25.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 184/1


Rún ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — “Aontaithe ar son an Daonlathais”

(2023/C 184/01)

Rapóirtéirí:

Stefano MALLIA (MT-I)

Oliver RÖPKE (AT-II)

Séamus BOLAND (IE-III)

Bunús dlí

Riail 50 de na Rialacha Nós Imeachta

Dáta a ghlactha sa seisiún iomlánach

23.3.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

577

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

181/0/5

Ar an dá thaobh de theorainneacha an Aontais, tá an téarnamh iar-phaindéime, luachanna daonlathacha, an spás sibhialta, saoirse na meán, an éagsúlacht agus an daonlathas liobrálach faoi bhrú, agus is ag dul in olcas atá cúrsaí ó thús an chogaidh ar thalamh na hEorpa: níos lú ná 50 % de dhaonra an domhain a chónaíonn i gcóras daonlathach.

Ós rud é go bhfuil an fogha uafásach faoin Úcráin agus na hiarmhairtí tubaisteacha daonnúla, sóisialta agus eacnamaíocha atá ag teacht chun cinn fós le feiceáil ar fud an domhain, tá glao á sheoladh ag CESE chun an daonlathas agus luachanna daonlathacha a threisiú.

Léirigh iarrachtaí urghnácha eagraíochtaí sochaí sibhialta (ESSanna) an Aontais lenar cuireadh cúnamh daonnúil, lóistíochtúil agus leighis ar fáil do mhuintir na hÚcráine a thábhachtaí atá sochaí shibhialta atá dea-nasctha, éifeachtúil agus bríomhar. Feictear go mbíonn gluaiseachtaí an phobail ag troid ar son an daonlathais lasmuigh den Úcráin freisin, cuir i gcás san Iaráin, sa Bhealarúis agus sa Mholdóiv, agus is ionann tacú leosan agus tacú leis an daonlathas féin.

Tá sé níos tábhachtaí anois ná riamh infheistíocht a dhéanamh chun go mbeidh tíortha daonlathacha níos athléimní, agus chun gur fearr a bheidh siad in ann ár gcearta bunúsacha a chosaint, síocháin agus cobhsaíocht sheanbhunaithe a chothú, agus rathúnas a bhaint amach do chách i ndeireadh na dála.

Níl aon amhras ach gur cheart dúinn machnamh comhpháirteach a dhéanamh ar chur chuige nua chun na struchtúir don daonlathas rannpháirtíochta a neartú. Is tábhachtaí anois ná riamh sochaí shibhialta atá láidir, neamhspleách agus éagsúil a bheith ann chun saoránacht ghníomhach agus daonlathas athléimneach a áirithiú lenar féidir an smacht reachta, cearta bunúsacha, an tsaoirse tuairimí a nochtadh agus sláine ár modha maireachtála dhaonlathaigh a choimirciú. Tá dlúthnasc neamh-inchúlghairthe idir coincheap an daonlathais san Aontas Eorpach agus coincheapa an chomhionannais, an cheartais, na hurraime do chearta an duine agus an neamh-idirdhealaithe, mar a leagtar síos in Airteagal 2 CAE.

In aimsir na n-athruithe agus na ndúshlán casta, is cuid amháin den scéal iomlán é an daonlathas dioscúrsach/rannpháirtíochta lena bhféadfaí an t-athrú sistéamach atá ag teastáil a chur i bhfeidhm. Is iomaí sampla atá ann a léiríonn go bhféadfadh an daonlathas dioscúrsach/rannpháirtíochta (má chuirtear chun feidhme go héifeachtach é) é a chur ar chumas lucht déanta beartas cinntí crua a dhéanamh maidir leis na fadhbanna beartais phoiblí is dúshlánaí agus muinín idir saoránaigh agus an rialtas a fheabhsú. Is é an réamhriachtanas atá ann a ráthú go gcuirfear san áireamh ann éagsúlacht tuairimí agus an ceart iad a chur in iúl gan bhac. Mar sin féin, ní réiteach gach faidhbe é an daonlathas rannpháirtíochta. Tá réimse leathan dúshlán roimh shochaithe daonlathacha, a dteastaíonn modhanna éagsúla rannpháirtíochta uathu. Dá bhrí sin, ní mór sásraí éagsúla a bheith in úsáid chun críoch éagsúil ag rialachas daonlathach le go mbainfear leas as na láidreachtaí agus na laigí faoi seach.

Ní mór dúinn, i dteannta a chéile, cothromaíocht nua a lorg idir an daonlathas ionadaíoch, an daonlathas rannpháirtíochta agus an daonlathas díreach.

