht dhlíthiúil saor in aisce sin cheana féin) i gcomhréir leis na coinníollacha rochtana sa Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn agus sa Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce. Má tá cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce á gcur ar fáil cheana féin ag an mBallstát le linn na céime riaracháin le haghaidh na nósanna imeachta uile, ní gá coigeartuithe a dhéanamh ar a gcórais.

üBa cheart do na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar shreafaí oibre, prótacail agus próisis nó iad a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéanfar measúnú ar leas an linbh agus é a chur in ord tosaíochta go haonarach ag gach céim den nós imeachta, agus moladh ón gCoimisiún maidir le bearta sonracha chun imircigh ar leanaí iad a chosaint 39 á chur san áireamh; go háirithe, chun córas comhtháite bainistithe cásanna a áirithiú i sineirgíocht le seirbhísí náisiúnta cosanta leanaí, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, go háirithe i bpróisis tacaíochta oibríochtúla agus faireacháin; a áirithiú go ndéanfar na himeachtaí agus na córais ghlactha ábhartha uile a oiriúnú chun aois, riachtanais agus leochaileachtaí leanaí a chur san áireamh mar thosaíocht.

üBeidh ar na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha le haghaidh measúnú aoise agus iad a choigeartú chun an measúnú aoise ildisciplíneach nua a chur i bhfeidhm. Tá gnéithe úsáideacha i dTreoir Chleachtais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann maidir le measúnú aoise 40 maidir le nósanna imeachta den sórt sin a fhorbairt.

üBeidh ar na Ballstáit a áirithiú freisin go mbeidh na próisis riaracháin is gá i bhfeidhm chun mionaoisigh neamhthionlactha a eisiamh ón nós imeachta teorann (ach amháin má mheastar, ar fhorais thromchúiseacha, gur baol iad do shlándáil náisiúnta agus ord poiblí Ballstáit).

üBeidh ar na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a gcórais chun ionadaithe a cheapadh do mhionaoisigh neamhthionlactha agus ar na sreafaí oibre agus na nósanna imeachta chun a riachtanais a shainaithint agus a mheas go luath, agus na ceanglais nua cháilíochta agus faireacháin d’ionadaithe agus na sprioc-amanna nua á gcur san áireamh. Ba cheart dóibh athbhreithniú a dhéanamh freisin ar a gcórais chun caomhnóirí a cheapadh, chun a áirithiú go gcomhlíontar na ceanglais nua faoin Rialachán Cáilitheachta (saineolas riachtanach, rialacha rúndachta, taifead fíoraithe) agus na ceanglais nua mhaoirseachta agus faireacháin. Beidh orthu freisin na nósanna imeachta agus na struchtúir riaracháin is gá a leagan síos (mura bhfuil siad i bhfeidhm cheana féin) chun a áirithiú gur féidir le mionaoisigh neamhthionlactha gearáin a chur isteach i ndáil lena gcaomhnóir ceaptha.

Acmhainneachtaí (acmhainní daonna, bonneagar, agus trealamh)

üBeidh ar na Ballstáit acmhainneacht leordhóthanach a áirithiú chun riachtanais shonracha na niarratasóirí a shainaithint agus chun a bheith in ann aghaidh a thabhairt ar na riachtanais shonracha sin ag gach céim den nós imeachta agus sa ghlacadh. Maidir le bonneagar, ceanglaítear leis sin ar na Ballstáit cóiríocht leordhóthanach a chur in oiriúint do riachtanais shonracha iarratasóirí. Chuige sin, beidh gá le baill foirne atá oilte go cuí, lena n‑áirítear oibrithe sóisialta, ateangairí, pearsanra liachta, oifigigh cosanta leanaí etc.

I gcás ina bhfuil teaghlaigh a bhfuil leanaí acu (nó mionaoiseach neamhthionlactha) faoi réir an nós imeachta teorann, beidh ar na Ballstáit a áirithiú go bhfuil a saoráidí glactha oiriúnach dá riachtanais tar éis dóibh leas an linbh a mheas, agus go gcomhlíonann siad caighdeán maireachtála atá leordhóthanach d’fhorbairt fhisiciúil, mheabhrach, spioradálta, mhorálta agus shóisialta an mhionaoisigh, agus lánurraim á tabhairt do cheanglais na Treorach athmhúnlaithe maidir le Dálaí Glactha.

üBa cheart go mbeidh acmhainneacht leordhóthanach ag na Ballstáit roghanna malartacha ar choinneáil a chur chun feidhme agus an leas is fearr is féidir a bhaint as a néifeachtacht.

üBeidh ar na Ballstáit acmhainneacht a bhunú le haghaidh comhairleoireacht dhlíthiúil saor in aisce faoi gach nós imeachta, bíodh sin go díreach nó trí shocruithe seirbhíse le tríú páirtithe cáilithe. Is deis é sin freisin chun aon bhearna acmhainneachta atá ann cheana maidir le cúnamh dlí saor in aisce agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce ag céim an achomhairc a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu.

üBeidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh acmhainneacht leordhóthanach acu chun gach coimirce a áirithiú do leanaí, lena náirítear mionaoisigh neamhthionlactha. I bhfianaise an mhéadaithe shuntasaigh ar choimircí a áirítear ar fud ionstraimí uile an Chomhshocraithe, ba cheart do na Ballstáit athbhreithniú cúramach a dhéanamh ar an acmhainneacht atá ann cheana agus machnamh dáiríre a dhéanamh ar a seirbhísí náisiúnta cosanta leanaí a neartú. Ní mór líon foirne leordhóthanach atá oilte i gceart a bheith ar fáil ar feadh an phróisis chun measúnuithe ar leas an linbh a dhéanamh agus foráil a dhéanamh maidir le hobair leantach, lena náiritheofar coimircí cosanta leanaí agus tacaíocht ildisciplíneach.

üBeidh ar na Ballstáit cumas leordhóthanach a bheith acu chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag gach leanbh is iarratasóir ar oideachas laistigh de 2 mhí ón tráth a chuirtear isteach an tiarratas ar thearmann. D’fhéadfadh sé gur ghá saoráidí glactha agus bonneagar a oiriúnú dá réir.

üBeidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh líon gairmithe cáilithe leordhóthanach ar fáil do chineál ildisciplíneach an mheasúnaithe aoise (lena náirítear péidiatraithe, síceolaithe, oibrithe sóisialta, etc.). Tá gnéithe úsáideacha i dTreoir Chleachtais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann maidir le riachtanais foirne a aithint.

üBeidh ar na Ballstáit a áirithiú gur féidir líon ionadaithe leordhóthanacha agus cáilithe do mhionaoisigh neamhthionlactha a cheapadh laistigh de na sprioc-amanna nua (a luaithe is féidir agus laistigh de 15 lá ón iarratas a dhéanamh) agus i gcomhréir leis an gcóimheas uasta (ionadaí amháin in aghaidh gach 30 mionaoiseach neamhthionlactha 41 . Ina theannta sin, beidh ar na Ballstáit líon leordhóthanach caomhnóirí fadtéarmacha a áirithiú do mhionaoisigh neamhthionlactha atá ina dtairbhithe cosanta idirnáisiúnta agus go mbeidh na caomhnóirí sin ionadaíoch do líon comhréireach agus teoranta mionaoiseach neamhthionlactha. D’fhonn na hoibleagáidí nua maidir le hionadaíocht agus caomhnóireacht a chomhlíonadh, ba cheart do na Ballstáit measúnú críochnúil a dhéanamh ar an acmhainneacht agus ar na heasnaimh atá ann faoi láthair. Ní mór seirbhísí do mhionaoisigh neamhthionlactha atá ag aistriú chuig aosacht a bheith i bhfeidhm chun tacaíocht agus seirbhísí leanúnacha a áirithiú, chun an taistriú ón gcóras glactha a ullmhú agus chun cuidiú le bearta lánpháirtíochta luatha.

üBeidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh acmhainneacht leordhóthanach agus acmhainní airgeadais iomchuí ag an sásra neamhspleách chun faireachán a dhéanamh ar chearta bunúsacha chun a chúraimí a chur i gcrích, lena náirítear na comhpháirtíochtaí ábhartha, pearsanra cáilithe leordhóthanach, socruithe riaracháin agus costais reatha a phleanáil agus a áirithiú. Beidh orthu dlúthnaisc a áirithiú freisin le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta sa phróiseas leanúnach sin.

An Coimisiún

üTabharfaidh an Coimisiún tacaíocht iomlán (lena náirítear tacaíocht airgeadais) do chur chun feidhme an bhloic tógála sin, lena náirítear trí mhalartú leordhóthanach a áirithiú faoi chuimsiú chruinnithe a shaineolaithe agus trí chuidiú le dea-chleachtais sna líonraí ábhartha a chomhordú agus a shainaithint, lena náirítear Líonra an Aontais um Chearta an Linbh, cruinnithe na gComhordaitheoirí Eorpacha um Ráthaíochtaí do Leanaí nó an Gréasán Breithiúnach Eorpach in ábhair shibhialta agus thráchtála.

Eagróidh an Coimisiún cruinniú tiomnaithe den ghrúpa saineolaithe maidir le himircigh ar leanaí iad ina dtabharfar ionadaithe ó na riaracháin náisiúnta éagsúla le chéile chun na forálacha a bhaineann le leanaí a phlé ar fud ionstraimí uile an Chomhshocraithe.

Gníomhaireachtaí an Aontais

Oibleagáid dhlíthiúil

üSoláthróidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann treoir maidir le roghanna malartacha ar choinneáil agus teimpléad chun faisnéis a sholáthar.

üCuirfidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha treoir ar fáil maidir le Faireachán ar Chearta Bunúsacha. Tá tús curtha leis an obair sin cheana féin agus roinnfear í leis na Ballstáit in 2024.

Tacaíocht phraiticiúil 

üDéanfaidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann athbhreithniú ar a Threoir maidir le Leochaileacht - Caighdeáin agus Táscairí chun an reachtaíocht nua a léiriú agus chun modúil oiliúna a bhaineann le leochaileacht agus cosaint mionaoiseach a thabhairt cothrom le dáta.

üCuirfidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann tacaíocht oibríochtúil ar fáil do chomhairleoireacht dhlíthiúil nuair a iarrann na Ballstáit sin.

üDéanfaidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha a treoir maidir le mionaoisigh/caomhnóireacht a thabhairt cothrom le dáta.

Garspriocanna tábhachtacha

Faoin gceathrú ráithe de 2024, glacfaidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha treoraíocht maidir le Faireachán ar Chearta Bunúsacha.

Faoi dheireadh 2025, forbróidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann teimpléid agus ábhair le haghaidh soláthar faisnéise.


BLOC TÓGÁLA 10

Athlonnú, Cuimsiú agus Imeascadh

Athdhearbhaítear leis an gComhshocrú tiomantas an Aontais do bhealaí sábháilte dleathacha a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil cosaint de dhíth orthu. Chun rogha inmharthana eile ar thurais neamhrialta chontúirteacha a chur ar fáil agus chun comhpháirtíochtaí a neartú le tíortha nach bhfuil san Aontas a bhfuil daonraí móra teifigh á n‑óstáil acu, leanfaidh an tAontas de bheith ag cabhrú le freastal ar riachtanais athlonnaithe dhomhanda atá ag dul i méid agus cuirfidh sé feabhas ar cháilíocht na bpróiseas athlonnaithe agus ligean isteach ar fhoras daonnúil.

