24.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 25/9


Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí a mbeidh feidhm ag na bearta sriantacha maidir leo, ar bearta iad dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

(2023/C 25/08)

Dírítear aird na n-ábhar sonraí ar an bhfaisnéis seo a leanas i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

Is é is bunús dlí don oibríocht phróiseála sin Cinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle (2), arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2023/153 ón gComhairle (3), agus Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle (4), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/152 ón gComhairle (5).

Is é RELEX.1 in Ard-Stiúrthóireacht an Chaidrimh Sheachtraigh - RELEX Ardrúnaíocht na Comhairle (Ardrúnaíocht) rialaitheoir na hoibríochta próiseála seo, ar féidir dul i dteagmháil leis ag:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

rphost: sanctions@consilium.europa.eu

Is féidir dul i dteagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí na hArdrúnaíochta ag:

An tOifigeach Cosanta Sonraí

data.protection@consilium.europa.eu

Is é cuspóir na hoibríochta próiseála liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha a bhunú agus a nuashonrú i gcomhréir le Cinneadh 2011/235/CBES, arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2023/153, agus Rialachán (AE) Uimh. 359/2011, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/152.

Is daoine nádúrtha iad na hábhair sonraí sin a chomhlíonann na critéir maidir le liostú arna leagan síos i gCinneadh 2011/235/CBES agus i Rialachán (AE) Uimh. 359/2011.

Áirítear ar na sonraí pearsanta arna mbailiú na sonraí is gá chun an duine lena mbaineann a shainaithint i gceart, an ráiteas ar chúiseanna agus aon sonraí eile a bhaineann leis.

Féadfar pé sonraí pearsanta a bhaileofar a roinnt, de réir mar is gá, leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus leis an gCoimisiún.

Gan dochar do shrianta dá bhforáiltear de bhun Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725, déanfar feidhmiú na gceart ag na hábhair sonraí, amhail an ceart chun rochtana, chomh maith leis na cearta chun ceartúcháin nó chun agóid a dhéanamh, a fhreagairt i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725.

Coimeádfar sonraí pearsanta go ceann 5 bliana ón uair a bhaintear an t-ábhar sonraí de liosta na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach nó ón uair a dtéann bailíocht an bhirt in éag, nó go ceann ré na n-imeachtaí cúirte i gcás tús a bheith curtha leo.

Gan dochar d’aon leigheas breithiúnach, riaracháin nó neamhbhreithiúnach, féadfaidh ábhair sonraí gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 (edps@edps.europa.eu).


(1)  IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.

(2)  IO L 100, 14.4.2011, lch. 51.

(3)  IO L 20 I, 23.1.2023, lch. 23.

(4)  IO L 100, 14.4.2011, lch. 1.

(5)  IO L 20 I, 23.1.2023, lch. 1.