An Bhruiséil,31.1.2024

COM(2024) 45 final

2024/0024(NLE)

Togra le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le hailsí inchoiscthe trí vacsaíniú


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Réamhrá

Is príomhthosaíocht sláinte poiblí de chuid an Choimisiúin é Plean Sáraithe Ailse na hEorpa 1 (an Plean Ailse) agus is bunchloch d’Aontas Sláinte na hEorpa é 2 ..Mar aon leis an Misean Ailse faoin gclár Fís Eorpach 3 , is é freagairt an Choimisiúin é ar an líon atá ag méadú de chásanna ailse agus de bhásanna a bhaineann le hailse ar fud an Aontais.

Mar thionscnamh suaitheanta de chuid an Phlean Ailse, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún tacú le hiarrachtaí Bhallstáit an Aontais gnáth‑vacsaíniú cailíní agus buachaillí in aghaidh Papalómaivíris Dhaonna (HPV) a neartú agus a leathnú chun ailse ceirbheacs agus ailsí eile arb é HPV is cúis leo a dhíothú, amhail ailse phite, ailse faighne, ailse phéinis agus ailse anasach chomh maith le roinnt ailsí cloiginn agus muiníl. Is é an sprioc atá socraithe sa Phlean Ailse 90 % ar a laghad de spriocdhaonra cailíní an Aontais a vacsaíniú go hiomlán agus méadú suntasach a dhéanamh ar vacsaíniú buachaillí faoi 2030. Sa Phlean Ailse, d’fhógair an Coimisiún freisin go gcuideodh sé le rochtain ar vacsaíniú in aghaidh víreas Heipitíteas B (HBV) a áirithiú chun borradh a chur faoi ghlacadh vacsaíní agus, ar an dóigh sin, go gcuideodh sé le cosc a chur ar ghalar arb é HBV is cúis leis, lena n‑áirítear ailse ae.

Dá bhrí sin, tá Moladh ón gComhairle á mholadh ag an gCoimisiún maidir le hailsí inchoiscthe trí vacsaíniú chun cuidiú le Ballstáit an Aontais na rioscaí ailse a bhaineann le hionfhabhtuithe le HPV agus HBV a chosc agus a laghdú trí bhorradh a chur faoi ghlacadh vacsaínithe HPV agus HBV.

Cuimsíodh an Moladh ón gComhairle atá beartaithe i gclár oibre an Choimisiúin 2023 4  aoi thosaíocht an Choimisiúin ‘Ár nDóigh Bheatha Eorpach a chur chun cinn’.

Is é is aidhm dó cuidiú le Ballstáit an Aontais Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 3 na Náisiún Aontaithe a bhaint amach: Saol folláine a áirithiú agus folláine a chur chun cinn do chách ag gach aois, Sprioc 3.3 go sonrach: ‘Faoi 2030, deireadh a chur le heipidéimí SEIF, eitinne, maláire agus galar trópaiceach a bhfuil siléig déanta iontu agus dul i ngleic le heipitíteas, galair uisce-iompartha agus galair theagmhálacha eile 5 .

Is féidir le vacsaíní HPV agus HBV araon cosc a chur ar ionfhabhtuithe víreasacha a d’fhéadfadh ailse a bheith mar thoradh orthu. Dá bhrí sin, tá na vacsaíní sin ríthábhachtach chun sláinte an duine aonair agus an tsláinte phoiblí a chosaint agus chun tacú le córais sláinte athléimneacha agus chothroma.

Oireann an dá cheann acu freisin do pheirspictíocht conaire saoil maidir le vacsaíniú atá á chur chun cinn ag an gCoimisiún ó glacadh an Moladh ón gComhairle in 2018 maidir le comhar neartaithe in aghaidh galair inchoiscthe trí vacsaíniú 6 . Sa Mholadh sin ón gComhairle, iarradh sraith gníomhaíochtaí 7 chun glacadh vacsaínithe ar feadh an tsaoil a mhéadú, lena náirítear Tairseach Faisnéise an Aontais um Vacsaíniú a bhunú 8 , áit ar féidir le daoine faisnéis fianaise-bhunaithe a fháil go héasca maidir le vacsaíniú agus vacsaíní, lena náirítear aoisghrúpaí sonracha. Seoladh feachtas faisnéise agus múscailte feasachta an Aontais maidir le vacsaíniú mar bheart chun galair a chosc, #UnitedInProtection 9 , ar féidir é a choigeartú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin agus ar riachtanais náisiúnta, i mí na Samhna 2022 agus mairfidh sé go dtí mí na Samhna 2024 ar a laghad.

Dírítear vacsaíniú HPV agus HBV ar ghrúpaí éagsúla sa daonra. Cuirtear vacsaíní HPV ar fáil do chailíní agus do bhuachaillí ógánacha agus réamhógánacha den chuid is mó, chomh maith le haosaigh óga mar chuid d’fheachtais spriocdhírithe vacsaínithe cúitimh. Cuirfear vacsaíní HBV ar fáil do líon mór grúpaí ilchineálacha sa daonra, idir naíonáin agus aosaigh ardriosca agus i ngrúpaí lena mbaineann míbhuntáiste corruair, amhail daoine a insteallann drugaí, pobail phríosúin, fir a mbíonn gnéas acu le fir, daoine trasinscneacha, imircigh, iarrthóirí tearmainn agus dídeanaithe ó thíortha ina bhfuil HBV endéimeach, chomh maith le gairmithe sláinte. Éilítear leis sin cuir chuige éagsúla chun glacadh leordhóthanach a áirithiú, lena n‑áirítear ó thaobh cumarsáide de.

Mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus na vacsaíní nua a chuir an Coimisiún 10 ar fáil agus a chuir Ballstáit an Aontais i bhfeidhm, cuireadh i dtábhacht an tábhacht a bhaineann le vacsaíniú mar uirlis bainistithe géarchéime, ach leis na bearta dianghlasála a chuir tíortha chun feidhme chun stop a chur le scaipeadh an víris, cuireadh isteach ar leanúnachas na ngnáthchlár vacsaínithe náisiúnta freisin. Ina theannta sin, leis an ‘bplá faisnéise’ a bhain leis an bpaindéim, triaileadh muinín daoine sa vacsaíniú toisc go raibh sé deacair idirdhealú a dhéanamh idir faisnéis chruinn agus faisnéis bhréagach. Rinneadh an cás sin níos measa mar gheall ar mhífhaisnéis agus ar bhréagaisnéis ar na meáin shóisialta agus ar mheáin eile chomh maith le mothúcháin ‘tuirse vacsaínithe’. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go mbainfidh na Ballstáit úsáid as saineolas idirdhisciplíneach chun dlús a chur leis na hiarrachtaí chun mífhaisnéis agus bréagaisnéis maidir le vacsaíní a chomhrac, mar a cuireadh i dtábhacht sna Conclúidí ón gComhairle maidir le vacsaíniú 11 arna nglacadh in 2022.

Tá faireachán ar rátaí cumhdaigh vacsaínithe tábhachtach chun bonn eolais a chur faoi idirghabhálacha a dhírítear ar ghlacadh vacsaínithe a mhéadú. Cé go bhfuil Córais Faisnéise Imdhíonta láraithe, daonra-láraithe ag roinnt de Ballstáit an Aontais chun faireachán a dhéanamh ar rátaí cumhdaigh vacsaínithe ina dtír, lena náirítear ar an leibhéal fonáisiúnta, tá faireachán ilroinnte i mBallstáit eile. Ina theannta sin, tuairiscíonn roinnt de Bhallstáit an Aontais fadhbanna i ndáil le sonraí vacsaínithe a bhailiú mar chuid den fhaireachán ar chláir vacsaínithe i gcomhthéacs an chur chuige náisiúnta i leith chur chun feidhme fhorálacha Rialachán Ginearálta an Aontais maidir le Cosaint Sonraí 12 ar féidir le Ballstáit an Aontais iad a shonrú a thuilleadh. Ó thaobh riaracháin eile de, díríonn roinnt de Bhallstáit an Aontais ar fhadhbanna sna nósanna imeachta náisiúnta maidir le toiliú tuismitheora a fháil chun mionaoisigh a vacsaíniú, rud a d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith aige ar an nglacadh.

Le linn phaindéim COVID-19, rinne an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) sonraí a bhailiú, a anailísiú agus a thaispeáint chun faireachán a dhéanamh ar an nglacadh vacsaínithe i dtíortha an Aontais agus i dtíortha an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (AE/LEE) trí Rianaire Vacsaíní COVID-19 13 . Léiríodh leis na sonraí an áit a raibh gá le tuilleadh gníomhaíocht sláinte poiblí chun rátaí cumhdaigh a mhéadú.

Ag tógáil ar an obair atá déanta cheana féin ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) chun faireachán a dhéanamh ar rátaí cumhdaigh vacsaínithe do na 53 thír i Réigiún Eorpach EDS, cuireadh de chúram ar ECDC faireachán a dhéanamh ar leibhéal an chumhdaigh vacsaínithe i mBallstáit an Aontais. Tá sé sin ina chuid den sainordú leathnaithe a tugadh do ECDC mar bhloc tógála don Aontas Sláinte Eorpach 14 . Ní féidir le ECDC, áfach, a chúram faireacháin a chur i gcrích ach amháin má tá sonraí iontaofa ar fáil ó thíortha.

Dírítear sa Mholadh ón gComhairle atá beartaithe ar thacaíocht a thabhairt do Bhallstáit an Aontais maidir le faireachán níos fearr a dhéanamh ar rátaí cumhdaigh vacsaínithe HPV agus HBV. Téann faireachán níos fearr ar ghlacadh vacsaíní HPV agus HBV, áfach, in éineacht le faireachán níos fearr ar ghlacadh na vacsaíní uile a chuimsítear i gcláir náisiúnta imdhíonta agus níor cheart déileáil leo ar leithligh ó sin.

Ualach ailse a bhaineann le HPV agus vacsaíniú HPV

Tuairiscíonn EDS gurb é HPV an tionfhabhtú víreasach is coitianta sa chonair atáirgthe is cúis le réimse riochtaí i mná agus i bhfear araon, lena náirítear loit réamhailseacha a bhfhéadfadh ailse a bheith mar thoradh orthu. Cé go bhfuil an chuid is mó de na hionfhabhtuithe le HPV aisiomptómach agus go réitíonn siad go spontáineach de ghnáth, bíonn galar mar thoradh ar chuid acu 15 .

Níl ach roinnt den bhreis agus 200 cineál HPV a sainaithníodh oncaigineach 16 , mar atá cineálacha HPV 16, 18, 31, 33, 35, 39, 45, 51, 52, 56, 58 agus 59. Tá na cineálacha HPV ardriosca seo freagrach, áfach, as beagnach gach cás ailse ceirbheacs. Tá siad nasctha go cúisíoch freisin le hailsí anaighinitiúla eile (ailse phite, ailse faighne, ailse phéinis agus ailse anasach) i mná agus i bhfir araon chomh maith le hailsí áirithe cloiginn agus muiníl, go háirithe ailsí béalfharaingeacha 17 .

I measc na gcineálacha HPV ardriosca, is ag HPV16 agus HPV18 atá an acmhainneacht oncaigineach is mó. Is é HPV16, an cineál is oncaiginí, agus an cineál is minice a bhraitear go comhsheasmhach in ailsí a bhaineann le HPV san Eoraip agus ar fud an domhain 18 . Tá baint ag na cineálacha HPV íseal-riosca 6 agus 11 le faithní anaighinitiúla agus le papalómatóis riospráide athfhillteach. Meastar go bhfuil thart ar 28 600 agus 13 700 cás ann ina bhfaigheann daoine bás mar gheall ar ailse ceirbheacs gach bliain i dtíortha an Aontais/LEE 19 . Tá 11.8 cás sna rátaí tarlaithe aoischaighdeánaithe (daonra ar an gcaighdeán Eorpach 2013) agus is 5.3 bás in aghaidh 100 000 bean atá sna rátaí básmhaireachta 20 . Ina theannta sin, i measc na nailsí cloiginn agus muiníl is ábhartha a bhaineann le HPV, meastar go raibh thart ar 19 700 cás d’ailsí béalfharaingeacha i dtíortha an Aontais/LEE in 2022, i bhfir den chuid ba mhó (thart ar 15 000) 21 . Cé go gcumhdaítear leis an bhfigiúr sin cásanna ailsí cloiginn agus muiníl go ginearálta, agus ní hamháin na hailsí a bhaineann le hionfhabhtú le HPV, chonacthas treochtaí atá ag méadú maidir le minicíocht ailsí cloiginn agus muiníl HPV-deimhneach go comhsheasmhach le deich mbliana anuas i gcoimhdeacht leis an laghdú ar úsáid tobac 22 . Ceaptar go bhfuil ról tábhachtach ag ionfhabhtuithe le HPV maidir le hailse bhéalfharaingeach ar fud an domhain 23 , go háirithe san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh 24 . Ar aon dul leis sin, tuairiscíonn Lárionaid na Stát Aontaithe um Ghalair a Rialú agus a Chosc go gceaptar go bhfuil HPV ina chúis le 70 % de na hailsí béalfharaingeacha sna Stáit Aontaithe 25 .

Molann Ballstáit uile an Aontais go ndéanfaí cailíní ógánacha agus réamhógánacha a vacsaíniú in aghaidh HPV, agus molann go leor acu go ndéanfaí buachaillí na n‑aoisghrúpaí sin a vacsaíniú freisin. I roinnt de Bhallstáit an Aontais, tá na moltaí á leathnú faoi láthair, trí fheachtais spriocdhírithe vacsaínithe cúitimh, chun aosánaigh óga nach bhfuair vacsaín le linn a n‑ógántachta nó a réamhógántacha nó nach bhfuil ach vacsaínithe go páirteach a chumhdach, lena n‑áirítear mar gheall ar na bearta dianghlasála a cuireadh i bhfeidhm le linn phaindéim COVID-19.

Tá trí vacsaín HPV ceadúnaithe san Aontas faoi láthair: vacsaín dhéfhiúsach ina bhfuil cáithníní cosúil le víreas de chineálacha HPV 16 agus 18, vacsaín HPV cheathairfhiúsach ina gcuimsítear cáithníní cosúil le víreas de chineálacha HPV 6, 11, 16 agus 18 agus vacsaín neamhfhiúsach ina bhfuil cáithníní cosúil le víreas de chineálacha HPV 6, 11, 16, 18, 31, 33, 45, 52 agus 58. Tá cáithníní i ngach vacsaín cosúil le víreas de chineálacha HPV 16 agus 18, na cineálacha HPV ardriosca a bhfuil an acmhainneacht oncaigineach is mó ag baint leo. Braitheann táirgí vacsaíní a úsáidtear i mBallstáit aonair an Aontais ar bheartais náisiúnta soláthair phoiblí.

Tá difríochtaí suntasacha idir na rátaí cumhdaigh ar fud an Aontais. Mar shampla, léirítear le sonraí maidir le glacadh vacsaínithe, cé go bhfuil níos mó ná 90 % de chailíní ógánacha agus réamhógánacha vacsaínithe i roinnt Ballstát de chuid an Aontais le dáileog amháin as an dá dháileog a theastaíonn do na haoisghrúpaí sin, go bhfuil an figiúr sin fós íseal, faoi bhun 50 %, i mBallstáit eile an Aontais 26 . Níl ach sonraí teoranta ar fáil faoi láthair maidir le glacadh vacsaínithe i mbuachaillí chomh maith le haosánaigh óga.

Sa Mholadh ón gComhairle atá beartaithe iarrtar bearta chun glacadh vacsaínithe HPV a mhéadú i measc cailíní agus buachaillí ógánacha agus réamhógánacha. Iarrtar leis freisin go ndéanfaí faireachán níos fearr ar ghlacadh vacsaínithe HPV, go ndúnfaí bearnaí sonraí agus go gcuirfí bonn eolais faoi ghníomhaíocht sláinte poiblí.

Ualach ailse a bhaineann le HBV agus vacsaíniú HBV

Is dúshlán sláinte domhanda é HBV, agus tá ionfhabhtú ainsealach leis an víreas ina chúis mhór le galar ainsealach ae, ciorróis agus ailse ae. Ar an leibhéal domhanda, meastar go bhfuil ionfhabhtuithe le víreas HBV agus le víreas Heipitíteas C (HCV) ina gcúis le 1.1 milliún bás in aghaidh na bliana 27 . Maidir le 2021, thuairiscigh 30 tír AE/LEE 16 187 ionfhabhtú le HBV nua-dhiagnóisithe, agus aicmítear cion mór díobh sin (43 %) mar ionfhabhtuithe ainsealacha 28 . Ar bhonn sonraí ó 2015, meastar go bhfuil ionfhabhtuithe le HBV agus HCV ar fud an Aontais/LEE agus na Ríochta Aontaithe freagrach as thart ar 55 % de na básanna go léir mar gheall ar ailse ae agus 45 % de na básanna go léir mar gheall ar chiorróis agus ar ghalar ainsealach ae eile agus go bhfaigheann thart ar 64 000 duine bás gach bliain mar thoradh orthu 29 .

D’fhéadfadh sé go dtarchuirfí HBV, ar víreas fuil-iompartha é, go himbhreithe ag an mbreith ó mháithreacha ionfhabhtaithe go leanaí (tarchur ingearach) nó trí chaidreamh collaí, instealladh neamhshábháilte drugaí, fuil éillithe nó táirgí fola, nó cleachtais fho-optamacha um chosc agus rialú ionfhabhtuithe i suíomhanna cúraim sláinte.

In ainneoin laghdú seasta ar mhinicíocht fhoriomlán HBV le himeacht ama mar gheall ar chláir vacsaínithe éifeachtacha agus straitéisí coisctheacha eile, meastar go bhfuil ionfhabhtú ainsealach le HBV ar thart ar 3.6 milliún duine i dtíortha an Aontais/LEE 30 . Le staidéir samhaltaithe 31 , tugtar le fios go bhféadfadh galracht agus mortlaíocht ghaolmhar ardú mura ndéantar na freagairtí a mhéadú a thuilleadh.

Ualach an ionfhabhtaithe le HBV i dtíortha AE/LEE, tá sé níos airde i roinnt grúpaí sa daonra a mbaineann ardriosca leo agus lena mbaineann míbhuntáiste corruair, lena náirítear daoine a insteallann drugaí, pobail phríosúin, fir a mbíonn gnéas acu le fir, daoine trasinscneacha, imircigh, iarrthóirí tearmainn agus dídeanaithe ó thíortha ina bhfuil HBV dúchasach, ná mar atá sa daonra i gcoitinne. Mar sin féin, tá caidreamh collaí heitrighnéasach fós ina bhealach coitianta HBV san Eoraip. Agus fiú má tá tarchur ingearach neamhchoitianta sa chuid seo den domhan faoi láthair, tá gá le straitéisí coiscthe mar go dtiocfaidh ionfhabhtú ainsealach ar an gcuid is mó de na naíonáin a bheidh ionfhabhtaithe go himbhreithe 32 .

Molann formhór Bhallstáit an Aontais go ndéanfaí gach leanbh a vacsaíniú in aghaidh HBV. Ina theannta sin, tá straitéisí éagsúla i bhfeidhm ag tíortha chun tarchur ingearach a chosc, lena n‑áirítear scagthástáil a dhéanamh ar mhná torracha le haghaidh antaiginí dromchla heipitíteas B (HBsAg), an chéad dáileog vacsaín HBV a thabhairt díobh laistigh de 24 uair an chloig ón mbreith (rud ar a dtugtar ‘dáileog bhreithe‘ freisin) agus próifiolacsas iartheagmhála do naíonáin a shaolaítear do mháithreacha atá ionfhabhtaithe le HBV.

Tá 12 vacsaín HBV údaraithe san Aontas, agus baineann siad go léir úsáid as HBsAg a asúitear ar aidiúvaigh alúmanaim. Cé go bhfuil vacsaín amháin údaraithe le húsáid i ngach aois, tá na cinn eile údaraithe le haghaidh aoisghrúpaí ar leith. Údaraítear ceithre vacsaín lena n‑úsáid i leanaí, agus tá antaiginí le haghaidh diftéire, teiteanais, treacha, polaimiailítis agus Haemophilus influenzae de chineál b i dtrí cinn díobh freisin. Sa bhreis ar an 12 vacsaín atá údaraithe san Aontas, tá dhá vacsaín eile ann nach bhfuil údaraithe ach go náisiúnta. Braitheann táirgí vacsaíní a úsáidtear i mBallstáit aonair an Aontais ar bheartais náisiúnta soláthair phoiblí.

In 2017, chuir EDS, sa phlean Gníomhaíochta maidir le freagairt na hearnála sláinte ar heipitíteas víreasach i Réigiún Eorpach EDS, an sprioc maidir le deireadh a chur le heipitíteas mar bhagairt don tsláinte poiblí ina Réigiún Eorpach faoi 2030 33 chun cinn. Mar sin féin, léirítear i sonraí ó 2021, bíodh is go bhfuil bearnaí iontu, gur gá feabhas a chur ar na rátaí cumhdaigh in go leor de Bhallstáit an Aontais fós chun spriocanna eatramhacha 2020 a bhaint amach fiú, spriocanna a shocraigh EDS maidir le 1) cumhdach 95 % le trí dháileog de vacsaín HBV i dtíortha ina gcuirtear vacsaíniú uilíoch don óige chun feidhme, agus 2) cumhdach 90 % le hidirghabhálacha chun tarchur ingearach (vacsaíniú dáileoige breithe HBV nó cineálacha cur chuige eile) a chosc 34 , gan trácht ar spriocanna 2030 maidir le 1) cumhdach vacsaínithe 95 % (an 3ú dáileog) de vacsaíniú HBV don óige, 2) scagthástáil a dhéanamh ar 95 % de mhná torracha le haghaidh HbsAg, agus 3) 95 % de naíonán nuabheirthe a fuair vacsaíniú dáileoige breithe HBV go tráthúil (laistigh de 24 uair an chloig ó bhreith) 35 .

Molann go leor de Bhallstáit an Aontais vacsaíniú freisin do ghrúpaí a bhfuil ardriosca ag baint leo agus grúpaí lena mbaineann míbhuntáiste uaireanta, amhail na cinn dá dtagraítear thuas, agus do ghairmithe sláinte. Tá bearnaí i sonraí maidir le glacadh vacsaínithe, áfach.

Sa Mholadh ón gComhairle atá beartaithe iarrtar bearta chun rochtain ar vacsaíniú HBV a mhéadú do gach grúpa sa daonra a moltar vacsaíniú dóibh chun glacadh vacsaínithe a mhéadú. Iarrtar leis freisin go ndéanfaí faireachán níos fearr ar ghlacadh vacsaínithe HBV, go ndúnfaí bearnaí sonraí agus go n‑éascófaí gníomhaíocht sláinte poiblí éifeachtúil sonraíbhunaithe.

Ag breathnú ar an todhchaí

Tá vacsaíní eile in aghaidh ailsí arb iad ionfhabhtuithe is cúis leo agus cinn nach ionfhabhtuithe is cúis leo á bhforbairt, lena náirítear tríd an ardán mRNA a úsáideadh freisin le haghaidh roinnt vacsaíní in aghaidh COVID-19. Tacaíonn Creatchlár Fís Eorpach (2021-2027) an Choimisiúin um Thaighde agus Nuálaíocht le taighde ar vacsaíní próifiolacsacha in aghaidh ailsí arb iad ionfhabhtuithe is cúis leo. Mar shampla tríd an tionscadal Vax2Muc 36 , a dhírítear ar an mbaictéar Helicobacter pylori a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le hailse boilg. Ina theannta sin, soláthraíonn Tascfhórsa Nuálaíochta na Gníomhaireachta Leighreasa Eorpaí (EMA) agus a scéim Prime tacaíocht d’fhorbairt cógas nuálach a dhírítear ar riachtanais leighis nach sásaítear. Amach anseo, d’fhéadfadh ról níos tábhachtaí fós a bheith ag vacsaíní próifiolacsacha in aghaidh ailsí arb iad ionfhabhtuithe is cúis leo ná mar atá acu sa lá atá inniu ann. Téann peirspictíochtaí den sórt sin thar raon feidhme an Mholta ón gComhairle atá beartaithe, áfach, agus ní thugtar aghaidh orthu sa Mholadh sin.

Gníomhaíochtaí tacaíochta ón gCoimisiún

Cuimsítear sa Mholadh ón gComhairle atá beartaithe moltaí do Bhallstáit an Aontais maidir le borradh a chur faoi ghlacadh vacsaínithe HPV agus HBV. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún sraith gníomhaíochtaí a chur i gcrích chun tacú le tíortha na moltaí a chur chun feidhme. Díreofar leis na gníomhaíochtaí sin, go háirithe, ar thacaíocht a thabhairt do Bhallstáit an Aontais chun cumarsáid a dhéanamh faoin tábhacht a bhaineann le vacsaíniú HPV agus HBV i bpeirspictíocht um chosc ailse agus faireachán níos fearr a dhéanamh ar ghlacadh vacsaínithe chun bonn eolais a chur faoi idirghabhálacha sláinte poiblí, ach rachfar níos faide ná na réimsí sin freisin.

Maidir leis an gcumarsáid, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún samhail a fhorbairt d’fheachtais múscailte feasachta a bheidh fianaise-bhunaithe maidir leis an tábhacht a bhaineann le vacsaíniú HPV agus HBV mar uirlisí chun ailse a chosc, a bheidh inoiriúnaithe do dhúshláin agus do riachtanais náisiúnta agus sainiúlachtaí náisiúnta á gcur san áireamh, agus le rannpháirtíocht na gcomhlachas páirtithe leasmhara ar an leibhéal Eorpach, lena n‑áirítear comhlachais gairmithe sláinte, agus contrapháirtithe náisiúnta, agus lena ngabhfar straitéis ionsuite chun leanúint le faireachán a dhéanamh ar mhífhaisnéis agus ar bhréagaisnéis a bhaineann go sonrach le hionfhabhtú le HPV agus vacsaíniú HPV agus dul i ngleic leo. Tá sé beartaithe aige freisin a iarraidh ar an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach agus ar ECDC cumarsáid a dhéanamh go tráthrialta maidir le torthaí athbhreithnithe agus staidéar nuashonraithe ar shábháilteacht agus ar éifeachtacht vacsaíní HPV agus HBV chun faisnéis cothrom le dáta a sholáthar agus chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna glactha bunaithe ar shábháilteacht san Aontas, lena n‑áirítear tríd Thairseach Faisnéise an Aontais um Vacsaíniú.

Maidir le faireachán, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún tacú le Ballstáit an Aontais cláir leictreonacha vacsaínithe a fhorbairt nó a uasghrádú i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, lena n‑áirítear trí chur chuige náisiúnta ar fud an Aontais a mhapáil agus trí chinn rathúla a phlé leis na Ballstáit. Tharlódh sé sin gan dochar do chúraimí na n‑údarás náisiúnta cosanta sonraí agus i ndáil le haon treoir ábhartha ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún freisin tacú le Ballstáit an Aontais cuíchóiriú a dhéanamh ar a nósanna imeachta um thoiliú tuismitheora maidir le mionaoisigh a vacsaíniú i ndáil le reachtaíocht náisiúnta sa réimse, lena n‑áirítear trí chuir chuige náisiúnta a roinnt agus a phlé. Thairis sin, tá sé i gceist ag an gCoimisiún, i gcomhar le ECDC, leanúint le treoir úrscothach a fhorbairt do Bhallstáit an Aontais i dtéarmaí cláir leictreonacha vacsaínithe a chruthú nó a uasghrádú lena n‑éascófar infhaighteacht sonraí ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal fonáisiúnta agus ar féidir sonraí arna dtaifeadadh ag soláthraithe vacsaíní éagsúla a aistriú chucu go héasca, chun feabhas a chur ar an bhfaireachán ar rátaí cumhdaigh vacsaínithe agus é a neartú, lena n‑áirítear le haghaidh vacsaíniú HPV agus HBV. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún freisin a iarraidh, faoi dheireadh 2024, go dtaispeánfaidh ECDC na sonraí náisiúnta atá ar fáil maidir le rátaí cumhdaigh HPV agus HBV i mBallstáit an Aontais i ndeais thiomnaithe mar aon le modheolaíochtaí agus spriocanna faireacháin náisiúnta atá le baint amach.

Sa bhreis ar chumarsáid agus faireachán, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún tacú le huirlisí samhaltaithe agus anailís a fhorbairt chun meastachán a dhéanamh ar an gcostéifeachtúlacht maidir le hailsí arb é ionfhabhtú le HPV agus HBV is cúis leo a chosc le vacsaíniú, chun tacú le Ballstáit an Aontais ina gcinnteoireacht maidir le comhtháthú na gcineálacha vacsaínithe sin ina gcláir náisiúnta imdhíonta agus ina gcláir náisiúnta um ailse a chosc. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún freisin taighde, forbairt agus nuálaíocht a chur chun cinn a thuilleadh i ndáil le vacsaíní HPV agus HBV, lena náirítear tríd an gclár Fís Eorpach agus na cláir a thiocfaidh ina dhiaidh. Agus tá sé beartaithe aige tacú a thuilleadh le gníomhaíocht chun vacsaíniú HPV agus HBV a chur chun cinn ar an leibhéal domhanda, lena náirítear i dtéarmaí cinntithigh iompraíochta maidir le glacadh vacsaíní a shainaithint agus aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar vacsaíniú, ag obair le comhpháirtithe idirnáisiúnta, amhail EDS, an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) agus Ciste na Náisiún Aontaithe do Leanaí (UNICEF). Ar deireadh, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún, i gcomhréir lena chur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte 37 , agus Straitéis an Aontais maidir le Cearta an Linbh 38 agus an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí 39 á gcur san áireamh, foireann uirlisí um chosc a fhorbairt lena dtabharfar aghaidh ar na naisc idir an mheabhairshláinte agus an tsláinte coirp, lena náirítear sláinte coirp a bhaineann le vacsaíniú, i leanaí agus, ar an dóigh sin, tionchar a imirt ar na blianta is leochailí agus is foirmithí dá saol.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún na gníomhaíochtaí tacaíochta ar fad a chur chun feidhme i ndlúthchomhar le Ballstáit an Aontais.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Comhlánaítear leis an Moladh ón gComhairle atá beartaithe gníomhaíochtaí eile i gcomhthéacs an Phlean Ailse. Is iad sin, go sonrach, an Cód Eorpach in aghaidh na hAilse, lena niarrtar freisin glacadh méadaithe an vacsaínithe HPV, Scéim Scagtha Ailse an Aontais lena réamhmheastar go ndéanfar moltaí maidir le scagthástáil agus treoirlínte nua a nuashonrú mar aon le scéimeanna dearbhaithe cáilíochta agus áirítear leo an Moladh ón gComhairle le déanaí maidir leis an gcosc a neartú trí aimsiú luath: cur chuige nua an Aontais maidir le scagthástáil ailse 40 agus an Chlárlann Eorpach um Neamhionannais Ailse 41 . Comhlánaítear leis an tionscnamh freisin – agus i ndáil le HPV, tógann sé go díreach ar – an ghníomhaíocht chomhpháirteach PartnERship to Contrast HPV (PERCH) 42 . Mar a fógraíodh sa Phlean Ailse, tá clár EU4Health agus ionstraimí eile de chuid an Aontais ina bpríomhuirlisí chun tacaíocht a sholáthar do Bhallstáit an Aontais maidir lena niarrachtaí ailse a chomhrac.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Chomh maith le gníomhaíochtaí eile a chomhlánú i gcomhthéacs an Phlean Ailse, tógann an Moladh ón gComhairle atá beartaithe ar thionchar na ngníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme bunaithe ar an Moladh ón gComhairle 2018 thuasluaite maidir le comhar neartaithe in aghaidh galair inchoiscthe trí vacsaíniú agus méadaítear an tionchar sin leis, lena náirítear na cinn arna gcur chun feidhme leis an nGníomh Comhpháirteach Eorpach maidir le Vacsaíniú 43 , a mhair ó 2018 go 2022. Baintear leas sa tionscnamh freisin as gníomhaíochtaí a bhaineann le vacsaíniú faoin gclár EU4Health, lena náirítear an tionscadal ‘Bacainní ar Vacsaíniú a Shárú 44 ’ maidir le conas bacainní ar vacsaíniú de chineál fisiceach, praiticiúil nó riaracháin a laghdú trí chleachtais eiseamláireacha i mBallstáit an Aontais a shainaithint trí Thairseach Dea-Chleachtais an Choimisiúin 45 agus trí na cleachtais sin a phíolótú i dtíortha leasmhara.

Comhlánaítear leis an Moladh ón gComhairle atá beartaithe freisin Straitéis an Aontais maidir le Cearta an Linbh 46 agus an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí 47 , ina bhfuil rochtain ar vacsaíniú ina príomhghné i dtéarmaí an cirt chun cúraim sláinte a áirithiú do gach leanbh. Ina theannta sin, tacaíonn an tionscnamh le cosaint sláinte leanaí agus daoine óga sna blianta is leochailí agus is foirmithí dá saol, mar a luaitear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte 48 lena néilítear cur chuige iomlánaíoch i leith na sláinte i gcoitinne agus na meabhairshláinte go háirithe, lena náirítear rochtain ar chúram sláinte coisctheach, amhail vacsaíniú.

2.    BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra seo le haghaidh Moladh ón gComhairle bunaithe ar Airteagal 168(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ar dá réir a fhéadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, moltaí a ghlacadh chun na gcríoch a leagtar amach san Airteagal sin maidir le feabhas a chur ar an tsláinte phoiblí. De réir Airteagal 168(1) CFAE, ní mór beartais náisiúnta a chomhlánú le gníomhaíocht an Aontais agus ní mór í a dhíriú ar an tsláinte phoiblí a fheabhsú, ar thinneas agus ar ghalair choirp agus mheabhrach a chosc, agus ar fhoinsí contúirte don tsláinte coirp agus mheabhrach a sheachaint. Is é is aidhm don Mholadh ón gComhairle atá beartaithe tacú le Ballstáit an Aontais le haghaidh a thabhairt ar na rioscaí ailse a bhaineann le hionfhabhtuithe le HPV agus HBV trí ghlacadh vacsaínithe a mhéadú agus trí rochtain ar vacsaíniú a áirithiú.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Tá beartais, cláir agus seirbhísí vacsaínithe ina n‑inniúlacht agus ina bhfreagracht náisiúnta. Mar sin féin, ní mhiste le hionfhabhtuithe víreasacha, lena n‑áirítear na cinn is cúis le hailsí, faoi theorainneacha, agus tá dúshláin sláinte poiblí os comhair Bhallstáit uile an Aontais san réimse. Dá bhrí sin, is léir go mbaineann breisluach le haghaidh a thabhairt ar ailsí inchoiscthe trí vacsaíniú le sraith moltaí ar leibhéal an Aontais.

Comhréireacht

Cuirtear san áireamh sa togra seo le haghaidh Moladh ón gComhairle nach mór gníomhaíocht an Aontais, nach mór, mar a leagtar amach in Airteagal 168 de CFAE, beartais náisiúnta a chomhlánú léi (lena n‑áirítear beartais maidir le vacsaíniú), a dhíriú ar an tsláinte phoiblí a chosaint. Mar a luadh thuas, is é is aidhm don tionscnamh tacú le Ballstáit an Aontais le haghaidh a thabhairt ar na rioscaí ailse a bhaineann le hionfhabhtuithe le HPV agus HBV trí ghlacadh vacsaínithe a mhéadú agus trí rochtain ar vacsaíniú a áirithiú. Urramaítear go hiomlán leis an togra gur inniúlacht agus freagracht náisiúnta é an vacsaíniú agus ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóirí a bhaint amach.

An rogha ionstraime

Leis an ionstraim a roghnaítear don tionscnamh seo, is é sin togra le haghaidh Moladh ón gComhairle, urramaítear prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta go hiomlán, lena dtugtar an deis do Bhallstáit an Aontais a gcur chuige a chur in oiriúint do na riachtanais náisiúnta.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Tionscnamh nua is ea an togra seo le haghaidh Moladh ón gComhairle. Dá bhrí sin, ní dhearnadh meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Bailíodh ionchur don Mholadh ón gComhairle atá beartaithe trí ghlao ar fhianaise ar ‘Cosc ar ailse – gníomhaíocht chun vacsaíniú in aghaidh víris is cúis le hailse a chur chun cinn’ 49 , a mhair ón 9 Eanáir 2023 go dtí an 6 Feabhra 2023. As 367 bhfreagra ar an iomlán a fuarthas, bhí 331 díobh bailí. As na 331 freagra bailí, tháinig 300 freagra ó shaoránaigh an Aontais.

Bailíodh ionchur freisin trí chomhairliúcháin spriocdhírithe de phríomhghrúpaí páirtithe leasmhara cé is moite de shaoránaigh an Aontais, amhail ionadaithe ó Bhallstáit an Aontais, Eagraíochtaí Neamhrialtasacha Eorpacha agus saineolaithe a bhfuil páirt á glacadh acu i dtionscadail arna maoiniú ag an Aontas. Rinneadh na comhairliúcháin spriocdhírithe ó mhí Feabhra 2023 go dtí mí Aibreáin 2023. Mar chuid de na gníomhaíochtaí comhairliúcháin sin, reáchtáladh Seimineár Gréasáin tiomnaithe do Pháirtithe Leasmhara maidir leis an tionscnamh ar Ardán Beartais Sláinte an Choimisiúin 50 an 23 Márta 2023.

fuarthas 300 freagra ó shaoránaigh an Aontais. In 260 de na freagraí sin, chuir daoine imní in iúl maidir leis an tionscnamh, imní a bhí dírithe ar an easpa sábháilteachta a mheastar a bhaineann le vacsaíniú i gcoitinne. Mar sin féin, tháinig beagnach gach freagra ar bhain imní leo ó shaoránaigh an Aontais ó Bhallstát amháin de chuid an Aontais nach bhfuil ach 1 % de mhéid dhaonra an Aontais ann. Ina theannta sin, bhí na freagraí ar bhain imní leo mar an gcéanna, cé nach raibh siad díreach mar an gcéanna, agus tugtar feachtas comhordaithe le fios leis sin lena gcuirfear seasamh chun cinn nach gá go bhfuil sé ionadaíoch do shaoránaigh an Aontais ach go n‑athdhearbhaítear leis an gá le muinín an phobail i vacsaíní a mhéadú, lena n‑áirítear trí insintí bréagacha a bhréagnú.

Bhí dearcadh dearfach ag na príomhghrúpaí páirtithe leasmhara cé is moite de shaoránaigh an Aontais i leith an tionscnaimh. Chuir páirtithe leasmhara i dtábhacht an tábhacht a bhaineann le vacsaíniú HPV agus HBV a chomhtháthú i gcláir náisiúnta imdhíonta. Ina theannta sin, chuir páirtithe leasmhara i dtábhacht go bhfuil gá le faireachán feabhsaithe ar rátaí cumhdaigh vacsaínithe chun bonn eolais a chur faoi ghníomhaíocht sláinte poiblí a dhírítear ar ghlacadh a mhéadú ar bhealach níos fearr. Thairis sin, d’iarr páirtithe leasmhara ar an gCoimisiún comhordú a dhéanamh ar iarrachtaí Bhallstáit an Aontais an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí a chur chun feidhme i ndáil le sonraí vacsaínithe a bhailiú toisc go gcruthaítear fadhbanna leis an gcur chuige náisiúnta i roinnt tíortha. Chuir siad i dtábhacht freisin go bhféadfadh breisluach a bheith i gceist maidir le clárlanna vacsaínithe agus ailse a chomhordú, lena n‑áirítear chun cost‑éifeachtúlacht na gclár scagthástála ailse a mhéadú faoi dheireadh. Chuir páirtithe leasmhara i dtábhacht freisin an tábhacht a bhaineann le muinín an phobail i vacsaíní a mhéadú, lena n‑áirítear trí fhaireachán a dhéanamh ar mhífhaisnéis agus ar bhréagaisnéis agus aghaidh a thabhairt orthu, agus an tábhacht a bhaineann le rochtain éasca ar vacsaíniú a áirithiú, lena n‑áirítear trí vacsaíniú a sholáthar saor in aisce dóibh siúd a moltar vacsaíniú dóibh. Luaigh roinnt páirtithe leasmhara fadhbanna maidir leis na nósanna imeachta náisiúnta chun toiliú tuismitheora a fháil chun mionaoisigh a vacsaíniú, rud a d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith aige ar an nglacadh. Luaigh roinnt páirtithe leasmhara fadhbanna soláthair freisin agus chuir siad i dtábhacht an tábhacht a bhaineann le soláthar leordhóthanach vacsaíní. Moladh go bhféadfadh an Coimisiún comhroinnt dea-chleachtas a éascú chun glacadh vacsaínithe a mhéadú.

Go sonrach maidir le vacsaíniú HPV, mhol páirtithe leasmhara an méid seo a leanas: 1) vacsaíniú a chur ar fáil saor in aisce mar chuid de chláir náisiúnta imdhíonta; 2) vacsaíniú (freisin) a chur ar fáil i scoileanna/i suíomhanna oideachais; 3) feachtais spriocdhírithe vacsaínithe cúitimh a chur i gcrích agus/nó aoisghrúpaí incháilithe a leathnú i ndiaidh phaindéim COVID-19; 4) cur le heolas an phobail faoi na rioscaí ailse a bhaineann le hionfhabhtú le HPV do chailíní agus do bhuachaillí agus ar an tábhacht a bhaineann le vacsaíniú HPV don dá inscne; agus 5) iarrachtaí cumarsáide a dhíghnéasú, lena gcuirfear chun cinn, in éineacht le gairmithe sláinte agus/nó lucht tionchair óige, vacsaíniú HPV mar uirlis coiscthe ailse chomh maith le bheith ina uirlis do shláinte ghnéasach/atáirgthe.

D’iarr páirtithe leasmhara ar an gCoimisiún freisin fiosrú a dhéanamh ar athmheasúnú féideartha ar na coinníollacha maidir le húdarú margaíochta i ndáil leis na vacsaíní HPV atá ar mhargadh an Aontais faoi láthair chun sceideal aon dáileoige amháin a cheadú, toisc go bhféadfaí costais a laghdú leis sin do Bhallstáit an Aontais agus nós imeachta aonchéime a dhéanamh den vacsaíniú, rud a d’fhéadfadh an glacadh i measc grúpaí faoi mhíbhuntáiste a mhéadú. Moladh sprioc shonrach a shainiú do chéatadán spriocdhaonra buachaillí an Aontais ar cheart iad a vacsaíniú faoi 2030, i gcomhthráth leis an sprioc do chailíní.

Go sonrach maidir le HBV, mhol páirtithe leasmhara an méid seo a leanas: 1) vacsaíniú a chur ar fáil saor in aisce do gach grúpa incháilithe sa daonra, agus freastal ar ghrúpaí ardriosca agus ar ghrúpaí i gcásanna lena mbaineann míbhuntáiste corruair, amhail daoine a insteallann drugaí, pobail phríosúin, fir a mbíonn gnéas acu le fir, daoine trasinscneacha agus imircigh ó thíortha ina bhfuil HBV eindéimeach; agus 2) feachtais spriocdhírithe vacsaínithe cúitimh a dhéanamh i ndiaidh phaindéim COVID-19. D’iarr páirtithe leasmhara staidéir freisin chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo spriocanna díothaithe heipitíteas EDS, lena n‑áirítear na cinn a bhaineann le vacsaíniú leanaí agus le tarchur ingearach HBV a chosc.

Rinneadh anailís ar na tuairimí a chuir páirtithe leasmhara chun cinn agus cuireadh san áireamh sa tionscnamh iad a mhéid is féidir. Measadh go raibh na gnéithe seo a leanas an‑ábhartha chun a chuspóirí a bhaint amach:

rochtain éasca ar vacsaíniú a áirithiú, agus béim ar leith ar ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste;

muinín an phobail i vacsaíní a mhéadú, lena náirítear trí fhaireachán a dhéanamh ar mhífhaisnéis agus ar bhréagaisnéise agus aghaidh a thabhairt orthu;

feabhas a chur ar fhaireachán ar rátaí cumhdaigh vacsaínithe chun bonn eolais níos fearr a chur faoi idirghabhálacha, lena náirítear trí fhadhbanna a bhíonn ag roinnt de Bhallstáit an Aontais i ndáil le sonraí vacsaínithe a bhailiú i gcomhthéacs an chur chuige náisiúnta i leith chur chun feidhme fhorálacha an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí ar féidir le Ballstáit an Aontais iad a shonrú a thuilleadh;

cuíchóiriú a dhéanamh ar na nósanna imeachta um thoiliú tuismitheora maidir le mionaoisigh a vacsaíniú i ndáil le reachtaíocht náisiúnta sa réimse;

vacsaíniú a chomhtháthú i gcláir um ailse a chosc, ar an leibhéal oibríochtúil ach freisin chun cumarsáid chomhtháite sláinte a sholáthar maidir le hailse a chosc;

clárlanna vacsaínithe agus clárlanna ailse a chomhordú, lena náirítear chun costéifeachtúlacht na gclár scagthástála a mhéadú faoi dheireadh;

comhroinnt dea-chleachtas.

A mhéid a bhaineann le hathmheasúnú féideartha ar na coinníollacha maidir le húdarú margaíochta na vacsaíní HPV atá ar mhargadh an Aontais faoi láthair, ba cheart a thabhairt faoi deara gur féidir a mheas go bhfuil sceideal aon dáileoige amháin níos ábhartha i gcás ina bhfuil ganntanas ginearálta vacsaíní ann nach bhfuil amhlaidh laistigh den Aontas. Cuireadh glao páirtithe leasmhara ar staidéir chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo spriocanna díothaithe heipitítis EDS, lena n‑áirítear na cinn a bhaineann le vacsaíniú leanaí agus tarchur ingearach HBV a chosc, san áireamh a mhéid atá ECDC ag tacú le tíortha cheana féin le faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo na spriocanna sin.

Chomh maith leis na gníomhaíochtaí comhairliúcháin a bhaineann go díreach leis an Moladh seo ón gComhairle atá beartaithe, cuireadh bonn eolais faoi leis an gcomhairliúchán poiblí, na comhairliúcháin spriocdhírithe agus gníomhaíochtaí comhairliúcháin eile a rinneadh i ndáil leis an bPlean Ailse 51 . Ba iad na hiarrachtaí ilghnéitheacha chun ailse a chosc agus leanaí agus daoine óga a chosaint ar ailsí a d’fhéadfadh tarlú níos déanaí sa saol na gnéithe ba thábhachtaí dóibh siúd a raibh ionchur acu sna gníomhaíochtaí comhairliúcháin sin. Aithníodh vacsaíniú, mar shampla in aghaidh HPV agus HBV, mar ardtosaíocht freisin.

Bailiú agus úsáid saineolais

Chun ullmhú don tionscnamh beartais seo, sheol an Coimisiún, in earrach 2022, iarraidh fhoirmiúil chuig ECDC, agus é ag obair le EMA agus leis an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (EMCDDA), ar ionchur eolaíoch ar HPV agus HBV, ionchur dírithe ar vacsaíniú. Chuathas i gcomhairle le ECDC, EMA agus EMCDDA nuair a bhí an togra á ullmhú go hiarbhír. Chuir na hionchuir ó ECDC, EMA agus EMCDDA le bonn eolaíoch an tionscnaimh.

   Measúnú tionchair

Ní dhearnadh measúnú tionchair toisc go dtugtar le tuiscint le Moladh ón gComhairle go bhfuil bearta neamhcheangailteacha ann agus tabharfaidh sé deis do Bhallstáit an Aontais a gcur chuige a chur in oiriúint do na riachtanais náisiúnta.

   Oiriúnacht rialála agus simpliú

Neamhbhainteach.

Cearta bunúsacha

Mar a luadh thuas, comhlánaítear leis an tionscnamh beartais seo Straitéis an Aontais maidir le Cearta an Linbh agus an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí, ina bhfuil rochtain ar vacsaíniú ina príomhghné i dtéarmaí an cirt chun cúraim sláinte a áirithiú do gach leanbh.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní chruthófar aon tionchar buiséadach don Choimisiún leis an tionscnamh beartais seo.

5.GNÉITHE EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún a iarraidh ar Bhallstáit an Aontais faisnéis a sholáthar go rialta ionas gur féidir faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na moltaí atá sa Mholadh ón gComhairle atá beartaithe. Tá sé beartaithe déanamh amhlaidh tríd an nGrúpa Saineolaithe um Shláinte Phoiblí a bunaíodh in 2022 52 . Tá foghrúpa ag an ngrúpa saineolaithe sin maidir le vacsaíniú agus foghrúpa maidir le hailse.

Dírítear na moltaí do Bhallstáit an Aontais ar bhaint amach na naidhmeanna agus na spriocanna do 2030 a leagtar síos do rátaí cumhdaigh vacsaínithe HPV agus HBV sa Phlean Ailse agus ag EDS 53 faoi seach.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo rátaí cumhdaigh vacsaínithe HPV agus HBV trína iarraidh, faoi dheireadh 2024, go dtaispeánfaidh ECDC na sonraí náisiúnta atá ar fáil maidir le rátaí cumhdaigh vacsaínithe HPV agus HBV i mBallstáit an Aontais i ndeais thiomnaithe mar aon le modheolaíochtaí agus spriocanna faireacháin náisiúnta atá le baint amach. Bhainfeadh táscairí dul chun cinn le rátaí cumhdaigh vacsaínithe i dtíortha. Bheadh leibhéal iomláine na sonraí a thaispeánann an ECDC ag brath ar fhaireachán agus ar thuairisciú rátaí cumhdaigh vacsaínithe ag Ballstáit an Aontais. D’fhéadfadh sé feabhsú de réir mar a neartófar córais faireacháin náisiúnta trí mholtaí aonair gaolmhara sa tionscnamh a chur chun feidhme.

Dhéanfaí an tuairisciú ar chur chun feidhme moltaí do Bhallstáit an Aontais trí nuashonruithe chuig Bhallstáit an Aontais sa Ghrúpa Saineolaithe um Shláinte Phoiblí i ndiaidh 4 bliana agus arís in 2030.

Tá sé beartaithe go leanfar leis an tuairisciú agus leis an bhfaireachán go dtí 2030.

Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Neamhbhainteach.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Neamhbhainteach.

2024/0024 (NLE)

Togra le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le hailsí inchoiscthe trí vacsaíniú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 168(6) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) Faoi Airteagal 168 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá ardleibhéal cosanta le haghaidh shláinte an duine le háirithiú agus beartais agus gníomhaíochtaí uile an Aontais á sainmhíniú agus á gcur chun feidhme. Déanfar gníomhaíocht an Aontais, de chomhlánú ar na beartais náisiúnta, a dhíriú ar fheabhsú na sláinte poiblí, ar chosc tinnis agus galair choirp agus mheabhrach, agus ar sheachaint foinsí contúirte don tsláinte idir chorp agus mheabhrach, lena náirítear ailse.

(2)Tá beartais, cláir agus seirbhísí vacsaínithe faoi inniúlacht agus faoi fhreagracht na mBallstát. Mar sin féin, tacaíonn an Coimisiún le hiarrachtaí náisiúnta agus déanann sé iad a chomhordú mar gheall ar chineál trasteorann na ngalar inchoiscthe trí vacsaíniú. Déanann sé é sin, i measc nithe eile, trí iarrachtaí cumarsáide amhail Tairseach Faisnéise an Aontais um Vacsaíniú a bhunú, áit ar féidir le daoine faisnéis iontaofa a fháil faoi vacsaíniú agus vacsaíní, agus feachtais faisnéise agus múscailte feasachta a fhorbairt, amhail an feachtas leanúnach #UnitedInProtection, atá inoiriúnaithe do dhúshláin agus do riachtanais náisiúnta.

(3)Is féidir roinnt cineálacha ailsí, is iad sin ailsí arb iad Papalómaivíris Dhaonna (HPV) agus víreas Heipitíteas B (HBV) is cúis leo, a chosc trí vacsaíniú. Tá an vacsaíniú fós ar cheann de na bearta sláinte poiblí is cumhachtaí agus is éifeachtúla atá ar fáil do na Ballstáit.

(4)I bPlean Sáraithe Ailse na hEorpa 2021 54 (an Plean Ailse), chuir an Choimisiún an cuspóir ar aghaidh go ndéanfar 90 % ar a laghad de spriocdhaonra cailíní an Aontais a vacsaíniú go hiomlán in aghaidh HPV agus méadú suntasach a dhéanamh ar vacsaíniú buachaillí in aghaidh HPV faoi 2030. Ina theannta sin, d’fhógair an Coimisiún go gcuideodh sé le rochtain ar vacsaíniú in aghaidh HBV a áirithiú d’fhonn glacadh vacsaíní a mhéadú.

(5)Tá Córais Faisnéise Imdhíonta láraithe, daonra-láraithe i bhfeidhm ag roinnt Ballstát chun faireachán a dhéanamh ar rátaí cumhdaigh vacsaínithe ina dtír, lena náirítear ar an leibhéal fonáisiúnta. Tá an faireachán ilroinnte i mBallstáit eile, áfach, agus tuairiscíonn cuid de na tíortha fadhbanna maidir le sonraí vacsaínithe a bhailiú mar chuid den fhaireachán ar chláir vacsaínithe i gcomhthéacs an chur chuige náisiúnta i leith Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 55 , Rialachán Ginearálta an Aontais maidir le Cosaint Sonraí.

(6)Bhí fadhbanna ag roinnt Ballstát maidir leis na nósanna imeachta náisiúnta chun toiliú tuismitheora a fháil chun mionaoisigh a vacsaíniú, rud a d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith aige ar an nglacadh.

(7)Le haon phróiseáil a dhéanann na Ballstáit ar shonraí pearsanta chun críocha vacsaínithe, ba cheart cloí le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí, go háirithe an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, agus béim á leagan ar na forálacha lena rialaítear próiseáil catagóirí speisialta sonraí pearsanta de réir bhrí Airteagal 9 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Féadfaidh na Ballstáit na forálacha sin a shonrú a thuilleadh.

(8)Tá sé beartaithe tacaíocht an Aontais a thabhairt do na Ballstáit chun cláir leictreonacha vacsaínithe a fhorbairt nó a uasghrádú i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, gan dochar do chúraimí na núdarás náisiúnta cosanta sonraí agus i ndáil le haon treoir ábhartha ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí, chomh maith le cuíchóiriú a dhéanamh ar na nósanna imeachta um thoiliú tuismitheora, i ndáil le reachtaíocht náisiúnta sa réimse. Dhéanfaí sé sin, i measc nithe eile, trí chur chuige náisiúnta ar fud an Aontais a mhápáil agus trí chuir chuige rathúla a phlé leis na Ballstáit.

(9)Is féidir le hailse ceirbheacs i measc ban a bheith mar thoradh ar ionfhabhtú le HPV. San Aontas agus sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), bíonn thart ar 28 600 cás d’ailse ceirbheacs ann gach bliain agus faigheann 13 700 duine bás mar gheall ar ailse ceirbheacs gach bliain 56 . Is féidir le hailsí anaighinitiúla eile a bheith mar thoradh ar ionfhabhtú le HPV i mná agus i bhfir (ailse phite, ailse faighne, ailse phéinis agus ailse anasach) chomh maith le hailsí cloiginn agus muiníl, amhail ailsí béalfharaingeacha, a raibh thart ar 19 700 cás díobh san Aontas agus in LEE in 2022, i bhfir den chuid ba mhó (thart ar 15 000) 57 .

(10)Cé gur féidir le scagthástáil rioscabhunaithe i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle maidir leis an gcosc a neartú trí aimsiú luath: cur chuige nua an Aontais maidir le scagthástáil ailse 58 is féidir cuidiú le hailse ceirbheacs i measc ban a chosc, níl aon chlár scagthástála ardchaighdeáin ar fáil faoi láthair i ngach Ballstát agus i dtíortha LEE do mhná chun ailsí eile de bharr ionfhabhtú le HPV a chosc. Agus go dtí seo, níl aon scagthástáil eagraithe le haghaidh ailsí den sórt sin ar fáil d’fhir.

(11)Le vacsaíniú in aghaidh HPV mar chuid de chláir náisiúnta imdhíonta, soláthraítear tairbhe chun ailsí i mná agus i bhfir a chosc.

(12)Molann na Ballstáit go léir go ndéanfaí cailíní ógánacha agus réamhógánacha a vacsaíniú in aghaidh HPV. Molann go leor Ballstát é freisin do bhuachaillí na naoisghrúpaí sin, agus tá cuid de na tíortha ag leathnú na moltaí chun aosánaigh óga nach bhfuair vacsaín nó vacsaín iomlán le linn a nógántachta nó a réamhógántachta a chumhdach, trí fheachtais spriocdhírithe vacsaínithe cúitimh.

(13)Léirítear le sonraí maidir le glacadh vacsaínithe, cé go bhfuil níos mó ná 90 % de chailíní ógánacha nó réamhógánacha vacsaínithe i gcúpla Ballstát le dáileog amháin as an dá dháileog a theastaíonn do na haoisghrúpaí sin 59 , go bhfuil an figiúr sin fós íseal, faoi bhun 50 %, i mBallstáit eile 60 . Níl ach sonraí teoranta ar fáil faoi láthair maidir le glacadh vacsaínithe i mbuachaillí agus i gcás aosánaigh óga.

(14)Tá muinín an phobail i vacsaíní HPV ag titim ar fud an Aontais, go háirithe i measc daoine óga. Cé go bhfuil muinín i measc gairmithe sláinte sna vacsaíní seo ard ar an iomlán, tá sé éagsúil idir na Ballstáit 61 .

(15)Ba cheart dul i ngleic le saincheisteanna muiníne i ndáil le vacsaíniú HPV trí aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní leanúnacha sábháilteachta chomh maith leis an mbarúil go bhfuil riosca íseal ann go dtiocfaidh ailse ar dhaoine mar gheall ar ionfhabhtú in aghaidh HVP. Ba cheart aghaidh a thabhairt freisin ar an tearcmheastachán ar an tábhacht a bhaineann le vacsaíniú HPV mar uirlis chun ailse a chosc, go háirithe i measc buachaillí agus a dtuismitheoirí, trí iarrachtaí cumarsáide leanúnacha agus trí fhaireachán a dhéanamh ar mhífhaisnéis agus ar bhréagaisnéis a bhaineann le hionfhabhtú le HPV agus vacsaíniú HPV agus aghaidh a thabhairt orthu.

(16)Ba cheart aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna rochtana maidir le vacsaíniú HPV trí vacsaíniú saor in aisce a chur ar fáil i scoileanna agus i suíomhanna oideachais, agus trí iarrachtaí spriocdhírithe, lena náirítear trí oibriú le gairmithe sláinte, le cumainn áitiúla agus le daoine iontaofa ar leibhéal an phobail, chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní struchtúracha agus chun glacadh vacsaínithe HVP a mhéadú i measc cailíní agus buachaillí ógánacha agus réamhógánacha a bhaineann le grúpaí faoi mhíbhuntáiste, amhail imircigh, iarrthóirí tearmainn agus dídeanaithe, daoine easáitithe ón Úcráin, Romaigh, daoine faoi mhíchumas agus daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha, idirghnéasacha agus aiteacha (LGBTIQ).

(17)In 2022, seoladh an ghníomhaíocht chomhpháirteach PartnERship to Contrast HPV (Perch) 62 , inar tugadh le chéile tíortha Eorpacha chun ailsí a chomhrac de bharr ionfhabhtú le HPV ó raon leathan dearcthaí.

(18)Le cur chuige comhordaithe maidir le hailse a bhaineann le HPV a chosc ar fud an Aontais, ag tógáil ar an sprioc a cuireadh chun cinn sa Phlean Ailse chomh maith leis an obair a rinneadh leis an ngníomhaíocht chomhpháirteach PartnERship to Contrast HPV (Perch), agus cásanna aonair na mBallstát i dtéarmaí ualach ailse ó ionfhabhtú le HPV á gcur san áireamh, d’fhéadfaí borradh a chur faoi iarrachtaí náisiúnta sa réimse. D’fhéadfaí cuidiú leis sin trí sprioc shonrach a shainiú do chéatadán spriocdhaonra buachaillí an Aontais ar cheart iad a vacsaíniú faoi 2030 ar chúiseanna sláinte poiblí agus comhionannais inscne.

(19)Is féidir le hionfhabhtú le HBV a bheith ainsealach agus d’fhéadfadh galar ainsealach ae, ciorróis agus ailse ae teacht as. Maidir le 2021, thuairiscigh 30 Ballstát agus tír LEE 16 187 ionfhabhtú le HBV nua-dhiagnóisithe, agus aicmítear cion mór díobh sin, 43 %, mar ionfhabhtuithe ainsealacha 63 . In ainneoin laghdú seasta ar mhinicíocht fhoriomlán HBV le himeacht ama mar gheall ar chláir vacsaínithe éifeachtacha agus straitéisí coisctheacha eile, meastar go bhfuil ionfhabhtú ainsealach le HBV ar thart ar 3.6 milliún duine sna Ballstáit agus i dtíortha LEE 64 .

(20)Tá ualach na nionfhabhtuithe le HBV i mBallstáit agus i dtíortha LEE níos airde i roinnt grúpaí sa daonra, lena náirítear imircigh ó thíortha a bhfuil eindéimeacht ard HBV iontu, pobail phríosúin, daoine a insteallann drugaí agus fir a mbíonn gnéas acu le fir, ná mar atá sa daonra i gcoitinne. Tá caidreamh collaí heitrighnéasach, áfach, fós ina bhealach coitianta tarchurtha HBV san Eoraip, agus fiú má tá tarchur ingearach neamhchoitianta sa chuid seo den domhan faoi láthair, tá gá le straitéisí coiscthe mar go dtiocfaidh ionfhabhtú ainsealach ar an gcuid is mó de na naíonáin a bheidh ionfhabhtaithe go himbhreithe 65 .

(21)Tá vacsaíniú in aghaidh HBV mar chuid de chláir náisiúnta imdhíonta ríthábhachtach chun cosc a chur ar ghalar de bharr ionfhabhtú ainsealach le HBV, lena náirítear ailse ae.

(22)Molann formhór na mBallstát go ndéanfaí gach leanbh a vacsaíniú in aghaidh HBV. Tá straitéisí éagsúla acu freisin chun tarchur (ingearach) ón máthair chuig an leanbh a chosc, lena náirítear vacsaíniú naíonán leis an gcéad dáileog vacsaín HBV laistigh de 24 uair an chloig ón mbreith (rud ar a dtugtar ‘dáileog bhreithe’ freisin), scagthástáil a dhéanamh ar mhná torracha le haghaidh antaiginí dromchla heipitíteas B (HBsAg) agus próifiolacsas iartheagmhála atá dírithe ar naíonáin a shaolaítear do mháithreacha atá ionfhabhtaithe le HBV.

(23)Tá moltaí maidir le vacsaíniú HBV ag go leor Ballstát do ghrúpaí ardriosca agus do ghrúpaí lena mbaineann míbhuntáiste corruair, amhail daoine a insteallann drugaí, pobail phríosúin, fir a mbíonn gnéas acu le fir, daoine trasinscneacha agus imircigh, iarrthóirí tearmainn agus dídeanaithe ó thíortha a bhfuil eindéimeacht ard HBV acu, agus do ghairmithe sláinte. Tá bearnaí sonraí ann maidir le glacadh vacsaínithe, áfach.

(24)In 2017, chuir EDS, sa phlean Gníomhaíochta maidir le freagairt na hearnála sláinte ar heipitíteas víreasach i Réigiún Eorpach EDS, an sprioc maidir le deireadh a chur le heipitíteas mar bhagairt don tsláinte poiblí ina Réigiún Eorpach faoi 2030 66 chun cinn.

(25)Maidir le vacsaíniú go sonrach, leag EDS spriocanna eatramhacha le haghaidh 2020 síos maidir le 1) cumhdach 95 % le trí dháileog de vacsaín HBV i dtíortha a chuireann vacsaíniú uilíoch don óige chun feidhme, agus 2) cumhdach 90 % le hidirghabhálacha chun tarchur ingearach (vacsaíniú dáileoige breithe HBV nó cineálacha cur chuige eile) a chosc 67 .

(26)In 2022, nuashonraigh EDS an plean Gníomhaíochta réigiúnach agus shocraigh sé spriocanna 2030 de 1) cumhdach vacsaínithe 95 % (an 3ú dáileog) de vacsaíniú HBV don óige, 2) scagthástáil ar 95 % de mhná torracha le haghaidh HBsAg, agus 3) 95 % de naíonáin nuabheirthe a fuair vacsaíniú dáileoige breithe HBV go tráthúil (laistigh de 24 uair an chloig ó bhreith) 68 .

(27)D’iarr páirtithe leasmhara staidéir freisin chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo spriocanna díothaithe heipitíteas EDS, lena náirítear na cinn a bhaineann le vacsaíniú leanaí agus le tarchur ingearach HBV a chosc. Léirítear i sonraí ó 2021, bíodh go bhfuil bearnaí iontu, nach mór feabhas a chur ar na rátaí cumhdaigh i go leor Ballstát fós chun spriocanna eatramhacha 2020 a bhaint amach fiú 69 . Maidir le spriocanna 2030, ní lú an tábhacht a bhaineann leis an dúshlán.

(28)Ba cheart aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna muiníne an phobail maidir le vacsaíniú HBV trí litearthacht sláinte a fheabhsú i measc grúpaí ardriosca agus grúpaí lena mbaineann míbhuntáiste corruair, amhail daoine a insteallann drugaí, pobail phríosúin, fir a mbíonn gnéas acu le fir, daoine trasinscneacha agus imircigh, iarrthóirí tearmainn agus dídeanaithe ó thíortha ina bhfuil HBV eindéimeach, chomh maith le gairmithe sláinte, agus trí vacsaíniú HBV a mholadh mar uirlis coiscthe ailse.

(29)Ba cheart aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna rochtana maidir le vacsaíniú HBV trí iarrachtaí spriocdhírithe tuiscint a fháil ar bhacainní struchtúracha agus trí vacsaíniú a chur ar fáil i suíomhanna áitiúla arna gcoigeartú chun díriú ar ghrúpaí i gcomhréir lena bpróifíl riosca agus lena gcás, mar shampla trí úsáid a bhaint as aonaid taistil, trí vacsaíniú a chur ar fáil le linn imeachtaí cúraim sláinte eile, amhail scrúduithe leighis, agus trína áirithiú go gcuirfear vacsaíniú ar fáil saor in aisce.

(30)Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar dhaoine scothaosta agus ar dhaoine a bhfuil cónaí orthu i gceantair iargúlta chomh maith le daoine a insteallann drugaí, ag déanamh gnáthrud de vacsaíniú HBV i gcóireáil drugaí, i seirbhísí príosúin agus i seirbhísí laghdaithe díobhála, i dtimpeallacht saor ó stiogma, ar bhonn deonach, gan costais don duine atá á vacsaíniú, agus leis an bhféidearthacht rochtain a fháil ar sceideal dáileoige luathaithe.

(31)Sa sainordú leathnaithe a thugtar don Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) faoin Aontas Eorpach Sláinte 70 , cuirtear de chúram ar ECDC faireachán a dhéanamh ar leibhéal an chumhdaigh vacsaínithe sna Ballstáit bunaithe ar shonraí iontaofa atá ar fáil ó thíortha.

(32)Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún freisin a iarraidh ar ECDC, faoi dheireadh 2024, na sonraí náisiúnta atá ar fáil maidir le rátaí cumhdaigh HPV agus HBV i mBallstáit an Aontais a thaispeáint i ndeais thiomnaithe mar aon le modheolaíochtaí agus spriocanna faireacháin náisiúnta 71 atá le baint amach.

(33)Tá gá le vacsaíniú HPV agus HBV a chomhtháthú ar bhealach níos fearr i gcláir um ailse a chosc ar an leibhéal oibríochtúil, ach freisin chun cumarsáid chomhtháite sláinte a sholáthar maidir le hailse a chosc, agus vacsaíniú a chur chun cinn mar uirlis um ailse a chosc chomh maith le bheith ina uirlis do shláinte ghnéasach/atáirgthe. Is gá clárlanna vacsaínithe agus clárlanna ailse a chomhordú freisin chun tionchar foriomlán na gclár vacsaínithe agus na gclár coiscthe ailse a thomhas, lena náirítear d’fhonn costéifeachtúlacht na gclár scagthástála a mhéadú faoi dheireadh. Ós rud é go bhfuil sé d’aidhm rátaí cumhdaigh na vacsaíne a mhéadú i measc leanaí agus daoine óga, ba cheart aird faoi leith a thabhairt ar éifeacht agus ról na meán sóisialta agus na nardán digiteach.

(34)Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún samhail a fhorbairt d’fheachtais múscailte feasachta a bheidh fianaise-bhunaithe maidir leis an tábhacht a bhaineann le vacsaíniú HPV agus HBV mar uirlisí chun ailse a chosc, a bheidh inoiriúnaithe do dhúshláin agus do riachtanais náisiúnta, agus le rannpháirtíocht na gcomhlachas páirtithe leasmhara ar an leibhéal Eorpach, lena náirítear comhlachais gairmithe sláinte, agus contrapháirtithe náisiúnta, agus lena ngabhfar straitéis ionsuite chun leanúint le faireachán a dhéanamh ar mhífhaisnéis agus ar bhréagaisnéis a bhaineann go sonrach le hionfhabhtú le HPV agus vacsaíniú HPV, lena náirítear ar na meáin shóisialta, at leibhéal an Aontais. Mar sin féin, ní mór sainiúlachtaí náisiúnta na mBallstát a chur san áireamh i bhfeachtais cumarsáide.

(35)Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún a iarraidh ar an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach agus ar ECDC cumarsáid a dhéanamh go tráthrialta maidir le toradh athbhreithnithe agus staidéar nuashonraithe ar shábháilteacht agus ar éifeachtacht vacsaíní HPV agus HBV chun faisnéis cothrom le dáta a sholáthar agus chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna glactha bunaithe ar shábháilteacht san Aontas, lena náirítear trí Thairseach Faisnéise an Aontais um Vacsaíniú.

(36)Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún, i gcomhréir lena chur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte 72 , agus Straitéis an Aontais maidir le Cearta an Linbh 73 agus an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí 74 á gcur san áireamh, foireann uirlisí um chosc a fhorbairt lena dtabharfar aghaidh ar na naisc idir an mheabhairshláinte agus an tsláinte coirp, lena náirítear sláinte coirp a bhaineann le vacsaíniú, i leanaí agus, ar an dóigh sin, tionchar a imirt ar na blianta is leochailí agus is foirmithí dá saol.

(37)Ba cheart rochtain shaoránaigh an Aontais ar a sonraí vacsaínithe a éascú a thuilleadh. Chuirfí ar a gcumas leis sin a stair vacsaínithe a leanúint ar bhealach níos fearr agus cinntí a dhéanamh maidir le vacsaíniú. Ba cheart malartú sonraí den sórt sin chun críocha leanúnachais cúraim ar fud an Aontais a éascú a thuilleadh freisin.

(38)Chuaigh an Coimisiún agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) i gcomhpháirtíocht chun Líonra Deimhniúcháin Sláinte Dhigitigh Domhanda EDS a fhorbairt a ghlacann le teicneolaíocht Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais. Féadfar an teicneolaíocht sin a úsáid i gcásanna eile, amhail gnáththaifid imdhíonta a d’fhéadfadh tacú le sláinte shaoránaigh an Aontais.

(39)Le húsáid leanúnach na mBallstát as deiseanna maoiniúcháin ó bhuiséad an Aontais, lena náirítear Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa+ agus Clár EU4Health, i gcomhréir le fócas agus bunús dlí gach ionstraime acu, chun cláir vacsaínithe HPV agus HBV a chur chun feidhme, lena náirítear gníomhaíochtaí cumarsáide chun iad a chur chun cinn, d’fhéadfaí éagothromaíochtaí sláinte a bhaineann le rochtain ar vacsaíniú agus infhaighteacht vacsaínithe a laghdú.

(40)Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún tacú le huirlisí samhaltaithe agus anailís a fhorbairt chun meastachán a dhéanamh ar an gcostéifeachtúlacht maidir le hailsí arb é ionfhabhtú le HPV agus HBV is cúis leo a chosc le vacsaíniú, chun tacú le Ballstáit an Aontais ina gcinnteoireacht maidir le comhtháthú na gcineálacha vacsaínithe sin ina gcláir náisiúnta imdhíonta agus ina gcláir náisiúnta um ailse a chosc. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún freisin taighde, forbairt agus nuálaíocht a chur chun cinn i ndáil le vacsaíní HPV agus HBV ar leibhéal an Aontais, lena náirítear tríd an gclár Fís Eorpach agus na cláir a thiocfaidh ina dhiaidh.

(41)Tá sé beartaithe gníomhaíocht an Aontais a chur chun cinn a thuilleadh chun vacsaíniú HPV agus HBV a mhéadú ar an leibhéal domhanda, lena náirítear i dtéarmaí cinntithigh iompraíochta maidir le glacadh vacsaíní a shainaithint agus aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar vacsaíniú, trí oibriú le comhpháirtithe idirnáisiúnta, amhail EDS, an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) agus Ciste na Náisiún Aontaithe do Leanaí (UNICEF).

(42)Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún a iarraidh ar na Ballstáit faisnéis a sholáthar go rialta ionas gur féidir faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na moltaí atá sa Mholadh seo ón gComhairle tríd an nGrúpa Saineolaithe um Shláinte Phoiblí agus tuairisc a thabhairt ar chur chun feidhme na moltaí do na Ballstáit trí nuashonruithe sa Ghrúpa Saineolaithe Sláinte Poiblí i ndiaidh 4 bliana agus arís in 2030.

AG MOLADH LEIS SEO DO NA BALLSTÁIT:

1.Cur chun feidhme na gclár vacsaínithe HPV agus HBV a thabhairt isteach nó a neartú chun cosc ailse a threisiú mar chuid de chláir náisiúnta imdhíonta, lena náirítear trí vacsaíniú a sholáthar saor in aisce agus/nó costais ghaolmhara a aisíoc go hiomlán dóibh siúd a moltar vacsaíniú dóibh, agus trí inrochtaineacht a áirithiú do ghrúpaí lena mbaineann ardriosca agus/nó a bhíonn faoi mhíbhuntáiste.

2.Comhtháthú an vacsaínithe HPV agus HBV a neartú i gcláir um ailse a chosc, ar an leibhéal oibríochtúil ach freisin chun cumarsáid chomhtháite sláinte a sholáthar maidir le hailse a chosc.

3.I ndáil le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí, naisc a bhunú nó a neartú idir clárlanna vacsaínithe agus clárlanna ailse chun tionchar foriomlán na gclár vacsaínithe agus na gclár um ailse a chosc a thomhas, lena náirítear d’fhonn costéifeachtúlacht na gclár scagthástála ailse a mhéadú faoi dheireadh.

4.Gníomhaíochtaí a fhorbairt chun glacadh vacsaínithe HPV agus HBV a mhéadú i bpeirspictíocht um chosc ailse, is é sin trí shainaithint agus aistriú na gcleachtas is fearr nó na gcleachtas a bhfuil gealladh fúthu a éascú chun glacadh vacsaínithe a mhéadú, lena náirítear i gcomhthéacs an Ghrúpa Saineolaithe um Shláinte Phoiblí, a bunaíodh in 2022 75 , agus a fhoghrúpaí maidir le vacsaíniú agus ailse, agus trí ghlaonna spriocdhírithe ar chleachtais ar Thairseach Dea-Chleachtais an Choimisiúin 76 .

5.I gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, feabhas a chur ar an bhfaireachán ar rátaí cumhdaigh vacsaínithe, lena náirítear le haghaidh vacsaíniú HPV agus HBV, trí chláir leictreonacha vacsaínithe daonra-bhunaithe a chruthú nó a uasghrádú lena néascófar infhaighteacht sonraí ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal fonáisiúnta agus ar féidir sonraí arna dtaifeadadh ag soláthraithe vacsaíní éagsúla a aistriú chucu go héasca, chun bonn eolais a chur faoi ghníomhaíocht sláinte poiblí éifeachtúil, bunaithe ar shonraí.

6.Cuíchóiriú a dhéanamh ar na nósanna imeachta náisiúnta um thoiliú tuismitheora maidir le mionaoisigh a vacsaíniú i ndáil le reachtaíocht náisiúnta sa réimse, lena náirítear trí chuir chuige náisiúnta a roinnt agus a phlé, chun an glacadh a éascú.

7.Páirt ghníomhach a ghlacadh in iarrachtaí rochtain shaoránaigh an Aontais ar a sonraí vacsaínithe a éascú a thuilleadh, rud a chuirfidh ar a gcumas a stair vacsaínithe a leanúint agus cinntí a dhéanamh maidir le vacsaíniú, chomh maith le malartú sonraí den sórt sin a éascú a thuilleadh chun críoch leanúnachais cúraim ar fud an Aontais.

8.Páirt ghníomhach a ghlacadh in iarrachtaí Líonra Deimhniúcháin Sláinte Dhigitigh Domhanda EDS A fhorbairt a thuilleadh, lena náirítear an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as le haghaidh gnáththaifid imdhíonta a d’fhéadfadh tacú le saoránaigh an Aontais chun críoch sláinte.

9.Úsáid iomlán a bhaint as deiseanna maoiniúcháin ó bhuiséad an Aontais, lena náirítear Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa+ agus Clár EU4Health, i gcomhréir le fócas agus bunús dlí gach ionstraime acu, cláir vacsaínithe HPV agus HBV a chur chun feidhme, lena náirítear gníomhaíochtaí cumarsáide chun iad a chur chun cinn, d’fhéadfaí éagothromaíochtaí sláinte a bhaineann le rochtain ar vacsaíniú agus infhaighteacht vacsaínithe a laghdú.

10.Go sonrach maidir le vacsaíniú in aghaidh HPV, na hiarrachtaí náisiúnta a neartú chun an cuspóir a leagtar amach sa Phlean Ailse a bhaint amach, faoi 2030, maidir le 90 % ar a laghad de spriocdhaonra cailíní an Aontais a vacsaíniú go hiomlán agus vacsaíniú buachaillí a mhéadú go suntasach, lena náirítear trí vacsaíniú a chur ar fáil do chailíní agus do bhuachaillí ógánacha agus réamhógánacha i scoileanna agus i suíomhanna oideachais, aghaidh a thabhairt ar bhacainní struchtúracha maidir le daoine bhaineann le grúpaí faoi mhíbhuntáiste, amhail imircigh, iarrthóirí tearmainn agus dídeanaithe, daoine easáitithe ón Úcráin, Romaigh, daoine faoi mhíchumas agus daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha, idirghnéasacha agus aiteacha (LGBTIQ) agus moltaí a leathnú chun aosánaigh óga nach bhfuair vacsaín nó vacsaín iomlán le linn a nógántachta nó a réamhógántachta a chumhdach, trí fheachtais spriocdhírithe cúitimh.

11.Feabhas a chur ar iarrachtaí cumarsáide agus for-rochtana spriocdhírithe, trí oibriú le comhlachtais páirtithe leasmhara, lena náirítear comhlachais gairmithe sláinte, an earnáil oideachais agus comhpháirtithe iontaofa ar leibhéal an phobail, chun glacadh vacsaínithe HPV a mhéadú i measc na spriocphobail a shonraítear i Moladh 10, agus faireachán ar an glacadh i stór lárnach sonraí ar an leibhéal náisiúnta á áirithiú an tráth céanna.

12.Ag tógáil ar an obair a rinneadh leis an ngníomhaíocht chomhpháirteach PartnERship to Contrast HPV (Perch), iarrachtaí comhordaithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme maidir le hailse a bhaineann le HPV a chosc, agus aird á tabhairt ar an staid shonrach sna Ballstáit i dtéarmaí ualach ailse ó ionfhabhtuithe HPV, chomh maith le stádas na gclár vacsaínithe agus scagthástála, agus, mar chuid d’iarrachtaí comhordaithe den sórt sin, sprioc nithiúil a shainiú do chéatadán spriocdhaonra buachaillí an Aontais ar cheart iad a vacsaíniú faoi 2030.

13.I gcás HBV go sonrach, iarrachtaí náisiúnta a neartú chun na spriocanna 2030 a shocraigh WHO a bhaint amach, i.e. 1) cumhdach vacsaínithe 95 % le haghaidh vacsaíniú HBV leanaí (an 3ú dáileog), 2) scagthástáil ar 95 % de mhná torracha le haghaidh HBsAg, agus 3) 95 % de naíonáin nuabheirthe a fuair vacsaíniú dáileoige breithe HBV go tráthúil (laistigh de 24 uair an chloig ó bhreith), lena náirítear trí chórais a neartú chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo na spriocanna sin agus trí úsáid a bhaint as an tacaíocht atá ar fáil ó ECDC más gá.

14.Vacsaíniú leanaí agus cosc ar tharchur ingearach HBV a éascú, agus seirbhísí vacsaínithe a chur in oiriúint do riachtanais spriocghrúpaí éagsúla, lena náirítear trí vacsaíniú a chur ar fáil i suíomhanna áitiúla agus trí leanúint le hiarrachtaí spriocdhírithe chun an glacadh a mhéadú i ngrúpaí ardriosca agus i ngrúpaí a bhíonn faoi mhíbhuntáiste corruair, amhail daoine a insteallann drugaí, pobail phríosúin, fir a mbíonn gnéas acu le fir, daoine trasinscneacha agus imircigh, iarrthóirí tearmainn agus dídeanaithe ó thíortha ina bhfuil HBV dúchasach, chomh maith le gairmithe sláinte, agus faireachán ar an glacadh i stór lárnach sonraí ar an leibhéal náisiúnta á áirithiú an tráth céanna.

15.Aird ar leith a thabhairt ar dhaoine a insteallann drugaí, ag déanamh gnáthrud de vacsaíniú HBV i gcóireáil drugaí, i seirbhísí príosúin agus i seirbhísí laghdaithe díobhála, i dtimpeallacht saor ó stiogma, ar bhonn deonach, gan costais don duine atá á vacsaíniú, leis an bhféidearthacht rochtain a fháil ar sceideal riartha luathaithe.

16.Faisnéis a sholáthar go rialta don Choimisiún ionas gur féidir faireachán agus tuairisc a dhéanamh ar chur chun feidhme na moltaí atá sa Mholadh seo ón gComhairle tríd an nGrúpa Saineolaithe um Shláinte Poiblí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le Plean Sáraithe Ailse na hEorpa, COM/2021/44 final.
(2)    Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions on Building a European Health Union: Reinforcing the EU’s resilience for crossborder health threats [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún ‘Aontas Sláinte Eorpach a Chur ar Bun: Athléimneacht an Aontais a threisiú i leith bagairtí trasteorann ar an tsláinte’], COM/2020/724 final.
(3)     https://research‑and‑innovation.ec.europa.eu/funding/funding-opportunities/funding-programmes‑and‑open‑calls/horizon‑europe/eu-missions‑horizon‑europe/eu-mission‑cancer_ga
(4)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le clár oibre an Choimisiúin 2023: Aontas daingean aontaithe, COM(2022) 548 final.
(5)     https://sdgs.un.org/goals/goal3
(6)    Moladh ón gComhairle an 7 Nollaig 2018 maidir le comhar neartaithe in aghaidh galar inchoiscthe trí vacsaíniú (IO C 466, 28.12.2018, lch. 1).
(7)     https://health.ec.europa.eu/system/files/2022-12/2019-2022_roadmap_en.pdf
(8)     https://vaccination‑info.eu/ga
(9) https://vaccinatio n protection.ec.europa.eu/index_ga
(10)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta maidir le straitéis an Aontais Eorpaigh um vacsaíní in aghaidh COVID-19, COM/2020/245 final.
(11)    https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-14771-2022-INIT/en/pdf
(12)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den chineál sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(13)     https://vaccinetracker.ecdc.europa.eu/public/extensions/COVID-19/vaccine-tracker.html#uptake-tab
(14)    Rialachán (AE) 2022/2370 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 lena mbunaítear lárionad Eorpach um ghalair a chosc agus a rialú (IO L 314, 6.12.2022, lch. 1).
(15)     https://www.who.int/news‑room/fact‑sheets/detail/cervical-cancer
(16)    Rud a chiallaíonn go bhféadfaidís a bheith ina gcúis le hailse.
(17)    An Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú. Treoir maidir le vacsaíniú HPV i dtíortha an Aontais Eorpaigh: fócas ar bhuachaillí, daoine a bhfuil VEID orthu agus vacsaín HPV 9-fhiúsach a thabhairt isteach, 2020. Stócólm: ECDC; 2020.
(18)    Ibid.
(19)     ECIS - European Cancer Information System [Córas Eorpach um Fhaisnéis maidir le hAilse] , arna rochtain an 27/10/2023. Figiúirí AE/LEE arna ríomh mar shuim na luachanna do AU-27 , don Iorua , agus don Íoslainn .
(20)    Ibid.
(21)    Ibid.
(22)    An Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú. Treoir maidir le vacsaíniú HPV i dtíortha an Aontais Eorpaigh: fócas ar bhuachaillí, daoine a bhfuil VEID orthu agus vacsaín HPV 9-fhiúsach a thabhairt isteach, 2020. Stócólm: ECDC; 2020.
(23)    Castellsagué X, Alemany L, Quer M, Halec G, Quirós B, Tous S, Clavero O, Alòs L, Biegner T, Szafarowski T, Alejo M, Holzinger D, Cadena E, Claros E, Hall G, Laco J, Poljak M, Benevolo M, Kasamatsu E, Mehanna H, Ndiaye C, Guimerà N, Lloveras B, León X, Ruiz-Cabezas JC, Alvarado-Cabrero I, Kang CS, Oh JK, Garcia-Rojo M, Iljazovic E, Ajayi OF, Duarte F, Nessa A, Tinoco L, DuranPadilla MA, Pirog EC, Viarheichyk H, Morales H, Costes V, Félix A, Germar MJ, Mena M, Ruacan A, Jain A, Mehrotra R, Goodman MT, Lombardi LE, Ferrera A, Malami S, Albanesi EI, Dabed P, Molina C, López-Revilla R, Mandys V, González ME, Velasco J, Bravo IG, Quint W, Pawlita M, Muñoz N, de Sanjosé S, Xavier Bosch F; ICO International HPV in Head and Neck Cancer Study Group. HPV Involvement in Head and Neck Cancers: Comprehensive Assessment of Biomarkers in 3680 Patients. J Natl Cancer Inst. 2016 Eanáir 28;108(6):djv403. doi: 10.1093/jnci/djv403. PMID: 26823521.
(24)    de Martel C, Plummer M, Vignat J, Franceschi S. Worldwide burden of cancer attributable to HPV by site, country and HPV type. Int J Cancer. 2017 Lúnasa 15;141(4):664-670. doi: 10.1002/ijc.30716. Epub 2017 an 8 Meitheamh. PMID: 28369882; PMCID: PMC5520228.
(25)     https://www.cdc.gov/cancer/hpv/basic_info/hpv_oropharyngeal.htm  
(26)     https://immunizationdata.who.int/pages/coverage/hpv.html?CODE=EUR&ANTIGEN=PRHPV1_F&YEAR=&ADVANCED_GROUPINGS=EURO
(27)    Prevention of hepatitis B and C in the EU/EEA [Cosc a chur ar heipitíteas B agus C san Aontas/LEE]. Stócólm: ECDC; 2022.
(28)    Hepatitis B [Heipitíteas B]. In: ECDC. Annual epidemiological report for 2021 [Tuarascáil eipidéimeolaíoch bhliantúil le haghaidh 2021]. Stócólm: ECDC; 2022.
(29)    Prevention of hepatitis B and C in the EU/EEA [Cosc a chur ar heipitíteas B agus C san Aontas/LEE]. Stócólm: ECDC; 2022.
(30)    Ibid.
(31)    Ar nós Razavi-Shearer, D. et al. The disease burden of hepatitis B and hepatitis C from 2015 to 2030: the long and winding road [Abstract OS050]. J. Hepatol. 77, S43 (2022).
(32)    Prevention of hepatitis B and C in the EU/EEA [Cosc a chur ar heipitíteas B agus C san Aontas/LEE]. Stócólm: ECDC; 2022.
(33)    An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Oifig Réigiúnach don Eoraip. (‎2017)‎. Plean gníomhaíochta maidir le freagairt na hearnála sláinte ar heipitíteas víreasach i Réigiún Eorpach EDS. An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Oifig Réigiúnach don Eoraip.
(34)    Prevention of hepatitis B and C in the EU/EEA [Cosc a chur ar heipitíteas B agus C san Aontas/LEE]. Stócólm: ECDC; 2022.
(35)    Pleananna gníomhaíochta réigiúnacha chun deireadh a chur le SEIF agus le heipidéimí heipitítis víreasaigh agus ionfhabhtuithe gnéastarchurtha 2022-2030 (2023). An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Oifig Réigiúnach don Eoraip.
(36)     https://cordis.europa.eu/project/id/101080486
(37)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte, COM(2023) 298 final, 7.6.2023.
(38)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún i dtaca le straitéis an Aontais maidir le cearta an linbh COM(2021) 142 final, 24.3.2021.
(39)    Moladh (AE) 2021/1004 ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí, (IO L 223, 22.6.2021, lch. 14).
(40)    Moladh ón gComhairle an 9 Nollaig 2022 maidir leis an gcosc a neartú trí aimsiú luath: cur chuige nua an Aontais maidir le scagthástáil ailse a chuirtear in ionad Mholadh 2003/878/CE ón gComhairle (IO C 473, 13.12.2022, lch. 1).
(41)     https://cancer-inequalities.jrc.ec.europa.eu/
(42)     https://www.projectperch.eu/
(43)     https://ec.europa.eu/info/funding-tenders/opportunities/portal/screen/opportunities/projects‑details/31061266/801495/3HP
(44)     https://overcomingobstaclestovaccination.eu/en
(45)     https://webgate.ec.europa.eu/dyna/bp-portal/
(46)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún i dtaca le straitéis an Aontais maidir le cearta an linbh COM/2021/142 final.
(47)    Moladh (AE) 2021/1004 ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí, (IO L 223, 22.6.2021, lch. 14).
(48)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte, COM(2023) 298 final.
(49)     https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/13529-Cancer-prevention‑action‑to-promote-vaccination‑against‑cancer-causing-viruses_ga
(50)     https://health.ec.europa.eu/eu-health‑policy/interest‑groups/eu-health‑policy-platform_ga
(51)    Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin – Comhairliúchán le Páirtithe Leasmhara – Tuarascáil Achoimre – A ghabhann leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le Plean Sáraithe Ailse na hEorpa, COM(2021) 44 final.
(52)    Cinneadh ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2022 lena mbunaítear grúpa saineolaithe um shláinte phoiblí de chuid an Choimisiúin agus lena naisghairtear Cinneadh ón gCoimisiún lena mbunaítear grúpa saineolaithe de chuid an Choimisiúin ‘Grúpa Stiúrtha maidir le Cur Chun Cinn na Sláinte, Galair a Chosc agus Galair Neamhtheagmhálacha a Bhainistiú’, C(2022) 8816 final.
(53)    Sna spriocanna arna leagan síos ag EDS le haghaidh HBV áirítear freisin an sprioc 95 % de mhná torracha a ndéanfar scagadh orthu le haghaidh HbsAg. Déantar breithniú ar an sprioc sin freisin chun críoch cur chun feidhme agus faireachán i gcomhthéacs an Mholta ón gComhairle atá beartaithe.
(54)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le Plean Sáraithe Ailse na hEorpa, COM(2021) 44 final, 3.2.2021.
(55)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den chineál sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(56)     ECIS - European Cancer Information System [Córas Eorpach um Fhaisnéis maidir le hAilse] , arna rochtain an 27/10/2023. Figiúirí AE/LEE arna ríomh mar shuim na luachanna do AE-27 , don Iorua , agus don Íoslainn .
(57)    Ibid.
(58)    Moladh ón gComhairle an 9 Nollaig 2022 maidir leis an gcosc a neartú trí aimsiú luath: cur chuige nua an Aontais maidir le scagthástáil ailse a chuirtear in ionad Mholadh 2003/878/CE ón gComhairle (IO C 473, 13.12.2022, lch. 1).
(59)    Tá trí dháileog ag teastáil do dhaoine óga níos sine.
(60)     https://immunizationdata.who.int/pages/coverage/hpv.html?CODE=EUR&ANTIGEN=PRHPV1_F&YEAR=&ADVANCED_GROUPINGS=EURO  
(61)    A. de Figueiredo, R.L. Eagan, G. Hendrickx, E. Karafillakis, P. van Damme and H.J. Larson, State of Vaccine Confidence in the European Union 2022 [Staid na Muiníne as Vacsaíní san Aontas Eorpach], Lucsamburg: Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2022.
(62)     https://www.projectperch.eu/
(63)    Hepatitis B [Heipitíteas B]. In: ECDC. Annual epidemiological report for 2021 [Tuarascáil eipidéimeolaíoch bhliantúil le haghaidh 2021]. Stócólm: ECDC; 2022.
(64)        An Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú, ‘Prevention of hepatitis B and C in the EU/EEA [Cosc ar heipitíteas B agus C san Aontas/LEE]’,Stócólm: ECDC; 2022.
(65)    Ibid.
(66)    An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Oifig Réigiúnach don Eoraip. (‎2017)‎. Plean gníomhaíochta maidir le freagairt na hearnála sláinte ar heipitíteas víreasach i Réigiún Eorpach EDS. An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Oifig Réigiúnach don Eoraip.
(67)    Ibid.
(68)    Pleananna gníomhaíochta réigiúnacha chun deireadh a chur le SEIF agus le heipidéimí heipitítis víreasaigh agus ionfhabhtuithe gnéastarchurtha 2022-2030 (2023). An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Oifig Réigiúnach don Eoraip.
(69)    Prevention of hepatitis B and C in the EU/EEA [Cosc a chur ar heipitíteas B agus C san Aontas/LEE]. Stócólm: ECDC; 2022.
(70)    Rialachán (AE) 2022/2370 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 lena mbunaítear lárionad Eorpach um ghalair a chosc agus a rialú (IO L 314, 6.12.2022, lch. 1).
(71)    Sna spriocanna arna leagan síos ag EDS le haghaidh HBV áirítear freisin an sprioc 95 % de mhná torracha a ndéanfar scagadh orthu le haghaidh HbsAg. Déantar breithniú ar an sprioc sin freisin chun críoch cur chun feidhme agus faireachán i gcomhthéacs an Mholta ón gComhairle atá beartaithe.
(72)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte, COM(2023) 298 final, 7.6.2023.
(73)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún i dtaca le straitéis an Aontais maidir le cearta an linbh COM(2021) 142 final, 24.3.2021.
(74)    Moladh (AE) 2021/1004 ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí, (IO L 223, 22.6.2021, lch. 14).
(75)    Cinneadh C(2022) 8816 final ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2022 lena mbunaítear grúpa saineolaithe um shláinte phoiblí de chuid an Choimisiúin agus lena naisghairtear Cinneadh ón gCoimisiún lena mbunaítear grúpa saineolaithe de chuid an Choimisiúin ‘Grúpa Stiúrtha maidir le Cur Chun Cinn na Sláinte, Galair a Chosc agus Galair Neamhtheagmhálacha a Bhainistiú’, (IO C 471, 12.12.2022, lch. 8).
(76)     https://webgate.ec.europa.eu/dyna/bp-portal/