An Bhruiséil,5.3.2024

COM(2024) 102 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG AN mBANC CEANNAIS EORPACH AGUS CHUIG AN mBORD EORPACH UM RIOSCA SISTÉAMACH

Tuarascáil Chomhpháirteach maidir le forbairtí i margadh an Aontais le haghaidh seirbhísí iniúchóireachta reachtúla maidir le heintitis leasa phoiblí ó 2019 go 2021


TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG AN mBANC CEANNAIS EORPACH AGUS CHUIG AN mBORD EORPACH UM RIOSCA SISTÉAMACH

Tuarascáil Chomhpháirteach maidir le forbairtí i margadh an Aontais le haghaidh seirbhísí iniúchóireachta reachtúla maidir le heintitis leasa phoiblí ó 2019 go 2021

1.Réamhrá

Déantar measúnú sa tuarascáil chomhpháirteach seo ar fhorbairtí i margadh an Aontais maidir le hiniúchtaí reachtúla a dhéanamh ar eintitis leasa phoiblí (PIEnna) ó 2019 go 2021. Dírítear ann ar an méid seo a leanas:

-comhdhlúthacht an mhargaidh;

-na rioscaí a bhaineann le heasnaimh i gcáilíochta iniúchóireachta; agus

-feidhmíocht coistí iniúchóireachta.

Is í an tríú tuarascáil í arna tarraingt suas de bhun Airteagal 27 de Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 ( 1 ) (‘an Rialachán’). Cumhdaíodh leis an gcéad tuarascáil( 2 ) um fhaireachán margaidh forbairtí ó 2014 go 2015, agus cumhdaíodh sa dara tuarascáil ( 3 ) forbairtí ó 2016 go 2018.

D’ullmhaigh Coiste na gComhlachtaí Eorpacha um Fhormhaoirseacht Iniúchóireachta (CCEFI) an tuarascáil seo. Mura sonraítear a mhalairt, is iad tuarascálacha ó na húdaráis inniúla náisiúnta atá freagrach as maoirseacht iniúchóireachta (NCAnna) an phríomhfhoinse sonraí. Tagraíonn na sonraí do 2020 agus 2021 den chuid is mó, agus bailíodh iad in 2022.

Cuimsítear leis an tuarascáil sonraí a bailíodh ón Iorua den chéad uair. Úsáidtear iad i mír 2.1 maidir le ‘forléargas ar an margadh’ agus i mír 2.2 maidir le ‘comhdlúthacht an mhargaidh’. Níor bailíodh aon sonraí don Ríocht Aontaithe (RA). I gcás ina bhfuil comparáidí 2018 san áireamh sa tuarascáil seo, agus mura sonraítear a mhalairt, tá sonraí na Ríochta Aontaithe san áireamh i bhfigiúirí 2018.

2.Forbairtí i margadh an Aontais maidir le hiniúchtaí reachtúla ar eintitis leasa phoiblí

2.1.Forléargas ar an margadh

In 2021, bhí 200,484 iniúchóir reachtúil agus 22,427 gnólacht iniúchóireachta cláraithe san Aontas agus san Iorua. Taispeánann Tábla 1 na figiúirí le haghaidh 2021 agus 2018 araon (gan an Ríocht Aontaithe). Tháinig laghdú 6 % ar líon na gcleachtóirí iniúchóireachta (cliaint iniúchóireachta eintiteas leasa phoiblí nó cliaint iniúchóireachta nach mbaineann le h eintitis leasa phoiblí a sheirbhísiú) ó bhí 2018 ann agus tháinig laghdú 11 % ar líon na ngnólachtaí iniúchóireachta cláraithe. Tá thart ar 4 % de na gnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann iniúchadh ar eintitis leasa phoiblí i gceist leis na gnólachtaí iniúchóireachta cláraithe go léir, i gcomhréir leis an sciar in 2018.

Tháinig méadú 7 % ar an líon iniúchóirí reachtúla atá fostaithe ag gnólachtaí iniúchóireachta agus a bhfuil baint acu leo (mar chomhpháirtithe nó ar shlí eile).

Tábla 1:    Iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta cláraithe an Aontais (2018-2021)( 4 )

 

2018

2021

Athrú

Iniúchóirí reachtúla

213,299

200,484

-6 %

Iniúchóirí reachtúla atá fostaithe ag nó atá comhlachaithe mar chomhpháirtithe nó ar shlí eile le gnólacht iniúchóireachta

47,944

51,388

7 %

Gnólachtaí iniúchóireachta

25,110

22,427

-11 %

Lena n‑áirítear, gnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann iniúchóireacht ar eintitis leasa phoiblí

1090

1008

-8 %

Tháinig méadú 11 % ar líon na n‑iniúchtaí reachtúla ar eintitis leasa phoiblí idir 2018 agus 2021 (Fíor 1). Ba iad na cuideachtaí liostaithe an chatagóir ba mhó d’eintitis leasa phoiblí ar fud na mBallstát in 2021, a raibh 37 % den iomlán (44% in 2018) iontu.

Tá 16 % d’iniúchtaí reachtúla ar eintitis leasa phoiblí ina niniúchtaí comhpháirteacha ar eintitis leasa phoiblí. As na 13 Bhallstát a thuairiscigh iniúchtaí comhpháirteacha( 5 ), ba ag an bhFrainc arís a bhí an méid ba mhó (87 % de AE-27 agus den Iorua le chéile). Thuairiscigh an Bheilg, an Chróit, an Fhionlainn, Éire agus an Pholainn iniúchtaí comhpháirteacha in 2021, agus níor tuairiscíodh aon iniúchadh comhpháirteach sna cúig thír sin in 2018.

