An Bhruiséil,25.10.2024

COM(2024) 121 final/2

CORRIGENDUM

This document corrects document COM(2024) 121 final of 18.3.2024

Concerns all language versions

To amend the errors in Section 2.4, amend footnotes 7 and 67, delete previous footnote 61 and delete one sentence in Section 2.3

The text shall read as follows:

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Maidir le cur chun feidhme an Chláir Oibre Eorpaigh Nua um Nuálaíocht


TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Maidir le cur chun feidhme an Chláir Oibre Eorpaigh Nua um Nuálaíocht

1.Réamhrá – Staid an Chláir Oibre Eorpaigh Nua um Nuálaíocht

1.1. Cuspóir na tuarascála

An 5 Iúil 2022, glacadh an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an gClár Oibre Eorpach Nua um Nuálaíocht (NEIA) ( 1 ). Tá sé d’aidhm ag NEIA an Eoraip a chur ar thús cadhnaíochta i sruth nua na nuálaíochta teicneolaíochta doimhne, agus teicneolaíochtaí nua á bhforbairt chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shochaíocha phráinneacha, agus iad á dtabhairt go dtí an margadh. Is é atá i gceist le nuálaíocht na teicneolaíochta doimhne nuálaíocht atá fréamhaithe in eolaíocht, teicneolaíocht agus innealtóireacht cheannródaíoch. Leis an gcineál nuálaíochta sin is minic a chomhcheanglaítear dul chun cinn sna réimsí fisiciúla, bitheolaíocha agus digiteacha agus tá an acmhainneacht inti réitigh chlaochlaitheacha a sholáthar agus aghaidh á tabhairt ar dhúshláin dhomhanda.

Chun an timpeallacht is fearr a sholáthar chun go mbeidh nuálaíocht na teicneolaíochta doimhne faoi bhláth san Eoraip agus chun go bhfásfaidh cuideachtaí nuálacha, le NEIA tugtar achoimre ar 25 ghníomhaíocht a ghrúpáiltear faoi chúig réimse shuaitheanta 1) gnólachtaí atá ag méadú a chistiú; 2) an nuálaíocht a chumasú trí spásanna turgnamhaíochta agus an soláthar poiblí; 3) dlús a chur leis an nuálaíocht agus í a neartú in éiceachórais nuálaíochta na hEorpa ar fud an Aontais agus aghaidh a thabhairt ar an deighilt nuálaíochta; 4) tallann a chothú, a mhealladh agus a choinneáil; agus 5) feabhas a chur ar uirlisí ceaptha beartais.

Mar a luaitear i gconclúidí NEIA, ‘Déanfaidh an Coimisiún faireachán agus tuairisciú ar dhul chun cinn agus tionchar na ngníomhaíochtaí a shainaithnítear sa Teachtaireacht seo faoi 2024, i ndlúthchomhar le hionadaithe na mBallstát i bhFóram na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí (CNE)’. Leis an tuarascáil seo comhlíontar an gealltanas sin, ach díriú ar staid na himeartha agus aschuir na ngníomhaíochtaí éagsúla, agus beidh gá le hamlíne níos faide chun meastóireacht iomlán a dhéanamh ar a dtionchar. Ó tionscnaíodh é, d’eisigh an Coimisiún nuashonruithe go tráthrialta ar dhul chun cinn NEIA ar roinn thiomnaithe de shuíomh gréasáin Europa ( 2 ). Soláthraíodh nuashonruithe tráthrialta dóibh seo a leanas freisin: na Ballstáit agus Tíortha Comhlachaithe Fís Eorpach ag cruinnithe Fhóram CNE ( 3 ), chomh maith le Bord CNE, cumraíocht ábhartha Choiste Cláir Fís Eorpach agus institiúidí agus comhlachtaí an Aontais ( 4 ).

18 mí tar éis a ghlactha, tá na 25 phríomhghníomhaíocht uile a fógraíodh in NEIA curtha i gcrích nó tá siad ar siúl. Ina theannta sin, sheol an Coimisiún nó institiúidí eile den Aontas, ó glacadh NEIA, roinnt gníomhaíochtaí breise lena dtacaítear le NEIA. Ar deireadh, d’fhógair na Ballstáit agus na Tíortha Comhlachaithe ( 5 ) faoi chuimsiú Fhóram CNE, níos mó ná 200 tionscnamh lena dtacaítear le NEIA ar an leibhéal náisiúnta lena ngabhann gníomhaíochtaí reachtacha, tionscnaimh bheartais nó scéimeanna cistiúcháin. Leis an tuarascáil seo, soláthraítear freisin samplaí de na gníomhaíochtaí tacaíochta sin.

Bunaithe ar an dul chun cinn a rinneadh agus ar an gcomhthéacs Eorpach agus domhanda atá ag teacht chun cinn, leis an tuarascáil seo sainaithnítear na chéad bhearta eile le haghaidh chur chun feidhme NEIA.

1.2. Comhthéacs Eorpach agus domhanda atá ag teacht chun cinn

Tá timpeallacht na nuálaíochta á claochlú go mear agus go leanúnach agus ó glacadh NEIA, athraíodh an comhthéacs domhanda agus Eorpach go mór.

Ar leibhéal domhanda, chuir na príomhghníomhaithe eacnamaíocha go mór le hinfheistíochtaí agus tionscnaimh chun an nuálaíocht intíre a dhaingniú. Ghlac na Stáit Aontaithe an tAcht um Boilsciú a Laghdú, lena leagtar amach pleananna le haghaidh nach mór USD 400 billiún in infheistíocht i dtionscadail ghlasa agus dhigiteacha ( 6 ) agus an tAcht um Shliseanna agus Eolaíocht (ar fiú USD 280 billiún é) i réimse na leathsheoltóirí. Tá na Stáit Aontaithe ag tacú freisin le moil nuálaíochta ar fud na tíre agus tá ARPA ( 7 ), mar a ghairtear dó, á leathadh acu, ar samhail é chun borradh a chur faoi nuálaíocht i mbonneagar iompair, fuinneamh agus sláinte. Tá iarrachtaí móra á ndéanamh ag an tSín mar an gcéanna chun an nuálaíocht a chur chun cinn, mar shampla tríd an tionscnamh ‘Made in China 2025’. Le blianta beaga anuas, tíortha ardioncaim (amhail an Araib Shádach) agus geilleagair mheánioncaim éiritheacha (amhail an Indinéis, an Tuirc, an India, Vítneam, an Bhrasaíl, na hOileáin Fhilipíneacha agus an Iaráin), chuir siad uile feabhas ar a seasamh i ranguithe Innéacs Domhanda na Nuálaíochta ( 8 ).

Leis na forbairtí sin tá an bealach á réiteach chun na ceannaireachtaí teicneolaíocha atá ann cheana a dhaingniú nó a cheistiú ar leibhéal domhanda i bpríomhtheicneolaíochtaí amhail ceallraí, hidrigin, fótavoltachas, fuinneamh gaoithe, teicneolaíochtaí spáis agus tiomána, candam agus sliseanna. Sa chomhthéacs sin, leis na dúshláin mhéadaitheacha agus idirnasctha atá nasctha le borradh a chur faoin iomaíochas, dlús a chur leis na haistrithe glasa agus digiteacha, agus uathriail straitéiseach oscailte ( 9 ) agus slándáil eacnamaíoch araon a áirithiú, spreagadh an tAontas chun tionscnaimh agus ionstraimí nua a sheoladh tar éis ghlacadh NEIA. Orthu sin tá Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais ( 10 ), agus tionscnaimh choincréiteacha faoi amhail an Gníomh um an Tionscal Glan‑nialasachta ( 11 ) nó an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla ( 12 ), chomh maith leis an Teachtaireacht Eorpach maidir le Slándáil Eacnamaíoch ( 13 ). An Gníomh Eorpach um Shliseanna ( 14 ), ghlac na comhreachtóirí agus an tArdán Eorpach um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha (STEP) ( 15 ) é, arb é is aidhm dó borradh a chur faoi infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí criticiúla san Eoraip, agus chomhaontaigh na comhreachtóirí é i mí Feabhra 2024. Ina theannta sin, i mí Feabhra 2024 glacadh tionscnamh chun tacú le ceannaireacht thionsclaíoch in ábhair shárfhorbartha ( 16 ). Sna tionscnaimh sin uile, tábhacht na nuálaíochta, lena n‑áirítear an nuálaíocht teicneolaíochta doimhne, cuirtear i dtábhacht í mar gheall ar an ról ríthábhachtach atá aici i slabhraí soláthair a bheidh ann amach anseo agus atá ag teacht chun cinn, mar a chuir Uachtarán an Choimisiúin i dtábhacht ina haitheasc ar Staid an Aontais i mí Mheán Fómhair 2023 ( 17 ).

2.Staid chur chun feidhme ghníomhaíochtaí NEIA sna cúig réimse shuaitheanta

2.1.Cistiú le haghaidh gnólachtaí teicneolaíochta doimhne atá ag méadú

Faoin réimse suaitheanta sin, is é is aidhm do NEIA dul i ngleic leis na bacainní lena gcoisctear infheistíocht agus fás le haghaidh gnólachtaí teicneolaíochta doimhne atá ag méadú. De bharr a gcineáil dhéin ar chaipiteal, a neamhshiméadrachta faisnéise (agus infheisteoirí ann nach bhfuil chomh heolach céanna leo sin a oibríonn sa teicneolaíocht dhomhain) agus a n‑agaí tionscanta fada ( 18 ), tá gá ag gnólachtaí nuathionscanta domhainteicneolaíochta le hinfheistíocht chothromais shubstaintiúil chun barr a gcumais a bhaint amach. Mar sin féin, margaí caipitil na hEorpa, arb é is saintréith dóibh spleáchas ar iasachtú bainc, leanann siad d’fhios gnó neamh‑leordhóthanach a bheith acu, níl bonn infheisteoirí leathan acu lena n‑áirithítear soláthar caipitil ard ná níl siad nasctha go leordhóthanach chun an bonn caipitil a bhfuil gá ag na cuideachtaí sin leis a sholáthar. ( 19 )

Is gá don Aontas na foinsí caipitil phríobháidigh atá ann cheana ach atá neamhshaothraithe faoi láthair a shlógadh (amhail cistí pinsin Eorpacha, ag a bhfuil laghdú á dhéanamh faoi láthair ar a n‑infheistíochtaí atá teoranta cheana i gcaipiteal príobháideach ( 20 ), chomh maith le bainisteoirí sócmhainní agus cuideachtaí árachais) i dtreo cuideachtaí nuálacha, lena n‑áirítear trí chistí caipitil fiontair. Thairis sin, chun dul i ngleic le hacmhainneacht neamhshaothraithe tallainne caipitil fiontair ó thaobh inscne ( 21 ), is gá don Eoraip éiceachóras infheistíochta níos cuimsithí agus éagsúla a chaomhnú le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta domhainteicneolaíochta. ( 22 )

Gníomhaíochtaí NEIA a cuireadh i gcrích

Tá sé d’aidhm ag an togra ón gCoimisiún le haghaidh an Ghnímh um Liostú ( 23 ), arna ghlacadh i mí na Nollag 2022, ceanglais liostúcháin a shimpliú – le haghaidh cuideachtaí ar mhargaí caipitil an Aontais den chuid is mó – chun costais a laghdú agus deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú le haghaidh eisitheoirí, le linn cosaint infheisteoirí agus sláine an mhargaidh a chosaint an tráth céanna. Leis an nGníomh um Liostú cuirtear ar aghaidh comhchuibhiú íosta ar chórais náisiúnta lena gceadaítear struchtúir scaireanna ilvóta, chun é a chur ar a gcumas do chuideachtaí beaga, lena n‑áirítear gnólachtaí nuathionscanta, sna Ballstáit uile méideanna níos mó cistí a chruinniú trí scaireanna dá gcuideachtaí a eisiúint, le linn rialú ar chinntí bainistíochta a choinneáil tar éis liostú an tráth céanna. Tá an chaibidlíocht a rinneadh go luath in 2024 tugtha chun críche ag na comhreachtóirí agus tá coinne leis go bhfoilseofar an gníomh le linn na bliana seo.

An togra ón gCoimisiún le haghaidh treoir maidir le liúntas um chlaontacht fiachais‑cothromais a laghdú (DEBRA) ( 24 ) maidir le cáin chorparáide, glacadh é i mí na Bealtaine 2022. Is é an cuspóir atá ann aghaidh a thabhairt ar an gcóireáil cánach neamhshiméadrach atá ann faoi láthair i bhformhór na mBallstát idir maoiniú fiachais agus cothromais ina láimhseáiltear fiachas ar bhealach níos fabhraí ná cothromas. Leis an togra seo dhreasófaí gnólachtaí chun fás/méadú a chistiú trí chothromas a chruinniú seachas iasacht a fháil. Cuireadh na pléití ar an togra ar fionraí sa Chomhairle i mí na Samhna 2022. Iarrann an Coimisiún ar an gComhairle atosú go mear ar an bplé maidir leis an togra ón gCoimisiún.

In 2022 seoladh an clár Women2Invest, clár de chuid na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT). Leis sin féachtar le cuidiú le mná ag a bhfuil cúlraí san eolaíocht, sa teicneolaíocht, san innealtóireacht, sna healaíona agus sa mhatamaitic (STEAM) tosú ar ghairmeacha san infheistíocht fiontair. Lean dhá ghrúpa de 131 thairbhí de 25 náisiúntacht Eorpacha socrúchán oibre 8 seachtaine cheana i gcistí caipitil fiontair faoin gclár. Roghnófar grúpaí breise in 2024-2025.

Gníomhaíochtaí NEIA atá ar siúl

Is é is aidhm do leathnú shásra na Gníomhaíochta Uas-scálaithe Eorpaí le haghaidh caipiteal riosca (ESCALAR) faoin gclár InvestEU, cistiú caipitil fiontair a shlógadh le haghaidh gnólachtaí ardfháis atá ag méadú. Go sonrach, is é is aidhm don tionscnamh rannpháirtíocht níos mó ó infheisteoirí ag a bhfuil col le riosca (amhail cistí pinsin agus cuideachtaí árachais) a spreagadh i gcistí caipitil fiontair uas-scálaithe, trína riosca a laghdú mar mhalairt ar chaidhpeáil a dhéanamh ar na fáltais fhéideartha a d’fhéadfadh siad a fháil. Go sonrach, is é is aidhm dó foinsí neamhshaothraithe caipitil institiúidigh a mhealladh trí dheiseanna comhinfheistíochta fabhracha a sholáthar i gcistí caipitil fiontair.

I mí na Bealtaine 2023, bhuail an Coimisiún le grúpa infheisteoirí institiúideacha Eorpacha a dheimhnigh go raibh suim acu i dtáirgí de chineál ESCALAR. Mar thoradh air sin d’eagraigh an Ciste Eorpach Infheistíochta (CEI) ( 25 ) agus InvestEurope ( 26 ) ceardlann leantach chun glao tiomnaithe a chur chun cinn, ( 27 ) rud a seoladh i bhFómhar 2023. Is é is aidhm don ghlao idirghabhálaithe airgeadais incháilithe a roghnú chun teacht chun bheith ina nIdirghabhálaithe Airgeadais ESCALAR agus ba cheart go mbeadh an roghnúchán curtha i gcrích in 2024.

