An Bhruiséil,14.2.2024

COM(2024) 73 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

maidir le cur chun feidhme agus ábharthacht Phlean Oibre an Aontais Eorpaigh don Spórt 2021–2024 agus maidir leis an Moladh maidir le gníomhaíocht choirp ar mhaithe le feabhsú sláinte ar fud earnálacha


A.RÉAMHRÁ

Ón tráth a ghlac an Chomhairle an 4ú Plean Oibre de chuid an Aontais Eorpaigh don Spórt (2021–2024) 1 , tá an spórt ag leanúint dá ról a chomhlíonadh mar chuid de chultúr, stair agus traidisiúin na hEorpa. Tá freagracht mhór ag baint lena chumhacht uathúil agus aontaitheach inár sochaithe mar chumasóir an athraithe trí dhul chun cinn sochaíoch, gníomhaíocht eacnamaíoch agus pobail níos sláintiúla, níos comhtháite.

Leis an bPlean Oibre atá ann faoi láthair ón Aontas dírítear ar ionracas agus luachanna sa spórt, gnéithe socheacnamaíocha agus comhshaoil an spóirt agus cur chun cinn na rannpháirtíochta sa spórt, agus ar ghníomhaíocht choirp ar mhaithe le feabhsú sláinte chomh maith.

Bhí an comhthéacs inar cuireadh an plean seo chun feidhme casta agus dúshlánach. B’éigean do dhomhan an spóirt streachailt le tionchar leanúnach phaindéim COVID‑19, a bhí fite fuaite i gcogadh foghach na Rúise san Úcráin, agus le tionchar na tréimhse boilscithe, na bpraghsanna arda fuinnimh agus an teannais gheopholaitiúil a tháinig as an méid sin ar chomórtais spóirt. Maidir le dúshláin a bhainistiú i ndáil leis na forbairtí sin, bíonn sin i gceist anuas ar an obair ar thosaíochtaí foluiteacha amhail an tsláinte, an comhionannas agus an tsábháilteacht a chur chun cinn. Le hagóidí dlíthiúla os comhair na gcúirteanna Eorpacha méadaíodh infheictheacht agus suntasacht na gné Eorpaí sa spórt. Treisíodh go háirithe an díospóireacht faoin tSamhail Eorpach Spóirt, agus samhlaíocht an phobail á gabháil.

Ar feadh na tréimhse sin, bhí Plean Oibre an Aontais Eorpaigh don Spórt ina chrann taca chun a áirithiú go ndíreofar ar na príomhthosaíochtaí spóirt, agus aghaidh á tabhairt ar riachtanais téarnaimh agus athléimneachta earnáil an spóirt.

Is é Plean Oibre an Aontais an bonn le haghaidh idirphlé agus comhar idir na Ballstáit, an Chomhairle agus an Coimisiún. Mar a leagtar amach i bPlean Oibre an Aontais, iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún tuarascáil a chur isteach maidir lena chur chun feidhme agus lena ábharthacht. Tá an méid sin mar chuid den bhonn le haghaidh ullmhú an chéad Phlean Oibre eile de chuid an Aontais, atá le glacadh sa chéad leath de 2024.

Tá an tuarascáil seo bunaithe ar chomhairliúchán leathan. Le suirbhé comhairliúcháin poiblí ar líne ceadaíodh do na Ballstáit agus do na páirtithe leasmhara aiseolas a thabhairt i scríbhinn. Fuarthas 72 fhreagra san iomlán ó na Ballstáit, institiúidí spóirt idirnáisiúnta agus Eorpacha, Coistí Náisiúnta na gCluichí Oilimpeacha, Eagraíochtaí Frithdhópála Náisiúnta agus páirtithe leasmhara ábhartha eile. Thairis sin, d’óstáil an Coimisiún cruinniú chun aiseolas cáilíochtúil breise a fháil ó na freagróirí.

Tá an tuarascáil seo bunaithe ar mheasúnú ar an dul chun cinn a rinneadh i bpríomhréimsí beartais Phlean Oibre an Aontais. Déantar athbhreithniú léi ar chur chun feidhme gníomhaíochtaí beartaithe agus breathnaítear léi ar éifeachtacht na nuirlisí agus na modhanna oibre. Áirítear moltaí léi le haghaidh gníomhaíochtaí agus comhar amach anseo i réimse an spóirt. Leis an tuarascáil seo déantar meastóireacht freisin ar chur chun feidhme an Mholta maidir le gníomhaíocht choirp ar mhaithe le feabhsú sláinte ar fud earnálacha 2 .

B.MEASTÓIREACHT/TUAIRISCIÚ

1.Modhanna oibre

Cuireadh Plean Oibre an Aontais Eorpaigh don Spórt chun feidhme trí fhormáidí oibre agus sásraí tuairisciúcháin bunaithe éagsúla, rudaí a mionchoigeartaíodh agus a forbraíodh sna 3 bliana deiridh. Orthu sin áiríodh Conclúidí ón gComhairle, díospóireachtaí, grúpaí saineolaithe, gníomhaíochtaí piarfhoghlama, comhdhálacha agus seimineáir, cruinnithe Ard‑Stiúrthóirí an Aontais le haghaidh spóirt agus staidéar.

Cuireadh dhá ghrúpa saineolaithe ar bun maidir le spórt glas agus téarnamh agus athléimneacht earnáil an spóirt le linn agus tar éis phaindéim COVID‑19. Rinne an Coimisiún cathaoirleacht ar na grúpaí sin, agus údaráis na mBallstát rannpháirteach go gníomhach, chomh maith le breathnóirí agus saineolaithe ó ghluaiseacht an spóirt. Sholáthair siad tuarascálacha agus moltaí agus ardán chun saineolas agus dea‑chleachtas a mhalartú.

Na gníomhaíochtaí piarfhoghlama le haghaidh na mBallstát chun faisnéis agus taithí maidir le hábhair shonracha a mhalartú, tháinig forbairt orthu sin go mór le linn thréimhse Phlean Oibre an Aontais. Cruinnithe ardleibhéil agus comhdhálacha amhail cruinnithe neamhfhoirmiúla d’Ard‑Stiúrthóirí um an spórt, i dteannta na ndíospóireachtaí beartais sa Chomhairle, bhí príomhról acu sin chun beartais maidir le dúshláin choiteanna a chur chun cinn.

Rinne an Coimisiún staidéir maidir le saincheisteanna tráthúla agus lean sé de thionscnaimh agus feachtais a fhorbairt, amhail Fóram Spóirt an Aontais, Seachtain Eorpach an Spóirt, an feachtas HealthyLifestyle4All agus an tionscnamh SHARE. Bhí sé d’aidhm ag na staidéir agus na feachtais sin cuidiú leis na Ballstáit agus páirtithe leasmhara eile beartais agus gníomhaíochtaí spóirt a fhorbairt agus a shaothrú.

Cónaidhmeanna agus cumainn spóirt agus páirtithe leasmhara spóirt eile, tá príomhról acu maidir le beartas spóirt a chur chun feidhme, agus tá a dtuairimí ina gcuid ríthábhachtach de phléití beartais. De réir an mheoin sin, bhí páirt ghníomhach ag gluaiseacht an spóirt i bhFóram Spóirt bliantúil an Aontais agus i gcomhdhálacha eile. Lean sí na grúpaí saineolaithe le teann spéise freisin.

Chuaigh an Coimisiún i gcomhar freisin le heagraíochtaí rialtasacha agus neamhrialtasacha idirnáisiúnta, amhail Comhairle na hEorpa, an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS), Oifig na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí agus Coireacht (UNODC), Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO) agus an Ghníomhaireacht Dhomhanda Frithdhópála (WADA).

Leis na modhanna oibre sin cuidíodh leis an gcomhar a neartú idir na Ballstáit, an Chomhairle, an Coimisiún agus páirtithe leasmhara spóirt. Cuireadh feabhas leo ar chomhordú an Aontais agus cumasaíodh leo malartú saineolais agus taithí luachmhaire, agus Plean Oibre an Aontais á chur chun cinn. An tráth céanna, is féidir go mbeidh gá le coigeartuithe áirithe ar conas a dheartar gníomhaíochtaí chun cumarsáid níos tráthrialta ar thorthaí a áirithiú agus aschuir a áirithiú is éasca a mhacasamhlú.

2.Gníomhaíochtaí agus aschuir

2.1. Grúpaí saineolaithe

Leis an tuarascáil maidir le spórt glas ón ngrúpa saineolaithe 3 rinneadh scrúdú ar conas is fearr a d’fhéadfaí inbhuanaitheacht chomhshaoil a chur chun cinn leis an gcóras spóirt Eorpach agus leagadh amach moltaí lena ndírítear go príomha ar na húdaráis phoiblí agus eagraíochtaí spóirt náisiúnta. Orthu sin áiríodh cuireadh chuig seaimpíní spóirt agus inbhuanaitheachta chun spórt glas agus bunú comhlachtaí comhroinnte eolais a chur chun cinn, agus chun go dtacófar leis an aistriú chuig spórt níos glaise le cistiú ar an leibhéal náisiúnta agus Eorpach. Leis an tuarascáil léiríodh go bhfuil an spórt ag brath go mór ar earnálacha eile, agus a phríomhthionchar ar an aeráid dírithe ar lucht leanúna agus rannpháirtithe a bheith ag taisteal chuig comórtais.

