AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,12.3.2024
COM(2024) 130 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
ar dhul chun cinn maidir le hAirteagal 6 de Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta (Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE) a chur chun feidhme
Riosca tubaistí san Eoraip a chosc agus a bhainistiú
1.RÉAMHRÁ
Is i dtírdhreach nua um bainistiú riosca tubaistí a mhairimid inniu. Le blianta beaga anuas, tá an teocht is airde dá bhfacthas riamh ann ar fud an domhain agus is iomaí teagmhas tubaisteach uafásach a tharla. Bhí mór‑roinn na hEorpa agus a comharsanacht thíos le tonnta teasa tubaisteacha, falscaithe, triomaigh agus tuilte. Agus an t‑athrú aeráide ag tarlú ar luas nach raibh coinne leis, is dócha go dtiocfaidh méadú ar theagmhais adhaimsire agus ar bhagairtí ar shaolta agus ar shlite beatha amach anseo. Ina theannta sin, tá rioscaí méadaitheacha i ndán do shochaí Eorpacha de bharr cúrsaí slándála domhanda atá ag dul in olcas agus de bharr bagairtí agus turraingí eile a bheith ag teacht le chéile, lena n‑áirítear bagairtí sláinte agus hibrideacha, creathanna talún, agus cur isteach ar bhonneagar criticiúil.
Leagtar amach le hAirteagal 196 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (AE) nach mór don Aontas comhar a spreagadh idir na Ballstáit chun feabhas a chur ar éifeachtacht na gcóras chun tubaistí nádúrtha nó de dhéanamh an duine a chosc agus cosaint orthu. Ar an gcaoi sin, le gníomhaíocht ón Aontas is amhlaidh a thacófar le gníomhaíochtaí ar an leibhéal náisiúnta maidir le cosc, ullmhacht agus freagairt agus a chomhlánófar na gníomhaíochtaí sin. In 2001, bhunaigh an tAontas sásra Comhphobail um chosaint shibhialta, ag díriú ar chomhar idir Ballstáit an Aontais maidir le freagairt do thubaistí. Ó shin i leith, tá tacaíocht fhrithpháirteach á comhordú ag an gCoimisiún Eorpach idir na Ballstáit. In 2013, glacadh an Cinneadh maidir le Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta (UCPM) chun an obair sin a chomhdhlúthú agus dlús a chur le hullmhacht éigeandála ar gach leibhéal. Nuair a chuireann géarchéim, d’aon sórt, isteach ar chumas aon tíre amháin, cuireann an Sásra seo an chnámh droma oibríochtúil ar fáil do fhreagairt chomhchoiteann na hEorpa laistigh den Aontas (lena n‑áirítear na réigiúin is forimeallaí), agus lasmuigh den Aontas araon. D’éascaigh an Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha 24/7 (ERCC) oibríochtaí práinnfhreagartha móra agus an‑difriúil (e.g. falscaithe, tuilte, paindéimí, easáitiú daonra), agus é sin go comhuaineach uaireanta.
Mar a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún ‘Bainistiú rioscaí aeráide — daoine agus an rathúnas a chosaint’, leanfaidh rioscaí aeráide de bheith ag méadú sna blianta amach romhainn, tá an mheánteocht dhomhanda gar do 1.5 céim ceinteagrád os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch cheana féin agus tá an Eoraip ag téamh dhá oiread an ráta dhomhanda. Tá sé níos práinní ná riamh an timthriall iomlán maidir le bainistiú rioscaí tubaiste a neartú a thuilleadh — idir mheasúnú riosca agus réamhghníomhaíochtaí, trí chosc agus ullmhacht, go freagairt agus téarnamh.
Tá méadú as cuimse tagtha ar an éileamh ar chúnamh faoi UCPM le linn na 10 mbliana seo a chuaigh thart.
Fíor 1. An líon iarrataí ar chúnamh (RFA) chuig UCPM ag Ballstáit an Aontais agus Stáit Rannpháirteacha nuair a bhí acmhainneachtaí freagartha náisiúnta i gcruachás. *In 2022, chuir an Úcráin 126 iarraidh ar chúnamh isteach mar aon le 50 iarraidh eile in 2023 chuig ERCC, tar éis di UCPM a ghníomhachtú go gairid roimh thús ionradh na Rúise. Foinse: ERCC, Eanáir 2024.
Le fiche bliain anuas tá an Sásra seo ag tacú agus ag cur le hobair na mBallstát maidir le tubaistí a chosc agus maidir le hullmhacht do thubaistí freisin. I bhfianaise na rioscaí agus na ndúshlán maidir le bainistiú tubaiste atá ag dul i méid, tá sé ríthábhachtach bainistiú riosca tubaistí atá éifeachtach agus comhleanúnach a chur i bhfeidhm, agus béim chuí á cur ar chosc, mar a leagtar amach in Airteagal 6 de Chinneadh UCPM. Leis an Airteagal seo tugtar isteach creat ginearálta maidir le tubaistí a chosc agus é d’aidhm aige leibhéal níos airde cosanta agus athléimneachta a bhaint amach in aghaidh tubaistí agus cultúr coisc a chothú a chuirfidh san áireamh freisin na tionchair is dócha a bheidh ag an athrú aeráide.
Faoi Airteagal 5(1)(g) de chinneadh UCPM, ní mór don Choimisiún tuairisciú go tréimhsiúil ar dhul chun cinn maidir le hAirteagal 6 a chur chun feidhme. Leis an gcéad tuarascáil seo chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle cuirtear i láthair an dul chun cinn atá déanta maidir le hAirteagal 6 a chur chun feidhme agus áirítear léi moltaí maidir le bainistiú riosca tubaistí a bheidh slán i bhfad na haimsire. Le doiciméad inmheánach oibre tacaíochta soláthraítear faisnéis níos mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Airteagal 6 agus maidir le hanailís ón gCoimisiún ar thuarascálacha achoimre ar bhainistiú riosca tubaistí arna soláthar ag na Ballstáit agus ag Stáit Rannpháirteacha idir deireadh 2020 agus Meán Fómhair 2022.
2.GNÍOMHAÍOCHTAÍ ARNA nDÉANAMH CHUN AIRTEAGAL 6 A CHUR CHUN FEIDHME
Le hAirteagal 6 dírítear ar bhainistiú riosca, agus é de chuspóir foriomlán aige cur chuige éifeachtach agus comhleanúnach a chur chun cinn maidir le tubaistí a chosc agus ullmhacht ina leith. Rinneadh athbhreithniú air faoi dhó ó bhí 2013 ann. Leis an roinn seo soláthraítear forbhreathnú ar fhorálacha an Airteagail agus ar na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún, na Ballstáit agus na Stáit Rannpháirteacha chun é a chur chun feidhme. Cuirtear moltaí ar aghaidh léi freisin maidir le gníomhaíocht amach anseo.
Cleachtais bainistithe riosca atá éifeachtach agus comhleanúnach a fhorbairt a thuilleadh ar an leibhéal náisiúnta (Airteagal 6(1)(a-d), 6(3))
Le hAirteagal 6(1)(a-d) sonraítear nach mór do na Ballstáit agus na Stáit Rannpháirteacha measúnuithe riosca agus measúnuithe ar chumas bainistithe riosca a fhorbairt ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal fonáisiúnta iomchuí. Ceanglaítear ar thíortha achoimre ar eilimintí ábhartha na measúnuithe sin a chur ar fáil don Choimisiún gach 3 bliana. Ceanglaítear ar thíortha leis freisin pleanáil náisiúnta maidir le bainistiú riosca tubaistí a fhorbairt a thuilleadh.
Roinn na tíortha tuarascálacha ar mheasúnuithe náisiúnta riosca leis an gCoimisiún le haghaidh thréimhsí tuairiscithe 2015 agus 2018. Chuir siad tuarascálacha náisiúnta ar mheasúnú ar chumas bainistithe riosca faoi bhráid an Choimisiúin in 2017 freisin. Cuireadh torthaí na dtuarascálacha arna gcur isteach in 2015 agus 2018 i láthair sa 2ú tuarascáil agus sa 3ú tuarascáil dar teideal ‘Overview of natural and man-made disaster risks the EU may face’ [Forbhreathnú ar na rioscaí a bhaineann le tubaistí nádúrtha agus de dhéanamh an duine a fhéadfaidh a bheith os comhair an Aontais].
Faoi Airteagal 6(3), ceanglaíodh ar an gCoimisiún, i dteannta leis na Ballstáit agus na Stáit Rannpháirteacha, treoirlínte a fhorbairt chun cur isteach a éascú le haghaidh na dtuarascálacha achoimre ar mheasúnú riosca agus measúnú ar chumas bainistithe riosca. Le hAirteagal 6(1)(d) ceanglaítear ar thíortha freisin tuarascálacha a chur isteach maidir le rioscaí trasteorann agus rioscaí ísealdóchúlachta lena ngabhann ardtionchair.
D’fhorbair an Coimisiún i dteannta leis na tíortha Treoirlínte Tuairiscithe maidir le Bainistiú Riosca Tubaistí. Foilsíodh na treoirlínte in 2019. Chuir 32 de na 33 thír tuarascálacha isteach don chéad sprioc‑am tuairiscithe faoi na treoirlínte sin (deireadh 2020). Leagtar amach torthaí na dtuarascálacha sin i roinn 3.
Athbhreithnithe piaraí – cumas náisiúnta bainistithe riosca a neartú (Airteagal 6(1)(e))
Is uirlis é an creat um athbhreithniú piaraí chun foghlaim fhrithpháirteach a fheabhsú idir tíortha chun cumas coiscthe agus ullmhachta a fhorbairt. Is deonach iad na hathbhreithnithe piaraí agus rannpháirtíonn siad saineolaithe náisiúnta ar fud na mBallstát agus na Stát Rannpháirteach a dhéanann athbhreithniú cúramach ar chleachtais náisiúnta na tíre ar a bhfuiltear ag déanamh an athbhreithnithe piaraí.
