|
18.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 253/2 |
Achoimre ar Thuairim an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí maidir leis an Moladh le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le disciplíní trádála digití le Poblacht na Cóiré agus le Singeapór
(2023/C 253/02)
(Tá téacs iomlán na Tuairime seo le fáil i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis ar shuíomh gréasáin MECS https://edps.europa.eu)
An 14 Aibreán 2023, d’eisigh an Coimisiún Eorpach Moladh le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le disciplíní trádála digití le Poblacht na Cóiré agus le Singeapór
Is é cuspóir an mholta seo údarú a thabhairt don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht le Poblacht na Cóiré agus le Singeapór chun disciplíní ceangailteacha a bhunú maidir le trádáil earraí agus seirbhísí arna gcumasú trí mheán leictreonach. Féadfar sreafaí sonraí trasteorann a chumhdach leis na caibidlíochtaí sin le hiontaoibh, le ceanglais logánaithe sonraí agus le cosaint sonraí pearsanta.
Meabhraíonn MECS, ós rud é gur ceart bunúsach san Aontas é sonraí pearsanta a chosaint, nach féidir leis a bheith faoi réir caibidlíochta i gcomhthéacs chomhaontuithe trádála AE. Is féidir comhráite maidir le cosaint sonraí agus caibidlíocht trádála le tríú tíortha a bheith ina gcomhlánú ar a chéile ach ní mór dóibh rianta ar leith a leanúint. Ba cheart sreafaí sonraí pearsanta idir an AE agus tríú tíortha a chumasú trí úsáid a bhaint as na sásraí arna gcur ar fáil faoi reachtaíocht an AE maidir le cosaint sonraí. Meabhraíonn MECS gur fhormhuinigh an Coimisiún in 2018 forálacha cothrománacha maidir le sreafaí sonraí trasteorann agus cosaint sonraí pearsanta i gcaibidlíochtaí trádála. Tá MECS den tuairim gur comhréiteach cothrom iad na forálacha sin idir leasanna poiblí agus leasanna príobháideacha, toisc go gcuireann siad ar chumas an AE dul i ngleic le cleachtais chosantaíocha i dtríú tíortha i ndáil leis an trádáil dhigiteach, agus a áirithiú ag an am céanna nach féidir comhaontuithe trádála a úsáid chun dúshlán a thabhairt don ardleibhéal cosanta a ráthaítear le Cairt um chearta bunúsacha an AE agus le reachtaíocht an AE maidir le cosaint sonraí pearsanta. Tuigeann MECS ón moladh gur cheart tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le sreafaí sonraí agus cosaint sonraí d’fhonn teacht ar chomhaontú maidir le forálacha atá comhleanúnach leis na forálacha cothrománacha sin. Ar mhaithe le soiléireacht, molann MECS tagairt shainráite a dhéanamh do na forálacha cothrománacha sin.
Ina theannta sin, a mhéid a bhaineann go sonrach le Poblacht na Cóiré, tugann MECS dá aire gur dheonaigh an Coimisiún toradh leordhóthanachta don tír sin cheana féin in 2021. Mar thoradh air sin, féadfar sonraí pearsanta a aistriú ó rialaitheoir nó ó phróiseálaí sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) chuig eagraíochtaí i bPoblacht na Cóiré a chumhdaítear leis an toradh leordhóthanachta gan gá le haon údarú breise a fháil. Dá bhrí sin, molann MECS míniú breise a thabhairt ar an bhfáth, in ainneoin an chinnidh leordhóthanachta, go meastar go bhfuil gá le tuilleadh caibidlíochta maidir le sreafaí sonraí trasteorann agus cosaint sonraí i gcás Phoblacht na Cóiré.
Ina theannta sin, tuigeann MECS na treoracha caibidlíochta agus na forálacha cothrománacha mar bhearta a cheadaíonn, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, bearta lena gceanglófaí ar rialaitheoirí nó ar phróiseálaithe sonraí pearsanta a stóráil in AE/in LEE. Meabhraíonn MECS gur mhol sé le déanaí, in éineacht leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí, gur cheart go gceanglófaí ar rialaitheoirí agus próiseálaithe, atá bunaithe in AE/in LEE agus sonraí sláinte leictreonacha pearsanta a phróiseáil laistigh de raon feidhme an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir leis an Spás Eorpach Sonraí Sláinte, na sonraí sin a stóráil in AE/in LEE, gan dochar don fhéidearthacht sonraí sláinte leictreonacha pearsanta a aistriú i gcomhréir le Caibidil V den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). Chun aon amhras a sheachaint, molann MECS a shoiléiriú go sainráite sna treoracha caibidlíochta nár cheart go gcuirfeadh na rialacha a caibidlíodh cosc ar AE ná ar na Ballstáit bearta a ghlacadh, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, lena gceanglófaí ar rialaitheoirí nó próiseálaithe sonraí pearsanta a stóráil in AE/in LEE.
1. RÉAMHRÁ
|
1. |
An 14 Aibreán 2023, d’eisigh an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) Moladh le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht le haghaidh disciplíní trádála digití le Poblacht na Cóiré agus le Singeapór (1) (‘an Moladh’). San iarscríbhinn a ghabhann leis an Moladh, sonraítear na treoracha maidir le caibidlíocht ar dhisciplíní trádála digití le Poblacht na Cóiré agus le Singeapór, mar aon le hábhar beartaithe na rialacha agus na ngealltanas (‘an Iarscríbhinn’). |
|
2. |
Tá comhaontú saorthrádála ag an Aontas Eorpach (‘AE’) le Poblacht na Cóiré ó 2011 i leith agus comhaontú saorthrádála le Singeapór ó 2019 i leith. Foráiltear leis na comhaontuithe saorthrádála sin do ghealltanais shubstaintiúla maidir le trádáil earraí agus seirbhísí idir na páirtithe, ach ní áirítear leo rialacha cuimsitheacha maidir leis an trádáil dhigiteach (2). |
|
3. |
Tháinig an AE agus Poblacht na Cóiré i gComhpháirtíocht Dhigiteach an 28 Samhain 2022 agus sa chomhthéacs sin tháinig siad ar chomhaontú maidir le Prionsabail Trádála Digití neamhcheangailteacha an 30 Samhain 2022. Tháinig an AE agus Singeapór i gComhpháirtíocht Dhigiteach an 1 Feabhra 2023, agus tháinig siad ar chomhaontú maidir le Prionsabail Trádála Digití neamhcheangailteacha an 31 Eanáir 2023 (3). |
|
4. |
Is é cuspóir an Mholta údarú a thabhairt don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht le Poblacht na Cóiré agus le Singeapór chun disciplíní ceangailteacha a bhunú maidir le trádáil earraí agus seirbhísí arna gcumasú trí mheán leictreonach, i gcomhréir le hAirteagal 218(3) agus (4) CFAE. |
|
5. |
Eisítear an Tuairim seo ó MECS mar fhreagairt ar chomhairliúchán a rinne an Coimisiún Eorpach an 14 Aibreán 2023, de bhun Airteagal 42(1) RCSAE (4). |
5. CONCLÚIDÍ
|
18. |
I bhfianaise an mhéid thuasluaite, déanann MECS na príomh-mholtaí seo a leanas:
|
An Bhruiséil, 15 Bealtaine 2023.
Wojciech Rafał WIEWIÓROWSKI
(1) COM(2023) 230 final, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?qid=1681472401391&uri=COM%3A2023%3A230%3AFIN
(2) Aithris 1 den Mholadh.
(3) Aithris 2 den Mholadh.
(4) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).