AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,14.2.2024
COM(2024) 64 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir le chur chun feidhme Rialachán (AE) 2021/784 maidir le haghaidh a thabhairt ar scaipeadh abháir sceimhlitheoireachta ar líne
{SWD(2024) 36 final}
1.ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN
Le Rialachán (AE) 2021/784 maidir le haghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne, soláthraítear an creat dlíthiúil ar an leibhéal Eorpach do na Ballstáit chun saoránaigh a chosaint ar nochtadh d'ábhar sceimhlitheoireachta ar líne. Leis an Rialachán, féachtar le feidhmiú rianúil an mhargaidh aonair dhigitigh a áirithiú trí aghaidh a thabhairt ar mhí-úsáid seirbhísí óstála le haghaidh scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne ar an bpobal. Tá sé mar aidhm aige cosc a chur le sceimhlitheoirí úsáid a bhaint as an idirlíon chun a gcuid teachtaireachtaí a scaipeadh chun imeaglú a dhéanamh, chun radacú agus earcú a dhéanamh agus chun ionsaithe sceimhlitheoireachta a éascú. Tá sé sin ábhartha go háirithe i gcomhthéacs reatha na coinbhleachta agus na héagobhsaíochta, a bhfuil tionchar aige ar shlándáil na hEorpa. Mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus ar an ionsaí sceimhlitheoireachta a rinne Hamas i gcoinne Iosrael an 7 Deireadh Fómhair 2023, tháinig méadú ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne.
Rinneadh an creat rialála chun aghaidh a thabhairt ar ábhar neamhdhleathach ar líne a neartú a thuilleadh le teacht i bhfeidhm an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha an 16 Samhain 2022. Leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, rialaítear oibleagáidí na seirbhísí digiteacha a fheidhmíonn mar idirghabhálaithe sa ról atá acu tomhaltóirí a nascadh le hábhar, le seirbhísí agus le hearraí, agus ar an gcaoi sin cosaint níos fearr a thabhairt d’úsáideoirí ar líne agus rannchuidiú le timpeallacht níos sábháilte ar líne.
Tháinig an Rialachán maidir le haghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne i bhfeidhm an 7 Meitheamh 2022. De réir Airteagal 22 den Rialachán, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil faoi chur i bhfeidhm an Rialacháin ('tuarascáil ar chur chun feidhme') a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle.
Tá an tuarascáil cur chun feidhme seo bunaithe ar an measúnú ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn na Ballstáit, Europol agus soláthraithe seirbhísí óstála i gcomhréir leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán. Bunaithe ar an measúnú sin, is féidir achoimre mar seo a leanas a dhéanamh ar na príomhthorthaí maidir le cur chun feidhme an Rialacháin:
·Faoin 31 Nollaig 2023, bhí údarás inniúil (nó údaráis inniúla) ainmnithe ag trí Bhallstát is fiche a bhfuil sé de chumhacht acu orduithe baint anuas a eisiúint mar a leagtar síos sa Rialachán
. Tá an liosta d'údaráis na mBallstát ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin agus tugtar cothrom le dáta é go rialta
.
·Faoin 31 Nollaig 2023, bhí faisnéis faighte ag an gCoimisiún faoi ar a laghad 349 ordú baint anuas maidir le hábhar sceimhlitheoireachta arna n-eisiúint ag údaráis inniúla ceithre Bhallstát (an Spáinn, an Rómáin, an Fhrainc, an Ghearmáin, an tSeicia agus an Ostair), rud a d'fhág, i bhformhór na gcásanna, go raibh gníomhaíochtaí leantacha tapa á ndéanamh ag soláthraithe seirbhísí óstála chun rochtain ar ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint anuas nó a bhlocáil. Léiríonn sé sin go bhfuiltear ag tosú ar na huirlisí a sholáthraítear faoin Rialachán a úsáid agus go n-éiríonn leis na huirlisí sin a áirithiú go ndéanann soláthraithe seirbhísí óstála ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint anuas go tapa, i gcomhréir le réir Airteagal 3(3). De réir na faisnéise a fuair an Coimisiún, níor cuireadh i gcoinne na n-orduithe baint anuas sin.
·Is maith mar a oibríonn an comhordú idir údaráis inniúla na mBallstát agus Europol, go háirithe Aonad Atreorúcháin ar Líne an Aontais Eorpaigh (EU IRU) in Europol, maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin, go háirithe i ndáil le próiseáil orduithe baint anuas.
·Cuireadh tús le huirlis Europol 'PERCI' an 3 Iúil 2023. D'éirigh le roinnt Ballstát an uirlis sin a úsáid chun orduithe baint anuas agus atreoruithe araon a tharchur. Bhain údaráis inniúla na Spáinne, na Gearmáine, na hOstaire, na Fraince agus na Seicia úsáid as an uirlis chun orduithe baint anuas a tharchur. Ar an iomlán, próiseáladh 14,615 atreorú ar a laghad in PERCI idir seoladh PERCI an 3 Iúil agus an 31 Nollaig 2023.
·Cé nach bhfuil aon bhearta ar leith sa Rialachán maidir le hatreoruithe, de réir na faisnéise a fuair an Coimisiún, tá méadú tagtha freisin ar an bhfreagrúlacht i leith atreoruithe ó sholáthraithe seirbhísí óstála ón uair a tháinig an Rialachán i bhfeidhm.
·Bunaithe ar eolas an Choimisiúin, faoin 31 Nollaig 2023, níor sainaithníodh go raibh aon soláthraí seirbhísí óstála nochta d’ábhar sceimhlitheoireachta, mar a shainmhínítear in Airteagal 5(4) den Rialachán. Is réamhriachtanas é an tsainaithint sin chun na bearta sonracha a leagtar amach san airteagal sin a chur i bhfeidhm. Mar sin féin, de réir na dtuarascálacha trédhearcachta a sholáthair soláthraithe seirbhísí óstála, tá bearta déanta ag soláthraithe seirbhísí óstála chun aghaidh a thabhairt ar mhí-úsáid a gcuid seirbhísí le haghaidh scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta, go háirithe trí théarmaí agus coinníollacha sonracha a ghlacadh agus trí fhorálacha agus bearta eile a chur i bhfeidhm chun leathadh ábhair sceimhlitheoireachta a theorannú.