Le tuarascáil an ghrúpa saineolaithe ar théarnamh agus athléimneacht 4 , tugadh achoimre ar thionchair shuntasacha COVID‑19 a bhí le brath ar fud earnáil an spóirt. Leis an tuarascáil léiríodh freisin tionchar géarchéimeanna ina dhiaidh sin, a bhain go háirithe le cogadh foghach na Rúise san Úcráin agus costais fuinnimh mhéadaitheacha. Cé is moite den tionchar díreach ar an ngéarchéim agus den fhreagairt uirthi, leis an tuarascáil breathnaíodh ar conas a bhí an méid sin idirnasctha le saincheisteanna níos leithne amhail inbhuanaitheacht agus rialachas. Ar an mbealach sin, leis an tuarascáil cuireadh i dtábhacht a thábhachtaí atá sé go nglacfadh eagraíochtaí spóirt straitéisí riosca agus pleanáil theagmhasach.

2.2. Imeachtaí uachtaránachta agus gníomhaíochtaí piarfhoghlama

D’eagraigh na Ballstáit ag a bhfuil uachtaránacht an Aontais comhdhálacha, seimineáir agus cruinnithe d’Ard‑Stiúrthóirí an Aontais um an spórt. Leis na himeachtaí sin soláthraíodh saibhreas saineolais agus treoshuíomhanna beartais i réimsí amhail taidhleoireacht, nuálaíocht, inbhuanaitheacht, ionracas agus comhionannas spóirt.

Ina theannta sin, tá sé cruthaithe go bhfuil gníomhaíochtaí piarfhoghlama ina modh, ar a bhfuil tóir mhéadaitheach, chun go n‑eagróidh agus go gcomhroinnfidh na Ballstáit eolas i réimsí níos sonraí ar bhealach domhain.

Is féidir teacht ar liosta iomlán imeachtaí uachtaránachta agus gníomhaíochtaí eile in Iarscríbhinn I. Cé go bhfuil tréimhse Phlean Oibre an Aontais fós leanúnach, rinneadh nach mór na gníomhaíochtaí agus na himeachtaí uile a leagtar amach san Iarscríbhinn seo go rathúil. Leis an éacht comhchoiteann sin léirítear gealltanas láidir na mBallstát, na n‑uachtaránachtaí, na Comhairle, an Choimisiúin agus na bpáirtithe leasmhara uile eile chun rannchuidiú agus dul i gcomhar le chéile maidir le Plean Oibre an Aontais.

2.3. Tuilleadh tionscnamh mar thacaíocht le Plean Oibre an Aontais

Chun tionchar na réimsí tosaíochta a mhéadú agus cuspóirí treoracha Phlean Oibre an Aontais a bhaint amach, rinne an Coimisiún gníomhaíochtaí ábhartha éagsúla chun na gníomhaíochtaí agus na críocha a chomhlánú.

Ar cheann de chuspóirí treoracha an phlean áirítear idirphlé agus comhar a threisiú. Tá Fóram Spóirt an Aontais ar an bpríomhardán poiblí le haghaidh idirphlé beartais i measc páirtithe leasmhara spóirt maidir le príomhdhúshláin agus príomhréimsí ina bhfuil an comhar leanúnach mar chuid de Phlean Oibre an Aontais. Bíonn an fóram ann go bliantúil agus meallann sé suas le 400 rannpháirtí gach bliain ó gach cearn den Eoraip, a tharraingítear ó chónaidhmeanna spóirt, clubanna, údaráis náisiúnta agus réigiúnacha, acadóirí, lúthchleasaithe agus ENRanna.

Thairis sin, in 2020, sheol an Coimisiún an Grúpa Ardleibhéil ar Chomhionannas Inscne sa Spórt agus 15 shaineolaí ó chúlraí éagsúla ag cur tús lena nobair in 2021. Leis an tuarascáil maidir leis an gcomhionannas inscne sa spórt a tháirg an grúpa sin 5 áiríodh plean gníomhaíochta agus moltaí ann dírithe ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit, ar chomhlachtaí spóirt náisiúnta agus idirnáisiúnta agus eagraíochtaí an phobail ar fud réimsí téamacha éagsúla, amhail rannpháirtíocht spóirt, cóir chomhionann, ceannaireacht agus bearta chun spórt sábháilte a áirithiú.

Leis an bhfeachtas HealthyLifestyle4All a bhí ar siúl ó 2021 go 2023 agus lenar rannchuidíodh leis an réimse tosaíochta a bhain le rannpháirtíocht sa spórt agus gníomhaíocht choirp ar mhaithe le feabhsú sláinte a mhéadú, cuireadh stíleanna maireachtála sláintiúla ar fud na nglúnta agus na ngrúpaí sóisialta uile chun cinn, tríd an spórt agus stíleanna maireachtála gníomhacha a nascadh le beartais sláinte, bhia agus beartais eile. Leis an tionscnamh sin iarradh ranníocaíochtaí agus mar fhreagairt air sin fuarthas 102 ghealltanas ó pháirtithe leasmhara spóirt. Orthu sin áiríodh an Coimisiún féin, na Ballstáit, údaráis áitiúla, cónaidhmeanna spóirt, spóirt an phobail agus eagraíochtaí sochaí sibhialta. Le mapáil ar stíleanna maireachtála sláintiúla, soláthraítear forbhreathnú ar na torthaí agus tairgtear treoir chistiúcháin le haghaidh tionscadal 6 .

Seachtain Eorpach an Spóirt, uirlis eile chun iarrachtaí a shlógadh chun rannpháirtíocht sa spórt a chothú, tá sí imithe ó neart go neart agus ceadaítear léi d’eagraíochtaí spóirt, pobail agus daoine eile ó gach cearn den Aontas agus dá chomharsanacht rannpháirtíocht a chur chun cinn i ngníomhaíocht choirp agus sa spórt i measc an phobail i gcoitinne. Tá an tseachtain ina cuid lárnach d’fheachtas bliantúil an Choimisiúin #BeActive lena ndéantar Plean Oibre an Aontais agus an spórt a chur chun cinn go forleathan ar fud an Aontais. Leanadh de na gníomhaíochtaí d’ainneoin phaindéim COVID‑19 agus an chomhpháirt #BeActive@Home ag baint léi. Bhí eagrán 2022 ina mhórbhliain le haghaidh imeachtaí agus níos mó ná 13 mhilliún rannpháirtí ann in 40 tír agus réigiún. In 2023, bhí 36 000 imeacht ann agus beagnach 11 mhilliún duine rannpháirteach. Ó bhí 2022 ann, mar chuid den fheachtas, bhronn an Coimisiún na Gradaim #BeActive, i gceithre chatagóir, is é sin oideachas, obair, laoch áitiúil agus ó ghlúin go glúin.

Le Gníomhaíochtaí Spóirt Erasmus+ cuirtear chun cinn rannpháirtíocht sa spórt, gníomhaíocht choirp agus gníomhaíochtaí deonacha. Trína dtacaíocht airgeadais, leis na gníomhaíochtaí sin soláthraítear bonn substaintiúil chun comhar Eorpach a chur chun cinn a thuilleadh. Deartar iad chun dul i ngleic le dúshláin shochaíocha agus spóirt agus tá a dtosaíochtaí 7 dea‑ailínithe le tosaíochtaí Phlean Oibre an Aontais. Tá méadú faoi dhó tagtha ar an mbuiséad i gcomparáid leis an gclárthréimhse roimhe sin, agus tá sé cothrom le EUR 470 milliún anois le haghaidh na tréimhse 2021–2027. Tá tóir mhéadaitheach ar na deiseanna chun dul i mbun comhpháirtíochtaí, agus le tabhairt isteach comhpháirtíochtaí ar mionscála cuireadh é ar a gcumas do níos mó eagraíochtaí pobail dul i mbun comhair. Mar shampla, in 2023 fuair an Coimisiún 1 500 togra, líon níos mó ná riamh, méadú 17 % i gcomparáid le 2022. In 2023, den chéad uair, bhí tionscadail soghluaisteachta foghlama le haghaidh cóitseálaithe spóirt indéanta.

Bhí an Coimisiún rannpháirteach freisin i réimsí eile, agus príomhshruthú an spóirt agus gníomhaíochta coirp á chur chun cinn. An 30 Bealtaine 2023, thionóil sé Cruinniú Mullaigh maidir leis an Spórt agus leis an Nuálaíocht chun taighdeoirí, cuideachtaí agus an lucht ceaptha beartas a thabhairt le chéile chun deiseanna a phlé agus comhpháirtíochtaí nua a chruthú maidir le feidhmíocht lúthchleasaithe, inbhuanaitheacht agus digiteáil. Le Gradaim Spóirt an Aontais #BeInclusive, aithnítear eagraíochtaí a úsáideann spórt chun cuimsiú sóisialta a mhéadú. Ó bhí 2022 ann, leis na catagóirí aithníodh tionscadail lena léirítear conas is féidir bacainní a bhriseadh, lena gcuirtear an comhionannas inscne chun cinn agus lena gcuirtear luach an spóirt os comhair an phobail chun luachanna an Aontais agus an tsíocháin a chur chun cinn, amhail dídeanaithe ón Úcráin a lánpháirtiú.

Mar chuid de Phlean Oibre an Aontais, rannchuidigh an Coimisiún le beartais fianaise‑bhunaithe trí shonraí a bhailiú trí staidéir agus suirbhéanna, lena náirítear staidéar 2021 dar teideal Study on the fight against anabolic steroids and human growth hormones in sport within the EU 8 [staidéar maidir leis an gcomhrac in aghaidh stéaróidigh anabalacha agus hormóin fáis dhaonna sa spórt laistigh den Aontas] agus staidéar 2022 maidir leis an tSamhail Eorpach Spóirt 9 . In 2023, seoladh staidéar maidir le cearta lúthchleasaithe i mórimeachtaí spóirt agus timpeall orthu agus bhí tuarascáil chríochnaitheach beartaithe in 2024. Thairis sin, leis an Suirbhé Eorabharaiméadair maidir le Spórt agus Gníomhaíocht Choirp 2022 10 , soláthraíodh sonraí cainníochtúla maidir le leitheadúlacht an spóirt agus gníomhaíochtaí coirp san Aontas agus maidir le saincheisteanna gaolmhara éagsúla, amhail oibriú go deonach sa spórt, inbhuanaitheacht agus comhionannas. A mhinice a théann Eorpaigh i mbun spóirt, úsáidtear an méid sin mar phríomhtháscaire freisin le haghaidh beartas spóirt.

2.4. Comhar le comhlachtaí idirnáisiúnta

Comhroinneann an tAontas agus Comhairle na hEorpa toilmhianta coiteanna le haghaidh an spóirt, agus go sonrach chun go mbeadh sé ina earra sóisialta agus ina léiriú cruthanta ar chearta an duine agus luachanna Eorpacha. Is é sin an bonn le haghaidh tionscadail chomhpháirteacha idir an tAontas agus Comhairle na hEorpa dírithe ar fhuathchaint a chomhrac sa spórt, cosaint agus coimirciú leanaí agus comhionannas inscne.

Téann an Coimisiún i gcomhar le WADA maidir leis an gcomhrac in aghaidh dópáil sa spórt. Lean Meitheal na Comhairle um an Spórt de shainordú an Aontais a ullmhú, i gcomhréir leis an Rún ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, maidir le hionadaíocht na mBallstát i mBord Fondúireachta WADA, agus comhordú sheasaimh na mBallstát roimh chruinnithe WADA. Tugadh an Rún ón gComhairle cothrom le dáta in 2023, chun cleachtais agus forbairtí dlíthiúla a bhí ag teacht chun cinn a léiriú 11 .

Tá an Coimisiún agus UNODC ag oibriú i gcomhar le chéile maidir le haghaidh a thabhairt ar an bhfrithéilliú, an sciúradh airgid a chomhrac, agus aisghabháil sócmhainní san Áise agus san Aigéin Chiúin, san Afraic agus ar an leibhéal idirnáisiúnta chun tacú le sásra athbhreithniúcháin Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe.

Tá dea‑chaidreamh ag an gCoimisiún fós freisin le EDS agus UNESCO chun spriocanna Phlean Oibre an Aontais a bhaint amach. Shínigh an Coimisiún Socruithe le haghaidh Comhair freisin, ar socruithe foirmiúla iad, le hAontas Chumainn Sacair na hEorpa (UEFA) 12 agus le Coiste Eorpach na gCluichí Oilimpeacha (CECO) 13 .

2.5 Comhar maidir le gníomhaíocht choirp ar mhaithe le feabhsú sláinte ar fud earnálacha

Leis an Moladh ón gComhairle maidir le gníomhaíocht choirp ar mhaithe le feabhsú sláinte a chur chun cinn ar fud earnálacha 14 , spreagtar na Ballstáit chun straitéisí agus pleananna gníomhaíochta náisiúnta a fhorbairt chun gníomhaíocht choirp a chur chun cinn, le linn dóibh a bheith ag oibriú i gcomhar le chéile agus leis an gCoimisiún. Leis an Moladh éilítear go dtacófar le EDS chun sonraí a thiomsú agus forbhreathnuithe tírshonracha a bhailiú. Déantar faireachán ar dhul chun cinn bunaithe ar chreat de 23 tháscaire.

Ar an iomlán, an comhar struchtúrtha idir EDS agus an Coimisiún, is féidir é a mheasúnú mar chomhar dearfach. Na torthaí cur chun feidhme ar fud na 23 tháscaire a fuair na Ballstáit mhéadaigh siad ó 64,7 % in 2015 chuig 74,5 % in 2018 agus arís chuig 75,7 % in 2021. Níl ach dhá tháscaire ag titim ar gcúl – táscaire 7 (clubanna spóirt le haghaidh clár sláinte) agus táscaire 18 (treoirlínte Eorpacha chun feabhas a chur ar bhonneagar le haghaidh gníomhaíocht choirp ama shaoir).

Measann formhór na mBallstát agus na bpáirtithe leasmhara go bhfuil an Moladh agus a tháscairí chomh maith le haschuir agus sonraí fós ábhartha (mionsonraí in Iarscríbhinn II).

3.Aiseolas maidir le cur chun feidhme Phlean Oibre an Aontais don Spórt

Aiseolas na mBallstát agus na bpáirtithe leasmhara maidir le cur chun feidhme Phlean Oibre an Aontais bailíodh é trí shuirbhé oscailte ar líne agus pléití ag cruinniú de pháirtithe leasmhara le haghaidh freagróirí.

Léiríodh le hanailís ardleibhéil formheasa le haghaidh na dtosaíochtaí, malartú eolais agus taithí, agus na modhanna oibre. Chinn an tromlach go raibh na grúpaí saineolaithe, na staidéir agus na himeachtaí an‑iomchuí. Rinneadh meastóireacht dhearfach ar na gníomhaíochtaí piarfhoghlama freisin.

An tráth céanna mhol na freagróirí bealaí chun feabhas a chur ar chur chun feidhme agus tionchar na dtorthaí, is é sin chun feabhas a chur ar chur i láthair aschur agus sreabhadh faisnéise agus na deiseanna a leathnú chun taithí a chomhroinnt. Léirigh roinnt daoine gurbh fhearr leo teagmháil i bpearsa agus líonrú i bpearsa. Cuireadh leanúnachas agus tógáil ar an obair a rinneadh i dtábhacht freisin.

Aiseolas le haghaidh na todhchaí: léargas

Chuir na Ballstáit agus páirtithe leasmhara eile a d’fhreagair an comhairliúchán na hábhair seo a leanas i dtábhacht.

An spórt gairmiúil – ionracas agus luachanna sa spórt

ØAn tSamhail Eorpach Spóirt a chur chun cinn agus a fhorbairt a thuilleadh

ØDíriú ar luachanna an ionracais sa spórt, frithdhópáil, frithéilliú agus dea‑rialachas

Gnéithe socheacnamaíocha agus comhshaoil den spórt

ØCur chuige níos cuimsithí a shaothrú maidir le rochtain chomhionann agus chothrom ar spórt

ØLeanúint den chomhionannas inscne agus cuimsiú a chur chun cinn agus d’fheabhas a chur orthu ar bhonn uilechoiteann – ó struchtúir rialachais chuig rannpháirtíocht an phobail

ØDíriú ar inbhuanaitheacht sa spórt – inbhuanaitheacht chomhshaoil agus eacnamaíoch

Spórt an phobail – rannpháirtíocht sa spórt agus gníomhaíocht choirp ar mhaithe le feabhsú sláinte

ØRannpháirtíocht a chur chun cinn i spórt an phobail agus díriú go sonrach ar riachtanais eagraíochtaí pobail agus áitiúla

ØDíriú ar chur chuige iomlánaíoch maidir le stíleanna maireachtála sláintiúla

ØAn tábhacht atá le hoibriú go deonach le haghaidh an spóirt a chur i dtábhacht

ØDaoine óga agus mionaoisigh a chosaint sa spórt, lena náirítear ar leibhéal an phobail

Uirlisí – modhanna oibre

ØCruinnithe i bpearsa a chothú agus malartú dea‑chleachtais a chur chun cinn

ØScaipeadh níos minice ar aschuir agus rochtain ar fhaisnéis, sonraí agus tuarascálacha a áirithiú

ØIdirphlé agus comhar a éascú ar bhealach solúbtha

C.    AN BEALACH CHUN CINN

Fáiltíonn an Coimisiún roimh an aiseolas ó na Ballstáit agus na páirtithe leasmhara. Le linn Phlean Oibre an Aontais don Spórt a chur chun feidhme, chinn an Coimisiún go ginearálta gur modhanna oibre dea‑fheidhmiúla iad. Measann an Coimisiún gur mór is fiú leanúint de thacú le malartú eolais agus taithí agus aithníonn sé gur réimse é sin inar féidir ról comhordúcháin úsáideach a bheith aige. Tá an Coimisiún réidh le haghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a ardaíodh i bhformáidí agus imeachtaí áirithe agus tá sé tiomanta feabhas a chur orthu go leanúnach.