Ina theannta sin, tá iarrachtaí na mBallstát chun imircigh a imeascadh agus a chuimsiú riachtanach i gcónaí chun go néireoidh le beartas imirce agus tearmainn. Is infheistíocht iad na hiarrachtaí sin freisin i gcomhtháthú fadtéarmach ár sochaithe agus ár bhfolláine eacnamaíche. Is éifeachtaí an tacaíocht lánpháirtíochta nuair a thosaíonn sí ag céim luath. Is minic a léirítear go bhfuil sé ríthábhachtach oibriú le comhpháirtithe sóisialta agus eacnamaíocha chun imeascadh thairbhithe na cosanta idirnáisiúnta i margadh an tsaothair a chur chun cinn. Dá ndéanfadh na Ballstáit aitheantas cáilíochtaí agus bailíochtú scileanna náisiúnach tríú tír a shimpliú agus a bhrostú, mar a mhol an Coimisiún i mí na Samhna 2023 42 , d’éascófaí a lánpháirtiú.

Cuireann an Rialachán maidir le Creat an Aontais um Athlonnú agus um Ligean Isteach ar Fhoras Daonnúil (‘an Rialachán maidir le hAthlonnú’) leis an saineolas atá forbartha ag Ballstáit an Aontais le linn cur chun feidhme sé scéim ad hoc um athlonnú agus um ligean isteach ar fhoras daonnúil atá maoinithe ag an Aontas. Leis an rialachán sin tugtar bonn níos buaine d’obair an Aontais ar bhealaí sábháilte agus dlíthiúla chun cosanta, agus lánurraim á tabhairt do chineál deonach iarrachtaí na mBallstát á an tráth céanna.

Foráiltear leis an Rialachán maidir le hAthlonnú maidir le cur chuige comhchuibhithe i dtaca leo siúd a bhfuil cosaint de dhíth orthu a ligean isteach, lena n‑áirítear critéir incháilitheachta choiteanna agus forais diúltaithe, agus is é is aidhm dó cóineasú a chothú maidir le stádas na cosanta. Ina theannta sin, cuirfear sonraí ar fáil i bPlean nua an Aontais um Athlonnú agus um Ligean Isteach ar Fhoras Daonnúil maidir leis an líon daoine a bhfuil cosaint de dhíth orthu atá le ligean isteach agus maidir leis na tosaíochtaí geografacha don ligean isteach sin, thar thréimhse 2 bhliain, rud a chuirfidh le hintuarthacht agus le hiontaofacht an phróisis.

Leis an Rialachán Cáilitheachta, déantar cearta na dtairbhithe cosanta idirnáisiúnta a chomhchuibhiú agus a shoiléiriú a thuilleadh, agus cuirtear deiseanna nua ar fáil do na Ballstáit an comhtháthú a bharrfheabhsú agus a chur chun cinn. Tá rochtain éifeachtach agus gasta ar na cearta sin ríthábhachtach chun a sheachaint go mbeadh ró‑ualach ar na córais ghlactha d’iarratasóirí (féach bloc tógála 3). Tá sé tábhachtach freisin go bhfeidhmeoidh na rialacha freagrachta (féach bloc tógála 6) chun a áirithiú go mbeifear in ann aistrithe Bhaile Átha Cliath a chur chun feidhme.

Tá sé tábhachtach go mbeidh na tairbhithe féintuilleamaíoch go luath chun torthaí lánpháirtíochta foriomlána níos fearr a bhaint amach do thairbhithe agus do na pobail ina gcónaíonn siad, rud a laghdaíonn an t‑ualach airgeadais ar na Ballstáit. Ba cheart do na Ballstáit an Comhshocrú a úsáid mar dheis chun aon bhearna ina straitéisí lánpháirtíochta a shainaithint agus chun aghaidh a thabhairt orthu agus chun a áirithiú go bhfuil cearta á soláthar do thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta go héifeachtach, d’fhonn na cuspóirí agus na moltaí a leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta um Imeascadh agus Cuimsiú 2021-2027 a chur chun feidhme freisin. Is cuid bhunúsach den méid sin rochtain ar oideachas agus oiliúint, foghlaim teangacha, cúram sláinte agus tithíocht a áirithiú, chomh maith le tacaíocht a thabhairt do imeascadh i margadh an tsaothair.

Leis an Rialachán Cáilitheachta, cuirtear deiseanna ar fáil freisin chun dul i ngleic le gluaiseachtaí neamhúdaraithe tairbhithe cosanta idirnáisiúnta i measc na mBallstát. Faoi na rialacha nua, má aimsítear tairbhí i mBallstát seachas an Ballstát a dheonaigh cosaint gan ceart fanachta ná cónaí ann, foráiltear go gcuirfear tús arís le ríomh na tréimhse cónaithe 5 bliana is gá chun a bheith incháilithe don stádas cónaithe fadtéarmach.

Sa chomhthéacs sin, ba cheart na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh chun cur chun feidhme éifeachtach an bhloic tógála sin a áirithiú:

Maidir leis an Rialachán maidir le Creat an Aontais um Athlonnú agus um Ligean Isteach ar Fhoras Daonnúil:

Na Ballstáit

Reachtach

üBa cheart do na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a gcreataí rialaitheacha náisiúnta agus na coigeartuithe is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfear an dá Rialachán i bhfeidhm go héifeachtach.

Próisis eagrúcháin agus riaracháin

üBeidh ar na Ballstáit pointe teagmhála náisiúnta a cheapadh chun Plean an Aontais um Athlonnú agus um Ligean Isteach ar Fhoras Daonnúil a chur chun feidhme.

üBa cheart do na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar nósanna imeachta agus cleachtais náisiúnta agus iad a choigeartú agus sreafaí oibre a choigeartú nó a chur i bhfeidhm chun na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán a urramú, go háirithe na hoibleagáidí maidir leis an nós imeachta um ligean isteach, agus leis an measúnú ar na critéir incháilitheachta agus ar na forais chun cead isteach a dhiúltú.

Acmhainneachtaí (acmhainní daonna, bonneagar, agus trealamh)

üBa cheart do gach Ballstát foráil a dhéanamh maidir le foireann leordhóthanach agus eolach chun na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán a chur chun feidhme, go háirithe an nós imeachta um ligean isteach.

An Coimisiún

Oibleagáidí dlíthiúla

üTionólfaidh an Coimisiún an Coiste Ardleibhéil um Athlonnú agus um Ligean Isteach ar Fhoras Daonnúil, coiste a phléifidh cur chun feidhme an Rialacháin maidir le hAthlonnú agus a chuirfidh comhairle ar an gCoimisiún ina leith. Cuirfidh an Coiste Ardleibhéil stiúradh straitéiseach ar fáil freisin chun na tosaíochtaí geografacha a shainaithint as ar cheart ligean isteach a dhéanamh.

üMolfaidh an Coimisiún Plean 2 bhliain an Aontais um Athlonnú agus um Ligean Isteach ar Fhoras Daonnúil, bunaithe ar thoradh an phlé a rinne an Coiste Ardleibhéil agus Riachtanais Réamhmheasta Oifig ArdChoimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe maidir le hAthlonnú Domhanda. Áireofar sa Phlean táscairí maidir le ranníocaíochtaí deonacha na mBallstát de bhun an Rialacháin, agus léiriú ar na réigiúin ónar cheart ligean isteach a dhéanamh. Glacfaidh an Chomhairle an Plean Aontais sin mar ghníomh cur chun feidhme.

Tacaíocht phraiticiúil

üCuirfidh Sainghrúpa Athlonnaithe an Choimisiúin agus an Líonra um Athlonnú agus um Ligean Isteach ar Fhoras Daonnúil ón nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann na deiseanna ar fáil chun dea-chleachtais a chomhroinnt, fothú acmhainneachta a fheabhsú agus malartuithe oibríochtúla a chothú idir na Ballstáit agus geallsealbhóirí ábhartha eile, lena náirítear eagraíochtaí idirnáisiúnta agus an tsochaí shibhialta.

Gníomhaireachtaí an Aontais

üBeidh ról lárnach ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann i ndáil le tacaíocht oibríochtúil a chur ar fáil do na Ballstáit i gcur chun feidhme Chreat an Aontais um Athlonnú agus um Ligean Isteach ar Fhoras Daonnúil.

Maidir leis an Rialachán Cáilitheachta:

Na Ballstáit

Reachtach

üBa cheart do na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a gcreataí rialála agus iad a choigeartú de réir mar is gá chun a áirithiú gur féidir gnéithe nua den Rialachán Cáilitheachta a chur i bhfeidhm go héifeachtach ar an leibhéal náisiúnta, go háirithe i ndáil le ceadanna cónaithe agus doiciméid taistil, saorghluaiseacht tairbhithe cosanta idirnáisiúnta, rochtain ar oideachas do dhaoine fásta 43 , cóir chomhionann maidir le téarmaí fostaíochta, saoirse comhlachais agus cleamhnachta agus deiseanna oideachais a bhaineann le fostaíocht do dhaoine fásta, bailíochtú scileanna, ‘croíshochair’, nó coinníollacht fhéideartha cineálacha áirithe cúnaimh shóisialta maidir le rannpháirtíocht éifeachtach i mbearta lánpháirtíochta.

Próisis eagrúcháin agus riaracháin

üBeidh ar na Ballstáit pointe teagmhála náisiúnta a cheapadh chun an Rialachán Cáilitheachta a chur chun feidhme.

üBa cheart do na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar nósanna imeachta náisiúnta agus iad a choigeartú de réir mar is gá, go háirithe chun an oibleagáid maidir le heisiúint ceadanna cónaithe agus doiciméid taistil a chomhlíonadh laistigh de na teorainneacha ama nua (ní mór ceadanna cónaithe a eisiúint laistigh de 90 lá ón bhfógra faoin gcinneadh lena ndeonaítear cosaint idirnáisiúnta) agus chun formáidí agus caighdeáin aonfhoirmeacha an Aontais a chomhlíonadh  44 . Ní mór doiciméid taistil a bheith bailí ar feadh tréimhse níos faide ná bliain amháin. Ba cheart do na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar na táillí a bhaineann le ceadanna cónaithe a eisiúint agus iad a choigeartú más gá toisc nach mór na ceadanna sin a bheith saor in aisce nó a bheith níos ísle ná na táillí a ghabhann le doiciméid aitheantais do náisiúnaigh. Beidh orthu freisin na bearta riaracháin (‘bearta sealadacha’) is gá a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag tairbhithe ar a gcearta mura neiseofar an cead cónaithe laistigh de 15 lá ón gcinneadh lena ndeonaítear cosaint idirnáisiúnta. Ba cheart dóibh na bearta is gá a dhéanamh chun aonad teaghlaigh a chothabháil agus ceadanna cónaithe á neisiúint acu.

üBa cheart do na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh de réir mar is gá ar nósanna imeachta um ghluaiseachtaí neamhúdaraithe tairbhithe chosanta idirnáisiúnta a bhrath agus na nósanna imeachta sin a choigeartú agus ní mór dóibh a áirithiú go ndéanfar an tréimhse chónaithe is gá chun bheith incháilithe don stádas cónaithe fadtéarmach a atosú.

üBa cheart do na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar shreafaí oibre/ iad a fhorbairt maidir le rochtain thráthúil ar bhearta lánpháirtíochta luatha agus maidir le tacaíocht aistrithe le haghaidh iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a luaithe a dheonófar cosaint dóibh.

üBa cheart do na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar na nósanna imeachta is gá chun a áirithiú go naithneofar cáilíochtaí tairbhithe cosanta idirnáisiúnta agus torthaí agus taithí foghlama (‘bailíochtú scileanna’) a bhí ag tairbhithe cosanta idirnáisiúnta roimhe sin agus, más gá, na nósanna imeachta sin a thabhairt cothrom le dáta nó a chur ar bun. Moltar do na Ballstáit leas iomlán a bhaint as na gníomhaíochtaí a áirítear sa Mholadh ón gCoimisiún maidir le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí náisiúnach tríú tír 45 . Má bhíonn rochtain ar chineálacha áirithe cúnaimh shóisialta coinníollach ar rannpháirtíocht éifeachtach i mbearta lánpháirtíochta, beidh ar na Ballstáit na bearta riaracháin is gá a ghlacadh freisin chun a áirithiú go mbeidh na bearta lánpháirtíochta sin inrochtana agus saor in aisce (mura bhfuil acmhainní leordhóthanacha ag an tairbhí).

üBeidh ar na Ballstáit an fhaisnéis a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán a chur ar fáil.

Acmhainneachtaí (acmhainní daonna, bonneagar, agus trealamh)

üBa cheart do na Ballstáit acmhainneacht a áirithiú chun ábhar oiriúnaithe cumarsáide agus faisnéise a fhorbairt agus a scaipeadh ar thairbhithe cosanta idirnáisiúnta maidir lena gcearta agus lena noibleagáidí, i gcomhréir le hIarscríbhinn 1 den Rialachán lena náirítear faisnéis faoi na hiarmhairtí a bhaineann le neamhchomhlíonadh na noibleagáidí.

üBa cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil dóthain foirne agus trealaimh ann chun ceadanna cónaithe chomh maith le doiciméid taistil a sheachadadh laistigh de na hamlínte nua (ceadanna cónaithe laistigh de 90 lá ón bhfógra faoin gcinneadh lena ndeonaítear cosaint idirnáisiúnta) agus laistigh de na caighdeáin. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit acmhainneacht leordhóthanach (foireann, trealamh) a áirithiú chun bearta sealadacha a chur ar fáil (e.g., ceadanna cónaithe sealadacha) chun rochtain ar chearta a áirithiú i gcás nach neisítear ceadanna cónaithe laistigh de 15 lá ón gcinneadh lena ndeonaítear cosaint idirnáisiúnta.

üBeidh ar na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar an acmhainneacht de réir mar is gá chun rochtain éifeachtach ar na cearta a sholáthar do thairbhithe cosanta idirnáisiúnta agus í a choigeartú mar a leagtar amach sa Rialachán Cáilitheachta. Sa chiall sin, beidh ar na Ballstáit acmhainneacht leordhóthanach a bheith acu chun an méid seo a leanas a chur ar fáil go héifeachtach: rochtain éifeachtach ar mhargadh an tsaothair, cóir chomhionann do théarmaí fostaíochta, saoirse comhlachais agus cleamhnachta agus deiseanna oideachais a bhaineann le fostaíocht do dhaoine fásta, slándáil shóisialta agus cúnamh sóisialta (na ‘croíshochair’ íosta  46 ), cúram sláinte, bearta lánpháirtíochta, oideachas agus oiliúint do leanaí agus do dhaoine fásta araon, aitheantas do cháilíochtaí agus bailíochtú scileanna chomh maith le rochtain ar chóiríocht a sholáthar, agus iad ag cur leis na hiarrachtaí a rinneadh agus an Treoir athmhúnlaithe maidir le Dálaí Glactha á cur chun feidhme.

Moltar do na Ballstáit cur chuige ilpháirtithe leasmhara a leanúint, lena n‑áirítear comhar le comhpháirtithe sóisialta agus eacnamaíocha, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, go háirithe eagraíochtaí faoi threoir imirceach, agus le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha.

üBeidh ar na Ballstáit a áirithiú go bhfuil an oiliúint is gá curtha ar údaráis agus ar eagraíochtaí a chuireann an Rialachán Cáilitheachta i bhfeidhm agus go bhfuil siad faoi cheangal ag prionsabal na rúndachta maidir le faisnéis phearsanta a fuair siad agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu (rud nach mór a leagan síos sa dlí náisiúnta).

An Coimisiún/Gníomhaireachtaí an Aontais

üEagróidh an Coimisiún, i gcomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, sraith cruinnithe de ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin chun cur i bhfeidhm ceart na bhforálacha nua a éascú (lena náirítear trí shoiléiriú a thabhairt maidir le brí na bhforálacha nua). Féachfaidh an Coimisiún le cruinnithe saineolaithe comhpháirteacha a eagrú idir na Coistí Cáilitheachta agus na Coistí Teagmhála Glactha chun sineirgí a chothú le bearta lánpháirtíochta luatha dá bhforáiltear sa Treoir athmhúnlaithe maidir le Dálaí Glactha agus leis na bearta lánpháirtíochta agus na cearta a áirítear sa Rialachán Cáilitheachta.

üDéanfaidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann bileoga eolais agus ábhair oiriúnaithe a fhorbairt, chomh maith le treoirlínte a thacaíonn le cur i bhfeidhm na rialacha nua.

Príomh‑gharspriocanna le cur san áireamh:

Faoin tríú ráithe de 2024, tionólfaidh an Coimisiún Coiste Ardleibhéil um Athlonnú agus um Ligean Isteach ar Fhoras Daonnúil.

Faoi 2025, glacfaidh an Coimisiún togra maidir le céad Phlean an Aontais um Athlonnú agus um Ligean Isteach ar Fhoras Daonnúil (le haghaidh na tréimhse 2026-2027).

Faoin 12 Meitheamh 2026, ní mór do na Ballstáit pointe teagmhála náisiúnta a cheapadh chun an Rialachán Cáilitheachta a chur chun feidhme.



3Tacaíocht oibríochtúil agus airgeadais chun an Comhshocrú a bhaint amach

3.1Tacaíocht Oibríochtúil

Is féidir leis na Ballstáit brath ar thacaíocht ón gCoimisiún agus ó Ghníomhaireachtaí an Aontais chun a bPleananna Náisiúnta Cur Chun Feidhme a fhorbairt agus a chur chun feidhme.

Chun tacaíocht agus cúnamh aonair a chur ar fáil, chuaigh an Coimisiún i dteagmháil go déthaobhach le gach Ballstát. In earrach 2024, bhunaigh seirbhísí an Choimisiúin foireann tíre ildisciplíneach le haghaidh gach Ballstáit agus le haghaidh gach Tíre atá Comhlachaithe le Schengen chun tacú lena measúnuithe náisiúnta ar riachtanais agus chun dul i dteagmháil leis na húdaráis náisiúnta fhreagracha. Tá gach foireann faoi stiúir ardbhainisteoir de chuid an Choimisiúin agus faigheann siad cúnamh ó phointe fócasach teicniúil agus ó shaineolaithe i ngach ceann de na réimsí beartais ábhartha. Áirítear ar na foirne freisin ionadaithe ó Ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais. Tá tús curtha cheana féin ag an gCoimisiún leis an bpróiseas chun measúnú ar riachtanais a dhéanamh i gcás gach Ballstáit. Is é is aidhm don mheasúnú seo tacú le hullmhú na bPleananna Náisiúnta Cur Chun Feidhme.

Cuirfidh Gníomhaireachtaí an Aontais tacaíocht chothrománach ar fáil go príomha, amhail oiliúint, uirlisí, agus treoir atá ar fáil do na Ballstáit uile, rud a chomhlánaíonn tacaíocht oibríochtúil dhíreach do na Ballstáit chun bearnaí sealadacha acmhainneachta a líonadh agus chun tacú le hacmhainneacht náisiúnta níos fadtéarmaí a fhorbairt.

Tá tacaíocht oibríochtúil á soláthar ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann faoi láthair do 12 Bhallstát. Tá acmhainní daonna breise agus acmhainní airgeadais breise faighte ag an nGníomhaireacht freisin chun ullmhú do theacht i bhfeidhm an Chomhshocraithe.

Cuideoidh Frontex le hoiliúint a bhaineann le scagthástáil agus cuirfidh sé saineolaithe/foirne ar fáil do na Ballstáit chun scagthástáil a dhéanamh. Ina theannta sin, cuireann Frontex tacaíocht thábhachtach ar fáil do bhainistiú teorainneacha, don fhilleadh, do bhailiú sonraí agus d’anailís a dhéanamh ar na sonraí sin.

Tógfaidh eu-LISA bunachar sonraí Eurodac nua agus tacóidh sé leis na Ballstáit na comhpháirteanna náisiúnta is gá chun nascadh leis a thógáil.

Ina theannta sin, i gcás ina sainaithníonn na Ballstáit riachtanais soláthair chomhchoiteanna agus a bPleananna Náisiúnta Cur Chun Feidhme á bhforbairt acu, ba cheart machnamh a dhéanamh ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le próisis soláthair chomhoibríocha, mar shampla trí Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann nó eu-LISA, bíodh sin ó thaobh uainithe nó barainneachta scála de.

3.2Pleanáil agus tacaíocht airgeadais

Tá sé ríthábhachtach costas an chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta a ríomh chun go mbeifear in ann buiséad ceart a chur ar fáil i leith na bPleananna Náisiúnta Cur Chun Feidhme, rud atá ina réamhchoinníoll ann féin chun iad a chur chun feidhme go rathúil.

Mar aon leis an gcistiú ó bhuiséid náisiúnta, beidh na Ballstáit in ann leas a bhaint as acmhainní atá ann cheana agus as acmhainní nua ón gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (CTIL) 47 agus ón Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí (IBTV) 48 , chomh maith le hacmhainní eile de chuid an Aontais atá ar fáil, amhail cistí beartais chomhtháthaithe, mar fhoinsí cistiúcháin a d’fhéadfadh a bheith ann chun costais shainaitheanta a chumhdach.

Leis an athbhreithniú meántéarma ar na cláir náisiúnta faoi Rialacháin CTIL agus IBTV, agus leis an athbhreithniú ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027, cuirtear acmhainní breise ar fáil le linn na mblianta 2025-2027.

Deis a bheidh san athbhreithniú meántéarma ar na Cláir Náisiúnta breis agus EUR 1 bhilliún a leithdháileadh ar CTIL agus EUR 600 milliún a leithdháileadh ar IBTV. Beidh an leithdháileadh sin bunaithe ar an eochair ath‑chionroinnte a leagtar amach sa reachtaíocht.

Mar thoradh ar an athbhreithniú ar CAI le haghaidh 2021-2027, cuireadh EUR 2 bhilliún ar an iomlán ar fáil don imirce agus do bhainistiú teorainneacha. Roinntear é sin idir EUR 810 milliún le haghaidh CTIL, EUR 1 bhilliún le haghaidh IBTV agus EUR 190 milliún le haghaidh Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann. Cuirfear na hacmhainní breise sin le haghaidh CTIL agus IBTV le Saoráid Théamach na gcistí sin agus as sin déanfar iad a leithdháileadh ar bhonn na riachtanas sna Ballstáit éagsúla.

Tá an Coimisiún ag obair cheana féin i ndlúthchomhar leis na Ballstáit chun naisc éifeachtacha a chruthú idir an t‑ath‑chlársceidealú atá ar na bacáin agus próiseas ullmhúcháin na bPleananna Cur Chun Feidhme Coiteanna agus na bPleananna Cur Chun Feidhme Náisiúnta, chun go mbeifear in ann aghaidh a thabhairt ar bhearnaí a sainaithníodh, agus na céimeanna oibríochtúla ábhartha a thionscnamh trí na cláir náisiúnta. Sna blianta amach romhainn, is é an t‑am is tábhachtaí chun a áirithiú go mbainfear úsáid chomhleanúnach agus éifeachtach as cistiú AE le haghaidh thosaíochtaí an Aontais nuair a bheidh an chéad CAI eile ann, lena n‑áirítear tacaíocht do na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh agus ar na riachtanais a sainaithníodh i réimse an tearmainn agus an bhainistithe teorainneacha.

Ní chumhdófar na riachtanais uile a bhfuiltear ag súil leo leis na hacmhainní breise ón athbhreithniú meántéarma ar na cláir agus ón athbhreithniú ar CAI. Dá bhrí sin, beidh sé riachtanach tosaíocht a thabhairt don chistiú náisiúnta agus do chistiú AE atá ar fáil agus é a dhíriú ar na riachtanais is práinní agus is déine ó thaobh acmhainní de, amhail gníomhaíochtaí chun acmhainneacht leordhóthanach a chur i bhfeidhm chun an nós imeachta teorann a chur i gcrích, comhairleoireacht dhlíthiúil a chur ar fáil, rud a neartaíonn córais tearmainn agus ghlactha na mBallstát 49 .

Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit, mar shampla, tacú le cur chun feidhme an Chomhshocraithe le cistí beartais chomhtháthaithe, rud a bhí ríthábhachtach cheana féin maidir le cosaint shealadach a chur chun feidhme do dhaoine atá ar a dteitheadh ó chogadh foghach na Rúise san Úcráin. Go deimhin, meabhraíodh sna Conclúidí ón gComhairle Eorpach ó mhí Feabhra 2024 acmhainneacht cistí beartais chomhtháthaithe chun tacú le riachtanais a bhaineann leis an imirce 50 .

Dá bhrí sin, ba cheart sineirgí a chruthú idir CTIL a thacaíonn le bearta maidir le teacht agus glacadh agus cistí an bheartais chomhtháthaithe, is iad sin Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE+) agus Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), ar cistí iad lena dtacaítear le lánpháirtiú agus cuimsiú fadtéarmach daoine a mbaineann cúlra imirceach leo. Déantar cur síos breise ar na comhlántachtaí sin i Sraith Straitéisí 2021 maidir le húsáid chistí AE chun daoine a mbaineann cúlra imirceach leo a lánpháirtiú le haghaidh chlárthréimhse 2021-2027 51 .

Féadfaidh na Ballstáit tacaíocht a fháil freisin ón Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, lena seolfaidh an Coimisiún glao tiomnaithe chun tacú leis na Ballstáit a bPleananna Náisiúnta Cur Chun Feidhme a fhorbairt. Thairis sin, leis an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil sainaithníodh an tacaíocht a thugtar do na Ballstáit chun an Comhshocrú a chur chun feidhme mar thionscnamh suaitheanta le haghaidh 2025. Féadfaidh an tacaíocht ón Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil a bheith i bhfoirm comhairle straitéiseach nó theicniúil, staidéir lena ndéantar measúnú ar riachtanais athchóirithe nó roghanna i réimsí sonracha, oiliúint, nó misin intíre a dhéanann saineolaithe. D’fhéadfaí é a úsáid chun tacú le hoibríochtú na bPleananna Náisiúnta Cur Chun Feidhme, lena n‑áirítear na hathchóirithe is gá faoin gComhshocrú agus chun cuidiú le húsáid chistí ábhartha AE a éascú.

Mar chuid de na malartuithe déthaobhacha idir an fhoireann tíre ildisciplíneach a bhunaigh an Coimisiún agus na Ballstáit agus a bPleananna Náisiúnta Cur Chun Feidhme á n‑ullmhú acu, iarrfar ar na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar an mbealach is fearr chun acmhainní náisiúnta agus acmhainní eile de chuid an Aontais a cheangal le chéile chun dul i ngleic le costais cur chun feidhme an Chomhshocraithe.

4Gné sheachtrach na hImirce

Leis an gComhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann, léirítear cur chuige uile-rialtais agus uile-bhealaigh maidir le bainistiú imirce, lena bhféachtar le comhleanúnachas agus éifeachtacht a áirithiú i measc na ngníomhaíochtaí agus na mbeart a dhéanann an tAontas agus a Bhallstáit go hinmheánach agus go seachtrach.

Tá cur chuige déthaobhach á shaothrú ag an Aontas, cur chuige a ghabhann leis an obair reachtach ar leibhéal an Aontais le gníomhaíochtaí oibríochtúla leis na Ballstáit agus le comhpháirtithe. Níl gníomhaíochtaí maidir le gné sheachtrach na himirce ceangailte leis na bloic thógála shonracha laistigh den Phlean Cur Chun Feidhme Coiteann. Mar sin féin, ar mhaithe le hinbhuanaitheacht an Chomhshocraithe, beidh tábhacht le comhar láidir an Aontais le comhpháirtithe tionscnaimh agus idirthurais tríú tíortha, a bhfuil pobail mhóra imirceach agus dídeanaithe á n‑óstáil ag cuid acu..

ceithre Phlean Gníomhaíochta de chuid an Aontais forbartha ag an Aontas ina leantar cur chuige an bhealaigh iomláin i leith na bpríomhbhealaí imirce chuig an Aontas (is iad sin bealaí na mBalcán Thiar, na Meánmhara Láir, an Atlantaigh/na Meánmhara Thiar, agus na Meánmhara Thoir). Leis na rialacha sin, leagtar amach bealach le haghaidh bearta oibríochtúla comhchoiteanna chun an comhar le tíortha comhpháirtíochta ar feadh na mbealaí a neartú agus chun coimircí a mhéadú do dhaoine atá ag gluaiseacht.

Nuair a bheidh an obair faoi lán seoil, agus torthaí láidre á mbaint amach, féadfaidh na Pleananna Gníomhaíochta díriú ar ghníomhaíochtaí an Aontais agus na mBallstát lena gcomhlánaítear cur chun feidhme an Chomhshocraithe, rud a mhéadóidh tionchar acmhainní an Aontais agus na mBallstát agus lena ndíreofar ar fhor-rochtain chuig tríú tíortha. Tairbhíonn na Pleananna Gníomhaíochta sin den bhosca uirlisí atá in úsáid cheana féin chun comhar a fhorbairt le tríú tíortha maidir leis an imirce.

4.1An imirce mar chuid den chur chuige cuimsitheach straitéiseach le tíortha comhpháirtíochta

Oibríonn an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit i gcur chuige Fhoireann na hEorpa chun comhpháirtíochtaí cuimsitheacha atá bunaithe ar leasanna frithpháirteacha a dhoimhniú is minic gur ceann díobh an imirce. Is féidir muinín agus an fhís straitéiseach chomhroinnte a dhoimhniú le comhpháirtíochtaí saincheaptha a léiríonn spriocanna comhroinnte amhail cobhsaíocht agus slándáil; forbairt eacnamaíoch agus athchóirithe eacnamaíocha; infheistíocht, trádáil agus fostaíocht; fuinneamh; an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach; agus teagmhálacha duine le duine.

Leis an gcur chuige sin, bhíothas in ann dlús a chur leis an obair oibríochtúil le comhpháirtithe, obair a chuimsíonn raon iomlán an chomhair a bhaineann leis an imirce agus leis an easáitiú – ar ina measc sin atá dul i ngleic le bunchúiseanna, cosaint dídeanaithe agus imirceach leochaileach agus na dúshláin ghaolmhara, bainistiú teorainneacha a neartú, imeachtaí neamhrialta a chosc agus dul i ngleic leis an ngáinneáil ar dhaoine nó le smuigleáil imirceach, dlús a chur le filleadh, athligean isteach agus athimeascadh, agus bealaí dlíthiúla a chruthú. Tá tiomantas ann anois comhpháirtíochtaí níos doimhne a bhunú le tríú tíortha tábhachtacha lena gcuirfear an comhar maidir leis an imirce ar comhchéim leis na mórleasanna eile. Glacadh an cur chuige sin, mar shampla, leis an Túinéis, leis an Máratáin agus leis an Éigipt i gcomhpháirtíochtaí cuimsitheacha straitéiseacha. I ngach ceann dá chomhpháirtíochtaí, tá an tAontas comhsheasmhach maidir leis an tábhacht a bhaineann le hurraim do chearta bunúsacha agus don dlí idirnáisiúnta a dhearbhú. 52 .

Chun na hiarrachtaí ar leibhéal an Aontais a chomhlánú agus gné bhreise thábhachtach a chur ar fáil do chomhpháirtíochtaí straitéiseacha agus cuimsitheacha den sórt sin, moltar do na Ballstáit gníomhaíochtaí a phleanáil lenar féidir feabhas a chur ar an rannpháirtíocht sin de chuid Fhoireann na hEorpa le tríú tíortha tábhachtacha, rud a chuireann lena dtaithí agus lena gcaidrimh phribhléideacha. D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí sin díriú ar raon iomlán na ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an imirce, lena n‑áirítear tacaíocht d’fhothú acmhainneachta agus do threalamh, agus tacú le comhpháirtithe ina gcuid oibre féin maidir le cosaint dídeanaithe, tearmann agus filleadh. D’fhéadfadh tionchar cumhachtach comhchoiteann a bheith ag na hiarrachtaí sin a thabhairt le chéile i dTionscnaimh shonracha Fhoireann na hEorpa maidir leis an imirce. Agus an méid sin á dhéanamh, tá sé tábhachtach leanúint de bhearta náisiúnta a chomhordú trí struchtúir rialachais an Aontais, lena n‑áirítear sa Chomhairle.

Chun tacú le gné sheachtrach an Chomhshocraithe, tá an sprioc chaiteachais tháscach de 10 % faoi láthair le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann leis an imirce agus leis an easáitiú éigeantais sa tréimhse 2021-27 á sárú ag an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (ICFCI) 53 . Tá tacaíocht don chomhar a bhaineann leis an imirce ina mórthéama oibre freisin faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA).

I gcomhthéacs an athbhreithnithe meántéarma ar CAI 2021-2027, chun é a chur ar a chumas don Aontas an tacaíocht is gá a chur ar fáil le linn teannas urghnách geopholaitiúil, rinneadh tosaíochtaí Cheannteideal 6 ‘An Chomharsanacht agus an Domhan’ de CAI, mar shampla, an imirce agus dúshláin sheachtracha, a atreisiú le EUR 7.6 billiún. Beidh an cistiú seo ina chuidiú chun comhar éifeachtach imirce le tríú tíortha a choinneáil ar bun, lena n‑áirítear tacaíocht do dhídeanaithe ón tSiria sa Tuirc (EUR 2 bhilliún) agus sa réigiún i gcoitinne (EUR 1.6 billiún), chomh maith le leanúint de na gníomhaíochtaí a rinneadh roimhe sin trí Chiste Iontaobhais an Aontais Eorpaigh don Afraic. Cuideoidh sé freisin tacú leis na Balcáin Thiar, le Comharsanacht an Deiscirt agus leis an Afraic, lena n‑áirítear comhpháirtíochtaí agus cistiú le haghaidh bealaí imirce.