Tá clár píolótach CNE á fhorbairt freisin chun innéacs Eorpach maidir le nuálaíocht, inscne agus éagsúlacht a chruthú. Leis an gclár féachfar leis an mbearna idir na hinscní agus an bearna maidir le héagsúlacht san infheistíocht i ngnólachtaí nuathionscanta domhainteicneolaíochta a thomhas. Tá an tionscadal ( 28 ) ag dul ar aghaidh, agus tá coinne leis go mbeidh na chéad torthaí ann faoi dheireadh 2024.

Gníomhaíochtaí breise

Faoi Fís Eorpach, tá an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach (CNE) ( 29 ) ag cuidiú leis an Eoraip oibriú i dtreo a huaillmhianta teicneolaíochta doimhne a bhaint amach, is é sin taighde teicneolaíochta doimhne Eorpach den scoth a thiontú ina nuálaíochtaí agus nuálaíochtaí teicneolaíochta doimhne radacacha a chur in úsáid ar scála. Tá na huaillmhianta sin á mbaint amach go rathúil ag CNE trí smaointe ceannródaíocha a thagann as an mbonn taighde a shainaithint agus mais chriticiúil cumais a thógáil lena nasctar taighdeoirí le nuálaithe, infheisteoirí, FBManna agus corparáidí i réimsí straitéiseacha amhail teicneolaíochtaí candamacha, teicneolaíochtaí agus seirbhísí spáis nuálacha, teiripí cille agus géinteiripí, teicneolaíochtaí hidrigine agus ceallraí.

Tá CNE ar an infheisteoir caipitil fiontair teicneolaíochta doimhne is mó san Eoraip ( 30 ) agus soláthraíonn sé teaglaim uathúil d’infheistíocht thraidisiúnta deontais phoiblí agus infheistíocht fhoighneach de chineál cothromais dhírigh i gcuideachtaí. Tá an méid sin ina chuidiú chun aghaidh a thabhairt ar bhearna chriticiúil san Eoraip ina bhfuil caipiteal fiontair róbheag agus ró‑ilroinnte. Rud atá tábhachtach, tríd an infheistíocht sin a sholáthar i gcomhpháirtíocht le hinfheisteoirí príobháideacha, tá CNE ag cuidiú freisin le bonn infheisteoirí teicneolaíochta doimhne na hEorpa a fhorbairt agus úsáid a bhaint as eolas réimse speisialaithe infheisteoirí agus líonraí infheisteoirí príobháideacha chun cuidiú le cuideachtaí a dtacaíonn CNE leo a mhéadú.

Tar éis beagán níos mó ná bliain oibríochtaí, tá cinntí infheistíochta déanta ag Ciste CNE anois le haghaidh níos mó ná 200 cuideachta ar fiú i bhfad os cionn EUR 1 bhilliún iad san iomlán. Leis na cinntí infheistíochta sin ‘plódaíodh isteach’ EUR 3,5 d’infheistíocht phríobháideach bhreise le haghaidh gach euro infheistíochta trí CNE i ngnólachtaí nuathionscanta agus FBManna ardacmhainneachta. Bhí rath ar chuideachtaí atá cistithe ag CNE freisin chun leibhéil mhóra maoiniúcháin iarmhartaigh a dhaingniú agus méadú mór ar a luachálacha a ghnóthú, agus luachálacha ‘ceinteáir’ ( 31 ) á mbaint amach ag i bhfad os cionn 100 cuideachta anois tar éis sholáthar thacaíocht CNE.

I mí Feabhra 2023, chuir Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta Tionscnamh na gCeannródaithe Teicneolaíochta Eorpacha (ETCI) ar bun, arb é is aidhm dó infheistíochtaí fiontair dhéanacha, ar scála níos mó, a sholáthar i ngnólachtaí teicneolaíochta doimhne atá ag méadú. Tá coinne leis go ndéanfar le ETCI 10-15 infheistíocht i gcistí caipitil fáis/caipitil fiontair móra (agus thart ar EUR 1 bhilliún ann i sócmhainní faoi bhainistíocht). Is é an sprioc atá ann níos mó ná EUR 10 mbilliún d’infheistíochtaí príobháideacha a shlógadh i gcuideachtaí nuálacha i gcéim a bhfáis. Le Ciste ETCI, rud a bhainistítear le CEI faoi shainordú ón mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus Ballstáit rannpháirteacha ( 32 ), daingníodh EUR 3,75 billiún de chistí poiblí. Le CEI tá tacaíocht á tabhairt cheana do cheithre chiste atá bunaithe san Aontas ( 33 ) agus tá comhlántachtaí leis na hionstraimí cistiúcháin atá san Aontas cheana á lorg an tráth céanna ( 34 ).

Leis an tionscnamh Startup Europe ( 35 ) neartaítear deiseanna líonraithe le haghaidh gnólachtaí teicneolaíochta doimhne atá ag méadú agus forbróirí éiceachórais chun dlús a chur le fás an ardáin gnólachta nuathionscanta Eorpaigh.

Le Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don ré ghlan‑nialasach, rud a foilsíodh i mí Feabhra 2023, áirítear colún maidir le rochtain níos tapa ar chistiú leordhóthanach a chur chun cinn arb é is aidhm dó acmhainní airgeadais poiblí agus príobháideacha a shlógadh chun tacú leis an aistriú glas. Leis an nGníomh um an Tionscal Glan‑nialasachta áirítear cruthú acadamh scileanna chun scileanna an lucht saothair Eorpaigh a fheabhsú go mear i bpríomhearnálacha glan‑nialasacha, ag cur le rath tionscnamh ar nós Acadamh Ceallraí na hEorpa rud atá á bhainistiú ag EIT. Tá an cur chuige sin á leathnú ag EIT le cur chun feidhme Acadamh Eorpach na Gréine.

Thairis sin, an Ciste don Nuálaíocht, lena dtacaítear le tionscadail i dteicneolaíochtaí ísealcharbóin nuálacha, rinneadh é a leathnú agus a dhaingniú. ( 36 ) An tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP), a glacadh i mí Feabhra 2024, tá sé d’aidhm aige borradh a chur faoi infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí criticiúla san Eoraip, lena n‑áirítear trí chistiú carnach nó comhcheangailte a éascú ó ionstraimí éagsúla de chuid an Aontais.

Leis an bpacáiste fóirithinte do FBManna, rud a foilsíodh i mí Mheán Fómhair 2023, áirítear bearta chun feabhas a chur ar rochtain ar mhaoiniú le haghaidh FBManna, amhail é a éascú maoiniú inbhuanaithe agus margaí soláthair phoiblí a rochtain ( 37 ).

Bhí an Coimisiún rannpháirteach go gníomhach in NEIA agus éiceachórais nuálaíochta na hEorpa a chur chun cinn sna Stáit Aontaithe, agus tugadh cuairt ar Silicon Valley le grúpa mór ionadaithe gnó agus acadúla. Is é an príomhchuspóir atá ann tallanna, nuálaithe agus infheisteoirí a mhealladh isteach san Aontas, ionas gur féidir le gnólachtaí nuathionscanta atá bunaithe san Eoraip forbairt agus fás.

D’fhógair na Ballstáit agus na Tíortha Comhlachaithe roinnt tionscnaimh náisiúnta freisin lena dtacaítear le cistiú feabhsaithe le haghaidh gnólachtaí teicneolaíochta doimhne atá ag méadú ( 38 ). Mar shampla, leis an tionscnamh ‘Zukunftsfonds’ sa Ghearmáin neartaítear deiseanna maoiniúcháin sa chéim mhéadaithe atá dian ar chaipiteal maidir le gnólachtaí nuathionscanta trí ionstraimí éagsúla, lena n‑áirítear ciste teicneolaíochta doimhne agus aeráide agus ciste le haghaidh maoiniú fáis teicneolaíochta fiontair ( 39 ). An ‘Fondo Nazionale Innovazione’, rud atá á reáchtáil san Iodáil ag an mbanc náisiúnta le haghaidh spreagadh Cassa Depositi e Prestiti, tá infheistíochtaí díreacha agus indíreacha á n‑úsáid aige chun forbairt an éiceachórais nuálaíochta intíre a chur chun cinn, lena n‑áirítear cláir luasghéaraithe, moil aistrithe teicneolaíochta, aistriú glas agus digiteach agus tacaíocht le haghaidh cuideachtaí ó réigiúin atá tite ar gcúl ( 40 ). Leis an gclár ‘Innvierte’, rud atá á reáchtáil ag CDTI sa Spáinn, tá infheistíochtaí fiontair agus comhinfheistíochtaí á gcur chun cinn freisin in earnálacha teicneolaíochta straitéisí lena n‑áirítear teileachumarsáid, intleacht shaorga (IS), róbataic, leathsheoltóirí, cibearshlándáil, aeraspás, cosaint, stóráil fuinnimh, teicneolaíochtaí candamacha agus núicléacha, nanaitheicneolaíochtaí, bith‑theicneolaíochtaí, ardábhair agus ardchórais mhonaraíochta ( 41 ). Ciste Infheistíochta NCBR (NIF) sa Pholainn, faigheann sé scaireanna i bhfiontair a chuireann tionscadail chun feidhme a thagann as taighde nó forbairt eolaíoch (‘cuideachtaí punainne’) i gcomhar le comhinfheisteoirí (‘cistí creidiúnaithe’), chun ardán infheistíochta cobhsaí, fadtéarmach a chruthú le haghaidh tionscadail teicneolaíochta ( 42 ).

2.2.An nuálaíocht teicneolaíochta doimhne a chumasú trí spásanna turgnamhaíochta agus soláthar poiblí

Is tosca tábhachtacha iad na creatdálaí – lena n‑áirítear rialacháin – chun táirgí agus próisis nuálacha a fhorbairt agus a ghlacadh. I dteannta leathnú breise an tsoláthair nuálaíochta, is é príomhthosaíocht an réimse shuaitheanta seo creataí rialála atá fabhrach don nuálaíocht a chruthú. An ról tábhachtach atá ag na creataí sin, go háirithe boscaí gainimh rialála, d’aithin an Chomhairle Eorpach go sainráite é freisin ó glacadh NEIA ( 43 ).

Gníomhaíochtaí NEIA a cuireadh i gcrích

I mí an Mheithimh 2023, d’eisigh an Coimisiún doiciméad inmheánach oibre ( 44 ) chun cineál agus ról na n‑uirlisí turgnamhaíochta atá ar fáil a shoiléiriú (go háirithe boscaí gainimh rialála, chomh maith le binsí tástála agus saotharlanna beo), agus treoraíocht á soláthar maidir le conas is féidir leis an Aontas agus rialtais náisiúnta tacú le nuálaithe agus páirt a thabhairt dóibh sa phróiseas rialála. Leis an doiciméad cuirtear os comhair an phobail na samplaí de spásanna turgnamhaíochta atá ann cheana san Eoraip agus lasmuigh di, agus béim ar leith á cur ar earnáil an fhuinnimh, i gcomhréir le plean REPowerEU ( 45 ).

An Creat  Státchabhrach athbhreithnithe le haghaidh Taighde, Forbartha agus Nuálaíochta (TNF), glacadh é i mí Dheireadh Fómhair 2022 chun na rialacha a chuireann Ballstáit an Aontais i bhfeidhm a shimpliú agus chun tacaíocht phoiblí a cheadú, faoi choinníollacha áirithe, le haghaidh bonneagair thástála agus thurgnamhaíochta a éilítear chun teicneolaíochtaí nua a fhorbairt, a thástáil agus a mhéadú.

I mí an Mhárta 2023, ghlac an Coimisiún leasú spriocdhírithe ar an Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine (GBER) chun tacaíocht le haghaidh aistrithe glasa agus digiteacha an Aontais a éascú, a shimpliú agus a bhrostú a thuilleadh ( 46 ). Leis na rialacha nua éascaítear cur chun feidhme tionscadal áirithe lena mbaineann tairbhithe i roinnt Ballstát, amhail tionscadail thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne, i réimse an taighde agus na forbartha, tríd an déine cabhrach a cheadaítear agus na tairseacha fógra a mhéadú ( 47 ). Mar shampla, i mí na Nollag 2023, údaraíodh do sheacht mBallstát suas le EUR 1,2 billiún i gcistiú poiblí a shlógadh – rud a spreag EUR 1,4 billiún sa bhreis in infheistíochtaí príobháideacha – chun tacú le taighde, forbairt agus cur in úsáid tionsclaíoch tosaigh ar nuálaíochtaí Eorpacha i néalteicneolaíochtaí agus imeallteicneolaíochtaí ( 48 ). Cuireadh fad go deireadh 2026 le forálacha GBER leasaithe.

Ó bhí mí Eanáir 2023 ann, bhí cómhaoiniú á dhéanamh ag an gCoimisiún, i dteannta na mBallstát, ar cheithre shaoráid tástála agus turgnamhaíochta (TEFanna) faoin gClár don Eoraip Dhigiteach. ( 49 ) Tairgeann TEFanna teaglaim de shaoráidí fisiciúla agus fíorúla chun a cheadú do sholáthraithe teicneolaíochta ar fud na hEorpa tástáil agus turgnamh a dhéanamh ar scála agus i bhfíorthimpeallachtaí ar réitigh intleachta saorga úrscothacha, lena n‑áirítear táirgí agus seirbhísí bogearraí agus crua‑earraí, lena n‑áirítear róbait. Déantar rochtain uile‑Eorpach ar TEFanna a éascú trí líonra dlúth de níos mó ná 200 Mol Eorpach maidir leis an Nuálaíocht Dhigiteach, a chistítear trí theaglaim den Chlár don Eoraip Dhigiteach trí acmhainní náisiúnta agus réigiúnacha.

Gníomhaíochtaí NEIA atá ar siúl

Tá roinnt tionscadal maidir le binsí tástála nuálaíochta oscailte i réimse na hidrigine agus ardábhar ( 50 )á ndéanamh agus Fís Eorpach mar thaca leo ( 51 ). Tá sé d’aidhm ag na tionscadail rochtain ar shaoráidí fisiciúla, cumais agus seirbhísí a sholáthar chun tacú le geilleagar hidrigine glaine bríomhar a fhorbairt.

In 2023, sheol an Coimisiún glao ar sholáthar sainseirbhíse comhairlí maidir le soláthar nuálaíochta faoi Fís Eorpach ( 52 ). Tá coinne leis go dtosófar na tionscadail roghnaithe in R2 2024. Beidh an tseirbhís chomhairleach ina hidirghabhálaí idir soláthróirí poiblí agus soláthróirí nuálacha.