Fíor 1:    Fíor Eintitis leasa phoiblí agus iniúchtaí reachtúla ar eintitis leasa phoiblí (2018-2021)( 6 )

Ba é thart ar EUR 30 billiún láimhdeachas gnólachtaí iniúchóireachta in AE-25( 7 ) agus san Iorua a dhéanann iniúchóireacht ar eintitis leasa phoiblí( 8 ) in 2021. Léirítear le sonraí do na 10 bpríomhghnólacht iniúchóireachta (10KAP( 9 )) ioncam measta de thart ar EUR 28 billiún do AE-25 agus don Iorua.

Tá difríochtaí móra idir na figiúirí láimhdeachais de réir an Bhallstáit, agus tá an dá mhargadh is mó ag an nGearmáin agus ag an bhFrainc (a bhfuil 47 % de láimhdeachas gnólachtaí iniúchóireachta san Aontas acu ( 10 )).

Déantar 11 % de láimhdeachas gnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann iniúchóireacht ar eintitis leasa phoiblí, arna thuairisciú ag gnólacht nó ar leibhéal an líonra, a ghiniúint trí ioncam ó sheirbhísí neamh-iniúchóireachta (seirbhísí neamh-iniúchóireachta ceadaithe d’eintitis a ndéantar iniúchóireacht orthu) agus 56 % ó sheirbhísí neamh-iniúchóireachta (NAS) chuig eintitis eile.

Gineadh 10 % de láimhdeachas iomlán na ngnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann iniúchóireacht ar eintitis leasa phoiblí san Aontas trí ioncam ó iniúchtaí reachtúla ar eintitis leasa phoiblí agus ar eintitis atá ina gcuid de ghrúpa gnóthas a bhfuil a máthairghnóthas ina eintiteas leasa phoiblí (suas ó 9 % in 2018). Gineadh 23 % trí ioncam ó iniúchtaí reachtúla ar eintitis eile (Fíor 2) (26 % in 2018). Mar sin féin, ní hionann an sciar sin ar fud na mBallstát: i seacht dtír, gineadh os cionn 50 % den ioncam trí sheirbhísí iniúchóireachta reachtúla ach i sé thír, gineadh níos lú ná aon trian den ioncam trí iniúchtaí reachtúla ( 11 ).

Fíor 2: Miondealú ioncaim ar láimhdeachas an Aontais de chuid gnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann iniúchóireacht ar eintitis leasa phoiblí (2021)

Thuairiscigh 21 as 24 ÚIN ón nGréasán Eorpach Iomaíochta nach ndearna siad fiosrúchán earnála sa mhargadh iniúchóireachta sa tréimhse 2019-2021 ná nár thuairiscigh siad aon ghníomhaíocht in aghaidh trustaí ná aon ghníomhaíocht forfheidhmithe san earnáil sin. Luaigh dhá ÚIN go ndearna siad anailís ar an leibhéal comhdhlúthachta sa mhargadh iniúchóireachta. Luaigh ÚIN amháin imscrúdú in aghaidh trustaí a rinneadh le linn na tréimhse sin ( 12 ).

 

2.2.Comhdhlúthacht an mhargaidh

Cuirtear i láthair sa tuarascáil seo sonraí margaidh ( 13 ) le haghaidh iniúchtaí reachtúla ar eintitis leasa phoiblí ag na ‘Ceithre Mhórghnólacht’ (Deloitte, EY, KMPG agus PwC), ‘CR4’ (na ceithre ghnólacht iniúchóireachta is mó i ngach tír) agus 10KAP.

Tá os cionn 80 % den sciar den mhargadh ag na Ceithre Mhórghnólacht in 11 Bhallstát( 14 ) (i gcomparáid le 13 in 2018) agus tá meánsciar 59 % de mhargadh an Aontais (laghdú ó 70 % in 2018) maidir le gach iniúchadh reachtúil ar eintitis leasa phoiblí acu.

I 13 Bhallstát (suas ó 7 gcinn in 2018), ní hiad na Ceithre Mhórghnólacht na ceithre ghnólacht iniúchóireachta is mó ( 15 ) i dtéarmaí líon iomlán na dtuairimí iniúchóireachta reachtúla ar eintitis leasa phoiblí. Is é 70 % an meánsciar den mhargadh le haghaidh CR4 agus agus 81 % le haghaidh 10KAP.

Fíor 3:    An sciar den mhargadh atá ag gnólachtaí iniúchóireachta sa líon iniúchtaí reachtúla ar eintitis leasa phoiblí (2021)

Tá na Ceithre Mhórghnólacht fós ceannasach ó thaobh ioncaim ó iniúchtaí reachtúla ar eintitis leasa phoiblí. Ar leibhéal an Aontais, bhain 86 % den ioncam ó iniúchtaí reachtúla ar eintitis leasa phoiblí leis na Ceithre Mhórghnólacht, agus bhain 71 % den ioncam ó iniúchtaí reachtúla ar eintitis eile leo (Fíor 4).