Sna conclúidí ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa maidir leis an daonlathas Eorpach an 9 Bealtaine 2022, leagtar síos go sonrach i dtogra 36 agus i dtogra 39 na cuspóirí maidir le rannpháirtíocht na saoránach a mhéadú agus na struchtúir don daonlathas rannpháirtíochta agus do ghníomhaíochtaí breithniúcháin a neartú. Agus aird á tabhairt ar thorthaí na Comhdhála agus ar an ról tábhachtach atá ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) cheana féin, ba mhaith le CESE cur síos a dhéanamh ar roghanna éagsúla a d’fhéadfadh treoirphlean a sholáthar le haghaidh athchóirithe institiúideacha chun freastal ar chuspóirí CESE ar an mbealach is fearr.

Ina fhianaise sin, agus ag cur le Laethanta na Sochaí Sibhialta 2023, tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE):

1.

á iarraidh go ndéanfar Airteagal 11 CAE a chur chun feidhme go héifeachtach, lena n-áirítear straitéis Eorpach don tsochaí shibhialta agus Reacht Eorpach do Chomhlachais chun bloic thógála éagsúla a nascadh chun spás fíorchumhachtaithe agus fíorchuimsitheach a chothú, chun rannpháirtíocht a athnuachan agus idirphlé sibhialta struchtúrtha a chur chun feidhme ar fud institiúidí an Aontais, lena n-áirítear trí iarraidh ar an tsochaí shibhialta eagraithe freastal ar Chruinnithe Mullaigh Sóisialta agus ar chomhdhálacha ardleibhéil, go háirithe. Tá an-tábhacht ag baint leis na hacmhainní freisin, má tá rannpháirtíocht níos fónta agus níos leithne le bheith ag earnáil na sochaí sibhialta. Ní mór deiseanna cistiúcháin a fheabhsú agus creataí beartais cothroma agus trédhearcacha a chur ar fáil do ESSanna, lena n-áirítear cosaint trasteorann d’fhonn acmhainn agus athléimneacht a fhorbairt do gach ESS, lena n-áirítear eagraíochtaí don óige, an geilleagar sóisialta agus an earnáil dheonach, agus ní mór rochtain ar acmhainní solúbtha agus inbhuanaithe a chur ar fáil dóibh freisin, bídís príobháideach nó poiblí.

2.

Tá sé á chur i dtreis ag CESE gur gá an ról lárnach atá ag an tsochaí shibhialta eagraithe agus ag na comhpháirtithe sóisialta a neartú chun tacú leis an daonlathas dioscúrsach, lena gcomhlánaítear an daonlathas ionadaíoch, chun an t-idirphlé sibhialta a neartú tuilleadh i ngach Ballstát agus ar leibhéal an Aontais. Is ar chomhar daingean ar scála leathan idir an tAontas agus a Bhallstáit atá neart agus cumhacht na ndaonlathas Eorpach bunaithe, agus ní mór dóibh cur le fothú acmhainneachta eagraíochtaí na sochaí sibhialta ós rud é gur “caomhnóirí an leasa choitinn” iad ESSanna neamhspleácha, agus ról lárnach acu maidir le réitigh inbhuanaithe a shainaithint, nuálaíochtaí sochaíocha a chur chun cinn agus muinín fhrithpháirteach a chothú laistigh de shochaithe. Cuidíonn ESSanna freisin le próisis a shainaithint, saineolas a chur ar fáil chun éagsúlacht na ndíospóireachtaí a mhéadú, agus an daonlathas rannpháirtíochta a éascú mar a leagtar amach sna Conarthaí.

3.

Tá sé á iarraidh ag CESE go mbeadh cur chuige iomlánaíoch agus comhoibritheach ann maidir leis an oideachas agus an oiliúint chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair. Ba cheart beartas Eorpach maidir le scileanna a cheapadh in éineacht le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le comhpháirtithe sóisialta, a bhfuil caipiteal polaitiúil, eolas nithiúil agus tuiscint acu ar na riachtanais agus ar na heasnaimh atá ann faoi láthair. Sa chomhthéacs sin, tá sé á iarraidh ag CESE go n-ainmneofaí 2025 mar Bhliain Eorpach na nOibrithe Deonacha, óir tá ról tábhachtach ag an earnáil san fhorbairt a dhéantar ar scileanna neamhfhoirmiúla.

4.

Tá sé á chur chun suntais ag CESE gurb iad na hinniúlachtaí idirdhisciplíneacha bunchloch an daonlathais rannpháirtíochta agus dhioscúrsaigh, is iad sin comhar, smaointeoireacht chriticiúil, réiteach fadhbanna, bainistíocht dhaonlathach agus chomhchoiteann, réiteach coinbhleachtaí, an t-oideachas sibhialta agus litearthacht sna meáin. Tá na hinniúlachtaí sin ríthábhachtach a mhéid a bhaineann leis na treochtaí frithdhaonlathacha a chomhrac, luachanna Eorpacha a chur chun cinn agus deighiltí socheacnamaíocha agus polaitiúla atá ann faoi láthair a shárú, agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus comhpháirtithe sóisialta á gcumhachtú san am céanna chun beartais a chomhdhearadh trí mhodhanna comhairliúcháin nó rannpháirtíochta chun cuntasacht, trédhearcacht agus saoránacht ghníomhach a bhaint amach.