Gníomhaíochtaí breise

Grúpa Comhairleach Rialachán atá Fabhrach don Nuálaíocht (IFRAG), comhdhéanta de 11 saineolaí, cheap an Coimisiún é i ndeireadh 2022. Is é an ról atá aige comhairle beartais réamhtheachtach a sholáthar maidir le teicneolaíochtaí nua. In 2023 dhírigh sé ar an méid seo a leanas: (i) úsáid teicneolaíochtaí digiteacha atá ag teacht chun cinn san earnáil phoiblí, agus go háirithe domhain fhíorúla, trí fhéachaint ar a n‑impleacht le haghaidh thimpeallacht rialála an Aontais; agus (ii) feidhmeanna i réimsí amhail rannpháirtíocht na saoránach i gcinnteoireacht. Thug IFRAG a shainordú i gcrích i mí Feabhra 2024 agus foilseoidh sé a thorthaí in R2 2024.

Nuair a ghlacfar é, leis an nGníomh um an Tionscal Glan‑nialasachta cuirfear chun cinn boscaí gainimh rialála le haghaidh teicneolaíochtaí glan‑nialasacha nuálacha straitéiseacha. ( 53 )

Nuair a ghlacfar é, beidh an Gníomh um an Intleacht Shaorga ( 54 )ina chuidiú chun creat dlíthiúil a chruthú le haghaidh intleacht shaorga atá fabhrach don nuálaíocht, slán i bhfad na haimsire agus athléimneach in aghaidh suaitheadh, lena n‑áirítear tríd an ualach rialála ar FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta a laghdú. Leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga spreagfar údaráis náisiúnta chun boscaí gainimh rialála a chur ar bun, agus leagtar síos leis bunchreat le haghaidh rialachais, maoirseachta agus dliteanais. Thairis sin, mhol an Coimisiún i mí Eanáir 2024 pacáiste nua de bhearta, lena n‑áirítear monarchana intleachta saorga a chur ar bun, chun borradh a chur faoi nuálaíocht agus gnólachtaí nuathionscanta, lena n‑áirítear i réimsí amhail tástáil, meastóireacht agus bailíochtú a dhéanamh ar shamhlacha intleachta saorga mórscála ( 55 ).

Tá binsí tástála nuálaíochta oscailte ríthábhachtach chun an teachtaireacht ón gCoimisiún a chur chun feidhme maidir le hardábhair le haghaidh ceannaireacht thionsclaíoch ( 56 )agus beidh siad ina n‑ábhar de chlár píolótach le haghaidh cur chuige Eorpach maidir le hinfheistíochtaí i mbonneagair teicneolaíochta.

Le Govtech4all (Gorlann) ( 57 ) tugtar le chéile tionscnaimh GovTech náisiúnta i gcuibhreannas de 21 ghníomhaireacht dhigiteacha ó 14 thír Eorpacha chun margadh aonair GovTech den Aontas a chothú agus idir‑inoibritheacht agus samhlacha nua de nuálaíocht na hearnála poiblí a chur chun cinn. Tá sé d’aidhm aige cur chun feidhme trasteorann teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn san earnáil phoiblí a fhiosrú trí phíolótú agus turgnamhaíocht, agus béim speisialta á cur ar ghnólachtaí nuathionscanta agus FBManna nuálacha.

Le Fís Eorpach leantar d’eolas agus gníomhaíochtaí araon a mhéadú i soláthar nuálaíochta le haghaidh sláinte, agus dhá ghlao ar nascadh á seoladh in 2024 ag an Líonra Procure4Health chun úsáid na hionstraime a leathnú ar fud na hEorpa. Thairis sin, le clár oibre Fís Eorpach 2024 áirítear ábhar soláthair réamhthráchtála maidir le córais cúraim sláinte a ghlasú, agus buiséad EUR 15 mhilliún aige.

D’fhógair na Ballstáit agus na Tíortha Comhlachaithe roinnt tionscnaimh náisiúnta lena dtacaítear le spásanna turgnamhaíochta agus soláthar poiblí ( 58 ). Mar shampla, na ‘saorchriosanna teicneolaíocha’ sa Phortaingéil, is é atá iontu boscaí gainimh rialála nó saotharlanna beo faoi fhaireachán na Gníomhaireachta Nuálaíochta Náisiúnta (ANI). Leis an ngníomhaíocht soláthair nuálaíochta i gclár na hEastóine nó na Sualainne maidir le ‘seiceálacha le haghaidh soláthar nuálaíochta’, féachtar le glacadh an tsoláthair nuálaíochta a mhéadú trí sheirbhísí comhairleacha speisialta, dea‑chleachtais a chomhroinnt, tacú le réitigh nuálacha a fhorbairt agus a chur chun feidhme san earnáil phoiblí. Le tairseach an tsoláthair nuálaíochta a cuireadh ar bun san Iodáil freastalófar ar an éileamh ar nuálaíocht agus soláthar na nuálaíochta, agus comhar á spreagadh idir an riarachán poiblí, cuideachtaí, gnólachtaí nuathionscanta agus institiúidí taighde.

2.3.Dlús a chur leis an nuálaíocht in éiceachórais nuálaíochta na hEorpa ar fud an Aontais agus í a neartú agus aghaidh a thabhairt ar an deighilt nuálaíochta

Tá neart nuálaíochta na hEorpa ag brath cuid mhór ar éagsúlacht agus fuinneamh a héiceachóras réigiúnach. Faoin réimse suaitheanta seo, le NEIA tugtar aghaidh ar thrí sprioc shonracha: (i) éiceachórais nuálaíochta réigiúnacha a neartú ar bhonn straitéisí áitiúla um ‘speisialtóireacht chliste’; (ii) an deighilt nuálaíochta réigiúnach a leanann ar fud na hEorpa ( 59 ) d’ainneoin roinnt gníomhaíochtaí de chuid an Aontais agus roinnt gníomhaíochtaí náisiúnta a laghdú ( 60 ); agus (iii) comhar nuálaíochta níos fearr a dhreasú idir réigiúin ina limistéir choiteanna speisialtóireachta cliste chun slabhraí luacha a chruthú agus a neartú ar fud na hEorpa.

Gníomhaíochtaí NEIA a cuireadh i gcrích

I measc na bpríomhghníomhaíochtaí chun tionchar idirghabháil an Aontais a uasmhéadú sa réimse sin tá sineirgí idir cláir beartais comhtháthaithe agus Fís Eorpach a fhorbairt agus a chomhdhlúthú. D’fhoilsigh an Coimisiún an treoirdhoiciméad maidir le sineirgí idir Fís Eorpach agus cláir Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa ( 61 ) in 2022 chun cuidiú le húdaráis bhainistíochta úsáid níos fearr a bhaint as na deiseanna cistiúcháin atá ar fáil chun nuálaíocht agus glacadh ardteicneolaíochtaí ina réigiún a chothú.

Gníomhaíochtaí NEIA atá ar siúl

Tá sé d’aidhm ag gníomhaíocht na nGleannta Nuálaíochta Réigiúnacha (RIVanna) lánacmhainneacht nuálaíochta réigiúin an Aontais a spreagadh agus a shaothrú, lena n‑áirítear sa nuálaíocht teicneolaíochta doimhne, d’fhonn aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shochaíocha mhóra an Aontais agus aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí i bhfeidhmíocht na nuálaíochta. Tá sé de chuspóir aici suas le 100 réigiún a shainaithint atá tiomanta chun a n‑iarrachtaí taighde agus nuálaíochta a dhíriú ar thosaíochtaí sonracha agus a gcomhar le réigiúin eile a neartú. Is iad na réimsí tosaíochta atá ann slándáil bia, claochlú digiteach, fuinneamh, cúram sláinte agus an geilleagar ciorclach.

Is féidir le réigiúin an lipéad ‘RIV’ a fháil trí chainéil éagsúla: 1) réigiúin a roghnaítear faoi ghlao ar léiriú spéise, a sheol an Coimisiún agus Coiste na Réigiún i mí Márta 2023, agus 170 iarratasóir ann ( 62 ) ar fud 140 réigiún ( 63 ); 2) réigiúin a roghnaítear faoi na chéad ghlaonna comhordaithe faoi Fís Eorpach agus Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (I3), le haghaidh buiséad iomlán EUR 122 mhilliún ( 64 ): fuarthas os cionn 50 togra agus bhí nach mór 1000 rannpháirtí i gceist ó 25 Bhallstát agus sé Thír Chomhlachaithe.

I gcomhthráth leis sin, an ghníomhaíocht maidir leis an líon gleannta hidrigine, mar a ghairtear dóibh, atá ann a dhúbailt, tá sí ar siúl. Tar éis an roghnúcháin deiridh a reáchtáladh in 2023, tá 55 ghleann hidrigine ann faoi láthair ar Ardán Gleannta Hidrigine an tionscnaimh Mission Innovation, rud a athchóiríodh i mí na Bealtaine 2023. I mí an Mhárta 2023, shínigh an Coimisiún dearbhú comhpháirteach maidir le gleannta hidrigine ( 65 ). Leathnófar coincheap na ngleannta hidrigine freisin chun an fuinneamh inathnuaite uile a chumhdach trí ábhar sainiúil faoi Fís Eorpach.

Maidir leis an ngníomhaíocht chun ionad ilfhreastail a chur ar bun le haghaidh gníomhaithe éiceachórais nuálaíochta, tá sí fós ar siúl. Déanfaidh an t‑ionad ilfhreastail an méid seo a leanas: (i) ardán fíorúil a sholáthar do pháirtithe leasmhara chun an t‑éileamh ar réitigh nuálacha, mar aon le soláthar na réiteach sin, a chur i dtábhacht, mar an chéad chéim a thagann ó Fís Eorpach; (ii) rochtain a sholáthar ar phríomhthorthaí taighde; (iii) tacú le smaointe a scaipeadh; agus (iv) páirtithe leasmhara a nascadh lena chéile. Soláthróidh an t‑ionad ilfhreastail faisnéis maidir le dúshláin agus deiseanna nuálaíochta (treochtaí teicneolaíochta agus margaidh, maoin intleachtúil, leibhéil éilimh, etc.) agus fágfaidh sé gur fusa seirbhísí agus deiseanna cistiúcháin a shainaithint. Tá machnaimh ar siúl faoi láthair ar conas an tsimplíocht, an inrochtaineacht agus na feidhmiúlachtaí a sholáthar lena bhfreastalófaí ar an mbealach is fearr ar éagsúlacht páirtithe leasmhara nuálaíochta.

 

I mí an Mheithimh 2023, sheol an Coimisiún Tionscnamh CNE maidir le 100 Gnólacht atá ag Méadú. Tá sé de sprioc aige fás 100 cuideachta teicneolaíochta doimhne Eorpach faoina bhfuil gealladh a shainaithint, a chur chun cinn agus tacaíocht a thabhairt dóibh, ar cuideachtaí iad a d’fhéadfadh teacht chun bheith ina ‘n‑aonbheannaigh’ ( 66 ). Roghnófar na ceannródaithe teicneolaíochta doimhne sin a bheidh ann amach anseo ó na faighteoirí is rathúla ó thaobh feidhmíochta de scéimeanna airgeadais CNE, cláir nuálaíochta náisiúnta agus Eorpacha eile agus ó áiteanna eile. Roghnófar na cuideachtaí rannpháirteacha ó 10 réimse ‘nideoige’ ( 67 ) atá nasctha go dlúth le tosaíochtaí beartais Eorpacha. Reáchtálfar roghnú an chéad ghrúpa i mí Aibreáin 2024. Fostóidh Club CNE le haghaidh Gnólachtaí atá ag Méadú 400 páirtí leasmhar freisin i ngach réimse nideoige agus éascóidh sé naisc agus comhpháirtíochtaí nua le príomhinfheisteoirí, príomhchomhairleoirí agus gníomhaireachtaí ábhartha.

Gníomhaíochtaí breise

Faoi Fís Eorpach, le clár Éiceachórais Nuálaíochta na hEorpa soláthraíodh thart ar EUR 24 mhilliún i gcistiú do thionscadail idir‑réigiúnacha agus tugadh nach mór 150 comhpháirtí ar fud na hEorpa le chéile chun tacú le gnólachtaí atá ag méadú, soláthar nuálaíochta agus éiceachórais nuálaíochta a chistiú.

In 2023, chuir Fóram an Limistéir Eorpaigh Taighde (LET) foghrúpa ar bun lenar tugadh le chéile ionadaithe ó na Ballstáit atá i gceannas ar bheartas T&N agus riaracháin beartais comhtháthaithe. Bhí sé d’aidhm ag an bhfoghrúpa sineirgí a bheidh ann amach anseo a éascú trí fhaisnéis a mhalartú agus beartais a thabhairt cothrom le dáta chun gníomhaíochtaí coincréiteacha a spreagadh, rud a spreagadh le sampla aistriú chistiú Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) chuig Fís Eorpach in dhá Bhallstát. ( 68 ) Sheol an Coimisiún dhá threoirthionscadal freisin chun coincheap mhoil LET a fhorbairt, i ndlúth‑theagmháil le Coiste na Réigiún. Tá sé d’aidhm ag moil LET tacar sonraíochtaí agus modheolaíocht a fhorbairt agus a thástáil chun cuidiú le réigiúin a n‑éiceachórais T&N a mheasúnú, a thagarmharcáil agus a uasghrádú chun critéir cháilíochta íosta a bhaint amach: (i) comhordú inmheánach; (ii) soláthar seirbhísí tacaíochta; agus (iii) idirnasc le héiceachórais eile. I mí Eanáir 2023, sheol an Coimisiún an Scéim Breiseáin, sásra nua lena gcothaítear comhar níos dlúithe idir CNE agus cláir nuálaíochta náisiúnta. A bhuí leis sin, féadfaidh tionscadal ar a ndámhtar cistiú faoi chlár náisiúnta (a dheimhnítear mar chlár ‘breiseáin’) a bheith rannpháirteach trí mhearghníomh chuig glaonna luasaire CNE.

I réimse an fhuinnimh, lean an tAontas de bheith rannpháirteach go gníomhach, i dteannta 23 thír, sa tionscnamh Mission Innovation ( 69 ), tionscnamh domhanda atá dírithe ar nuálaíocht i bhfuinneamh glan. Ba leis an tionscnamh sin a tionscnaíodh an chéad chomhpháirtíocht chatalaíoch a fógraíodh ag COP28 ( 70 ) agus lenar tugadh tacaíocht le cistí an Aontais do chuideachtaí a raibh an acmhainneacht iontu laghdú a dhéanamh ar an bpréimh ghlas a bhaineann le táirgí glana agus réitigh i hidrigin, breoslaí eitlíochta inbhuanaithe, stórála fuinnimh, gabháil CO2 agus dícharbónaithe fuinnimh. Leis an tionscnamh Mission Innovation reáchtáiltear Misean na Hidrigine Glaine freisin chun 100 ‘gleann hidrigine glaine’ a fhorbairt ar fud an domhain, faoi chomhstiúir an Choimisiúin Eorpaigh.

Thairis sin, rinne an Tascfhórsa um theicneolaíochtaí aeráidneodracha i dtionscail dianfhuinnimh tuarascáil ( 71 ) in 2023 lena ndéantar anailís ar thart ar 200 taispeántóir atá cistithe ag an Aontas le haghaidh teicneolaíochtaí glan‑nialasacha i dtionscail dianfhuinnimh san Aontas.

I mí Dheireadh Fómhair 2023, d’eisigh an Coimisiún Teachtaireacht ( 72 ) maidir leis an athbhreithniú ar an bplean straitéiseach um theicneolaíocht fuinnimh (SET) chun ról phlean SET a neartú maidir le straitéisí T&N Eorpacha agus náisiúnta a chomhordú le haghaidh fuinneamh ísealcharbóin. Go sonrach, cuireadh meitheal nua maidir le hidrigin ar bun chun clár oibre straitéiseach chlár píolótach LET um hidrigin ghlas a chur chun feidhme ( 73 ).

I réimse na hIntleachta Saorga, i dteannta an Ghnímh um an Intleacht Shaorga agus a thograí maidir le rialacháin atá fabhrach don nuálaíocht ( 74 ) tá an Coimisiún ag obair chun measúnú a dhéanamh ar thionchar na hintleachta saorga ar thaighde agus nuálaíocht, trí thuairim faoin Sásra um Chomhairle Eolaíoch ( 75 ).

Thairis sin, líonra de níos mó ná 200  mol Eorpach maidir leis an nuálaíocht dhigiteach (EDIH)  lena gcumhdaítear réigiúin uile na hEorpa ( 76 ), tá sé d’aidhm aige glacadh leathan na hintleachta saorga, ríomhairí ardfheidhmíochta, na cibearshlándála agus teicneolaíochtaí digiteacha eile a chur chun cinn. Tá siad ina gcuidiú ag cuideachtaí chun táirgí agus seirbhísí nua a nuáil, agus an intleacht shaorga á húsáid, agus chun na táirgí agus na seirbhísí sin a dhéanamh iomaíoch. Leis an bpacáiste nuálach le haghaidh nuálaíocht intleachta saorga agus gnólachtaí nuathionscanta ( 77 ) tugtar isteach monarchana intleachta saorga ( 78 ) agus bearta airgeadais agus oibríochtúla eile lena gcuirfear borradh faoin nuálaíocht intleachta saorga agus gnólachtaí nuathionscanta, amhail rochtain ar Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta den scoth a sholáthar do thaighdeoirí agus FBManna atá gníomhach i réimse na hintleachta saorga tríd an gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach.

An Gníomh um Shliseanna, a tháinig i bhfeidhm an 21 Meán Fómhair 2023, is é is d’aidhm dó borradh a chur faoi cheannaireacht theicneolaíoch na hEorpa trí aistriú eolais a éascú agus tionsclú teicneolaíochtaí nuálacha arna dhéanamh ag gnólachtaí Eorpacha a chur chun feidhme ( 79 ).

Tá an Tionscnamh Fiontraíochta Spáis CASSINI ar an ngníomhaíocht de chuid an Choimisiúin chun tacú le fiontraithe, gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna sa tionscal spáis, lena n‑áirítear Spás Nua, le linn 2021-2027 ( 80 ). Leis sin ba cheart go gcuirfí dlús le fás gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna sna hearnálacha uile den tionscal spáis, agus é de sprioc aige éiceachórais atá fabhrach do lucht gnó a fheabhsú, cumais ghnó a threisiú i ndeighleoga an mhargaidh maidir le spás, slabhraí soláthair criticiúla a neartú agus a cheadú don Aontas níos mó uathriail straitéiseach a bhaint amach. Le CASSINI áirítear ciste Aontais síolchaipitil agus fáis de luach EUR 1 bhilliún , haiceatóin agus meantóireacht, dúshláin, taispeántas agus bailíochtú infhithise, luasaire gnó, comhpháirtíocht agus líonrú.

Le Fís Eorpach cistítear taighde agus nuálaíocht chun aghaidh a thabhairt ar an deighilt nuálaíochta thuaithe‑uirbeach. In 2023, leagadh amach níos mó ná EUR 25 mhilliún chun tionscadail lena dtacaítear leis an éiceachóras nuálaíochta tuaithe a chistiú agus seoladh dhá chomhpháirtíocht ón Aontas ( 81 ). Thairis sin, is é is aidhm do Mhisean an Aontais ‘Comhaontú Ithreach don Eoraip’ 100 saotharlann bheo agus teach solais a bhunú chun an t‑aistriú a stiúradh i dtreo ithreacha sláintiúla faoi 2030. In 2023, infheistíodh EUR 60 milliún sna chéad ghlaonna ar shaotharlanna beo.

Faoin gComhbheartas Talmhaíochta (CBT), tacaíodh le níos mó ná 3 200 Grúpa Oibríochtúil maidir leis an gComhpháirtíocht Eorpach um Nuáil maidir le Táirgiúlacht agus Inbhuanaitheacht Talmhaíochta (EIP‑AGRI) agus tá 6 600 ceann breise díobh pleanáilte ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT le haghaidh na tréimhse 2023-2027 chun réitigh phraiticiúla a chomhchruthú le haghaidh talmhaíochta, foraoiseachta agus pobail thuaithe i dtionscadail nuálaíochta ar an leibhéal áitiúil.

I mí na Nollag 2022, glacadh an moladh ón gComhairle maidir leis na treoirphrionsabail le haghaidh luachshocrú eolais ( 82 ) chun prionsabail agus bearta comhbheartais a leagan amach le haghaidh lucht ceaptha beartas náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil chun torthaí T&N a chlaochlú ina réitigh a théann chun tairbhe don tsochaí. Is iad seo a leanas na prionsabail threoracha: (i) páirt a thabhairt do na gníomhartha uile in éiceachórais T&N; (ii) díriú ar naisc agus comhchruthú idir gníomhaithe; agus (iii) scileanna agus cleachtais fiontraíochta a chur i dtábhacht. ( 83 )

Ina theannta sin, dhá ‘phobal cleachtais’ maidir le comhar idir an tionscal agus an saol acadúil ( 84 ) agus maidir le rannpháirtíocht na saoránach le haghaidh luachshocrú eolais, chuir an Coimisiún ar bun iad, lenar tugadh níos mó ná 300 páirtí leasmhar le chéile ó ollscoileanna agus eagraíochtaí príobháideacha agus poiblí, lena n‑áirítear an tsochaí shibhialta ( 85 ). Bhí siad gníomhach idir mí an Mhárta agus mí an Mheithimh 2023. ( 86 )

Ina theannta sin, d’fhógair na Ballstáit agus na Tíortha Comhlachaithe roinnt tionscnaimh náisiúnta chun borradh a chur faoi éiceachórais nuálaíochta. Mar shampla, leis na tithe solais gnó réigiúnacha sa Danmhairg dírítear ar shuíomhanna nirt a shaothrú amach anseo le haghaidh ghnólachtaí na Danmhairge laistigh den earnáil ghlas (bithréitigh, teicneolaíocht uisce, gabháil CO2), eolaíochtaí beatha agus róbataic trí thacaíocht le haghaidh tionscadail shonracha. Le deontais líonra ‘Cervera’ sa Spáinn tacaítear go díreach freisin le héiceachórais réigiúnacha/áitiúla agus neartaítear cumais nuálaíochta FBManna trí ghníomhaíochtaí T&F a chonrú chuig lárionaid táirgthe eolais nó tionscadail T&F a dhéanamh i gcomhar leis na lárionaid sin. Sa Ghearmáin, reáchtálann an ghníomhaireacht fheidearálach um nuálaíocht shuaiteach (SPRIND) tionscadail éagsúla chun tacú le smaointe nuálacha agus dlús a chur leo lena n‑áirítear comórtas le haghaidh nuálaithe. Is éard atá sa Lárionad Hidrigine eagraíocht a fhéachann le feabhas a chur ar rochtain ar bhonneagair thaighde sa tSlóivéin agus san Ostair. Dea‑shampla atá ann de chomhar trasteorann, dá dtugtar tacaíocht le cistí réigiúnacha ón Aontas agus acmhainní náisiúnta.

2.4.Tallann teicneolaíochta doimhne a chothú, a mhealladh agus a choinneáil

An inniúlacht chun daoine aonair tréitheacha agus oilte a chothú, a choinneáil agus a mhealladh, tosaíocht de chuid na hEorpa is ea é go fóill, mar a cuireadh i dtábhacht freisin le linn Bhliain Eorpach na Scileanna 2023. Chun tallann a chothú, tá sé fíor‑riachtanach iarrachtaí a dhéanamh chun oideachas san eolaíocht, sa teicneolaíocht, san innealtóireacht, sna healaíona agus sa mhatamaitic (STEAM) agus sna scileanna fiontraíochta a mhéadú, go háirithe i measc ban. Chun daoine tréitheacha a choinneáil, is gá deiseanna nua agus ionchais fáis shuimiúla a fhorbairt agus a chur chun cinn. Chun daoine tréitheacha a mhealladh ó ilchríocha eile – i bpáirt chun an bhearna scileanna a líonadh in earnálacha teicneolaíocha áirithe – is féidir leis an Aontas é féin a chur chun cinn a thuilleadh ar an leibhéal domhanda agus deiseanna ‘soghluaisteachta ciorclaí’ ( 87 ) a éascú. Tá gníomhaíochtaí na mBallstát á gcomhlánú ag an Aontas sa réimse seo trí réimse leathan tionscnamh beartais ( 88 ) agus cláir arna gcistiú ag an Aontas ( 89 ), lena n‑áirítear na gníomhaíochtaí a seoladh le NEIA sa réimse suaitheanta seo.

Gníomhaíochtaí NEIA a cuireadh i gcrích

Is é atá i gceist le tionscnamh EIT tallainne teicneolaíochta doimhne (DTTI) ( 90 ) scéim uaillmhianach arb é is aidhm di deiseanna oiliúna a thairiscint do 1 mhilliún duine thréitheacha i réimse na teicneolaíochta doimhne faoi 2025. Seoladh an tionscnamh i mí Dheireadh Fómhair 2022 agus ( 91 ) go dtí seo bhí 106 sholáthraí oideachais agus oiliúna, fhiontar, chomhpháirtí airgeadais agus chomhpháirtí institiúideacha rannpháirteach ann agus thug siad gealltanas oiliúint a chur ar níos mó ná 700 000 duine ( 92 ). Leanfar de pháirtithe leasmhara a earcú chun dul i bpáirt leis na gealltanais agus seolfar imeachtaí agus glaonna ar thograí ó 2024.

Le Scéim Fhiontraíocht agus Cheannaireacht na mBan ( 93 ), rud a sheol CNE in 2022, soláthraítear deiseanna oiliúna agus líonraithe le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta faoi stiúir ban. Go dtí seo, leis an scéim tacaíodh le nach mór 200 tairbhí CNE faoi stiúir na mban, lena n‑áirítear roinnt cuideachtaí arna gcistiú ag EIT. Tiomnaítear EUR 10-15 mhilliún gach bliain do na glaonna sin. Seolfaidh an Coimisiún glaonna nua faoi chlár oibre Fís Eorpach 2023-2024.

An Pobal Cleachtais Oideachais agus Nuálaíochta, lena gcruinnítear thart ar 700 páirtí leasmhar ón saol acadúil, eagraíochtaí príobháideacha agus poiblí i mBallstáit uile an Aontais agus roinnt tíortha eile nach Ballstáit den Aontas iad, cuireadh ar bun i mí Dheireadh Fómhair 2022 é, i gcomhar le ECFE. Leis an gcéad snáithe den obair, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí piarfhoghlama agus tuarascálacha anailíseacha, díríodh ar chomhpháirtíochtaí ardoideachais agus scoile a neartú le haghaidh na nuálaíochta glaise agus digití. Leis an dara snáithe tacaítear le hinniúlachtaí le haghaidh na nuálaíochta san ardoideachas príomhshrutha.

Seoladh Comhghuaillíochtaí Erasmus+ le haghaidh Nuálaíochta agus sainaithníodh forbairt scileanna teicneolaíochta doimhne mar thosaíocht le haghaidh 2023. Leis sin cuideofar le fás gorlann laistigh d’institiúidí ardoideachais agus feabhsófar sin, i ndlúthchomhar leis an earnáil fiontraíochta. Is é an cuspóir atá ann cuidiú le fiontraithe mic léinn a smaointe a chlaochlú ina ngnólachtaí inmharthana, agus ailíniú á dhéanamh leis na spriocanna ar a dtugtar achoimre sa straitéis Eorpach maidir le hollscoileanna. Tá tús á chur faoi láthair le hobair tionscadal roghnaithe. In 2023, roghnaíodh 32 thionscadal in earnálacha éagsúla, lena n‑áirítear intleacht shaorga, cluichíocht, monarú agus nuálaíocht na teicneolaíochta doimhne. Leis na glaonna ar thograí faoi chlár oibre Erasmus+ 2024 déanfar an fócas ar scileanna teicneolaíochta doimhne a choinneáil ar bun agus a neartú.

Leis an gClár don Eoraip Dhigiteach táthar ag díriú ar ardscileanna digiteacha. Glaonna ón gClár don Eoraip Dhigiteach chun oiliúint a chur ar shaineolaithe i bpríomhréimsí acmhainneachta digití, seoladh iad i mí na Samhna 2023  ( 94 ): ceann amháin ag díriú ar scileanna a neartú i leathsheoltóirí agus ceann eile ag díriú ar an ‘Acadamh Scileanna Cibearshlándála’ ( 95 ). Ina theannta sin, bhí an glao ‘Borradh a chur faoi scileanna digiteacha daoine óga, go háirithe cailíní’ spriocdhírithe ar scileanna digiteacha a fhorbairt ó aois óg.

Gníomhaíochtaí NEIA atá ar siúl

Leis an ardán Tallainne Nuálaíochta éascófar soghluaisteacht daoine oilte chuig an Eoraip agus laistigh di trí earcaíocht idirnáisiúnta, trí thacú le líonrú le fostóirí bunaithe san Aontas nach bhfuil in ann an tallann a bhfuil gá acu léi a aimsiú san Eoraip. An chéad chéim den ardán (roinn nua ar thairseach EURAXESS ( 96 ), rud atá ar oscailt do náisiúnaigh tríú tír), seoladh i mí an Mhárta 2023 í. Áirítear ann: (i) faisnéis maidir le deiseanna cistiúcháin; (ii) faisnéis maidir leis an víosa inimirce, ‘Cárta Gorm’ AE; (iii) pointí teagmhála i 43 thír Eorpacha; agus (iv) sraith uirlisí digiteacha le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta chun cuidiú leo gnólacht a sheoladh san Aontas. Sa dara céim, leis an ardán tairgfear uirlis líonraithe le haghaidh nuálaithe, fiontraithe agus oibrithe tréitheacha ar fud an domhain ar mian leo a bheith ag cruthú, ag oibriú agus ina gcónaí san Eoraip.

Seasann scair‑roghanna do dhreasacht thábhachtach le haghaidh fostaithe chun oibriú i gcuideachtaí a thairgeann iad. Thosaigh meitheal Fhóram CNE maidir le scair‑roghanna ag obair i mí an Mhárta 2023, ina bhfuil comhaltaí Fhóram CNE (na Ballstáit agus Tíortha Comhlachaithe), comhaltaí Bhord CNE agus EIT, páirtithe leasmhara seachtracha agus ionadaithe an Choimisiúin rannpháirteach. Bunaithe ar thoradh chruinnithe na meithle amach anseo, breathnóidh Fóram CNE ar liosta a tharraingt suas de dhea‑chleachtais agus tograí chun dul i ngleic le bacainní ar scair‑roghanna fostaithe ar fud an Aontais in 2024.

Seoladh Scéim Tallainne Nuálaíochta na Chéad Ghlúine Eile in 2023. Scéim socrúcháin oibre atá ann sin lena gcisteofar thart ar 600 socrúchán oibre nuálaíochta le haghaidh taighdeoirí agus mic léinn le linn tréimhse 2 bhliain i gcuideachtaí a fhaigheann tacaíocht ó CNE agus EIT, lena gcumhdaítear na Ballstáit uile. Cuirfear chun feidhme í i gcomhar le EIT, ERC, Gníomhaíocht Marie Sklodowska-Curie agus Bonneagair Thaighde Fís Eorpach.

 

Gníomhaíochtaí breise

Seoladh gníomhaíochtaí breise éagsúla sna 18 mí dheireanacha, go háirithe i réimse na hintleachta saorga agus na scileanna digiteacha, chun oiliúint a chur ar Eorpaigh, an linn tallann a leathnú san Eoraip agus ardscileanna digiteacha a fhorbairt le haghaidh na chéad ghlúine eile de nuálaithe. Ar na gníomhaíochtaí sin áirítear an Clár Oibre Scileanna don Eoraip, an Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach, an Chomhghuaillíocht Scileanna Digiteacha agus Post Digiteach. Ina theannta sin, leis an gclár don Eoraip Dhigiteach, lena ndírítear ar an mbearna atá ann cheana maidir le hardscileanna digiteacha, roghnaíodh 36 thionscadal faoi dheireadh 2023 chun na deiseanna oiliúna a fheabhsú chun ardscileanna digiteacha a fháil agus chun borradh a chur faoin líon céimithe TFC chomh maith le speisialtóirí agus gairmithe TFC in earnálacha sonracha ag a bhfuil ardscileanna digiteacha ( 97 ). 

In 2022, d’fhógair Tionscnamh Institiúidí Ardoideachais EIT a chéad ghlao ar thograí agus béim ar leith ann ar an teicneolaíocht dhomhain ( 98 ). Roghnaíodh 16 thionscadal, ina raibh 100 institiúid ardoideachais agus 79 n‑eagraíocht neamhacadúla rannpháirteach, agus fuair gach ceann acu suas le EUR 750 000 chun cumas nuálaíochta a fheabhsú, go háirithe sa teicneolaíocht dhomhain.

Chun borradh a chur faoin nuálaíocht in earnáil na teicneolaíochta doimhne san Eoraip atá faoi stiúir ban, leis an scéim Women TechEU soláthraítear maoiniú luathchéime chun tacú leis na bearta tosaigh sa phróiseas nuálaíochta, agus le fás cuideachtaí. Go dtí seo, cistíodh 130 gnólacht nuathionscanta domhainteicneolaíochta atá faoi stiúir ban léi, agus leis an gcéad eagrán eile ( 99 ) beidh sí ina cuidiú chun gnólachtaí nuathionscanta domhainteicneolaíochta atá faoi stiúir ban a fhorbairt ina gceannairí teicneolaíochta den todhchaí.

I réimse na scileanna glasa, le Tionscadal EIT ‘Girls Go Circular’, lena dtugtar aghaidh ar bhunscoileanna agus meánscoileanna, cuireadh oiliúint ar níos mó ná 37 000 cailín in 23 thír maidir le hábhair chiorclaíochta, agus is gearr go leathnófar é chun na Ballstáit uile a áireamh.

Mar a leagtar amach sa straitéis Eorpach maidir le hollscoileanna a glacadh in 2022, moladh creat Eorpach le haghaidh na héagsúlachta agus an chuimsithe a fhorbairt, lena n‑áirítear maidir le bearnaí idir na hinscní, chun dúshláin agus réitigh a shainaithint le haghaidh ollscoileanna. Chun rannpháirtíocht na mban agus cailíní a neartú i staidéir agus gairmeacha STEAM, sheol an Coimisiún treochlár de ghníomhaíochtaí in 2022 agus 2023, lena n‑áirítear cruthú forógra le haghaidh oideachas agus gairmeacha inscne‑chuimsitheacha ETIM agus STEAM, a chuirfear chun feidhme le tacaíocht ó Bhraisle 2 Fís Eorpach (‘An Cultúr, an Chruthaitheacht agus an tSochaí Chuimsitheach’) ( 100 ).

Ina theannta sin, tá an Chomhghuaillíocht d’Ollscoileanna Eorpacha ríthábhachtach chun an straitéis Eorpach maidir le hollscoileanna a chur chun feidhme, lena n‑áirítear chun an bhearna idir na hinscní a dhruidim agus cion na mban ag a bhfuil poist ollúnachta nó poist cheannaireachta iomlána a mhéadú. Ar na gníomhaíochtaí áirítear forbairt ardáin tacaíochta amhail an Forógra ‘Mná sa Teicneolaíocht’, líonraí amhail Líonra na mBunaitheoirí Baineanna nó tionscadail lena mbaineann oideachas réamh-ollscoile chun tarraingteacht ghairmeacha STEAM a ardú ( 101 ).

Chun soghluaisteacht oibrithe tréitheacha a mhealladh, a choinneáil agus a chur chun cinn – lena n‑áirítear, ach gan bheith teoranta d’earnáil na nuálaíochta – ghlac an Coimisiún i mí na Samhna 2023 pacáiste soghluaisteachta scileanna agus tallainne. Tá an pacáiste comhdhéanta de shraith beart nua a dheartar chun an tAontas a dhéanamh níos tarraingtí do thallann ó lasmuigh den Aontas, agus chun soghluaisteacht a éascú laistigh den Aontas. Le haghaidh gairmeacha T&N go sonrach, d’fhormheas an Coimisiún creat inniúlachta le haghaidh scileanna T&N ResearchComp ( 102 ) agus maidir leis an togra le haghaidh creat Eorpach chun taighde, nuálaíocht agus tallann fiontraíochta a mhealladh agus a choinneáil san Eoraip, glacadh i mí na Nollag 2023 é mar mholadh ón gComhairle ( 103 ). Le glacadh an chreata sin cuireadh béim ar an tábhacht a bhaineann le soghluaisteacht idirearnálach chun na cuspóirí sin a bhaint amach agus ar an tábhacht a bhaineann le NEIA sa chomhthéacs sin. Thairis sin, tá ardán tallainne LET á fhorbairt in 2024, rud a sholáthróidh rochtain d’oibrithe tréitheacha ar an iliomad acmhainní le haghaidh gairmeacha T&N (lena n‑áirítear EURAXESS, RESAVER ( 104 ) agus an Fhaireachlann phleanáilte maidir le gairmeacha T&N).

I gcomhthráth leis sin, d’fhógair na Ballstáit agus na Tíortha Comhlachaithe roinnt tionscnaimh náisiúnta chun tallann nuálaíochta a chothú, a choinneáil nó a mhealladh. Mar shampla, leis an acadamh intleachta saorga a reáchtáiltear sa Bheilg chun scileanna teicneolaíochta doimhne a fhorbairt san intleacht shaorga le haghaidh taighdeoirí agus cuideachtaí, cuirfear borradh faoi ghairmeacha acadúla i réimsí na hintleachta saorga. Le clár na nuálaithe baineanna san Ostair soláthraítear tacaíocht spriocdhírithe do thaighdeoirí agus nuálaithe baineanna ardcháilíochta i réimsí lena n‑áirítear ceannaireacht, fiontraíocht agus líonrú. An víosa theicneolaíochta sa Fhrainc, an clár cónaithe le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta i Málta, agus an scéim víosa le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta sa Chipir, féachtar leo uile le tallann teicneolaíochta idirnáisiúnta a mhealladh trí nós imeachta simplithe agus tacaíocht a sholáthar do dhaoine a oibríonn san éiceachóras teicneolaíochta. D’eisigh an tSualainn glao freisin chun barr feabhais idirnáisiúnta a mhealladh, a chomhtháthú agus a choinneáil, lena soláthraítear tacaíocht airgeadais d’fhostóirí chun tallann taighde agus Comhaltaí Marie Sklodowska-Curie a earcú. I bPoblacht na Macadóine Thuaidh, cuireadh ‘saotharlann déantúsaíochta’ ( 105 ) agus ‘spásanna saothair’ ar bun chun na dálaí a sholáthar do dhaoine óga chun táirgí, seirbhísí nó próisis nuálacha a fhorbairt. 

2.5.Feabhas a chur ar na huirlisí le haghaidh ceapadh beartais nuálaíochta

Leis an gcúigiú réimse suaitheanta de NEIA táthar ag díriú ar an timpeallacht atá éagsúil agus ag teacht chun cinn maidir le sainmhínithe, beartais agus sonraí nuálaíochta i measc na 27 mBallstát. Tá sé d’aidhm ag gníomhaíochtaí NEIA sa réimse sin: (i) cur chuige coiteann a éascú maidir le príomhghnéithe áirithe chun feabhas a chur ar chomhordú agus comhar; agus (ii) feabhas a chur ar thacaíocht inniúlachta ar éileamh le haghaidh na mBallstát ina n‑iarrachtaí chun borradh a chur faoi éiceachórais agus beartais nuálaíochta intíre.

Gníomhaíochtaí NEIA a cuireadh i gcrích

Tuarascáil ar shainmhínithe maidir le gnólachtaí nuathionscanta, gnólachtaí atá ag méadú agus nuálaíocht teicneolaíochta doimhne, tugadh ar aird i mí an Mhárta 2023 í. Mar fhorbairt ar an tuarascáil sin, seolfar staidéar chun treoir‑scórchlár gnólachtaí nuathionscanta Eorpach a chruthú in 2024. Bunaithe ar an staidéar sin, tarraingeofar suas tacar táscairí a fhéadfar a úsáid chun Scórchláir Eorpacha Nuálaíochta amach anseo a thabhairt cothrom le dáta ( 106 ).

Gníomhaíochtaí NEIA atá ar siúl

Bailíonn Fóram CNE ionadaithe ó na Ballstáit agus na Tíortha Comhlachaithe chun dea‑chleachtais a mhalartú agus feabhas a chur ar chomhordú. Tagann sé le chéile go tráthrialta i seisiúin iomlánacha agus i meithleacha téamacha ( 107 ). Bunaithe ar an obair sin, ghlac Fóram CNE treoshuíomhanna beartais bliantúla in 2022 ( 108 ) agus 2023 ( 109 ). Leanfaidh an Coimisiún de ról, socruithe oibre agus infheictheacht Fhóram CNE a chomhdhlúthú, chun a shuíomh a neartú mar ardán ardleibhéil a éascaíonn comhordú beartas nuálaíochta agus a sholáthraíonn luathchomhairle don Choimisiún maidir le saincheisteanna beartais nuálaíochta straitéisigh.

Gníomhaíochtaí breise

Tá cuidiú á thabhairt ag an gCoimisiún freisin do na Ballstáit agus réigiúin chun beartais nuálaíochta níos éifeachtaí agus níos cumhachtaí a dhearadh agus a chur chun feidhme tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil ( 110 ) agus Saoráid Tacaíochta Beartais Fís ( 111 ). Leis an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil tacaíodh le 13 Bhallstát ( 112 ) i dtionscadail éagsúla fothaithe acmhainneachta nuálaíochta agus tionscadail chomhairleacha nuálaíochta, amhail ‘Bacainní ar nuálaíocht a shárú in éiceachórais fiontraíochta réigiúnacha’ sa Spáinn nó ‘Straitéis éiceachórais na ngnólachtaí nuathionscanta’ sa Rómáin. Le Saoráid Tacaíochta Beartais Fís soláthraíodh tacaíocht phraiticiúil do Bhallstáit shonracha 113 le haghaidh a n‑iarrachtaí intíre agus do ghrúpaí tíortha araon trí chleachtas foghlama frithpháirtí na Saoráide Tacaíochta Beartais ( 114 ). Leis an tSaoráid Tacaíochta Beartais leanfar de thacú le dearadh agus cur chun feidhme athchóirithe struchtúracha sna Ballstáit, lena n‑áirítear trí úsáid a bhaint as ionstraim nua oscailte na Saoráide Tacaíochta Beartais atá níos solúbtha agus piarfhoghlaim bheartais a bhuí le Dúshlán na Saoráide Tacaíochta Beartais.

Chun claochlú críochach a spreagtar ag an nuálaíocht a neartú, an ghníomhaíocht phíolótach Comhpháirtíochtaí le haghaidh Nuálaíocht Réigiúnach (PRI) ( 115 ), sheol an Coimisiún í i mí na Bealtaine 2022 i gcomhar le Coiste na Réigiún. Is éard a bhí ag gabháil léi foilsiú leabhar beartaíochta PRI ( 116 ) lena gcuirtear i láthair uirlisí agus cleachtais bheartais atá coitianta san Eoraip agus lasmuigh di. De thoradh na gníomhaíochta píolótaí, foilsíodh ‘leabhar gníomhaíochta’ ( 117 ) maidir le nuálaíocht le haghaidh claochlú áitbhunaithe.

Le 2 bhliain anuas, bhí Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin (JRC) ag tacú le CNE chun cur lena chumas faisnéise straitéisí trí fhadbhreathnaitheacht agus cuir chuige eile atá dírithe ar an todhchaí a fhorbairt agus a úsáid, trí léargais a ghabháil maidir le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus nuálaíochtaí suaiteacha. ( 118 ) Leis an bpróiseas sin, trí chur chuige ilpháirtithe leasmhara rannpháirtíochta, soláthraítear, i measc aschuir eile, fianaise bunaithe ar shaineolaithe chun tacú le beartú tosaíochta chistiú CNE.

Ar an leibhéal idirnáisiúnta, tá an tAontas ag obair go dlúth le tíortha comhpháirtíochta agus réigiúin ar chomhar nuálaíochta ar mhaithe le comhthairbhe, amhail faoin gComhairle Trádála agus Teicneolaíochta leis na Stáit Aontaithe. Ar na samplaí eile tá: an Clár Oibre Nuálaíochta idir an tAontas Afracach agus an tAontas Eorpach, lena dtacaítear le glacadh torthaí taighde atá dírithe ar an méid seo a leanas: sláinte phoiblí, aistriú glas, nuálaíocht, teicneolaíocht agus acmhainneachtaí le haghaidh eolaíochta, chun poist agus fás a chothú agus teicneolaíocht agus saineolas a chomhroinnt; an Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta idir an tAontas Eorpach agus an India, lena gcuirtear borradh faoi chomhar déthaobhach i bhfuinneamh glas agus glan agus béim ar chomhar, caighdeáin agus infheistíochtaí T&N, ba é ba aidhm di trádáil a éascú sna teicneolaíochtaí sin; agus an treochlár athbhreithnithe le haghaidh T&N idir an tAontas Eorpach agus CELAC, rud a bheidh neartaithe agus gné nuálaíochta ann.

Cuirtear NEIA chun feidhme i gcomhthéacs bosca uirlisí idirnáisiúnta mór, lena n‑áirítear Comhghuaillíochtaí agus Comhpháirtíochtaí Glasa, Comhpháirtíochtaí Amhábhair, Comhaontuithe Trádála Digití agus Comhpháirtíochtaí Digiteacha. Go deimhin, ceanglaíonn formhór earnálacha an gheilleagair Eorpaigh ionchuir dhigiteacha trasnáisiúnta atá bunriachtanach le haghaidh a samhlacha gnó, a bpróiseas agus a bpíblínte nuálaíochta, chomh maith le nascacht idirnáisiúnta, rud atá ríthábhachtach chun a áirithiú gur féidir leo oibriú ar scála domhanda. Chuige sin, thug an tAontas comhaontuithe saorthrádála i gcrích ina bhfuil forálacha trádála digití, lena n‑áirítear sreabha sonraí. Tá comhaontuithe trádála digití sonracha á gcaibidliú ag an Aontas freisin faoi láthair le comhpháirtithe amhail an Chóiré Theas agus Singeapór.

Comhar leis an tSín maidir le gníomhaíochtaí nuálaíochta faoi Fís Eorpach ( 119 ), cuireadh ar fionraí é go dtí go ndéanfar dul chun cinn sna pléití maidir le creatdálaí le haghaidh na nuálaíochta faoin Treochlár Comhpháirteach idir an tAontas agus an tSín le haghaidh Eolaíochta, Teicneolaíochta agus Nuálaíochta.

Bhí a ghníomhaíochtaí á neartú ag EIT freisin i ngeilleagair na mBalcán Thiar, na Tuirce agus na hÚcráine chomh maith chun cur lena gcumas nuálaíochta agus naisc a bhunú lena gcontrapháirtithe Eorpacha.  ( 120 )

Le 18 mí anuas, d’fhógair na Ballstáit agus na Tíortha Comhlachaithe tionscnaimh náisiúnta éagsúla chun uirlisí agus ionstraimí a fhorbairt chun feidhmíocht a n‑éiceachóras nuálaíochta a optamú. Mar shampla, leis an bhFaireachlann um Nuálaíocht sa tSeicia, eintiteas neamhspleách chun faireachán, anailís agus meastóireacht a dhéanamh ar fhaisnéis, agus chun í a thabhairt ar aird, ar faisnéis í maidir le nuálaíocht agus iomaíochas, tacaítear le cinnteoireacht maidir le beartas poiblí. San Ostair, le Comhairle na nGnólachtaí Nuathionscanta agus Seomra Comhaontuithe na nGnólachtaí Nuathionscanta, ardán ar líne, soláthraítear forbhreathnú ar na gnólachtaí nuathionscanta agus na hinfheisteoirí uile atá gníomhach sa tír agus nuashonruithe laethúla ann. Le Faireachlann na nGnólachtaí Nuathionscanta Domhainteicneolaíochta sa Fhrainc déantar sonraí maidir le timpeallacht teicneolaíochta doimhne na Fraince a bhailiú agus a anailísiú go leanúnach, agus faisnéis á soláthar maidir leis an méid seo a leanas: (i) an áit ina bhfuil an teicneolaíochtaí dhomhain ag tarlú, cé na hearnálacha tionsclaíochta ina bhfuil sí ag tarlú agus cé na teicneolaíochtaí atá á n‑úsáid chuige sin; (ii) na cistí a chruinnigh cuideachtaí teicneolaíochta doimhne; agus (iii) tionchar nuálaíochtaí teicneolaíochta doimhne ar láimhdeachas agus fostaíocht.

3.Idirphlé institiúideach, rannpháirtíocht leis na páirtithe leasmhara agus cumarsáid

3.1.Idirghníomhaíochtaí le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais

Bhí an t‑idirphlé agus na hidirghníomhaíochtaí le hinstitiúidí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais leanúnach ó seoladh NEIA.

Phléigh an Chomhairle NEIA faoina huachtaránachtaí éagsúla in 2022 agus 2023 araon. Mar shampla, leagadh béim sna Conclúidí ón gComhairle faoi Uachtaránacht na Seice ( 121 ) ar an tábhacht a bhaineann le hoiriúnú don rabharta nua nuálaíochta agus cuireadh i dtábhacht gur gá borradh a chur faoi shineirgí i measc na gclár agus na dtionscnamh cistiúcháin atá ann cheana.

Conclúidí ón gComhairle faoi Uachtaránacht na Spáinne ( 122 ) lena ndírítear ar éiceachórais réigiúnacha, bearta chun an deighilt nuálaíochta a dhruidim agus soláthar nuálaíochta. Go sonrach, d’iarr an Chomhairle go mbeadh níos mó gníomhaíochtaí ann ar an leibhéal náisiúnta agus d’iarr sí ar an gCoimisiún bealaí a fhiosrú a thuilleadh chun tacú le soláthar nuálaíochta. Reáchtálfar comhdháil maidir leis an ábhar sin in 2024 faoi thionscnamh Uachtaránacht na Beilge ( 123 ).

Bhí NEIA ina ábhar ceiste ó bhéal i ndíospóireacht i seisiún iomlánach de chuid Pharlaimint na hEorpa i mí Dheireadh Fómhair 2023 ( 124 ). An tráth sin, d’iarr roinnt feisirí den Pharlaimint ó ghrúpaí polaitiúla éagsúla go ndéanfaí breis infheistíochta sa nuálaíocht, go mbeadh sineirgí níos mó ann idir cláir, go mbeadh níos mó deiseanna ann le haghaidh FBManna i réimse na nuálaíochta, agus go mbeadh níos mó deiseanna ann le haghaidh na mban i réimse na nuálaíochta. B’údar náire dóibh é go bhfuil an Eoraip chun deiridh ar na Stáit Aontaithe, an Chóiré Theas, an tSeapáin agus an tSín.

D’eisigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa tuairim maidir le tástáil struis Eorpach a thabhairt isteach le haghaidh nuálaíochta ( 125 ) do na tionscnaimh bheartais nua sa réimse seo chun éiceachórais nuálaíochta Eorpacha a neartú. Tá Coiste na Réigiún ag rannchuidiú leis an díospóireacht maidir le héiceachórais nuálaíochta réigiúnacha agus thacaigh sé go gníomhach leis an tionscnamh maidir le ‘gleannta nuálaíochta réigiúnacha’, rud atá tógtha go páirteach ar an tionscnamh maidir le Comhpháirtíochtaí le haghaidh Nuálaíochtaí Réigiúnacha.

Thairis sin, chuaigh an Coimisiún i mbun idirphlé struchtúrtha le Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta chun plé a dhéanamh ar conas is fearr is féidir leis an ngrúpa sin rannchuidiú leis an gcéad réimse suaitheanta de NEIA, lena n‑áirítear tríd an gclár InvestEU, ESCALAR agus tionscnamh Eorpach na gCeannródaithe Teicneolaíochta.

3.2.Idirphlé le páirtithe leasmhara

Is é a bhí ag gabháil le cur chun feidhme ghníomhaíochtaí NEIA idirphlé cuiditheach le páirtithe leasmhara ó earnáil na nuálaíochta. Go háirithe, ‘Comhghuaillíocht na nDaoine Toilteanacha’ ( 126 ), comhdhéanta de níos mó ná 80 comhalta ó eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha, cuireadh ar bun í ar mhaithe le NEIA a shaibhriú le tionscnaimh chomhlántacha bhreise arna ndéanamh i gcomhthéacsanna náisiúnta, áitiúla nó príobháideacha. Bhí sé d’aidhm aige sin an comhar a éascú agus infheictheacht a thabhairt do dhea‑chleachtais. Mar chuid den obair sin, d’fhógair Comhghuaillíocht na nDaoine Toilteanacha beagnach 80 gníomhaíocht mar thaca le NEIA.

3.3.Gníomhaíochtaí cumarsáide agus teagmhais maidir le gníomhaíochtaí NEIA

Rinneadh gníomhaíochtaí cumarsáide éagsúla chun NEIA agus a bhreisluach a chur chun cinn ar fud na hEorpa, lena n‑áirítear le haghaidh an phobail nuálaíochta, lucht ceaptha beartas, na ngníomhaithe airgeadais agus an phobail i gcoitinne. Ó glacadh NEIA, d’eagraigh an Coimisiún níos mó ná 100 imeacht, nó ghlac sé páirt iontu, ar fud na hEorpa (i gcomhar leis na Ballstáit go minic) agus lasmuigh den Eoraip, lena n‑áirítear na chéad Laethanta Nuálaíochta Eorpacha in Silicon Valley i mí an Mhárta 2023 ( 127 ). Tugtar an roinn thiomnaithe ar shuíomh gréasáin Europa ( 128 ) cothrom le dáta go leanúnach agus déanann an Coimisiún gníomhaíochtaí cumarsáide ad hoc, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí preasa agus meán sóisialta tráth imeachtaí sonracha nó forbairtí nua maidir le NEIA ( 129 ). Ina theannta sin, bíonn NEIA ina mhír thráthrialta ar chláir oibre na n‑idirphléití T&N feabhsaithe a eagraíonn an Coimisiún leis na Ballstáit, agus ar chláir oibre chruinnithe na gComhchoistí le Tíortha Comhlachaithe Fís Eorpach chomh maith leis sin.

4.Na chéad bhearta eile agus na dúshláin romhainn

Tá dul chun cinn maith á dhéanamh ar chur chun feidhme NEIA. I measc na 25 ghníomhaíocht a leagtar amach in NEIA ( 130 ) cuireadh 13 cinn díobh i gcrích agus tá 12 cheann díobh fós ar siúl faoi láthair. I gcomhthráth leis sin, mar a mhínítear sa tuarascáil seo, le gníomhaíochtaí breise éagsúla ar an leibhéal Eorpach agus náisiúnta araon tacaítear le cur chun feidhme NEIA agus rannchuidítear lena chuspóirí. Maidir le críochnú agus cur chun feidhme iomlán NEIA, i dteannta le comhar agus malartú dea‑chleachtas feabhsaithe leis na Ballstáit agus ina measc, rannchuidithe tábhachtacha a bheidh iontu chun borradh a chur faoi nuálaíocht agus iomaíochas na hEorpa.

Leanfaidh an Coimisiún d’fhaireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn agus tionchar na ngníomhaíochtaí a shainaithnítear in NEIA. Déanfar sin i ndlúthchomhar le Fóram CNE. I gcomhthráth leis sin, leanfaidh an Coimisiún de bhorradh a chur faoina idirphlé le gníomhaithe nuálaíochta, trí chumarsáid neartaithe freisin agus straitéis abhcóideachta maidir le NEIA, ar a dtugtar ‘Nuálaíocht Déanta san Eoraip’.



Iarscríbhinn I – Liosta gníomhaíochtaí in NEIA

Teideal (Réimse Suaitheanta – Gníomhaíochtaí)

Curtha i gcrích an

Réimse Suaitheanta: Cistiú le haghaidh gnólachtaí teicneolaíochta doimhne atá ag méadú

(1)Treoir maidir le liúntas um chlaontacht fiachais‑cothromais a laghdú (DEBRA) maidir le cáin chorparáide, togra ón gCoimisiún

R2 2022

(2)An Gníomh um Liostaí, togra ón gCoimisiún

R4 2022

(3)Leathnú an tsásra Eorpaigh um Ghníomhaíocht Mhéadaithe le haghaidh Caipiteal Riosca (ESCALAR)

Ar siúl

(4)Clár Oibre CNE 2022 Innéacs Píolótach Eorpach maidir le nuálaíocht, inscne agus éagsúlacht

Ar siúl

(5)Clár EIT Women2Invest

R4 2022

Réimse Suaitheanta: An nuálaíocht teicneolaíochta doimhne a chumasú trí spásanna turgnamhaíochta agus soláthar poiblí

(6)Treoirdhoiciméad maidir le boscaí gainimh rialála

R3 2023

(7)Binse tástála nuálaíochta oscailte i hidrigin inathnuaite

Ar siúl

(8)Saoráidí Tástála agus Turgnamhaíochta a sheoladh chun nuálaíocht intleachta saorga a thástáil

R1 2023

(9)Creat Státchabhrach Athbhreithnithe le haghaidh Taighde agus Forbartha agus Nuálaíochta

R4 2022

(10)Seoladh sainseirbhíse comhairlí maidir le soláthar nuálaíochta

Ar siúl

Réimse Suaitheanta: Dlús a chur leis an nuálaíocht in éiceachórais nuálaíochta na hEorpa ar fud an Aontais agus í a neartú agus aghaidh a thabhairt ar an deighilt nuálaíochta

(11)Gleannta nuálaíochta teicneolaíochta doimhne réigiúnacha a chur ar bun agus a nascadh

Ar siúl

(12)Fógra ón gCoimisiún maidir le sineirgí idir Fís Eorpach agus cláir Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa

R3 2022

(13)An líon gleannta hidrigine san Aontas a dhúbailt

Ar siúl

(14)Ionad ilfhreastail a chur ar bun le haghaidh gníomhaithe in éiceachórais nuálaíochta

Ar siúl

(15)An tionscnamh maidir le ‘100 gnólacht atá ag méadú’ a sheoladh

Ar siúl

Réimse Suaitheanta: Tallanna teicneolaíochta doimhne a chothú, a mhealladh agus a choinneáil

(16)Tionscnamh EIT tallainne teicneolaíochta doimhne a sheoladh

R4 2022

(17)Scéim intéirneach nuálaíochta a sheoladh

Ar siúl

(18)Linn tallann an Aontais a sheoladh chun cuidiú le gnólachtaí, lena n‑áirítear gnólachtaí nuathionscanta, tallann a aimsiú ó áiteanna lasmuigh den Aontas

Ar siúl

(19)Scéim Fhiontraíocht agus Cheannaireacht na mBan a Bhunú

R4 2022

(20)Malartú dea‑chleachtas maidir le scair‑roghanna fostaithe gnólachtaí nuathionscanta

Ar siúl

(21)Pobal cleachtais maidir le hoideachas agus nuálaíocht

R4 2022

(22)Comhghuaillíochtaí Erasmus+ le haghaidh Nuálaíochta a sheoladh

R2 2023

(23)Glao a sheoladh thar ceann an chláir don Eoraip Dhigiteach chun oiliúint a chur ar shaineolaithe i réimsí atá dírithe ar an todhchaí

R3 2022

Réimse Suaitheanta: Feabhas a chur ar uirlisí ceaptha beartas

(24)Tuairisciú ar shainmhínithe maidir le gnólachtaí nuathionscanta, gnólachtaí atá ag méadú agus nuálaíocht teicneolaíochta doimhne

R1 2023

(25)Ról Fhóram na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí a neartú

Ar siúl

(1) () Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 5.7.2022 COM (2022) 332 final.
(2) () https://research-and-innovation.ec.europa.eu/strategy/support-policy-making/shaping-eu-research-and-innovation-policy/new-european-innovation-agenda_ga .
(3) () https://research-and-innovation.ec.europa.eu/strategy/support-policy-making/shaping-eu-research-and-innovation-policy/new-european-innovation-agenda/eic-forum_en .
(4) () Féach Caibidil 3.1.
(5) () Member States and Associated Countries are actively supporting New European Innovation Agenda! [Tá tacaíocht á tabhairt go gníomhach ag na Ballstáit agus na Tíortha Comhlachaithe don Chlár Oibre Eorpach Nua um Nuálaíocht!] (europa.eu) .
(6)

() Féach Teachtaireacht COM(2023) 684 final ón gCoimisiún le haghaidh tuarascáil ar thionscnaimh bheartais an Aontais chun infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí glana a chur chun cinn.

(7)

()Is éard is ARPA (Gníomhaireacht um Thionscadail Ardtaighde) ann clár airgeadais lena dtacaítear le teicneolaíochtaí in earnálacha sonracha arbh fhéidir nach saothrófaí iad ar bhealach eile trí thaighde ardriosca, ardghnóthachain lena mbaineann saotharlanna rialtais, tionscal príobháideach agus ollscoileanna. Tar éis rath na samhla sin i réimse na cosanta (DARPA), chruthaigh na Stáit Aontaithe gníomhaireachtaí breise ar an tsamhail chéanna: ARPA‑E le haghaidh fuinnimh, ARPA‑H le haghaidh sláinte agus ARPA‑I le haghaidh an bhonneagair iompair.

(8)

() Féach EDMI (an Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil), Innéacs Domhanda na Nuálaíochta 2023. Mar shampla, i gcomparáid le 2020, bhain an Araib Shádach 18 n‑áit amach (ón 66ú háit go dtí an 48ú háit) sa rangú domhanda, bhain an Indinéis 24 áit amach (ón 85ú háit go dtí an 61ú háit) agus bhain an Tuirc 12 áit amach (ón 51ú háit go dtí an 39ú háit). Den chuid is mó, d’fhan Ballstáit an Aontais sna háiteanna ina raibh siad le linn an ama sin (idir an tSualainn a rangaigh sa dara háit agus an Rómáin a rangaigh sa 47ú háit), ach i gcás 12 cheann díobh tháinig laghdú beag ar a n‑innéacs nuálaíochta sna 3 bliana sin.

(9) () Coincheap na hUathrialach Straitéisí Oscailte, tugadh isteach é sa tuarascáil ón gCoimisiún ‘Tuarascáil 2021 um Fhadbhreathnaitheacht Straitéiseach’, COM/2021/750 final.
(10) () Teachtaireacht ón gCoimisiún an 1.2.2023 COM(2023) 62 final.
(11) () Togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16.3.2023 COM(2023) 161 final.
(12)

() Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 168/2013, (AE) 2018/858, 2018/1724 agus (AE) 2019/1020.

(13)

()Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach agus chuig an gComhairle maidir leis an ‘Straitéis Eorpach um an tSlándáil Eacnamaíoch’, Join (2023) 20 final.

(14) () Rialachán (AE) 2023/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 13/9/2023.
(15)

() Rialachán (AE) 2024/795 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP).

(16) ()Teachtaireacht ón gCoimisiún an 27 Feabhra 2024 maidir le hArdábhair le haghaidh Ceannaireacht Thionsclaíoch COM(2024) 98 final.
(17) () https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/speech_23_4426 .
(18) () https://dealroom.co/reports/the-european-deep-tech-report-2023 .
(19)

() Infheistíochtaí fáis lastall de bhabhtaí cothromais i sraith C, tá siad faoi cheannas ghníomhaithe na Stát Aontaithe/na hÁise agus cistí infheistíochta Stáit. I gcomparáid leis an Eoraip, tá idir 10 agus 15 oiread cistí caipitil fiontair ag na Stáit Aontaithe, cistí atá cothrom le EUR 1 bhilliún ar a laghad, agus tá gá leis na cistí sin atá cothrom le EUR 1 bhilliún ar a laghad chun bheith in ann ticéid is fiú EUR 50+ milliún a chur in úsáid lena dtacaítear le méadú déanach fiontar teicneolaíochta doimhne.

(20)

() Le cistí pinsin Eorpacha ní dhearnadh ach 60 gealltanas i gcistí caipitil phríobháidigh san Eoraip in 2023, nach mór leath a ngealltanais in 2022 nuair a rinneadh 113 ghealltanas leo, de réir shonraí PitchBook.

(21) () Ní dhéantar ach 5 % d’infheistíochtaí caipitil fiontair Eorpacha faoi láthair i bhfoirne measctha agus ní dhéantar ach 2 % díobh i bhfoirne baineanna amháin.
(22)

() Tá fianaise ann lena léirítear go ndéanann foirne éagsúla cinntí infheistíochta níos fearr. Féach ‘Gender Smart Financing. Investing In and With Women: Opportunities for Europe [Infheistíocht Maoinithe Inscne‑chliste i Mná agus leo: Deiseanna le haghaidh na hEorpa], https://economy-finance.ec.europa.eu/publications/gender-smart-financing-investing-and-women-opportunities-europe_en Why Diverse Teams Are Smarter le Harvard Business Review, 2016, https://hbr.org/2016/11/why-diverse-teams-are-smarter .  

(23) () Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle COM/2022/762 final.
(24)

() Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le rialacha a leagan síos i dtaca le liúntas um chlaontacht fiachais‑cothromais a laghdú agus i dtaca le hin-asbhainteacht úis a theorannú chun críoch cánach ioncaim corparáidí, COM(2022) 216 final, 2022/0154 (CNS) an 1.5.2022.

(25) () Le CEI cuirtear ESCALAR chun feidhme faoi InvestEU.
(26) () https://www.investeurope.eu .
(27) ()  https://www.eif.org/InvestEU/escalar-call-for-expression-of-interest/index.htm .
(28) () HORIZON-EIC-2022-GENDER-01-01.  
(29)

() Agus buiséad is fiú EUR 10,1 billiún ann i gcaitheamh 7 mbliana, reáchtálann CNE trí ghlao shainiúla deontais go tráthrialta: Treo‑Aimsitheoir CNE, Aistriú CNE agus Luasaire CNE. Laistigh den mhéid deiridh a luadh, tá Ciste CNE ina ionstraim shonrach infheistíochta fiontair, rud a dtugann an Banc Eorpach Infheistíochta cúnamh dó mar chomhairleoir infheistíochta.

(30) () The European Innovation Council Fund: the biggest European deep tech investor - European Commission [Ciste na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí: an t‑infheisteoir teicneolaíochta doimhne is mó san Eoraip – an Coimisiún Eorpach] (europa.eu) .
(31) () i.e. luacháil atá cothrom le USD 100 milliún ar a laghad.
(32) () Go dtí seo: an Spáinn, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil, an Bheilg agus an Ísiltír.    
(33) () Atomico Growth VI, FSI II agus Keensight Nova 6, chomh maith le comhaontú atá á thabhairt i gcrích faoi láthair.
(34) () Lena n‑áirítear InvestEU, CNE, ESCALAR agus an Tionscnamh maidir le Tairiscint Tosaigh don Phobal (TTP).
(35) () Startup Europe (HORIZON-EIE-2024-CONNECT-01-02) – an Coimisiún Eorpach (europa.eu) .
(36) () In 2023, tugadh isteach earnálacha nua, ionstraim airgeadais nua agus buiséad treisithe tar éis an Athbhreithnithe ar an gCóras Trádála Astaíochtaí.
(37)   https://digital strategy.ec.europa.eu/en/policies/startup-europe . () https://single-market-economy.ec.europa.eu/news/unleashing-potential-europes-small-businesses-2023-09-28_  
(38) () Flagship 1: Funding for deep tech scale ups [Réimse suaitheanta 1: Cistiú le haghaidh gnólachtaí teicneolaíochta doimhne atá ag méadú] (europa.eu) .
(39) () https://www.bundesfinanzministerium.de/Content/DE/Standardartikel/Themen/Internationales_Finanzmarkt/zukunftsfonds.html .  
(40) () https://www.cdpventurecapital.it/cdp-venture-capital/en/home.page .  
(41) () https://www.cdti.es/en/node/889 .  
(42) () https://nifasi.pl/en/ .  
(43) () Féach na Conclúidí ón gComhairle Eorpach, an 23 Márta 2023.
(44)

() Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin Regulatory learning in the EU, Guidance on regulatory sandboxes, testbeds and living labs in the EU, with a focus section on energy [Foghlaim rialála san Aontas Eorpach, Treoraíocht maidir le boscaí gainimh rialála, binsí tástála agus saotharlanna beo san Aontas Eorpach, agus roinn béime ann ar fhuinneamh], (2023) 277/2 final an 29.8.2023.

(45) () COM(2022) 230 final an 18.5.2022.
(46)

() Rialachán (AE) 2023/1315 ón gCoimisiún  an 23 Meitheamh 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 651/2014.

(47) () i.e. an méid cabhrach thuas lena spreagtar ceanglas chun fógra a thabhairt don Choimisiún.
(48) ()Bonneagar agus Seirbhísí Néalta IPCEI den Chéad Ghlúin Eile (IPCEI CIS), thug seacht mBallstát fógra i gcomhpháirt fúthu an 5 Nollaig 2023: an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ísiltír, an Pholainn, an Spáinn agus an Ungáir.
(49)

() Baineann na tionscadail sin le hAgraibhia, Cúram Sláinte, Monaraíocht agus Cathracha Cliste & Pobail. Tacófar leo ar feadh 5 bliana le buiséad foriomlán EUR 220 milliún.

(50)

() Open innovation test beds for advanced materials [Binsí tástála nuálaíochta oscailte le haghaidh ardábhar] – https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/0aaf1e05-2082-11ee-94cb-01aa75ed71a1/language-en/format-PDF/source-289339785 .  

(51)

() Clár oibre 2022 Fís Eorpach le haghaidh Bhraisle 4 (HORIZON-CL4-2022-RESILIENCE-01-20, ‘Binsí Tástála Nuálaíochta Oscailte le haghaidh Teicneolaíochtaí Ábhar Nuálach Aeráidneodrach agus Ciorclach’) agus clár oibre 2023 Fís Eorpach le haghaidh Bhraisle 5 (HORIZON-CL5-2023-D2-01-06, ‘Líne Phíolótach/Binse Tástála Oscailte le haghaidh hidrigine’).

(52) () Clár oibre Éiceachórais Nuálaíochta na hEorpa 2023-2024.
(53) ()Tacaíonn an Gníomh le 8 dteicneolaíocht straitéiseacha ghlan-nialasachta go háirithe: i) teicneolaíochtaí fótavoltacha gréine agus teicneolaíochtaí teirmeacha gréine; ii) fuinneamh gaoithe ar talamh agus fuinneamh inathnuaite amach ón gcósta; iii) ceallraí agus stóráil; iv) teaschaidéil agus fuinneamh geoiteirmeach; v) leictrealóirí agus breosla‑chealla; vi) bithghás/bithmheatán; vii) gabháil agus stóráil carbóin (GSC); agus viii) teicneolaíochtaí eangaí (lena náirítear freisin feithiclí leictreacha agus mearluchtú).
(54) () Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga (An Gníomh um an Intleacht Shaorga) agus lena leasaítear gníomhartha áirithe reachtacha de chuid an Aontais, (COM/2021/206 final).
(55)

() Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le borradh a chur faoi ghnólachtaí nuathionscanta agus an nuálaíocht san Intleacht Shaorga iontaofa, an 24.1.2024, COM(2024) 28 final.

(56) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le hArdábhair le haghaidh ceannaireacht thionsclaíoch an 27 Feabhra 2024, COM(2024) 98 final.
(57) () Tionscadal 4 bliana, a chistítear faoin gclár don Eoraip Dhigiteach.
(58)

() Flagship 2: Enabling deep tech innovation through experimentation spaces and public procurement [Réimse Suaitheanta 2: Nuálaíocht na teicneolaíochta doimhne a chumasú trí spásanna turgnamhaíochta agus soláthar poiblí] – an Coimisiún Eorpach (europa.eu) .

(59) () Féach an Scórchlár Nuálaíochta Réigiúnaí.
(60)

() Lena n‑áirítear EUR 56 bhilliún ó na Cistí Comhtháthaithe tiomnaithe do thaighde agus nuálaíocht agus EUR 3 bhilliún ó Fís Eorpach atá tiomnaithe do rochtain ar bharr feabhais T&N a leathnú.

(61) () IO C421/7 an 4 Samhain 2022.
(62) () Féach Léarscáil Líonraithe an Ghleanna Nuálaíochta Réigiúnaigh ina bhfuil an bunachar sonraí d’iarratasóirí incháilithe.
(63) () Tá réigiúin á roghnú a léiríonn a ngealltanas chun an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) feabhas a chur ar chomhordú agus comhsheasmhacht a n‑infheistíochtaí agus a mbeartas T&N i dtreo phríomhthosaíochtaí an Aontais; (ii) dul i mbun comhar idir‑réigiúnach chun nuálaíocht a fhorbairt; agus (iii) a n‑éiceachórais nuálaíochta réigiúnacha a neartú agus a idirnascadh.
(64)

() EUR 60 milliún ó Fís Eorpach (Éiceachóras Nuálaíochta Eorpach) agus EUR 62 mhilliún ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (an Ionstraim um Infheistíocht Nuálaíochta Idir‑Réigiúnach).

(65) () I dteannta Hydrogen Europe, Hydrogen Europe Research agus na Comhpháirtíochta Eorpaí um Ghleannta Hidrigine.
(66) () Is cuideachta atá faoi úinéireacht phríobháideach agus a bhfuil a luacháil os cionn EUR 1 bhilliún é ‘aonbheannach’.
(67)

() Ríomhaireacht den chéad ghlúin eile, slándáil dhigiteach agus iontaobhas digiteach, spás nua, teiripí cardashoithíocha, ardáin bhith‑theicneolaíochta nua, soghluaisteacht chliste, fuinneamh inathnuaite, stóráil ceallraí agus fuinnimh, breoslaí glana agus hidrigin, agus agraitheicneolaíocht agus teicneolaíocht an bhia.

(68) () Málta agus an Liotuáin. Úsáideadh nó úsáidfear cistí CFRE chun leathnú chistí CNE agus LET a dheonú nó chun dámhachtainí iarratasóirí GMSC a dheonú.
(69)

() Is éard atá i gceist leis an tionscnamh Mission Innovation (MI) tionscnamh domhanda de 23 thír agus den Aontas, arb é is aidhm dó dlús a chur leis an iarracht nuálaíochta i bhfuinneamh glan go domhanda. Seoladh é ag COP21, agus faoi láthair is comhaltaí MI a dhéanann níos mó ná sciar 95 % d’infheistíocht rialtais dhomhanda i dtaighde agus nuálaíocht fuinnimh ghlain. Ar na heagraíochtaí comhpháirtíochta áirítear IEA, IRENA, Breakthrough Energy, an Banc Domhanda, an Fóram Eacnamaíoch Domhanda, Cúnant Domhanda na Méaraí agus Comhghuaillíocht na gCeannródaithe. I rith na chéad deacáide eile, beidh comhaltaí MI ag díriú a n‑iarrachtaí ar mhisin phoiblí phríobháideacha atá bunaithe ar thionchar, agus spriocanna uaillmhianacha agus spreagúla iontu lena gcuirtear dlús leis an gconair i dtreo spriocanna Chomhaontú Pháras agus neodracht charbóin.

(70) () An Chomhpháirtíocht idir an tAontas Eorpach agus Catalyst (europa.eu) .
(71)

() Scaling up innovative technologies for climate neutrality [Teicneolaíochtaí nuálacha a mhéadú le haghaidh na haeráidneodrachta] . Bhí uirlis idirghníomhach ag gabháil leis an tuarascáil sin lenar léiríodh na taispeántóirí nuálacha ar léarscáil: Demonstrators scaling up innovative technologies for climate neutral‑industries around Europe [Teicneolaíochtaí nuálacha á méadú ag taispeántóirí le haghaidh tionscail aeráidneodracha ar fud na hEorpa] | Taighde agus Nuálaíocht (europa.eu) .

(72) () COM(2023) 634 final.
(73)

() Grúpaí saineolaithe phróiseas an chláir oibre (2022), an Clár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht, Príomhthorthaí agus conclúidí phróiseas an chláir oibre maidir leis an tionscnamh Eorpach taighde agus nuálaíochta don hidrigin ghlas, Leagan críochnaitheach ( https://www.bmbf.de/bmbf/shareddocs/downloads/files/SRIA_green_hydrogen.pdf https://www.bmbf.de/bmbf/shareddocs/downloads/files/SRIA_green_hydrogen.pdf ). https://www.bmbf.de/bmbf/shareddocs/downloads/files/SRIA_green_hydrogen.pdf ).

(74) () Féach Réimse Suaitheanta 2.
(75) () https://scientificadvice.eu .  
(76) ()    De Nigris, S., Kalpaka, A. and Nepelski, D., Characteristics and regional coverage of the European Digital Innovation Hubs network [Saintréithe agus cumhdach réigiúnach an líonra Mol Eorpach maidir leis an Nuálaíocht Dhigiteach] , Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, JRC134620.
(77)

() Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le borradh a chur faoi ghnólachtaí nuathionscanta agus an nuálaíocht san Intleacht Shaorga iontaofa, an 24.1.2024, COM(2024) 28 final.

(78) () Faoin gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta.
(79)

() An tionscnamh ‘Sliseanna don Eoraip’ laistigh den Ghníomh um Shliseanna, rud a bheidh le reáchtáil ag an  nGnóthas Comhpháirteach Sliseanna , tacófar leis le EUR 3,3 billiún de chistí ón Aontas, agus tá coinne leis go ndéanfar an méid sin a mheaitseáil le cistí ó na Ballstáit. Leis sin tacófar le gníomhaíochtaí amhail: (i) ardlínte táirgthe píolótacha nua chun dlús a chur le nuálaíocht agus forbairt teicneolaíochta; (ii) ardán dearthóireachta néalbhunaithe a fhorbairt; (iii) lárionaid inniúlachta a bhunú; (iv) sliseanna candamacha a fhorbairt; agus (v) an Ciste um Shliseanna a chruthú chun rochtain ar mhaoiniú fiachais agus cothromas a éascú.

(80)    () Tá an tionscnamh ar oscailt do gach réimse de Chlár Spáis an Aontais, agus cumhdaítear leis an earnáil réamhtheachtach (i.e. nanasatailítí, lainseálaithe, etc.) agus an earnáil iartheachtach (i.e. táirgí/seirbhísí a chumasaítear le sonraí spáis, etc.). Is é atá in éiceachóras CASSINI na gnólachtaí nuathionscanta spásbhunaithe uile agus FBManna a thairbhíonn de ghníomhaíochtaí tacaíochta CASSINI agus atá páirteach iontu, ar gníomhaíochtaí iad arna soláthar ag an gCoimisiún agus a ghníomhaireachtaí (e.g. EUSPA, an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach agus Gníomhaireacht Feidhmiúcháin FBManna, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú).
(81) () Lena n‑áirítear ceann amháin maidir le saotharlanna beo agus bonneagair thaighde agra‑éiceolaíochta.
(82)

()Moladh (AE) 2022/2415 ón gComhairle mí na Nollag 2022 maidir leis na treoirphrionsabail le haghaidh luachshocrú eolais (IO L 317, 9.12.2022, lch. 141).

(83)

() I mí an Mhárta 2023 ghlac an Coimisiún dhá mholadh maidir leis an gCód cleachtais i ndáil le bainistíocht sócmhainní intleachtúla agus leis an gCód Cleachtais maidir le caighdeánú chun tacú le cur chun feidhme na bprionsabal treorach agus treoraíocht theagmhálach a sholáthar do pháirtithe leasmhara.

(84) () Moladh (AE) 2023/499 ón gCoimisiún an 1 Márta 2023 maidir le Cód Cleachtais i ndáil le bainistíocht sócmhainní intleachtúla ar mhaithe le luachshocrú eolais sa Limistéar Eorpach Taighde (IO L 69, 7.3.2023, lch. 75).
(85)

() D’ullmhaigh na pobail sin (grúpaí a thugann aghaidh ar ábhair leasa choitinn) ionchuir le haghaidh na gCód cleachtais maidir le comhchruthú idir an tionscal agus an saol acadúil agus rannpháirtíocht na saoránach le haghaidh luachshocrú eolais. Leis an dá Chód sin tabharfar isteach cuir chuige straitéiseacha nua le haghaidh páirtithe leasmhara chun féachaint leis go réamhghníomhach go mbeidh leasanna coiteanna ann chun go ndéanfar luach bainte as eolas a tháirgeadh agus a luachshocrú i gcomhpháirt. Beidh siad ina gcuidiú chun an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) timpeallacht chumasúcháin agus dálaí rathúla a chruthú le haghaidh comhchruthú; (ii) samhlacha idirghníomhacha a bhunú; agus (iii) freastal ar bhealach níos fearr ar an soláthar agus ar an éileamh ar nuálaíocht.

(86)

() D’ullmhaigh na Comhphobail ionchuir le haghaidh na gCód cleachtais maidir le comhchruthú idir an tionscal agus an saol acadúil agus rannpháirtíocht na saoránach le haghaidh luachshocrú eolais. Leis na Cóid tabharfar isteach cuir chuige straitéiseacha nua le haghaidh páirtithe leasmhara chun féachaint leis go réamhghníomhach go mbeidh leasanna coiteanna ann chun eolas a tháirgeadh agus a luachshocrú i gcomhpháirt. Beidh siad ina gcuidiú chun timpeallacht chumasúcháin agus dálaí rathúla a chruthú le haghaidh comhchruthú, samhlacha idirghníomhacha a bhunú agus freastal ar bhealach níos fearr ar an soláthar agus ar an éileamh ar nuálaíocht.

(87) () Murab ionann is imirce daoine oilte, is éard is soghluaisteacht chiorclach ann cur chuige ina gcaitheann daoine aonair cuid éigin dá ngairm ar an gcoigríoch sula dtéann siad ar ais chuig a dtír thionscnaimh
(88) () Próiseas Bologna agus Liospóin, LET, an Limistéar Eorpach Oideachais, an Clár Oibre Scileanna.
(89) () Next Generation EU, Erasmus+, Erasmus le haghaidh Fiontraithe Óga, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Clár don Eoraip Dhigiteach, GMSC, ERC.
(90) () https://www.eitdeeptechtalent.eu/ .
(91) () Áirítear leis sin freisin ardán tiomnaithe ina bhfuil cúrsaí oiliúna, ‘Radar DTTI’ (uirlis idirghníomhach maidir le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn), duais agus comhdháil bhliantúil.
(92) () Foinse: https://www.eitdeeptechtalent.eu/ .  
(93) () Clár EIT & CNE maidir le Fiontraíocht agus Ceannaireacht na mBan | EIT (europa.eu) .
(94) ()     Maoiniú & tairiscintí (europa.eu) .
(95) ()    Leis na ‘Cláir oideachais speisialaithe i bpríomhréimsí inniúlachta’ éilíodh cláir bhaitsiléara agus mháistreachta chomh maith le modúil neamhspleácha i bpríomhréimsí digiteacha amhail an intleacht shaorga, eolaíocht sonraí, an chibearshlándáil, Idirlíon na Rudaí Nithiúla, néalríomhaireacht, teicneolaíochtaí candamacha, blocshlabhra agus róbataic.
(96) ()     EURAXESS | (europa.eu) ionaid ilfhreastail le haghaidh taighdeoirí.
(97) () In 2024, seolfar dhá ghlao bhreise ar ghníomhaíochtaí faoin ‘gClár don Eoraip Dhigiteach’, ceann amháin chun leanúint den ‘Ardán Scileanna Digiteacha agus Post Digiteach’ agus an dara ceann chun tacú le ‘Cailíní agus mná i ngairmeacha digiteacha’ trí léargais a sholáthar ar an mbearna idir na hinscní i ngairmithe TFC san Aontas.
(98) () Leis an nglao éilíodh go léireodh na hiarratasóirí conas a d’fhothóidís cumas nuálaíochta trí ghníomhaíochtaí teicneolaíochta doimhne lena gcothaítear tallann a chomhtháthú.
(99) ()  https://eismea.ec.europa.eu/programmes/european-innovation-ecosystems/women-techeu_en .
(100) () https://cordis.europa.eu/project/id/101132652 .
(101) () Cuireann na comhghuaillíochtaí disciplíní ETIM chun cinn freisin mar shampla le Comórtais Nuálaíochta ETIM le haghaidh mic léinn chun fíordhúshláin a réiteach i gcomhar le tionscail ETIM.
(102) ()  https://research-and-innovation.ec.europa.eu/jobs-research/researchcomp-european-competence-framework-researchers_ga#what-is-researchcomp .  
(103) () Moladh ón gComhairle an 18 Nollaig 2023 maidir le creat Eorpach chun daoine tréitheacha taighde, nuálaíochta agus fiontraíochta a mhealladh agus a choinneáil san Eoraip (C/2023/1640).
(104) ()Is éard is RESAVER ann Ciste Pinsin a dhírítear ar thaighdeoirí ag a bhfuil soghluaisteacht Eorpach RESAVER Baile | RESAVER .
(105) ()Is éard atá i gceist le saotharlanna déantúsaíochta ceardlann ar mionscála ag a bhfuil rochtain oscailte le haghaidh tionscnaimh dhigiteacha.
(106) () https://op.europa.eu/ga/publication-detail/-/publication/04797497-25de-11ee-a2d3-01aa75ed71a1 .  
(107) () Pléann siad ábhair amhail beartas nuálaíochta, soláthar agus sonraí nuálaíochta, scair‑roghanna fostaithe nó Breiseán CNE.
(108) () https://op.europa.eu/ga/publication-detail/-/publication/71293c89-75ed-11ed-9887-01aa75ed71a1\ .  
(109) () https://op.europa.eu/ga/publication-detail/-/publication/d120bc6d-9efa-11ee-b164-01aa75ed71a1 .  
(110) () An Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil faoi Next Generation.() An Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil faoi Next Generation.() Féach https://ec.europa.eu/research-and-innovation/ga/statistics/policy-support-facility
(111) () Féach https://ec.europa.eu/research-and-innovation/ga/statistics/policy-support-facility .
(112)

() An Iodáil, an Spáinn, an Bhulgáir, an tSlóvaic, an tSeicia, Málta, an Pholainn, an Ísiltír, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Liotuáin, an Phortaingéil, an tSlóivéin.

(113) () Lena n‑áirítear an Chróit, an tSeicia, an Ghréig agus an Rómáin.
(114) () Mar shampla, maidir le luachshocrú eolais, dícharbónú tionsclaíoch agus misin.
(115) () Ghlac 74 chríoch, lena n‑áirítear ceithre Bhallstát agus 63 réigiún, páirt sa treoirthionscadal. Féach: https://s3platform.jrc.ec.europa.eu/pri .  
(116)

() Pontikakis, D., Gonzalez Vazquez, I., Bianchi, G., Ranga, L., Marques Santos, A., Reimeris, R., Mifsud, S., Morgan, K., Madrid Gonzalez, C. agus Stierna, K., Partnerships for Regional Innovation Playbook [Comhpháirtíochtaí le haghaidh Nuálaíocht Réigiúnach, Leabhar Beartaíochta], EUR 31064 EN, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2022 le fáil ag https://dx.doi.org/10.2760/775610 .  

(117) () https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/handle/JRC135826 .
(118) () Leis sin áirítear tacaíocht dhíreach le haghaidh ghníomhaíochtaí CNE, oibríochtaí agus straitéis thráthrialta sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma, agus i bhfianaise príomhimeachtaí amhail an t‑athbhreithniú meántéarma ar Fís Eorpach agus forbairt an chéad Chláir Réime eile.
(119) () Bunaithe ar Airteagal 22(6) den Rialachán maidir le Fís Eorpach, cuirtear an comhar ar fionraí le haghaidh Chlár Oibre 2023-24 maidir le gníomhaíochtaí nuálaíochta gar don mhargadh.
(120) () Féach go háirithe clár Tosaigh EIT .
(121) () Conclúidí ón gComhairle maidir leis an gClár Oibre Eorpach Nua um Nuálaíocht, an 2 Nollaig 2022.
(122)

() Conclúidí ón gComhairle maidir le ról agus tionchar an taighde agus na nuálaíochta a neartú sa phróiseas ceaptha beartas san Aontas, an 8 Nollaig 2023.

(123) () An 19 Márta 2024 go dtí an 20 Márta 2024, le linn sheachtain T&N 2024 sa Bhruiséil.
(124)

() Ceist le haghaidh freagra ó bhéal O‑000038/2023 ar an gCoimisiún ó Cristian-Silviu Buşoi thar ceann an Choiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh.

(125) () https://www.eesc.europa.eu/ga/our-work/opinions-information-reports/opinions/introducing-european-innovation-stress-test .  
(126) () https://www.coalitionofthewilling.eu .  
(127) () Féach réimse suaitheanta 1, laistigh de na ‘gníomhaíochtaí breise’.
(128) () An Clár Oibre Eorpach Nua um Nuálaíocht - an Coimisiún Eorpach (europa.eu)
(129) () Samplaí: foilsiú ghlaonna na ‘ngleannta nuálaíochta’ réigiúnacha; glacadh tograí le haghaidh Threoir DEBRA agus an Ghnímh um Liostú; foilsiú an treoirdhoiciméid maidir le boscaí gainimh rialála, etc.
(130) ()     Féach an Liosta gníomhaíochtaí in Iarscríbhinn 1.