Leis an measúnú agus an aiseolas foriomlán ó na Ballstáit agus na páirtithe leasmhara léirítear go bhfuil an bhéim ar thosaíochtaí beartais iomchuí ach gur féidir gur gá í a athbhreithniú in aghaidh na bhforbairtí atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo amhail cogadh foghach na Rúise san Úcráin, méadú an Aontais nó spéis dhomhanda sa spórt Eorpach. Táthar sásta go ginearálta leis an malartú eolais agus taithí agus leis an líonrú. Tá an Coimisiún den tuairim chéanna.

Le torthaí na tuarascála tugtar ionchas ar na réimsí ar gá aird a thabhairt orthu amach anseo. I dtéarmaí leathana, d’fhéadfaí iad sin a ghrúpáil i réimsí amhail: i) an tSamhail Eorpach Spóirt a chur chun cinn; ii) tionchar a imirt ar mhórimeachtaí san Eoraip agus ar an rialachas spóirt, rialachas a bheidh bunaithe ar luachanna, iii) inbhuanaitheacht airgeadais; iv) cloí le hardchaighdeáin ionracais; v) seasamh le cearta lúthchleasaithe atá i mbun a ngairmeacha; vi) comhionannas agus ionadaíocht a áirithiú; agus vii) luach níos airde a chur ar spórt an phobail agus ar oibriú go deonach.

Tá toil agus gá polaitiúil soiléir ann leanúint de bheith ag díriú ar fhorbairt inbhuanaithe, ag breathnú ar inmharthanacht eacnamaíoch ach freisin ar thionchar an athraithe aeráide ar spórt agus na réitigh ghlasa, nuálacha agus chuimsitheacha ar féidir iad a fhorbairt leis. Is féidir gur gá a bhreithniú leis an bplean freisin aon athrú ba bhun leis an dul chun cinn sa teicneolaíocht agus san intleacht shaorga agus a dtionchar ar an spórt.

Tá tús áite i gcónaí ag comhionannas agus cothroime a áirithiú le haghaidh na ndaoine uile ar mian leo spórt a rochtain chun críoch rannpháirtíochta, agus gá soiléir ann leanúint d’aghaidh a thabhairt ar riachtanais agus dúshláin grúpaí tearcionadaithe sa spórt lena n‑áirítear mná, daoine ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste agus grúpa méadaitheach seanóirí agus daoine ar a bhfuil galar ainsealach nó atá faoi mhíchumas.

Agus leas á bhaint as ceachtanna an chomhthéacs níos leithne inar cuireadh Plean Oibre sin an Aontais chun feidhme, ba cheart béim níos láidre ar na gnéithe seachtracha agus taidhleoireacha den spórt, lena n‑áirítear cur chun cinn luachanna Eorpacha, a bhreithniú freisin.

Is é atá mar bhonn taca faoi na réimsí fócais sin an tábhacht atá le seasamh le hionracas agus luachanna sa spórt agus lena gcur chun cinn, cé acu trí éilliú, dópáil, idirdhealú, foréigean agus éadulaingt (e.g. fuathchaint) a chomhrac, nó trí chuimsiú sóisialta, comhionannas, caoinfhulaingt agus cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint. Leis an spórt ba cheart timpeallacht shábháilte a sholáthar, lena gcuirtear ar a gcumas do dhaoine scileanna a fhoghlaim agus infheistiú i naisc shóisialta dhearfacha. Tá an méid sin fíor‑riachtanach chun a áirithiú gur féidir ról leanúnach a bheith ag an spórt san Eoraip mar fhórsa aontaitheach, comhtháite agus cumhachtaithe le haghaidh ár sochaithe, ár bpobal agus ár ngeilleagar.

Iarrtar ar Pharlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún an tuarascáil seo a thabhairt dá n‑aire.

Mar chuid den chéad Phlean Oibre eile de chuid an Aontais don Spórt, iarrtar ar an gComhairle an t‑aiseolas a bhreithniú ar thosaíochtaí le haghaidh obair amach anseo agus le haghaidh na modhanna oibre a shainaithnítear sa tuarascáil seo.

Iarrtar ar an Uachtaránacht an tuarascáil seo a thógáil mar bhonn le haghaidh ullmhú an chéad Phlean Oibre eile de chuid an Aontais don Spórt sa chéad leath de 2024.

(1)

IO C 419, 4.12.2020, lgh. 1–11.

(2)

IO C 354, 4.12.2013, lgh. 1–5.

(3)

  https://op.europa.eu/en/publication‑detail/-/publication/0e76da18-9e26-11ee-b164-01aa75ed71a1

(4)

  https://op.europa.eu/en/publication‑detail/-/publication/a482583b-b3a7-11ee-b164-01aa75ed71a1

(5)

  https://op.europa.eu/en/publication‑detail/-/publication/684ab3af-9f57-11ec-83e1-01aa75ed71a1

(6)

  https://op.europa.eu/en/publication‑detail/-/publication/3c4366d4-89b5-11ee-99ba-01aa75ed71a1

(7)

Áirítear leo seo a leanas na tosaíochtaí a bhaineann leis an spórt go sonrach: i) stíl mhaireachtála shláintiúil a spreagadh do chách; ii) ionracas agus luachanna sa spórt a chur chun cinn; iii) an t‑oideachas a chur chun cinn sa spórt trí chéile; iv) an foréigean a chomhrac agus dul i ngleic le ciníochas, idirdhealú agus éadulaingt sa spórt; agus v) dul i ngleic le radacú foréigneach.

(8)

  https://op.europa.eu/en/publication‑detail/-/publication/76890558-f016-11eb-a71c-01aa75ed71a1 .

(9)

  https://op.europa.eu/en/publication‑detail/-/publication/d10b4b5b-e159-11ec-a534-01aa75ed71a1 .  

(10)

  https://europa.eu/eurobarometer/surveys/detail/2668 .

(11)

IO C 185, 26.5.2023, lgh. 29–34.

(12)

C(2022) 3721 final.

(13)

C(2022) 257 final.

(14)

IO C 354, 4.12.2013, lgh. 1–3.


An Bhruiséil,14.2.2024

COM(2024) 73 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

maidir le cur chun feidhme agus ábharthacht Phlean Oibre an Aontais Eorpaigh don Spórt 2021–2024 agus maidir leis an Moladh maidir le Gníomhaíocht Choirp ar mhaithe le feabhsú sláinte ar fud earnálacha


IARSCRÍBHINN I

Réimse tosaíochta: Sláine agus luachanna sa spórt a chosaint

Príomhábhar

Téama

Sprioc

Formáid oibre

Aschur/Dáta

Ceannaire (ceannairí)

Timpeallacht Shábháilte sa Spórt 1

Ciapadh, mí‑úsáid agus foréigean a chosc, lena n‑áirítear foréigean gnéasach agus aon chineál idirdhealaithe

-Ardú feasachta

-Malartú dea‑chleachtais

-Forbairt eolais

-Bearta leantacha i ndáil le Moltaí an Ghrúpa Saineolaithe um Dhea‑Rialachas maidir le lúthchleasaithe óga a chosaint agus cearta leanaí a chosaint sa spórt (2016)] 2  agus na Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ar theacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le leanaí a chosaint sa spórt (2019) 3

An Chomhairle agus comhlachtaí ullmhúcháin

An Chomhdháil maidir le Timpeallacht Shábháilte sa Spórt

22/9/2023, Valencia

Uachtaránacht ES

Díospóireacht bheartais – Comhairle EYCS

24/11/2023, an Bhruiséil

Uachtaránacht ES

Frithdhópáil 4

Comhordú agus comhroinnt faisnéise a áirithiú, go háirithe i gcomhthéacs chruinnithe WADA agus CAHAMA

-Seasaimh an Aontais agus a Bhallstát a ullmhú do chruinnithe an Choiste Eorpaigh ad hoc don Ghníomhaireacht Dhomhanda um Fhrithdhópáil (CAHAMA) agus na Gníomhaireachta Domhanda Frithdhópála (WADA) i gcomhréir leis an Rún ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ar theacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le hionadaíocht Bhallstáit an Aontais i mBord Fondúireachta WADA agus comhordú sheasaimh na mBallstát roimh chruinnithe WADA 5 (nó aon doiciméad ina dhiaidh a bhaineann leis sin)

-Malartú dea‑chleachtais

-Forbairt eolais

An Chomhairle agus a comhlachtaí ullmhúcháin (agus tacaíocht á fáil acu mar is gá ó shaineolaithe)

Comhordú agus seasamh an Aontais

Uachtaránachtaí, an Coimisiún

Rún lena ndéantar athbhreithniú ar ionadaíocht agus comhordú na mBallstát le haghaidh WADA

15‑16/5/2023

Uachtaránacht SE

Comhdháil maidir le Frithdhópáil

7‑8/11/2022, Prág

Uachtaránacht CZ

Spórt agus Oideachas

-Spórt mar chreat le haghaidh scileanna pearsanta, sóisialta agus foghlama agus lena gcuirtear chun cinn caoinfhulaingt, dlúthpháirtíocht agus cuimsitheacht chomh maith le luachanna spóirt agus luachanna AE eile 6

-Scileanna agus cáilíochtaí sa spórt: lúthchleasaithe agus foireann, go háirithe cóitseálaithe

-Ardú feasachta

-Malartú dea‑chleachtais

-Forbairt eolais

-Bearta leantacha maidir leis na Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát ar theacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle maidir le luachanna coiteanna an Aontais a chur chun cinn tríd an spórt 7

Grúpa Ballstát leasmhar (Gníomhaíocht phiarfhoghlama)

12‑13/5/2022, Beirlín

DE

Comhdháil maidir le háit agus tionchar an spóirt i saol leanaí:

‘Comhdháil maidir le Spórt agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe san óige: saincheisteanna sochaíocha maidir le gníomhaíochtaí coirp iomchuí’

7‑8/2/2022, Páras

Uachtaránacht FR

Cruinniú na nArd‑Stiúrthóireachtaí (agus béim ar leith ar lúthchleasaithe gairmiúla agus gluaiseachtaí spóirt mar eiseamláirí)

21/9/2022, Prág

Uachtaránacht CZ

Comhdháil

Níor soláthraíodh an méid sin ach glacadh i gcomhthéacs an Chruinnithe Mullaigh maidir le hOideachas é

30/11/2023, an Bhruiséil

An Coimisiún

Déghairmeacha le haghaidh lúthchleasaithe

-Ardú feasachta

-Malartú dea‑chleachtais

-Bearta leantacha maidir leis na Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ar theacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le déghairmeacha le haghaidh lúthchleasaithe 8

Díospóireacht Bheartais na Comhairle agus comhlachtaí ullmhúcháin

30/11/2021, an Bhruiséil

Uachtaránacht SI

Comhionannas inscne

-Sciar na mban a mhéadú, go háirithe i measc cóitseálaithe agus poist cheannaireachta in eagraíochtaí spóirt agus clubanna spóirt

-Coinníollacha comhionanna (lena n‑áirítear íocaíocht) le haghaidh lúthchleasaithe, cóitseálaithe, oifigigh, foireann bhaineann agus fhireann, etc.

-Méadú a dhéanamh ar chumhdach na meán ar chomórtais spóirt na mban, comhrac in aghaidh steiréitíopaí etc.

-Malartú dea‑chleachtais

-Forbairt eolais

-Bearta leantacha maidir leis na Conclúidí ón gComhairle an 21 Bealtaine 2014 maidir leis an gComhionannas Inscne sa Spórt 9  agus maidir le Moltaí an Ghrúpa Saineolaithe maidir le Dea‑Rialachas i ndáil leis an gComhionannas Inscne sa Spórt (2016) 10

Comhdháil maidir leis an gComhionannas Inscne sa Spórt

14‑15/11/2023, Maidrid

Uachtaránacht ES / an Coimisiún

An Chomhairle agus comhlachtaí ullmhúcháin Conclúidí ón gComhairle maidir le mná agus comhionannas i réimse an spóirt

24/11/2023

Uachtaránacht ES

An Grúpa Ardleibhéil um an gComhionannas Inscne

1/1/2021‑15/3/2022

An Coimisiún

Taidhleoireacht Spóirt

Taidhleoireacht Spóirt i gcomhthéacs chaidreamh seachtrach an Aontais

-Malartú dea‑chleachtais

-Forbairt eolais

-Bearta leantacha maidir leis na Conclúidí ón gComhairle maidir le taidhleoireacht spóirt 11

Comhdháil

Taidhleoireacht Spóirt i gcomhthéacs chaidreamh seachtrach an Aontais

3‑4/6/2021, Liospóin

Uachtaránacht PT

Grúpa Ballstát leasmhar

23‑24/10/2023, Dubrovnik

HR

Samhail Eorpach Spóirt

-Tionchar comórtas spóirt dúnta ar chóras an spóirt eagraithe, agus sainiúlacht an spóirt á cur san áireamh

-Dúshláin fhéideartha roimh eagraíochtaí agus cónaidhmeanna Eorpacha (teideal oibre)

-Forbairt eolais

-Anailís ar an staid fhíorasach agus dhlíthiúil

-Ardú feasachta

An Chomhairle agus comhlachtaí ullmhúcháin Rún ón gComhairle maidir leis na príomhghnéithe de Shamhail Eorpach Spóirt

30/11/2021

Uachtaránacht SI

-

Staidéar maidir leis an tSamhail Eorpach Spóirt

04/2022

An Coimisiún

Cearta lúthchleasaithe

Cearta agus dálaí oibre lúthchleasaithe, go háirithe iad sin a bhaineann leis an rannpháirtíocht in imeachtaí spóirt (inter alia, cearta margaíochta, saoirse chun tuairimí a nochtadh, cosaint dlí, neamh‑idirdhealú)

-Ardú feasachta

-Forbairt eolais

-Anailís ar an staid fhíorasach agus dhlíthiúil

Staidéar

2023-2024

An Coimisiún

Dea‑Rialachas a fhorbairt agus a chur chun cinn sa spórt

Bacainní rialachais nach mór dul i ngleic leo sa spórt a shainaithint

-Malartú dea‑chleachtais

-Tagarmharcáil

Comhdháil

Níor soláthraíodh í (go fóill)

2022–2023

BG

SE

Comhrac in aghaidh cúbláil comórtas spóirt

Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cúbláil Comórtas Spóirt a chomhrac (‘Coinbhinsiún Macolin’)

-Scrúdú a dhéanamh ar bhealaí, i dteannta an Choimisiúin, chun an tsáinn a réiteach maidir leis an gCoinbhinsiún d’fhonn é a chur ar a gcumas don Aontas agus dá Bhallstáit uile a bpróisis daingniúcháin féin a chríochnú agus aontú don Choinbhinsiún

-Bearta leantacha maidir leis na Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát ar theacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle maidir le héilliú sa spórt a chomhrac 12

An Chomhairle agus comhlachtaí ullmhúcháin

Ní dhearnadh aon ghníomh maidir leis sin

2021–2022

Uachtaránachtaí

An Coimisiún



Réimse tosaíochta: Gnéithe socheacnamaíocha agus comhshaoil an spóirt

Príomhábhar

Téama

Sprioc

Formáid oibre

Dáta aschuir/spriocdháta (Féideartha)

Ceannaire (ceannairí)

Nuálaíocht agus digiteáil

Nuálaíocht spóirt i ngach gné agus ar na leibhéil uile d’earnáil an spóirt (lena n‑áirítear na clubanna spóirt áitiúla)

-Malartú dea‑chleachtais

-Forbairt eolais

-Bearta leantacha maidir leis na Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ar theacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le spórt mar spreagadh don nuálaíocht agus don fhás eacnamaíoch 13

An Comhairle agus comhlachtaí ullmhúcháin Conclúidí ón gComhairle maidir le nuálaíocht sa spórt

18/05/2021

Uachtaránacht PT

-

Seimineár maidir le Nuálaíocht sa Spórt: Níos mó ná ‘gnó mar is gnách’

16‑17/6/2021, Liospóin

Uachtaránacht PT

-

Grúpa Ballstát leasmhar ‘Téigh i gcomhar chun bheith Nuálach: Ag cur borradh le Nuálaíocht i Spóirt na Scotha agus i Spóirt an Phobail san Eoraip’

30‑31/8/2021, Sóifia

BG

Grúpa Ballstát leasmhar (dírithe go háirithe ar úsáid uirlisí digiteacha in oideachas cóitseálaí 14

21‑22/3/2023, Frankfurt

DE

HR

Seimineár

Nuálaíocht Spóirt Eorpach

19/10/2023, Gent

BE

An Spórt Glas

-Oideachas le haghaidh spórt inbhuanaithe

-Cleachtas, saoráidí agus imeachtaí spóirt atá neamhdhíobhálach don chomhshaol

-Teacht chun cinn an spóirt agus a chleachtais i bhfianaise an athraithe aeráide

-Malartú dea‑chleachtais

-Forbairt eolais

-Ardú feasachta

-Forbairt togra le haghaidh creat comhchoiteann lena ngabhann gealltanais chomhroinnte, agus an comhshocrú aeráide Eorpach á chur san áireamh

Grúpa Saineolaithe

Grúpa Saineolaithe maidir le ‘Spórt Glas’

2021–2023

An Coimisiún

Grúpa Ballstát leasmhar

‘Cé na cleachtais is fearr dá bhfuil ann san Aontas chun imeachtaí spóirt saor ó dhramhaíl agus saor ó charbón a chur chun feidhme?’ I dtreo comhaontú glas agus inbhuanaithe le haghaidh an spóirt

3‑4/3/2022, Strasbourg

Uachtaránacht FR

Grúpa Ballstát leasmhar

Níor soláthraíodh í (go fóill)

NL

An Chomhairle agus comhlachtaí ullmhúcháin Rún ón gComhairle maidir leis an spórt agus le gníomhaíocht choirp, seift a bhfuil gealladh faoi chun iompraíocht a chlaochlú ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe

04/04/2022

Uachtaránacht FR

Saoráidí spóirt

Pleanáil, tógáil agus cothabháil inbhuanaithe

-Malartú dea‑chleachtais

-Forbairt eolais

-Ardú feasachta

Grúpa Ballstát leasmhar (Gníomhaíocht Piarfhoghlama) ‘Saoráidí Spóirt: pleanáil, tógáil agus cothabháil inbhuanaithe’

16‑17/9/2021, München

DE

-

Comhdháil

‘Bonneagar spóirt inbhuanaithe agus inrochtana’

22/9/2022, Prág

Uachtaránacht CZ

-

An Chomhairle agus comhlachtaí ullmhúcháin Conclúidí ón gComhairle maidir le bonneagar inbhuanaithe inrochtana spóirt

29/11/2022

Uachtaránacht CZ

Mórimeachtaí spóirt

-Todhchaí na hEorpa mar áit óstála le haghaidh mórimeachtaí spóirt

-Mórimeachtaí spóirt a bheith á n‑óstáil ag roinnt tíortha

-Pleanáil agus fíorú inbhuanaithe

-Leagáidí dearfacha le haghaidh cathracha nó réigiúin óstacha (lena n‑áirítear rannpháirtíocht na hóige)

-Malartú dea‑chleachtas

-Bearta leantacha maidir leis na Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ar theacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le hionracas, trédhearcacht agus dea‑rialachas a fheabhsú i mórimeachtaí spóirt 15  agus maidir leis na Moltaí ón nGrúpa Saineolaithe maidir le Gné Eacnamaíoch an Spóirt i ndáil le mórimeachtaí spóirt, go háirithe maidir le gnéithe leagáide agus béim ar inbhuanaitheacht shóisialta, eacnamaíoch agus chomhshaoil (2016) 16

-Bearta leantacha maidir leis an dearbhú a síníodh le linn an chruinnithe aireachta neamhfhoirmiúil an 31 Bealtaine 2018 i bPáras 17

Grúpa Ballstát leasmhar nó Comhdháil

Luach mórimeachtaí spóirt

17‑18/1/2023

Comheagraithe le NL

FI+NL

2024

ES

Peirspictíocht spóirt an Aontas maidir le Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha 2024

Cruinniú na nArd‑Stiúrthóireachtaí

15‑16/6/2022, Páras

Uachtaránacht FR

Infheistíochtaí sa spórt agus i ngníomhaíocht choirp

-Rannchuidiú an spóirt le forbairt réigiúnach

-Féidearthachtaí chun cláir chistiúcháin ón Aontas a úsáid (an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (STA), REACT‑EU, na Cistí Struchtúracha agus cláir chistiúcháin eile ón Aontas)

-Anailís ar an staid

-Malartú dea‑chleachtais

-Forbairt eolais

-Bearta leantacha maidir leis na Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ar theacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le gné eacnamaíoch an spóirt agus lena thairbhí socheacnamaíocha 18

-Bearta leantacha maidir leis na Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ar theacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le tionchar phaindéim COVID‑19 agus téarnamh san earnáil spóirt 19

Grúpa Ballstát leasmhar 
Níor soláthraíodh é (go fóill)

2021

IT

Cruinniú Braisle

Níor soláthraíodh é ach glacadh é i gcomhthéacs an Tionscnaimh SHARE agus an Chruinnithe Mullaigh maidir leis an Spórt agus leis an Nuálaíocht

30/05/2023

An Coimisiún

Téarnamh agus athléimneacht ghéarchéime earnáil an spóirt a neartú le linn agus i ndiaidh phaindéim COVID‑19

-Tionchar meántéarmach agus fadtéarmach na paindéime ar spóirt ghairmiúla, ardfheidhmíochta agus ar spórt an phobail

-Gá féideartha le modhnuithe struchtúracha i gcóras an spóirt

-Ról na n‑údarás poiblí

-Deiseanna maoinithe

-Anailís ar an staid

-Malartú dea‑chleachtais

-Forbairt straitéise

-Bearta leantacha maidir leis na Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ar theacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le tionchar phaindéim COVID‑19 agus téarnamh san earnáil spóirt

Comhdháil

Níor soláthraíodh í (go fóill)

2021

ES

Grúpa Saineolaithe

Grúpa Saineolaithe maidir le ‘Téarnamh agus athléimneacht ghéarchéime earnáil an spóirt a neartú le linn agus i ndiaidh phaindéim COVID‑19’

2021–2023

An Coimisiún



Réimse tosaíochta: An rannpháirtíocht sa spórt agus gníomhaíocht choirp ar mhaithe le feabhsú sláinte a chur chun cinn

Príomhábhar

Téama

Sprioc

Formáid oibre

Dáta aschuir/spriocdháta (Féideartha)

Ceannaire (ceannairí)

Deiseanna leordhóthanacha a chruthú le haghaidh spóirt agus gníomhaíochta coirp do na glúnta uile

Forbairt straitéiseach an spóirt agus na gníomhaíochta coirp ar an leibhéal áitiúil

-Malartú dea‑chleachtais

-Forbairt eolais

-Bearta leantacha maidir leis na Conclúidí ón gComhairle maidir le cur chun cinn scileanna luaileacha, gníomhaíochtaí coirp agus spóirt le haghaidh leanaí (2015) 20

Grúpa Ballstát leasmhar

23‑24/11/2022, Cologne

DE

Áit agus tionchar an spóirt a fhorbairt i saol leanaí

Comhdháil

Déanta (féach faoi ‘Spórt agus Oideachas’)

7‑8/2/2022, Páras

Uachtaránacht FR

An Chomhairle agus comhlachtaí ullmhúcháin Conclúidí ón gComhairle maidir leis an spórt agus le gníomhaíocht choirp, seift a bhfuil gealladh faoi chun iompraíocht a chlaochlú le haghaidh forbairt inbhuanaithe

04/04/2022

Uachtaránacht FR

Gníomhaíocht Choirp a chur chun cinn

-Faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíocht choirp ar feadh an tsaoil

-Comhar trasearnála le hinstitiúidí ábhartha (inter alia, le scoileanna)

-Ról na meán

-Ardú feasachta

-Forbairt eolais

-Malartú dea‑chleachtais

Comhdháil ‘Faireachán ar ghníomhaíocht choirp ar feadh an tsaoil’

24/9/2021, Bled

Uachtaránacht SI

An Chomhairle agus comhlachtaí ullmhúcháin

Conclúidí ón gComhairle maidir le gníomhaíocht choirp ar feadh an tsaoil

30/11/2021

Uachtaránacht SI

Iarscríbhinn II – Tuarascáil maidir le Cur Chun Feidhme an Mholta maidir le gníomhaíocht choirp ar mhaithe le feabhsú sláinte a chur chun cinn ar fud earnálacha 21 .

Comhthéacs

Leis an Moladh ón gComhairle maidir le gníomhaíocht choirp ar mhaithe le feabhsú sláinte a chur chun cinn ar fud earnálacha, a glacadh i mí na Samhna 2013, spreagtar na Ballstáit chun straitéisí agus pleananna gníomhaíochta náisiúnta a fhorbairt chun gníomhaíocht choirp a chur chun cinn lena mbaineann na hearnálacha ábhartha uile, lena n‑áirítear an spórt agus an tsláinte ach gan bheith teoranta dóibh. Spreagtar iad leis freisin chun dul i gcomhar go dlúth le chéile agus leis an gCoimisiún trí fhaisnéis agus dea‑chleachtais a mhalartú go tráthrialta. Ar deireadh, leis an Moladh éilítear comhar idir an Coimisiún agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) chun sonraí, forbhreathnuithe agus anailís thírshonrach ábhartha a bhailiú.

Tá an faireachán ar an dul chun cinn bunaithe ar chreat de 23 tháscaire. Déanann EDS an obair sin, líonra de phointí fócasacha náisiúnta maidir le gníomhaíocht choirp ar mhaithe le feabhsú sláinte (HEPA) arna cheapadh ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún. Beartaíodh an tionscadal a reáchtáil ó lár‑2019 go lár‑2022, ach rinneadh difear dá phleanáil de dheasca na ndúshlán a bhain le paindéim COVID‑19. Soláthraíodh torthaí an tionscadail ar deireadh sa chéad seimeastar de 2023.