Tugtar tacaíocht don fhorbairt shocheacnamaíoch agus do chruthú deiseanna fostaíochta inbhuanaithe, lena laghdaítear an brú ar bhunchúiseanna na himirce neamhrialta sna tíortha tionscnaimh agus idirthurais, mar shampla trí thionscadail faoin straitéis Global Gateway.

Ní mór gníomhaíochtaí i dtríú tíortha nó i ndáil le tríú tíortha a mhaoinítear faoi shásra dlúthpháirtíochta an Chomhshocraithe a chur chun feidhme trí CTIL laistigh de raon feidhme na reachtaíochta ábhartha agus ní mór dóibh a bheith comhleanúnach le beartas seachtrach an Aontais.

4.2Tosaíochtaí le haghaidh gníomhaíochta

Le raon iomlán na tacaíochta do thríú tíortha a bhaineann leis an imirce, is féidir cuidiú leis an gComhshocrú a chomhlánú. Mar sin féin, tá tábhacht oibríochtúil ar leith ag baint le trí réimse: an comhrac i gcoinne smuigleáil imirceach, filleadh agus athligean isteach éifeachtach, agus bealaí dlíthiúla.

An comhrac i gcoinne smuigleáil imirceach.

Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit leanúint de bheith ag obair le chéile ar bhearta nuálacha agus inbhuanaithe chun an imirce neamhrialta a chosc. Cuirfidh an Coimisiún leis an gComhaontas Domhanda chun Smuigleáil Imirceach a Chomhrac agus lena Ghlao ar Ghníomhaíocht.

Tá cruinnithe saineolaithe, glaonna ar thograí le haghaidh tionscadail nua agus gníomhaíochtaí chun comhoibriú le tíortha comhpháirtíochta 54 agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, mar shampla, UNODC, ar siúl, lena náirítear maidir le dul i ngleic leis an ngné dhigiteach de smuigleáil imirceach. Rinneadh obair leantach ar an leibhéal polaitiúil cheana féin i gCóbanhávan leis an gComhdháil maidir le Comhpháirtíochtaí Imirce i mí na Bealtaine 2024. Tá an chéad chomhdháil idirnáisiúnta eile maidir leis an gComhaontas Domhanda beartaithe le haghaidh mhí na Samhna 2024 sa Bhruiséil.

Cuid lárnach de ghníomhaíochtaí an Aontais i dtíortha comhpháirtíochta is ea grúpaí coiriúla a bhíonn ag gabháil do smuigleáil imirceach a dhíchóimeáil. Chuir an tAontas tacaíocht shuntasach ar fáil dár gcomhpháirtithe sna Balcáin Thiar, sa Tuirc agus i gComharsanacht an Deiscirt, agus leanfaidh sé de thacaíocht mhór a chur ar fáil dóibh. Is gá leanúint den obair le tíortha comhpháirtíochta chun na Comhpháirtíochtaí Oibríochtúla Frithsmuigleála 55 saincheaptha a chur i ngníomh.

Príomhghné den chomhrac i gcoinne smuigleáil imirceach agus cuid den Ghlao chun Gnímh ón gComhaontas Domhanda chun Smuigleáil Imirceach a Chomhrac is ea an imirce neamhrialta a chosc le gníomhaíochtaí bainistithe teorann feabhsaithe agus acmhainneachtaí neartaithe maidir le hoiliúint agus trealamh do thíortha comhpháirtíochta. Áirítear leis sin cláir atá maoinithe ag an Aontas chomh maith le comhar treisithe le Frontex i dtíortha comhpháirtíochta trí chomhaontuithe stádais agus socruithe oibre.

Ba cheart an ghníomhaíocht oibríochtúil sin chun feabhas a chur ar acmhainneacht an Aontais smuigleáil imirceach a chomhrac a chomhlánú le dul chun cinn tapa sa chaibidlíocht maidir leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Treoir Frithsmuigleála nua lena neartaítear smachtbhannaí orthu siúd a chuireann beatha daoine i mbaol ar mhaithe le gnóthachan airgeadais, agus leis an Rialachán atá beartaithe maidir le comhar póilíneachta a fheabhsú lena gcuirfí ar a chumas do Europol a bheith ina fhíor-mhol don chomhrac i gcoinne smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine leis an Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach.

Filleadh, athligean isteach agus athimeascadh inbhuanaithe

Chun go mbeidh tionchar iomlán ag an gComhshocrú, tá sé ríthábhachtach go mbeidh beartas daonnúil éifeachtach ann maidir le filleadh agus athligean isteach. Ní mór é a bheith soiléir go ndéanfar daoine nach bhfuil an ceart acu fanacht san Aontas a chur ar ais chuig a dtír thionscnaimh ar bhealach sábháilte, inbhuanaithe agus maorga.

Leis an gcreat reachtach nua, dúnfar cuid de na lúba ar lár idir an nós imeachta tearmainn agus an nós imeachta um fhilleadh. Mar sin féin, tá comhar éifeachtach le tríú tíortha ríthábhachtach freisin chun a áirithiú go gcomhlíonfar an oibleagáid idirnáisiúnta maidir lena náisiúnaigh féin a athligean isteach.

Is féidir ról a bheith ag giaráil bheartais, ionstraimí agus uirlisí ábhartha uile an Aontais, lena n‑áirítear taidhleoireacht, forbairt, trádáil agus víosaí, chomh maith le deiseanna don imirce dhleathach, chun dea-chomhar maidir le hathligean isteach a dhreasú go straitéiseach.

Leis an mbeartas víosaí, cuireadh uirlisí nua ar fáil le hAirteagal 25a den Chód Víosaí. Faoin reachtaíocht sin, déanann an Coimisiún measúnú gach bliain ar leibhéal comhair na dtríú tíortha maidir le hathligean isteach. Le 4 bliana anuas, tá sé cruthaithe go bhfuil an próiseas sin ríthábhachtach chun dúshláin le tríú tíortha a shainaithint agus chun aghaidh a thabhairt orthu agus chun an t‑idirphlé a neartú chun feabhas a chur ar an gcomhar maidir le hathligean isteach. Is féidir samplaí de na feabhsuithe a baineadh amach a fheiceáil i gcomhar leis an nGaimbia, leis an Iaráic agus leis an mBanglaidéis. Roimh an samhradh, eiseoidh an Coimisiún an cúigiú tuarascáil mheasúnaithe agus na tograí ábhartha maidir le bearta víosaí.

Chun go n‑éireoidh le nós imeachta teorann an Chomhshocraithe, ba cheart leas a bhaint as acmhainneacht iomlán an tsásra sin chun comhar um athligean isteach a mhéadú le tríú tíortha a bhfuil ráta aitheantais 20 % nó níos ísle acu maidir le hiarratais ar thearmann a gcuid náisiúnach.

Ba cheart don Choimisiún, do Frontex agus do na Ballstáit leanúint dá n‑iarrachtaí comhcheangailte maidir le hath‑imeascadh inbhuanaithe a neartú, comhairleoireacht shaincheaptha maidir le filleadh agus tacaíocht maidir le hath‑imeascadh a thairiscint d’fhillithe deonacha agus éigeantacha (trí chistiú ón Aontas nó ó na Ballstáit, lena mbítear ag obair le gníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe agus le heagraíochtaí neamhrialtasacha), chomh maith le cuidiú le comhpháirtithe a bhfuil fothú acmhainneachta acu agus oibriú le chéile chun tacaíocht a spriocdhíriú ar mhaithe le fillithe agus leis na pobail ghlactha araon.

Ba cheart don Pharlaimint agus don Chomhairle an t‑athbhreithniú leanúnach ar an Sásra Fionraíochta Víosaí a thabhairt chun críche go pras, rud ar cheart faireachán méadaithe ar thíortha atá díolmhaithe ó cheanglas víosa a bheith mar thoradh air agus aghaidh níos fearr a thabhairt ar mhí‑úsáidí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le taisteal gan víosa trí bhearta a dhéanamh chun go mbeadh sé níos éasca an sásra a chur ar siúl agus go mbeadh sé níos éifeachtaí maidir lena dhíspreagadh.

Bealaí dlíthiúla

Tá ról lárnach agus comhlántach ag an imirce dhleathach maidir le tacú le riachtanais mhargadh saothair an Aontais 56 , agus freisin maidir le bainistiú imirce a fheabhsú, comhar le tíortha tionscnaimh agus idirthurais a chothú, agus ar deireadh maidir le rannchuidiú leis an imirce neamhrialta a laghdú. Trí chomhar maidir le himirce lucht saothair a fhorbairt le comhpháirtithe tríú tíortha, le tacaíocht ó rialacha comhchoiteanna an Aontais maidir le himirce dhleathach agus ó bhealaí malartacha dóibh siúd a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, déantar foráil maidir le cur chuige cothrom i leith na himirce.

Ní hamháin go dtagann tairbhí ó thaobh bainistiú fónta imirce de ach freisin tagann siad trí shreabha íocaíochta agus trí scileanna agus eolas a aistriú chuig tíortha comhpháirtíochta. Le beartas gníomhach chun an leas is fearr is féidir a bhaint as imirce lucht saothair sna Ballstáit, rannchuidítear go mór le haghaidh a thabhairt ar ghanntanais i margadh an tsaothair. Is gnéithe riachtanacha iad feabhas a chur ar rialachas imirce lucht saothair, ar chórais oideachais agus ghairmoideachais agus ghairmoiliúna, agus ar chur chuige comhpháirteach maidir le cáilíochtaí agus scileanna a aithint, chun scileanna a chur chun cinn mar spreagadh don fhás eacnamaíoch, chun leasa fhrithpháirtigh an Aontais agus a chomhpháirtithe.

Tá an tAontas i dteagmháil le tíortha comhpháirtíochta faoin straitéis Global Gateway, chun scileanna an lucht saothair i dtríú tíortha a fhorbairt, go háirithe chun acmhainneacht na dtíortha comhpháirtíochta dul i mbun réimsí nuálacha comhair leis an Aontas a chur chun cinn, mar shampla, an t‑aistriú glas agus an digitiú. Is deis chun tairbhe gach duine é borradh a chur faoin mbonn scileanna chun comhtháthú eacnamaíoch agus comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta láidre nua a chothú.