·Tá bearta glactha ag soláthraithe seirbhísí óstála freisin chun fógra a thabhairt maidir le garbhaol do bheatha de réir Airteagal 14(5) den Rialachán.
Maidir le soláthraithe seirbhísí óstála beaga, sheol an Coimisiún, in 2021, glao ar thairiscintí chun tacú leo an Rialachán a chur chun feidhme. Ghlac an Coimisiún in 2022 le trí thionscadal (féach faoi roinn 4.8.) a thosaigh a gcuid oibre in 2023 agus a bhfuil roinnt torthaí tugtha acu cheana féin maidir le tacaíocht a sholáthar do chuideachtaí beaga chun an Rialachán a chomhlíonadh.
Sheol an Coimisiún imeachtaí um shárú in aghaidh 22 Bhallstát toisc nár ainmnigh siad údaráis inniúla faoi Airteagal 12(1) den Rialachán agus nár chomhlíon siad a n-oibleagáidí faoi Airteagal 12(2), Airteagal 12(3) agus Airteagal 18(1) trí litreacha fógra fhoirmiúil a sheoladh an 26 Eanáir 2023. Tar éis sheoladh na n-imeachtaí um shárú sin, tháinig méadú ar líon na mBallstát a thug fógra do na húdaráis inniúla atá freagrach as orduithe baint anuas a láimhseáil, mar a léirítear san fhaisnéis a foilsíodh sa chlár ar líne. Ina theannta sin, dúnadh 11 gcinn de na cásanna um shárú a osclaíodh i mí Eanáir 2023 faoin 21 Nollaig 2023.
Ar bhonn na faisnéise a fuarthas ó na Ballstáit agus ó Europol agus a chuir soláthraithe seirbhísí óstála ar fáil, rinne an Coimisiún measúnú gur imir cur i bhfeidhm an Rialacháin tionchar dearfachar leathadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne a theorannú.
2.COMHTHÉACS
Tháinig an Rialachán i bhfeidhm an 7 Meitheamh 2022. Féachtar leis feidhmiú rianúil an mhargaidh aonair dhigitigh a áirithiú trí aghaidh a thabhairt ar mhí-úsáid seirbhísí óstála le haghaidh scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne ar an bpobal. Cuireann sé uirlisí spriocdhírithe ar fáil do na Ballstáit, i bhfoirm orduithe baint anuas, chun aghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne agus cuireann sé ar chumas na mBallstát iarraidh ar sholáthraithe seirbhísí óstála, idir bheag agus mhór, bearta sonracha a dhéanamh chun a gcuid seirbhísí a chosaint ar ghníomhaithe sceimhlitheoireachta leas a bhaint astu nuair a bhíonn siad i bhfianaise ábhar sceimhlitheoireachta.
Ina theannta sin, le teacht i bhfeidhm an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha an 16 Samhain 2022, leathnaíodh an tírdhreach rialála le reachtaíocht chothrománach a bhfuil raon feidhme leathan aici agus arb é is aidhm di spás digiteach níos sábháilte a áirithiú do thomhaltóirí, bearta éifeachtacha chun cur i gcoinne ábhar neamhdhleathach agus coinníollacha seirbhíse níos trédhearcaí. Tugann an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha cumhachtaí maoirseachta, imscrúdaitheacha agus forfheidhmiúcháin go leor don Choimisiún chun bearta a dhéanamh atá dírithe ar ardáin an-mhór ar líne agus ar innill chuardaigh an-mhór ar líne. Áirítear ar na gníomhaíochtaí sin iarrataí ar fhaisnéis agus imscrúduithe ar ghníomhaíochtaí modhnóireachta ábhair cuideachtaí agus an fhéidearthacht fíneálacha a fhorchur.
Leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha is féidir dul i ngleic le gach cineál ábhair neamhdhleathaigh, rud a chuireann ar chumas an Choimisiúin dúshlán na n-ardán a thabhairt sonraí a chur ar fáil chun a léiriú go bhfuil siad ag cloí lena ngealltanais féin maidir le hábhar a bhaint anuas. Cé go gcuireann an Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne uirlis níos cumhachtaí fós ar fáil i ndáil leis an gcineál sonrach seo d’ábhar neamhdhleathach, mar aon le hoibleagáid dhlíthiúil ábhar a bhaint anuas laistigh d’uair an chloig tar éis ordú baint anuas agus sásraí éifeachtacha smachtbhannaí a fháil.
Mar a leag Europol béim air sna Tuarascálacha Staide agus Treochtaí Sceimhlitheoireachta (TE-SAT) a foilsíodh le blianta beaga anuas, baineann sceimhlitheoirí úsáid fhairsing as an idirlíon chun a gcuid teachtaireachtaí a scaipeadh chun imeaglú a dhéanamh, chun radacú agus earcú a dhéanamh agus chun ionsaithe sceimhlitheoireachta a éascú. Cé go raibh torthaí ar bhearta deonacha agus ar mholtaí neamhcheangailteacha chun infhaighteacht ábhair sceimhlitheoireachta ar líne a laghdú, chuir teorainneacha lena n-áirítear an líon beag soláthraithe seirbhísí óstála a ghlacann sásraí deonacha chomh maith le hilroinnt na rialacha nós imeachta ar fud na mBallstát teorainn le héifeachtacht agus le héifeachtúlacht an chomhair i measc na mBallstát agus na soláthraithe seirbhísí óstála agus i ngeall orthu sin bhí sé riachtanach bearta rialála a bhunú. Dá bhrí sin, tá cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne. Thacaigh an Coimisiún go réamhghníomhach le húdaráis inniúla náisiúnta sa phróiseas sin.
De réir Airteagal 22 den Rialachán, bhí sé d'oibleagáid ar an gCoimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin ('tuarascáil ar chur chun feidhme') a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle faoin 7 Meitheamh 2023, ag tógáil ar fhaisnéis a chuir na Ballstáit ar fáil, rud a bhí ag brath i bpáirt ar fhaisnéis a sholáthair soláthraithe seirbhísí óstála (Airteagal 21). Ar thaobh amháin, is é is cúis leis an moill ar thíolacadh na tuarascála cur chun feidhme go ndearnadh faisnéis bhunriachtanach ó na Ballstáit agus ó sholáthraithe seirbhísí óstála a tharchur go déanach chuig an gCoimisiún. Ar an taobh eile, measadh go raibh sé tábhachtach úsáid PERCI, uirlis a tháinig chun bheith oibríochtúil an 3 Iúil 2023, a léiriú sa tuarascáil cur chun feidhme agus baineadh úsáid as ó shin i leith chun orduithe baint anuas a phróiseáil de réir an Rialacháin.
Níl sé d'aidhm ag an tuarascáil cur chun feidhme seo ach forléargas fíorasach a thabhairt ar ábhair ábhartha a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin. Níl aon léirmhíniú ann ar an Rialachán agus ní léiríonn sé aon tuairim maidir le léirmhínithe ná bearta eile a rinneadh i gcur i bhfeidhm an Rialacháin.
I gcomhréir le hAirteagal 21(2) den Rialachán, bhí ar an gCoimisiún clár mionsonraithe a bhunú, faoin dáta céanna (7 Meitheamh 2023), chun faireachán a dhéanamh ar aschuir, torthaí agus tionchair an Rialacháin. Go sonrach, ba cheart go leagfaí amach sa chlár faireacháin na táscairí, na modhanna agus na heatraimh ag a mbaileofar na sonraí agus an fhianaise eile is gá. Bunaítear an clár sin sa Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis seo. Sonraítear ann na bearta atá le déanamh ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit chun na sonraí agus fianaise eile a bhailiú agus a anailísiú chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar thionchair an Rialacháin agus chun meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán de bhun Airteagal 23 de.
3.CUSPÓIR AGUS MODHEOLAÍOCHT NA TUARASCÁLA
Is é cuspóir na tuarascála seo measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin agus ar an tionchar a bhí aige go dtí seo ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta a theorannú ar líne. Áirítear air sin gníomhaíochtaí a dhéanann na Ballstáit agus soláthraithe seirbhísí óstála, amhail leasuithe ar a dtéarmaí seirbhíse agus ar a dtreoirlínte pobail agus a gcomhlíontacht agus a bhfreagracht d'orduithe baint anuas.
Chun na críche sin, bhailigh an Coimisiún faisnéis ó na Ballstáit, ó Aonad Atreorúcháin ar Líne an Aontais Eorpaigh (EU IRU) de chuid Europol agus ó sholáthraithe seirbhísí óstála, lena n-áirítear faisnéis atá sna tuarascálacha trédhearcachta agus faireacháin faoi Airteagal 7, Airteagal 8 agus Airteagal 21 den Rialachán. Fuarthas faisnéis de bhun Airteagal 8 agus Airteagal 21 ó 18 mBallstát. Bailíodh faisnéis faoi ghníomhaíochtaí a rinne soláthraithe seirbhísí óstála trína dtuarascálacha trédhearcachta bliantúla, Europol, agus trí chumarsáid dheonach dhíreach le seirbhísí an Choimisiúin. Áirítear sa tuarascáil cur chun feidhme sin faisnéis a fuair an Coimisiún go dtí an 31 Nollaig 2023.
Oibleagáidí faireacháin agus trédhearcachta (Airteagal 21, Airteagal 7 agus Airteagal 8)
Chun an tuarascáil cur chun feidhme a bhunú, i gcomhréir le hAirteagal 21(1) den Rialachán, tá sé d'oibleagáid ar na Ballstáit faisnéis a bhailiú óna n-údaráis inniúla agus óna soláthraithe seirbhísí óstála atá faoina ndlínse agus iad a sheoladh chuig an gCoimisiún faoin 31 Márta gach bliain. Áirítear leis sin faisnéis faoi na bearta a rinne siad i gcomhréir leis an Rialachán sa bhliain féilire roimhe sin. Tagraíonn Airteagal 21(1) don chineál faisnéise ba cheart do na Ballstáit a bhailiú maidir le bearta a rinneadh chun an Rialachán a chomhlíonadh, amhail sonraí maidir le horduithe baint anuas, líon na n-iarratas ar rochtain ar inneachar a chaomhnaítear chun imscrúduithe, nósanna imeachta gearán, athbhreithnithe riaracháin agus breithiúnacha a cheadú.
De réir Airteagal 7(1) den Rialachán, leagfaidh soláthraithe seirbhísí óstála a mbeartas amach go soiléir ina gcuid téarmaí agus coinníollacha chun aghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, míniú fónta ar fheidhmiú beart sonrach.
Ina theannta sin, de réir Airteagal 7(2) den Rialachán, déanfaidh soláthraí seirbhísí óstála a rinne gníomhaíocht chun aghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta nó ar ceanglaíodh air gníomhaíocht a dhéanamh de bhun an Rialacháin i mbliain féilire ar leith, tuarascáil trédhearcachta maidir leis na gníomhaíochtaí sin don bhliain sin a chur ar fáil don phobal. Ba cheart an tuarascáil seo a fhoilsiú roimh an 1 Márta an bhliain ina dhiaidh sin.
Leagtar amach in Airteagal 7(3) den Rialachán an fhaisnéis íosta ba cheart a áireamh sna tuarascálacha trédhearcachta sin, amhail bearta a rinneadh chun rochtain ar ábhar sceimhlitheoireachta a shainaithint agus a dhíchumasú, líon na n-ítimí a baineadh agus/nó a aischuirtear agus toradh na ngearán.
De réir Airteagal 8 den Rialachán, foilseoidh údaráis inniúla ainmnithe na mBallstát tuarascálacha trédhearcachta bliantúla maidir lena gcuid gníomhaíochtaí faoin Rialachán. Tagraíonn Airteagal 8(1) don fhaisnéis íosta ba cheart a áireamh sna tuarascálacha sin.
Faoin 31 Nollaig 2023, bhí faisnéis seolta chuig an gCoimisiún ag ocht mBallstát déag faoi na gníomhaíochtaí a rinne siad i gcomhréir leis an Rialachán, agus tá údarás nó údaráis ainmnithe ag trí Bhallstát is fiche a bhfuil sé de chumhacht acu orduithe baint anuas a eisiúint mar a leagtar síos sa Rialachán.
4.POINTÍ SONRACHA MEASÚNAITHE
4.1.
ORDUITHE BAINT ANUAS (Airteagal 3)
San iomlán, faoin 31 Nollaig 2023, bhí an Coimisiún curtha ar an eolas ag údaráis inniúla na Spáinne, na Rómáine, na Fraince, na Gearmáine, na hOstaire agus na Seicia faoi 349 ordú baint anuas ar a laghad a seoladh chuig Telegram, Meta, Justpaste.it, TikTok, DATA ROOM S.R.L., FLOKINET S.R.L., Archive.org, Soundcloud, X, Jumpshare.com, Krakenfiles.com, Top4Top.net agus Catbox.
