AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,3.6.2024
COM(2024) 228 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir le hainmníochtaí tráchtála agus aicmiú conablach in earnáil na caoireola agus na feola gabhair
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,3.6.2024
COM(2024) 228 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir le hainmníochtaí tráchtála agus aicmiú conablach in earnáil na caoireola agus na feola gabhair
Clár Ábhair
1 Réamhrá
2 Cur chuige agus uirlisí
3 Anailís ar an gcreat rialála
3.1 Aicmiú conablach
3.1.1 Réamhfhasach
3.1.2 An staid reatha
3.2 Ainmníocht tráchtála
3.3 Faisnéis faoin margadh
4 Tuairimí na mBallstát agus na bpáirtithe leasmhara
4.1 Measúnú na bhfreagróirí ar aicmiú conablach
4.2 Measúnú na bhfreagróirí ar ainmníochtaí tráchtála
4.3 Barúlacha breise ó fhreagróirí
5 Conclúidí
1Réamhrá
De bhun Airteagal 225(dd) de Rialachán (AE) Uimh 1308/2013 (Rialachán maidir le CEM) 1 , tá an Coimisiún le tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, faoin 30 Meitheamh 2024, maidir le hainmníochtaí tráchtála agus aicmiú conablach in earnáil na caoireola agus na feola gabhair.
Is iad seo a leanas cuspóirí na tuarascála sin:
–athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha atá ann cheana maidir le haicmiú conablach agus ainmníocht tráchtála in earnáil na caoireola agus na feola gabhair; agus
–a fháil amach an bhfuil gá le tuilleadh rialála ar an ábhar seo nó nach bhfuil.
2Cur chuige agus uirlisí
Chun tuairimí saineolaithe a bhailiú maidir le cur chun feidhme aicmithe conablach agus maidir le húsáid ainmníochtaí tráchtála in earnálacha na caoireola agus na feola gabhair, d’ullmhaigh an Coimisiún dhá shuirbhé i mí Feabhra 2023. Bhí ceann amháin acu dírithe ar na Ballstáit tríd an Sainghrúpa um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta, agus bhí an dara ceann acu dírithe ar chomhaltaí is páirtithe leasmhara de chuid an Ghrúpa Idirphlé Shibhialta maidir le Táirgeadh Ainmhithe.
Chuir an Coimisiún na Ballstáit agus na páirtithe leasmhara ar an eolas faoi chuspóir agus faoi sceideal an chomhairliúcháin sular seoladh é agus mheabhraigh sé dóibh ina dhiaidh sin gur gá dóibh a bheith rannpháirteach sa suirbhé. Fuair an Coimisiún ionchur ó 26 Bhallstát (gach Ballstát seachas an Fhrainc), agus ní bhfuair sé ionchur ach ó cheithre pháirtí leasmhar a bhaineann le heagraíochtaí ón Spáinn, ón Ostair agus ón bPortaingéil.
Ina theannta sin, tacaíonn an méid seo a leanas leis an tuarascáil seo:
–anailís ar an reachtaíocht atá ann faoi láthair agus ar an reachtaíocht roimhe seo atá ábhartha do raon feidhme na tuarascála.
–torthaí ó thuarascálacha, ó mheastóireachtaí agus ó iniúchtaí a rinne an Coimisiún.
–sonraí staidrimh atá ar fáil le haghaidh táirgí talmhaíochta, agus
–aighneachtaí ó shaineolaithe an tSainghrúpa um Chonablaigh a Aicmiú, agus ó pháirtithe leasmhara de chuid an Ghrúpa Idirphlé Shibhialta maidir leis an margadh caorach agus gabhar.
3Anailís ar an gcreat rialála
3.1Aicmiú conablach
3.1.1Réamhfhasach
Ón uair a tugadh isteach aicmiú agus tuairisciú praghsanna de réir scála an Chomhphobail um aicmiú conablach in 1992 2 , ba ghnéithe deonacha iad araon i gcás ainmhithe den speiceas caorach. Tá sé sin éagsúil le hearnálacha na mairteola agus na muiceola, ina bhfuil scála an Aontais um aicmiú conablach éigeantach, ach tá maoluithe ann do sheamlais bheaga, ag brath ar chur chun feidhme na mBallstát.
Leagadh síos rialacha mionsonraithe breise in 1993, lena n‑áirítear tuairiscí níos sonraí ar na catagóirí agus ar na haicmí saille. 3 Tháinig scála an Chomhphobail i bhfeidhm an 6 Márta 1993 agus forálacha ann maidir le tuairisciú praghsanna ar bhonn aicmiú le héifeacht den chéad uair an 8 Aibreán 1993 ar a dhéanaí. Ar bhonn na bhforálacha sin, d’fhoilsigh Oifig Foilseachán Oifigiúil na gComhphobal Eorpach bróisiúir ag tús na bliana 1995, i bhformhór theangacha an Aontais, ar bróisiúr é a d’eisigh an Coimisiún Eorpach agus inar míníodh na scálaí greille chun conablaigh caorach a aicmiú.
Ar dtús, ba é ceann amháin de na cuspóirí fadtéarmacha le haghaidh scála an Aontais um aicmiú conablach an bonn a sholáthar le haghaidh sainmhíniú nua ar cháilíocht chaighdeánach conablach caorach a bheadh bunaithe ar ghreille de chuid an Aontais chun praghsanna a chinneadh agus an phréimh a ríomh. Bhí sé beartaithe go mbeadh scála an Aontais um aicmiú conablach ina rialú cáilíochta le haghaidh idirbhearta tráchtála idir táirgeoirí caorach agus próiseálaithe feola. I gcás conablaigh uaineola níos éadroime, níor measadh go ndearnadh meastóireacht chothrom ar na conablaigh sin leis an scór crutha. Bhí sé sin amhlaidh toisc go ngearrfadh sé pionós go córasach ar a moirfeolaíocht atá lag go nádúrtha (pórtha fadchosacha) agus ar a gcóimheas saille fo-chraicní/inmheánaí laghdaithe, in éineacht lena meáchan íseal. Dá bhrí sin, forbraíodh córas difriúil chun conablaigh uaineola a bhfuil meáchan níos lú ná 13 kg iontu a aicmiú.
Le Rialachán (CEE) Uimh 2137/92 ón gComhairle, ceanglaíodh ar an gCoimisiún, faoi Airteagal 9, tuarascáil a chur faoi bhráid na Comhairle chun meastóireacht a dhéanamh ar an bhféidearthacht maidir le haicmiú éigeantach conablach caorach a chur chun feidhme. Sa tuarascáil uaidh a foilsíodh in 1997 4 , thug an Coimisiún dá aire an úsáid an‑teoranta a bhain oibreoirí as an ngreille aicmithe conablach agus chinn sé gur cheart do na Ballstáit leanúint d’aicmiú conablach caorach a chur i bhfeidhm ar bhonn deonach.
Leis an athchóiriú a cuireadh i bhfeidhm le Rialachán (CE) Uimh 2529/2001 ón gComhairle 5 maidir le comheagrú na margaí caoireola agus na feola gabhair, athraíodh an bealach ar ríomhadh préimh bhliantúil na gcaorach. Dá réir sin, d’eisigh an Coimisiún dara tuarascáil chuig an gComhairle in 2002 6 , chun anailís a dhéanamh arís ar an bhféidearthacht maidir le húsáid sainordaitheach scála an Aontais um chaoirigh. Sa dara tuarascáil sin, lean an Coimisiún de bheith ag moladh úsáid a bhaint as an ngreille ar bhonn neamh-shainordaitheach mar gheall ar easpa dul chun cinn maidir le haicmiú conablach a chur chun feidhme i roinnt mhaith Ballstát.
Thug an t‑iarghrúpa Comhphobail um chigireacht ar an ngreille aicmiúcháin le haghaidh conablaigh chaoireola, dá bhforáiltear faoi Rialachán (CEE) Uimh. 2137/92, cuairteanna cigireachta ar roinnt Ballstát sa tréimhse 1993-2000, d’fhonn caighdeáin ghrádúcháin a ailíniú ar dtús i measc saineolaithe náisiúnta, agus d’fhonn a áirithiú go rabhthas ag cloí leis na caighdeáin sin sna seamlais ar tugadh cuairt orthu.
Chinn an grúpa nach raibh formhór na bpáirtithe leasmhara cinnte maidir le caoireoil a chur i bhfeidhm agus íoc aisti ar bhonn ar an scála aicmithe; is sa Fhrainc, san Fhionlainn agus sa tSualainn amháin a bhí forbairt mhór tagtha ar scála an Aontais. Dhíol formhór na dtáirgeoirí caorach ar bhonn beomheáchain go díreach le seamlais agus, i gcás ina raibh aicmiú á chleachtadh, bhí sé sin á dhéanamh go príomha chun ceanglais an tseamlais nó na gcustaiméirí a chomhlíonadh.
Thairis sin, bhain cineálacha éagsúla cur i láthair conablach an bonn den trédhearcacht, rud ar ceapadh an ghreille lena cur chun cinn, agus díoladh uain ar an mbunphraghas céanna gan beann ar chomhdhéanamh nó ar ghrád na gconablach. Ó thaobh an táirgeora de, bhí sé mearbhlach agus míthreorach comparáid a dhéanamh idir na praghsanna a luadh ar bhonn mheáchan an chonablaigh.
3.1.2An staid reatha
Leagtar síos na forálacha atá ann faoi láthair maidir le haicmiú conablach caorach i bpointe C.III d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh 1308/2013 (an Rialachán maidir le CEM), i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1182 ón gCoimisiún 7 agus i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1184 ón gCoimisiún 8 .
Tá dhá scéim éagsúla ann chun conablaigh caorach a aicmiú go deonach, mar seo a leanas.
–Baineann ceann amháin acu le conablaigh caorach a bhfuil meáchan 13 kg nó níos mó iontu, dá ngairtear ‘greille SEUROP’ de ghnáth, i gcás go n‑aicmítear conablaigh ó amharc ar bhonn a gcrutha agus mhéid bhrat na saille. Maidir le hainmhithe den speiceas buaibheach, tugann aicmí crutha (S, E, U, R, O agus P) tuairisc ar fhorbairt próifílí conablaigh, go háirithe codanna ardluacha (ceathrú dheiridh, droim, gualainn), agus léiríonn siad suim na matán agus na saille i gcoibhneas leis na cnámha. Tugann aicme mhéithe (ó 1 go 5) tuairisc ar an méid saille infheicthe lasmuigh den chonablach.
–Baineann an dara ceann acu le conablaigh uaineola a bhfuil meáchan níos lú ná 13 kg iontu, rud lena dtugtar tuairisc ar mheáchan, ar dhath na feola agus ar an mbrat saille, dá ngairtear ‘greille A’ de ghnáth. Dá bhrí sin, ní dhéantar ach meáchan (trí chatagóir: <7.0 kg de mheáchan conablaigh (cw); agus 10.1-13 kg cw), dath feola agus aicme brait saille a bhreithniú.
Níl aon fhoráil dhlíthiúil ann maidir le haicmiú conablach gabhar.
Sa lá atá inniu ann, mar gheall ar mhéid níos ísle táirgthe, tá ról tánaisteach fós ag aicmiú conablach caorach agus gabhar san Aontas i gcomparáid le haicmiú ainmnithe den speiceas buaibheach agus muc. Is iad an Bhulgáir, an Fhrainc, an Chróit, an Fhionlainn agus an tSualainn amháin a dheimhnigh, ag an sainghrúpa maidir le haicmiú conablach a tionóladh an 11 Deireadh Fómhair 2023, go n‑úsáidtear aicmiú caorach de réir scála an Aontais ar a gcríoch. Sna Ballstáit sin, le linn 2022, d’aicmigh 277 seamlas 4 420 782 chonablach caorach, a raibh 602 018 díobh fásta (i.e. caoirigh níos sine ná 12 mhí) agus b’uain iad 3 818 764 díobh (i.e. caoirigh níos óige ná 12 mhí). Mar sin féin, b’ionann sin agus méid níos lú ná 12 % den tréchur iomlán caorach don Aontas ina iomláine. Bhí aicmiú níos ábhartha i gcatagóir na n‑uan trom ná mar a bhí i gcatagóir na n‑uan éadrom, catagóir nár aicmíodh ach 111 130 conablach ann as aschur an Aontais in 2022 a raibh níos mó ná 13,8 milliún conablach i gceist leis. Níl aon mhodh grádúcháin uathoibrithe údaraithe san Aontas faoi láthair.
Ina theannta sin, níl ról mór ag scála an Aontais um aicmiú conablach i bhformhór na mBallstát agus praghsanna uaineola á dtuairisciú. In 2022, ní dhearna ach 103 sheamlas caorach a raibh scála an Aontais á chur i bhfeidhm acu luachana a thuairisciú dá n‑údaráis inniúla ar bhonn torthaí aicmiúcháin. Sa Chróit, 40,8 % den mharú bliantúil náisiúnta a bhí i gceist leis na praghsanna a tuairiscíodh ón ngreille aicmiúcháin. Maidir le taifeadadh praghsanna ó phríomh-Bhallstáit táirgthe - an Ghréig, an Spáinn, an Iodáil, an Phortaingéil agus an Rómáin - tagann sé go príomha ó mhargaíocht dhíreach uan ag margaí beo-ainmhithe nó ag ceantanna. I gcomparáid leis sin, déantar formhór na gceannachán i seamlais sa Bheilg, in Éirinn, sa Fhrainc, sa Laitvia, sa tSlóvaic, san Fhionlainn agus sa tSualainn. Déantar an chuid is mó de na luachana uain a thuairiscítear do na húdaráis a ríomh ó bhaisceanna uan a dhíoltar ar bhonn an chinn, an bheo-ainmhí nó mheáchan an chonablaigh.
Is cosúil nach féidir úsáid scála an Aontais a leathnú chun conablaigh gabhar a chumhdach. Bheadh sé deacair cáilíocht chaighdeánach a bhunú ar bhonn ghreillí an Aontais le haghaidh conablaigh caorach ós rud é go mbíonn difríochtaí substaintiúla sna sainmhínithe atá bunaithe ar chritéir aoise, meáchain agus saille agus ar chineál táirgthe. Go deimhin, nuair a chuirtear conablaigh caorach den aois agus den inscne chéanna i gcomparáid le conablaigh gabhar, bíonn conablaigh gabhar níos lú agus bíonn brat na saille níos lú. Is gnách go mbíonn an méid feola ar an gconablach níos lú, mar gheall go príomha ar chion laghdaithe saille conablaigh ós rud é go dtarlaíonn ramhrú i bhfad níos déanaí sa phróiseas fáis agus go bhféadfadh sé caillteanais maothais agus silte (suas le 8 %).
De bhreis air sin, gné thábhachtach de chonablaigh gabhar is ea go ndéantar gach cuid den chonablach, nach mór, a thomhailt i roinnt tíortha, agus ós rud é, i mórán cásanna, nach mbaintear an ceann, fágann sé sin go mbíonn sé deacair úsáid phraiticiúil cur i láthair tagartha a shocrú.
3.2Ainmníocht tráchtála
Ní chumhdaítear táirgí caorach agus gabhar leis na forálacha maidir le caighdeáin mhargaíochta sa Rialachán maidir le CEM.
Mar sin féin, cé nach ndéantar feoil ghabhair a idirdhealú i gcatagóirí éagsúla, tá idirdhealú idir catagóirí caorach seanbhunaithe. In Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán maidir le CEM, cumhdaítear caoireoil agus feoil ghabhair agus caoirigh agus gabhair bheo le Cuid XVIII, faoina sainmhínítear uain mar chaoirigh suas le 1 bhliain d’aois. Os a choinne sin, in Iarscríbhinn IV, Cuid C, sainítear na catagóirí conablach caorach aicmithe trí úsáid a bhaint as litir A le haghaidh caoirigh faoi bhun 12 mhí d’aois agus as litir B le haghaidh caoirigh eile. Go deimhin, luaitear an téarma ‘uan’ freisin i ndáil leis na cumhachtaí tarmligthe dá bhforáiltear faoi Airteagal 19(6)(c) den Rialachán maidir le CEM chun uain éadroma a aicmiú, ach in Airteagal 21 den Rialachán maidir le CEM i ndáil le cumhachtaí cur chun feidhme eile, ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun a údarú do na Ballstáit critéir shonraithe a úsáid chun aicmiú a dhéanamh ar uain ar lú meáchan a gconablach ná 13 kg.
Thairis sin, i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1182 ón gCoimisiún, tá an téarma ‘uan’ le sonrú in aithris 6, in Airteagal 3(2) agus in Airteagal 21 agus in Iarscríbhinn III. Faoi Airteagal 13, cuid (a) pointe (iv), cuirtear d’oibleagáid ar na Ballstáit praghsanna margaidh a thuairisciú le haghaidh conablaigh caorach atá níos óige ná 12 mhí d’aois. Faoi Airteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1184 ón gCoimisiún, tá praghsanna margaidh le taifeadadh i gcás conablaigh caorach faoi dhá chatagóir meáchain a shainítear mar ‘uain éadroma’ (níos lú ná 13 kg de mheáchan conablaigh) agus ‘uain throma’ (13 kg de mheáchan conablaigh nó níos mó). Ní ann d’aon fhoráil dhlíthiúil eile de chuid an Aontais maidir le praghsanna margaidh ar chonablaigh eile caorach agus gabhar a thaifeadadh.
Lasmuigh den Rialachán maidir le CEM, déantar idirdhealú sainráite idir na téarmaí d’uainfheoil agus d’fheoil mheannáin, ar thaobh amháin agus catagóirí eile caoireola agus feola gabhair, ar an taobh eile, in Ainmníocht Chomhcheangailte an Aontais 2022 9 . Sa Rialachán Cur Chun Feidhme sin ón gCoimisiún, sainmhínítear uain mar ainmhithe suas le 1 bhliain d’aois le haghaidh Chaibidlí 1, 2, 4, 15, 16, 41, 43 agus 51 faoi seach, agus luaitear an téarma ‘meannán’ i gceann‑nóta 1 (c) a ghabhann le Caibidil 41 (seithí agus craicne), i gceannteideal 4106 agus i líne 4113 10 00. De bhreis air sin, in Airteagal 31(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1988 ón gCoimisiún 10 maidir le taraif-chuótaí ‘tús freastail ar an gceann is túisce’, sainmhínítear an téarma ‘meannán’ mar ghabhar atá suas le 1 bhliain d’aois.
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Uimh 1165/2008 11 maidir le staidreamh beostoic agus feola, i bpointe 2 maidir le sainmhínithe ar chatagóirí caorach, déantar caoirigh fhireanna nó bhaineanna atá faoi bhun 12 mhí d’aois a ainmniú leis an téarma uan.
3.3Faisnéis faoin margadh
I gcás caoireola, tá forálacha bunaithe ag an gCoimisiún maidir le praghsanna conablach uan a thuairisciú, ós rud é go bhfuil an t‑éileamh ar fheoil ó ainmhithe a mharaítear ag aois óg níos ionadaíche chun críoch trédhearcachta sa mhargadh.
Faoi Airteagal 25(2)(c) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1182 ón gCoimisiún, ní mór do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún gach bliain maidir leis an líon iomlán caorach a maraíodh sa bhliain féilire roimhe sin agus an líon sin arna mhiondealú de réir catagóirí meáchain.
I gcás feoil ghabhair, bailíonn an Coimisiún faisnéis faoi mheánphraghsanna dhá uair sa bhliain ar faisnéis í atá bunaithe ar shuirbhé a sheoltar chuig saineolaithe an Ghrúpa Idirphlé Shibhialta maidir le Táirgeadh Ainmhithe.
Reáchtáil an Coimisiún fóram caoireola inar tugadh ionadaithe le chéile ó na Ballstáit ina ndéantar táirgeadh mór, chomh maith le táirgeoirí, próiseálaithe agus trádálaithe, chun iniúchadh a dhéanamh ar na dúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo in earnáil caoireola an Aontais. Ina dhiaidh sin, i mí Dheireadh Fómhair 2016, chuir an Coimisiún deais i láthair le haghaidh caorach agus gabhar chun faisnéis sheachtainiúil a sholáthar maidir le praghsanna margaidh, táirgeadh agus trádáil san Aontas agus i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad.
4Tuairimí na mBallstát agus na bpáirtithe leasmhara
4.1Measúnú na bhfreagróirí ar aicmiú conablach
Dheimhnigh cúig Bhallstát go gcuireann siad scála aicmithe an Aontais i bhfeidhm i gcás conablaigh uaineola, agus go n‑úsáideann ceithre cinn acu é le haghaidh caoirigh fhásta freisin (i.e. caoirigh atá níos sine ná 12 mhí d’aois). Ní dhéanann ach dhá Bhallstát éigeantach do gach oibreoir é, ach sa dá cheann eile, ní dhéanann ach líon beag seamlas aicmiú caorach ar bhonn deonach. Ba í an Chróit an t‑aon Bhallstát amháin a dheimhnigh go raibh aicmiú conablach éigeantach á chur i bhfeidhm aici i gcás gabhar, idir ainmhithe óga agus ainmhithe fásta.
D’ainneoin gur aithin formhór na bhfreagróirí luach an aicmithe conablach chun feabhas a chur ar thrédhearcacht sa mhargadh, chun luach margaidh a chur le táirgí, agus chun feabhas a chur ar fhreagairt soláthróirí ar éilimh an mhargaidh, luadh costais bhreise an aicmithe mar cheann de na príomhdheacrachtaí a bhaineann lena úsáid a dhéanamh éigeantach. Níor thug ach ceithre Bhallstát freagra fabhrach i dtaobh aicmiú éigeantach caorach a thabhairt isteach ar leibhéal an Aontais. Thairis sin, dheimhnigh formhór mór na mBallstát nach raibh aon iarraidh ann ó oibreoirí intíre chun modhnú a dhéanamh ar bhonn deonach scála an Aontais mar atá ann faoi láthair. Chuir freagróirí in iúl go raibh ilroinnt agus/nó méid bheag a margaí intíre ina mbacainní móra ar chur i bhfeidhm éigeantach a fhorchur.
Ina theannta sin, ní raibh ach ceithre Bhallstát ann ar theastaigh uathu reachtaíocht shonrach a thabhairt isteach maidir le haicmiú conablach gabhar. Chuir go leor freagróirí in iúl freisin nach gcruthófaí breisluach dá dtabharfaí aicmiú isteach le haghaidh conablaigh gabhar, ós rud é go bhfuil an táirgeadh chomh híseal sin, agus gur fotháirge de tháirgeadh déiríochta é i bhformhór na gcásanna. Tháinig siad ar an gconclúid go mbeadh aon tairbhe a bhainfeadh le haon chineál grádúcháin conablach a fhorchur díréireach i gcomparáid leis na costais bhreise a bhainfeadh lena chur chun feidhme.
Maidir le faisnéis faoin margadh, dheimhnigh formhór na bhfreagróirí go bhfuil mionról ag aicmiú conablach nuair atá caoireoil nó feoil ghabhair á ceannach. Níor léirigh ach ceithre fhreagróir as measc na mBallstát agus freagróir amháin as measc na bpáirtithe leasmhara spéis ar bith i dtuairisciú praghsanna a leathnú chuig catagóirí eile conablach caorach. Ar an gcaoi chéanna, ní raibh ach dhá fhreagróir as measc na mBallstát agus freagróir amháin as measc na bpáirtithe leasmhara ann ar theastaigh uathu tuairisciú ar phraghsanna conablach gabhar a bheith ann. Deimhníodh sna freagraí go gcomhaontaítear, i bhformhór mhargaí an Aontais, táirgí caorach agus gabhar a cheannach ar bhonn íocaíochtaí cothromráta, nó in aghaidh an chinn, nó in aghaidh an kg de bheomheáchan nó de mheáchan conablaigh, nó fiú ar bhonn mhéid an ainmhí.
Ina theannta sin, léirigh freagróirí an tábhacht choibhneasta a bhaineann le caoirigh a thrádáiltear sa Bhulgáir, san Eastóin, sa Ghréig, sa Spáinn, san Ungáir, sa Rómáin agus sa tSualainn. Mar sin féin, chuir freagróirí in iúl, fiú agus ainmhithe beo á dtrádáil idir na Ballstáit, nach ndéantar líon mór ceannachán atá bunaithe ar aicmiú conablach.
4.2Measúnú na bhfreagróirí ar ainmníochtaí tráchtála
Chun aon mhéadú ar an ualach airgeadais agus ar an ualach riaracháin ar oibreoirí agus ar údaráis a sheachaint, níor léirigh formhór mór na bhfreagróirí spéis i dtuilleadh reachtaíocht nua a fhorchur ar leibhéal an Aontais maidir le hainmníocht tráchtála. Níor thacaigh ach cúig Bhallstát agus dhá Bhallstát, maidir le caoirigh agus gabhair faoi seach, le reachtaíocht níos sonraí a bheith ann maidir le hainmníochtaí tráchtála ar leibhéal an Aontais.
Níor thuairiscigh ach Ballstát amháin iarraidh óna pháirtithe leasmhara intíre go mbeadh reachtaíocht shonrach ann ar leibhéal an Aontais maidir le hainmníocht tráchtála le haghaidh caorach, ach thacaigh freagróir amháin as measc na bpáirtithe leasmhara leis an seasamh sin freisin. Sa suirbhé, níor chuir ach Ballstát amháin i dtábhacht an gá atá le hidirdhealú a dhéanamh i leith níos mó catagóirí uan, agus chuir freagróir amháin ó na páirtithe leasmhara in iúl nach raibh faisnéis mhargaidh leordhóthanach ann maidir le feoil gabhair.
4.3Barúlacha breise ó fhreagróirí
De réir fhreagraí na bhfreagróirí, tagann sé chun solais go ndéantar margaíocht agus gearradh caoireola agus feola gabhair de réir sonraíochtaí ceannaitheora den chuid is mó agus go bhfuil méid níos ísle próiseála i gceist leo ná mar atá i gceist le feoil speiceas eile. D’aithin roinnt freagróirí an tábhacht a bhaineann le seamlais bheaga agus le marú ar fheirmeacha ina mBallstáit nuair atá caoireoil agus feoil ghabhair á soláthar don tionscal próiseála. Ar an leibhéal miondíola, díoltar an fheoil go príomha i gcomhréir le héilimh custaiméirí nó i gcuacha réamhphacáistithe.
Ina theannta sin, chuir freagróirí in iúl go bhfuil marcanna cáilíochta difreáilte éagsúla ann le haghaidh caoireola sa Bheilg, sa Danmhairg, san Eastóin, in Éirinn, sa Ghréig, sa Spáinn, sa Chróit, san Iodáil, sa Phortaingéil, sa tSlóivéin agus sa tSlóvaic, agus le haghaidh feoil ghabhair sa Ghréig, sa Spáinn, sa Chróit, sa Phortaingéil agus sa tSlóivéin. Mar sin féin, is gnách go mbíonn a sciartha den mhargadh sách beag i gcomparáid leis an tréchur intíre iomlán.
I gcoitinne, ní raibh meastachán ar an sciar den mhargadh le haghaidh na dtráchtearraí éagsúla ar fáil i bhformhór na gceistneoirí.
5Conclúidí
Bhí rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara sa suirbhé an‑íseal, i gcomhréir leis an tuairim nach tosaíocht don earnáil é tuilleadh reachtaíochta a bheith ann maidir le haicmiú conablach agus ainmníocht tráchtála. Thairis sin, is beag suim a bhí ag na Ballstáit ná ag na páirtithe leasmhara in aicmiú éigeantach conablach caorach a thabhairt isteach, ná i gcóras aicmithe conablach le haghaidh gabhar a thabhairt isteach ná i reachtaíocht bhreise a thabhairt isteach maidir le táirgí caoireola agus feola gabhair. Ar an gcaoi chéanna, sa Rún ó Pharlaimint na hEorpa in 2018 maidir leis an staid reatha agus maidir leis na hionchais a bheidh ann amach anseo i ndáil leis an earnáil caorach agus an earnáil gabhar san Aontas 12 , níor iarradh aon reachtaíocht shonrach maidir le haicmiú conablach ná maidir le hainmníocht tráchtála ach an oiread.
Dá bhrí sin, ba cheart aicmiú conablach caorach a bheith ina uirlis dheonach ar leibhéal an Aontais fós ar uirlis í atá le húsáid i gcás ina bhfuil tairbhí ag baint léi a sholáthraíonn fíor-bhreisluach chun údar a thabhairt d’aon mhéadú ar chostais agus ar ualach. Deimhníodh sa mheastóireacht go bhfuil easpa cúiseanna bailí ann le haicmiú éigeantach conablach caorach a thabhairt isteach ar leibhéal an Aontais. Ní dhearnadh forbairtí móra maidir le húsáid an scála aicmiúcháin a leathnú i measc na bpríomhtháirgeoirí san Aontas. Dá bhrí sin, ní bheadh údar leis na costais ná leis an ualach riaracháin a bhainfeadh leis an aicmiú a dhéanamh éigeantach. Bheadh sé de cheangal ar sheamlais aicmiú conablach a eagrú agus a dhéanamh, foireann thiomnaithe oilte a bheith acu, agus torthaí agus praghsanna a thaifeadadh agus a thuairisciú. Bheadh ar údarás inniúil cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir le rialacha an Aontais, agus bheadh gá le hacmhainní breise dá bharr sin.
Is féidir le haicmiú conablach a bheith ina uirlis le haghaidh shlabhraí soláthair caorach chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht, ar thrédhearcacht praghsanna agus ar mhargaíocht. Mar sin féin, cé go bhféadfadh sé go n‑éascódh aicmiú éigeantach conablach caorach tarchur faisnéise tríd an slabhra soláthair agus go bhféadfadh sé, i bprionsabal, go mbeadh idirbhearta níos cothroime agus níos éifeachtúla ó thaobh cúrsaí eacnamaíocha de mar thoradh air sin, ní fheictear do chuid mhór oibreoirí go mbeadh tairbhí móra ann dóibh, agus ní cheapann formhór na soláthróirí a ghabhann do thrádáil caorach go bhfuil gá le conablaigh a aicmiú.
Níl aon ghá le scála an Aontais um aicmiú conablach a leathnú chun gabhair a chumhdach, mar gheall ar chineál an‑teoranta an táirgthe feola sin i roinnt mhaith Ballstát, agus mar gheall ar shaintréithe sonracha na gconablach agus na ngearrthacha feola.
Maidir le hainmníocht tráchtála, níor tuairiscíodh sna ceistneoirí aon deacracht chórasach, ná aon fhadhb maidir le cur chun feidhme na reachtaíochta atá ann faoi láthair i ndáil le margú caoireola agus feola gabhair, agus léiríodh sa suirbhé go bhfuil an chuid is mó d’oibreoirí agus d’údaráis inniúla in aghaidh tuilleadh oibleagáidí reachtacha a fhorchur i leith na saincheiste seo. Bhí siad i bhfabhar cur chuige simplithe áfach a bheadh bunaithe ar choimhdeacht agus ar ualach riaracháin laghdaithe. Ina theannta sin, cé go bhfuil aicmithe tráchtála éagsúla ag caoireoil agus ag feoil ghabhair, ar aicmithe iad atá ag brath ar aois an ainmhí nuair a mharaítear é, fágann éagsúlacht mhór na gcóras táirgthe agus na bpórtha uatheascarthacha go bhfuil na hearnálacha sin thar a bheith ilchineálach, agus tá nasc láidir ann idir roghanna tomhaltóirí agus cúlra cultúrtha. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh teannas nó coinbhleacht a bheith ann i dtaobh na ngnéithe éagsúla a bhaineann le cáilíocht feola dá ndéanfadh na reachtóirí ainmníocht shonrach tráchtála a thabhairt isteach.
Is é atá sa chonclúid fhoriomlán nach bhfuil gá le haon togra reachtach nua maidir le hainmníocht tráchtála nó maidir le haicmiú conablach in earnáil na caoireola agus na feola gabhair.
Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj ) .
Rialachán (CEE) Uimh 2137/92 ón gComhairle an 23 Iúil 1992 maidir leis scála an Comhphobail um aicmiú conablach ainmhithe den speiceas caorach agus lena gcinntear cáilíocht chaighdeánach an Chomhphobail le haghaidh chonablaigh chaorach úra nó fhuaraithe agus lena leathnaítear Rialachán (CEE) Uimh 338/91 (IO L 214, 30.7.1992, lch. 1-5, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1992/2137/oj ).
Rialachán (CEE) Uimh 461/93 ón gCoimisiún an 26 Feabhra 1993 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le scála an Chomhphobail um aicmiú conablach ainmhithe den speiceas caorach (IO L 49, 27.2.1993, lch. 70-74, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1993/461/oj ).
Tuarascáil ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme Rialachán (CEE) Uimh 2137/92 ón gComhairle maidir le scála an Chomhphobail um aicmiú conablach ainmhithe den speiceas caorach agus lena gcinntear cáilíocht chaighdeánach an Chomhphobail le haghaidh conablaigh caorach úra nó fhuaraithe agus lena leathnaítear Rialachán (CEE) Uimh 338/91, COM/97/0250 final.
Rialachán (CE) Uimh. 2529/2001 ón gComhairle an 19 Nollaig 2001 maidir le comheagrú an mhargaidh i gcaoireoil agus i bhfeoil ghabhair (IO L 341, 22.12.2001, lch. 3-14, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2001/2529/oj ).
Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme Rialachán (CEE) Uimh 2137/92 ón gComhairle maidir le scála an Chomhphobail um aicmiú conablach ainmhithe den speiceas caorach, COM/2002/0295 final.
Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1182 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le scálaí an Aontais um aicmiú conablach mairteola, muc nó caorach agus a mhéid a bhaineann le praghsanna margaidh catagóirí áirithe conablach agus ainmhithe beo a thuairisciú (IO L 171, 4.7.2017, lch. 74-99, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2017/1182/oj .
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1184 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2017 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le scálaí an Aontais um aicmiú conablach mairteola, muc agus caorach agus a mhéid a bhaineann le praghsanna margaidh catagóirí áirithe conablach agus ainmhithe beo a thuairisciú (IO L 171, 4.7.2017, lch. 103-112, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/1184/oj ).
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1832 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim
(IO L 385, 29.10.2021, lgh. 1-1091, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1832/oj ).
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1988 ón gCoimisiún an 11 Samhain 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh 1308/2013 agus (AE) Uimh 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le riar taraif-chuótaí ar allmhairí i gcomhréir leis an bprionsabal ‘tús freastail ar an gceann is túisce’ (IO L 422, 14.12.2020, lch. 4-136, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1988/oj ).
Rialachán (CE) Uimh 1165/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le staidreamh beostoic agus feola agus lena n-aisghairtear Treoir 93/23/CEE, Treoir 93/24/CEE agus Treoir 93/25/CEE ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE). (IO L 321, 1.12.2008, lgh. 1-13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1165/oj ) .
Tuarascáil-A8-0064/2018.