Chun cur chuige cuimsitheach i leith na himirce a áirithiú, ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit leanúint dá n‑iarrachtaí Comhpháirtíochtaí Tallainne a fhorbairt le tríú tíortha tábhachtacha chun soghluaisteacht chothrom idirnáisiúnta an lucht saothair a neartú, agus an tionchar diúltach a bhíonn ag ‘imirce daoine oilte’ á sheachaint an tráth céanna. Go dtí seo, tá Comhpháirtíochtaí Tallainne seolta ag an gCoimisiún in éineacht le Maracó, leis an Túinéis, leis an Éigipt, leis an bPacastáin, agus leis an mBanglaidéis. Trí chruinnithe comhchéime a tionóladh le gach ceann de na tíortha sin le rannpháirtíocht na mBallstát leasmhar, sainaithníodh cuspóirí comhchoiteanna, chomh maith le hearnálacha agus gairmeacha leasa fhrithpháirtigh a bhfuiltear le díriú orthu. Chun go n‑éireoidh leo, ba cheart do na Ballstáit a dtairiscint deiseanna imirce dleathaí a shlógadh agus a chomhordú tuilleadh agus a rannpháirtíocht ghníomhach sna Comhpháirtíochtaí Tallainne a mhéadú, mar shampla trí chomhaontuithe déthaobhacha a thabhairt isteach faoi scáth na Comhpháirtíochta Tallainne, rud a chuideodh le giaráil chomhchoiteann an Aontais a neartú. Féachfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, an bhféadfaí raon feidhme na gComhpháirtíochtaí Tallainne a leathnú chuig tíortha comhpháirtíochta breise.

Rannchuideoidh Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh freisin le himirce chothrom lucht saothair, mar an chéad ardán uile-Aontais lena n‑éascaítear earcaíocht idirnáisiúnta le coimircí ionsuite chun cleachtais dúshaothraithe agus éagóracha a sheachaint agus cuardaitheoirí poist i dtríú tíortha a chur ar an eolas faoi dheiseanna oibre i ngairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe san Aontas ar gach leibhéal scileanna. Tá cur i ngníomh tapa na huirlise ag brath ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle chun an creat dlíthiúil a ghlacadh go pras.

Tá bearta á gcur chun feidhme ag an gCoimisiún freisin a leagtar amach sa phacáiste Soghluaisteachta Scileanna agus Tallainne ó mhí na Samhna 2023 chun tacú le bailíochtú scileanna agus aitheantas cáilíochtaí a fuarthas lasmuigh den Aontas, rud atá fós ina bhac ar earcaíocht imirceach agus ar imeascadh i margadh an tsaothair. Leanfaidh an Coimisiún de bheith i dteagmháil leis na Ballstáit agus leis na comhpháirtithe sóisialta tríd an Ardán um Imirce Lucht Saothair, rud a éascaíonn plé trasearnála ar shaincheisteanna praiticiúla.

Leanfaidh an Coimisiún freisin de bhealaí sábháilte agus dlíthiúla chun cosanta a chur chun cinn agus oibreoidh sé i ndlúthchomhar leis na Ballstáit chun tacú lena n‑iarrachtaí deonacha maidir le hathlonnú agus ligean isteach ar fhoras daonnúil. Faoi scéim ad hoc an Aontais um Athlonnú agus um Ligean Isteach ar Fhoras Daonnúil 2024-2025, chuir na Ballstáit níos mó ná 60,000 gealltanas ar fáil ar an iomlán, rud a léiríonn tiomantas leanúnach chun cabhrú le riachtanais athlonnaithe dhomhanda. Leanfaidh an Coimisiún de bhealaí comhlántacha nuálacha a chur chun cinn do dhaoine a bhfuil cosaint de dhíth orthu, mar mhalairt ar an imirce neamhrialta.

5Rialachas agus Faireachán

Ní mór an iarracht chomhchoiteann atá riachtanach chun an Comhshocrú a chur chun feidhme go rathúil a léiriú ina rialachas. Cuideoidh sé sin le comhsheasmhacht an chur chun feidhme, agus an tsolúbthacht is gá do na Ballstáit á caomhnú an tráth céanna. Ba cheart a áirithiú leis go ndéanfar gach beart dlíthiúil, riaracháin agus oibríochtúil is gá chun an Comhshocrú a chur chun feidhme in am agus ar bhealach comhleanúnach agus éifeachtúil. Ba cheart dó freastal ar chineál idirnasctha na sraitheanna oibre ar leith, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí comhordú éifeachtach a dhéanamh freisin i measc na ngníomhaithe agus na n‑institiúidí éagsúla atá freagrach as cur chun feidhme an Chomhshocraithe ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta.

5.1Rialachas agus Faireachán le linn na hidirthréimhse

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an bPlean Cur Chun Feidhme Coiteann agus ar na Pleananna Náisiúnta Cur Chun Feidhme. Chuige sin, coinneoidh an Coimisiún teagmháil rialta ar bun le gach Ballstát, lena n‑áirítear trí chuairteanna a thabhairt ar chruinnithe déthaobhacha rialta agus ar ghrúpaí agus líonraí atá ann cheana, agus ualach riaracháin nach bhfuil gá leis á sheachaint an tráth céanna.

Thairis sin, oibreoidh an Coimisiún i gcomhordú iomlán leis na struchtúir atá sa Chomhairle, agus coinneoidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon ar an eolas go hiomlán. Sa chomhthéacs sin, chun comhroinnt éifeachtach thrédhearcach faisnéise a áirithiú ar fud na mBallstát uile, cuirfidh an Coimisiún nuashonruithe rialta ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an dul chun cinn atá déanta i ndáil le cur chun feidhme an Phlean Cur Chun Feidhme Coiteann agus na bPleananna Náisiúnta Cur Chun Feidhme. Cé go bhfuil sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún é sin a dhéanamh gach 6 mhí, féadfar nuashonruithe a sholáthar níos minice, de réir mar a éilíonn Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle.

Chun comhleanúnachas agus comhordú na hoibre cur chun feidhme a áirithiú, coinneoidh an Coimisiún ardán comhordúcháin an Chomhshocraithe (de chineál trasearnálach) ar bun a thionólfar go tréimhsiúil de réir mar is gá agus i gcomhlántacht iomlán le cruinnithe na Comhairle. Le hardán comhordúcháin an Chomhshocraithe, tabharfar le chéile seirbhísí an Choimisiúin, comhordaitheoirí na mBallstát maidir le cur chun feidhme an Chomhshocraithe ar an leibhéal náisiúnta agus gníomhaireachtaí an Aontais chun an forléargas agus an breithniú is gá agus is rialta ar chur chun feidhme na leibhéal agus na snáitheanna éagsúla oibre a áirithiú. Le hardán comhordúcháin an Chomhshocraithe, coinneofar forléargas ar na gníomhaíochtaí uile, lena n‑áirítear féilire cruinnithe agus tabhairt i gcrích an phlé agus déanfar foráil maidir le tairseach fhíorúil le haghaidh doiciméid ábhartha. Déanfaidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus páirtithe leasmhara ábhartha eile a chomhlachú freisin de réir mar is iomchuí.

Is i ngrúpaí agus i líonraí atá ann cheana a dhéanfar príomhobair chur chun feidhme an Chomhshocraithe. Déanfaidh an Coimisiún obair na ngrúpaí agus na líonraí uile atá ann cheana a chuíchóiriú agus áiritheoidh sé go n‑eagrófar cruinnithe ar bhonn riachtanas agus go seachnófar forluí.

Tá trí leibhéal ann cheana féin a mbeidh ról tábhachtach acu maidir le cur chun feidhme tráthúil agus comhsheasmhach an Chomhshocraithe a áirithiú:

·An leibhéal rialála, lena náirítear na coistí rialála ábhartha ar cheart dóibh cúnamh a thabhairt don Choimisiún agus a chumhachtaí cur chun feidhme á bhfeidhmiú aige i gcomhréir leis na Rialacháin ábhartha. Tá siad comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit. Bunaítear trí choiste, faoin Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce, faoi Rialachán Eurodac agus faoin Rialachán maidir le Scagadh, d’fhonn na gníomhartha cur chun feidhme uile a léirítear faoin dá ghníomh faoin nós imeachta scrúdúcháin 57 a ghlacadh. Tá liosta de na gníomhartha cur chun feidhme nach mór don Choimisiún a ghlacadh le fáil sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis seo.

·Leibhéal na saineolaithe teicniúla, lena náirítear na grúpaí saineolaithe uile atá ann cheana atá faoi stiúir an Choimisiúin 58 , a leagtar amach i gcomhréir le Cinneadh C(2016) 3301 ón gCoimisiún. Bainfidh an Coimisiún leas iomlán as na grúpaí saineolaithe sin atá ann cheana chun comhthuiscint a neartú agus chun cur i bhfeidhm comhleanúnach na rialacha sa Chomhshocrú a chothú. D’fhéadfadh obair na ngrúpaí sin teacht chun cinn i lámhleabhair nó i dtreoirdhoiciméid, nó i nuashonruithe ar na cinn atá ann cheana. Chun sineirgí a chruthú idir na grúpaí saineolaithe éagsúla agus chun ualach breise ar na Ballstáit a sheachaint, eagróidh an Coimisiún cruinnithe na ngrúpaí saineolaithe comhpháirteacha a mhéid is féidir i gcás inarb ábhartha. Ina theannta sin, aistreoidh an Coimisiún an Comhshocrú Ardáin Dlúthpháirtíochta atá ann faoi láthair chuig an bhFóram Dlúthpháirtíochta ar Leibhéal Teicniúil lenar cheart cur i ngníomh an Chomhthiomsaithe Dlúthpháirtíochta Bhliantúil a áirithiú. Le linn na hidirthréimhse, is féidir leis an ngrúpa sin comhairle a chur ar fáil maidir le hullmhú na rialacha cur chun feidhme a bhaineann leis an dlúthpháirtíocht.

·An leibhéal oibríochtúil, lena náirítear líonraí na ngníomhaireachtaí a dhíríonn ar ghnéithe oibríochtúla, lena náirítear treoirdhoiciméid agus teimpléid a fhorbairt. Déanfaidh an Coimisiún comhordú le gníomhaireachtaí an Aontais chun comhlántacht iomlán le hobair na gCoistí agus na sainghrúpaí a áirithiú. Mar shampla, comhlánóidh an líonra um eagraíochtaí Glactha obair an ghrúpa saineolaithe Glactha. Comhlánóidh obair Chruinniú Comhchéime Ardleibhéil Frontex maidir le fillithe obair an tsainghrúpa um Fhilleadh.

Déanfaidh an Coimisiún a dhícheall cruinnithe comhuaineacha de ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin agus de líonraí oibríochtúla na ngníomhaireachtaí a eagrú chun comhlántacht a uasmhéadú idir léirmhíniú dlíthiúil agus cur i bhfeidhm oibríochtúil na mbeart nua (e.g. Coiste Teagmhála Bhaile Átha Cliath agus líonra Bhaile Átha Cliath ina dhiaidh sin) agus chun an t‑ualach riaracháin a sheachaint.

5.2Faireachán tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhshocraithe

A luaithe a thiocfaidh an Comhshocrú i bhfeidhm, cuirfear tús leis na gníomhaíochtaí faireacháin dá bhforáiltear faoi na sásraí ábhartha, mar shampla, an sásra faireacháin a dhéanann Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann nó sásra meastóireachta agus faireacháin Schengen, i ndáil le hoibleagáidí an Chomhshocraithe. Leis na gníomhaíochtaí faireacháin sin beifear in ann aon chur i bhfeidhm mícheart nó páirteach den chreat dlíthiúil agus oibríochtúil a bhrath chun a áirithiú go gcuirfear aon ghníomhaíocht feabhais is gá chun feidhme go tráthúil. Tá an Coimisiún réidh freisin chun dul i mbun na nósanna imeachta iomchuí, i gcás ina meastar go bhfuil gá leo agus go bhfuil údar cuí leo, lena n‑áirítear nósanna imeachta um shárú chun a chion féin a dhéanamh go hiomlán mar chaomhnóir na gConarthaí.

Cuirfidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann tús lena chlár chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm oibríochtúil agus teicniúil chóras tearmainn na hEorpa i lár 2026. I gcomhréir leis an Rialachán maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, ba cheart faireachán a dhéanamh ar gach Ballstát uair amháin ar a laghad laistigh de 5 bliana. Féadfaidh an Ghníomhaireacht faireachán téamach a sheoladh freisin le haghaidh gnéithe sonracha. I gcás ina bhfuil ábhair thromchúiseacha imní ann maidir le feidhmiú chóras tearmainn nó glactha Ballstáit, tionscnóidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann cleachtadh faireacháin ad hoc ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin don Choimisiún.

sásra meastóireachta agus faireacháin Schengen ábhartha a mhéid a chumhdófar leis an Rialachán maidir le Scagadh agus an Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Teorann um Fhilleadh ós rud é gur cuid de acquis Schengen iad na hionstraimí dlí sin den Chomhshocrú. Déanfar meastóireacht ar gach Ballstát gach 7 mbliana. Faoin sásra, is féidir meastóireachtaí téamacha agus cuairteanna gan réamhfhógra a dhéanamh freisin. Foráiltear do nós imeachta sonrach lena ngabhann sprioc-amanna níos giorra sa Rialachán maidir le sásra meastóireachta agus faireacháin Schengen le haghaidh cásanna ina sainaithnítear easnaimh thromchúiseacha.

Conclúid

Is é an Plean Cur Chun Feidhme Coiteann an treoirphlean oibríochtúil ar ar a bhonn a bheartaíonn an Coimisiún cur chun feidhme an Chomhshocraithe maidir le hImirce agus Tearmann a thabhairt ar aghaidh in éineacht leis na Ballstáit agus le gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais. Treoróidh sé ár gcuid oibre chun ár gcuspóir comhchoiteann a bhaint amach, is é sin córas dea-ullmhaithe a bheith i bhfeidhm faoi dheireadh na hidirthréimhse, i lár 2026. Is é an chéad chéim thábhachtach eile a bheidh ann go n‑ullmhóidh na Ballstáit a bPleananna Náisiúnta cur chun feidhme faoin 12 Nollaig 2024.

Leis an tiomantas comhroinnte comhordaithe atá againn, cuirfear an Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann i gcrích. Is féidir leis na Ballstáit brath ar an gCoimisiún agus ar Ghníomhaireachtaí an Aontais ag gach céim den bhealach, lena n‑áirítear chun tacaíocht oibríochtúil, theicniúil agus airgeadais a sholáthar.

(1)     https://home-affairs.ec.europa.eu/policies/migration‑and‑asylum/pact‑migration‑and‑asylum/legislative-files‑nutshell_ga
(2)    Teachtaireacht ón gCoimisiún, Cothromaíocht a bhaint amach maidir leis an imirce: cur chuige atá cothrom agus daingean, COM/2024/126 final.
(3)    Cé is moite de Rialachán (AE) 2024/1350 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena mbunaítear Creat an Aontais um Athlonnú agus um Ligean Isteach ar Fhoras Daonnúil, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1147, Rialachán a bhí infheidhme an 11 Meitheamh 2024.
(4)    Airteagal 84, Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bainistiú tearmainn agus imirce, IO L, 2024/1351, 22.5.2024; Airteagal 75, Rialachán (AE) 2024/1348 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena mbunaítear nós imeachta coiteann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta san Aontas, IO L, 2024/1348, 22.5.2024.
(5)

   Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bainistiú tearmainn agus imirce, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1147 agus (AE) 2021/1060 agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 604/2013, IO L, 2024/1351, 22.5.2024.

(6)    Leagtar síos i Rialachán Eurodac go dtabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 agus a chumhachtaí cur chun feidhme á bhfeidhmiú aige nuair is gá don Choimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an Rialachán. Féach an roinn maidir le rialachas.
(7)      Rialachán (AE) 2019/817 agus Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE, Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS), Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le faisnéis a mhalartú idir Ballstáit i ndáil le víosaí gearrfhanachta, víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe.
(8)    Grúpa neamhfhoirmiúil saineolaithe de chuid an Choimisiúin atá ann cheana féin agus a bunaíodh i gcomhréir le Cinneadh C(2016) 3301 ón gCoimisiún is ea Coiste Teagmhála Eurodac. I gcomhréir leis an gCinneadh sin, soláthraíonn an grúpa saineolaithe comhairle agus saineolas maidir le cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais mar aon le comhar agus comhoibriú leis na Ballstáit agus na páirtithe leasmhara ina leith sin, maidir le tograí reachtacha agus tionscnaimh bheartais agus gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus is féidir leis comhairle agus saineolas a sholáthar i gcás inar gá maidir le gníomhartha cur chun feidhme a ullmhú go luath sula gcuirtear faoi bhráid an Choiste Rialála iad.
(9)    Leis an gcoincheap ‘acmhainneacht leordhóthanach’, ceanglaítear ar na Ballstáit an acmhainneacht ghlactha agus na hacmhainní daonna a chur ar bun, lena náirítear pearsanra cáilithe dea-oilte, de réir mar atá riachtanach chun scrúdú a dhéanamh aon tráth ar líon sainaitheanta iarratas agus chun cinntí um fhilleadh a fhorfheidhmiú. Nuair a shroichtear acmhainneacht leordhóthanach Ballstáit ar leith, ní bheidh sé d’oibleagáid ar an mBallstát lena mbaineann a thuilleadh daoine breise a chur sa nós imeachta teorann; ina ionad sin, is féidir leis an mBallstát iarratasóirí a dhíriú i dtreo an nós imeachta brostaithe laistigh den chríoch. Ar an gcuma chéanna, i gcás ina mbeidh uasteorainn bhliantúil na niarratas faighte ag an mBallstát, mar a leagtar amach sa reachtaíocht (acmhainneacht leordhóthanach méadaithe faoi dhó in 2026, faoi thrí in 2027 agus faoi cheathair in 2028), níl sé d’oibleagáid ar an mBallstát a thuilleadh an nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm agus is féidir leis iarratasóirí a chur i dtreo an nós imeachta brostaithe laistigh den chríoch fiú má tá acmhainneacht ar fáil don nós imeachta teorann. Mar sin féin, i gcás iarratasóirí a d’fhéadfadh a bheith ina mbagairt don tslándáil phoiblí agus ar an ordú trédhearcach, ní mór dóibh a bheith faoi réir an nós imeachta teorann i gcónaí.
(10)    Féach bloc tógála 9.
(11)    Aon bheart a dhéanann na Ballstáit chun teacht isteach neamhúdaraithe a chosc, ní mór é a bheith i gcomhréir leis an Treoir athmhúnlaithe maidir le Dálaí Glactha (féach bloc tógála 3).
(12)    Féach bloc tógála 3.
(13)    Féach bloc tógála 9.
(14)    E.g., gardaí teorann, oifigigh tearmainn, oibrithe cásanna fillte, ateangairí, speisialtóirí maidir le seiceálacha leochaileachta, baill foirne leighis le haghaidh seiceálacha sláinte, baill foirne a bhfuil saintaithí acu ar mheasúnú aoise, comhairleoirí dlíthiúla, oifigigh cosanta leanaí, etc.
(15)    Maidir le hoibleagáidí sonracha a bhaineann leis na ceanglais nua maidir le hiarratasóirí leochaileacha, lena náirítear leanaí, féach bloc tógála 9.
(16)    Féach bloc tógála 2.
(17)    Féach bloc tógála 9.
(18)    Féach bloc tógála 9.
(19)    Féach bloc tógála 9.
(20)    Féach bloc tógála 8.
(21)    Seo grúpa neamhfhoirmeálta saineolaithe de chuid an Choimisiúin atá ann cheana féin agus a bunaíodh i gcomhréir le Cinneadh C(2016) 3301 ón gCoimisiún.
(22)    Féach bloc tógála 9.
(23)    Seo Grúpaí neamhfhoirmiúla saineolaithe coiteanna atá ann cheana féin agus a bunaíodh i gcomhréir le Cinneadh C(2016) 3301 ón gCoimisiún.
(24)    I gcás ina neisítear cinneadh um fhilleadh mar ghníomh ar leithligh, féadfar achomharc a dhéanamh ina choinne in imeachtaí breithiúnacha ar leithligh agus ní mór na hamlínte chun an tachomharc a thaisceadh a bheith idir 5 agus 10 lá maidir leis an nós imeachta teorann, an nós imeachta brostaithe, seiceálacha neamhinghlacthachta agus tarraingt siar intuigthe. I ngach cás eile ní mór na hamlínte chun an tachomharc a thaisceadh a bheith idir 2 sheachtain agus mí amháin.
(25)    Glacfaidh an Coimisiún an tuarascáil agus an togra le haghaidh moltaí ón gComhairle sa chéad cheathrú de 2025.
(26)    Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (athmhúnlú).
(27)    Féach bloc tógála 9.
(28)    Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: Réamhaisnéis fhadtéarmach maidir le hinsreafaí agus eissreafaí bhuiséad an Aontais amach anseo (2024-2028) COM/2023/390 final.
(29)    Féach bloc tógála 9 freisin.
(30)    Mar shampla, trí níos mó pearsanra a bheith ag déanamh monatóireachta ar láithreacht in ionaid chóiríochta, trí ionaid chóiríochta a chruthú chun críoch aistrithe faoi Rialachán Bhaile Átha Cliath. Chun tuilleadh samplaí a fháil, féach SWD (2023) 390 final.
(31)    Mar shampla, trí sholúbthacht a léiriú maidir le líon na naistrithe ar féidir leo glacadh leo in aghaidh an lae/in aghaidh na míosa, maidir leis na huaireanta inar féidir aistrithe a dhéanamh, trí níos mó laethanta malartacha a thabhairt chun aistrithe a dhéanamh, agus trí aistrithe Bhaile Átha Cliath a cheadú ag pointí trasnaithe teorann éagsúla. Chun tuilleadh samplaí a fháil, féach SWD (2023) 390 final.
(32)    Rialachán (CE) Uimh. 1560/2003 ón gCoimisiún an 2 Meán Fómhair 2003 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 ón gComhairle lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír.
(33) https://europass.europa.eu/en.
(34)    https://home-affairs.ec.europa.eu/policies/migrationandasylum/migrationmanagement/relocationeu-solidarity-practice_ga; Uachtaránacht na Fraince ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh 2022 (an 22 Meitheamh 2022). An chéad chéim i dtreo chur chun feidhme an Chomhshocraithe Eorpaigh maidir le hImirce agus Tearmann: modus operandi sásra dlúthpháirtíochta dheonaigh.
(35) ()    Moladh (AE) 2020/1366 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2020 maidir le sásra an Aontais maidir le hullmhacht agus bainistiú géarchéimeanna a bhaineann leis an imirce (an Treoirphlean Ullmhachta Imirce agus Géarchéime).
(36)    I gcomhréir leis an Moladh ón gCoimisiún maidir le córas comhtháite cosanta leanaí a fhorbairt agus a neartú ar mhaithe le leas an linbh, C(2024) 2680 final.
(37)    Ba cheart an mionaoiseach neamhthionlactha a bheith á thionlacan ag ionadaí nó, i gcás nár ainmníodh ionadaí, ag duine atá oilte ar leas an linbh agus ar a fholláine a choimirciú, le linn an ama a bheidh a shonraí bithmhéadracha á dtógáil. Níor cheart an duine oilte sin a bheith ina oifigeach a bheidh freagrach as na sonraí bithmhéadracha a thógáil, ach ba cheart dó gníomhú go neamhspleách agus níor cheart dó orduithe a fháil ón oifigeach nó ón tseirbhís atá freagrach as na sonraí bithmhéadracha a thógáil.
(38)    Airteagal 10(2) den Rialachán maidir le scagadh.
(39)    C(2024) 2680 final.
(40)     Treoir praiticiúil maidir le measúnú aoise [Practical guide on age assessment] | Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (europa.eu) .
(41)    Trí pháirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí de chuid Líonra Eorpach na Caomhnóireachta is féidir cuidiú le saineolas a chomhroinnt agus dea-chleachtais a shainaithint.
(42) Moladh ón gCoimisiún an 15.11.2023 maidir le haitheantas do cháilíochtaí náisiúnach tríú tír, C(2023) 7700 final.
(43)    Má roghnaíonn na Ballstáit an fhéidearthacht deontais agus iasachtaí a bhaineann le hoideachas a dhiúltú do dhaoine fásta, ní mór é sin a áireamh sa dlí náisiúnta.
(44)    Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 maidir le ceadanna cónaithe agus Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 maidir le doiciméid taistil.
(45) Moladh ón gCoimisiún an 15.11.2023 maidir le haitheantas do cháilíochtaí náisiúnach tríú tír, C(2023) 7700 final.
(46)    Tacaíocht ioncaim, cúnamh breoiteachta/toirchis, cúnamh do thuismitheoirí/cúnamh cúraim leanaí, agus sochair thithíochta má sholáthraítear iad do náisiúnaigh na mBallstát faoin dlí náisiúnta.
(47)    Rialachán (AE) 2021/1147 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, IO L 251, 15.7.2021, lch. 1.
(48)    Rialachán (AE) 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, IO L 251, 15.7.2021, lch. 48
(49)    Aithris 72 agus Airteagal 21 (8) de Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bainistiú tearmainn agus imirce, IO L, 2024/1351, 22.5.2024; Aithris 11 agus Airteagal 16(4) de Rialachán (AE) 2024/1348 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena mbunaítear nós imeachta coiteann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta san Aontas agus lena naisghairtear Treoir 2013/32/AE, IO L, 2024/1348, 22.5.2024.
(50)    Conclúidí na Comhairle Eorpaí, an 1 Feabhra 2024, EUCO 2/24.
(51)    Toolkit on the use of EU funds for the integration of people with a migrant background, 2021–2027 programming period [Sraith straitéisí maidir le húsáid chistí AE chun daoine a mbaineann cúlra imirceach leo a lánpháirtiú, clárthréimhse 2021-2027], An Coimisiún Eorpach, Samhain 2021.
(52)    COM(2024) 126 final, IV.1 Paraidím nua ar bhonn comhpháirtíochtaí cuimsitheacha.
(53)

Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle, IO L 209, 14.6.2021, lch. 1.

(54)    Tá Glao ar Thograí le haghaidh tionscadail Chomhpháirtíochta Oibríochtúla ar fiú €12 mhilliún iad ar oscailt faoi láthair Tairseach ‘Cistiú & Tairiscintí’ an Aontais Eorpaigh (europa.eu) .
(55)    Seoladh Comhpháirtíochtaí Oibríochtúla Frithsmuigleála in 2022 le Maracó, leis an Nígir (ar fionraí) agus leis na Balcáin Thiar agus in 2023 leis an Túinéis.
(56)    Féach Plean Gníomhaíochta um Ghanntanais Saothair agus Scileanna san Aontas, COM(2024) 131.
(57)    I gcás roinnt gníomhartha cur chun feidhme, foráiltear leis na Rialacháin nach dtabharfaidh an Coiste cúnamh don Choimisiún. Is amhlaidh atá, mar shampla, i gcás an ghnímh cur chun feidhme lena socraítear acmhainneacht leordhóthanach gach Ballstáit.
(58)    Áirítear orthu sin Coiste Teagmhála Bhaile Átha Cliath, an Coiste Teagmhála um Cháilíochtaí, Coiste Teagmhála Eurodac, an Coiste Teagmhála um Ghlacadh, an Coiste Teagmhála um Nósanna Imeachta Tearmainn, an Grúpa Teagmhála don Treoir um Fhilleadh, an Sainghrúpa um Athligean Isteach, an Sainghrúpa um Theorainneacha Seachtracha a Bhainistiú, an Sainghrúpa um Athlonnú agus an Líonra Eorpach um Imeascadh, sásra an Aontais Eorpaigh um ullmhacht agus bainistiú géarchéimeanna. D’fhéadfadh sé gur ghá athbhreithniú a dhéanamh ar théarmaí tagartha na sainghrúpaí sin agus iad a oiriúnú chun a áirithiú go dtagraíonn siad anois d’ionstraimí an Chomhshocraithe (seachas do na seanionstraimí).

An Bhruiséil,12.6.2024

COM(2024) 251 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

An Plean Cur Chun Feidhme Coiteann don Chomhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann









{SWD(2024) 251 final}


Teimpléad le haghaidh Pleananna Náisiúnta Cur Chun Feidhme

I.Forléargas ar an staid agus ar na príomhbhearnaí

(Tuairisc ghinearálta ar an staid le blianta beaga anuas, measúnú ar an áit a bhfuil na príomhréimsí imní)

II.Bloic Thógála

1.Eurodac

·Staid na himeartha: forléargas ar acmhainneachtaí bonnlíne, príomhghníomhaithe riaracháin/údaráis inniúla.

·Sainmhíniú ar spriocanna

·Ceanglais: a) socruithe reachtacha/rialála b) próisis eagrúcháin/riaracháin c) pearsanra (foireann agus oiliúint) d) bonneagar e) riachtanais TF f) riachtanais chostála agus soláthair

·Garspriocanna: 6 mhí, 12 mhí, 18 mí

2.Nós imeachta teorann/Scagadh

·Staid na himeartha: forléargas ar acmhainneachtaí bonnlíne, príomhghníomhaithe riaracháin/údaráis inniúla.

·Sainmhíniú ar spriocanna

·Ceanglais: a) socruithe reachtacha/rialála b) próisis eagrúcháin/riaracháin c) pearsanra (foireann agus oiliúint) d) bonneagar e) riachtanais TF f) riachtanais chostála agus soláthair

·Garspriocanna: 6 mhí, 12 mhí, 18 mí

3.Glacadh (lena n-áirítear bearta réamh-imeascadh; coinneáil/roghanna malartacha eile seachas coinneáil)

·Staid na himeartha: forléargas ar acmhainneachtaí bonnlíne, príomhghníomhaithe riaracháin/údaráis inniúla.

·Sainmhíniú ar spriocanna

·Ceanglais: a) socruithe reachtacha/rialála b) próisis eagrúcháin/riaracháin c) pearsanra (foireann agus oiliúint) d) bonneagar e) riachtanais TF f) riachtanais chostála agus soláthair

·Garspriocanna: 6 mhí, 12 mhí, 18 mí

4.An nós imeachta tearmainn

·Staid na himeartha: forléargas ar acmhainneachtaí bonnlíne, príomhghníomhaithe riaracháin/údaráis inniúla.

·Sainmhíniú ar spriocanna

·Ceanglais: a) socruithe reachtacha/rialála b) próisis eagrúcháin/riaracháin c) pearsanra (foireann agus oiliúint) d) bonneagar e) riachtanais TF f) riachtanais chostála agus soláthair

·Garspriocanna: 6 mhí, 12 mhí, 18 mí

5.Filleadh

·Staid na himeartha: forléargas ar acmhainneachtaí bonnlíne, príomhghníomhaithe riaracháin/údaráis inniúla.

·Sainmhíniú ar spriocanna

·Ceanglais: a) socruithe reachtacha/rialála b) próisis eagrúcháin/riaracháin c) pearsanra (foireann agus oiliúint) d) bonneagar e) riachtanais TF f) riachtanais chostála agus soláthair

·Garspriocanna: 6 mhí, 12 mhí, 18 mí

6.Freagracht

·Staid na himeartha: forléargas ar acmhainneachtaí bonnlíne, príomhghníomhaithe riaracháin/údaráis inniúla.

·Sainmhíniú ar spriocanna

·Ceanglais: a) socruithe reachtacha/rialála b) próisis eagrúcháin/riaracháin c) pearsanra (foireann agus oiliúint) d) bonneagar e) riachtanais TF f) riachtanais chostála agus soláthair

·Garspriocanna: 6 mhí, 12 mhí, 18 mí

7.Dlúthpháirtíocht

·Staid na himeartha: forléargas ar acmhainneachtaí bonnlíne, príomhghníomhaithe riaracháin/údaráis inniúla.

·Sainmhíniú ar spriocanna

·Ceanglais: a) socruithe reachtacha/rialála b) próisis eagrúcháin/riaracháin c) pearsanra (foireann agus oiliúint) d) bonneagar e) riachtanais TF f) riachtanais chostála agus soláthair

·Garspriocanna: 6 mhí, 12 mhí, 18 mí

8.Teagmhas/Géarchéim

·Staid na himeartha: forléargas ar acmhainneachtaí bonnlíne, príomhghníomhaithe riaracháin/údaráis inniúla.

·Sainmhíniú ar spriocanna

·Ceanglais: a) socruithe reachtacha/rialála b) próisis eagrúcháin/riaracháin c) pearsanra (foireann agus oiliúint) d) bonneagar e) riachtanais TF f) riachtanais chostála agus soláthair

·Garspriocanna: 6 mhí, 12 mhí, 18 mí

9.Cothrománach: Coimircí Dlí/Cúnamh Dlí/Saincheisteanna leochaileachta/faireachán ar chearta bunúsacha

·Staid na himeartha: forléargas ar acmhainneachtaí bonnlíne, príomhghníomhaithe riaracháin/údaráis inniúla.

·Sainmhíniú ar spriocanna

·Ceanglais: a) socruithe reachtacha/rialála b) próisis eagrúcháin/riaracháin c) pearsanra (foireann agus oiliúint) d) bonneagar e) riachtanais TF f) riachtanais chostála agus soláthair

·Garspriocanna: 6 mhí, 12 mhí, 18 mí

10.Athlonnú, Cuimsiú agus Imeascadh

·Staid na himeartha: forléargas ar acmhainneachtaí bonnlíne, príomhghníomhaithe riaracháin/údaráis inniúla.

·Sainmhíniú ar spriocanna

·Ceanglais: a) socruithe reachtacha/rialála b) próisis eagrúcháin/riaracháin c) pearsanra (foireann agus oiliúint) d) bonneagar e) riachtanais TF f) riachtanais chostála agus soláthair

·Garspriocanna: 6 mhí, 12 mhí, 18 mí

III.Comhordú/Rialachas

·Sásraí comhordaithe

·Faireachán agus bailiú sonraí

IV.Conclúid

Achoimre ar na ceanglais lena n-áirítear foinsí cistiúcháin táscacha (cistí náisiúnta, cistí AE), go háirithe na gnéithe atá le cumhdach san athbhreithniú meántéarma ar chistí Gnóthaí Baile agus trí na leithdháiltí tiomnaithe a eascraíonn as an athbhreithniú ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil.