An Bhruiséil,20.3.2024

COM(2024) 131 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Ganntanais saothair agus scileanna san Aontas Eorpach: plean gníomhaíochta


1.Réamhrá

Tá ganntanais saothair agus scileanna ag dul i méid i ngach Ballstát le deich mbliana anuas. Cé gur cuireadh isteach ar an treocht sin go sealadach mar gheall ar phaindéim COVID-19, tháinig méadú mór ar ghanntanais arís ina dhiaidh sin mar gheall ar an téarnamh eacnamaíoch sna Ballstáit, athruithe ar an éileamh ar scileanna agus ar an timpeallacht dhéimeagrafach, mar aon le hiarmhairtí na nathruithe geopholaitiúla leanúnacha agus uaillmhian an Aontais uathriail straitéiseach oscailte a bhaint amach. Tá na ganntanais saothair agus scileanna ard fós d’ainneoin an mhoillithe eacnamaíoch a tharla le déanaí. Shainaithin an Coimisiún le déanaí 42 ghairm a mheasann sé a bheith ina ngairmeacha atá gann ar fud an Aontais ( 1 ). Thairis sin, tá méadú ag teacht ar thuairiscí ó ghnólachtaí nach féidir leo teacht ar na scileanna sonracha is gá chun a bhfolúntais a líonadh ( 2 ).

Tá impleachtaí eacnamaíocha agus sóisialta araon ag baint le ganntanais saothair agus scileanna agus is dúshlán é nach mór dul i ngleic leis go práinneach. Mura ndéanfar na ganntanais sin a mhaolú, tá baol ann go laghdófar acmhainneacht nuálaíochta agus tarraingteacht an Aontais le haghaidh infheistíochtaí, go lagófar a iomaíochas agus go gcuirfear bac ar a acmhainneacht fáis agus ar mhaoiniú a shamhla leasa shóisialta. Tá an baol ann freisin go dtiocfaidh méadú ar neamhionannais agus go dtitfidh daoine chun deiridh ar luas tapa an athraithe, agus go mbeidh iarmhairtí diúltacha aige sin ar chomhtháthú ár sochaithe agus ar shláinte ár ndaonlathais. Ina theannta sin, d’fhéadfadh an ganntanas oibrithe ag a bhfuil na scileanna riachtanacha bac a chur ar an aistriú glas agus ar an aistriú digiteach, mar aon le hiomaíochas agus slándáil agus uathriail straitéiseach oscailte an Aontais tráth a chaithfimid gach ceann acu a neartú chun athléimneacht an Aontais a áirithiú. Cé gur féidir le ganntanais, i gcásanna áirithe, feabhas a chur ar dhálaí oibre agus daoine ó ghrúpaí faoi ghannionadaíocht a chuimsiú ar bhealach níos fearr mar gheall ar iomaíocht mhéadaithe idir fostóirí chun oibrithe a mhealladh, d’fhéadfadh siad a bheith ina gcúis le déine oibre agus strus poist breise d’oibrithe sna hearnálacha agus sna gairmeacha a ndéantar difear dóibh.

Ós rud é gurb iad is gaire don mhargadh saothair, tá tuiscint mhaith ag na comhpháirtithe sóisialta, lena náirítear tuiscint ar leibhéal na hearnála, ar riachtanais na bhfostóirí agus na noibrithe. Sin an fáth a ndearna an tUachtarán von der Leyen, in éineacht le hUachtaránacht na Beilge ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, Cruinniú Mullaigh Comhpháirtithe Sóisialta a thionól in Val Duchesse an 31 Eanáir 2024. Le Dearbhú Val Duchesse ( 3 ) cuimsíodh gealltanas soiléir chun níos mó daoine a thabhairt chuig an margadh saothair, chun feabhas a chur ar dhálaí oibre, chun aitheantas cáilíochtaí a éascú agus chun oibrithe ón gcoigríoch a imeascadh, trí idirphlé sóisialta agus trí chómhargáil.

Níl an tAontas ag tosú ón tús. Leis an bplean gníomhaíochta seo, cuirtear leis an iliomad tionscnamh, lena n‑áirítear an Bhliain Eorpach um Scileanna atá ar siúl faoi láthair, atá curtha i bhfeidhm cheana féin ag an Aontas, ag na Ballstáit agus ag na comhpháirtithe sóisialta. Is é is aidhm dó bearta ábhartha a stiúradh sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma, trí chéimeanna breise coincréiteacha a oibríochtú, go háirithe ar an leibhéal earnála, a dhéanfaidh an tAontas, na Ballstáit agus comhpháirtithe sóisialta, nó ar cheart dóibh iad a dhéanamh, chun dul i ngleic leis na dúshláin a eascraíonn as ganntanais saothair agus scileanna. Ina theannta sin, ullmhaítear an bealach leis do ghníomhaíochtaí nó do thionscnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo.

2.Príomhchúiseanna na nganntanas, ról an idirphlé shóisialta agus na príomhréimsí beartais le haghaidh gníomhaíochta

Le hathbhreithniú bliantúil 2023 ar Fhostaíocht agus Forbairtí Sóisialta san Eoraip (ESDE) ( 4 ), ‘Addressing labour shortages and skills gaps in the EU’ [Aghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair agus ar bhearnaí scileanna san Aontas], soláthraíodh fianaise agus anailís shubstaintiúil ar ghanntanais leanúnacha saothair agus ar na riachtanais maidir le scileanna san Aontas, riachtanais atá ag síorathrú. Sainaithníodh na trí phríomhchúis seo a leanas le ganntanais saothair agus scileanna ar fud an Aontais:

·Athrú déimeagrafach, rud a laghdaíonn soláthar saothair agus a mhéadaíonn an téileamh ar sheirbhísí áirithe. Idir 2009 agus 2023, tháinig laghdú ar an daonra in aois oibre san Aontas ó 272 mhilliún go 263 milliún ( 5 ), agus meastar go dtiocfaidh laghdú breise air go 236 milliún faoi 2050. Go comhthreomhar, tá méadú ag teacht ar riachtanais chúraim an daonra scothaosta. An éifeacht chomhcheangailte a bheadh ag laghdú ar an daonra in aois oibre agus méadú ar an éileamh ar sheirbhísí sonracha, amhail cúram sláinte agus cúram fadtéarmach, is cinnte go gcuirfeadh sé sin go mór leis na ganntanais saothair sa mheántéarma agus san fhadtéarma ( 6 ).

·An fás substaintiúil post a mheastar a bheidh ann de bharr na naistrithe glasa agus digiteacha, an gá méadaithe le slándáil agus an tóir ar uathriail straitéiseach oscailte agus ar athléimneacht fheabhsaithe, agus na hiarmhairtí maidir leis na tacair scileanna a bheidh ag teastáil sa mhargadh saothair. Faoi láthair, baineann ganntanais scileanna le gach leibhéal cáilíochta agus gach próifíl acadúil agus teicniúil, agus tá siad ábhartha go háirithe i réimsí amhail an eolaíocht, an teicneolaíocht, an innealtóireacht agus an mhatamaitic.

·Drochdhálaí oibre i ngairmeacha agus in earnálacha áirithe, rud a fhágann go bhfuil sé deacair folúntais a líonadh agus/nó oibrithe a choinneáil. Tá dálaí oibre neamhleora agus diana, amhail strus poist os cionn an mheáin agus pá íseal, ina bpríomhthoisc maidir le ganntanais leanúnacha saothair i ngairmeacha agus in earnálacha áirithe.

Mar obair leantach ar Dhearbhú Val Duchesse, d’iarr an Coimisiún tuairimí comhpháirtithe sóisialta Eorpacha ( 7 ) maidir leis an bplean gníomhaíochta sin. D’eagraigh sé éisteacht leo an 21 Feabhra 2024. Ina dhiaidh sin, chuir na comhpháirtithe sóisialta an Coimisiún ar an eolas go raibh sé beartaithe acu gníomhaíochtaí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist na nganntanas saothair agus scileanna. Gníomhaíochtaí aontaobhacha arna ndéanamh ag eagraíocht fostóirí nó ag ceardchumann is ea mórchuid díobh. Ar leibhéal na hearnála, tá roinnt díobh déthaobhach freisin, agus bíonn an eagraíocht ábhartha fostóirí agus an ceardchumann ábhartha ag oibriú go comhpháirteach. Is díol sásaimh don Choimisiún na gníomhaíochtaí sin, a chuirtear i láthair faoi na ranna de na príomhréimsí beartais le haghaidh gníomhaíochta lena mbaineann siad.

Ós rud é go bhfuil príomhról ag an idirphlé sóisialta maidir le dul i ngleic le ganntanais saothair agus scileanna, ní féidir le cruinniú mullaigh Val Duchesse ach tús a chur le próiseas marthanach a bheidh dírithe ar thorthaí chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin.

Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

·Cistiú a sholáthar chun obair comhpháirtithe sóisialta a threisiú chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair agus scileanna ( 8 );

·Iarraidh ar chomhpháirtithe sóisialta tionscadail oibríochtúla a chur isteach lena bhféadfar aghaidh a thabhairt ar ghanntanais atá ann cheana agus a bhfuil coinne leo;

·Iarraidh ar chomhpháirtithe sóisialta a niarrachtaí maidir leis an idirphlé sóisialta a dhíriú ar na hearnálacha sonracha is mó a bhfuil gá leo.

Agus é tógáil ar an anailís thuasluaite ar Fhostaíocht agus Forbairtí Sóisialta san Eoraip agus ar an aiseolas a fuair comhpháirtithe sóisialta, cumhdaítear leis an bplean gníomhaíochta seo na príomhréimsí beartais seo a leanas le haghaidh gníomhaíochta ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal na gcomhpháirtithe sóisialta:

1.Tacú le gníomhachtú daoine atá faoi ghannionadaíocht sa mhargadh saothair;

2.Tacaíocht a sholáthar do scileanna, oiliúint agus oideachas;

3.Dálaí oibre a fheabhsú;

4.Soghluaisteacht chothrom laistigh den Aontas a fheabhsú d’oibrithe agus d’fhoghlaimeoirí;

5.Tallann a mhealladh ó lasmuigh den Aontas Eorpach.

3.Príomhréimsí beartais le haghaidh gníomhaíochta chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair agus scileanna

3.1.Tacú le gníomhachtú daoine atá faoi ghannionadaíocht sa mhargadh saothair

Tá sé ríthábhachtach rannpháirtíocht sa mhargadh saothair a mhéadú chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair. D’ainneoin feabhsuithe leanúnacha ar ráta fostaíochta an Aontais, tá acmhainneacht neamhshaothraithe shubstaintiúil fós lasmuigh den mhargadh saothair. Ar an iomlán, tá 21 % de dhaonra an lae inniu idir 20 agus 64 bliana d’aois fós neamhghníomhach ( 9 ). Is féidir gnóthachain bhreise a bhaint amach i rannpháirtíocht sa mhargadh saothair trí dhíriú ar na grúpaí sin den daonra atá faoi ghannionadaíocht sa mhargadh saothair faoi láthair, go háirithe i gceantair thuaithe agus i gceantair chósta agus i réigiúin iargúlta agus sna réigiúin is forimeallaí ( 10 ). Cuimsítear leo sin mná, oibrithe ar bheagán oiliúna (i.e. daoine a bhfuil oideachas meánscoile nó níos ísle acu), oibrithe níos sine, daoine óga, daoine a bhfuil cúlra imirceach ( 11 ) nó cúlra mionlaigh ciníoch nó eitneach acu, agus daoine faoi mhíchumas. Tá an acmhainneacht neamhshaothraithe is airde ag an gcéad trí cinn de na grúpaí sin. Dá méadófaí a ráta gníomhaíochta uile-Aontais go ráta gníomhaíochta na dtrí Bhallstát ina bhfuil na rátaí gníomhaíochta is airde do na grúpaí sin (Fíor 1), bheadh 17, 13 agus 11 mhilliún duine breise ó gach grúpa, faoi seach, ag dul isteach sa mhargadh saothair faoi 2030 ( 12 ).

Fíor 1: Is iad mná, daoine scothaosta agus oibrithe ar bheagán oiliúna an lucht saothair féideartha neamhshaothraithe is mó san Aontas

 

Foinse: Fostaíocht agus Forbairtí Sóisialta san Eoraip 2023.

Tabhair faoi deara: Is é an spriocráta gníomhaíochta (ais chlé) meánráta gníomhaíochta na dtrí Bhallstát ag a bhfuil na rátaí gníomhaíochta is airde maidir le gach ceann de na grúpaí sin. Léirítear leis an méadú ar an daonra gníomhach uile-Aontais (ais dheis) an líon breise daoine gníomhacha a d’fhéadfadh a bheith ann dá mbainfí an spriocráta gníomhaíochta amach.



Tá na príomhbhacainní fostaíochta éagsúil do gach grúpa faoi ghannionadaíocht. Tá rátaí fostaíochta níos ísle ag mná agus tá sciar i bhfad níos airde d’fhostaíocht pháirtaimseartha acu ná mar atá ag fir, den chuid is mó mar gheall ar chomhroinnt mhíchothrom na hoibre tí gan phá agus na bhfreagrachtaí cúraim. Tá bacainní struchtúracha eile ann freisin, amhail easpa oideachais agus cúraim luath-óige inacmhainne ardcháilíochta ( 13 ) agus easpa cúraim fhadtéarmaigh a chuirfeadh ar chumas tuismitheoirí agus daoine a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu oibriú go lánaimseartha, mar aon le dídhreasachtaí fioscacha chun níos mó uaireanta an chloig a oibriú. I gcás daoine aonair a bhfuil oideachas meánscoile nó níos ísle acu, cuimsítear leis na bacainní fostaíochta an easpa deiseanna comhionanna maidir le rochtain a fháil ar oideachas cuimsitheach ardcháilíochta agus tionchar an mhéadaithe ar na ceanglais maidir le scileanna. Is minic a dhéantar difear d’fhostaíocht oibrithe scothaosta mar gheall ar na rialacha scoir, mar gheall ar na ceanglais maidir le scileanna a bheith ag athrú go tapa, mar aon le ráta níos ísle rannpháirtíochta san oiliúint, agus mar gheall ar dhálaí oibre nach gcuirtear in oiriúint do riachtanais shonracha an ghrúpa sin, lena náirítear i dtéarmaí cleachtais oibre agus áiteanna oibre. Bíonn deighilt margaidh saothair ann do dhaoine óga agus is iondúil go mbíonn sciar de chonarthaí oibre neamhrialta nó sealadacha acu atá os cionn an mheáin. Bíonn easpa áiteanna oibre oiriúnaithe ann do dhaoine faoi mhíchumas, agus easpa próisis chuimsitheacha earcaíochta agus oideachais. I gcás daoine a bhfuil cúlra imirceach acu, nó a bhfuil cúlra mionlaigh ciníoch nó eitneach acu, bíonn dúshláin maidir le himeascadh sa mhargadh saothair dóibh mar thoradh ar mhímheaitseáil scileanna, scileanna uireasacha, deacrachtaí teanga, idirdhealú agus rochtain lag nó gan rochtain a bheith acu ar sheirbhísí tacaíochta.

Tá sé beartaithe ag an bPolainn níos mó ná 100 000 ionad cúraim leanaí nua breise a chruthú do leanaí faoi bhun 3 bliana d’aois, agus tacaíocht ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (STA) agus ó CSE+ á comhcheangal.

Sampla de ghníomhachtú margaidh saothair na ngrúpaí faoi ghannionadaíocht a mhaoinítear tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta is ea an clár Iodálach um Infhostaitheacht Ráthaithe Oibrithe (GOL) Tá coinne leis go dtacófar le 3 000 000 tairbhí, agus béim á leagan ar mhná, ar dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach, ar dhaoine faoi mhíchumas nó ar dhaoine faoi bhun 30 bliain d’aois nó níos sine ná 55, is é sin, grúpaí ar cheart gur 75 % ar a laghad iad de na daoine a dtacófar leo.

Dá bhrí sin, chun feabhas a chur ar na rátaí gníomhaíochta, tá gá le raon leathan beartas saincheaptha do gach grúpa faoi ghannionadaíocht lena dtugtar aghaidh ar na bunchúiseanna sonracha. Cuimsítear leo sin bearta chun feabhas a chur ar thacaíocht agus ar dhreasachtaí chun oibriú, mar shampla athchóirithe ar bheartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair, athchóirithe cánach lena laghdaítear an ding chánach ( 14 ) don dara saothraí pá agus do shaothraithe ar ioncam íseal ( 15 ), athchóirithe ar shochair lena méadaítear dreasachtaí maidir le himeascadh sa mhargadh saothair, nó athchóirithe ar na córais pinsean ( 16 ). Ba cheart beartais ghníomhachtúcháin a chomhlánú le bearta cumasúcháin lena soláthraítear rochtain éifeachtach ar sheirbhísí ardcháilíochta inacmhainne oideachais agus cúraim luath-óige agus ar sheirbhísí cúraim fhadtéarmaigh.

Tá roinnt tionscnamh de chuid an Aontais glactha cheana féin agus tá siad á gcur chun feidhme. Cuimsítear sa Straitéis um Chomhionannas Inscne ( 17 ) bearta chun tacú le rannpháirtíocht na mban sa mhargadh saothair a mhéadú, lena ndírítear ar réimsí amhail an bhearna phá idir na hinscní a laghdú, glacadh comhionann saoire teaghlaigh agus socruithe solúbtha oibre a chur chun cinn, mar aon le hoideachas agus cúram luath-óige ardcháilíochta agus seirbhísí cúraim fhadtéarmaigh, agus steiréitíopaí inscne a chomhrac; dírítear ar dhífhostaíocht na hóige le Ráthaíocht don Aos Óg ( 18 ) agus an tionscnamh ALMA ( 19 ); dírítear ar thacú le torthaí margaidh saothair níos fearr do dhaoine faoi mhíchumas leis an bPacáiste Fostaíochta le haghaidh Daoine faoi Mhíchumas ( 20 ); agus tá sé d’aidhm ag an bPlean Gníomhaíochta um Imeascadh agus Cuimsiú 2021-2027 ( 21 ) feabhas a chur ar ionchais fostaíochta daoine a bhfuil cúlra imirceach acu. Tá forbhreathnú cuimsitheach ar na tionscnaimh atá ar siúl faoi láthair le fáil san Iarscríbhinn.

Is príomhghné de phleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát agus de chláir Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) freisin iad beartais fostaíochta agus beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair. Déanann formhór mór na mBallstát teacht isteach níos tapa daoine óga sa mhargadh saothair a chur chun cinn mar chuid dá ngealltanais an Ráthaíocht threisithe don Aos Óg a chur chun feidhme. Thairis sin, chun gníomhachtú ban níos fearr a chumasú, tá infheistíocht mhór in oideachas agus i gcúram na luath-óige beartaithe ag roinnt mhaith Ballstát agus tá roinnt Ballstát ag tacú freisin le gníomhachtú daoine a bhfuil cúlra imirceach acu sa mhargadh saothair. Ina theannta sin, tá cumas na seirbhísí poiblí fostaíochta á neartú ag roinnt Ballstát agus tá athchóiriú á dhéanamh acu ar chur chun feidhme beartas gníomhach maidir leis an margadh saothair tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil ( 22 ).

Maidir le príomhsprioc an Aontais go mbeidh 78 % ar a laghad den daonra in aois oibre fostaithe faoi 2030, cé go bhfuil sé sin indéanta, tá gá le céimeanna breise ar gach leibhéal chun grúpaí faoi ghannionadaíocht a ghníomhachtú, agus, más féidir, chun an sprioc a shárú fiú. 

Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

·Tionscadail a mhaoiniú faoin snáithe nuálaíochta sóisialta de CSE+ maidir le dífhostaíocht fhadtéarmach nialasach ( 23 ) agus measúnú a dhéanamh ar láidreachtaí agus ar laigí na dtionscadal sin d’fhonn dea-chleachtais a scaipeadh ar fud an Aontais.

·Tionscadail a mhaoiniú faoin snáithe nuálaíochta sóisialta de CSE+ maidir le daoine óga nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna (NEETanna) a ghníomhachtú agus a uassciliú.

·Tionscadail a mhaoiniú faoin tsaoráid théamach den Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF) chun tionscnaimh ilpháirtithe leasmhara a chothú le haghaidh imeascadh imirceach sa mhargadh saothair.

·Staidéar a dhéanamh ar na cúiseanna atá le fostaíocht pháirtaimseartha ainneonach chun tuiscint níos fearr a fháil ar na bacainní a chuireann cosc ar oibrithe páirtaimseartha ainneonacha, go háirithe mná, oibriú go lánaimseartha, agus féachaint an bhféadfaí gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais.

·Anailís a dhéanamh ar bheartais náisiúnta maidir le saoire bhreoiteachta, agus staidéar a dhéanamh ar a dtionchar ar shláinte agus ar tháirgiúlacht oibrithe, chun dea-chleachtais a shainaithint d’oibrithe agus do ghnólachtaí, lena náirítear dea-chleachtais a chur chun cinn maidir le filleadh de réir a chéile ar ghníomhaíocht tar éis saoire breoiteachta níos faide.

·Meastóireacht a dhéanamh ar thionchar athchóirithe pinsean lena dtugtar isteach níos mó deiseanna scoir solúbtha agus ioncam pinsin a chomhcheangal le tuarastal, d’fhonn rannpháirtíocht mhéadaithe oibrithe scothaosta sa mhargadh saothair a spreagadh chun aosú níos gníomhaí agus níos sláintiúla a chothú.

Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

·Tionscnaimh an Aontais a chur chun feidhme ina niomláine arb é is aidhm dóibh grúpaí atá faoi ghannionadaíocht a ghníomhachtú, go háirithe an Ráthaíocht Treisithe don Aos Óg, an Moladh ón gComhairle maidir le hoideachas agus cúram na luath-óige ( 24 ), an Moladh ón gComhairle maidir le daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach a imeascadh sa mhargadh saothair, an Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas (2021-2030) ( 25 ), an Moladh ón gComhairle maidir le hioncam íosta leormhaith lena náirithítear cuimsiú gníomhach ( 26 ), Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh um imeascadh agus cuimsiú, agus an Moladh ón gComhairle maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach ( 27 ).

·Comhordú níos fearr idir aireachtaí agus seirbhísí poiblí fostaíochta a áirithiú, lena náirítear bailiú feabhsaithe sonraí, spriocdhíriú níos fearr, agus bearta coisctheacha chun éifeachtacht na mbeartas gníomhachtúcháin a fheabhsú.

·Athchóirithe cánach a shaothrú lena laghdaítear an ding chánach don dara saothraí pá agus do shaothraithe ar ioncam íseal agus, ar bhonn níos leithne, cánacha a aistriú ó shaothar agus chuig foinsí ioncaim eile.

·Athchóirithe sochair a shaothrú lena dtugtar aghaidh ar réimsí neamhghníomhaíochta agus lena soláthraítear tacaíocht leormhaith dóibh siúd atá in ann oibriú chun filleadh de réir a chéile ar an margadh saothair.

Is díol sásaimh don Choimisiún an rún atá ag na comhpháirtithe sóisialta an méid seo a leanas a dhéanamh:

·A áirithiú go bhfuil áiteanna oibre caoinfhulangach, fáilteach agus inrochtana do gach duine, gan beann ar inscne, aois, náisiúntacht, agus cúinsí pearsanta eile ( 28 ).

·Cómhargáil a chur chun cinn chun teacht ar réitigh oiriúnaithe chun fostaíocht oibrithe scothaosta a chur chun cinn ( 29 ). 

·An comhar idir seirbhísí príobháideacha fostaíochta agus seirbhísí poiblí fostaíochta a neartú chun feabhas a chur ar mheaitseáil post ar fud an Aontais ( 30 ).

·Fiontraíocht a chur chun cinn ( 31 ), trí scileanna ( 32 ) a chothú agus trí thacú le fiontraithe a bheidh ann amach anseo i gcruthú gnólachtaí, go háirithe, trí mhná agus daoine a mbaineann cúlra imirceach leo a spreagadh le bheith ina bhfiontraithe ( 33 ).

·Grúpaí faoi ghannionadaíocht a ghníomhachtú trí thacú leis an éagsúlacht, leis an gcomhionannas, leis an gcuimsiú agus leis an neamh-idirdhealú ( 34 ).

·Ar leibhéal na hearnála, an Comhaontú Uathrialach um Mná i dTionscal an Iarnróid a chur chun feidhme agus a chur chun cinn, chun aghaidh a thabhairt ar an éagothromaíocht inscne sa lucht saothair iarnróid ( 35 ).

3.2.Tacaíocht a sholáthar do scileanna, d’oiliúint agus d’oideachas

Tuairiscíonn cuideachtaí de gach méid agus i ngach earnáil i ngeilleagar an Aontais ganntanais scileanna, agus tá dúshláin ar leith ann do FBManna. Agus iad ag freagairt do shuirbhé Eurofound ( 36 ), thug go leor cuideachtaí de chuid an Aontais le fios nach raibh na scileanna riachtanacha ag 60 % ar a laghad dá bhfostaithe nua. Thairis sin, in Eorabharaiméadar le déanaí ( 37 ), dhearbhaigh beagnach ceithre as gach cúig FBM go bhfuil sé deacair orthu oibrithe a bhfuil na scileanna cearta acu a aimsiú, agus bhí sé deacair ar níos mó ná a leath acu oibrithe oilte a choinneáil.

Meastar go dtiocfaidh méadú ar ghanntanais scileanna mar gheall ar fhás post agus ceanglais maidir le cúram nua a eascraíonn as na haistrithe glasa agus digiteacha, agus i réimsí inar gá don Aontas athléimneacht a chothú agus a uathriail straitéiseach oscailte a dhaingniú. Faoi 2030, meastar go gcruthófar 3.5 milliún ( 38 ) post nua in earnálacha an fhuinnimh inathnuaite ( 39 ). Beidh tionchar ag an aistriú chuig an ngeilleagar ciorclach freisin ar mhargaí saothair in earnálacha éagsúla ( 40 ) agus tá forbairt scileanna ríthábhachtach chun tacú le gach earnáil den gheilleagar gorm. Mar gheall ar ghanntanais scileanna sna réimsí sin, d’fhéadfaí srian a chur le fás earnáil na teicneolaíochta fuinnimh ghlain ( 41 ). Sa réimse digiteach, le húsáid mhéadaithe ardteicneolaíochtaí amhail an intleacht shaorga (AI) agus mórshonraí, mar aon le rioscaí cibearshlándála atá ag dul i méid, méadófar na riachtanais uasscilithe ( 42 ). Cheana féin, bíonn deacrachtaí ag thart ar 63 % de chuideachtaí an Aontais atá ag iarraidh speisialtóirí i dteicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide (TFC) a earcú na folúntais sin a líonadh ( 43 ) agus meastar go dtiocfaidh méadú faoi dhó ar an éileamh orthu faoi 2030 ( 44 ). Déanann na ganntanais saothair agus scileanna difear freisin don tionscal cosanta, tionscal atá ríthábhachtach do shlándáil agus rathúnas fadtéarmach an Aontais, agus d’fhéadfadh na ganntanais sin dul i méid amach anseo mar gheall ar thearcinfheistíocht i gcláir chosanta nua agus mar gheall ar an ngá le níos mó daoine óga tréitheacha a mhealladh ( 45 ).

Leis an méadú atá ag teacht ar an sciar daoine óga a bhfuil leibhéil aníseal bunscileanna acu, cuirtear béim ar an mbaol go mbeidh ganntanais scileanna ann amach anseo. Le suirbhéanna idirnáisiúnta mórscála, lena náirítear an Clár Idirnáisiúnta um Measúnú Daltaí (PISA), soláthraítear comharthaí láidre go bhfuil ag méadú ar easpa scileanna bunúsacha daoine óga sa litearthacht, sa mhatamaitic agus san eolaíocht. An tráth céanna, tá laghdú ag teacht ar an sciar daoine óga a bhfuil ardfheidhmíocht acu ( 46 ). Beidh dúshláin mhóra roimh dhaoine a bhfuil leibhéal aníseal bunscileanna acu nuair a rachaidh siad isteach sa mhargadh saothair, mar gheall ar a ninfhostaitheacht theoranta. Dá gcuirfí feabhas ar fheidhmíocht na gcóras oideachais, chuideofaí le cosc a chur ar ghanntanais scileanna amach anseo. Beidh sé ríthábhachtach dul i ngleic leis an easpa múinteoirí cáilithe atá ag dul i méid, fiú chun bunscileanna agus buntorthaí oideachais a chaomhnú.

Faoin Limistéar Eorpach Oideachais ( 47 ) cuireann an tAontas forbairt an oideachais chuimsithigh ardcháilíochta chun cinn, lena gcuirtear comhdheiseanna ar fáil ó aois óg, i gcomhréir leis an gcéad phrionsabal de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Baineann an caiteachas oideachais le rátaí arda fillte, go háirithe nuair a chuirtear le hathchóirithe iad lena ndéantar córais oideachais níos solúbtha agus níos freagrúla do riachtanais an mhargaidh saothair ( 48 ). Leis an oideachas agus an oiliúint tosaigh, ba cheart na scileanna is gá a sholáthar le haghaidh saol oibre atá ag athrú i rith an athraithe teicneolaíochta agus an uathoibrithe — lena náirítear inniúlachtaí digiteacha, fiontraíochta, sóisialta, glasa agus sibhialta. Trí fheabhas a chur ar an gcomhar idir oideachas meánscoile uachtaraí agus oideachas treasach agus oiliúint, lena náirítear gairmoideachas agus gairmoiliúint, agus gníomhaithe margaidh saothair, méadaítear ábharthacht an oideachais don mhargadh saothair.

Le linn gairmeacha gairmiúla, tá oiliúint leanúnach don lucht saothair ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais scileanna atá ag teacht chun cinn. Chuige sin, tá gealltanas tugtha ag na Ballstáit gníomhaíochtaí a dhéanamh chun príomhsprioc Phlean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta maidir leis an bhfoghlaim aosach a bhaint amach( 49 ), sprioc faoina mbeidh 60 % ar a laghad de na daoine fásta uile ag glacadh páirt in oiliúint gach bliain faoi 2030.

Cuidíonn roinnt tionscnamh de chuid an Aontais cheana féin le haghaidh a thabhairt ar ghanntanais scileanna, ach ní mór cur chun feidhme na dtionscnamh sin, lena náirítear cur chuige earnála, a neartú. Is é an Clár Oibre Eorpach um Scileanna ( 50 ) creat straitéiseach an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le huassciliú agus athsciliú. Sheol sé 12 ghníomhaíocht chun an taistriú digiteach agus an taistriú glas a chur chun cinn, téarnamh cothrom a chur chun cinn, iomaíochas a áirithiú agus athléimneacht a neartú. Tá siad uile i bhfeidhm cheana féin, lena náirítear na tionscnaimh maidir le cuntais foghlama aonair ( 51 ), maidir le micridhintiúir ( 52 ), maidir le conairí uasscilithe do dhaoine fásta ar bheagán cáilíochtaí ( 53 ), agus maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint ( 54 ). Leis an Teachtaireacht maidir le ‘Leas a bhaint as an Tallann i Réigiúin na hEorpa’ ( 55 ) moltar creat beartais arb é is aidhm dó gach réigiún a dhéanamh tarraingteach, lena náirítear an méid sin a dhéanamh trí uassciliú agus athsciliú. Dá bhrí sin, tugtar aghaidh leis ar an bhfeiniméan dúshlánach a bhaineann le ‘himirce daoine oilte’ a dhéanann difear do roinnt réigiún san Eoraip. Ba cheart díriú anois ar a gcur chun feidhme, chun a áirithiú gur féidir leo aghaidh a thabhairt ar ghanntanais scileanna atá ann cheana. Sa Chomhshocrú um Scileanna, cuireadh 20 comhpháirtíocht earnála ar bun leis an ngealltanas breis agus 10 milliún duine a uassciliú. Is gá a áirithiú go ndéanfar na gealltanais atá ann cheana a chomhlíonadh go héifeachtach, lena náirítear trí acmhainní airgeadais leordhóthanacha a leithdháileadh ar na cláir sin, agus leanúint de rannpháirtíocht bhreise a chothú san am céanna. Bunaíodh roinnt d’Acadaimh Scileanna an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais shonracha scileanna sna príomhearnálacha. Rinne Acadamh na Comhghuaillíochta Eorpaí Ceallraí ( 56 ), a fuair maoiniú síl ó CSE+, oiliúint dhíreach a sholáthar cheana féin do thart ar 50 000 oibrí, agus bhain níos mó ná 100 000 oibrí tairbhe indíreach as. Le hacadaimh bhreise scileanna, amhail an ceann le haghaidh cibirscileanna, Acadamh Bauhaus Eorpach Nua (New European Bauhaus Academy) d’earnáil na tógála agus iad siúd a bunaíodh mar thoradh ar an nGníomh um an Thionscal GlanNialasachta ( 57 ), tacófar le hiarrachtaí oiliúna ar mhórscála chun tacú leis an dá aistriú, go háirithe i réimsí a bhaineann le hidrigin, grianfhuinneamh, amhábhair agus gaoth, i measc nithe eile. Leis an mBliain Eorpach um Scileanna atá ar siúl faoi láthair, cuirtear i dtábhacht an chaoi ar féidir leis na gníomhaíochtaí sin uile rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair agus scileanna.

Le bearta uas-scilithe arna maoiniú ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus CSE+ sa Ghréig, cuirfear scileanna digiteacha agus scileanna glasa chun cinn do níos mó ná leathmhilliún tairbhí, i measc nithe eile. Roimh an infheistíocht, rinneadh athchóiriú ar an gcóras foghlama ar feadh an tsaoil, chun ábharthacht na hoiliúna a chuirtear ar fáil don mhargadh saothair a áirithiú.

Ina Plean Téarnaimh agus Athléimneachta, sheol an Laitvia cuntais foghlama aonair atá ag tacú le 3 500 duine fásta cheana féin.

Thacaigh an Phortaingéil le 100 000 duine fásta ar a laghad a leibhéil cháilíochta a ardú agus iad ag brath ar thacaíocht ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.

Tá sé ríthábhachtach le haghaidh beartais níos fearr feabhas a chur ar bhailiú sonraí maidir le ganntanais saothair agus scileanna. Is iad na príomhfhoinsí sonraí maidir le ganntanais saothair agus scileanna ar leibhéal an Aontais staidreamh Eurostat ar fholúntas agus foinsí suirbhé-bhunaithe, amhail suirbhéanna an Aontais ar ghnólachtaí agus ar thomhaltóirí, suirbhéanna sheirbhísí Eorpacha fostaíochta (EURES), suirbhéanna ar ghanntanais scileanna agus réamhaisnéisí ó Cedefop agus foinsí nua sonraí, amhail Mol Intleachta Gréasáin (Web Intelligence Hub) Eurostat ( 58 ). Mar sin féin, tá gá le tuilleadh iarrachtaí chun gníomhaíocht chomhbheartaithe a dhéanamh chun feabhas a chur ar infhaighteacht agus ar chumhdach sonraí, lena náirítear maidir leis an athrú déimeagrafach.

Tairbhíonn beartais agus infheistíochtaí na mBallstát chun dul i ngleic le ganntanais saothair agus scileanna de thacaíocht shubstaintiúil ó bhuiséad an Aontais (EUR 65 bhilliún). Tacaíonn CSE+, go háirithe, leis an ngairmoideachas agus an ghairmoiliúint, le printíseachtaí, leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil agus le haistrithe gairme. Tacaíonn STA le hathchóirithe agus infheistíochtaí na mBallstát i réimse an oideachais agus na scileanna ar bhonn leathan, mar shampla trí athchóirithe chun feabhas a chur ar fhaisnéis, ar fhorbairt agus ar rialachas scileanna, lena n‑áirítear aitheantas cáilíochtaí. Thairis sin, tá tacaíocht theicniúil ar fáil d’athchóirithe náisiúnta chun feabhas a chur ar cháilíocht agus ar chistiú an oideachais agus na hoiliúna aosaigh.

D’ainneoin an iliomad tionscnamh ón Aontas, ó na Ballstáit agus ó chomhpháirtithe sóisialta, is gá dlús a chur leis an gcur chun feidhme agus is gá an acmhainneacht a bhaineann le cistiú ón Aontas a ghiaráil ar bhealach níos fearr chun sprioc an Aontais a bhaint amach maidir le 60 % ar a laghad de na daoine fásta uile a bheith rannpháirteach in oiliúint gach bliain faoi 2030 agus Prionsabal 1 de Cholún na gCeart Sóisialta maidir le hoideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil a fhíorú.

Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

·Bunú agus cur chun feidhme comhpháirtíochtaí nua scileanna earnála agus réigiúnacha a chur chun cinn faoin gComhshocrú um Scileanna ( 59 ) agus tacú le seoladh agus borradh a chur faoi obair na nAcadamh Scileanna uile i dteicneolaíochtaí glannialasachta agus i gcibirscileanna, lena náirítear an méid sin a dhéanamh trí na Comhghuaillíochtaí Treoirphlean (Blueprint Alliances). Soláthróidh an Coimisiún seirbhísí tacaíochta freisin do chomhaltaí an Chomhshocraithe, mar aon le faisnéis maidir leis an gcistiú atá ar fáil le haghaidh uassciliú agus athsciliú.

·Tuilleadh Ionad Barr Feabhais Gairme ( 60 ) a chómhaoiniú, a bhfuil 100 tionscadal ar a laghad faoi 2027 mar sprioc acu, chun tacú le forbairt Eorpach agus réigiúnach, le nuálaíocht agus le straitéisí um speisialtóireacht chliste.

·Oibriú i gcomhar leis na Ballstáit agus le comhpháirtithe sóisialta chun dearbhú nua a ghlacadh in 2025 maidir leis an ngairmoideachas agus an ghairmoiliúint (VET) i gcomhthéacs Phróiseas Chóbanhávan ( 61 ), chun gníomhaíochtaí beartais agus athchóirithe sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint a ailíniú a thuilleadh le forbairtí nua sa mhargadh saothair agus le tionchar na forbartha teicneolaíche amhail an intleacht shaorga.

·Feabhas a chur ar fhaisnéis scileanna agus ar bhailiú sonraí i ndlúthchomhar le gníomhaireachtaí an Aontais (Eurofound, an tÚdarás Eorpach Saothair agus Cedefop), chun raon feidhme na faisnéise comhchuibhithe agus inchomparáide atá ar fáil maidir le ganntanais saothair agus scileanna ar leibhéal an Aontais a leathnú.

Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

·Tionscnaimh an Chláir Oibre Eorpach um Scileanna a chur chun feidhme ina niomláine trí rannpháirtíocht comhpháirtithe sóisialta agus páirtithe leasmhara ábhartha, agus cur chuige earnála a éileamh lena dtabharfar aghaidh ar na ganntanais is práinní san Aontas. Ba cheart do na Ballstáit go háirithe, scéimeanna a chur ar bun chun cuntais foghlama aonair a sholáthar do dhaoine fásta, chun tacú le micridhintiúir a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a aithint, chun na pleananna náisiúnta cur chun feidhme a chur i ngníomh chun obair leantach a dhéanamh ar Mholadh 2020 ón gComhairle maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint, chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí a cuireadh i dtábhacht sa tuarascáil mheastóireachta ( 62 ) i ndáil leis an Moladh ón gComhairle maidir le Conairí UasScilithe, agus chun moltaí na Comhairle maidir leis an oideachas digiteach agus an oiliúint dhigiteach a chur chun feidhme.

·Tacú le comhpháirtíochtaí scileanna a chur chun feidhme faoin gComhshocrú um Scileanna agus le hAcadaimh Scileanna an Tionscail GlanNialasachta a chur i bhfeidhm, lena náirítear an méid sin a dhéanamh trí chistiú leordhóthanach a chur ar fáil.

·Straitéisí scileanna náisiúnta cuimsitheacha saincheaptha a fhorbairt agus a chur chun feidhme, ina mbeidh páirtithe leasmhara ábhartha rannpháirteach, lena náirítear comhpháirtithe sóisialta, agus iad curtha in oiriúint d’imthosca náisiúnta.

·Anailís ar an margadh saothair, faisnéis scileanna agus réamhaisnéisiú a fhorbairt agus na léargais a sholáthraítear leo a úsáid chun curaclaim oiliúna a athbhreithniú, agus béim á leagan ar earnálacha ina bhfuil ganntanais scileanna.

·Curaclaim san oideachas agus san oiliúint tosaigh a oiriúnú chun na scileanna agus na hinniúlachtaí a neartú lena gcumhachtaítear mic léinn chun riachtanais an mhargaidh saothair a chomhlíonadh ar bhealach níos fearr, trí thacaíocht ón gCoimisiún chun malartú agus scaipeadh dea-chleachtas a éascú, céimithe a rianú agus, i gcomhaontú leis na Ballstáit, monatóireacht a dhéanamh ar athchóirithe náisiúnta ( 63 ).

Is díol sásaimh don Choimisiún rún na gcomhpháirtithe sóisialta an méid seo a leanas a dhéanamh:

·Gníomhaíochtaí a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun uassciliú agus athsciliú a chur chun cinn i gcomhthéacs an idirphlé shóisialta ( 64 ), tacú le haitheantas scileanna, agus cuidiú le ganntanas scileanna a shainaithint ( 65 ) trí bhrath ar a bhfaisnéis faisnéise agus scileanna.

·Rannchuidiú le curaclaim agus cáilíochtaí gairmoideachais agus gairmoiliúna a thabhairt cothrom le dáta agus an soláthar oiliúna a ailíniú le riachtanais scileanna an mhargaidh saothair, le cuidiú ó fhaisnéis scileanna agus ón bhfaisnéis atá ar fáil dóibh ( 66 ).

·Tacú le printíseachtaí ( 67 ), comhpháirtíochtaí idir soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna agus fostóirí ( 68 ), creataí gairmoideachais agus gairmoiliúna a neartú trí lárionaid oiliúna earnála a bhunú ( 69 ), cóitseáil tacaíochta, meantóireacht, piarfhoghlaim agus scileanna fiontraíochta ( 70 ) agus forbairt scileanna glasa agus scileanna digiteacha a bheidh slán i bhfad na haimsire a chothú ( 71 ).

·Ar leibhéal na hearnála, comhoibriú a thuilleadh maidir le micridhintiúir agus oiliúint a chur ar oibrithe seirbhíse cúraim fhadtéarmaigh maidir le cúram atá dírithe níos mó ar an duine a sheachadadh agus maidir leis na scileanna is gá chun seirbhísí a dhigitiú, ar seirbhísí iad atá ag brath ar an tionscadal ‘Care4Skills’ ( 72 ).

·Ráiteas comhpháirteach a chur chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais scileanna agus saothair agus chun Líonra Eorpach na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta a úsáid mar fhóram le haghaidh idirphlé, foghlaim fhrithpháirteach agus tagarmharcáil beartas chun aghaidh a thabhairt ar mhímheaitseáil scileanna agus margaidh saothair faoi dheireadh na chéad ráithe de 2024 ( 73 ).

·An tidirphlé sóisialta agus an chómhargáil a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar an easpa scileanna agus lucht saothair san earnáil fáilteachais, trí dhálaí fostaíochta a chaibidliú, trí oideachas agus oiliúint a chur chun cinn agus trí chreat cosanta a sholáthar le haghaidh soghluaisteacht oibrithe imirceacha tríú tír ( 74 ).

·Deiseanna cistithe an Aontais a ghiaráil a thuilleadh chun tacú le gníomhaíochtaí uasscilithe agus athscilithe ( 75 ).

3.3.Dálaí oibre a fheabhsú

Féadtar cuidiú le haghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair in earnálacha nó i ngairmeacha áirithe trí dhálaí oibre cothroma a chur chun cinn. Tá sé sin fíor go háirithe maidir le roinnt gairmeacha a éilíonn níos mó scileanna láimhe agus leibhéil oideachais níos ísle, nó iad siúd a bhfuil guaiseacha sláinte agus sábháilteachta níos airde acu, ar gairmeacha iad a bhfuil strus ard poist ( 76 ) agus/nó pá íseal ( 77 ) mar shaintréith acu.

Is féidir le pá leordhóthanach, lena n‑áirítear pá íosta, cuidiú le ganntanais saothair a laghdú in earnálacha áirithe, agus costais mhaireachtála agus an chothromaíocht idir soláthar agus éileamh ar shaothar ar fud suíomhanna geografacha á gcur san áireamh freisin. Sláinte agus sábháilteacht ag an obair, áiteanna oibre oiriúnaithe, oiliúint agus deiseanna forbartha gairme a sholáthar, rochtain ar chosaint shóisialta leormhaith, cothromaíocht oibre is saoil leormhaith, lena n‑áirítear an ceart chun dícheangail agus socruithe solúbtha oibre a ghlacadh, tá ról ag gach ceann acu maidir le feabhas a chur ar cháilíocht na bpost, agus, dá bhrí sin, is féidir leo cabhrú le ganntanais saothair a laghdú. D’fhéadfadh laghduithe ar strus poist rannchuidiú freisin le hoibrithe a mhealladh agus a choinneáil i roinnt earnálacha (Fíor 2).

Fíor 2 — B’airde an strus poist d’oibrithe sna réimsí sláinte, cúraim cónaithe agus iompair

Innéacs cáilíochta poist (%), de réir fo-earnála, AE-27

Foinse: Fostaíocht agus Forbairtí Sóisialta san Eoraip 2023, an Coimisiún Eorpach (2023) ar bhonn Suirbhé 2021 Eurofound ar Dhálaí Oibre san Eoraip.

Tá éagsúlacht ann maidir le tionchar na ndálaí oibre ar ghanntanais saothair de réir earnála agus suímh, rud a éilíonn cur chuige a fhreagraíonn do na dúshláin atá ann. De réir Eurofound, tuairiscíonn breis agus 40 % de ghlantóirí, de chócairí agus de chúramóirí, agus os cionn 30 % d’oibrithe tógála agus de thiománaithe go bhfuil deacrachtaí móra acu a sáith a shaothrú ( 78 ). Tuairiscíonn beagnach leath na noibrithe sa chúram sláinte, sa chúram cónaithe agus san iompar leibhéil arda strus poist ( 79 ). Ganntanais in earnálacha an chúraim sláinte agus an chúraim chónaithe, go háirithe ganntanais altraí agus gairmithe cúraim phríomhúil, is é is cúis leis na ganntanais sin go príomha strus ard poist, agus dálaí sláinte agus sábháilteachta neamhleora, lena náirítear baol an fhoréigin ag an obair ( 80 ). Chuir géarchéim COVID-19 leis sin a thuilleadh ( 81 ). I gceantair thuaithe, is féidir leis na ganntanais sin a bheith níos géire mar gheall ar tharraingteacht íseal na ndálaí maireachtála agus droch-rochtain ar sheirbhísí ( 82 ). Tuairiscíonn oibrithe talmhaíochta freisin strus ard poist, rioscaí sláinte agus sábháilteachta, agus ábhair imní airgeadais ( 83 ). San earnáil sin, tá roinnt ganntanas gairmeacha ann freisin mar gheall ar obair fhorbhásach, comhlíonadh íseal bunchaighdeán ceirde, sláinte agus sábháilteachta ( 84 ). Tá easpa tiománaithe ag bagairt ar an earnáil iompair, i bpáirt mar gheall ar uaireanta fada oibre ( 85 ) agus droch-fhorfheidhmiú caighdeán ceirde agus sábháilteachta ( 86 ).

Tá athchóiriú i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta na Spáinnechun feabhas a chur ar dhálaí oibre in earnáil an chúraim sláinte. Chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais altraí agus dochtúirí, leis an athchóiriú sin laghdófar úsáid conarthaí sealadacha, cothófar imscaradh gairmithe i réigiúin iargúlta agus cuirfear feabhas ar a dtimpeallacht oibre agus ar a ndálaí oibre.

Sa tSlóivéin, tá bunphá níos airde socraithe ag comhaontú comhchoiteann a athchaibidlíodh i dtionscal an pháipéir, rud a fhágann go bhfuil an fhostaíocht san earnáil níos tarraingtí.

Chun borradh a chur faoi sholáthar oiliúna in earnálacha a ndéantar difear dóibh le ganntanais saothair, tá beart i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta na Slóvaice arb é is aidhm dó oiliúint a sholáthar do 60 % ar a laghad de mhúinteoirí san oideachas bunscoile agus meánscoile íochtaraí, agus san Ísiltír, tá cómhargáil in earnáil na monaraíochta mótarfheithiclí ag cuidiú le hoibrithe a choinneáil trí dheis a thabhairt dóibh scileanna nua a fhoghlaim.

Tá príomhról ag an gcómhargáil maidir le dálaí oibre cothroma a áirithiú. Is iad an t‑idirphlé sóisialta dea-fheidhmiúil agus an chómhargáil na modhanna is éifeachtaí chun feabhas a chur ar dhálaí oibre, rud a chuidíonn le ganntanais lucht saothair a mhaolú. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart dul i gcomhairle le comhpháirtithe sóisialta maidir le reachtaíocht nua nó reachtaíocht fheabhsaithe maidir le dálaí oibre chun a tionchar a uasmhéadú.

Le blianta beaga anuas, tá go leor tionscnamh curtha i bhfeidhm ag an Aontas chun dálaí oibre cothroma agus pá leormhaith a chur chun cinn. Cuimsítear leo sin an Treoir maidir le pá íosta leormhaith san Aontas ( 87 ), an Treoir maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha ( 88 ), an Creat Straitéiseach maidir le Sláinte agus Sábháilteacht ag an Obair 2021-2027 ( 89 ), mar aon leis an togra le haghaidh Treoir maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre san obair ardáin (féach an Iarscríbhinn).

Chun dálaí oibre a fheabhsú a thuilleadh, tá gá le gníomhaíochtaí breise chun dlí saothair an Aontais a threisiú agus a fhorfheidhmiú go hiomlán agus chun cómhargáil a neartú.  

Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

·Togra a ghlacadh le haghaidh Creat Cáilíochta treisithe do Chúrsaí Oiliúna chun feabhas a chur ar na bealaí inar féidir le daoine óga taithí ghairmiúil a fháil, feabhas a chur ar a gcuid scileanna agus ar an rochtain atá acu ar an margadh saothair.

·Mar obair leantach ar thuarascáil féintionscnaimh reachtach Pharlaimint na hEorpa maidir leis an gceart chun dícheangail agus teilea-oibre ( 90 ), an chéad chéim den chomhairliúchán leis na comhpháirtithe sóisialta a sheoladh i bhfianaise tionscnamh a mholadh maidir leis an teilea-obair agus an ceart chun dícheangail chun cothromaíocht oibre is saoil oibrithe a áirithiú i gcomhthéacs dhigitiú méadaithe shaol na hoibre, mar aon lena sláinte fhisiciúil agus mheabhrach, agus, dá réir sin, cáilíocht fhoriomlán a bpost.

·Togra a ghlacadh, sa tríú ráithe de 2024, don séú leasú ar an Treoir maidir le Carcanaiginí, Só-ghineacha agus Substaintí atá Tocsaineach don Atáirgeadh ( 91 ) chun feabhas a chur ar shláinte agus ar shábháilteacht oibrithe trí aghaidh a thabhairt ar chúig shubstaint ábhartha nó ar chúig ghrúpa substaintí ábhartha.

·Anailís a dhéanamh ar thionchar na dteicneolaíochtaí digitithe agus uathoibrithe, lena náirítear an Intleacht Shaorga, ar mhargaí saothair agus measúnú a dhéanamh ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo úsáid algartam a rialáil i saol na hoibre ( 92 ).

·Suirbhé a dhéanamh ar mheabhairshláinte an lucht saothair sláinte agus roinnt treoirlínte a chur i láthair chun a meabhairshláinte a chosaint ( 93 ), faoin gclár EU4 Health.

·Athbhreithniú piaraí a dhéanamh leis na Ballstáit maidir lena gcur chuige reachtach agus forfheidhmithe chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí síceasóisialta ag an obair sna Ballstáit d’fhonn tionscnamh a d’fhéadfadh a bheith ann ar leibhéal an Aontais a mheas sa mheántéarma, faoi réir a thorthaí agus ionchur na gcomhpháirtithe sóisialta.

·Ar leibhéal earnála, obair leantach a dhéanamh ar thuarascáil féintionscnaimh reachtach Pharlaimint na hEorpa maidir le staid shóisialta agus ghairmiúil ealaíontóirí agus oibrithe in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta. Sa chomhthéacs sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún roinnt tionscnamh a sheoladh amhail cur chun feidhme agus forfheidhmiú na rialacha atá ann cheana a threisiú agus aon bhearna rialála a shainaithint a mbeadh obair leantach ag teastáil ina leith trí thionscnaimh agus trí thograí eile.

·Moladh ón gComhairle a mholadh maidir le gairmeacha tarraingteacha inbhuanaithe san ardoideachas, chun dálaí oibre níos tarraingtí a chur chun cinn san earnáil ardoideachais agus chun rialachas níos fearr a chur chun cinn.

·Comhdháil rannpháirteach maidir leis an Margadh Saothair a eagrú an 23 Aibreán 2024 le páirtithe leasmhara ábhartha in earnáil an iompair — a bhfuil na ganntanais lucht saothair ag déanamh difir mhóir di — agus dea-chleachtais agus réitigh a mhalartú.

Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

·Tionscnaimh an Aontais a chur chun feidhme ina niomláine arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar dhálaí oibre, go háirithe, trasuí ceart tráthúil na Treorach maidir le pá íosta leormhaith a áirithiú, mar aon le treoracha an Aontais maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair a bhaineann leis an Treoir maidir le hAispeist ag an Obair ( 94 ), an Treoir maidir le Carcanaiginí, Só-ghineacha agus Substaintí atá Tocsaineach don Atáirgeadh (5ú leasú) agus an Treoir maidir le hOibreáin Cheimiceacha ( 95 ) a thabhairt cothrom le dáta.

·Forfheidhmiú éifeachtach dhlí an tsaothair a áirithiú, agus, dá bhrí sin, próiseas na gcigireachtaí saothair a éascú, trí na nósanna imeachta a ghiorrú d’oibrithe chun mí-úsáid a shainaithint agus a thuairisciú, smachtbhannaí a mhéadú agus cosc a chur ar chuideachtaí pionóis a sheachaint, agus ag an am céanna féachaint le hualaí riaracháin nach bhfuil gá leo a íoslaghdú, go háirithe i gcás FBManna.

·An Moladh ón gComhairle a bhaint amach maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú, agus freisin i gcomhthéacs na Faireachlainne um Aistriú Cóir a bheidh ann amach anseo, agus obair leantach a dhéanamh maidir le bearta ábhartha lena náirítear bearta maidir leis an gcaoi le dálaí oibre tarraingteacha a chruthú in earnálacha glasa.

·Ar leibhéal na hearnála, beartais a fhorbairt chun altraí a mhealladh agus a choinneáil trí fheabhas a chur ar dhálaí oibre agus trí mheantóireacht a dhéanamh ar ghairmithe óga, le tacaíocht ó Chlár EU4Health.

Is díol sásaimh don Choimisiún rún na gcomhpháirtithe sóisialta an méid seo a leanas a dhéanamh:

·Aghaidh a thabhairt ar dhrochdhálaí oibre trí chómhargáil sna hearnálacha ina bhfuil dálaí oibre neamhleora, amhail cúram sláinte, cúram fadtéarmach, iompar, tógáil, talmhaíocht (e.g. oibrithe séasúracha), agus oideachas ( 96 ).

·Dul i mbun caibidlíochta maidir leis na treoirlínte ilearnálacha a thabhairt cothrom le dáta chun dul i ngleic le foréigean agus ciapadh tríú páirtí a bhaineann le hobair san earnáil cúraim sláinte ( 97 ).

·Feabhas a chur ar dhálaí oibre san earnáil oideachais, trí chómhargáil ar gach leibhéal, tuarastail iomaíocha a áirithiú, folláine, laghdú riosca agus cothromaíocht oibre is saoil a chur chun cinn, mar aon le hinfheistíocht a dhéanamh san fhorbairt ghairmiúil ( 98 ).

·Obair a dhéanamh ar mholtaí chun feabhas a chur ar dhálaí oibre i seirbhísí sóisialta, lena náirítear dálaí oibre san earnáil cúraim fhadtéarmaigh mar chuid den tionscadal IWorCon ( 99 ) ( 100 ).

·Oibriú le chéile i dtreo creat Eorpach le haghaidh dálaí oibre feabhsaithe do thiománaithe tríú tír ( 101 ).

·Cairt na dTiománaithe Domhanda a chur chun cinn maidir le feabhas a chur ar an gcaoi a gcaitear le tiománaithe ag láithreáin seachadta, agus feabhas a chur ar na caighdeáin sláinte agus sábháilteachta do thiománaithe trucailí, lena náirítear tráth luchtaithe agus díluchtaithe ( 102 ).

3.4.Feabhas a chur ar shoghluaisteacht chothrom laistigh den Aontas d’oibrithe agus d’fhoghlaimeoirí

Le soghluaisteacht chothrom lucht saothair, féadtar cuidiú le haghaidh a thabhairt ar ghanntanais atá thar a bheith géar i dtíortha nó i réigiúin áirithe, ach nach bhfuil chomh leitheadach céanna i dtíortha nó i réigiúin eile. In 2023, bhí beagnach 10.7 milliún saoránach den Aontas idir 15 agus 64 bliana d’aois ina gcónaí i mBallstát den Aontas seachas ina mBallstát tionscnaimh ( 103 ). Bhí níos mó ná 7.5 milliún gníomhach sa mhargadh saothair, is é sin thart ar 3,6 % de lucht saothair iomlán an Aontais ( 104 ). Bunaíodh an tÚdarás Eorpach Saothair (ELA) chun a áirithiú go ndéanfar an ceart chun saorghluaiseachta oibrithe a fhorfheidhmiú go cothrom agus go héifeachtach trí rochtain ar fhaisnéis, fothú acmhainneachta agus comhar idir na Ballstáit a éascú agus trí chur i bhfeidhm agus forfheidhmiú éifeachtach dhlí an Aontais sa réimse sin a éascú. Ó bhí 2021 ann, tá an líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta (EURES) á bhainistiú ag an Údarás Eorpach Saothair freisin, chun meaitseáil poist thar theorainneacha a éascú. Mar sin féin, bhí roinnt dúshlán roimh an aistriú sin agus, go dtí seo, tá líon na núsáideoirí EURES níos ísle ná mar a bhí le blianta beaga anuas.

Sa chomhthéacs sin, áirithítear le comhordú slándála sóisialta an Aontais go leanfaidh daoine de bheith cumhdaithe ag an tslándáil shóisialta agus iad ag bogadh go Ballstát eile. Le bogadh i dtreo córais slándála sóisialta atá níos comhtháite go digiteach, is féidir soghluaisteacht oibrithe agus foghlaimeoirí a éascú. Féadfaidh sé sin cuidiú leis na bacainní ar shoghluaisteacht saothair agus foghlama a laghdú agus é a dhéanamh níos éasca d’oibrithe agus d’fhoghlaimeoirí a gcearta slándála sóisialta a fheidhmiú i dtíortha eile san Aontas. D’fhéadfadh sé freisin go mbeadh rochtain níos éasca ag saoránaigh an Aontais ar dheiseanna poist ar fud an Aontais. I measc na gcéimeanna a glacadh go dtí seo chun comhordú na slándála sóisialta a dhigitiú, bunaíodh Malartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta (EESSI) agus seoladh an tionscnamh Pas Eorpach Slándála Sóisialta (ESSPASS), ina ndéantar iniúchadh ar réitigh dhigiteacha chun doiciméid teidlíochta slándála sóisialta daoine i dtíortha eile den Aontais a fhíorú ( 105 ). Tá an dearbhú is gá i gcomhthéacs oibrithe a phostú trasna teorainneacha sainaitheanta ag cuideachtaí mar ualach mór riaracháin. Mar fhreagairt air sin, d’éascaigh an Coimisiún comhaontú maidir le foirm choiteann chun oibrithe ar postú a dhearbhú do Bhallstáit leasmhara agus trí fhéachaint ar roghanna chun comhthairseach leictreonach a chruthú le haghaidh dearbhuithe den sórt sin.

Tá rochtain trasteorann ar ghairmeacha rialáilte á rialú ag Treoir ón Aontas a thacaíonn le haitheantas frithpháirteach na gcáilíochtaí gairmiúla ag na Ballstáit ( 106 ). Déantar foráil sa Treoir faoi láthair maidir le sásra lena gcuirtear ar chumas na saoránach gairm rialáilte a shaothrú i mBallstát eile ach is léir ón taithí a fuarthas gur féidir feabhas a chur ar na nósanna imeachta aitheantais chun iad a dhéanamh níos simplí agus níos tapúla chun tacú le soghluaisteacht san Aontas.

D’fhéadfadh soghluaisteacht foghlama níos fearr ganntanais scileanna a laghdú trí fheabhas a chur ar infhostaitheacht na rannpháirtithe, lena náirítear trína scileanna teanga agus idirdhisciplíneacha a fhorbairt nó trí ghníomhú mar chéim i dtreo taithí oibre i dtír eile ( 107 ). Chun soghluaisteacht foghlama níos fearr a bhaint, ní mór deireadh a chur le bacainní amhail an tualach riaracháin, bacainní teanga, tacaíocht airgeadais neamhleor uaireanta agus easpa uathaitheantais cáilíochtaí ( 108 ). D’fhéadfadh na bacainní sin a bheith tábhachtach go háirithe d’fhoghlaimeoirí a bhfuil níos lú deiseanna acu nó a bhfuil cúlraí socheacnamaíocha gan na buntáistí céanna acu.

Tá spriocanna uaillmhianacha don tsoghluaisteacht foghlama faoi 2030 ( 109 ) sa togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le ‘An Eoraip ag gluaiseacht’. Cuimsítear leo sin sciar na gcéimithe atá rannpháirteach i soghluaisteacht foghlama san ardoideachas (25 %) agus sa ghairmoideachas (15 %). Tá gá go háirithe le hiarrachtaí treisithe maidir le soghluaisteacht na bprintíseach agus na bhfoghlaimeoirí eile sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint. Trí shoghluaisteacht foghlama a leabú a thuilleadh i gcuraclaim oideachais agus oiliúna, trí ardú feasachta, trí fhoghlaim teanga fheabhsaithe agus trí uathaitheantas do thorthaí foghlama, ba cheart an bealach a réiteach chun na spriocanna sin a bhaint amach. Tá cuóta sa togra freisin maidir le rannpháirtíocht mac léinn beagdheise (20 %) agus prionsabail thiomnaithe chun tacú le soghluaisteacht na bprintíseach a bhfuil bacainní sonracha rompu.

Tá na céimeanna sin go léir i gcomhréir freisin le hiarrachtaí an Choimisiúin na rialacha atá ann cheana a shimpliú agus an tualach riaracháin ar ghnólachtaí a laghdú ( 110 ).

Chun tuilleadh feabhais a chur ar shoghluaisteacht chothrom laistigh den Aontas d’oibrithe agus d’fhoghlaimeoirí, tá gá le gníomhaíochtaí breise.

Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

·I gcomhar leis an Údarás Eorpach Saothair, sineirgí breise a chur chun feidhme idir EURES agus EUROPASS le haghaidh seirbhísí níos fearr do na Ballstáit, do chuardaitheoirí poist agus d’fhostóirí, chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht EURES agus chun an líon socrúchán trasteorann a mhéadú.

·Comhaontú tráthúil agus cur chun feidhme forleathan foirme comónta a chur chun cinn d’fhormáid leictreonach le haghaidh dearbhuithe oibrithe ar postú, arna gcomhlánú trí thairseach dhigiteach ilteangach a fhorbairt trínar féidir le cuideachtaí dearbhuithe maidir le postú a chur isteach do na Ballstáit a chinneann leas a bhaint as an uirlis sin, rud a chuideoidh leis an ualach riaracháin a laghdú.

·An tÚdarás Eorpach Saothair a spreagadh chun oibriú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus le comhpháirtithe sóisialta maidir le huirlis chun ríomh luach saothair na noibrithe ar postú a éascú.

·Na moltaí do na Ballstáit a thabhairt cothrom le dáta maidir le conas an rochtain ar ghairmeacha rialáilte a athchóiriú ( 111 ).

·Féachaint an bhféadfaí athchóiriú níos leithne a dhéanamh ar chóras an Aontais maidir le cáilíochtaí a aithint agus scileanna a bhailíochtú, chun a áirithiú go seasfaidh an creat dlíthiúil, na huirlisí agus na córais atá ann cheana an aimsir, go mbeidh siad uaillmhianach agus go rannchuideoidh siad le Margadh Aonair dea-fheidhmiúil.

·Soghluaisteacht na bprintíseach a chur chun cinn a thuilleadh tríd an gComhaontas Eorpach do Phrintíseachtaí agus tríd an tSraith Straitéisí le haghaidh soghluaisteacht printíseach ( 112 ), mar aon le tionscadail thiomnaithe tástála trasnáisiúnta faoi Erasmus+ ar an ábhar seo ( 113 ).

·Pacáiste ardoideachais a mholadh lena gcuimsítear tionscnamh maidir le treoirphlean i dtreo céim Eorpach agus togra le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le córas Eorpach dearbhaithe cáilíochta agus aitheantais san ardoideachas, arb é is aidhm dó soghluaisteacht mac léinn a éascú a thuilleadh trí dheireadh a chur leis na bacainní atá fós ann ar uathaitheantas cáilíochtaí agus tréimhsí foghlama ar an gcoigríoch.

Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

·An togra le haghaidh Moladh ón gComhairle ‘An Eoraip ag gluaiseacht — deiseanna soghluaisteachta foghlama do chách’ a ghlacadh go pras, agus é a thabhairt i gcrích ina dhiaidh sin.

·An líon cigireachtaí comhbheartaithe agus cigireachtaí comhpháirteacha leis an Údarás Eorpach Saothair a mhéadú agus an obair leantach is gá a áirithiú. 

·Tuilleadh tacaíochta a thabhairt do dhigitiú chomhordú na slándála sóisialta, go háirithe trí chur chun feidhme EESSI a thabhairt chun críche faoi mhí na Nollag 2024 ar a dhéanaí agus trí pháirt iomlán a ghlacadh i ngníomhaíochtaí píolótacha ESSPASS. 

·Úsáid a bhaint as an bhfoirm choiteann chun dearbhú leictreonach a dhéanamh maidir le hoibrithe a phostú sa Mhargadh Aonair. 

·Dul chun cinn a dhéanamh maidir le cur chun feidhme na Moltaí ón gComhairle a glacadh i gcomhthéacs an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus oibriú i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach agus le páirtithe leasmhara chun an chéim Eorpach a chomhtháthú amach anseo sna creataí náisiúnta um cháilíochtaí.

·I gcomhréir le Conclúidí 2023 ón gComhairle maidir le céimeanna breise chun uathaitheantas frithpháirteach a bhaint amach san oideachas acadúil agus san oiliúint acadúil, céimeanna a ghlacadh chun deireadh a chur leis na bacainní atá fós ann ar uathaitheantas.

Is díol sásaimh don Choimisiún an rún atá ag comhpháirtithe sóisialta an méid seo a leanas a dhéanamh:

·Roinnt gairmeacha rialáilte tosaíochta ina bhfuil na ganntanais is láidre a shainaithint, in éineacht leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit, chun tacú le soghluaisteacht oibrithe sna gairmeacha sin ( 114 ).

·Soghluaisteacht thrasnáisiúnta do phrintísigh agus do ghairmithe óga a chothú trí chomhpháirtíochtaí a chruthú idir soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna agus FBManna bunaithe ar riachtanais scileanna cuideachtaí ( 115 ).

·Tacú le deireadh a chur le bacainní ar shoghluaisteacht oibrithe oilte amhail clásail neamhiomaíochta i gconarthaí oibrithe.( 116 )

·Ar leibhéal earnála, oibriú leis an gCoimisiún ar Mholadh ón gComhairle amach anseo maidir le seiceálacha cúlra trasteorann ar phearsanra slándála ( 117 ).

·Soghluaisteacht foghlama a spreagadh laistigh de scáth na suíomhanna traidisiúnta scoile ( 118 ).

3.5.Tallann a mhealladh ó lasmuigh den Aontas

Agus iarrachtaí á gcomhlánú chun leas a bhaint as tallann ó laistigh den Aontas, tá ról tábhachtach ag soghluaisteacht ordúil ó thríú tíortha freisin chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair agus scileanna. Mar sin féin, níl ag éirí leis an Aontas chomh maith agus ba cheart i dtéarmaí a tharraingtí atá sé mar cheann scríbe do dhaoine tréitheacha domhanda. Trí mheaitseáil poist a éascú agus trí dhálaí oibre comhionanna agus cothroma a áirithiú do náisiúnaigh tríú tír, is féidir cuidiú le daoine tréitheacha a mhealladh ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad. Mar chuid den phacáiste um Shoghluaisteacht Scileanna agus Tallainne ( 119 ), is é is aidhm do Linn Tallainne an Aontais ( 120 ) a moladh le déanaí earcú cuardaitheoirí poist ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad a éascú i ngairmeacha a bhfuil ganntanais iontu ar fud an Aontais ar gach leibhéal scileanna. A luaithe a bhunófar é, beidh sé sin ar an gcéad ardán uile-Aontais ar líne a bheidh oscailte d’aon náisiúnach tríú tír ar mian leis oibriú go dlíthiúil san Aontas, agus ina gcláróidh na Ballstáit rannpháirteacha folúntais poist d’fhostóirí atá suite ar a gcríocha. Ar an gcaoi sin, is féidir leis na forálacha maidir le gluaiseacht daoine nádúrtha i gComhaontuithe Saorthrádála an Aontais a chomhlánú, ar forálacha iad lena néascaítear freisin soláthar seirbhísí ag gairmithe tríú tír a bhfuil ardleibhéil scileanna acu. Thairis sin, sa bhreis ar na cosaintí d’oibrithe imirceacha a áirítear sa Treoir Athmhúnlaithe ar Chead Aonair ( 121 ) amhail ráthaíochtaí nós imeachta nó cearta sonracha a dheonaítear ar bhonn an cheada sin, cuimseofar i Linn Tallainne an Aontais coimircí ionsuite chun cleachtais dúshaothraithe agus éagóracha a sheachaint, á mheabhrú go mbeidh na cearta agus na hoibleagáidí céanna ag náisiúnaigh tríú tír a earcófar trí Linn Tallainne an Aontais agus a bheidh ag oibrithe an Aontais nuair a bheidh siad fostaithe, lena náirítear cearta agus hoibleagáidí maidir le dlíthe agus prionsabail an Aontais a urramú chun imeascadh rianúil sna pobail áitiúla a áirithiú.

Is féidir le Comhpháirtíochtaí Tallainne bealaí dleathacha chuig an Aontas a fheabhsú freisin agus, san am céanna, tíortha comhpháirtíochta a mhealladh go straitéiseach maidir le bainistiú imirce, go háirithe trí chuidiú leis an imirce neamhrialta a laghdú agus trí chomhpháirtithe a dhreasú chun oibriú i gcomhar le chéile maidir le filleadh agus athligean isteach. Go dtí seo, bunaíodh comhpháirtíochtaí tallainne le Maracó, leis an Túinéis, leis an Éigipt, leis an bPacastáin agus leis an mBanglaidéis ( 122 ). Soláthraítear leis na comhpháirtíochtaí sin creat beartais agus cistiúcháin chun an comhar idir an tAontas Eorpach, na Ballstáit agus na príomhthíortha comhpháirtíochta maidir le soghluaisteacht agus forbairt scileanna a neartú ar bhealach a rachaidh chun tairbhe an dá thaobh. Le cláir agus tionscnaimh an Choimisiúin ( 123 ) lena ndírítear ar shoghluaisteacht imirceach ó thíortha comhpháirtíochta chun staidéar, obair nó oiliúint a dhéanamh san Aontas Eorpach, rannchuidítear le comhpháirtíochtaí tallainne, bunaithe ar phrionsabal na sochar frithpháirteach do thíortha tionscnaimh agus do thíortha cinn scríbe araon. Thairis sin, mar chuid den ‘Global Gateway’ cuimsitheach, tacaíonn an tAontas le hoideachas agus le hoiliúint theicniúil agus ghairmiúil agus le forbairt scileanna i dtíortha comhpháirtíochta. ( 124 )

Tá príomhról freisin ag bailíochtú scileanna agus ag aitheantas cáilíochtaí i gcomhthéacs daoine tréitheacha a earcú ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad. Mar gheall ar phróisis mhall nó chasta chun scileanna agus cáilíochtaí a aithint, féadtar srian a chur le deiseanna fostaíochta do náisiúnaigh tríú tír, agus féadann siad a bheith ina ndídhreasú d’fhostóirí. Mar a léirítear sa phacáiste um Shoghluaisteacht Scileanna agus Tallainne ( 125 ), ní mór cur chuige tús áite do scileanna a bheith ann i bhfianaise réaltacht na margaí saothair. Leis an Moladh ón gCoimisiún maidir le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí náisiúnach tríú tír ( 126 ), a glacadh freisin mar chuid den phacáiste um Shoghluaisteacht Scileanna agus Tallainne, soláthraítear treoraíocht do na Ballstáit maidir le conas bailíochtú scileanna agus aitheantas cáilíochtaí a fuarthas lasmuigh den Aontas a shimpliú agus a luathú, agus conas rochtain ar ghairmeacha rialáilte agus ar chláir foghlama, mar aon le rochtain ar víosaí nó ar cheadanna oibre agus cónaithe, a éascú.

D’fhonn daoine tréitheacha ó lasmuigh den Aontas a mhealladh a thuilleadh chun ganntanais san Aontas a líonadh, tá gá le gníomhaíochtaí breise chun beartais éifeachtacha maidir le meaitseáil poist agus maidir le himeascadh a áirithiú, mar aon le dálaí oibre comhionanna agus cothroma.  

Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

·Féachaint an bhféadfaí tuilleadh tacaíochta a thabhairt do thíortha nach Ballstáit den Aontas iad chun curaclaim agus modúil oiliúna a fhorbairt, lena náirítear an méid sin a dhéanamh faoi chuimsiú comhpháirtíochtaí tallainne agus trí thacaíocht ó chláir chistiúcháin an Aontais.

·Linn Tallainne an Aontais a bhunú, a luaithe a ghlacfaidh na comhreachtóirí é, chun earcú idirnáisiúnta náisiúnach tríú tír atá ina gcónaí lasmuigh den Aontas a éascú.

·Dlús a chur leis an gcomhar maidir le scileanna agus conairí dlíthiúla le tíortha comhpháirtíochta nach bhfuil san Aontas, lena náirítear comhar trí chomhpháirtíochtaí nua tallainne a threisiú agus a fhiosrú mar chuid de chomhar straitéiseach agus cuimsitheach i ndáil le bainistiú imirce agus tionscnaimh chomhair ábhartha eile,, agus ‘imirce daoine oilte’ á seachaint agus í á tiontú ina ‘hinimirce daoine oilte’ i dtíortha comhpháirtíochta.

·Dlús a chur lena rannpháirtíocht leis na Ballstáit agus le comhpháirtithe sóisialta maidir le saincheisteanna lena dtugtar imirce dhleathach agus fostaíocht le chéile tríd an Ardán um Imirce Lucht Saothair.

Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

·Páirt bhreise a ghlacadh i gcomhpháirtíochtaí tallainne chun bealaí dleathacha imirce a fheabhsú trí scéimeanna nua soghluaisteachta a sheoladh le tacaíocht ó chistiú ón Aontas, i gcás inarb ábhartha, agus trí threochláir a chomhaontaítear go comhpháirteach le haghaidh comhpháirtíochtaí tallainne.

·Cultúr fáilteach a fhorbairt agus foráil a dhéanamh maidir le beartas éifeachtach imeasctha do na hoibrithe — agus dá dteaghlaigh — lena gcuimsítear oideachas agus oiliúint, fostaíocht, sláinte agus tithíocht i gcomhréir le plean gníomhaíochta an Aontais um imeascadh agus cuimsiú ( 127 ); agus luachanna coiteanna Eorpacha a urramú.

·Trasuí iomlán na Treorach athbhreithnithe maidir le Cárta Gorm AE ( 128 ) a thabhairt chun críche go pras, agus leas iomlán a bhaint as an tsolúbthacht bhreise dá bhforáiltear sa Treoir um Chead Aonair (athmhúnlú) chun na nósanna imeachta inimirce a shimpliú a luaithe a thiocfaidh sí i bhfeidhm.

·Reachtaíocht náisiúnta agus reachtaíocht an Aontais a fhorfheidhmiú go comhsheasmhach chun dul i ngleic le dúshaothrú saothair oibrithe imirceacha agus chun cóir chomhionann a ráthú dóibh i gcomhréir leis an Treoir maidir le Smachtbhannaí i gcoinne Fostóirí ( 129 ) agus leis an gcosaint threisithe a chuimsítear sa Treoir um Chead Aonair (athmhúnlú).

Is díol sásaimh don Choimisiún rún na gcomhpháirtithe sóisialta an méid seo a leanas a dhéanamh:

·Rannchuidiú a thuilleadh lena gcuid saineolais chun Linn Tallainne an Aontais a bhunú ( 130 ).

·A áirithiú go ráthófar dálaí cothroma agus cuibhiúla d’oibrithe imirceacha chun rochtain a fháil ar fhostaíocht, go seachnófar idirdhealú agus go náiritheofar cóir chomhionann le náisiúnaigh an Aontais agus dálaí oibre cothroma ag an obair ( 131 ).

·Obair chomhpháirteach a shaothrú arb é is aidhm di cóir chothrom a chur ar thiománaithe gairmiúla tríú tír, agus rannchuidiú le creat Aontais trédhearcach comhchuibhithe a chruthú chun aitheantas scileanna agus cáilíochtaí gairmiúla tríú tír a éascú ( 132 ).

4.Conclúidí

Chun an Plean Gníomhaíochta seo a chur chun feidhme go héifeachtach, tá gá le cur chuige uile-rialtais — ar leibhéal an Aontais agus na mBallstát i ndlúthchomhar le comhpháirtithe sóisialta. Is bac tromchúiseach iad ganntanais saothair agus scileanna d’fhás agus d’iomaíochas an Aontais, agus don aistriú glas agus don aistriú digiteach inbhuanaithe agus cuimsitheach. Féadtar cur isteach leo freisin ar athléimneacht fhoriomlán an Aontais agus ar a thóraíocht chun feabhas a chur ar a uathriail straitéiseach oscailte agus ar a shlándáil. Is iad an t‑athrú déimeagrafach, athruithe ar riachtanais scileanna sa mhargadh saothair agus, uaireanta, drochdhálaí oibre, is cúis leo. Tá difríochtaí eatarthu de réir earnála, slí bheatha agus réigiúin, rud a éilíonn freagairtí beartais éagsúla. Tá go leor gníomhaíochtaí ar siúl cheana féin, agus i gcás go leor tionscnaimh de chuid an Aontais, is dúshlán iad na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme go héifeachtach ar an láthair agus ar leibhéal na hearnála. Tá an Coimisiún tiomanta tacú leis na Ballstáit agus leis na comhpháirtithe sóisialta na cistí agus na hionstraimí atá ar fáil a úsáid go héifeachtach chun na críche sin.

Tá gá le gníomhaíocht chomhbheartaithe bhreise ón gCoimisiún, ó na Ballstáit agus ó chomhpháirtithe sóisialta chun dul i ngleic le ganntanais saothair agus scileanna. Tá sé sin i gcomhréir le Dearbhú Val Duchesse, inar gheall an Coimisiún, Uachtaránacht na Beilge ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus comhpháirtithe sóisialta go ngníomhóidís chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na nganntanas saothair agus scileanna, gach ceann acu laistigh dá sainchúram inniúlachtaí ach i ndlúthchomhar le chéile. Dá bhrí sin, leagtar amach leis an bplean gníomhaíochta seo roinnt gníomhaíochtaí a dhéanfaidh an Coimisiún agus a iarrtar ar na Ballstáit a chur chun feidhme. Cuirtear i dtábhacht leis freisin roinnt príomhghníomhaíochtaí atá beartaithe ag comhpháirtithe sóisialta a dhéanamh mar obair leantach ar Chruinniú Mullaigh Val Duchesse chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair agus scileanna. 

Beidh an ghníomhaíocht chuimsitheach ina gné lárnach maidir le hacmhainneacht fáis an Aontais a scaoileadh agus a thosaíochtaí beartais a chur chun cinn. Trí na ganntanais saothair agus scileanna a laghdú, cuirfear le tarraingteacht an Aontais le haghaidh nuálaíochta agus infheistíochtaí, cothófar a bhonn tionsclaíoch, agus áiritheofar a iomaíochas. Rannchuideofar leis sin freisin le córais cosanta sóisialta an Aontais agus a chomhtháthú sóisialta foriomlán a chaomhnú. Déanfar faireachán ar dhul chun cinn chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta seo faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe trí chur leis na Treoirlínte Fostaíochta agus leis na moltaí tírshonracha ábhartha. Iarrfaidh an Coimisiún ar an gCoiste Fostaíochta agus ar an gCoiste um Chosaint Shóisialta malartuithe trípháirteacha tráthrialta a bheith acu maidir leis an tsaincheist seo, le rannpháirtíocht comhpháirtithe sóisialta Eorpacha agus náisiúnta. Dá bhrí sin, leanfaidh an Coimisiún d’iarracht chomhchoiteann a chur chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair agus scileanna san Aontas.



Annex AMapáil na dtionscnamh is déanaí agus na dtionscnamh atá le teacht

Le cúig bliana anuas, tá raon leathan beartas agus ionstraimí curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún chun dul i ngleic le ganntanais saothair agus scileanna, a bhformhór díobh sin faoi Phlean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus faoin Seimeastar Eorpach.

1.Beartais ghníomhachtúcháin

·Leis an Treoir maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil ( 133 ), déantar nuachóiriú ar chreataí dlíthiúla agus ar bheartais an Aontais atá ann cheana chun tacaíocht níos fearr a thabhairt don chothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí, chun comhroinnt níos cothroime saoire do thuismitheoirí, idir fhir agus mhná, a spreagadh, agus chun aghaidh a thabhairt ar ghannionadaíocht na mban sa mhargadh saothair.

·Is éard atá sa Ráthaíocht Threisithe don Aos Óg ( 134 ) gealltanas ó na Ballstáit uile a áirithiú go bhfaighidh gach duine óg faoi bhun 30 bliain d’aois tairiscint mhaith ar fhostaíocht, ar oideachas leanúnach, ar phrintíseacht nó ar thréimhse oiliúna  laistigh de 4 mhí tar éis dó a bheith dífhostaithe nó tar éis dó an toideachas a fhágáil.

·Leis an Moladh maidir le daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach a imeascadh sa mhargadh saothair ( 135 ) spreagtar na Ballstáit chun a áirithiú go gclárófar daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach le seirbhís fostaíochta, go gcuirfear measúnú aonair neamhspleách orthu chun a riachtanais a shainaithint agus go dtairgfear comhaontú maidir le himeascadh i bpost dóibh ar a dhéanaí 18 mí tar éis dóibh a bheith dífhostaithe.

·Is é is aidhm don Mholadh ón gComhairle maidir le hioncam íosta leormhaith lena náirithítear cuimsiú gníomhach ardleibhéil fostaíochta a shaothrú trí thacaíocht ioncaim leormhaith, rochtain éifeachtach ar sheirbhísí agus imeascadh na ndaoine sin ar féidir leo obair a dhéanamh sa mhargadh saothair a chothú, i gcomhréir leis an gcur chuige maidir le cuimsiú gníomhach.

·Is é is aidhm do Straitéis Cúraim na hEorpa ( 136 ) seirbhísí cúraim ardcháilíochta, inacmhainne agus inrochtana a áirithiú ar fud an Aontais agus feabhas a chur ar an gcás do chúramóirí (idir chúramóirí gairmiúla agus neamhfhoirmiúla) agus do ghlacadóirí cúraim araon. Tá Moladh ón gComhairle maidir le rochtain ar chúram fadtéarmach inacmhainne ar ardchaighdeán ag gabháil leis an Straitéis, lena leagtar síos creat le haghaidh athchóirithe beartais agus infheistíochtaí sna Ballstáit, agus an Moladh ón gComhairle maidir le hoideachas agus cúram na luath-óige ( 137 ), lena spreagtar na Ballstáit chun rannpháirtíocht sna seirbhísí sin a mhéadú. Tagann sé sna sála ar na ‘spriocanna Barcelona’ bunaidh a bhunaigh an Chomhairle Eorpach in 2002, agus cuirtear bailchríoch leis ar an Moladh ón gComhairle  maidir le córais ardcháilíochta oideachais agus cúraim luath-óige ( 138 ).

·Is é is aidhm don Phacáiste Fostaíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas, atá mar chuid den Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030 ( 139 ), fostaíocht daoine faoi mhíchumas a chur chun cinn san aistriú cóir glas agus san aistriú cóir digiteach.

·Tá an tionscnamh ALMA (Beartaigh, Foghlaim, Máistrigh, Gnóthaigh) ceaptha mar thionscnamh cumhachtaithe sóisialta do dhaoine óga faoi mhíbhuntáiste idir 18 agus 29 mbliana d’aois nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna (NEETanna).

·Leis an mBosca Uirlisí Déimeagrafaíochta ( 140 ), leagtar síos cur chuige cuimsitheach maidir le hathrú déimeagrafach atá bunaithe ar cheithre cholún: comhréiteach idir an saol oibre agus an saol príobháideach a éascú do thuismitheoirí, cur ar chumas na hóige a nacmhainneacht a bhaint amach, tacú le haosú sláintiúil gníomhach, agus tallann a mhealladh ó lasmuigh den Aontas Eorpach.

·Leis an bplean gníomhaíochta maidir leis an ngeilleagar sóisialta ( 141 ), leagtar amach bearta sonracha atá dírithe ar an ngeilleagar sóisialta a threisiú, lena náirítear eintitis amhail fiontair shóisialta um imeascadh oibre a soláthraíonn imeascadh sóisialta agus gairmiúil do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste. Leagtar béim bhreise ar an ngealltanas sin leis an moladh ón gComhairle maidir le dálaí creata a fhorbairt don gheilleagar sóisialta ( 142 ).

·Is é is aidhm do straitéisí Aontas an Chomhionannais, a ghlac an Coimisiún in 2020 agus 2021, ( 143 ) na dálaí a chruthú do gach duine le bheith ag maireachtáil, le bheith rathúil agus le bheith chun tosaigh sa tsochaí gan beann ar inscne, bunadh ciníoch nó bunadh eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéasach. Cuimsítear le gach straitéis bearta coincréiteacha chun tacú le gníomhachtú an mhargaidh saothair.

·Tá sé d’aidhm ag na Painéil Saoránach Eorpach guth a thabhairt do na saoránaigh, chun cur leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa.

·Le Straitéis an Aontais um Chomhionannas Inscne 2020-2025, ( 144 ) cuirtear i láthair cuspóirí beartais agus gníomhaíochtaí chun dul chun cinn mór a dhéanamh faoi 2025 i dtreo Eoraip atá comhionann ó thaobh inscne de. Is é an sprioc atá ann Aontas ina mbeidh saoirse ag mná agus fir, cailíní agus buachaillí, agus éagsúlacht gach grúpa díobh á cur san áireamh, a mbealach féin sa saol a shaothrú, ina mbeidh comhdheiseanna acu chun go mbeidh rath orthu, chun a bheith rannpháirteach inár sochaí Eorpach agus chun a bheith chun tosaigh inti. Cuimsítear leis na tionscnaimh ábhartha atá ann faoi láthair: cur chun feidhme rialacha maidir le trédhearcacht pá ( 145 ), spriocanna Barcelona do 2030 maidir le hoideachas agus cúram luath-óige ( 146 ), agus rialacha maidir le cothromaíocht oibre is saoil ( 147 ).

·Le hArdán an Aontais Eorpaigh le haghaidh Cairteacha um an Éagsúlacht, cuirtear éagsúlacht agus cuimsiú chun cinn san áit oibre.

·Sa Mholadh ón gComhairle maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach ( 148 ), geallann na Ballstáit go ndéanfaidh siad an frithghiofógachas a chomhrac agus feabhas a chur ar staid na Romach, inter alia, san fhostaíocht agus san oideachas.

·Leis an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, tacaítear leis na Ballstáit, ar éileamh, an soláthar saothair a mhéadú a thuilleadh trí inniúlacht na seirbhísí fostaíochta poiblí a neartú agus trí athchóiriú a dhéanamh ar chur chun feidhme beartas gníomhach maidir leis an margadh saothair (ALMPanna), mar shampla faoi thionscnamh suaitheanta na hionstraime um thacaíocht theicniúil 2023, ‘Youth FIRST’, nó trí chúram sóisialta agus cúram sláinte a chomhordú agus a chomhtháthú ar bhealach níos fearr, faoi thionscnamh suaitheanta na hionstraime um thacaíocht theicniúil 2023 maidir le Cúram comhtháite duinelárnach.

·Leis an Teachtaireacht maidir le tús áite a thabhairt do dhaoine, fás inbhuanaithe cuimsitheach a dhaingniú, leas a bhaint as acmhainneacht na réigiún is forimeallaí san Aontas, ( 149 ) iarrtar ar na Ballstáit agus ar na réigiúin is forimeallaí riachtanais scileanna a shainaithint, oibrithe a athsciliú in earnáil na turasóireachta, mar aon le scileanna glasa agus scileanna digiteacha a chur chun cinn.

2.Beartais scileanna

·Is é Clár Oibre Eorpach um Scileanna 2020 ( 150 ) straitéis an Choimisiúin um oideachas agus oiliúint, ina bhfuil 12 ghníomhaíocht chun an taistriú digiteach agus an taistriú glas a chur chun cinn, téarnamh cothrom a chur chun cinn, iomaíochas a áirithiú, agus athléimneacht a neartú. Cuimsítear an méid a leanas leis:

An moladh ón gComhairle maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint, lena sainmhínítear príomhphrionsabail chun a áirithiú go gcuirfear an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint in oiriúint go tapa do riachtanais an mhargaidh saothair agus go gcuirfear deiseanna foghlama ardcháilíochta ar fáil do dhaoine óga agus do dhaoine fásta.

An Comhshocrú um Scileanna, lena dtugtar le chéile eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha, lena náirítear fostóirí agus ceardchumainn, chun gníomhaíocht choincréiteach a dhéanamh chun daoine san Eoraip a uassciliú agus a athsciliú.

An Treoirphlean um chomhghuaillíochtaí earnála maidir le scileanna, lena mbailítear príomhpháirtithe leasmhara ó éiceachórais thionsclaíocha, chun faisnéis scileanna agus straitéis scileanna earnála a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais scileanna.

An Rún ón gComhairle 2021-2030 lena gcuirtear i dtábhacht an gá atá le rannpháirtíocht daoine fásta san fhoghlaim fhoirmiúil, san fhoghlaim sheachfhoirmiúil agus san fhoghlaim neamhfhoirmiúil a mhéadú go mór.

An moladh ón gComhairle maidir le cuntais foghlama aonair, lena moltar go ndéanfadh na Ballstáit machnamh maidir le cuntais foghlama aonair a bhunú mar mhodh chun daoine aonair a chumasú agus a chumhachtú chun páirt a ghlacadh in oiliúint atá ábhartha don mhargadh saothair agus chun a rochtain ar fhostaíocht nó a gcoinneáil san fhostaíocht a éascú, mar aon le creat cumasúcháin a chur ar bun.

An moladh ón gComhairle maidir le micridhintiúir, lena moltar go nglacfadh na Ballstáit cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr agus go háirithe sainmhíniú coiteann AE, caighdeáin AE agus príomhphrionsabail a chur i bhfeidhm maidir le dearadh agus eisiúint micridhintiúr. Doiciméadaítear le micridhintiúir na torthaí foghlama a fuair foghlaimeoir tar éis méid beag foghlama.

·Is é príomhaidhm na Bliana Eorpaí um Scileanna (Bealtaine 2023-Bealtaine 2024) feasacht a mhúscailt agus raon leathan gníomhaithe a shlógadh chun spreagadh úr a thabhairt don uassciliú agus don athsciliú bunaithe ar cheithre phríomhchuspóir: infheistíocht; ábharthacht scileanna; toilmhianta agus tacar sainscileanna daoine a mheaitseáil le deiseanna ar an margadh fostaíochta agus daoine tréitheacha ó thríú tíortha a mhealladh. Cuireadh ar aghaidh faoin mBliain Eorpach um Scileanna an Teachtaireacht maidir le Leas a bhaint as an tallann i réigiúin na hEorpa ( 151 ) (lena gcuimsítear an Sásra chun cur leis an Tallann) agus na tograí ón gCoimisiún le haghaidh Moltaí ón gComhairle lena soláthraítear oideachas agus oiliúint dhigiteach ardcháilíochta, chuimsitheach agus inrochtana.

·Le Moladh 2023 ón gComhairle maidir leis na príomhthosca cumasúcháin le haghaidh oideachas digiteach agus oiliúint dhigiteach rathúil, iarrtar ar thíortha an Aontais rochtain do chách ar oideachas agus ar oiliúint dhigiteach ardcháilíochta chuimsitheach a áirithiú; le Moladh 2023 ón gComhairle maidir le feabhas a chur ar sholáthar scileanna agus inniúlachtaí digiteacha san oideachas agus san oiliúint, iarrtar ar thíortha an Aontais scileanna digiteacha a sholáthar ar bhealach comhleanúnach trí gach earnáil oideachais agus oiliúna.

-Is é is aidhm do Mholadh 2022 ón gComhairle maidir le ‘Conairí i dtreo na Rathúlachta Scoiletorthaí oideachais níos fearr a chur chun cinn do gach foghlaimeoir, gan beann ar a gcúlraí socheacnamaíocha, cultúrtha nó pearsanta, agus ar an gcaoi sin gné chuimsitheach an oideachais a fheabhsú.

-Príomhinniúlachtaí a fhorbairt i gcomhréir le Moladh 2018 ón gComhairle maidir le heochair-inniúlachtaí don fhoghlaim ar feadh an tsaoil. Sa lá atá inniu ann, tá athrú tagtha ar na ceanglais inniúlachta agus tá níos mó post faoi réir uathoibriú, tá ról níos mó ag teicneolaíochtaí i ngach réimse oibre agus saoil, agus tá inniúlachtaí fiontraíochta, sóisialta agus sibhialta ag éirí níos ábhartha chun athléimneacht agus an cumas chun oiriúnú don athrú a áirithiú.

-Leis an Moladh ón gComhairle 2022 maidir le foghlaim don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe, tacaítear le Ballstáit an Aontais agus iad ag iarraidh an teolas, na scileanna agus na dearcthaí is gá le haghaidh geilleagar agus sochaí níos glaise agus níos inbhuanaithe a thabhairt d’fhoghlaimeoirí agus d’oideachasóirí.

·Leis an Moladh ón gComhairle 2022 maidir le foghlaim don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe, tacaítear le Ballstáit an Aontais agus iad ag iarraidh an teolas, na scileanna agus na dearcthaí is gá le haghaidh geilleagar agus sochaí níos glaise agus níos inbhuanaithe a thabhairt d’fhoghlaimeoirí agus d’oideachasóirí. Is é is aidhm d’Acadaimh um an Tionscal GlanNialasachta, faoin nGníomh um an Tionscal GlanNialasachta ( 152 ) cláir uasscilithe agus athscilithe a chur i bhfeidhm i dtionscail straitéiseacha le haghaidh an aistrithe chuig fuinneamh glan amhail amhábhair, hidrigin, teicneolaíochtaí gréine agus gaoithe.

·Leis an gClár don Eoraip Dhigiteach, tacaítear le forbairt clár oideachais agus oiliúna (e.g. cláir Bhaitsiléara agus cláir Mháistreachta) i dteicneolaíochtaí ceannródaíocha chun tacú leis an mbarr feabhais in institiúidí ardoideachais, ionas go mbeidh siad ina gceannairí domhanda in oiliúint speisialtóirí digiteacha, chun inniúlacht na tairisceana oiliúna le haghaidh ardteicneolaíochtaí a mhéadú agus chun tallann dhigiteach a chothú agus a mhealladh (mic léinn agus baill foirne teagaisc araon).

·An Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach 2021-2027, ina bhfuil sraith gníomhaíochtaí atá dírithe air thacú le forbairt scileanna digiteacha.

·Ghlac an Coimisiún Clár Oibre Eorpach Nua um Nuálaíocht, lena bhféachtar an Eoraip a chur ar thús cadhnaíochta i réimse na nuálaíochta agus na ngnólachtaí nuathionscanta atá ag teacht chun cinn sa teicneolaíocht dhomhain. Is é is aidhm dó cúnamh a thabhairt don Eoraip teicneolaíochtaí núíosacha a chruthú chun dul i ngleic le saincheisteanna práinneacha sochaíocha agus iad a chur ar fáil ar an margadh. Dírítear le ceann de na cúig thionscnamh shuaitheanta ar thallann agus ar scileanna, ar dhaoine tréitheacha a chur chun cinn, a mhealladh agus a choinneáil, rud a ráthóidh fás agus gluaiseacht scileanna ríthábhachtacha teicneolaíochta doimhne laistigh den Aontas agus isteach san Aontas trí raon tionscnamh.

·Leis an straitéis Eorpach maidir le hollscoileanna, cuirtear ábharthacht an athscilithe agus an uasscilithe i dtábhacht, lena náirítear an méid sin i dtaca leis an aistriú glas agus don aistriú digiteach. Cothaítear leis comhar idir ollscoileanna agus le héiceachórais thionsclaíocha.

·Is ionstraim speisialta de chuid an Aontais é an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) 2021-2027, chun dlúthpháirtíocht an Aontais a léiriú le hoibrithe Eorpacha nó le daoine féinfhostaithe a easáitíodh mar gheall ar athstruchtúrú, agus chun cuidiú leo poist nua a aimsiú, agus bearta uasscilithe agus athscilithe a chur i bhfeidhm freisin.

·Leis an Sásra chun cur leis an Tallann, tacaítear le réigiúin an Aontais tallann a mhealladh, a fhorbairt agus a choinneáil agus aghaidh a thabhairt ar thionchar an aistrithe dhéimeagrafaigh. Sa chomhthéacs sin, is catalaíoch é an tArdán um an Tallann a chur chun Tairbhe le haghaidh comhair, rud lena gcumasaítear malartú smaointe, eolais agus acmhainní.

·Is é is aidhm don Acadamh um Scileanna Cibearshlándála, a sheol an Coimisiún i mí Aibreáin 2023, tionscnaimh atá ann cheana maidir le cibirscileanna a thabhairt le chéile agus feabhas a chur ar a gcomhordú, d’fhonn an bhearna tallainne cibearshlándála a dhúnadh. Tá sé d’aidhm ag a cheithre cholún an méid a leanas a dhéanamh: i) cur chuige comhchoiteann Eorpach a bhunú maidir le hoiliúint chibearshlándála, ii) a áirithiú go dtreoraítear deiseanna cistithe ar bhealach níos fearr le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le scileanna, iii) rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara a threisiú chun dul i ngleic leis an mbearna scileanna cibearshlándála, lena náirítear bearta chun cothromaíocht inscne a fheabhsú; agus iv) modheolaíocht a fhorbairt chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn a bhaintear amach.

·Leis an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, tacaítear leis na Ballstáit, ar éileamh, chun athchóirithe struchtúracha a dhearadh agus a chur chun feidhme chun uassciliú agus athsciliú an daonra a chur chun cinn, mar shampla trí thionscnamh suaitheanta na hIonstraime um Thacaíocht Theicniúil 2024 maidir le Scileanna agus trí thionscnamh suaitheanta na hIonstraime um Thacaíocht Theicniúil 2023 maidir le Scileanna digiteacha don lucht saothair sláinte. In 2025, leanfaidh an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil de bheith ag tacú le beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair agus le hathchóirithe scileanna i gcomhthéacs dúshláin dhéimeagrafacha, shocheacnamaíocha agus theicneolaíocha.

·D’fhógair an Coimisiún dhá thionscnamh phíolótacha nua arb é is aidhm dóibh tallann agus spéis a chothú in earnáil an spáis: scéim socrúcháin fostaíochta do mhic léinn ollscoile agus do chéimithe, agus Campa Samhraidh Spáis CASSINI, lena ndírítear ar dhaltaí idir 14 agus 18 mbliana d’aois. Leis na tionscnaimh sin, comhlánaítear an tionscadal SpaceSUITE, a bhfuil comhpháirtíocht scileanna mhórscála Space4GEO mar bhonn taca leis, comhpháirtíocht atá dírithe ar iomaíochas thionscal spáis an Aontais a chothú trí fhorbairt scileanna agus trí fhoghlaim ar feadh an tsaoil.

·Sa Straitéis Thionsclaíoch um an gCosaint Eorpach a foilsíodh le déanaí, d’fhógair an Coimisiún go bhféachfadh sé ar ghníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar shoghluaisteacht an lucht saothair agus tacú le hoideachas a bhaineann leis an gcosaint, go háirithe trí na deiseanna a sholáthraítear le Cláir Tionscal an Aontais i réimse na Cosanta, comhar idir soláthraithe oideachais, lena náirítear an Coláiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint. Is féidir leis na Ballstáit leas a bhaint freisin as an gcreat Eorpach inniúlachta maidir le hinbhuanaitheacht GreenComp, ina leagtar amach na hinniúlachtaí is gá do gach foghlaimeoir a fhorbairt a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an inbhuanaitheacht, mar aon leis an gcreat inniúlachta airgeadais a d’fhorbair an tAontas agus ECFE go comhpháirteach do dhaoine fásta, agus an creat do leanaí agus don óige, ina leagtar amach na scileanna agus na dearcthaí is gá chun é a chur ar a chumas do dhaoine cinntí eolasacha a dhéanamh maidir lena gcúrsaí airgeadais.

·Ina theannta sin, tá an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) ag cur an Tionscnaimh Tallainne ‘Deep Tech’ i gcrích go gníomhach agus é mar sprioc aici milliún duine a uassciliú i réimsí na teicneolaíochta doimhne faoi 2025. Dírítear leis ar theicneolaíochtaí ceannródaíocha a chur chun cinn agus ar chultúr inbhuanaithe fiontraíochta agus nuálaíochta san oideachas agus san oiliúint a chothú.

·Leis an Acadamh Bauhaus Eorpach Nua, cuirfear dlús le huassciliú agus le hathsciliú san éiceachóras foirgníochta chun tacú leis an aistriú ó gheilleagar foirgníochta eastóscach, atá bunaithe ar mhianraí agus a bhreoslaítear le hidreacarbóin iontaise chuig bithgheilleagar athghiniúnach agus córas ciorclach athúsáide ábhair.

3.Beartais chun feabhas a chur ar dhálaí oibre

·Leis an Treoir maidir le pá íosta leormhaith san Aontas Eorpach ( 153 ) bunaítear creat comhchoiteann Eorpach chun cosaint pá íosta leormhaith a áirithiú agus chun cómhargáil maidir le socrú pá a chur chun cinn.

·Is é is aidhm don togra ón gCoimisiún le haghaidh Treoir maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre san obair ardáin ( 154 ) feabhas a chur ar dhálaí oibre oibrithe ardáin.

·Leis an Treoir maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha ( 155 ) soláthraítear cearta substainteacha nua d’oibrithe uile na hEorpa, go háirithe dóibh siúd atá i gcineálacha fostaíochta forbhásacha, agus san am céanna treisítear an fhaisnéis a gheobhaidh siad maidir lena gcaidreamh oibre agus cuirfear iad i riocht níos fearr chun a gcearta a chosaint.

·Leis an gCreat Straitéiseach maidir le Sláinte agus Sábháilteacht ag an Obair 2021-2027, ( 156 ) sainmhínítear na príomhthosaíochtaí agus na príomhghníomhaíochtaí chun feabhas a chur ar shláinte agus ar shábháilteacht oibrithe ag an obair.

·Príomhghné de Straitéis Cúraim na hEorpa ( 157 ), den Mholadh ón gComhairle maidir le rochtain ar an gcúram fadtéarmach inacmhainne ardcháilíochta agus den Mholadh ón gComhairle maidir le hoideachas agus cúram na luath-óige is ea feabhas a chur ar dhálaí oibre do chúramóirí.

·Is é is aidhm don Mholadh maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe ( 158 ) rochtain ar chosaint shóisialta a áirithiú do chách, go háirithe oibrithe neamhchaighdeánacha agus daoine féinfhostaithe.

·Leis an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) 2023-2027, tugadh isteach sásra coinníollachta sóisialta trína nasctar íocaíochtaí feirmeoirí le comhlíontacht fhorálacha dhlí saothair an Aontais maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha, sábháilteacht cheirde, agus sláinte, mar aon leis an oibleagáid ar na Ballstáit tacú le soláthar seirbhísí comhairleacha feirme i réimse na ndálaí oibre, agus an fhéidearthacht chun tacú le hinfheistíochtaí earnálacha le haghaidh feabhsú na ndálaí oibre.

·An Moladh ón gCoimisiún maidir le modhanna chun aghaidh a thabhairt ar thionchar an uathoibrithe agus an chlaochlaithe dhigitigh ar an lucht saothair iompair ( 159 ).

·Cuimsítear leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte ( 160 ) tionscnamh suaitheanta lena dtugtar aghaidh ar scileanna gairmithe sláinte, agus tionscnamh suaitheanta lena dtugtar aghaidh ar mheabhairshláinte an lucht saothair sláinte.

·Cuimsítear le Pacáiste Soghluaisteachta I sraith leathan tionscnamh chun aghaidh a thabhairt ar na príomhdhúshláin a dhéanann difear d’iompar agus do shoghluaisteacht na hEorpa. I measc tairbhí eile, leis an bPacáiste cuirtear feabhas mór ar dhálaí oibre in earnáil an iompair de bhóthar.

·Leis an Moladh ón gComhairle maidir le creat Eorpach chun daoine tréitheacha taighde, nuálaíochta agus fiontraíochta a mhealladh agus a choinneáil san Eoraip, cuirtear taca faoin obair chun daoine tréitheacha taighde, nuálaíochta agus fiontraíochta a mhealladh agus a choinneáil san Eoraip agus tacaítear leis an gCreat Eorpach Inniúlachta nuachruthaithe do Thaighdeoirí (ResearchComp).

·Is é is aidhm don Ardán um an Tionscal GlanNialasachta, ionstraim de chuid an Ghnímh um an Tionscal GlanNialasachta, ionchais ghairme agus dálaí oibre ardcháilíochta a chur chun cinn i bpoist i dtionscail teicneolaíochta glannialasachta.

4.Beartais chun feabhas a chur ar shoghluaisteacht laistigh den Aontas

·Bunaíodh an tÚdarás Eorpach Saothair in 2019 agus is é is aidhm dó a áirithiú go ndéanfar soghluaisteacht an lucht saothair a fhorfheidhmiú go cothrom agus go héifeachtach trí rochtain ar fhaisnéis, ar fhothú acmhainneachta agus ar chomhar idir na Ballstáit a éascú agus tacú le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú éifeachtach dhlí an Aontais sa réimse sin.

·Foirm choiteann chun oibrithe ar postú a dhearbhú a thabhairt isteach agus a chur chun feidhme agus comhthairseach leictreonach a thógáil le haghaidh na ndearbhuithe sin.

·Éascaíonn EURES meaitseáil poist thar theorainneacha agus déanann sé comhar idir seirbhísí fostaíochta i mBallstáit éagsúla a oibríochtú. Faoi ‘Scéimeanna Soghluaisteachta Spriocdhírithe EURES’, tacaíonn an Coimisiún le comhpháirtíochtaí a chabhraíonn le grúpaí spriocdhírithe oibrithe, chun cinneadh a dhéanamh maidir le soghluaisteacht lucht saothair.

·Cuidíonn Europass mar ardán le húsáideoirí a ngairmeacha a bhainistiú. Fágann sé gur féidir scileanna agus taithí oibre a dhoiciméadú, próifíl phearsanta a chruthú (lena náirítear CVanna agus litreacha cumhdaigh), chun scileanna a bhainistiú agus dintiúir dhigiteacha a stóráil chun iarratas a dhéanamh ar oiliúint nó ar phoist ar fud an Aontais.

·Is aicmiú ilteangach é an tAicmiú Eorpach Scileanna, Inniúlachtaí, Cáilíochtaí agus Gairmeacha (ESCO) lena dtugtar tuairiscí caighdeánaithe ar 3 008 gairm agus 13 890 scil agus coincheap eolais. Baineann eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha ar fud an Aontais úsáid as le haghaidh meaitseáil poist, forbairt curaclam, gairmthreoir, faisnéis scileanna agus anailís ar an margadh saothair.

·Is uirlis é an Creat Eorpach um Cháilíochtaí (EQF) le haghaidh trédhearcacht agus inchomparáideacht cáilíochtaí.

·Tá méadú ag teacht ar an úsáid a bhaintear asDintiúir Dhigiteacha Eorpacha san Eoraip. Is féidir iad a fhíorú ar an toirt agus éascaítear leo oibrithe oilte a mheaitseáil le poist, mar aon le próisis earcaíochta agus aitheantais.

·Leis an Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle ‘An Eoraip ag Gluaiseacht — soghluaisteacht foghlama do chách’, a glacadh i mí na Samhna 2023, leagtar síos spriocanna coincréiteacha do sciar na gcéimithe ar cheart dóibh taithí a bheith faighte acu ar shoghluaisteacht foghlama.

·An tathbhreithniú ar Rialachán 883/2004 agus Rialachán 987/2009 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (ar feitheamh).

5.Beartais chun daoine éirimiúla a mhealladh ón gcoigríoch

·Le Comhpháirtíochtaí Tallainne, soláthraítear creat chun an comhar idir an tAontas Eorpach, na Ballstáit agus na príomhthíortha comhpháirtíochta maidir le soghluaisteacht agus maidir le forbairt scileanna a neartú ar bhealach a rachaidh chun tairbhe an dá thaobh, i gcomhréir leis an gComhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann. Bunaíodh iad le Maracó, leis an Túinéis, leis an Éigipt, leis an bPacastáin agus leis an mBanglaidéis. Le cistiú ón Ionstraim Eoraip Dhomhanda-ICFCI agus ón gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, féadtar tacú le tionscnaimh chun soghluaisteacht fostaíochta nó foghlama a éascú san Aontas mar chuid de Chomhpháirtíochtaí Tallainne, bunaithe ar phrionsabal na dtairbhí ciorclacha. Le cláir agus tionscnaimh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh lena ndírítear ar shoghluaisteacht náisiúnach ó thíortha comhpháirtíochta chun staidéar, obair nó oiliúint a dhéanamh san Aontas, rannchuidítear le Comhpháirtíochtaí Tallainne, lena náirítear an méid sin a dhéanamh trí chúnamh fothaithe acmhainneachta a sholáthar do thíortha comhpháirtíochta i réimsí amhail faisnéis maidir leis an margadh saothair agus maidir le scileanna, gairmoideachas agus gairmoiliúint, imeascadh imirceach atá ag filleadh agus slógadh an diaspóra. 

·Éascaítear leis an Ardán um Imirce Lucht Saothair comhar idir an Coimisiún agus ionadaithe ó na Ballstáit a bhfuil saineolas acu ar an imirce agus ar an mbeartas fostaíochta, chun plé a dhéanamh ar dhúshláin choiteanna amhail ganntanais lucht saothair agus chun feabhas a chur ar mhalartú faisnéise. Beidh gá leis chun tacú le hoibríochtú éifeachtach na dtionscnamh ar leibhéal an Aontais maidir le himirce dhleathach agus maidir le fostaíocht. Áiritheofar leis sin freisin malartuithe leanúnacha tráthrialta le comhpháirtithe sóisialta, a ndéantar ionadaíocht orthu ar an Ardán.

·Leis an bpacáiste um Shoghluaisteacht Scileanna agus Tallainne, a leanann as aitheasc 2022 an Uachtaráin von der Leyen ar Staid an Aontais, cuirtear i láthair tacar tionscnamh arb é is aidhm dóibh an tAontas a dhéanamh níos tarraingtí do dhaoine tréitheacha ó lasmuigh den Aontas. Chomh maith le Linn Tallainne an Aontais agus an Moladh ‘An Eoraip ag Gluaiseacht’ maidir le soghluaisteacht foghlama, áirítear ann an Moladh ón gCoimisiún maidir le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí náisiúnach tríú tír , lena spreagtar na Ballstáit chun aitheantas scileanna agus cáilíochtaí náisiúnach tríú tír a shimpliú agus a bhrostú.

·Moltar leis an bPlean Gníomhaíochta um Imeascadh agus Cuimsiú 2021-2027 gníomhaíochtaí coincréiteacha chun tacú leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile dúshláin a bhaineann leis an imeascadh a shárú d’imircigh agus do shaoránaigh den Aontas a mbaineann cúlra imirceach leo.  

·Leis an Treoir Athbhreithnithe maidir le Cárta Gorm, éascófar earcú oibrithe ardcháilithe san Aontas, trí rialacha níos éifeachtúla a thabhairt isteach, lena náirítear coinníollacha níos solúbtha maidir le cead isteach, cearta feabhsaithe agus an fhéidearthacht bogadh agus oibriú ar bhealach níos éasca idir Ballstáit an Aontais.

·A luaithe a ghlacfar an togra le haghaidh athmhúnlú ar an Treoir um Chónaitheoirí Fadtéarmacha, rannchuideofar le córas níos éifeachtaí, níos comhleanúnaí agus níos cothroime a chruthú chun stádas mar chónaitheoir fadtéarmach san Aontas a fháil.

·Leis an athmhúnlú ar an Treoir um Chead Aonair, ar tháinig na comhreachtóirí ar chomhaontú polaitiúil ina leith i mí na Nollag 2023, rannchuideofar le hearcú náisiúnach tríú tír a éascú tríd an nós imeachta um chead aonair a chuíchóiriú, agus é a dhéanamh níos éifeachtaí d’oibrithe agus d’fhostóirí nach bhfuil san Aontas.

·Le tionscnamh suaitheanta na hIonstraime um Thacaíocht Theicniúil 2023 maidir le hImeascadh imirceach agus Mealladh tallainne, is féidir tacú freisin le hathchóirithe na mBallstát chun imircigh a mhealladh agus a imeascadh chun ganntanais sa mhargadh saothair a líonadh.

·Cáilíochtaí agus scileanna tiománaithe bus agus leoraithe ó roinnt tríú tíortha a mheasúnú agus iad a chur i gcomparáid leis na ceanglais chomhfhreagracha san Aontas chun tacú leis na Ballstáit an cháilíocht chomhlántach is gá san Aontas a chuíchóiriú.

6.Cistí lena dtugtar aghaidh ar ghanntanais saothair agus scileanna

Le buiséad an Aontais agus NextGenerationEU, soláthraítear buiséad mór maidir le scileanna, athsciliú agus uas‑sciliú, lena n‑áirítear:

·is é Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) príomhionstraim an Aontais chun infheistíocht a dhéanamh i ndaoine, rud a rannchuidíonn le beartais fostaíochta, shóisialta, oideachais agus scileanna san Aontas mar aon le hathchóirithe struchtúracha sna réimsí sin. Agus buiséad EUR 43.3 billiún (beagnach aon trian de CSE+ ina iomláine) tiomnaithe do scileanna le linn na tréimhse 2021-2027, tá tacaíocht thábhachtach á cur ar fáil aige don sciliú, don athsciliú agus don uassciliú ( 161 ).

·an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (STA) lena rannchuidítear le hocht bpríomhréimse: oideachas aosach; scileanna glasa agus poist ghlasa; caipiteal daonna sa digitiú, tacaíocht fostaíochta agus cruthú poist nach tacaíocht don óige í; tacaíocht fostaíochta agus cruthú poist don óige; nuachóiriú institiúidí an mhargaidh saothair; oideachas agus cúram na luath-óige, mar aon le hoideachas ginearálta, gairmoideachas agus ardoideachas (meastar go mbeidh costas EUR 94.4 billiún ar na hocht réimse sin le haghaidh athchóirithe agus infheistíochtaí le chéile, i.e. thart ar 15 % d’imchlúdach airgeadais iomlán STA i bpraghsanna 2022). Is é is aidhm do na bearta sin aghaidh a thabhairt ar roinnt de na dúshláin a bhaineann le córais oideachais agus oiliúna ar fud an Aontais ó thaobh cáilíochta, cothromais agus ábharthachta don mhargadh saothair de, lena náirítear an méid sin a dhéanamh d’fhonn dul i ngleic le ganntanais scileanna ( 162 ).

·Erasmus+ (EUR 26.2 billiún), lena dtacaítear freisin le forbairt na bhfoghlaimeoirí, na mball foirne agus na ninstitiúidí san fhoghlaim aosach agus sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint.

·InvestEU (EUR 4.9 billiún), ionstraim airgeadais arb é is aidhm dó infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a shlógadh thar an tréimhse 2021-27 trí ráthaíochtaí, agus a infheistíocht shóisialta agus a ionú scileanna, rud a chumhdóidh taobh an éilimh agus taobh an tsoláthair araon maidir le scileanna.

·Le línte buiséid sainchirt an idirphlé shóisialta, soláthraítear cistiú chun tacú le hobair comhpháirtithe sóisialta maidir le ganntanais saothair agus scileanna trí dhá ghlao idirphlé shóisialta ar thograí — Bearta oiliúna agus faisnéise d’eagraíochtaí oibrithe agus Glaonna idirphlé shóisialta ar thograí.

A mhéid a bhaineann le CSE+, tá sé ar cheann de na príomhionstraimí cistiúcháin chun tosaíochtaí polaitiúla an Aontais a bhaint amach, lena náirítear an taistriú glas agus an taistriú digiteach, an athléimneacht agus cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. I gcomhthéacs ganntanas saothair agus scileanna, tá sé tábhachtach infheistíocht a dhéanamh sna daoine atá sa mhargadh saothair cheana féin, agus freisin sna daoine ar imeall an mhargaidh saothair, an acmhainneacht neamhshaothraithe, a thabhairt isteach sa lucht saothair. Agus 20 prionsabal Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta á núsáid mar threoir, dírítear, dá bhrí sin, le cistiú CSE+ ar na cuspóirí seo a leanas ( 163 ):

·cuimsiú sóisialta; cuimsiú gníomhach, rochtain chomhionann ar sheirbhísí ardcháilíochta agus córais cosanta sóisialta a nuachóiriú, imeascadh socheacnamaíoch náisiúnach tríú tír, imeascadh socheacnamaíoch pobal imeallaithe, amhail na Romaigh, imeascadh sóisialta daoine atá i mbaol bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta, agus aghaidh á tabhairt ar an díth ábharach.

·oideachas agus scileanna; córais oideachais agus oiliúna níos fearr ar gach leibhéal, rochtain chomhionann ar oideachas agus ar oiliúint ardcháilíochta, uassciliú, athsciliú agus foghlaim ar feadh an tsaoil do chách.

·fostaíocht: rochtain ar fhostaíocht ardcháilíochta do chách, lena náirítear fostaíocht don óige, institiúidí agus seirbhísí margaidh saothair a nuachóiriú, rannpháirtíocht margaidh saothair atá cothrom ó thaobh inscne de, oibrithe, fiontair agus fiontraithe a oiriúnú don athrú.

I measc na gclár eile ar féidir leo tacú le hoideachas, le hoiliúint agus le forbairt scileanna tá an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’oibrithe iomarcacha, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa ( 164 ), an Ciste um Aistriú Cóir, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, an Clár don chomhshaol agus do ghníomhú ar son na haeráide (LIFE), an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID), an Ciste don Nuachóiriú, an clár EU4health, an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, agus an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta. Le beartais agus le cláir earnála, cuirtear freisin le hiarracht uasscilithe agus athscilithe an Aontais ( 165 ). 

Leis na scéimeanna dá dtagraítear thuas, tacaítear freisin le bearta gníomhachtúcháin agus le bearta a bhaineann le feabhsú dálaí oibre. Mar shampla, soláthraíonn CSE+ tacaíocht chriticiúil chun bacainní ar fhostaíocht a bhaint, lena n‑áirítear oideachas agus cúram luath-óige atá inrochtana, inacmhainne agus d’ardcháilíocht a chur chun cinn lena gcuirtear chun feidhme Straitéis Cúraim na hEorpa agus Treoir an Aontais maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil. Le cláir náisiúnta CSE+, tugtar aghaidh ar an mbearna fostaíochta idir na hinscní agus cuimsítear leo fostaíocht don óige mar thosaíocht. Ba cheart do na Ballstáit sin ina bhfuil rátaí os cionn an mheáin de dhaoine óga nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna 12,5 % ar a laghad dá n‑acmhainní CSE+ a infheistiú i ngníomhaíochtaí spriocdhírithe chun tacú le daoine óga. Tugann infheistíochtaí CSE+ deiseanna fostaíochta méadaithe do dhaoine óga, do dhaoine scothaosta, do dhaoine a mbaineann cúlra imirceach leo, agus do dhaoine a bhfuil gnóthachtáil oideachais níos ísle acu chun dul i ngleic le ganntanais lucht saothair.

Le blianta beaga anuas, tá tacaíocht shubstaintiúil airgeadais curtha ar fáil freisin chun poist agus scileanna a chothú don aistriú glas faoi ionstraimí cistiúcháin éagsúla an Aontais, amhail Ciste Sóisialta na hEorpa+ (tá EUR 9.6 billiún cláraithe san iomlán, lena n‑áirítear ranníocaíocht ón Aontas dar luach EUR 5.8 billiún), an Beartas Comhtháthaithe, an Sásra um Aistriú Cóir, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (EUR 1.5 billiún), ach clár REPowerEU freisin.

(1)

()    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh (COM/2023/716) lena réitítear an bealach, má chomhaontaíonn na comhreachtóirí é, do chur chuige straitéiseach i leith folúntais a líonadh sna gairmeacha ina bhfuil ganntanas.

(2) ()    Flais-Eorabharaiméadar FL529 (2023): An Bhliain Eorpach um Scileanna - Ganntanas scileanna, straitéisí earcaíochta agus coinneála i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide. Chun tuilleadh mionsonraí a fháil, féach roinn 2.2.
(3) ()     ‘Tripartite Declaration for a Thriving European Social Dialogue’ [Dearbhú Trípháirteach maidir le hIdirphlé Sóisialta Eorpach Rathúil], a síníodh an 31 Eanáir 2024 ag Val Duchesse .
(4) ()    An Coimisiún Eorpach (2023), Fostaíocht agus Forbairtí Sóisialta san Eoraip, Athbhreithniú Bliantúil 2023.
(5) ()    Daonra an 1 Eanáir de réir aoisghrúpa agus de réir inscne, foinse: Eurostat, demo_pjangroup.
(6) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘An tAthrú déimeagrafach san Eoraip: bosca uirlisí le haghaidh gníomhaíochta’ (COM(2023) 577 final), Straitéis Eorpach um Chúram (COM(2022)440), Tuarascálacha ar thionchar an athraithe dhéimeagrafaigh (SWD(2023)21 agus COM(2020)109).
(7) ()    Is iad na comhpháirtithe sóisialta Eorpacha na heagraíochtaí fostóirí agus ceardchumainn ar leibhéal an Aontais a bhíonn ag gabháil d’idirphlé sóisialta Eorpach, dá bhforáiltear faoi Airteagal 154 agus Airteagal 155 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Leagadh síos le Teachtaireacht ón gCoimisiún in 1993 na critéir nach mór d’eagraíochtaí comhpháirtíochta sóisialta Eorpacha a chomhlíonadh (COM(93) 600 final). Foilsíonn an Coimisiún liosta de na heagraíochtaí comhpháirtíochta sóisialta Eorpacha aitheanta go tráthrialta. Ó mhí Mheán Fómhair 2023, cuimsítear 88 neagraíocht ar an liosta.
(8) ()    Trí línte buiséid sainchirt an idirphlé shóisialta, tacaíonn an Coimisiún le tionscadail comhpháirtithe sóisialta Eorpacha agus náisiúnta trí dhá ghlao oscailte ar thograí maidir le hidirphlé sóisialta agus bearta faisnéise agus oiliúna d’oibrithe a sheoladh gach bliain. Leis na tionscadail, cuirtear ar chumas comhpháirtithe sóisialta acmhainní a fhorbairt agus eolas a roinnt i réimsí a bhaineann le ganntanais saothair agus scileanna.
(9) ()    Cuimsítear iad siúd atá i mbun oideachais le daoine óga neamhghníomhacha freisin.
(10) ()    Tá na réigiúin is forimeallaí san Aontas thíos leis na rátaí is airde dífhostaíochta i measc na hóige san Aontas, agus tá leibhéil anard NEETanna acu.
(11)

()    Cumhdaítear leis sin náisiúnaigh tríú tír agus náisiúnaigh de chuid Bhallstáit an Aontais a raibh náisiúntacht tríú tír acu agus a tháinig chun bheith ina saoránaigh den Aontas, mar aon le saoránaigh den Aontas a bhfuil tuismitheoirí acu a rugadh ar an gcoigríoch. 

(12) ()    An Coimisiún Eorpach (2023), Fostaíocht agus Forbairtí Sóisialta san Eoraip, Athbhreithniú Bliantúil 2023. Níl na huimhreacha sin carnach toisc go bhfuil na trí ghrúpa ag forluí ar a chéile. I gcás na mban agus na ndaoine ar bheagán oiliúna, is é a sciar measartha mór den daonra is cúis leis an acmhainneacht sin, agus i gcás oibrithe scothaosta is é an bhearna mheasartha mór ina rátaí gníomhaíochta i gcomparáid leis na tíortha is fearr feidhmíochta is cúis leis.
(13) () An Coimisiún Eorpach (2023), Ganntanais foirne san earnáil oideachais agus cúraim luath-óige (ECEC), Achoimre bheartais
(14) ()    Léirítear leis an ding chánach an tualach cánach agus ranníocaíochta atá ar fhostóirí agus ar fhostaithe.
(15) ()    An Coimisiún Eorpach (2023), ‘Annual Report on Taxation 2023’ [Tuarascáil Bhliantúil maidir le Cánachas 2023].
(16) ()    Seimeastar Eorpach 2023: Moltaí Tírshonracha / Moltaí ón gCoimisiún, Ard-Stiúrthóireacht um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, an 24 Bealtaine 2023.
(17) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Aontas an Chomhionannais: An Straitéis um Chomhionannas Inscne 20202025 COM/2020/152 final, atá mar chuid de straitéisí Aontas an Chomhionannais .
(18) ()    Moladh ón gComhairle an 30 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Nasc leis an bhFostaíocht — An Ráthaíocht don Aos Óg a Threisiú agus lena nionadaítear Moladh ón gComhairle an 22 Aibreán 2013 maidir le Ráthaíocht don Aos Óg a bhunú] (2020/C 372/01) (IO C 372, 4.11. 2020, lgh. 1–9).
(19) ()    Féach: ALMA: tionscnamh um chuimsiú gníomhach do dhaoine óga — Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú — An Coimisiún Eorpach (europa.eu) .
(20) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hAontas an Chomhionannais: Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 20212030, COM/2021/101.
(21) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Plean Gníomhaíochta um Imeascadh agus Cuimsiú 20212027, COM/2020/758.
(22) ()    Is ionstraim é an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil atá fós ar fáil arna iarraidh sin do na Ballstáit. Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (IO L 57, 18.2.2021, lgh. 1–16).
(23) ()    Déanann Tionscadail Dífhostaíochta Fadtéarmaí Nialasaí an dífhostaíocht fhadtéarmach a chomhrac trí straitéisí spriocdhírithe a chur chun feidhme lena náirítear cruthú post, ráthaíocht poist agus líonraí tacaíochta pobail chun deiseanna fostaíochta inbhuanaithe a áirithiú do gach duine, go háirithe daoine scothaosta, laistigh den phobal nó den réigiún spriocdhírithe.
(24)

()    Moladh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 maidir le hOideachas agus Cúram na Luath-Óige: spriocanna Barcelona le haghaidh 2030 (2022/C 484/01). Féach freisin an Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2019 maidir le Córais Ardcháilíochta Oideachais agus Cúraim Luath-Óige (2019/C 189/02).

(25) () Teachtaireacht maidir le hAontas an Chomhionannais: Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 20212030 (COM/2021/101).
(26) () Moladh ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 maidir le hioncam íosta leormhaith lena náirithítear cuimsiú gníomhach (2023/C 41/01).
(27) () Moladh ón gComhairle an 12 Márta 2021 maidir le Comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach (2021/C 93/01).
(28) ()    Cónaidhm Eorpach na dTionscal Adhmaid (CEI-Bois), Óstáin, Bialanna agus Caiféanna san Eoraip (HOTREC), Coiste Eorpach na gCeardchumainn um Oideachas (ETUCE), Cónaidhm Eorpach na bhFostóirí Oideachais (EFEE).
(29) ()    SMEunited.
(30) ()    An Chónaidhm Dhomhanda Fostaíochta-Eoraip (WEC).
(31) ()    Grúpa Fostóirí Eorpacha Thionscal na gCeimicéan (ECEG).
(32) ()    HOTREC.
(33) ()    SMEunited.
(34) () Cónaidhm Eorpach na Seirbhísí Slándála (CoESS) agus Líonra Idirnáisiúnta na gCeardchumann (UNI) Europa, mar a luaitear ina Ráiteas Comhpháirteach, maidir le hÉagsúlacht, Comhionannas, Cuimsiú agus Neamh-Idirdhealú.
(35) ()    Comhphobal na gCuideachtaí Eorpacha Iarnród agus Bonneagar (CER) agus Cónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa (ETF).
(36) ()    Suirbhé Eorpach ar Chuideachtaí 2019 de chuid Eurofound.
(37) ()    Flais-Eorabharaiméadar FL529 (2023): An Bhliain Eorpach um Scileanna - Ganntanais scileanna, straitéisí earcaíochta agus coinneála i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide.
(38) ()    Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar dhul chun cinn maidir le hiomaíochas teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain (COM/2023/652 final).
(39) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Plean REPowerEU (COM(2022) 230 final).
(40) ()    Tionchair bheartais an gheilleagair chiorclaigh ar an margadh saothair — Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh.
(41) ()    Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar dhul chun cinn maidir le hiomaíochas teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain (COM/2023/652 final).
(42) ()    Cuirtear infheistíocht sna scileanna sin chun cinn leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Gníomh um an Intleacht Shaorga, le Clár Beartais 2030 don Deacáid Digiteach, leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an mbearna thallainne chibearshlándála a dhúnadh chun borradh a chur faoi iomaíochas, fás agus athléimneacht an Aontais, leis an Moladh ón gComhairle maidir le feabhas a chur ar sholáthar scileanna agus inniúlachtaí digiteacha san oideachas agus san oiliúint, leis an gclár don Eoraip Dhigiteach, leis an bpacáiste nuálaíochta intleachta saorga agus le roinnt tionscadal de chuid na nIonad Barr Feabhais Gairme.
(43)

() Suirbhé AE ar úsáid TFC agus ríomhthráchtáil i bhfiontair.

(44) ()    An Coimisiún Eorpach (2023), Fostaíocht agus Forbairtí Sóisialta san Eoraip, Athbhreithniú Bliantúil 2023.
(45) ()    Teachtaireacht Chomhpháirteach ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Straitéis Thionsclaíoch um an gCosaint Eorpach (JOIN(2024) 10 final).
(46) ()    De réir na sonraí is déanaí maidir le PISA, chuaigh an sciar daoine óga (15 bliana d’aois) a bhfuil leibhéal aníseal de na bunscileanna sin acu sa mhatamaitic ó 22,9 % in 2018 go 29,5 % in 2022 (https://www.oecd.org/publication/pisa-2022-results/).
(47) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis ‘an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025’ (COM(2020) 625 final) agus Rún ón gComhairle an 26 Feabhra 2021 maidir le Creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus níos faide anonn (20212030), 2021/C 66/01.
(48) ()    An Coimisiún Eorpach, an Ard-Stiúrthóireacht um Oideachas, an Óige, Spórt agus Cultúr, Líonra Eorpach na Saineolaithe um Eacnamaíocht an Oideachais, Algan, Y., Brunello, G., Goreichy, E., Hristova, A., (2021), Borradh a chur faoin athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch san Eoraip trí infheistíocht a dhéanamh san oideachas. Tuarascáil Anailíseach EENEE Uimh. 42, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg.
(49) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún, Plean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (COM(2021) 102).
(50) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún an 1 Iúil 2020, Clár Oibre Eorpach um Scileanna le haghaidh an iomaíochais inbhuanaithe, na cothroime sóisialta agus na hathléimneachta (COM(2020)0274).
(51) ()    Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cuntais foghlama aonair (2022/C 243/03).
(52) ()    Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus don infhostaitheacht (2022/C 243/02).
(53) ()    Moladh ón gComhairle an 19 Nollaig 2016 maidir le Conairí Uas-scilithe: Deiseanna Nua do Dhaoine Fásta (2016/C 484/01).
(54) ()    Moladh ón gComhairle an 24 Samhain 2020 maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint (VET) le haghaidh an iomaíochais inbhuanaithe, na cothroime sóisialta agus na hathléimneachta (2020/C 417/01).
(55) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún, Leas a bhaint as an tallann i réigiúin na hEorpa (COM/2023/32 final).
(56) ()    Sheol an Coimisiún Eorpach an Chomhghuaillíocht Eorpach Ceallraí (EBA) i mí Dheireadh Fómhair 2017 agus é d’aidhm aige go mbeadh an tAontas ina cheannaire domhanda maidir le teicneolaíocht ceallraí inbhuanaithe. Cuimsítear 700 comhalta tionsclaíoch sa chomhghuaillíocht, arna comhordú ag an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT). Cruthaíodh Acadamh na Comhghuaillíochta Eorpaí Ceallraí faoi chreat na Comhghuaillíochta Eorpaí Ceallraí chun aghaidh a thabhairt ar na ganntanais scileanna i slabhra luacha ceallraí na hEorpa agus táthar ag súil go gcuirfear oiliúint ar 800 000 oibrí faoi 2025. Déanfaidh an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht Acadamh Fótavoltach Gréine na hEorpa a bhainistiú freisin, a sheolfar in 2024. Déanann Campas na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht punann na dtionscnamh oideachais agus oiliúna a chomhdhlúthú in ionad ilfhreastail, lena gcuirtear conairí solúbtha foghlama ar fáil le haghaidh uas-sciliú d’fhoghlaimeoirí agus do chuideachtaí.
(57)

()    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta teicneolaíochta glannialasachta na hEorpa a neartú (an Gníomh um an Tionscal GlanNialasachta) (COM/2023/161 final)

(58) ()    Eurostat Staidreamh ar fholúntais,  an  Mol Intleachta Gréasáin agus skills OVATE .
(59) ()    Sa chomhthéacs sin, iarrtar ar na Ballstáit comhshocruithe agraibhia náisiúnta nó réigiúnacha maidir le scileanna a sheoladh chun cur chun feidhme na straitéise uas-scilithe agus athscilithe ar leibhéal an Aontais, arna forbairt ag an gcomhpháirtíocht mhórscála, a chur chun cinn, chun gur fearr is féidir díriú ar uirlisí agus iad a chur in oiriúint do shainiúlachtaí áitiúla na hearnála talmhaíochta.
(60) ()    Is iad líonraí comhpháirtithe a bhunaíonn na hIonaid Barr Feabhais Gairme (CoVEanna), líonraí a fhorbraíonn ‘éiceachórais scileanna’ áitiúla chun scileanna gairmiúla ardcháilíochta a sholáthar do dhaoine óga agus do dhaoine fásta, agus chun rannchuidiú le forbairt réigiúnach, le nuálaíocht, le braislí tionsclaíocha, le straitéisí um speisialtóireacht chliste agus le cuimsiú sóisialta.
(61) ()    Le Dearbhú Chóbanhávan 2002, seoladh an straitéis Eorpach le haghaidh comhar feabhsaithe sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint, ar a dtugtar ‘Próiseas Chóbanhávan’ go hiondúil. Le Próiseas Chóbanhávan, soláthraítear ardán trípháirteach chun beartas gairmoideachais agus gairmoiliúna an Aontais a threisiú, a chomhlánú agus a oibríochtú trí shraith dearbhuithe. Rachaidh an ceann atá ann faoi láthair, Dearbhú Osnabrück, in éag ag deireadh 2025.
(62) ()    Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle: Meastóireacht ar an Moladh ón gComhairle an 19 Nollaig 2016 maidir le Conairí Uas-scilithe: Deiseanna nua do dhaoine fásta, (COM(2023) 439).
(63) ()    Mar shampla, i gcomhthéacs na Saotharlainne Foghlama.
(64) ()    Ionadaíocht Trádála Miondíola, Mhórdhíola agus Idirnáisiúnta chuig an Aontas (EuroCommerce), Comhairle Fostóirí Eorpacha na dTionscal Miotail, Innealtóireachta agus Teicneolaíochta (CEEMET).
(65) ()    HOTREC.
(66) ()    ECEG.
(67) ()    HOTREC.
(68) ()    SMEunited, CEI-Bois.
(69) ()    CoESS.
(70) ()    HOTREC, SMEunited.
(71) ()    SGI Europe, ECEG, an tAontas Eorpach Báirsí agus an Eagraíocht Eorpach Scipéirí, an Fhondúireacht Eorpach Scileanna (ETF) in Uiscebhealaí Muirí agus Intíre.
(72) ()    Tionscadal a chuimsítear sa Chomhshocrú um Scileanna. Gealltanas comhpháirteach ó Chónaidhm Fhostóirí Sóisialta na hEorpa (FESE) agus ó Aontas Eorpach na Seirbhísí Poiblí (EPSU).
(73) ()    UNI-Europa agus WEC.
(74) ()    HOTREC agus Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann Turasóireachta, Bia agus Talmhaíochta (EFFAT).
(75) ()    ECEG, gealltanas comhpháirteach FESE agus EPSU.
(76) ()    Is cineál strus síceasóisialta é strus poist a tharlaíonn san áit oibre, nuair a bhíonn níos mó éilimh ar oibrithe ná mar atá acmhainní acu (féach Innéacs strus poist ECFE).
(77) ()    An Coimisiún Eorpach (2023), Athbhreithniú Bliantúil 2023 ar Fhostaíocht agus ar Fhorbairtí Sóisialta san Eoraip agus Suirbhé 2021 Eurofound ar Dhálaí Oibre san Eoraip. Tuairiscíonn níos mó ná 40 % de ghlantóirí, de chócairí agus de chúramóirí, agus os cionn 30 % d’oibrithe tógála agus de thiománaithe go bhfuil deacrachtaí móra acu a sáith a shaothrú. Tuairiscíonn beagnach leath na noibrithe sa chúram sláinte, sa chúram cónaithe agus san iompar leibhéil arda strus poist.
(78) ()     Suirbhé 2021 Eurofound ar Dhálaí Oibre san Eoraip
(79) ()     Suirbhé 2021 Eurofound ar Dhálaí Oibre san Eoraip
(80)

()    An Coimisiún Eorpach (2023): Forbairtí Fostaíochta agus Sóisialta san Eoraip, Athbhreithniú Bliantúil 2023.

(81)

()    An Coimisiún Eorpach (2023): Forbairtí Fostaíochta agus Sóisialta san Eoraip, Athbhreithniú Bliantúil 2023.

(82)

()    Straitéis cúraim na hEorpa (COM(2022)440).

(83) ()    Todhchaí na talmhaíochta san Eoraip agus a Thionchar ar Shábháilteacht agus Sláinte Cheirde (OSH)], tuarascáil ón nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair, 2021.
(84)

()    Todhchaí na talmhaíochta san Eoraip agus a Tionchar ar Shábháilteacht agus Sláinte Cheirde (OSH)], tuarascáil ón nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair, 2021.

(85) ()    Fostaíocht Dhomhanda agus Ionchas Sóisialta 2023 na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le luach na hoibre fíor-riachtanaí.
(86) ()    An Coimisiún Eorpach (2023): Forbairtí Fostaíochta agus Sóisialta san Eoraip, Athbhreithniú Bliantúil 2023.
(87) ()    Treoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pá íosta leormhaith san Aontas Eorpach.
(88) ()    Treoir (AE) 2019/1152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach.
(89) ()    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Márta 2022 maidir le creat straitéiseach nua de chuid an Aontais maidir leis an tsláinte agus an tsábháilteacht ag an obair tar éis 2020 (lena náirítear oibrithe a chosaint, ar bhealach níos fearr, ar nochtadh do shubstaintí díobhálacha, ar strus ag an obair agus ar ghortuithe athghluaisne) (2021/2165(INI) ).
(90) ()    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Eanáir 2021 lena gcuimsítear moltaí don Choimisiún maidir leis an gceart chun dícheangail (2019/2181(INL)).
(91) ()    Treoir (AE) 2022/431 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2022 lena leasaítear Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair (IO L 88, 16.3.2022, lgh. 1–14).
(92) ()    Mar obair leantach ar an ngealltanas a tugadh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le ‘Dálaí Oibre níos fearr ar son Eoraip shóisialta níos láidre: leas iomlán a bhaint as an digitiú ar mhaithe le todhchaí na hoibre’ (COM(2021) 761 final).
(93) ()    Teachtaireacht 2023 maidir le Cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte.
(94) ()    Treoir 2009/148/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le hoibrithe a chosaint ar rioscaí a bhaineann le nochtadh don aispeist ag an láthair oibre (IO L 330, 16.12.2009, lgh. 28–36).
(95) ()    Treoir 98/24/CE ón gComhairle an 7 Aibreán 1998 maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le hoibreáin cheimiceacha ag an láthair oibre (IO L 131, 5.5.1998, lgh. 11–23).
(96) ()    Cónaidhm na Seirbhísí Slándála Eorpacha (CoESS), EPSU, ETF, Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann (CEC), ETUCE, Cónaidhm Eorpach na bhFostóirí Oideachais (EFEE), Cónaidhm na Malartán Urrús Eorpach (FESE), agus IndustriAll Europe.
(97) ()    EPSU agus Cumann Fostóirí Ospidéal agus Cúram Sláinte na hEorpa (HOSPEEM).
(98) ()    ETUCE agus EFEE.
(99) ()    Tá sé d’aidhm ag IWorCon feabhas a chur ar na dálaí oibre in earnáil na seirbhísí sóisialta chun a tarraingteacht a threisiú.
(100) ()    FESE agus EPSU.
(101) ()    An tAontas Idirnáisiúnta um Iompar de Bhóthar (IRU) agus ETF.
(102) ()    IRU.
(103) ()    Daonra an 1 Eanáir 2022. Foinse: Eurostat, staidreamh daonra agus imirce.
(104) ()    Foinse: Eurostat, suirbhé ar an bhfórsa saothair. Thairis sin, bhí 1.7 milliún oibrí trasteorann agus 3.6 milliún oibrí ar postú san Aontas in 2021 (‘Annual Report on Intra-EU Labour Mobility 2022’) [Tuarascáil Bhliantúil 2022 maidir le Soghluaisteacht Oibrithe laistigh den Aontas]).
(105) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2023 maidir le ‘Digitiú i gcomhordú na slándála sóisialta: an tSaorghluaiseacht sa Mhargadh Aonair a éascú’, COM(2023)) 501.
(106) ()    Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint (IO L 255, 30.9.2005, lgh. 22–142).
(107) ()    Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis an togra le haghaidh Moladh ón gComhairle ‘An Eoraip ag gluaiseacht — deiseanna soghluaisteachta foghlama do chách, (SWD(2023) 719).
(108) ()    Mar a léirítear i dTuarascáil 2023 maidir le cur chun feidhme Mholadh 2018 ón gComhairle maidir le huathaitheantas, tá gá le hiarracht bhreise chun cáilíochtaí agus tréimhsí foghlama ar an gcoigríoch a uathaithint ar leibhéal an ardoideachais agus ar leibhéal an mheánoideachais araon.
(109) ()    Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle an 17 Samhain 2023 maidir leis ‘An Eoraip ag gluaiseacht — deiseanna foghlama do chách’ (COM(2023) 719 final).
(110) ()     Mar a fógraíodh i gClár Oibre 2024 an Choimisiúin, tá sé ar fáil ar líne .
(111) ()    An treoraíocht a bhí ann roimhe seo i nDoiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le moltaí athchóirithe le haghaidh rialáil i seirbhísí gairmiúla a thabhairt cothrom le dáta, COM/2021/385 final.
(112) ()    Sraith Straitéisí an Chomhaontais Eorpaigh do Phrintíseachtaí le haghaidh soghluaisteacht printíseach.
(113) ()    Glao Erasmus+ ar thástáil beartais maidir le struchtúir agus líonraí tacaíochta le haghaidh soghluaisteacht printíseach.
(114) ()    BusinessEurope.
(115) ()    SMEunited.
(116) ()    Eurocadres.
(117) ()    Cónaidhm Eorpach na Seirbhísí Slándála
(118) ()    HOTREC.
(119) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Samhain 2023 maidir le Soghluaisteacht Scileanna agus Tallainne(COM(2023) 715 final).
(120) () Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh (COM/2023/716).
(121) ()    Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le nós imeachta um iarratas aonair le haghaidh cead aonair do náisiúnaigh tríú tír chun cónaí agus obair a dhéanamh ar chríoch Ballstáit agus maidir le tacar coiteann de chearta d’oibrithe tríú tír a chónaíonn go dleathach i mBallstát (athmhúnlú) COM/2022/655 final.
(122)

() Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún Scileanna agus tallann a mhealladh chuig an Aontas Eorpach COM/2022/657.

(123) ()    Is sampla é an tionscnamh ón gCoimisiún ‘I dtreo cur chuige iomlánaíoch i leith imirce lucht saothair agus soghluaisteacht san Afraic Thuaidh’ (THAMM) de chlár lena dtacaítear le Comhpháirtíochtaí Tallainne a bhunú, trí rialachas imirce lucht saothair sa réigiún a neartú agus trí scéimeanna soghluaisteachta a chur ar bun ó Mharacó, ón Túinéis agus ón Éigipt go dtí an Eoraip.
(124) ()    Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta maidir leis an ‘Global Gateway’, JOIN(2021) 30.
(125) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Samhain 2023 maidir le Soghluaisteacht Scileanna agus Tallainne, COM(2023) 715.
(126) ()     Moladh ón gCoimisiún an 15 Samhain 2023 maidir le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí náisiúnach tríú tír (COM(2023)7700).
(127) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Plean Gníomhaíochta um Imeascadh agus Cuimsiú 20212027 COM/2020/758 final.
(128) ()    Treoir (AE) 2021/1883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe do náisiúnaigh tríú tír chun críche fostaíochta dár gá ardcháilíochtaí, agus lena naisghairtear Treoir 2009/50/CE ón gComhairle (IO L 382, 28.10.2021, lgh. 1–38).
(129) ()    Treoir 2009/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 lena ndeántar foráil maidir le híoschaighdeáin le haghaidh smachtbhannaí agus bearta in aghaidh fostóirí náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach (IO L 168, 30.6.2009, lgh. 24–32).
(130) ()     BusinessEurope, ECEG, HOTREC, agus SMEunited.
(131)

() Cónaidhm Cheardchumainn Neamhspleácha na hEorpa (CESI), CEC agus IndustriAll.

(132) ()     IRU.
(133) ()    Treoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena naisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle.
(134) ()    Moladh ón gComhairle an 30 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Nasc leis an bhFostaíocht — An Ráthaíocht don Aos Óg a Threisiú agus lena nionadaítear Moladh ón gComhairle an 22 Aibreán 2013 maidir le Ráthaíocht don Aos Óg a bhunú (2020/C 372/01).
(135) ()    Moladh ón gComhairle an 15 Feabhra 2016 maidir le daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach a imeascadh sa mhargadh saothair IO C 67.
(136) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an straitéis Eorpach um chúraim, COM(2022) 440 final.
(137) ()    Moladh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 maidir le hOideachas agus Cúram na Luath-Óige: spriocanna Barcelona do 2030 (2022/C 484/01).
(138) ()    Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2019 maidir le Córais Ardcháilíochta Oideachais agus Cúraim Luath-Óige (2019/C 189/02).
(139) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hAontas an Chomhionannais: Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 20212030, COM/2021/101.
(140) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hAthrú Déimeagrafach san Eoraip: bosca uirlisí le haghaidh gníomhaíochta, COM/2023/577.
(141) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le ‘Geilleagar a thógáil a oibríonn do dhaoine: plean gníomhaíochta don gheilleagar sóisialta’ COM(2021)778.
(142) () Moladh ón gComhairle an 27 Samhain 2023 maidir le creatdálaí geilleagair shóisialta a fhorbairt (C/2023/1344).
(143)

()    Cuimsítear leo sin an Straitéis um Chomhionannas Inscne 20202025; an Straitéis um Chomhionannas LGBTIQ 20202025; Roma Strategic Framework [Creat Straitéiseach an Aontais maidir leis na Romaigh] 20202030; Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh in aghaidh an Chiníochais 20202025, an Straitéis maidir le cearta daoine faoi mhíchumas 20212030.

(144)

()    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Aontas an Chomhionannais: Straitéis um Chomhionannas Inscne 2020-2025 COM/2020/152.

(145)

()    Treoir (AE) 2023/970 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú trí shásraí trédhearcachta pá agus forfheidhmithe.

(146)

()    Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2019 maidir le Córais Ardcháilíochta Oideachais agus Cúraim Luath-Óige, ST/9014/2019/INIT.

(147)

()    Treoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena naisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle. 

(148)

() Moladh ón gComhairle an 12 Márta 2021 maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach 2021/C 93/01 ST/6070/2021/INIT.

(149) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le tús áite a thabhairt do dhaoine, fás inbhuanaithe cuimsitheach a bhaint amach, leas a bhaint as acmhainneacht na réigiún is forimeallaí san Aontas COM (2022) 198 final.
(150) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún an 1 Iúil 2020, Clár Oibre Eorpach um Scileanna le haghaidh an iomaíochais inbhuanaithe, na cothroime sóisialta agus na hathléimneachta (COM(2020)0274).
(151) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Leas a bhaint as an tallann i réigiúin na hEorpa COM(2023) 32 final.
(152) ()    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta teicneolaíochta glannialasachta na hEorpa a neartú (an Gníomh um an Tionscal GlanNialasachta) COM(2023) 161.
(153) ()    Treoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pá íosta leormhaith san Aontas Eorpach.
(154) ()    Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre san obair ardáin (COM/2021/762).
(155)

() Treoir (AE) 2019/1152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach.

(156) ()    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Márta 2022 maidir le creat straitéiseach nua de chuid an Aontais maidir leis an tsláinte agus an tsábháilteacht ag an obair i ndiaidh 2020 (lena náirítear oibrithe a chosaint, ar bhealach níos fearr, ar nochtadh do shubstaintí díobhálacha, ar strus ag an obair agus ar ghortuithe athghluaisne) ( 2021/2165(INI) ).
(157) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an straitéis Eorpach um chúram SWD(2022) 440.
(158) ()    Moladh ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe (2019/C 387/01).
(159)

() EUR-Lex - 32024H0236 - EN - EUR-Lex (europa.eu).

(160) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte COM/2023/298.
(161)

()    Tuilleadh eolais ar https://commission.europa.eu/strategy-and-policy/eu-budget/performance-and-reporting/programme-performance-statements/european‑social-fund-performance_en .

(162)

()    Áirítear ar na bearta, inter alia, cruthú áiteanna staidéir breise san ardoideachas i réimsí staidéir ina bhfuil éileamh ard ar an margadh saothair, athbhreithniú ar churaclaim sa scoil agus san ardoideachas, tacaíocht don ghairmoideachas agus don ghairmoiliúint, mar aon le bearta foghlama aosach chun an taistriú glas agus an taistriú digiteach a éascú.

(163)

() Tuilleadh sonraí faoi chistí comhtháthaithe: https://cohesiondata.ec.europa.eu/cohesion_overview/21-27.

(164)

() Le linn na tréimhse 2021-2027, soláthraítear le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) tuairim is 8.4 billiún euro chun tacú le forbairt scileanna, le hoideachas agus le hoiliúint d’fhonn infhostaitheacht agus inniúlachtaí a fheabhsú chun aghaidh níos fearr a thabhairt ar riachtanais mhargaidh saothair, go háirithe riachtanais a bhaineann le straitéisí um speisialtóireacht chliste, leis an aistriú tionsclaíoch agus leis an bhfiontraíocht.

(165) ()    San earnáil talmhaíochta, mar shampla, caithfear thart ar EUR 2 bhilliún faoi CBT 2023-2027 chun feirmeoirí, foraoiseoirí agus comhairleoirí feirme a uas-sciliú agus a athsciliú trí thacaíocht thiomnaithe a thabhairt do mhalartú eolais, do chomhairle agus d’oiliúint.