Roghnaigh 16 thír go ndéanfaí athbhreithniú piaraí orthu, lena n‑áirítear 8 mBallstát reatha den Aontas, 3 Stát Rannpháirteacha, agus roinnt tríú tíortha. Thug an Coimisiún creat neartaithe agus níos solúbtha um athbhreithniú piaraí isteach in 2020. Dhréachtaigh an Coimisiún creat um athbhreithniú piaraí a bhí spriocdhírithe ar mhaithe le falscaithe a chosc in 2023 freisin mar fhreagairt ar na séasúir d’fhalscaithe tromchúiseacha a bhí ann le blianta beaga anuas. Leis an gcreat neartaithe um athbhreithniú piaraí comhlánaítear an méadú ar acmhainneachtaí freagartha ar leibhéal an Aontais trí rescEU. In 2024, déanfar trí athbhreithniú piaraí spriocdhírithe ar fhalscaithe sa Ghréig, san Iodáil agus i dTír Brandenburg (an Ghearmáin).
An tuiscint ar thubaistí a neartú trí fheabhas a chur ar eolas faoi theagmhais thubaisteacha (Airteagal 6(1)(f))
Leasaíodh Cinneadh UCPM freisin in 2021 chun a shonrú in Airteagal 6(1)(f) nach mór do na Ballstáit agus do na Stáit Rannpháirteacha feabhas a chur ar bhailiú sonraí maidir le caillteanas de dheasca tubaiste, agus é d’aidhm aige tógáil cásanna fhianaise‑bhunaithe a áirithiú.
D’fhorbair an Coimisiún Mol Sonraí Riosca chun sonraí maidir le riosca tubaiste a bhailiú, lena n‑áirítear sonraí maidir le caillteanas de dheasca tubaiste ó thíortha agus ó ghníomhaithe eile. Léirítear roinnt mhaith easnamh fós san anailís ar chleachtais náisiúnta i leith sonraí maidir le caillteanas de dheasca tubaiste a bhailiú arna dtuairisciú sna tuarascálacha achoimre ar bhainistiú riosca tubaistí.
Sásraí chun cosc agus ullmhacht a neartú (Airteagal 6.2 agus 6.4)
Le hAirteagal 6(2) déantar foráil maidir le sásra sonrach comhairliúcháin chun cosc agus ullmhacht a fheabhsú i measc na mBallstát agus na Stát Rannpháirteach a bhíonn tugtha do chineálacha comhchosúla tubaiste.
An sásra sin chun dul i gcomhairle le roinnt tíortha maidir le rioscaí sonracha, níor úsáideadh go dtí seo é, de rogha ar mhalartuithe tráthrialta agus ionchuimsitheacha leis na tíortha uile maidir le rioscaí tubaiste. Ar shamplaí de chomhairliúcháin ionchuimsitheacha den sórt sin maidir le rioscaí sonracha, áirítear ceachtanna a foghlaimíodh, cruinnithe, ullmhacht le haghaidh na séasúr falscaithe, malartuithe maidir le córais luathrabhaidh a fhorbairt agus cruinnithe maidir le tubaistí a chosc le saineolaithe ó na tíortha.
Leagtar síos le hAirteagal 6(4) sásra sonrach chun leibhéal coiscthe agus ullmhachta na mBallstát a iarrann an cineál céanna cúnaimh ó UCPM go minic don chineál céanna tubaiste a neartú (Airteagal 6(4)). I gcás trí iarraidh ar an gcineál céanna cúnaimh don chineál céanna tubaiste laistigh de 3 bliana as a chéile, ní mór don Choimisiún anailís chúramach a dhéanamh ar chúiseanna agus imthosca na ngníomhachtúchán. Ar bhonn thorthaí na hanailíse sin, féadfaidh an Coimisiún a mholadh go n‑imscarfar saineolaithe ar an suíomh, comhairle a sholáthar nó moltaí a dhéanamh. Féadfaidh sé a chinneadh freisin nach bhfuil gá le bearta den sórt sin.
Tá an tairseach sin deartha chun a áirithiú go gcuirfidh tíortha dlús lena gcuid oibre coiscthe i gcomhréir le déine an riosca.
Tá anailís chúramach á déanamh ag an gCoimisiún ar na cúiseanna agus na himthosca a bhaineann leis na hiarrataí ar chúnamh a fuarthas idir 2019 agus 2023 don chineál céanna tubaiste chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh na coinníollacha chun sásra Airteagal 6(4) a chur i bhfeidhm.
Spriocanna an Aontais maidir le hathléimneacht ó thubaistí (Airteagal 6(5))
Áiríodh spriocanna an Aontais maidir le hathléimneacht ó thubaistí in Airteagal 6(5) in athbhreithniú 2021 ar Chinneadh UCPM. Is cuspóirí neamhcheangailteacha iad na spriocanna sin i réimsí na cosanta sibhialta atá straitéiseach chun athléimneacht an Aontais agus a Bhallstát agus na Stát Rannpháirteach a mhéadú chun bunlíne choiteann a sholáthar ar mhaithe leis an riosca a bhaineann le tubaistí lena ngabhann tionchair iltíre thrasteorann a bhainistiú ar bhealach níos fearr.
Forbraíodh na céad spriocanna de chuid an Aontais maidir le hathléimneacht ó thubaistí i gcomhar leis na Ballstáit agus na Stáit Rannpháirteacha agus ghlac an Coimisiún i mí Feabhra 2023 iad. Neartaítear an timthriall tubaiste cosc-ullmhacht-freagairt-téarnamh leo, agus tá an Coimisiún agus na Ballstáit fós i mbun a gcur chun feidhme.
I bhfianaise na bhforbairtí thuas, cuirtear na moltaí seo a leanas chun cinn maidir le hAirteagal 6 a chur chun feidhme a thuileadh:
|
Déanfaidh na Coimisiún an méid seo a leanas:
·Leanfaidh sé de ghlacadh an chreata um athbhreithniú piaraí a chur chun cinn mar uirlis a chuireann ar a gcumas do na tíortha measúnú a dhéanamh ar a gcumas bainistithe riosca lena áirithiú go bhfuil a gcineálacha cur chuige maidir le tubaistí a chosc agus ullmhacht ina leith éifeachtach agus comhleanúnach.
·Anailís chúramach a dhéanamh ar na cúiseanna agus na himthosca atá taobh thiar de na gníomhachtúcháin don chineál céanna tubaiste chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh na coinníollacha chun sásra Airteagal 6(4) a chur i bhfeidhm.
·Faireachán agus anailís rialta a dhéanamh ar chúiseanna agus ar imthosca na ngníomhachtuithe don chineál céanna guaise, chun tacú leis na Ballstáit agus leis na Stáit Rannpháirteacha ina n‑iarrachtaí leibhéal a gcosc agus a n‑ullmhachta a neartú.
Ba cheart don Choimisiún, in éineacht leis na Ballstáit agus leis na Stáit Rannpháirteacha, an méid seo a leanas a dhéanamh:
·Athbhreithniú a dhéanamh ar na Treoirlínte Tuairiscithe maidir le tuarascálacha achoimre ar bhainistiú riosca tubaistí a chur isteach chun cur chun feidhme spriocanna an Aontais maidir le hathléimneacht ó thubaistí don chéad timthriall tuairiscithe eile a áireamh, agus bealaí a lorg chun an próiseas tuairiscithe a shimpliú agus a chuíchóiriú.
·Bearta a dhéanamh lena áirithiú go mbaintear amach spriocanna an Aontais maidir le hathléimneacht ó thubaistí.
·Bearta a dhéanamh chun feabhas a chur ar bhailiú córasach na sonraí maidir le caillteanas de dheasca tubaiste.
|
3.PRÍOMHTHORTHAÍ MAIDIR LE BAINISTIÚ RIOSCA TUBAISTÍ AGUS RIOSCA TUBAISTÍ A CHOSC
Shainaithin an Coimisiún príomhthorthaí maidir le bainistiú riosca tubaistí agus riosca tubaistí a chosc bunaithe ar anailís na mBallstát agus na Stát Rannpháirteach ar thuarascálacha achoimre a cuireadh ar fáil don Choimisiún. I gcás inarb ábhartha, léiríonn siad na torthaí ó mheasúnuithe riosca náisiúnta roimhe seo arna gcur isteach ag tíortha isteach faoi Airteagal 6 (2015, 2018). Áirítear leis an doiciméad inmheánach oibre tacaíochta tuilleadh mionsonraí maidir le torthaí na dtuarascálacha sin.
Tuarascálacha náisiúnta ar bhainistiú riosca tubaistí, tá siad le cur faoi bhráid an Choimisiúin gach 3 bliana faoi Airteagal 6(1)(d). Tá an ráta tuairiscithe ó bhí 2013 ann fós réasúnta cobhsaí agus ard, cé nach bhfuil sé iomlán. Fuair an Coimisiún 31 (as 34) thuarascáil in 2015, 30 (as 34) in 2018 agus 32 (as 33) do sprioc‑am 2020.
Fíor 2. Táscaire UCPM chun faireachán, meastóireacht agus measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm reachtaíocht UCPM, baineann sé le hAirteagal 6, déantar rianú leis ar ‘dhul chun cinn maidir leis an gcreat um chosc ar thubaistí a chur chun feidhme: arna thomhas de réir an lín Ballstát a chuir an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 6(1) ar fáil don Choimisiún’.
Leis na ranna seo a leanas déantar achoimre ar na príomhthorthaí bunaithe ar anailís an Choimisiúin ar na freagraí ar na 24 cheist maidir le measúnú riosca (Ceisteanna 1-8), measúnú ar chumas bainistithe riosca (Ceisteanna 9-20) agus bearta ullmhachta agus coiscthe tosaíochta (Ceisteanna 21-24) sna treoirlínte tuairiscithe.
Déantar achoimre ar na torthaí sin de réir ocht gcomhpháirt dhifriúla de bhainistiú riosca tubaistí, atá mar bhonn taca faoi Spriocanna an Aontais maidir le hathléimneacht ó thubaistí. Bunaithe ar na torthaí sin, leis an tuarascáil seo cuirtear moltaí chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí agus easnaimh, feabhas a chur ar bhainistiú riosca tubaistí agus cultúr coisc a chothú.
4.1
Riosca a thuiscint agus a réamh‑mheas
A. Príomhrioscaí tubaistí a shainaithint
Deimhnítear na príomhrioscaí ar ábhair imní iad is coitianta a tuairiscíodh ó bhí 2015 ann. I gcás dhá thrian de na Ballstáit agus de na Stáit Rannpháirteacha ar a laghad, is iad na príomhrioscaí nádúrtha agus na príomhrioscaí a bhaineann le sláinte an duine tuilte, adhaimsir, sláinte an duine/paindéimí, triomaigh, agus falscaithe. Is iad na rioscaí is coitianta de dhéanamh an duine nó a bhaineann leis an teicneolaíocht rioscaí núicléacha agus raideolaíocha, rioscaí tionsclaíocha, suaitheadh sa bhonneagar criticiúil.
Forbairt na rioscaí arna sainaithint ag tíortha in 2015, 2018 agus 2020Forbairt na rioscaí arna sainaithint ag tíortha in 2015, 2018 agus 2020
Fíor 3. An líon tíortha a shainaithin riosca tubaistí sonrach mar riosca ábhartha i dtuarascálacha 2015, 2018 agus 2020. Foinsí: tuarascálacha 2015 (Forbhreathnú 2017), tuarascálacha 2018 (Forbhreathnú 2020), tuarascálacha 2020 (tuarascálacha achoimre ar bhainistiú riosca tubaistí, Ceist 3).
Tá imní ag méadú ar fud na hEorpa maidir le rioscaí tubaistí áirithe. Is é triomach an riosca ar tháinig an méadú is mó ar an imní ina leith. Shainaithin dhá oiread Ballstát den Aontas triomaigh mar riosca ábhartha in 2020 ná in 2015. Tháinig méadú freisin ar an imní maidir leis an riosca a bhaineann le timpistí núicléacha agus raideolaíocha, rioscaí a bhaineann le sláinte an duine, cibearbhagairt, súnámaithe agus gluaiseachtaí daonra, rioscaí dlúthmhaise (sciorrthaí talún, maidhm shléibhe, maidhm charraige agus turnamh), rioscaí geopholaitiúla agus sochaíocha, rioscaí a bhaineann le hiompar agus rioscaí comhshaoil agus ceimiceacha.
Sainaithníonn formhór na dtíortha anois freisin rioscaí tubaistí nach bhfuil chomh dóchúil céanna ach a d’fhéadfadh a bheith an‑dian, mar aon le rioscaí atá ag teacht chun cinn. Ó bhí 2019 ann, is gá do thíortha rioscaí ardtionchair ísealdóchúlachta (HILP) a shainaithint. Bíonn éagsúlacht sna rioscaí HILP a thuairiscítear de réir na tíre. Is iad na rioscaí HILP is minice a shainaithnítear rioscaí núicléacha/raideolaíocha, rioscaí tionsclaíocha agus creathanna talún mar gheall ar na tionchair an‑dian a d’fhéadfadh a bheith acu. Sainaithníonn dhá thrian de na tíortha rioscaí atá ag teacht chun cinn freisin (bagairtí nó guaiseacha nua‑shainaitheanta, nó rioscaí arb eol iad a bheith ann a bhfuil coinne leis go dtiocfaidh méadú orthu le himeacht ama). Is iad na rioscaí atá ag teacht chun cinn is minice a thuairiscítear ná adhaimsir, tuilte, falscaithe, paindéimí, rioscaí polaitiúla agus geopholaitiúla, cibir‑rioscaí agus cur isteach ar bhonneagar criticiúil. Is féidir le teacht chun cinn riosca áirithe léiriú a dhéanamh ar ghéarú spreagaithe áirithe, mar shampla spreagaithe a bhaineann leis an athrú aeráide nó le leochaileachtaí méadaithe. Is féidir leis léiriú a dhéanamh ar bhraistintí riosca agus cineálacha cur chuige i leith riosca a bhfuil athrú tagtha orthu freisin. Tá sé tábhachtach freisin a bheith airdeallach ar rioscaí nár shainaithin ach roinnt bheag tíortha. Mar shampla, sainaithníonn roinnt tíortha stoirmeacha gréine, rud a d’fhéadfadh cur isteach go mór ar chórais TF, chomh maith le rioscaí comhshaoil agus ceimiceacha áirithe, amhail speicis ionracha nua agus cailliúint bithéagsúlachta.
Níor chumhdaigh ach roinnt bheag tíortha idirghníomhaíochtaí casta idir rioscaí tubaistí ‘nádúrtha’ agus ‘de dhéanamh an duine’ trí éifeachtaí casta, cumaisc agus cascáideacha a chur san áireamh ina measúnú riosca. Chumhdaigh beagnach na tíortha uile raon tubaistí ‘nádúrtha agus de dhéanamh an duine’. Aithníonn roinnt mhaith tíortha freisin tionchair agus éifeachtaí cascáideacha ar fud na sochaí, a mhéid gur thuairiscigh siad rioscaí a chuimsíonn raon leathan seirbhísí criticiúla a cuireadh isteach orthu nó suaitheadh soláthair, amhail fuinneamh, soláthar uisce, agus córais airgeadais. Ní thagraíonn gach tír go sainráite d’anailís ar idirghníomhaíochtaí idir rioscaí den sórt sin, go háirithe i dtéarmaí éifeachtaí casta, cumaisc agus cascáideacha.
Díríonn na tíortha ar rioscaí gearrthéarmacha den chuid is mó; le fairsinge agus méid an athraithe aeráide agus an díghrádaithe comhshaoil de dhéanamh an duine, áfach, is amhlaidh a éilítear fócas níos géire ar athruithe fadtéarmacha i measúnuithe riosca. Sainaithníonn na tíortha rioscaí géara (gearrthéarmacha) den chuid is mó amhail tuilte, falscaithe agus adhaimsir, seachas guaiseacha leanúnacha (fadtéarmacha). Mar shampla, níor thuairiscigh ach roinnt bheag stát cósta leochaileacht mhéadaithe na bpobal cósta nó an bhonneagair mar gheall ar ardú ar leibhéal na mara nó creimeadh cósta, rud a mhéadóidh an riosca a bhaineann le tuilte cósta i dteannta le borradh stoirme cósta níos déine. Is minic a thuairiscítear guaiseacha géara a bhaineann le huisce (tuilte, triomaigh, deascadh trom) mar rioscaí a bhaineann leis an aeráid, ach chomh maith leis sin mar ghuaiseacha a bhaineann le teocht (falscaithe, tonnta teasa), gaoth (stoirmeacha) agus dlúthmhais (sciorrthaí talún). I measc éifeachtaí tánaisteacha an athraithe aeráide, thuairiscigh thart ar leath na dtíortha rioscaí a bhaineann le sláinte an duine (e.g. eipidéimí agus paindéimí) agus shainaithin roinnt bheag díobh bagairtí níos mó a bhaineann le galair veicteoir‑iompartha de bharr an athraithe aeráide. Thagair thart ar an tríú cuid díobh do chineálacha éagsúla suaite sa slabhra soláthair. Thagair roinnt tíortha do thionchair ar earnálacha eacnamaíocha sonracha amhail talmhaíocht, fuinneamh, foraoiseacht, beostoc, uisce, iascach, cúram sláinte agus iompar.
Chun féachaint chuige go mbeidh measúnuithe riosca slán i bhfad na haimsire, éilítear anailís níos críochnúla ar bhunspreagaithe an riosca tubaistí agus ar a n‑idirghníomhaíochtaí féideartha, ach níor thuairiscigh ach roinnt bheag tíortha ar spreagaithe riosca ‘dinimiciúla’ seachas an t‑athrú aeráide. Ar na príomhspreagaithe a tuairiscíodh a théann i bhfeidhm ar ghuaiseacha, leochaileacht agus nochtadh do rioscaí, áirítear an t‑athrú aeráide, a bhfuil doiciméadú maith déanta ar na tionchair ina leith. Níor thagair ach roinnt bheag tíortha do spreagaithe eile amhail uirbiú, forbairtí déimeagrafacha agus an díghrádú comhshaoil. Thuairiscigh siad an domhandú agus forbairtí idirnáisiúnta agus geopholaitiúla freisin, mar aon le forbairtí i dteicneolaíocht na faisnéise agus sa digitiú.
B.
Modheolaíochtaí agus cleachtais náisiúnta maidir le measúnú riosca
Tá éagsúlachtaí ann i modheolaíochtaí náisiúnta maidir le sainaithint agus measúnú riosca i dtéarmaí a chuimsitheach atá siad. D’fhágfadh níos mó comhleanúnachais agus comhsheasmhachta go mbeadh sé níos éasca comparáid a dhéanamh idir tuarascálacha ar fud na dtíortha, agus idir measúnuithe riosca ar an leibhéal Eorpach, chun forbairt a dhéanamh ar shraith láidir measúnuithe riosca náisiúnta.
Chun an todhchaí a thuiscint, is gá dúinn a bheith feasach faoin am a chuaigh thart. Mar sin féin, na cleachtais náisiúnta chun sonraí a bhailiú maidir leis na hiarmhairtí a bhaineann le teagmhais thubaisteacha san am a chuaigh thart, níl siad córasach agus is iomaí easnamh atá iontu. Tá bailiú sonraí maidir le caillteanais de dheasca tubaiste fíor‑riachtanach chun tógáil cásanna fhianaise‑bhunaithe a áirithiú agus chun feabhas a chur ar anailís riosca chainníochtúil. Mar sin féin, léirítear le tuarascálacha náisiúnta go bhfuil bailiú sonraí maidir le caillteanas de dheasca tubaiste an‑ilroinnte agus neamhstruchtúrtha i mbeagnach na dtíortha uile, gan ach tír amháin ag tuairisciú ar chur chuige comhleanúnach ar an leibhéal náisiúnta. Ní thagraíonn aon tír do thuairisciú sonraí riosca do Mhol Sonraí Riosca an Choimisiúin Eorpaigh, rud ar fiú scrúdú breise a dhéanamh air.
Tá éagsúlachtaí ann sna modheolaíochtaí maidir le sainaithint riosca agus anailís riosca ar fud na dtíortha, agus de réir an chineáil riosca. Tuairiscíonn thart ar an tríú cuid de na tíortha anailís ar chásanna guaise aonair maidir le sainaithint riosca, ach ní luaitear cásanna ilghuaise chomh minic céanna. Níor sholáthar ach roinnt bheag tíortha faisnéis maidir leis na critéir a d’úsáid siad chun rioscaí ardtionchair ísealdóchúlachta a shainaithint. Is amhlaidh a úsáideann na tíortha córais éagsúla freisin chun rioscaí a aicmiú. Cé go n‑aicmítear rioscaí tubaistí ó ghuaiseacha nádúrtha ar bhealach níos soiléire, is mó an éagsúlacht atá ann maidir leis na rioscaí de dhéanamh an duine, na rioscaí teicneolaíochta agus na rioscaí sochaíocha a lipéadú. Ní luann ach dornán tíortha tréimhse ionchasach le haghaidh na gcásanna. Cuireann sé sin teorainn leis an tuiscint ar conas agus a mhéid atá spreagaithe tábhachtacha amhail an t‑athrú aeráide á gcur san áireamh.
Le roinnt tuarascálacha soláthraítear samplaí de thógáil cásanna, agus le cuid eile déantar tagairtí do na cásanna a bhaineann leis an athrú aeráide arna sainaithint ag an bPainéal Idir‑Rialtasach ar an Athrú Aeráide. Mar sin féin, ní dhéantar amhlaidh go comhsheasmhach, rud a d’fhéadfadh a fhágáil go ndéanfar gannmheastachán ar rioscaí. Tá sé tábhachtach éiginnteachtaí a mhíniú i dtéarmaí thrédhearcacht na n‑éiginnteachtaí atá bainteach leis an anailís riosca, mar shampla maidir leis na teorainneacha a bhaineann leis na sonraí agus na samhlacha a úsáidtear. Luann beagán níos mó ná an ceathrú cuid de na tíortha go gcuireann siad éiginnteachtaí san áireamh. Trí phrionsabal an réamhchúraim a chur i bhfeidhm, is féidir cuidiú chun bonn cirt a thabhairt leis an measúnú ar riosca tubaiste a d’fhéadfadh a bheith tromchúiseach, ar riosca é nach féidir measúnú cruinn a dhéanamh ar an dóchúlacht ina leith; ach thagair níos lú ná an ceathrú cuid de na tíortha do bhreithnithe den sórt sin.
Tá difríochtaí ann sna modheolaíochtaí a úsáidtear chun an leibhéal riosca a chinneadh. Nuair nach féidir measúnú a dhéanamh ar riosca le modhanna dóchúlaíocha agus cainníochtúla, baintear úsáid as cineálacha cur chuige cáilíochtúla eile. Chuir thart ar leath na dtíortha cineálacha cur chuige leathchainníochtúla nó cineálacha cur chuige cáilíochtúla i bhfeidhm chun an leibhéal tionchar a chinneadh. Nuair a chuirtear tionchair san áireamh, léiríonn níos lú ná leath na dtíortha go gcumhdaíonn siad tionchair dhaonna, eacnamaíocha, chomhshaoil agus pholaitiúla/shochaíocha. Mar sin féin, thuairiscigh roinnt tíortha samplaí maithe de raon níos leithne tionchar amhail tionchair shochaíocha, airgeadais nó tionchair ar bhonneagar criticiúil. Rinne níos nó ná dhá thrian de na tíortha an tábhacht a bhaineann le gach riosca a chur i láthair trí úsáid a bhaint as maitrís riosca.
Níor thuairiscigh na tíortha uile sásraí athbhreithniúcháin tráthrialta, cé gur gá athbhreithnithe tráthrialta a dhéanamh ar na measúnuithe riosca chun athruithe ar an tírdhreach riosca a ghabháil. Mhaígh roinnt tíortha go ndéanann siad athbhreithniú ar mheasúnuithe riosca go tráthrialta, agus gach 3 bliana sa chás is coitianta. I roinnt tíortha, cuirtear tús le hathbhreithnithe de dheasca teagmhais thubaisteacha shonracha nó nuashonraithe ar mheasúnuithe a bhaineann go sonrach le riosca; déanann tíortha eile faireachán ar fhorbairtí a bhaineann leis an tírdhreach riosca go leanúnach. I roinnt tíortha, leagtar síos minicíocht na n‑athbhreithnithe ar mheasúnú riosca le dlí.
Is fánach rochtain an phobail ar thorthaí na measúnuithe riosca. Cuidíonn trédhearcacht phoiblí chun feasacht riosca a mhúscailt agus spreagann sí gníomhaíocht chun athléimneacht ó thubaistí a dhaingniú. Mar sin féin, ní chuireann ach leath na dtíortha na measúnuithe riosca ar fáil go poiblí agus soláthraíonn an ceathrú cuid díobh naisc chuig léarscáileanna riosca atá ar fáil go poiblí. Sholáthair formhór na dtíortha faisnéis maidir le cleachtais mapála riosca. Leis na léarscáileanna riosca is coitianta a thuairiscítear, cumhdaítear tuilte, agus ina dhiaidh sin falscaithe, creathanna talún agus rioscaí núicléacha/raideolaíocha. Ní sholáthraítear faisnéis maidir le léarscáileanna ar rioscaí trasteorann.
Tá roinnt samplaí maithe ann de rannpháirtíocht na bpríomhpháirtithe leasmhara sa phróiseas chun measúnuithe riosca a tharraingt suas. Leagtar síos creataí rialachais um measúnú riosca sa reachtaíocht náisiúnta i bhformhór na dtíortha. Is iad aireachtaí nó gníomhaireachtaí atá freagrach as cosaint shibhialta is minice a bhíonn i gceannas orthu. Áirítear ar na páirtithe leasmhara raon leathan údarás ar an leibhéal náisiúnta agus fonáisiúnta ó earnálacha speisialaithe éagsúla (amhail bonneagar criticiúil agus iompar), an saol acadúil, comhlachtaí na hearnála príobháidí (amhail oibreoirí bonneagair chriticiúil) agus an tsochaí shibhialta. Tá príomhról ag an bpróiseas measúnaithe riosca féin maidir le feasacht riosca na bpríomhghníomhaithe sochaíocha a mhéadú, ach is cosúil i gcásanna áirithe freisin, maidir leis an bpróiseas measúnaithe riosca a bhaineann le cosaint shibhialta atá nasctha le hoibleagáidí UCPM, go n‑oibríonn an próiseas sin ar leithlis.
I bhfianaise an mhéid thuas, déantar na moltaí seo a leanas maidir le Riosca a thuiscint agus a réamh‑mheas a chur chun cinn.
|
Ba cheart don Choimisiún, in éineacht leis na Ballstáit agus leis na Stáit Rannpháirteacha, an méid seo a leanas a dhéanamh:
·Athbhreithniú a dhéanamh ar dhoiciméad inmheánach oibre 2010 de chuid an Choimisiúin dar teideal ‘Risk Assessment and Mapping Guidelines for Disaster Management’ [Treoirlínte maidir le Measúnú agus Mapáil Riosca ar mhaithe le Bainistiú Tubaistí] d’fhonn tuilleadh forbartha a dhéanamh ar réamh‑mheasúnú riosca ar an leibhéal náisiúnta agus sineirgí a uasmhéadú leis na próisis measúnaithe riosca a éilítear le snáitheanna eile de reachtaíocht an Aontais (e.g. bonneagar criticiúil, sláinte, bainistiú riosca aeráide agus tuilte).
·Malartuithe eolais a mhéadú idir na tíortha agus saineolaithe maidir le conas feabhas a chur a thuilleadh ar chleachtais measúnaithe riosca, lena n‑áirítear tríd an Líonra Eolais.
Iarrtar ar na Ballstáit agus ar na Stáit Rannpháirteacha an méid seo a leanas a dhéanamh:
·Dlús a chur le malartuithe agus comhar idir na Ballstáit agus na Stáit Rannpháirteacha maidir le riosca a shainaithint agus a réamh‑mheas, lena n‑áirítear maidir le rioscaí ardtionchair ísealdóchúlachta agus rioscaí atá ag teacht chun cinn.
·Nósanna imeachta um measúnú riosca tubaistí a neartú chun tionchar na rioscaí leanúnacha (fadtéarmacha) a réamh‑mheas agus a mhaolú níos fearr, e.g. an t‑athrú aeráide agus rioscaí geopholaitiúla, mar aon le tionchar na rioscaí géara (gearrthéarmacha).
·Sineirgí a uasmhéadú leis na próisis measúnaithe riosca a éilítear le reachtaíocht an Aontais i réimsí beartais eile (e.g. bonneagar criticiúil, sláinte, riosca tuilte, beartais aeráide).
·Feabhas a chur ar bhailiú córasach sonraí maidir le caillteanais agus damáistí teagmhas tubaiste a tharla roimhe seo, chun feabhas a chur ar an tuiscint ar an riosca a bheidh ann amach anseo, agus na sonraí sin a chur ar fáil tríd an Mol Sonraí Riosca.
|
4.2
Feabhas a chur ar rialachas riosca tubaistí
C.
Pleanáil maidir le bainistiú riosca tubaistí
Tuairiscíonn trí cheathrú de na Ballstáit agus de na Stáit Rannpháirteacha go bhfuil creataí cuimsitheacha dlíthiúla i bhfeidhm le haghaidh bainistiú riosca tubaistí. Is minic a chomhlánaítear na creataí le reachtaíocht lena leagtar síos freagrachtaí fonáisiúnta agus earnála. Léirítear sna tuarascálacha go gcomhlánaítear creataí sonracha le haghaidh bainistiú riosca tubaistí (e.g. gníomhartha cosanta sibhialta) le dlíthe eile, amhail reachtaíocht earnála nó fhonáisiúnta. Tuairiscíonn beagán faoi bhun leath na dtíortha freisin go bhfuil bearta agus beartais reachtaíochta boige acu chun na creataí dlíthiúla a chomhlánú. I gcás fhormhór na dtíortha, cumhdaíonn na príomhghníomhartha cosanta sibhialta freisin an measúnú ar an gcumas bainistithe riosca lena n‑áirítear céimeanna eile bainistithe riosca tubaistí.
Déantar rioscaí tubaiste a bhainistiú ar an leibhéal náisiúnta i ngach tír, agus bíonn údaráis réigiúnacha agus áitiúla rannpháirteach ar bhealaí éagsúla. Tuairiscíonn formhór na dtíortha go bhfuil sásraí comhair ingearacha éagsúla idir an leibhéal náisiúnta agus an leibhéal fonáisiúnta, agus sásraí comhordaithe cothrománacha a mbíonn raon leathan páirtithe leasmhara i mbainistiú rioscaí tubaistí bainteach leo go héifeachtach. Cé gurb iad aireachtaí agus údaráis a bhaineann le cosaint shibhialta atá freagrach go príomha as measúnuithe riosca a dhéanamh, ní thuairiscíonn ach an tríú cuid de thíortha go bhfuil réimse leathan údarás eile atá freagrach as beartais eile nó geallsealbhóirí san earnáil phríobháideach páirteach. Mar sin féin, is féidir le rannpháirtíocht leathan earnála sa phróiseas sin feasacht ar riosca a ardú agus feabhas a chur ar an bpróiseas.
In dhá thrian de na tíortha, déanann údaráis phoiblí a bhfuil freagracht orthu maidir le cosaint shibhialta comhordú ar phróiseas an mheasúnaithe riosca, na hullmhachta agus na freagartha. Thuairiscigh thart ar aon trian de na tíortha gur gníomhaithe iad údaráis earnála eile agus an earnáil phríobháideach atá freagrach as cineálacha éagsúla coisc (amhail aireachtaí comhshaoil, fuinnimh, geilleagair, sláinte, talmhaíochta agus foraoiseachta). Samplaí de chomhlachtaí na hearnála príobháidí atá freagrach as cineálacha sonracha coisc is ea iad siúd atá freagrach as bainistiú riosca tionóiscí tionsclaíochta agus as sábháilteacht núicléach.
Thuairiscigh níos mó ná aon trian de thíortha go bhfuil doiciméad pleanála bainistithe riosca de chineál éigin i bhfeidhm. Luaigh thart ar an gceathrú cuid de na tíortha straitéis chuimsitheach náisiúnta tubaiste nó slándála. Thuairiscigh an chuid is mó díobh freisin bearta maidir le cosc agus ullmhacht i ndáil le rioscaí trasteorann agus ardtionchar dóchúlacht íseal (HILP) a shainaithin siad ach níor chuir aon cheann acu bearta ar fáil chun dul i ngleic le gach riosca HILP a shainaithin siad. Tugann na bearta aghaidh go príomha ar ullmhacht, mar shampla córais luathrabhaidh, agus tuairiscítear níos lú beart coisctheach. Mar shampla, níor thuairiscigh ach cúpla tír bearta coisctheacha a bhaineann le húsáid talún agus pleanáil spásúil chun tuilte, rioscaí tionsclaíocha, creatha talún agus bolcánacha a bhainistiú.
Cé go dtuairiscíonn formhór na dtíortha roinnt beart maidir le cosc agus ullmhacht, soláthraítear faisnéis theoranta faoin gcaoi ar tugadh tosaíocht do na bearta sin agus faoin uair a chuirfear chun feidhme iad. Tá ról bunúsach ag tuarascálacha náisiúnta maidir le faisnéis a sholáthraítear i ndáil le sainaithint riosca agus ar an gcaoi sin is bonn iad le haghaidh cinntí chun infheistíocht a dhéanamh i gcosc. Is éard atá i gceist le bainistíocht riosca freisin tosaíocht a thabhairt do bhearta ullmhachta agus coisc, iad a phleanáil agus a chistiú, agus na húdaráis cheannais a shainaithint. Cé go dtuairiscíonn tíortha bearta le haghaidh rioscaí trasteorann agus ardtionchar dóchúlacht íseal, is fíorbheagán díobh a thuairiscíonn an amlíne maidir le cur chun feidhme na mbeart agus na socruithe cistiúcháin gaolmhara.
D. Bainistíocht riosca trasteorann
Déanann na Ballstáit uile agus na Stáit Rannpháirteacha príomhrioscaí de chineál trasteorann a shainaithint go córasach. Tá sé sin fíor‑riachtanach chun rioscaí a bhainistiú i dtíortha Eorpacha atá an‑idirnasctha. Is iad na rioscaí trasteorann is coitianta a shainaithnítear ná timpistí núicléacha agus raideolaíocha, tuilte, falscaithe agus paindéimí/eipidéimeacha. Den chéad uair, iarradh ar thíortha nósanna imeachta agus bearta a shainaithint ar an leibhéal trasteorann, ar an leibhéal idir‑réigiúnach agus ar an leibhéal idirnáisiúnta chomh maith le bearta chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí trasteorann. Soláthraítear léargais sna tuarascálacha ar rialachas bainistíochta riosca, lena n‑áirítear le haghaidh comhar trasteorann chun rioscaí trasteorann agus rioscaí a bhfuil tionchar trasteorann acu a bhainistiú.
Cé go léirítear sna tuarascálacha tíre tosaíocht a thabhairt do nósanna imeachta agus do bhearta chun na rioscaí sainaitheanta a bhainistiú, is cosúil go bhfuil bearnaí cur chun feidhme nó tuairiscithe ann maidir leis na nósanna imeachta agus na bearta sin. Baineann formhór na mbeart trasteorann a tuairiscíodh le rioscaí núicléacha agus raideolaíocha, tuilte, timpistí tionsclaíocha, falscaithe agus suaitheadh bonneagair. Soláthraíonn thart ar 70 % de na tíortha a shainaithníonn rioscaí trasteorann áirithe faisnéis freisin maidir le bearta chun na rioscaí trasteorann sin a bhainistiú. Ní thuairiscíonn aon tír bearta chun na rioscaí trasteorann uile a shainaithin siad a bhainistiú. Díríonn an comhar trasteorann den chuid is mó ar ullmhacht, agus go pointe níos lú ar chosc agus ar mheasúnuithe riosca trasteorann. Is bearta ‘neamhstruchtúracha’ iad formhór na mbeart a thuairiscítear ar bhonn trasteorann, amhail oiliúint agus oideachas, córais luathrabhaidh agus ardú feasachta an phobail.
Tuairiscítear go forleathan creataí idirnáisiúnta agus Eorpacha. Tagraíonn roinnt tíortha do reachtaíocht earnálach thábhachtach de chuid an Aontais lena bhfeabhsaítear comhar trasteorann chun roinnt rioscaí a bhainistiú, go háirithe i gcás tuilte, mórthimpistí tionsclaíocha agus bonneagar criticiúil. Tuairiscíonn tíortha freisin ar réimse leathan de chomhar trasteorann i bpróisis nó eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail Creat Sendai na Náisiún Aontaithe um Laghdú Riosca Tubaistí, (UNDRR), an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) agus Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT), dá dtagraíonn thart ar aon trian de thíortha. Ní thagraíonn ach méid beag don Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) nó d’eagraíochtaí nó creataí macrairéigiúnacha (e.g an Danóib agus an Mhuir Bhailt) . Tugann an tríú cuid de thíortha faoi deara go bhfeabhsaíonn an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta féin an obair trasteorann. Tuairiscítear roinnt samplaí de chomhaontuithe déthaobhacha comhair i réigiúin teorann, mar shampla maidir le luathrabhaidh agus rioscaí fógartha, comhar maidir le measúnuithe riosca agus prótacail le haghaidh ullmhachta, malartú faisnéise maidir le luathrabhaidh agus freagairt ina dhiaidh sin.
E.
Múscailt feasachta maidir le riosca agus córais foláirimh
Ní thuairiscíonn na Ballstáit uile ná na Stáit Rannpháirteacha go hiomlán maidir le feasacht ar rioscaí, cé gur féidir iarmhairtí díobhálacha tubaistí a laghdú trí ullmhacht an daonra maidir le conas gníomhú i gcás éigeandála. Tuairiscíonn thart ar thrí cheathrú de thíortha roinnt gníomhaíochtaí a rinne údaráis cosanta sibhialta agus príomhchomhlachtaí eile chun faisnéis faoi riosca tubaistí a sholáthar agus chun feasacht an daonra ar riosca a ardú ach tá faisnéis shonrach gann. Baineann feachtais for‑rochtana úsáid as uirlisí cumarsáide éagsúla (fógraíocht teilifíse agus raidió, na meáin shóisialta, gearrscannáin bheochana, bileoga agus bróisiúir) agus leathanaigh ghréasáin a thugann faisnéis faoi rioscaí. Tá roinnt samplaí maithe d’fheachtais oideachais ann.
Cuireann tíortha an pobal ar an eolas faoi na rioscaí a bhaineann le feasacht ghinearálta ar rioscaí a ardú, ach ní thuairiscíonn ach leath de na tíortha go bhfuil a measúnuithe riosca ar fáil go poiblí. Is minic a thugann feachtais feasachta riosca athfhillteacha aghaidh ar gach gné den athléimneacht agus den fhéinchosaint a bhaineann le rioscaí agus éigeandálaí, ach ní chomhroinneann ach cúpla tír sonraí faoi na straitéisí feachtais sin. Is iad tuilte agus feachtais múscailt feasachta falscaithe na feachtais riosca‑shonracha is mó a luaitear. Tuairiscíonn an tríú cuid de thíortha gur bealaí tábhachtacha iad nacórais oideachais chun feasacht ar rioscaí a ardú.
Ó thaobh na cumarsáide éigeandála agus géarchéime de tá sé ríthábhachtach an daonra a chur ar an airdeall agus rabhadh a thabhairt dó, ach ní thuairiscíonn ach beagán os cionn leath de na tíortha raon bealaí a úsáid chun an daonra a chur ar an eolas i gcás éigeandála. Samplaí d’uirlisí a thuairiscítear is ea bonnáin, teachtaireachtaí fóin póca, aipeanna speisialta fóin chliste agus úsáid na meán traidisiúnta (raidió/teilifís). Braitheann an raon feidhme chun luathrabhadh a sholáthar agus an t‑aga seachadta is féidir a thabhairt don daonra agus do na húdaráis fhreagracha chun gníomhú ar an gcineál riosca tubaistí. Tagraíonn roinnt tíortha do chur chun feidhme reachtaíocht an Aontais a éilíonn rabhaidh phoiblí ar fhóin phóca faoi 2022.
Tá sé fíor‑riachtanach riachtanais na ngrúpaí is leochailí a chomhlíonadh agus rioscaí á mbainistiú, ach is beag tír a thuairiscíonn na gníomhaíochtaí sin. Tuairiscíonn dornán tíortha treoirlínte maidir le conas riachtanais daoine faoi mhíchumas agus grúpaí leochaileacha eile a chur san áireamh i gcás éigeandála. Tuairiscíonn roinnt tíortha tionscnaimh shonracha feasachta riosca chun tacú le grúpaí leochaileacha.
F. Córais luathrabhaidh agus acmhainneachtaí freagartha
Tá sé ríthábhachtach teagmhais tubaiste atá ag teacht a shainaithint go luath chun iarmhairtí díobhálacha a laghdú. Tuairiscíonn formhór na mBallstát agus na Stát Rannpháirteach go bhfuil córais i bhfeidhm acu. Mar sin féin, ní thuairiscíonn ach thart ar leath de na tíortha a shainaithníonn rioscaí áirithe a bheith ábhartha, go bhfuil córais réamhrabhaidh i bhfeidhm maidir leis na rioscaí sin. Tá córais luathrabhaidh i bhfeidhm le haghaidh réimse leathan tubaistí, a bhaineann go príomha le guaiseacha nádúrtha, agus is minic a chlúdaítear adhaimsir agus tuilte, agus creathanna talún agus falscaithe ina dhiaidh sin. I gcás rioscaí teicneolaíochta, is iad na córais luathrabhaidh le haghaidh timpistí núicléacha agus raideolaíocha na córais is coitianta a thuairiscítear, agus ina dhiaidh sin tá córais luathrabhaidh maidir le cibear‑rioscaí, suaitheadh sa bhonneagar criticiúil agus timpistí tionsclaíocha. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, faireachán fíor‑ama a bhunú ar thosca rannchuiditheacha (amhail dálaí fásra tirime lena n‑ardaítear an riosca falscaithe, sáithiú ithreach le haghaidh riosca méadaithe tuilte, gluaiseacht sheismeach, iomadú ráigeanna víreasacha).
Baineann roinnt mhaith tíortha úsáid as córais luathrabhaidh idirnáisiúnta nó Eorpacha, go háirithe maidir le riosca seismeach, faireachán núicléach agus raideolaíoch agus faireachán ar bhagairtí sláinte, ach ní dhéanann ach líon beag díobh tagairt do sheirbhísí Copernicus. Tuairiscíonn tíortha roinnt samplaí de chórais luathrabhaidh spriocdhírithe trasteorann le fógra a thabhairt faoi theagmhais tubaiste. Tuairiscítear go bhfuil gníomhaithe san earnáil phríobháideach freagrach as faireachán, brath agus réamhaisnéis a dhéanamh ar rioscaí a bhaineann lena ngníomhaíochtaí eacnamaíocha.
Gníomhaithe poiblí agus príobháideacha a bhfuil sé de chúram orthu freagairt d’éigeandálaí, tá sé fíor‑riachtanach go mbeidís dea‑ullmhaithe agus feistithe. Mar sin féin, níl thuairiscíonn ach cúpla tír maidir le bonneagar criticiúil le haghaidh práinnfhreagartha a bheith i bhfeidhm. Chun bainistíochta a dhéanamh ar an timpeallacht riosca atá ag athrú le guaiseacha treisithe a bhaineann leis an aeráid, amhail tuilte agus falscaithe, ní mór do thíortha feabhas a chur ar a n‑acmhainneacht freagartha náisiúnta. Tuairiscíonn thart ar leath de na tíortha córais chun a chinntiú go ndéantar sócmhainní a choinneáil ar bun go leordhóthanach. Soláthraíodh roinnt faisnéis theoranta maidir le hacmhainneachtaí sonracha le haghaidh freagairt falscaithe, freagairt ar thuilte, CBRN agus práinnfhreagairt sláinte.
I bhfianaise an mhéid thuas, cuirtear ar aghaidh na moltaí seo a leanas maidir le feabhas a chur ar rialachas rioscaí tubaiste.
|
Ba cheart don Choimisiún, in éineacht leis na Ballstáit agus leis na Stáit Rannpháirteacha, an méid seo a leanas a dhéanamh:
·Comhroinnt dea‑chleachtas i measc tíortha agus saineolaithe a fhorbairt tuilleadh, lena n‑áirítear faoin Líonra Eolais, agus é mar chuspóir uirlisí pleanála agus struchtúir chinnteoireachta a fheabhsú chun tacú le rialachas riosca éifeachtach.
·Tuilleadh feabhais a chur ar uirlisí agus seirbhísí luathrabhaidh uile‑Eorpacha. I gcás inarb ábhartha, úsáid uirlisí a mhéadú amhail ‘Seirbhísí Bainistithe Éigeandála Copernicus’ agus an tseirbhís tuairiscithe éigeandála eolaíoch 24/7 arna soláthar ag an tSaoráid Chomhairleach Eolaíoch agus Theicniúil lena gcumhdaítear guaiseacha nádúrtha chomh maith le guaiseacha núicléacha agus raideolaíocha.
Iarrtar ar na Ballstáit agus ar na Stáit Rannpháirteacha an méid seo a leanas a dhéanamh:
·Cur chuige uile‑shochaí a chothú ag gach céim den phróiseas DRM, ina mbeidh na páirtithe leasmhara go léir rannpháirteach: institiúidí poiblí, comhlachtaí acadúla agus taighde, an earnáil phríobháideach, an tsochaí shibhialta agus pobail.
·Bainistiú riosca tubaistí a neartú, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí chun bainistiú a dhéanamh ar na príomhrioscaí le tionchair thrasteorann agus ar na rioscaí a bhaineann le tubaistí is cúis le héifeachtaí trasteorann ilnáisiúnta nó a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis leo.
·Córais luathrabhaidh a fhorbairt tuilleadh le haghaidh rioscaí ábhartha, agus i gcás inar féidir leas a bhaint as na córais trasteorann arna bhforbairt ag an Aontas, amhail Córas Eorpach Copernicus um Fheasacht Tuile, an Córas Eorpach Faisnéise maidir le Dóiteáin Foraoise agus an Fhaireachlann Eorpach um Thriomach.
·Gníomhaíochtaí níos láidre a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta chun riachtanais daoine leochaileacha a ghlacadh agus rioscaí á mbainistiú.
|
4.3
Bainistiú rioscaí tubaistí a phríomhshruthú agus infheistíocht a dhéanamh ann
G.
Bainistiú riosca tubaistí trasearnála
Tuairiscíodh dea‑shamplaí maidir leis an gcaoi a ndéantar bainistiú riosca tubaistí faoi bheartais nach beartais cosanta sibhialta iad agus maidir leis an gcaoi a ndéanann ranna agus comhlachtaí rialtais ábhartha eile é. Mar sin féin, tá gá fós le feabhsuithe ar bhainistiú riosca trasearnála chun athléimneacht uile‑shochaí a bhaint amach. Sna tuarascálacha náisiúnta soláthraítear samplaí maithe de shásraí comhordaithe cothrománacha ina mbíonn comhlachtaí ó earnálacha éagsúla rannpháirteach sna struchtúir rialachais náisiúnta ar feadh thimthriall an bhainistithe riosca tubaistí, go háirithe údaráis phoiblí, an earnáil phríobháideach, údaráis áitiúla, an tsochaí shibhialta, institiúidí acadúla agus taighde. Ós rud é go bhfuil roinnt bearnaí sa tuairisciú ar chomhordú cothrománach agus ar chomhordú trasearnála agus ós rud é gur fíorbheagán straitéisí cuimsitheacha bainistithe riosca a tuairiscíodh, is féidir níos mó a dhéanamh chun próifíl na n‑uirlisí bainistithe riosca tubaistí a ardú, mar shampla a áirithiú go bhfuil measúnuithe riosca ábhartha d’earnálacha eile.
Cuireann beartais eile de chuid an Aontais le hathléimneacht ó thubaistí freisin. Is gá uirlisí beartais nua a fhorbraítear ar leibhéal an Aontais a chomhtháthú go tráthrialta le bainistiú riosca tubaistí, lena n‑áirítear na huirlisí sin a fhorbraítear faoin gComhaontú Glas don Eoraip. Tuairiscíonn roinnt tíortha maidir le beartais agus dlíthe eile de chuid an Aontais lena bhfeabhsaítear athléimneacht ó thubaistí agus comhar trasteorann, amhail bonneagar criticiúil, cibearshlándáil, oiriúnú don athrú aeráide, bainistíocht triomaigh agus rioscaí tuilte, timpistí tionsclaíocha agus comhar maidir le sábháilteacht núicléach. Léiríonn na samplaí sin nach mór bainistiú riosca tubaistí a bheith comhleanúnach agus sineirgí a aimsiú le beartais eile, go háirithe an t‑athrú aeráide, cosaint bonneagair chriticiúil agus beartais airgeadais inbhuanaithe.
Cé go dtéann rioscaí tubaiste níos faide ná na guaiseacha a bhaineann leis an aeráid agus go gcumhdaíonn bearta oiriúnaithe don athrú aeráide roinnt mhaith réimsí seachas bainistiú riosca tubaistí, tá na sineirgí idir an dá phróiseas substaintiúil.. Tuairiscíonn dhá thrian de thíortha go bhfuil pleananna oiriúnaithe le fáil ar an leibhéal náisiúnta. Samplaí de réimsí is coiteann do bhainistiú rioscaí tubaistí agus do bhearta oiriúnaithe don athrú aeráide is ea faireachán, bailiú agus próiseáil faisnéise agus sonraí maidir le rioscaí tubaiste a bhaineann leis an aeráid. Chun sineirgí a chumasú agus chun gannmheastachán ar rioscaí tubaiste a sheachaint, tá sé fíor‑riachtanach freisin go n‑áireofar réamh‑mheastacháin agus cásanna maidir leis an athrú aeráide sna measúnuithe riosca tubaiste.
Tá suaitheadh bonneagair chriticiúil go mór chun cinn i measc na bpríomhrioscaí tubaiste, go háirithe cur isteach ar eangach fuinnimh, seirbhísí uisce, teileachumarsáid, gréasán iompair, struchtúir airgeadais, soláthar bia agus cúram sláinte. Tá acmhainneacht mhór acu sin dul i mbun cascáide chuig earnálacha eile. D’fhéadfadh roinnt bonneagair chriticiúil mhuirí amhail calafoirt a bheith níos leochailí de bharr thionchair an athraithe aeráide, go háirithe ardú ar leibhéal na farraige. Tuairiscíonn díreach os cionn leath na dtíortha go bhfuil beartais i bhfeidhm chun bonneagar criticiúil a chosaint. Tuairiscíonn aon trian de na tíortha go bhfuil bearta sonracha i bhfeidhm acu, amhail pleanáil le haghaidh cosaint shibhialta, measúnuithe agus anailís ar rioscaí agus bagairtí, comhar idir údaráis agus oibreoirí, gnéithe nós imeachta agus teicniúla agus bearta a bhaineann go sonrach le riosca.
Le beartais airgeadais inbhuanaithe, soláthraítear deiseanna le haghaidh bearta maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus bearta coiscthe riosca. Mar aon leis sin árachas ó thubaistí a thacaíonn leis an téarnamh ó thubaiste, is féidir leis ról a bheith aige maidir le cosc a dhreasú agus ‘atógáil níos cliste’. Luann roinnt tíortha sna tuarascálacha náisiúnta árachas mar fhoinse maoinithe riosca tubaiste ón earnáil phríobháideach. Léiríonn suirbhé ar árachas tubaiste a rinneadh i measc saineolaithe náisiúnta um chosc tubaistí go gcumhdaíonn árachas roinnt mhaith tubaistí ó ghuaiseacha nádúrtha ar fud na mBallstát. Mar sin féin, tá bearna shuntasach i gcosaint na haeráide mar gheall ar bhacainní éagsúla amhail costas árachais, coinníollacha teorannaithe, uasteorainneacha ar chúiteamh, easpa árachais atá le fáil i limistéir ardriosca.
H.
Sásraí náisiúnta airgeadais phoiblí agus phríobháidigh
Is gá cistiú leordhóthanach a thabhairt d’infheistíochtaí bainistithe riosca tubaistí. Tá gá le hairgeadas poiblí náisiúnta láidir chun freastal ar an bhfreagairt ar thionchair mhéadaitheacha a bhaineann leis an aeráid agus ar an téarnamh uathu, agus ar bhearta ullmhachta, coisc agus oiriúnúcháin don athrú aeráide. Soláthraítear samplaí de shásraí náisiúnta maoinithe riosca tubaiste i roinnt mhaith tuarascálacha. Áirítear orthu sin cúlchistí teagmhasacha nó cistí sonracha tubaiste (a thuairiscítear a bheith le fáil i roinnt tíortha) agus aistriú riosca airgeadais tubaistí le cabhair ó ghníomhaithe príobháideacha go háirithe i bhfoirm árachastubaiste. Tuairiscíonn beagán os cionn leath de na tíortha maidir le forálacha solúbtha buiséid, i bhfoirm buiséad cúlchiste agus cistí teagmhasacha chun freastal ar éigeandálaí. Is beag tír a thuairiscigh cistiú tiomnaithe le haghaidh coisc chun freastal ar an ngá méadaitheach atá le hinfheistíocht chun caillteanais a laghdú trí athléimneacht neartaithe. Níos minice ná sin, thuairiscigh tíortha go bhfuil buiséid le fáil don ullmhacht agus don fhreagairt éigeandála.
Cé go bhfuil cistiú ón Aontas le fáil le haghaidh bainistiú rioscaí tubaistí, lena n‑áirítear chun tubaistí a chosc, tá an glacadh a thuairiscítear teoranta, áfach. Cé gur luaigh dhá thrian de na tíortha roinnt cistí de chuid an Aontais, níl an tuairisciú comhleanúnach ná cuimsitheach. Mar shampla, níor luaigh ach thart ar an gceathrú cuid an úsáid a baineadh as cistí beartais struchtúracha agus comhtháthaithe (2014‑2020), cé gur bhain thart ar dhá thrian de Bhallstáit an Aontais úsáid as na cistí sin le haghaidh caiteachas ar bhainistiú riosca tubaistí.
I gcás gach tíre, tá formheas na gcaiteachas ar bhainistiú riosca tubaiste faoi chistí an bheartais comhtháthaithe sa chlárthréimhse 2021‑2027 ag brath ar chur isteach thuarascálacha Airteagal 6 (coinníollacha cumasúcháin). Áirítear sna tuarascálacha achoimre DRM a fuarthas na príomhrioscaí a bhaineann leis an tír, ach níor soláthraíodh ach faisnéis an‑teoranta maidir le foinsí cistithe, beartú tosaíochta agus creat ama chun bearta den sórt sin a chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, bhain an Coimisiún leas as foinsí breise agus comhlántacha faisnéise a chuir na Ballstáit isteach, amhail straitéisí oiriúnaithe agus uirlisí agus straitéisí pleanála náisiúnta eile, chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha sin ag Ballstáit an Aontais chun rochtain a fháil ar chistiú bheartas comhtháthaithe an Aontais.
I bhfianaise an mhéid thuas, déantar na moltaí seo a leanas maidir le príomhshruthú agus infheistíocht i mbainistiú riosca tubaistí a chur chun cinn.
|
Déanfaidh na Coimisiún an méid seo a leanas:
·Na Ballstáit agus na Stáit Rannpháirteacha a spreagadh chun úsáid níos córasaí a bhaint as cistí an Aontais atá le fáil le haghaidh infheistíocht i gcosc, in ullmhacht agus in oiriúnú don athrú aeráide.
·Cuimhneamh ar roghanna le haghaidh cur chuige trasearnála níos láidre chun cosc riosca tubaistí a dhreasú i bpríomhbheartais agus príomhchistí.
Iarrtar ar na Ballstáit agus ar na Stáit Rannpháirteacha an méid seo a leanas a dhéanamh:
·An gá atá le straitéisí trasearnálacha maidir le bainistiú riosca tubaistí a chur san áireamh chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar roghanna maoinithe náisiúnta do riosca tubaistí, agus maidir lena gcosc freisin.
·Cuimhneamh ar chistiú a mhéadú le haghaidh bainistiú riosca tubaistí agus oiriúnú don athrú aeráide sna clárthréimhsí atá ann faoi láthair.
|
4.DUL CHUN CINN MAIDIR LE CREAT DLÍTHIÚIL AN AONTAIS LE hAGHAIDH ATHLÉIMNEACHT Ó THUBAISTÍ
Cuidíonn réimse leathan reachtaíochta earnála agus beartas de chuid an Aontais le hathléimneacht ó thubaistí a neartú. Tá níos mó i gceist leis an gcreat dlíthiúil agus beartais chun rioscaí tubaiste a bhainistiú ná an chosaint shibhialta. Luadh é sin cheana féin san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoirlínte Tuairiscithe 2019 maidir le Bainistiú Riosca Tubaistí, ina ndéantar tagairt do bheartais an Aontais lena gcumhdaítear gnéithe iomadúla de bhainistiú riosca tubaistí. Ó bhí mí na Nollag 2019 ann, tá tuilleadh forbartha déanta ag an Aontas ar a bheartas agus ar a chreat dlíthiúil, a bhaineann leis an gComhaontú Glas don Eoraip, leis na bearta a glacadh chun dul i ngleic le paindéim COVID‑19 agus le cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine. Áirítear an méid seo a leanas ar shamplaí de na forbairtí is déanaí ar gá tuilleadh machnaimh a dhéanamh orthu sna hiarrachtaí chun dlús a chur le cosc agus ullmhacht sna Ballstáit agus, i gcás inarb infheidhme, sna Ballstáit Rannpháirteacha:
·Dlí Aeráide AE lena n‑áirítear na cuspóirí maidir le hoiriúnú don athrú aeráide. Ba cheart do Mheasúnú Riosca Aeráide an Aontais Eorpaigh (EUCRA), tuarascáil [atá le teacht] de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil, a bheith mar bhonn eolais do mheasúnuithe riosca aeráide agus tubaistí amach anseo. Chuir faisnéis maidir le príomhghuaiseacha agus tionchair a bhaineann leis an aeráid a thuairiscigh tíortha sna tuarascálacha achoimre DRM le EUCRA.
·Leis an Treoir maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil cumhdaítear ullmhacht, freagairt agus comhar idirnáisiúnta maidir le raon níos leithne earnálacha a sainaithníodh a bheith leochaileach de réir mheasúnú riosca Airteagal 6. Cumhdaítear leis freisin riaracháin phoiblí amhail iad siúd atá i gceannas ar chosaint shibhialta. Ní mór do Bhallstáit an Aontais measúnuithe riosca a dhéanamh agus measúnuithe riosca an tSásra Aontais um Chosaint Shibhialta á gcur san áireamh. Ní mór d’oibreoirí eintitis chriticiúla measúnú riosca a fhorbairt freisin agus bearta coisctheacha agus cosanta a chur chun feidhme. Leis an Treoir maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála bunaítear sásra le haghaidh bainistíocht cibear‑ghéarchéime i gcomhréir iomlán le sásraí cothrománacha agus earnála, lena n‑áirítear an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta. Ceanglaítear leis an Treoir go ndéanfar measúnuithe riosca slándála comhordaithe ar shlabhraí soláthair criticiúla.
·Tá cur chun feidhme na Treorach maidir le Tuilte agus na Treorach Réime maidir le hUisce tábhachtach do bhainistiú riosca tubaistí. Leasaíodh nó tugadh isteach roinnt dlíthe uisce de chuid an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe athléimneachta ó thubaistí, go háirithe rioscaí i slabhra soláthair an uisce óil agus rochtain ar uisce óil sábháilte agus athúsáid fuíolluisce don earnáil talmhaíochta chun aghaidh a thabhairt ar an nganntanas uisce atá ag dul i méid agus ar thriomaigh.
·I Straitéis Foraoise an Aontais do 2030 iarrtar foraoisí níos athléimní agus bainistiú ceart orthu sna criosanna riosca dóiteáin. Iarrtar go ndéanfaí bainistiú agus pleanáil tírdhreacha, athchóiriú éiceachórais, bainistiú breosla trí innilt agus dóiteáin rialaithe, agus go mbeidh an saineolas agus na hacmhainní atá le fáil sna réimsí beartais ábhartha uile i gceist le bainistiú comhtháite ar riosca falscaithe.
·Tá méadú tagtha ar an ullmhacht le haghaidh paindéimí amach anseo agus le haghaidh bagairtí sláinte eile ar gá aird a thabhairt orthu ar leibhéal an Aontais le glacadh Aontas Sláinte na hEorpa agus le bunú an Údaráis um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte (HERA).
·Leis an gCód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach ceanglaíodh ar na Ballstáit córais rabhaidh phoiblí a bhunú chun an daonra a chur ar an eolas faoi 2022 ar fhóin phóca.
·Is féidir leis an tacsanomaíocht le haghaidh infheistíochtaí inbhuanaithe cuidiú le maoiniú príobháideach a mhealladh le haghaidh bearta múscailte feasachta maidir le rioscaí tubaiste agus bearta oiriúnaithe le haghaidh raon leathan gníomhaíochtaí eacnamaíocha. Iarradh i straitéis airgeadais inbhuanaithe an Aontais gur gá leibhéil litearthachta maidir le rioscaí aeráide a ardú i measc gníomhaithe airgeadais chun feabhas a chur ar an tuiscint ar infheistíochtaí ardriosca i bhfianaise rioscaí a bhaineann leis an aeráid. Is féidir le gníomhaíochtaí múscailte feasachta i ndáil le riosca tubaiste cur leis an litearthacht sin.
·Tá cistiú ón Aontas le fáil le haghaidh bainistiú riosca tubaistí faoi roinnt ionstraimí de chuid an Aontais, amhail cistí beartais chomhtháthaithe, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Ó 2021 go 2027, ba é beagnach EUR 26 bhilliún méid iomlán na tacaíochta ón Aontas a cuireadh i leataobh do DRM agus oiriúnú don athrú aeráide faoi na trí ionstraim sin. Tacaíonn an clár Fís Eorpach um thaighde agus um nuálaíocht freisin le bainistiú riosca tubaistí. Ina theannta sin, cumhdaíonn Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh damáiste de dheasca tubaistí go pointe áirithe. Ós rud é go bhfuil méadú tagtha ar an damáiste eacnamaíoch a rinneadh mar thoradh ar thubaistí san Eoraip, ba cheart cuimhneamh ar an gCiste a threisiú tuilleadh.
·Tá saineolas teicniúil saincheaptha ar fáil do na Ballstáit trí Ionstraim an Choimisiúin Eorpaigh um Thacaíocht Theicniúil (STI), agus is féidir leis cuidiú leis na Ballstáit athchóirithe a cheapadh agus a chur chun feidhme, lena n‑áirítear i réimse an bhainistithe riosca tubaistí. Faoin Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta, tacaítear freisin le cúnamh teicniúil agus le tionscadail ar an leibhéal náisiúnta agus le tionscadail trasteorann arb é is aidhm dóibh bainistiú riosca tubaistí a neartú.
·I gcomhthéacs an Athchóirithe ar Rialachas Eacnamaíoch, chuaigh an Coimisiún i dteagmháil go gníomhach le páirtithe leasmhara (Aireachtaí Airgeadais na mBallstát, institiúidí fioscacha neamhspleácha, eagraíochtaí neamhrialtasacha, agus árachóirí) maidir le conas costas fioscach an athraithe aeráide a léiriú sna creataí buiséadacha náisiúnta. Is é is aidhm don athbhreithniú ar na príomhchoincheapa maidir le maoiniú rioscaí tubaiste, fianaise ó na Ballstáit, agus na príomhghnéithe de straitéis maoinithe rioscaí tubaiste chun costas fioscach tubaistí a bhaineann leis an aeráid a theorannú feasacht a ardú agus malartú dea‑chleachtas a chur chun cinn i measc na mBallstát.
Le bainistíocht riosca trasearnála atá éifeachtach agus comhleanúnach, ní mór na forbairtí sin agus forbairtí amach anseo a chur san áireamh i dtimpeallacht athraitheach an bheartais bainistithe riosca. Tugadh faoi deara san athbhreithniú meántéarma ar chreat Sendai go gcuireann an iliomad beartas le laghdú rioscaí tubaiste amhail tuilte agus bainistíocht riosca triomaigh i mbeartas uisce, beartas cibearshlándála, beartais foraoiseachta agus bithéagsúlachta, beartais sláinte, taighde agus uirlisí le haghaidh bainistiú riosca tubaistí amhail faire na cruinne.
5.AN BEALACH CHUN CINN I dTREO EORAIP A BHEIDH ATHLÉIMNEACH Ó THAOBH TUBAISTÍ DE
Téann bainistiú riosca tubaistí chun tairbhe don tsochaí ina hiomláine agus tá ról ríthábhachtach aige maidir le sochaithe athléimneacha a fhorbairt. Cuireann an iliomad básanna de bharr tubaistí sna teagmhais adhaimsire le blianta beaga anuas i gcuimhne dúinn, is cuma cé chomh tapa agus atá an fhreagairt, go soláthróidh an cosc na buntáistí is mó san fhadtéarma. Tá sé fíor‑riachtanach an chéad tubaiste eile a chosc agus ullmhú dó más mian linn ár sochaí, ár ndúlra agus ár n‑oidhreacht chultúrtha a chosaint. Ní féidir leis an gcosaint shibhialta oibriú ar leithlis; tá sé fíor‑riachtanach oibriú le chéile ar fud na n‑earnálacha le linn an timthrialla iomláin bainistithe riosca tubaiste.
Cuireadh an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta ar bun chun creat de chuid an Aontais a chruthú le haghaidh cúnaimh chun freagairt do thubaistí nuair a bhíonn na hacmhainneachtaí náisiúnta faoi bhrú. Le himeacht na mblianta, leathnaíodh an creat sin le hathbhreithnithe ar an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta chun dul níos faide ná freagairt do thubaistí agus raon níos leithne d’ullmhacht agus de chosc tubaistí a chuimsiú. Le hAirteagal 6 bunaítear creat le haghaidh bainistíocht riosca. Léirítear sa tuarascáil sin, cé go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta, go bhfuil raon feidhme ann fós níos mó a dhéanamh ar leibhéil éagsúla.
Le spriocanna an Aontais maidir le hathléimneacht ó thubaistí a glacadh i mí Feabhra 2023, ardaítear na geallta maidir le tubaistí a chosc agus gníomhaíocht bainistithe riosca a dhéanamh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta agus leagtar síos clár oibre comhchoiteann uaillmhianach as seo amach. I gcomhréir leis na gníomhaíochtaí a leagtar amach sa Teachtaireacht maidir le spriocanna an Aontais maidir le hathléimneacht ó thubaistí, sainaithníodh sa Tuarascáil seo roinnt gníomhaíochtaí agus moltaí comhlántacha a bhfuil gá leo chun na spriocanna sin a bhaint amach i dtíortha an tSásra Aontais um Chosaint Shibhialta. Is rannchuidiú coincréiteach ón bpobal cosanta sibhialta iad spriocanna an Aontais maidir le hathléimneacht ó thubaistí chun ár n‑athléimneacht fhoriomlán i leith tubaistí san Eoraip a chothú. Iarrtar ar na Ballstáit agus ar na Stáit Rannpháirteacha beart a dhéanamh chun na spriocanna sin a chur chun feidhme agus dul chun cinn a dhéanamh maidir leis na spriocanna sin a bhaint amach, lena n‑áirítear i gcomhthéacs na ngníomhaíochtaí éagsúla faoi Airteagal 6.
Tá méadú ollmhór ag teacht ó dhamáiste ó theagmhais thurraingeacha, ach tá ár n‑inniúlacht fhoriomlán turraingí den sórt sin a ionsú agus teacht chugainn féin teoranta. Dá bhrí sin, tá gá le hinfheistíocht coisc níos mó agus níos fearr i gcur chuige ‘an Aontais ina iomláine’. De réir mar atá athrú ag teacht ar thimpeallacht na rioscaí tubaiste agus aghaidh á tabhairt againn ar iarmhairtí an athraithe aeráide, leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair gan stad gan staonadh chun athléimneacht an Aontais i leith rioscaí a bheidh ann amach anseo a threisiú a thuilleadh.