Fíor 4:    % d’iniúchtaí reachtúla ar eintitis leasa phoiblí, % den ioncam ó iniúchtaí reachtúla ar eintitis leasa phoiblí agus % den ioncam ó iniúchtaí ar eintitis eile, de réir Ballstáit [Na Ceithre Mhórghnólacht] (2021)

Maidir le láimhdeachas iomlán gnólachtaí iniúchóireachta, bhain thart ar 80 % d’iomlán an Aontais leis na Ceithre Mhórghnólacht, i gcomhréir le figiúirí 2018. Mar a léirítear i bhFíor 5, ina n‑aonar is iad na Ceithre Mhórghnólacht na gnólachtaí is mó ó thaobh sciar den mhargadh den líon iniúchtaí reachtúla ar eintitis leasa phoiblí, a bhfuil 59 % den mhargadh le haghaidh iniúchtaí reachtúla ar eintitis leasa phoiblí acu le chéile. Is é Mazars an cúigiú gnólacht is mó, le 7 % den sciar den mhargadh, agus BDO ina dhiaidh sin le 5 % den sciar den mhargadh.

Fíor 5:    Sciar den mhargadh atá ag 10KAP den líon iniúchtaí reachtúla ar eintitis leasa phoiblí (2021)

Cé go bhfuil laghdú ag teacht ar a leitheadúlacht i ndáil leis an líon iniúchtaí ar eintitis leasa phoiblí, tá tionchar an‑mhór fós ag na Ceithre Mhórghnónacht ar an margadh iniúchóireachta reachtúla maidir le heintitis leasa phoiblí, le 86 % den ioncam le haghaidh iniúchtaí reachtúla eintitis leasa phoiblí (Fíor 6). Tá sé sin níos ísle ná an 92 % den ioncam in 2018, mar gheall go páirteach nach bhfuil gnólachtaí iniúchóireachta na Ríochta Aontaithe san áireamh in iomlán an Aontais a thuilleadh, i ndiaidh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach.

Sa mhargadh le haghaidh iniúchtaí reachtúla ar eintitis eile, tá sciar 71 % den ioncam ag na Ceithre Mhórghnólacht, suas ábhairín ó 68 % in 2018.

Gineann na Ceithre Mhórghnólacht céatadán suntasach (thart ar 82-84 %) d’ioncam ó sheirbhísí neamh-iniúchóireachta( 16 ) ó chliaint iniúchóireachta agus ó chliaint neamh-iniúchóireachta. Tá difríochtaí idir na cásanna ar fud na mBallstát.

Léirítear le struchtúr ioncaim measta an Aontais go bhfuil tionchar an‑mhór ag na Ceithre Mhórghnólacht ar an margadh in iniúchtaí reachtúla agus i seirbhísí neamh-iniúchóireachta araon arna soláthar ag iniúchóirí reachtúla. Tagann an cion is airde d’ioncam gnólachtaí iniúchóireachta eile (ní na Ceithre Mhórghnólacht) ó iniúchtaí reachtúla ar eintitis eile (15 % don 10KAP eile agus 14 % do gach gnólacht eile) agus ó sheirbhísí neamh-iniúchóireachta chuig eintitis eile (13 % don 10KAP eile agus 5 % do gach gnólacht eile). Mhéadaigh an 10KAP eile a sciar den ioncam ó iniúchtaí reachtúla ar eintitis leasa phoiblí (ó 5 % in 2018 go 9 % in 2021).

Fíor 6: Sciar de mhargadh an Aontais atá ag gnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann iniúchóireacht ar eintitis leasa phoiblí, de réir ioncaim (2021)

Léirítear le struchtúr ioncaim measta an Aontais de réir gnólachta i bhFíor 7 go ngineann na Ceithre Mhórghnólacht céatadán níos airde dá n‑ioncam iomlán ó iniúchtaí reachtúla ar eintitis leasa phoiblí ná an 10KAP (5 %) eile agus gach gnólacht eile (7 %). Mar sin féin, gineann na Ceithre Mhórghnólacht sciar níos ísle den ioncam ó iniúchtaí reachtúla ar eintitis eile den ioncam iomlán ná an KAP10 eile (45 %) agus gach gnólacht eile (26 %).

Fíor 7:    Struchtúr ioncaim de réir gnólachta (2021)

2.3.Na rioscaí a eascraíonn as easnaimh sa cháilíocht

San iomlán, rinne ÚINanna athbhreithniú ar 737 gcomhad iniúchóireachta ar eintitis leasa phoiblí, a bhaineann den chuid is mó le timthriallta cigireachta bliantúla, a rinneadh in 2021( 17 ). Ar an meán, bhí 2.6 toradh cigireachta( 18 ) ar an meán in aghaidh an chomhaid iniúchta ar eintitis leasa phoiblí mar thoradh ar na hathbhreithnithe. Bhí 3.5 toradh ar an meán in aghaidh an ghnólachta iniúchóireachta mar thoradh ar nósanna imeachta ar fud gnólachtaí a rinneadh maidir le 361 gnólacht iniúchóireachta/cleachtóir aonair a dhéanann iniúchóireacht ar eintitis leasa phoiblí.

Cumhdaítear sa measúnú cáilíochtúil thíos réimse an mhaolaithe agus na hanailíse ar riosca sistéamach.

Sna blianta roimhe seo, bhain na torthaí den chuid ba mhó le heasnaimh i gcórais inmheánacha rialaithe cáilíochta gnólachtaí iniúchóireachta, ach( 19 ) léirítear leis na torthaí le déanaí go bhfuarthas an chuid is mó de na heasnaimh i gcomhaid na fostaíochta iniúchóireachta ar eintitis leasa phoiblí. Thug dhá thrian de ÚINanna le fios go raibh a gcuid moltaí maidir le bearta maolaithe agus leigheasanna a chur i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sin curtha chun feidhme go sásúil.

Seo thíos na réimsí is coitianta a thuairiscítear maidir le maolú agus anailís riosca (i gcás inar breathnaíodh ar thorthaí a fuarthas arís agus arís eile, i.e. sainaithníodh na torthaí céanna sa ghnólacht/cleachtóirí iniúchóireachta céanna i dtimthriallta cigireachta roimhe seo).

·Modheolaíocht:

onósanna imeachta iniúchóireachta neamhleora a rinneadh agus/nó fianaise a fuarthas;

oneamhchomhlíonadh an Chaighdeáin Iniúchóireachta Idirnáisiúnta (ISA) 500 Fianaise Iniúchóireachta, ISA 530 Sampláil Iniúchóireachta, ISA 540 Meastacháin Cuntasaíochta Iniúchóireachta agus Nochtadh Gaolmhar, nó ISA 230 Doiciméadacht Iniúchóireachta;

ois gá feabhas a chur ar mhodheolaíocht iniúchóireachta/ar theimpléid doiciméadachta chun comhlíonadh reachtaíochta/ISAnna a bhaint amach.

·Athbhreithniú rialaithe cáilíochta na fostaíochta – EQCR:

omainneachtain EQCR tráthúil a dhéanamh agus/nó doiciméadacht neamhleor;

ofaireachán inmheánach neamhéifeachtach ar EQCRanna arna dhéanamh ag comhpháirtithe iniúchóireachta;

oeaspa breithnithe, i meastóireacht agus i luach saothair na gcomhpháirtithe, ar na heasnaimh a sainaithníodh i ndáil le feidhmíocht EQCR.

·Eitic & neamhspleáchas:

osoláthar seirbhíse neamh-iniúchóireachta do chliaint iniúchóireachta nach ndéantar measúnú leordhóthanach orthu do na réimsí seo a leanas:

§a mheas ar cheart dul i gcomhairle leis an gcomhpháirtí bainistíochta riosca má thagann bagairtí neamhspleáchais nó coinbhleachtaí leasa chun cinn;

§formheas an choiste iniúchóireachta a fháil agus a thaifeadadh sula soláthróidh sé seirbhísí neamh-iniúchóireachta;

§an próiseas inghlacthachta a dhéanamh go géar agus a dhoiciméadú go leordhóthanach, go háirithe nuair a d’fhéadfadh rioscaí féinathbhreithnithe nó coinbhleachtaí leasa teacht chun cinn.

·Doiciméadacht iniúchóireachta agus slándáil sonraí:

ofeabhsuithe a theastaíonn maidir le comhaid iniúchóireachta a chur i gcartlann;

ois gá feabhas a chur ar dhoiciméadacht iniúchóireachta.

·Measúnú riosca agus tástáil rialaithe inmheánaigh:

omeasúnú riosca neamhleor arna dhéanamh ag an iniúchóir;

osainaithint mhíchuí rialuithe ginearálta inmheánacha laistigh den eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air;

oeaspa tástála ar rialuithe inmheánacha.

I gcúig chás, rinne ÚINanna plé le coláistí rialála agus laistigh d’fhoghrúpa cigireachtaí CCEFI faoi ar cheart go gcáileodh easnaimh ar leith, a bhaineann go príomha le cáilíocht fhoriomlán córas rialaithe inmheánaigh gnólachtaí iniúchóireachta, mar rioscaí sistéamacha. Cé go raibh an toradh diúltach i ngach cás, bhí an plé tábhachtach chun feabhas a chur ar an gcáilíocht iniúchóireachta ar fud gnólachtaí iniúchóireachta.

2.4.Feidhmíocht coistí iniúchóireachta.  

( 20 )Leagtar amach in Airteagal 39 den Treoir maidir le hIniúchóireacht na príomhcheanglais do choistí iniúchóireachta, dá gcomhdhéanamh, dá gcúraimí agus dá nidirghníomhaíocht leis an gcomhlacht riaracháin nó maoirseachta. Déantar measúnú sa tuarascáil seo ar fheidhmíocht coistí iniúchóireachta. Tá sé bunaithe den chuid is mó ar ionchur ó na coistí iniúchóireachta féin. D’iarr ÚINanna ar 1506 coiste iniúchóireachta ar fud na mBallstát freagra a thabhairt ar cheistneoir CCEFI( 21 ) agus d’fhreagair thart ar 60 % de na coistí iniúchóireachta (ar fud 23 Bhallstát).

Idirghníomhaíocht leis an gcomhlacht riaracháin nó maoirseachta

Léirítear leis na freagraí go bhfuil idirghníomhaíocht coistí iniúchóireachta leis an gcomhlacht riaracháin nó maoirseachta leordhóthanach agus léirítear leo tuiscint leordhóthanach ar na ceanglais sa réimse sin. Bhuail os cionn leath de na coistí iniúchóireachta leis an gcomhlacht riaracháin nó maoirseachta trí huaire ar a laghad chun cumarsáid a dhéanamh maidir lena ghníomhaíochtaí, saincheisteanna agus moltaí gaolmhara i ndiaidh na hiniúchóireachta reachtúla. Uaireanta, bhí bainistíocht an eintitis ar a ndearnadh iniúchóireacht air i láthair.

Chaith thart ar 77 % de na coistí iniúchóireachta idir 10 % agus 50 % dá n‑am cruinnithe ar ábhair a bhaineann le toradh agus faireachán na hiniúchóireachta nuair a bhuail siad leis an gcomhlacht riaracháin nó maoirseachta (féach Fíor 8).

Fíor 8:    An tam a chaitheann coistí iniúchóireachta ar ábhair a bhaineann le toradh agus faireachán na hiniúchóireachta

Neamhspleáchas, lena n‑áirítear seirbhísí neamh-iniúchóireachta ceadaithe agus uasteorainn táillí

Tá coistí iniúchóireachta freagrach as athbhreithniú a dhéanamh ar neamhspleáchas iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta, lena náirítear formheas seirbhísí neamh-iniúchóireachta ceadaithe ( 22 ). I 66 % de na cásanna, bhí uiríll i scríbhinn faighte ag na coistí iniúchóireachta ó na hiniúchóirí. I 32 % de na cásanna, bhí tuilleadh ceisteanna ardaithe ag na coistí iniúchóireachta. I 24 % de na cásanna, thuairiscigh coistí iniúchóireachta plé foirmiúil le hiniúchóirí reachtúla nó le gnólachtaí iniúchóireachta maidir leis na rioscaí do neamhspleáchas an iniúchóra agus na coimircí a cuireadh i bhfeidhm chun na rioscaí sin a mhaolú. Ní raibh aon bhearta déanta ag 2 % de na coistí iniúchóireachta chun faireachán a dhéanamh ar neamhspleáchas na niniúchóirí.

Fíor 9:    Faireachán a dhéanamh ar neamhspleáchas na niniúchóirí

Bhí critéir bhreise leagtha síos ag 24 % de na coistí iniúchóireachta lena gcuirtear teorainn le seirbhísí neamh-iniúchóireachta a bheadh incheadaithe faoin Rialachán nó faoin reachtaíocht náisiúnta.

Dhearbhaigh 65 % de na coistí iniúchóireachta (2018: thart ar 50 %) gur chuir an tiniúchóir reachtúil (nó aon bhall dá líonra) tograí isteach maidir le seirbhísí neamh-iniúchóireachta a sholáthar le linn na tréimhse tagartha( 23 ).

Luaigh 37 % de na coistí iniúchóireachta nár scrúdaigh siad iarrataí ar sheirbhísí neamh-iniúchóireachta a sholáthar faoi Airteagal 5(4) den Rialachán, arb é sin laghdú suntasach ó 80 % in 2018. Luaigh leath acu nár scrúdaigh siad iarrataí toisc go raibh na seirbhísí neamh-iniúchóireachta ar liosta réamhfhormheasta (36 %) nó nach raibh siad ceadaithe ag an eintiteas (14 %).

I gcás ina raibh baint ag coistí iniúchóireachta le seirbhísí neamh-iniúchóireachta a fhormheas, bhí formheas coistí iniúchóireachta coinnithe siar in 2 % de na cásanna. Na cúiseanna a luaitear le formheas a choinneáil siar maidir le soláthar seirbhísí neamh-iniúchóireachta, bhí siad ina riosca do neamhspleáchas an iniúchóra reachtúil, do sheirbhísí neamh- iniúchóireachta toirmiscthe faoin Rialachán nó faoin dlí náisiúnta, nó do chuspóir an choiste iniúchóireachta feabhas a chur ar an iomaíocht idir gnólachtaí iniúchóireachta. Níor shainaithin aon cheann de na coistí iniúchóireachta an uasteorainn táillí mar chúis leis an gcinneadh sin.

Níor scrúdaigh 12 % de na coistí iniúchóireachta na seirbhísí neamh-iniúchóireachta a soláthraíodh, rud a chiallaíonn nár sheiceáil siad gur áirithigh bainistíocht an eintitis go raibh na seirbhísí neamh-iniúchóireachta a soláthraíodh comhsheasmhach leis na seirbhísí neamh-iniúchóireachta formheasta (cineál agus táillí).

Níor shocraigh formhór mór na gcoistí iniúchóireachta (87 %) uasteorainn táillí seirbhísí neamh-iniúchóireachta níos ísle ná 70 %( 24 ) chun faireachán a dhéanamh. Níor athbhreithnigh ach thart ar an tríú cuid an ríomh a rinne an teintiteas maidir leis an uasteorainn táille do sheirbhísí neamh-iniúchóireachta ceadaithe de 70 %. Bíonn difríochtaí idir na modhanna ríofa ar fud na gcoistí iniúchóireachta, agus déantar gar do 50 % díobh ar an leibhéal grúpa do shuí an eintitis leasa phoiblí ar leibhéal an ghrúpa. Ríomhann eintitis eile an uasteorainn táillí ar leibhéal na fochuideachta (20 %), ar leibhéal an ghrúpa do gach eintiteas leasa phoiblí laistigh den ghrúpa (16 %) nó, i gcás nach bhfuil struchtúr grúpa ann, ar leibhéal na cuideachta (16 %). Sáraíodh an uasteorainn táille seirbhísí neamh-iniúchóireachta de 70 % de réir 1 % de na coistí iniúchóireachta.

Próiseas roghnúcháin iniúchóirí

Tá coistí iniúchóireachta freagrach as an nós imeachta maidir leis an iniúchóir reachtúil a roghnú. Tuairiscíonn os cionn 95 % (2018: 87 %) go bhfuil siad i gceannas ar an bpróiseas tairisceana, cé go bhfuil sé seo dúshlánach i gcónaí i gcás roinnt coistí iniúchóireachta.

Luaigh 19 % de na coistí iniúchóireachta go gceapfaidh siad iniúchóir reachtúil nua (nó gnólacht iniúchóireachta). Do dhá thrian, bhí an t‑iniúchóir acu ar feadh le 10 mbliana sular ceapadh iniúchóir reachtúil nua. Bhí an t‑iniúchóir céanna ag 18 % de na cásanna le breis agus 20 bliain.

Faoi Airteagal 16(2) den Rialachán maidir le hIniúchóireacht, bhí cuireadh tugtha ag 90 % de na heintitis leasa phoiblí a chuaigh ar aghaidh chuig tairiscint do dhá iniúchóir reachtúla nó gnólacht iniúchóireachta ar a laghad (6 % níos mó ná in 2018).

Fíor 10:    Tugadh cuireadh d’iniúchóirí reachtúla/gnólachtaí iniúchóireachta páirt a ghlacadh i dtairiscint

Níor bhreithnigh 35 % de na coistí iniúchóireachta go sonrach ar an gceanglas nár cheart go gcuirfí cosc leis an bpróiseas tairisceana ar ghnólachtaí a fuair níos lú ná 15 % dá dtáillí iomlána ó eintitis leasa phoiblí sa Bhallstát sa bhliain féilire roimhe sin páirt a ghlacadh sa nós imeachta roghnúcháin( 25 ).

Maidir le fógairt nó nochtadh an phróisis tairisceana, níor chloígh 76 % acu le treoirlínte CCEFI ‘Iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta arna gceapadh ag eintitis leasa phoiblí’, rud a spreagann eintitis leasa phoiblí chun an iarraidh ar thairiscintí a chur ar fáil go poiblí chun go mbeidh iniúchóirí reachtúla (nó gnólachtaí iniúchóireachta) nár tugadh cuireadh díobh ábalta páirt a ghlacadh.

Cuireadh an doiciméadacht tairisceana ar fáil go poiblí (13 %) nó seoladh chuig gnólachtaí iniúchóireachta roghnaithe í (87 %, a ndeachaigh 25 % díobh chuig na Ceithre Mhórghnólacht iniúchóireachta amháin).

Taispeántar an líon iniúchóirí reachtúla (nó na ngnólachtaí iniúchóireachta) a chuir tairiscint isteach sa chairt thall:

Fíor 11:    An líon iniúchóirí reachtúla/na ngnólachtaí iniúchóireachta a chuir tairiscint isteach

Sheiceáil 73 % de na coistí iniúchóireachta an mbeadh an t‑eintiteas a ndearnadh iniúchóireacht air ábalta, arna iarraidh sin, a thaispeáint don údarás inniúil go ndearnadh an nós imeachta maidir le roghnúchán a sheoladh ar mhodh cothrom.

Thug 51 % de na coistí iniúchóireachta a d’athraigh na hiniúchóirí le fios go raibh sé ró-luath tionchar uainíocht na n‑iniúchóirí a mheas, nó nach ndearnadh aon mheasúnú tráth an cheistneora. Mheas 22 % de na coistí iniúchóireachta go raibh tionchar uainíocht na n‑iniúchóirí neodrach agus mheas 12 % acu go raibh an tionchar dearfach.

Faireachán a dhéanamh ar an iniúchóireacht reachtúil

Tá na coistí iniúchóireachta freagrach freisin as faireachán a dhéanamh ar iniúchtaí reachtúla. Bhuail 77 % de na coistí iniúchóireachta leis na hiniúchóirí reachtúla (nó leis an ngnólacht iniúchóireachta) níos mó ná uair amháin agus leis an lucht bainistíochta a bhí i láthair (rinne 36 % acu amhlaidh gan an lucht bainistíochat a bheith i láthair). Rinne 36 % de na coistí iniúchóireachta measúnú ar cháilíocht iniúchóireachta le critéir/méadrachtaí amhail cáilíocht na cumarsáide, foireann fostaíochta iniúchóireachta (lena n‑áirítear saineolas teicniúil a thaispeántar), méid an dúshláin iniúchóra, agus an méid ama a chaitheann an comhpháirtí/an lucht bainistíochta sinsearaí iniúchóireachta ar an iniúchóireacht reachtúil.

Ba bheag úsáid a bhain coistí iniúchóireachta (17 %) as tuarascálacha/torthaí cigireachta ÚIN ón gcigireacht dheireanach ar an iniúchóir reachtúil chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht na hiniúchóireachta reachtúla. Luaigh os cionn leath de na coistí iniúchóireachta nach raibh aon tuarascáil ar thorthaí ar fáil nó nach raibh rochtain acu orthu, agus níor fhiosraigh 30 % de na coistí iniúchóireachta an raibh torthaí ar fáil.

3.Príomhthorthaí

Is iad seo a leanas na príomhthorthaí a bhí mar thoradh ar shuirbhé CCEFI:

1.Leanadh leis an laghdú ar an líon iniúchóirí aonair agus na ngnólachtaí iniúchóireachta a breathnaíodh sa tuarascáil dheireanach.

D’fhéadfadh iarmhairtí dearfacha agus diúltacha araon a bheith ag baint le tionchair amhail struchtúr aoise ghairm na hiniúchóireachta, a cumas gairmithe nua a mhealladh agus an méadú ar athghrúpáil gairmithe isteach i struchtúir níos mó ar cháilíocht na hiniúchóireachta a sholáthrófar, agus ní mór faireachán a dhéanamh orthu sa chéad tréimhse eile.

2.Ar an meán, faigheann gnólachtaí iniúchóireachta eintiteas leasa phoiblí 67 % nioncam ó sheirbhísí neamh-iniúchóireachta. Is é sin laghdú de thart ar 2 % i gcomparáid leis an tréimhse roimhe sin. Léirítear leis sin go bhfuil fócas na ngnólachtaí iniúchóireachta fós ag dul níos faide ná obair iniúchóireachta reachtúla.

Is ábhar imní é do rialtóirí go bhféadfadh soláthar seirbhísí neamh-iniúchóireachta dul i bhfeidhm ar neamhspleáchas agus ar cháilíocht na hiniúchóireachta. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go ndéanfaí dlúthfhaireachán ar fhorbairtí sa mhargadh, go háirithe nuair a théann gnólachtaí iniúchóireachta san iomaíocht le haghaidh cúraimí nua, mar thoradh ar reachtaíocht an Aontais le déanaí amhail an Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach( 26 ) lena gceanglaítear go ndéanfaí tuarascálacha inbhuanaitheachta a dhearbhú, agus an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha( 27 ) lena gceanglaítear go ndéanfaí measúnú ar chomhlíonadh na noibleagáidí maidir le hardáin anmhór ar líne agus innill chuardaigh ainmnithe.

3.Tugadh athrú beag ar mhargadh iniúchóireachta na hEorpa faoi deara, i gcás inar ghéill na Ceithre Mhórghnólacht cuid dá sciar den mhargadh i bhfabhar na 10 bPríomhghníomhaithe Iniúchóireachta eile, cé go gcoinníonn siad leibhéal ard de chomhdhlúthacht an mhargaidh.

Tá athrú tagtha ar dháileadh na n‑iniúchtaí ar eintitis leasa phoiblí i measc na ngníomhairí agus tá cion níos mó den obair déanta ag gníomhaithe eile sa mhargadh seachas na Ceithre Mhórghnólacht. Mar sin féin, níl athruithe ar struchtúr an mhargaidh i dtéarmaí ioncaim chomh tábhachtach le líon na ngealltanas.

Fuarthas gur tháinig méadú beag ar mhinicíocht na n‑iniúchtaí comhpháirteacha i roinnt de Bhallstáit an Aontais. Déantar iniúchtaí comhpháirteacha den chuid is mó sa Fhrainc fós, áfach.

4.Cé nár sainaithníodh aon ‘riosca sistéamach’, lean ÚINanna le minicíocht ard easnamh a bhrath ina gcuid cigireachtaí. Is minic a mheas siad, ach ní i gcónaí, gur leor leibhéal fhreagrúlacht na ngnólachtaí iniúchóireachta chun déileáil le torthaí cigireachta.

Ar lámh amháin, athdhearbhaítear leis an nglao ar níos mó trédhearcachta maidir le torthaí cigireachta ag an bpobal, nó ag coistí iniúchóireachta ar a laghad, chun cuntasacht níos fearr agus tuiscint níos fearr a sholáthar ar leibhéal na cáilíochta iniúchóireachta ar leibhéal an ghnólachta. Ar an lámh eile, tá sé tábhachtach go leanfaidh ÚINanna le brú a chur ar na gnólachtaí iniúchóireachta chun feabhsuithe a dhéanamh trí CCEFI agus trí choláistí Eorpacha rialtóirí, ionas go gcuirfidh siad bearta inmheánacha níos coisctheacha i bhfeidhm chun easnaimh iniúchóireachta a sheachaint.

5.Go ginearálta, tá feabhas curtha ag coistí iniúchóireachta ar fheidhmíocht a bhfreagrachtaí maoirseachta ón tréimhse tuairiscithe dheireanach.

Déanann formhór na gcoistí iniúchóireachta faireachán gníomhach ar neamhspleáchas iniúchóirí agus glacann siad páirt i roghnú iniúchóirí nó gnólachtaí nua, chomh maith le seirbhísí neamh-iniúchóireachta a fhormheas. Déantar níos mó maoirseachta agus grinnscrúdaithe ar sheirbhísí neamh-iniúchóireachta. Tugtar cuireadh do roinnt iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta i bhformhór na dtairiscintí, rud as a dtagann méadú ar líon na dtairiscintí in aghaidh na tairisceana.

I bhfianaise an róil shuntasaigh atá ag coistí iniúchóireachta maidir le cáilíocht iniúchóireachta a áirithiú, teastaíonn tuilleadh plé idir coistí iniúchóireachta agus ÚINanna. Ba cheart breithniú a dhéanamh freisin maidir le maoirseacht a dhéanann ÚINanna ar choistí iniúchóireachta a chomhchuibhiú agus a neartú.

6.D’fhéadfadh éifeachtaí na mbrúnna boilscitheacha, na rátaí úis atá ag ardú, an éagobhsaíocht gheopholaitiúil, agus an úsáid atá ag méadu as na huirlisí anailíse sonraí agus intleachta saorga i réimse na hiniúchóireachta a bheith ina ndúshláin don earnáil iniúchóireachta sna blianta amach romhainn. Ba cheart faireachán a dhéanamh ar thionchair na nathruithe sin.

I bhfianaise chineál trasnáisiúnta na n‑athruithe sin, trí chomhar Eorpach a neartú agus comhleanúnachas idir rialacháin agus uirlisí comhair a áirithiú, éascófar an próiseas faireacháin sin. Ba cheart a mheas go gcuirtear feabhas le cigireachtaí comhpháirteacha idir ÚINanna agus trí CCEFI ar an maoirseacht a dhéantar ar ghnólachtaí iniúchóireachta agus ar líonraí atá ag feidhmiú ar fud an Aontais.

(1) () Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le ceanglais shonracha a bhaineann le hiniúchóireacht reachtúil ar eintitis leasa phoiblí agus lena naisghairtear Cinneadh 2005/909/CE ón gCoimisiún (IO L 158, 27.5.2014, Lch. 77).
(2) ()     https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:52017DC0464 .
(3) ()     https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:52021DC0029 .
(4) () Tá an Iorua san áireamh i bhfigiúirí 2021, ach níl sí san áireamh in 2018. Níl an Ríocht Aontaithe san áireamh in 2021 ná i bhfigiúirí 2018.
(5) () Thuairiscigh an Ostair, an Bheilg, an Bhulgáir, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Fhionlainn, an Chróit, Éire, Málta, an Pholainn, an Rómáin agus an tSualainn iniúchtaí comhpháirteacha in 2021.
(6) ()  Tá an Iorua san áireamh i bhfigiúirí 2021, ach níl sí san áireamh in 2018. Níl an Ríocht Aontaithe san áireamh in 2021 ná i bhfigiúirí 2018.
(7) () Níl aon sonraí ón mBeilg ná ón tSualainn.
(8) () Rinneadh sonraí a bailíodh in airgeadraí náisiúnta a chomhshó go euro trí úsáid a bhaint as rátaí malairte 31/12/2021. Foinse: Bloomberg.
(9) () Baker Tilly, BDO, Deloitte, EY, Grant Thornton, KPMG, Mazars, Nexia, RSM agus PwC. Na gnólachtaí iniúchóireachta is mó san Aontas arna sainaithint ag CCEFI bunaithe ar Shuirbhé 2021.
(10) () Sonraí do na 25 Bhallstát agus don Iorua (gan aon sonraí ón mBeilg ná ón tSualainn).
(11) () Níl aon sonraí ón mBeilg ná ón tSualainn.
(12) () 2 ÚIN: An Danmhairg agus an Spáinn  agus 1 ÚIN: An Ísiltír.
(13) () Shuígh an chuid is mó de na ÚINanna an láimhdeachas ar ghnólachtaí iniúchóireachta (mar a shainítear in Airteagal 2(3) de Threoir 2006/43/CE) seachas an líonra iniúchóireachta (mar a shainítear in Airteagal 2(7)). Is neas-sonraí iad na sonraí mar gheall ar thréimhsí tagartha éagsúla.
(14) () An Ostair, an Bheilg, an Chipir, an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Iodáil, Lucsamburg, an Iorua, an Ísiltír agus an tSualainn.
(15) () An Bhulgáir, an Ghréig, an Fhrainc, an Chróit, Éire, an Liotuáin, an Laitvia, Málta, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóvaic agus an tSlóivéin.
(16) () Thuairiscigh roinnt ÚINanna dúshláin maidir le seirbhísí neamh-iniúchóireachta chuic eintitis eile, toisc gur seirbhísí lasmuigh den ghnólacht iniúchóireachta iad sin.
(17) ()    Thuairiscigh ocht ÚIN sonraí a thagraíonn do thimthriallta cigireachta 3 bliana.
(18) ()    Easnaimh is ea torthaí cigireachta i nósanna imeachta iniúchóireachta lena dtugtar le fios nach bhfuair an gnólacht iniúchóireachta dóthain fianaise iniúchóireachta iomchuí chun tacú lena thuairim, ach ní gá go gciallaíonn sé sin go dtugtar míráiteas ábhartha sna ráitis airgeadais sin freisin.
(19) () Tá an anailís sin bunaithe ar thorthaí cigireachta iniúchóireachta, mar a thuairiscigh na Ballstáit in 2020/2021, sa bhunachar sonraí a choinníonn Foghrúpa Cigireachta CCEFI. Rinne CCEFI anailís ar an mbunachar sonraí chun téamaí a shainaithint lena spreagtar idirphlé idir gnólachtaí iniúchóireachta / bunaitheoirí caighdeán agus CCEFI agus chun cigirí a chur ar an eolas faoi réimsí ardriosca. Bhí sí dírithe ar mhinicíocht na dtorthaí ag ISAnna, rialú cáilíochta agus eitic.
(20) () Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, Lch. 87).
(21) ()Ba é b’aidhm do cheistneoir measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh cheanglais na reachtaíochta iniúchóireachta agus an caidreamh idir ÚINanna agus coistí iniúchóireachta a chothú. In 2018, seoladh an ceistneoir chuig 2770 coiste iniúchóireachta ar fud 26 Bhallstát a raibh ráta freagartha comhchosúil thart ar 60 % ag baint leis.
(22) () Airteagal 4(2) agus 6(2)(b) den Rialachán, Airteagal 39(6)(e) de Threoir 2006/43/CE.
(23) () Airteagal 5(4) den Rialachán.
(24) ()    Airteagal 4(2) den Rialachán.
(25) ()    Airteagal 16(3)(a) den Rialachán.
(26) ()    Treoir (AE) 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Treoir 2013/34/AE, a mhéid a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach.
(27) ()    Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE.