31.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 190/8


Fógra le haghaidh na n-ábhair sonraí a mbeidh feidhm ina leith ag na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

(2023/C 190/06)

Dírítear aird na n-ábhar sonraí ar an bhfaisnéis seo a leanas i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

Is é is bunús dlí don oibríocht phróiseála seo Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle (2), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2023/1048 ón gComhairle (3), agus le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle (4), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1046 ón gComhairleIO L 140I, 30.5.2023, lch. 7.

Is í Comhairle an Aontais Eorpaigh – agus Ard-Stiúrthóir na hArd-Stiúrthóireachta um Chaidreamh Seachtrach (RELEX) in Ardrúnaíocht na Comhairle ag gníomhú ar a son – rialaitheoir na próiseála seo; agus is é RELEX.1 an roinn ar a bhfuil cúram na hoibríochta próiseála, agus is féidir dul i dteagmháil leis an roinn sin ag:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

R-phost: sanctions@consilium.europa.eu

Is féidir dul i dteagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí na hArdrúnaíochta ag:

An tOifigeach Cosanta Sonraí

data.protection@consilium.europa.eu

Is é cuspóir na hoibríochta próiseála liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha a bhunú agus a nuashonrú i gcomhréir le Cinneadh 2014/145/CBES, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2023/432, agus Rialachán (AE) Uimh. 269/2014, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/423.

Is daoine nádúrtha a chomhlíonann na critéir maidir le liostú arna leagan síos i gCinneadh 2014/145/CBES agus i Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 iad na hábhair sonraí.

Áirítear ar na sonraí pearsanta a bhailítear na sonraí is gá chun an duine lena mbaineann a shainaithint i gceart, an ráiteas ar chúiseanna agus aon sonraí eile a bhaineann leis an gcúis atá leis an liostú.

Is iad na Cinntí ón gComhairle arna nglacadh faoi Airteagal 29 CAE agus na Rialacháin ón gComhairle arna nglacadh faoi Airteagal 215 CFAE lena n-ainmnítear daoine nádúrtha (ábhair sonraí) agus lena bhforchuirtear reo sócmhainní agus srianta taistil na bunúis dlí le haghaidh láimhseáil sonraí pearsanta.

Is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail i gcomhréir le hAirteagal 5(1)(a) agus chun oibleagáidí dlíthiúla a leagtar síos i ngníomhartha dlí thuasluaite a bhfuil an rialaitheoir faoina réir i gcomhréir le hAirteagal 5(1)(b) de Rialachán (AE) 2018/1725 a chomhlíonadh.

Is gá an phróiseáil a dhéanamh ar mhórchúiseanna a bhaineann le leas an phobail i gcomhréir le hAirteagal 10(2)(g) de Rialachán (AE) 2018/1725.

Féadfaidh an Chomhairle sonraí pearsanta na n-ábhar sonraí a fháil ó na Ballstáit agus/nó ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí. Is iad na Ballstáit, an Coimisiún Eorpach agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí faighteoirí na sonraí pearsanta.

Coinneofar na sonraí pearsanta uile a phróiseálann an Chomhairle i gcomhthéacs bhearta sriantacha uathrialacha an Aontais go ceann 5 bliana ón uair a bhaintear an t-ábhar sonraí de liosta na ndaoine atá faoi réir an reo sócmhainní nó ón uair a théann bailíocht an bhirt in éag nó, má thugtar caingean dlí os comhair na Cúirte Breithiúnais, go dtí go dtabharfar breithiúnas críochnaitheach. Coinníonn an Chomhairle sonraí pearsanta atá i ndoiciméid atá cláraithe ag an gComhairle chun críoch cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, de réir bhrí Airteagal 4(1)(e) de Rialachán (AE) 2018/1725.

D’fhéadfadh sé go mbeadh ar an gComhairle sonraí pearsanta maidir le hábhar sonraí a mhalartú le tríú tír nó le heagraíocht idirnáisiúnta i gcomhthéacs thrasuí ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe a bheith á dhéanamh ag an gComhairle, nó i gcomhthéacs an chomhair idirnáisiúnta maidir le beartas an Aontais i ndáil le bearta sriantacha.

In éagmais cinneadh leordhóthanachta, nó in éagmais coimircí iomchuí, déantar sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta de réir na gcoinníollacha seo a leanas, de bhun Airteagal 50 de Rialachán (AE) 2018/1725:

gur gá an t-aistriú a dhéanamh ar fhorais thábhachtacha a bhaineann le leas an phobail;

gur gá an t-aistriú a dhéanamh chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint.

Níl baint ag aon chinnteoireacht uathoibrithe le sonraí pearsanta an duine is ábhar sonraí a phróiseáil.

Tá an ceart chun faisnéise ag na hábhair sonraí chomh maith leis an gceart rochtana ar a gcuid sonraí pearsanta féin. Tá sé de cheart acu freisin a gcuid sonraí a cheartú agus a chomhlánú. In imthosca áirithe, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé de cheart acu a éileamh go scriosfaí a gcuid sonraí pearsanta, agóid a dhéanamh faoina gcuid sonraí pearsanta a bheith á láimhseáil nó a iarraidh go ndéanfaí an láimhseáil sin a shrianadh.

Féadfaidh ábhair sonraí na cearta sin a fheidhmiú trí ríomhphost a sheoladh chuig an rialaitheoir agus cóip a chur chuig an Oifigeach Cosanta Sonraí mar atá luaite thuas.

I gceangal lena n-iarraidh, ní mór do na hábhair sonraí cóip de dhoiciméad céannachta a sholáthar chun a gcéannacht a dhearbhú (cárta aitheantais nó pas). Ba cheart uimhir aitheantais, ainm na tíre a d’eisigh, an tréimhse bhailíochta, ainm, seoladh agus dáta breithe a bheith ar an doiciméad sin. Féadfar dath dubh a chur ar aon sonraí eile atá sa chóip den doiciméad céannachta, mar shampla, grianghraf nó saintréithe pearsanta eile.

Tá sé de cheart ag ábhair sonraí gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 (edps@edps.europa.eu).

Sula ndéanfaidh siad amhlaidh, moltar do na hábhair sonraí féachaint ar dtús le leigheas a fháil trí theagmháil a dhéanamh leis an rialaitheoir agus/nó le hOifigeach Cosanta Sonraí na Comhairle.

Gan dochar d’aon leigheas breithiúnach, riaracháin nó neamhbhreithiúnach, féadfaidh na hábhair sonraí gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 (edps@edps.europa.eu).


(1)  IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.

(2)  IO L 78, 17.3.2014, lch. 16.

(3)  IO L 140I, 30.5.2023, lch. 14.

(4)  IO L 78, 17.3.2014, lch. 6.