Sheol údarás inniúil na Spáinne - CITCO (Centro de Inteligencia contra el Terrorismo y el Crimen Organizado) dhá ordú baint anuas is seasca, agus sheol údarás inniúil na Rómáine (ANCOM – Autoritatea Națională pentru Administrare și Reglementare în Comunicații) dhá ordú baint anuas agus sheol údarás inniúil na Fraince (OCLCTIC – L'Office central de lutte contre la criminalité liée aux technologies de l'information et de la communication) sé ordú baint anuas is fiche. Ó tharla an t-ionsaí sceimhlitheoireachta a rinne Hamas in aghaidh Iosrael, tá 249 ordú baint anuas seolta ag údarás inniúil na Gearmáine (BKA – Bundeskriminalamt).
Tá dhá ordú baint anuas is seasca tarchurtha ag údarás inniúil na Spáinne: ocht gcinn déag sular seoladh PERCI agus daichead a ceathair trí bhíthin PERCI. Thug sé tuairisc mhionsonraithe ar tharchur na chéad orduithe baint anuas a eisíodh agus ar an obair leantach ina leith, rud atá an-ábhartha chun tuiscint níos fearr a fháil ar impleachtaí agus ar éifeachtaí an Rialacháin.
D'eisigh údarás inniúil na Spáinne an chéad dá ordú baint anuas an 24 Aibreán 2023. Bhain siad le dhá chineál ábhar sceimhlitheoireachta, ceann amháin a bhain le sceimhlitheoireacht na heite deise agus an ceann eile a bhain le jiohádacht. Ba é an t-ábhar a bhí faoi réir an chéad ordú baint anuas ná doiciméad PDF a postáladh ar Telegram le rochtain neamhtheoranta, a mhol foréigean sceimhlitheoireachta agus a ghlóirigh ionsaithe sceimhlitheoireachta na heite deise. Físeán a bhí sa phíosa d'ábhar sceimhlitheoireachta atá faoi réir an dara ordú baint anuas, físeán ina raibh íomhánna de jiohádaigh ó eagraíocht sceimhlitheoireachta an Stáit Ioslamaigh, mar a thugtar air i gcomhrac, a uaslódáladh ar Chartlann an Idirlín. Baineadh an dá phíosa ábhair sin den dá ardán laistigh de níos lú ná uair an chloig, agus dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 3(3) den Rialachán. Sa mheasúnú a chuir údarás inniúil na Spáinne ar fáil míníodh gur roghnaigh siad ordú baint anuas seachas tarchur ar dhá phríomhchúis: comhlíonadh na gceanglas atá sa Rialachán maidir le horduithe baint anuas agus práinn. Sheol údarás inniúil na Spáinne tuilleadh orduithe baint anuas ansin.
Leag údarás na Spáinne béim ar dhúshláin a bhaineann le soláthraí seirbhísí óstála amháin (Meta) foirm ghréasáin a úsáid chun orduithe baint anuas a fháil in ionad pointe teagmhála díreach a sholáthar. Mar thoradh ar an bhfoirm ghréasáin sin freisin, bhí fadhbanna ann cumarsáid a dhéanamh le húdarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil príomhbhunaíocht an tsoláthraí seirbhísí óstála lonnaithe.
D'eisigh údarás inniúil na Fraince a chéad ordú baint anuas an 13 Iúil 2023 chuig ardán comhroinnte (Justpaste.it), a bhain anuas an t-ábhar sceimhlitheoireachta laistigh d'uair an chloig. Is éard a bhí san ábhar a rabhthas ag díriú air bolscaireacht ó Al Qaeda, bolscaireacht ó chomhlacht meán a bhrainse Indiach go sonrach, is é sin Rikan Ka Mimber comhlacht meán Al Qaeda i bhfo-ilchríoch na hIndia (AQIS). Deimhníodh baint anuas iomlán an ábhair ar ardán PERCI de chuid Europol.
D'eisigh údarás inniúil na Gearmáine sé ordú baint anuas, sé ordú déag agus cúig ordú baint anuas an 16, an 18 agus an 24 Deireadh Fómhair 2023 faoi seach a dhírigh ar bholscaireacht ó Hamas agus ó Jiohád Ioslamach na Palaistíne. Rinneadh rochtain ar an ábhar a bhlocáil san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 3(3) den Rialachán. Sheol údarás inniúil na Gearmáine atreoruithe ar dtús agus d'eisigh sé orduithe baint anuas ina dhiaidh sin toisc nach ndearnadh aon bheart mar gheall ar na hatreoruithe sin. Tar éis ionsaí Hamas an 7 Deireadh Fómhair 2023, sheol údarás inniúil na Gearmáine níos mó ná 249 ordú baint anuas chuig Telegram den chuid is mó.
D’eisigh údarás inniúil na Seicia agus údarás inniúil na hOstaire 2 agus 8 ordú baint anuas chuig X agus Telegram faoi seach.
Maidir le soláthraí seirbhísí óstála amháin foirm ghréasáin a úsáid chun orduithe baint anuas a fháil, léirigh údaráis na Spáinne dhá shaincheist: 1) i gcomhthéacs Airteagal 3(2) den Rialachán, ní ligeann foirm ghréasáin d'údaráis inniúla na mBallstát faisnéis a sheoladh maidir leis na nósanna imeachta agus na spriocdhátaí is infheidhme sula n-eiseofar an chéad ordú baint anuas chuig an soláthraí seirbhísí óstála; 2) i gcomhthéacs Airteagal 4(1), ní cheadaíonn foirm ghréasáin cóip den ordú baint anuas a chur faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil príomhbhunaíocht an tsoláthraí seirbhísí óstála agus faoi bhráid ionadaí dlíthiúil an tsoláthraí seirbhísí óstála go comhuaineach.
4.2
ORDUITHE BAINT ANUAS TRASTEORANN (Airteagal 4)
Maidir leis an gcéad dá ordú baint anuas a eisíodh i mí Aibreáin 2023, níorbh fhéidir le húdarás inniúil na Spáinne cóipeanna a sheoladh chuig údarás an Bhallstáit ina raibh príomhbhunaíocht nó ionadaí dlíthiúil an tsoláthraí seirbhísí óstála, toisc nach raibh príomhbhunaíocht ná ionadaí dlíthiúil ainmnithe san Aontas ag aon cheann den dá sholáthraí seirbhísí óstála ag an am. Maidir leis na horduithe baint anuas ina dhiaidh sin, sheol údarás inniúil na Spáinne cóipeanna chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina raibh príomhbhunaíocht an tsoláthraí seirbhísí óstála nó ina raibh a ionadaí dlíthiúil ainmnithe aige.
Thuairiscigh na Ballstáit gur dúshlán é orduithe baint anuas a tharchur chuig soláthraithe seirbhísí óstála atá bunaithe i dtríú tíortha nach bhfuil a n-oibleagáid maidir le hionadaíocht dhlíthiúil a cheapadh san Aontas Eorpach comhlíonta acu go fóill. Sa chomhthéacs sin, thacaigh an Coimisiún leis na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonann soláthraithe seirbhísí óstála a n-oibleagáid ionadaí dlíthiúil a cheapadh san Aontas agus pointe teagmhála a sholáthar (Airteagal 15(1) den Rialachán), amhail seoladh ríomhphoist, chun gníomhaíocht láithreach a áirithiú. Thairis sin, mheabhraigh an Coimisiún do sholáthraithe seirbhísí óstála a n-oibleagáidí i bhfóraim éagsúla lena n-áirítear i bhFóram Idirlín an Aontais.
De réir na faisnéise atá ar fáil don Choimisiún, níl aon údarás inniúil de chuid an Bhallstáit ina bhfuil príomhbhunaíocht an tsoláthraí seirbhísí óstála tar éis grinnscrúdú a dhéanamh go dtí seo ar ordú baint anuas de bhun Airteagal 4 den Rialachán chun a chinneadh ar sháraigh sé go tromchúiseach nó go follasach an Rialachán nó cearta agus saoirsí bunúsacha toisc nár cuireadh aon iarraidh réasúnaithe ar ghrinnscrúdú isteach go fóill. Dá bhrí sin, go dtí seo, níor aimsigh aon údarás gur sháraigh aon ordú baint anuas an Rialachán seo nó cearta bunúsacha ar an mbealach sin.
Níor athchuir aon soláthraí seirbhísí óstála go dtí seo an t-ábhar (nó an rochtain air) a bhí faoi réir ordú baint anuas de bhun grinnscrúdaithe i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán, toisc nach ndearnadh grinnscrúdú agus iarrataí den sórt sin ar athchur go fóill. Dá bhrí sin, níl aon fhaisnéis ar fáil maidir leis an bhfad a thógann sé de ghnáth chun ábhar nó rochtain air a athchur, nó na “bearta riachtanacha” a rinne na soláthraithe seirbhísí óstála chun an t -ábhar nó an rochtain ar an ábhar a athchur.
4.3.
LEIGHEASANNA (Airteagal 9)
De réir na faisnéise atá ar fáil don Choimisiún, níor chuir soláthraithe seirbhísí óstála in aghaidh orduithe baint anuas nó cinntí de bhun Airteagal 5(4) os comhair na gcúirteanna ábhartha go dtí seo. Mar sin féin, d’áitigh soláthraí seirbhísí óstála amháin nach féidir ordú baint anuas a fhorghníomhú.
De réir na faisnéise arna soláthar ag na Ballstáit, tá i bhfeidhm ag dhá Bhallstát déag ar a laghad chun cur ar chumas soláthraithe seirbhísí óstála agus soláthraithe ábhair agóid a dhéanamh ar an ordú baint anuas arna eisiúint agus/nó ar an gcinneadh arna ghlacadh faoi Airteagal 4(4) nó Airteagal 5(4), (6) nó (7) os comhair chúirteanna údarás inniúil na mBallstát sin (Airteagal 9(1) agus (2)). Sna Ballstáit ina bhfuil na nósanna imeachta sin i bhfeidhm, tagraíonn nósanna imeachta den sórt sin do chásanna dlí den chuid is mó. Mar sin féin, ní féidir a fháil amach an bhfuil na nósanna imeachta sin “éifeachtach” nó sonrach don Rialachán leis na sonraí reatha a fuarthas ó na Ballstáit, toisc nach ndearnadh agóid ina gcoinne aon chinnidh go dtí seo.
4.4.
BEARTA SONRACHA AGUS TRÉDHEARCACHT GHAOLMHAR (Airteagal 5 agus Airteagal 7)
De réir na faisnéise atá le fáil, go dtí seo, níor measadh go raibh aon soláthraí seirbhísí óstála nochtadh d’ábhar sceimhlitheoireachta de réir bhrí Airteagal 5(4) den Rialachán. Dá thoradh sin, níl feidhm (fós) ag an gceanglas na bearta sonracha a leagtar amach san airteagal sin a dhéanamh maidir le haon soláthraí seirbhísí óstála.
Mar sin féin, is féidir a thabhairt faoi deara, de réir na dtuarascálacha trédhearcachta a sholáthair soláthraithe seirbhísí óstála, go bhfuil bearta déanta ag roinnt soláthraithe seirbhísí óstála chun aghaidh a thabhairt ar mhí-úsáid a bheith á baint as a gcuid seirbhísí le haghaidh scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta, go háirithe téarmaí agus coinníollacha sonracha a ghlacadh agus forálacha agus bearta eile a chur i bhfeidhm chun leathadh ábhair sceimhlitheoireachta a theorannú. Mar a tugadh faoi deara thuas, de bhun Airteagal 7, ní mór do soláthraithe seirbhísí óstála trédhearcacht a áirithiú ina leith sin, ní hamháin trí thuairisciú trédhearcachta, ach freisin trí fhaisnéis shoiléir a chur san áireamh ina dtéarmaí agus coinníollacha.
4.5.
GARBHAOL DO BHEATHA (Airteagal 14(5))
De réir Airteagal 14(5) den Rialachán, i gcás ina mbeidh soláthraithe seirbhísí óstála ar an eolas faoi ábhar sceimhlitheoireachta a bhaineann le garbhaol do bheatha duine, déanfaidh siad na húdaráis atá inniúil ar chionta coiriúla a imscrúdú agus a ionchúiseamh sna Ballstáit lena mbaineann a chur ar an eolas go pras. I gcás nach féidir na Ballstáit lena mbaineann a shainaithint, tarchuirfidh an soláthraí seirbhísí óstála an fhaisnéis chuig Europol chun go ndéanfar an obair leantach iomchuí.
Faoin 31 Nollaig 2023, cuireadh an Coimisiún ar an eolas faoi naoi gcás ina bhfuil faisnéis faighte ag Aonad Atreorúcháin ar Líne an Aontais Eorpaigh de chuid Europol faoi ábhar sceimhlitheoireachta a bhaineann le garbhaol don bheatha. Ós rud é nach bhforáiltear le hAirteagal 14(5) den Rialachán d'oibleagáid Europol a chur ar an eolas i ngach cás, d'fhéadfadh líon na bhfógraí a bheith níos airde. Ba é an Spáinn an t-aon Bhallstát a sholáthair faisnéis maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 14(5). An 18 Aibreán 2023, fuair údaráis na Spáinne teachtaireacht ó Amazon ar phíosa d'ábhar sceimhlitheoireachta a ceapadh a bhain le garbhaol do bheatha ar ardán físchluichí Twitch. Measadh nár chomhfhreagraigh an t-ábhar do na coinníollacha maidir le hábhar sceimhlitheoireachta a bhaineann le garbhaol do bheatha de réir bhrí an Rialacháin.
4.6.
COMHAR IDIR SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ ÓSTÁLA, ÚDARÁIS INNIÚLA AGUS EUROPOL (Airtgeal 14)
Mar a luadh thuas, d'fhorbair Europol ardán ar a dtugtar ‘PERCI’ chun tacú le cur chun feidhme an Rialacháin trí tharchur orduithe baint anuas agus atreoruithe ag na Ballstáit chuig soláthraithe seirbhísí óstála a lárú, a chomhordú agus a éascú. Tá an t-ardán ag feidhmiú ón 3 Iúil 2023. Roimh chur chun feidhme iomlán PERCI, bhí socruithe teagmhasacha curtha i bhfeidhm ag Europol chun tacú le tarchur orduithe baint anuas de láimh, díchoinbhleachtú inneachair chun cur isteach ar imscrúduithe leanúnacha agus freagairt ar ghéarchéimeanna a sheachaint i gcásanna “garbhaol do bheatha”.
Is córas aonair é PERCI lena gceadaítear comhar i measc údaráis inniúla, soláthraithe seirbhísí óstála agus Europol, mar a fhoráiltear in Airteagal 14 den Rialachán maidir le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán. Ar bhonn níos nithiúla, maidir le PERCI:
·is réiteach néalbhunaithe é atá saincheaptha chun slándáil agus cosaint sonraí a áirithiú sa néal;
·is ardán aonair é do chumarsáid agus do chomhordú comhoibritheach agus fíor-ama, a thacaíonn le hábhar sceimhlitheoireachta a bhaint anuas go tapa;
·éascaíonn sé an próiseas grinnscrúdaithe maidir le horduithe baint anuas trasteorann;
·treisíonn sé an díchoinbhleachtú, rud atá tábhachtach chun a sheachaint go seolann údarás inniúil Ballstáit ordú baint anuas a dhíríonn ar ábhar atá faoi réir imscrúdú leanúnach i mBallstát eile;
·ceadaíonn sé do soláthraithe seirbhísí óstála orduithe baint anuas a fháil ar bhealach aontaithe agus caighdeánaithe ó aon chainéal amháin.
Ar leithligh, ceadaíonn PERCI do tharchuir atreoruithe freisin.
Faoi láthair, seachas a ábharthacht i dtaca le hatreoruithe (féach Aithris 40 den Rialachán), éascaíonn PERCI tarchur orduithe baint anuas (Airteagal 3 agus Airteagal 4), tuairisciú na mBallstát (Airteagal 8) agus comhordú, chomh maith le díchoinbhleachtú i gcás coinbhleacht le himscrúduithe leanúnacha ar an ábhar a bhfuil sé beartaithe ordú baint anuas a sheoladh ina leith (Airteagal 14). Tá tuilleadh forbairtí á ndéanamh ag PERCI faoi láthair chun tacú le cúraimí breise a eascraíonn as an Rialachán, amhail grinnscrúdú ar orduithe baint anuas trasteorann (Airteagal 4).
Dheimhnigh na Ballstáit an méid seo a leanas, de réir Airteagal 14 den Rialachán:
·malartóidh údaráis inniúla faisnéis, comhordóidh siad, agus comhoibreoidh siad le húdaráis inniúla eile;
·malartóidh údaráis inniúla faisnéis, comhordóidh siad, agus comhoibreoidh siad le Europol;
·tá sásraí i bhfeidhm chun feabhas a chur ar an gcomhar agus ag an am céanna an cur isteach ar imscrúduithe a tharlaíonn i mBallstáit eile a sheachaint;
·measann formhór na mBallstát gurb é PERCI an uirlis thosaíochta a úsáidfear chun orduithe baint anuas a tharchur, toisc go gceadaítear léi gníomhaíocht a chomhordú trí dhíchoinbhleachtú.
4.7.
ÉIFEACHTAÍ AR ATREORUITHE
Is uirlis dheonach iad atreoruithe ábhair sceimhlitheoireachta a úsáideadh cheana sular glacadh an Rialachán. Cé nach bhfuil aon rialacha ar leith sa Rialachán maidir le tarchuir, i gcomhréir lena Aithris 40, ní chuireann aon ní sa Rialachán bac ar na Ballstát ná ar Europol tarchuir a úsáid mar ionstraim chun aghaidh a thabhairt ar ábhar sceimhlitheoireachta ar líne.
Ó bunaíodh é in 2015, tá Aonad Atreorúcháin ar Líne an Aontais Eorpaigh de chuid Europol gníomhach chun ábhar sceimhlitheoireachta a shainaithint ar líne agus é a atreorú chuig soláthraithe seirbhísí óstála, chomh maith le huirlisí a bhunú (i.e. PERCI agus IRMA (Feidhmchlár um Bainistiú na dTarchur Idirlín) roimhe seo) chun tarchur atreoruithe a éascú.
De réir na faisnéise a sholáthraítear don Choimisiún, leanann údaráis na mBallstát d'atreoruithe a úsáid le soláthraithe seirbhísí óstála áirithe, agus d'fhéadfaidís breithniú a dhéanamh ar orduithe baint anuas a eisiúint chuig soláthraithe seirbhísí óstála nach bhfuil ag freagairt d'atreoruithe nó ar chúiseanna eile amhail an phráinn go mbainfí anuas an t-ábhar.
4.8.
TACAÍOCHT DO SHOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSE ÓSTÁLA BEAGA CHUN AN RIALACHÁN A CHUR CHUN FEIDHME
Tá oibleagáidí éagsúla sa Rialachán maidir le soláthraithe seirbhísí óstála. Cé gur gnách go mbíonn na cumais theicniúla, an cumas fíoraithe daonna agus an t - eolas ag soláthraithe seirbhísí óstála móra chun an Rialachán a chur chun feidhme, d'fhéadfadh sé go mbeadh acmhainní agus saineolas airgeadais, teicniúla agus daonna níos teoranta ag soláthraithe seirbhísí óstála móra beaga chun na críche sin. Ag an am céanna, tá gníomhaithe mailíseacha ag díriú níos mó ar sholáthraithe seirbhísí óstála beaga chun leas a bhaint as a gcuid seirbhísí. D'fhéadfaí é sin a chur i leith iarrachtaí éifeachtacha modhnóireachta inneachair ag soláthraithe seirbhísí óstála níos mó freisin. Cé go dtaispeántar leis an treocht sin rath na mbeart modhnóireachta inneachair, leagtar béim léi freisin ar an ngá atá le tacú le soláthraithe seirbhísí óstála beaga chun a gcumas agus a n-eolas a mhéadú chun ceanglais an Rialacháin a chomhlíonadh.
Chun freagra a thabhairt ar an dúshlán sin, sheol an Coimisiún glao ar thograí faoin gCiste Slándála Inmheánaí chun tacú le soláthraithe seirbhísí óstála beaga an Rialachán a chur chun feidhme. Roghnaigh an Coimisiún trí thionscadal chun tacú leo le cur chuige tríthaobhach. Ar an gcéad dul síos, trí fheasacht faoi rialacha agus ceanglais an Rialacháin a chur ar an eolas agus a mhéadú, ar an dara dul síos trí uirlisí agus creataí is gá a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a rolladh amach chun aghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne, agus ar an tríú dul síos trí thaithí agus dea-chleachtais a roinnt ar fud an tionscail.
Thosaigh na trí thionscadal a gcuid oibre in 2023 agus tá torthaí luachmhara tugtha acu cheana féin. Mar shampla, ina thuarascáil mhapála, shuigh tionscadal FRISCO gur gnách go mbíonn feasacht agus eolas an teoranta ag micreasholáthraithe seirbhísí óstála agus ag soláthraithe seirbhísí óstála beaga ar an Rialachán agus leag sé béim ar dheacrachtaí féideartha a d'fhéadfadh a bheith acu agus iad ag freagairt d'orduithe baint anuas laistigh d'uair an chloig, toisc nach mbíonn seirbhísí 24/7 acu go minic. Is dúshlán é easpa acmhainní, chomh maith le línte cumarsáide a bhunú le gníomhaireachtaí um fhorfheidhmiú an dlí. Ní dhéanann níos mó ná leath de na soláthraithe seirbhísí óstála a ndearna na conraitheoirí suirbhé orthu ábhar arna ghiniúint ag an úsáideoir a mhodhnú agus luaigh siad nár tháinig siad riamh ar ábhar sceimhlitheoireachta ar a n-ardáin. Is dócha go nglacfaidh na soláthraithe seirbhísí óstála sin bearta ad hoc má bhíonn ábhar den sórt sin le feiceáil ar a n-ardáin.
Trí bhíthin na dtrí thionscadal sin, tá tacaíocht á tabhairt do sholáthraithe seirbhísí óstála beaga ina n-iarrachtaí rialacha an Rialacháin a chomhlíonadh freisin trí phointí teagmhála agus sásraí cur chun feidhme a chur ar bun do ghearáin úsáideoirí.
Ina theannta sin, is féidir le hAirteagal 3(2) den Rialachán – lena gceanglaítear faisnéis a sholáthar go tráthúil maidir leis na nósanna imeachta agus na spriocdhátaí is infheidhme do sholáthraithe seirbhísí óstála nár eisíodh aon ordú baint anuas roimhe sin dóibh – a bheith ábhartha go háirithe do sholáthraithe seirbhísí óstála beaga.
4.9.
COIMIRCÍ MAIDIR LE CEARTA BUNÚSACHA
Áirítear leis an Rialachán coimircí éagsúla chun cuntasacht agus trédhearcacht a neartú maidir le bearta a glacadh chun ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint anuas ar líne. I ndáil leis sin, déantar tagairt don mhéid sin roimhe seo, go háirithe an fhaisnéis a sholáthraítear maidir le leigheasanna, tuairisciú agus an sásra speisialta le haghaidh orduithe baint anuas trasteorann.
Ina theannta sin, ceanglaítear le hAirteagal 23 den Rialachán go dtabharfaidh an Coimisiún tuairisc ar fheidhmiú agus éifeachtacht na sásraí coimirce, go háirithe na sásraí sin dá bhforáiltear in Airteagal 4(4), Airteagal 6(3) agus Airteagail 7 go 11 i gcomhthéacs na meastóireachta ar an Rialachán. Baineann coimircí den sórt sin le gearáin, leigheasanna, agus sásraí pionóis a glacadh agus a cuireadh chun feidhme i gcoinne an riosca go mbainfí anuas ábhar sceimhlitheoireachta ar líne go hearráideach chun soláthraithe ábhair agus soláthraithe seirbhísí óstála a chosaint. Dá bhrí sin, beidh an measúnú ar fheidhmiú agus éifeachtacht na sásraí coimirce ina chuid den mheastóireacht de bhun Airteagal 23.
I ndáil leis sin, sa chlár faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2) den Rialachán, soláthraítear creat táscairí chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an Rialacháin maidir le cearta bunúsacha, a chuirfidh leis an meastóireacht ar an Rialachán.
Tacóidh an clár faireacháin leis an measúnú, atá le déanamh mar chuid den mheastóireacht, ar fheidhmiú agus éifeachtacht na sásraí coimirce a chuirtear chun feidhme i gcomhthéacs an Rialacháin, agus a dtionchar ar chearta bunúsacha. Léiríonn an réimse tionchair sin an dá réimse a luaitear in Airteagal 23 den Rialachán: (a) feidhmiú agus éifeachtacht na sásraí coimirce, go háirithe na sásraí sin dá bhforáiltear in Airteagal 4(4), Airteagal 6(3) agus Airteagail 7 go 11; agus (b) tionchar chur i bhfeidhm an Rialacháin sin ar chearta bunúsacha, go háirithe ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, ar an meas ar an saol príobháideach agus ar chosaint sonraí pearsanta.
4.10. ÚDARÁIS INNIÚLA (Airteagal 13)
De réir Airteagal 13 den Rialachán, ní mór do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh cumhachtaí riachtanacha agus acmhainní leordhóthanacha ag a gcuid údarás inniúil chun na haidhmeanna a bhaint amach agus a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Rialachán. Tá na bearta seo a leanas curtha chun feidhme ag roinnt Ballstát chun a áirithiú go mbeidh cumhachtaí riachtanacha agus acmhainní leordhóthanacha ag na húdaráis inniúla:
·comhlachtaí/Stiúrthóireachtaí nua a bhunú;
·cistiú breise agus foireann bhreise a leithdháileadh agus
·creataí reachtacha nua a chruthú.
5. CONCLÚID
Tá sé ríthábhachtach go ndéanfar na huirlisí agus na bearta uile ar leibhéal an Aontais a chur chun feidhme go hiomlán chun aghaidh a thabhairt go pras ar an ábhar neamhdhleathach a scaiptear ar líne. Is amhlaidh atá go háirithe i bhfianaise an lear mhóir ábhair neamhdhleathaigh den sórt sin a chonacthas le déanaí nuair a scaipeadh ábhar a bhain leis an ionsaí a rinne Hamas i gcoinne Iosrael.
Rannchuidíonn an Rialachán le slándáil an phobail a mhéadú ar fud an Aontais chun cosc a chur le sceimhlitheoirí úsáid a bhaint as soláthraithe seirbhísí óstála a oibríonn sa mhargadh inmheánach chun a gcuid teachtaireachtaí a scaipeadh chun imeaglú a dhéanamh, chun radacú agus earcú a dhéanamh agus chun ionsaithe sceimhlitheoireachta a éascú.
Tar éis imeachtaí um shárú a thionscnamh i mí Eanáir 2023, tá dul chun cinn déanta. Faoin 31 Nollaig 2023, bhí údaráis inniúla ainmnithe ag trí Bhallstát is fiche faoi Airteagal 12(1) mar a léirítear sa chlár ar líne, rud a fhágann go mbaintear úsáid níos córasaí as na bearta agus na huirlisí dá bhforáiltear sa Rialachán. Ina theannta sin, dúnadh aon cheann déag den dá chás is fiche um shárú a osclaíodh i mí Eanáir 2023 faoin 21 Nollaig 2023. Áitíonn an Coimisiún ar na Ballstáit eile na bearta is gá a dhéanamh chun na húdaráis inniúla a ainmniú faoi Airteagal 12(1) agus chun a n-oibleagáidí faoi Airteagal 12(2), Airteagal 12(3) agus Airteagal 18(1) a chomhlíonadh.
Thuairiscigh na Ballstáit, ar an iomlán, tarchur rianúil orduithe baint anuas chuig soláthraithe seirbhísí óstála le tacaíocht ó Europol. Ar bhonn na faisnéise a fuarthas ó na Ballstáit agus ó Europol, tá ar a laghad 349 ordú baint anuas ábhair sceimhlitheoireachta tarchurtha ó tháinig an Rialachán i bhfeidhm. I ndeich gcás, ní dhearna aon soláthraí seirbhísí óstála amháin an t-ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint anuas nó bac a chur ar an rochtain air laistigh den uastréimhse uair an chloig a bunaíodh leis an Rialachán.
De réir na faisnéise a fuarthas ó na Ballstáit agus ó Europol, in ainneoin nach bhfuil aon rialacha sa Rialachán maidir leis sin, is mó an fhreagrúlacht atá ann i leith atreoruithe ábhair sceimhlitheoireachta ó tháinig an Rialachán i bhfeidhm. Ina theannta sin, fuair Europol faisnéis ó sholáthraithe seirbhísí óstála i naoi gcás faoi ábhar sceimhlitheoireachta a bhaineann le garbhaol do bheatha, de réir Airteagal 14(5).
Tá cainéil agus nósanna imeachta cumarsáide níos éifeachtúla i bhfeidhm go háirithe ó seoladh ardán PERCI an 3 Iúil 2023, as ar eascair cur chuige níos córasaí maidir le tarchur orduithe baint anuas, agus tá PERCI á úsáid freisin chun líon ard atreoruithe a tharchur. Chuir na Ballstáit agus Europol in iúl go raibh siad ag súil go rachadh imscaradh PERCI chun tairbhe úsáid na n-ionstraimí sin chun aghaidh a thabhairt ar ábhar sceimhlitheoireachta ar líne.
Ar an mbonn sin, déanann an Coimisiún measúnú go raibh tionchar dearfach ag an Rialachán ar an iomlán maidir le leathadh ábhair sceimhlitheoireachta a theorannú ar líne. Mar sin féin, i ndeich gcás as 349, sháraigh an soláthraí seirbhísí óstála spriocdhírithe an uastréimhse uair an chloig a bunaíodh sa Rialachán chun ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint anuas nó chun rochtain air a bhlocáil.
Tá an Coimisiún ag tacú go réamhghníomhach leis na Ballstáit agus le soláthraithe seirbhísí óstála, lena n-áirítear trí cheardlanna teicniúla arna n-eagrú roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin agus ina dhiaidh sin. Bhí an ceann deireanach ann an 24 Samhain 2023. Tá an Coimisiún ag tacú freisin le soláthraithe seirbhísí óstála beaga go háirithe, chun cur i bhfeidhm iomlán agus tapa an Rialacháin a áirithiú agus chun cuidiú leo aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhí ann go dtí seo.
Leanfaidh an Coimisiún d’fhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar chur i bhfeidhm an Rialacháin. Déanfaidh an Coimisiún faireachán grinn ar fheidhmíocht na n-ionstraimí dá bhforáiltear sa Rialachán tríd an gclár faireacháin, rud a chuirfidh leis an meastóireacht ar an Rialachán de bhun Airteagal 23.