Líonra HEPA

Leis an gcomhar le EDS, go háirithe a Oifig Réigiúnach don Eoraip, cruthaíodh go bhfuil sé ábhartha agus tairbhiúil go frithpháirteach fós. Rannchuidigh sé go rathúil le faireachán agus faireachas a dhéanamh ar HEPA sna Ballstáit tríd an líonra de phointí fócasacha náisiúnta HEPA.

Tá an líonra de phointí fócasacha náisiúnta ina líonra iontaofa agus úsáideach anois. Ó bhí 2019 ann, rinneadh tuilleadh mionchoigeartaithe ar fheidhmiú an líonra, lena n‑áirítear chun a chomhar trasearnála a neartú ar an leibhéal náisiúnta. Tugadh rannpháirt do na páirtithe leasmhara ábhartha uile, agus faisnéis ábhartha ó thaobh beartais de á bailiú agus á malartú maidir le HEPA laistigh de na Ballstáit uile. Thairis sin, is é a bhí mar thoradh ar an obair tuarascálacha cáilíochta agus cuí‑réasúnaithe maidir leis an staid Eorpach, agus mar gheall ar an obair sin, bhíothas in ann bunachar sonraí EDS maidir le Tairseach Eorpach na Faisnéise Sláinte a choimeád cothrom le dáta.

Ó bhí 2019 ann, thionóil an líonra de phointí fócasacha náisiúnta HEPA ocht gcruinniú a bhí tiomnaithe do chumais na bpointí fócasacha a fheabhsú chun córas inbhuanaithe bailiúcháin sonraí a áirithiú. Ina theannta sin, leis na pointí fócasacha rinneadh scrúdú agus plé ar fhorbairtí agus dea‑chleachtais nuálacha maidir le gníomhaíocht choirp.

D’eagraigh EDS tuilleadh ócáidí le go bhféadfadh na pointí fócasacha dul i mbun comhar idirnáisiúnta agus réigiúnach agus comhar idir tíortha. D’fhéadfadh na pointí fócasacha páirt a ghlacadh i gcomhdhálacha Eorpacha HEPA, ar fóram é atá á threorú ag EDS chun taighde, beartas agus cleachtas maidir le gníomhaíocht choirp ar mhaithe le feabhsú sláinte a chur chun cinn le haghaidh sláinte agus dea‑bhail níos fearr. Tionóladh cruinnithe le líonraí eile amhail grúpa ardleibhéal EDS le haghaidh cothú agus gníomhaíocht choirp. Rinneadh ceardlanna tiomnaithe chun plé a dhéanamh ar conas comhar agus tionscnaimh ilearnála a neartú chun cur chun cinn HEPA a neartú.

Sholáthair EDS tacaíocht do thíortha aonair chun treoirlínte, moltaí agus treochláir fianaise‑bhunaithe maidir le gníomhaíocht choirp a fhorbairt le haghaidh beartais maidir le gníomhaíocht choirp in earnálacha éagsúla.

Bailiú sonraí

D’fheabhsaigh EDS an faireachán ar ghníomhaíocht choirp i measc na mBallstát agus d’fhorbair sé uirlisí nua chun gníomhaíocht choirp a chur chun cinn. Na sonraí de tháscairí HEPA an Aontais a chomhthiomsaigh na Ballstáit ó bhí 2015 ann trí phointí fócasacha náisiúnta HEPA, tá siad le fáil anois ar bhunachar sonraí EDS maidir le Tairseach Eorpach na Faisnéise Sláinte 22 . Leis an mbunachar sonraí sin soláthraítear sonraí maidir le faireachán agus faireachas a dhéanamh ar tháscairí de ghníomhaíocht choirp ar leibhéal na tíre agus ar an leibhéal réigiúnach agus sásra léirshamhlaithe idirghníomhach ann.

Is é atá mar phríomh‑aschur den tionscadal bileoga eolais 2021 maidir le gníomhaíocht choirp le haghaidh an Aontais agus a 27 mBallstát 23 . Chun cur leis na ceachtanna ón am a chuaigh thart, agus suirbhé feabhsaithe ann le haghaidh na mBallstát, comhthiomsaíodh an tríú babhta de shonraí maidir le leitheadúlacht gníomhaíochta coirp agus gníomhaíochtaí beartais chun HEPA a chur chun cinn i measc earnálacha éagsúla in 2021. Áiríodh leis sin ceisteanna maidir le treochtaí, dul chun cinn agus athruithe ó bhí 2015 ann ar fud an Aontais agus na 27 mBallstát uile den Aontas.

Mar thacaíocht le beartais agus gníomhaíochtaí HEPA, leis an tuarascáil Step up! Tackling the burden of insufficient physical activity in Europe [Seas an fód! Ag dul i ngleic le hualach na gníomhaíochta coirp neamh‑leordhóthanaí san Eoraip] 24 , ríomhadh na tairbhí socheacnamaíocha a bhaineann le gníomhaíocht choirp. Leis an tuarascáil sin léirítear go mbeadh éifeachtaí móra dearfacha ag baint leis na leibhéil gníomhaíochta coirp a mhéadú, ar shláinte an phobail agus ar an ngeilleagar araon: Cuirtear feabhas ar dhea‑bhail aonair agus sláinte an phobail ach infheistiú i mbeartais maidir le gníomhaíocht choirp, agus tugtar ar ais freisin EUR 1,7 i dtairbhí eacnamaíocha le haghaidh gach EUR 1 a infheistítear. San Eoraip, leis sin dhéanfaí méadú 7,5 mí ar ionchas saoil daoine nach bhfuil gníomhach go leor, agus níos mó ná 10 000 bás anabaí in aghaidh na bliana á gcosc agus EUR 8 mbilliún á gcoigilt ag na Ballstáit in aghaidh na bliana.

Scaip EDS roinnt tuarascálacha eile, lena n‑áirítear maidir le huirlisí teicniúla chun cleachtais maidir le gníomhaíocht choirp a fheabhsú san áit oibre lena ndírítear ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus ábhair thacaíochta le haghaidh clubanna spóirt chun gníomhaíochtaí coirp ar mhaithe le feabhsú sláinte a chur chun cinn. D’oibrigh sé ar uirlisí iniúchóireachta freisin chun an tsláinte a chur chun cinn i gclubanna spóirt.

A mhéid a bhaineann le leitheadúlacht gníomhaíochta coirp a chur i gcomparáid ó Bhallstát go chéile, is gá aghaidh a thabhairt fós ar shonraí a bheith ag teacht ó ionstraimí suirbhé éagsúla, sonraí a bhíonn ag teacht salach ar a chéile uaireanta. Tá infhaighteacht sonraí iontaofa fíor‑riachtanach chun ceapadh beartas a spreagadh. Ina fhianaise sin, tháirg an Coimisiún sonraí ábhartha maidir leis an spórt agus gníomhaíocht choirp, trí shuirbhé Eorabharaiméadair nua 25 .

Ina theannta sin, d’infheistigh an Coimisiún i bhfeabhas a chur ar mhodheolaíocht staidrimh ábhartha. Sa bhreis ar an staidreamh agus na sonraí spóirt atá le fáil san Aontas a mhapáil 26 , tá staidéar á dhéanamh aige a seoladh in 2022 chun tacú le staidreamh spóirt comhchuibhithe a fhorbairt san Aontas, lena n‑áirítear staidreamh agus sonraí maidir le gníomhaíocht choirp ar mhaithe le feabhsú sláinte. Tá sé d’aidhm ag an staidéar bonn fianaise agus cruthú sonraí comparáideacha a fheabhsú le haghaidh ceapadh beartas níos fearr ar leibhéal an Aontais maidir leis an spórt agus gníomhaíocht choirp.

Torthaí

Leis na torthaí ar bhabhta 2021 de bhailiú sonraí maidir le táscairí HEPA léiríodh cobhsú foriomlán ar chur chun feidhme, d’fhás meánchion na 23 tháscaire a bhain na Ballstáit amach ó 64,7 % in 2015 go 74,5 % in 2018 agus arís go 75,7 % in 2021. Dá bhrí sin, ní mór tionchar phaindéim COVID‑19 a chur san áireamh lenar coisceadh an spórt agus gníomhaíochtaí coirp nó lenar stadadh iad go sealadach.

Cé is moite de mhéaduithe tábhachtacha ar tháscairí éagsúla, amhail táscairí 15 (HEPA san oiliúint ar mhúinteoirí corpoideachais), 20 (scéimeanna chun gníomhaíocht choirp a chur chun cinn san áit oibre) agus 21 (scéimeanna le haghaidh idirghabhálacha pobail chun gníomhaíocht choirp a chur chun cinn i measc daoine fásta níos sine), tháinig laghdú ar roinnt eile agus níor léiríodh aon dul chun cinn le cinn eile ós rud é go raibh na rátaí a baineadh amach ar an uasleibhéal cheana in 2018. Bhí formhór na mbeartas nó na bpleananna gníomhaíochta náisiúnta maidir le gníomhaíocht choirp ilearnálach, agus aithníodh go raibh cumhdach maith ar na hearnálacha tábhachtach chun HEPA a chur chun cinn.

Le forbairtí dearfacha áirítear táscairí go háirithe maidir leis an méid seo a leanas: moltaí náisiúnta le haghaidh gníomhaíocht choirp (23 thír), úsáid córas faireachais maidir le gníomhaíocht choirp (26 thír), beartas nó plean gníomhaíochta náisiúnta spóirt amháin, ar a laghad, le haghaidh cách a bheith ann chun HEPA a chur chun cinn (iad uile), cistiú tiomnaithe chun HEPA a chur chun cinn (23), úsáid sásraí comhordúcháin náisiúnta (19), gníomhaíochtaí lena ndírítear ar spriocghrúpaí sonracha (20), creat sonrach chun rochtain a áirithiú ar shaoráidí spóirt áineasa nó aclaíochta le haghaidh grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta (21), treoraíocht náisiúnta nó clár a bheith ann chun comhairleoireacht a chur chun cinn maidir le gníomhaíocht choirp nó treoir aclaíochta a bheith ann ó ghairmithe sláinte (18), ranganna corpoideachais a reáchtáiltear i scoileanna (iad uile), taisteal gníomhach chun na hoibre a chur chun cinn (17), gníomhaíocht choirp a chur chun cinn ag an áit oibre (20), agus dul i mbun feachtais le haghaidh oideachas gníomhaíochta coirp agus fheasacht an phobail (23).

Seasann dhá tháscaire amach le haghaidh a rátaí ísle gnóthachtála – táscaire 7 (clubanna spóirt le haghaidh clár sláinte) agus táscaire 18 (treoirlínte Eorpacha chun feabhas a chur ar bhonneagar le haghaidh gníomhaíocht choirp ama shaoir). Níor thuairiscigh ach sé thír gur úsáid siad na treoirlínte le haghaidh club spóirt i gcomhair cláir sláinte arna bhforbairt ag HEPA Europe agus ag an gCumann maidir le Spórt Idirnáisiúnta le haghaidh Cách. Thuairiscigh naoi dtír eile gur úsáid siad treoraíocht nó cláir náisiúnta chomhchosúla a dearadh chun clubanna spóirt a spreagadh chun gníomhaíochtaí spóirt sláinte a chur chun cinn agus/nó an tsláinte a chur chun cinn. Níor thuairiscigh ach cúig thír gur chuir siad treoirlínte Eorpacha 2011 chun feabhas a chur ar bhonneagar le haghaidh gníomhaíocht choirp ama shaoir san airéine áitiúil (IMPALA) 27 i bhfeidhm go córasach.

I gcomhthéacs suirbhé oscailte ar líne i samhradh 2023 maidir le hábhar agus ábharthacht an Mholta, mheas formhór na bhfreagróirí go raibh sé ábhartha fós, nó ábhartha go páirteach. De réir suirbhé breise i measc phointí fócasacha náisiúnta HEPA, measann formhór na bpointí fócasacha go ndírítear leis an Moladh ar na spriocanna agus na tosaíochtaí cearta agus measann siad go bhfuil an struchtúr agus na modhanna oibre iomchuí. Comhaontaítear leis freisin go dtáirgtear aschuir agus sonraí ábhartha leis an obair. Táscaire 4 (sásra comhordúcháin maidir le HEPA a chur chun cinn), táscaire 10 (faireachán agus faireachas a dhéanamh ar ghníomhaíocht choirp), agus táscaire 1 (moltaí maidir le gníomhaíocht choirp), measadh go raibh siad ar na táscairí ba mhó a raibh breithniú tosaíochta tuillte acu. Ar na moltaí samplacha áiríodh meastóireacht a dhéanamh ar tháscairí ó thaobh infhaighteacht sonraí, feabhas a chur ar an sásra faireacháin i mBallstáit áirithe agus malartú dea‑chleachtas a mhéadú chun beartais HEPA a fhorbairt agus a chur chun feidhme sna Ballstáit.

An bealach chun cinn

Ó cuireadh tús leis an Moladh a chur chun feidhme, is féidir dul chun cinn foriomlán a fheiceáil maidir le HEPA a chur chun cinn agus faireachán a dhéanamh air sna Ballstáit, ach beidh gá le tacaíocht leanúnach chun na bearnaí atá fós ann a dhúnadh. Orthu sin áirítear táscairí 7 agus 18, lena léirítear níos mó laigí struchtúracha. Níos tábhachtaí fós, d’ainneoin an dul chun cinn an‑mhaith a rinneadh maidir le cur chun feidhme an Mholta, tugtar le fios le sonraí a bailíodh maidir le gníomhaíocht choirp phobail go bhfuil na leibhéil ró‑íseal fós, rud a éilíonn níos mó beart chun gníomhaíocht choirp a mhéadú go ginearálta.

Dá réir sin, leanfaidh an Coimisiún d’oibriú i gcomhar le EDS chun tacú leis na Ballstáit maidir le gníomhaíocht choirp ar mhaithe le feabhsú sláinte, a bhfuil sé d’aidhm fhoriomlán aige sin rannchuidiú le sprioc dhomhanda EDS a bhaint amach maidir le laghdú 15 % a dhéanamh ar leibhéil neamhghníomhaíochta coirp sna Ballstáit faoi 2030.

(1)

  Airteagal 165 (2) CFAE: ‘Is é is aidhm do ghníomhaíocht an Aontais (…) an ghné Eorpach a fhorbairt sa spórt, (…) trí ionracas fisiciúil agus morálta na lúthchleasaithe, go háirithe na lúthchleasaithe is óige ina measc, a chosaint.’

(2)

  https://ec.europa.eu/transparency/expert‑groups-register/core/api/front/expertGroupAddtitionalInfo/25000/download

(3)

  IO C 419, 12.12.2019, lch. 1. .

(4)

Airteagal 165 (2) CFAE: Is é is aidhm do ghníomhaíocht an Aontais (…) an ghné Eorpach a fhorbairt sa spórt, trí chothrom na féinne agus an oscailteacht i gcomórtais spóirt (…) a chur chun cinn.

(5)

  IO C 192, 7.6.2019, lch. 1. .

(6)

Airteagal 165 (1) CFAE: ‘Rannchuideoidh an tAontas leis an spórt Eorpach a chur chun cinn, ag féachaint (…) d’fheidhm shóisialta agus oideachasúil an spóirt.’

(7)

  IO C 196, 8.6.2018, lch. 23. .

(8)

  IO C 168, 14.6.2013, lch. 10. .

(9)

  IO C 183, 14.6.2014, lch. 39. .

(10)

  https://ec.europa.eu/assets/eac/sport/library/policy_documents/expert‑group-gender-equality_en.pdf

(11)

  IO C 467, 15.12.2016, lch. 12. .

(12)

  IO C 416, 11.12.2019, lch. 3  (féach mír 26).

(13)

  IO C 436, 5.12.2014, lch. 2.

(14)

 Bearta leantacha maidir leis na Conclúidí ón gComhairle agus ó ionadaithe Rialtais na mBallstát, ar theacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le ról cóitseálaithe sa tsochaí ( IO C 423, 9.12.2017, lch. 6 ) agus na Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát ar theacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle maidir le cóitseálaithe a chumhachtú trí dheiseanna a fheabhsú chun scileanna agus inniúlachtaí a fháil ( IO C 196, 11.6.2020, lch. 1 ).

(15)

  IO C 212, 14.6.2016, lch. 14. .

(16)

  https://ec.europa.eu/transparency/expert‑groups-register/core/api/front/expertGroupAddtitionalInfo/23271/download

(17)

  https://www.sports.gouv.fr/IMG/pdf/declarationjop2024_europe_en.pdf

(18)

  IO C 449, 13.12.2018, lch. 1. .

(19)

  IO C 214 I, 29.6.2020, lch. 1 .

(20)

  IO C 417, 15.12.2015, lch. 48. .

(21)

IO C 354, 4.12.2013, lch. 1.

(22)

  https://gateway.euro.who.int/en/datasets/hepa

(23)

  Bileoga Eolais maidir le Gníomhaíocht Choirp 2021 foilsithe | Spórt (europa.eu)

(24)

  https://doi.org/10.1787/500a9601-en

(25)

  https://europa.eu/eurobarometer/surveys/detail/2668

(26)

  https://op.europa.eu/en/publication‑detail/-/publication/25c4dfc8-19bf-11ec-b4fe-01aa75ed71a1  

(27)

  https://www.researchgate.net/publication/349694555_European_Guidelines_on_Improving_Infrastructures_for_Leisure-Time_Physical_Activity_in_the_Local_Arena_towards_social_equity_Intersectoral_collaboration_and_participation?_tp=eyJjb250ZXh0Ijp7InBhZ2UiOiJwdWJsaWNhdGlvbiIsInByZXZpb3VzUGFnZSI6bnVsbH19