17.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 60/7


Fógra le haghaidh na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/119/CBES ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin

(2023/C 60/05)

Dírítear aird Viktor Ivanovych Ratushniak, Vitalii Yuriyovych Zakharchenko agus Serhiy Vitalyovych Kurchenko, daoine atá liostaithe san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/119/CBES ón gComhairle (1) agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 ón gComhairle (2) maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin, ar an bhfaisnéis seo a leanas.

Tá faighte ag an gComhairle ó údaráis na hÚcráine an fhaisnéis a bhreithneofar faoi chuimsiú an athbhreithnithe bhliantúil ar na bearta sriantacha. Leis seo, cuirtear in iúl do na daoine thuasluaite go bhféadfaidh siad iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle chun na heilimintí atá ag an gComhairle ina comhad maidir lena n-ainmniú a fháil, roimh an 22 Feabhra 2023, leis an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

R-phost: sanctions@consilium.europa.eu

I dtaca leis sin, cuirtear in iúl do na daoine lena mbaineann go ndéanann an Chomhairle athbhreithniú go tráthrialta ar liosta na ndaoine ainmnithe i gCinneadh 2014/119/CBES ón gComhairle agus i Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 ón gComhairle.


(1)  IO L 66, 6.3.2014, lch. 26.

(2)  IO L 66, 6.3.2014, lch. 1.