5.

Tá CESE tiomanta d’uirlisí a fhorbairt tuilleadh chun feabhas a chur ar an daonlathas rannpháirtíochta agus dioscúrsach, amhail an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh agus Comhairliúcháin Phoiblí AE ar Líne, ar gá rochtain iomlán a bheith orthu agus ar gá iad a chur in iúl don phobal i gcoitinne.

6.

Tá sé á chur i dtreis aige a thábhachtaí atá toghcháin Eorpacha 2024 agus ról ríthábhachtach ESSanna maidir le rannpháirtíocht vótálaithe agus meon dearfach i leith an Aontais Eorpaigh a spreagadh, agus maidir le staonadh ó vótáil a dhíspreagadh agus an bhréagaisnéis a chomhrac. Iarrann CESE ar na teaghlaigh pholaitiúla Eorpacha béim a leagan, ina bhforógraí toghcháin, ar ról eagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir leis an saol daonlathach a fheabhsú.

7.

Athdhearbhaíonn CESE go bhfuil sé sásta, in éineacht le heagraíochtaí na sochaí sibhialta i gcoitinne agus le hinstitiúidí an Aontais, idirghabháil a dhéanamh chun an tionscadal Eorpach a phlé leis na saoránaigh, ní hamháin leo siúd atá ar a shon cheana féin, agus go rachfar i dteagmháil leo ina bpobail, ina gcríocha, ina gcathracha agus ina sráidbhailte. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, na deiseanna a chruthú chun páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí poiblí agus cultúr rannpháirtíochta a chothú ar gach leibhéal.

8.

Ba cheart don Choimisiún foráil a dhéanamh maidir le teagmhálaithe a bheith ann a bheadh freagrach as an idirphlé sibhialta. Ba cheart dó freisin oibriú i gcomhar leis na Ballstáit chun neartú na struchtúr idirphlé shibhialta a chur chun cinn agus cuidiú a thabhairt na struchtúir sin a chur ar bun nuair nach ann dóibh go fóill, trí leas a bhaint as cistí Eorpacha. Leis an tionscnamh sin, is mó an fheasacht a bheadh ag saoránaigh agus chuirfí feabhas ar cháilíocht an idirphlé shibhialta, rud a chuideodh leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit tuiscint níos fearr a fháil ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag idirphlé sibhialta dea-fheidhmiúil do cheapadh beartas. Thairis sin, chuirfí leis an idirphlé sibhialta trí ghníomhaíochtaí taighde agus faireacháin, as a dtiocfadh sainaithint agus comhroinnt dea-chleachtas.

9.

Tá sé á thabhairt chun suntais ag CESE i ndáil leis an méid sin go bhfuil rannpháirtíocht daoine óga agus eagraíochtaí don óige thar a bheith tábhachtach chun vótálaithe céaduaire agus vótálaithe óga a spreagadh. D’fhonn ionadaíochas iomlán a bhaint amach, ní mór réitigh a chur chun cinn lena gcumasófar rannpháirtíocht leathan agus lena gcothófar comhionannas deiseanna. Is gá teagmháil a dhéanamh leo siúd is faide ó na hionaid chinnteoireachta agus dul i mbun plé leo. Is cosúil go bhfuil gá le rannpháirtíocht níos fearr ar an leibhéal áitiúil.

10.

Thairis sin, tá CESE ag iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa, ar an gComhairle Eorpach agus ar na Ballstáit Ionstraim Toghcháin 1976 a leasú mar ábhar práinne, chun prionsabail na huilíochta, na neamhbhailbhe agus na rúndachta i dtaca le toghcháin a shoiléiriú. D’fhágfadh sé sin go bhféadfaí caighdeáin a chur chun feidhme ar fud an Aontais, rud a ráthódh cearta vótála do dhaoine faoi mhíchumas.

Agus leas á bhaint as na moltaí thuas agus as an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, tá CESE:

11.

á chur in iúl go bhfuil sé den tuairim gur tiomantas polaitiúil athnuaite é an prótacal maidir le comhar leis an gCoimisiún Eorpach (27 Deireadh Fómhair 2022) a síníodh le déanaí chun rannchuidiú leis an gclár oibre polaitiúil Eorpach agus le príomhsprioc, cuspóirí (1) agus mianta na hEorpa, eadhon Aontas Eorpach a bhaint amach a bheidh iomaíoch, rathúil ó thaobh an gheilleagair de, cuimsitheach ar bhonn sóisialta agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, agus a áirithiú san am céanna go mbeidh an t-aistriú chuig an aeráidneodracht, an digitiú agus an t-athrú déimeagrafach cothrom agus cóir go sóisialta, agus go n-éireoidh leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus le Deacáid Dhigiteach 2030 do gach uile Eorpach. Ní mór an tAontas Eorpach a bheith á threorú freisin ag Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus ag Clár Oibre Iomaíochais, is iad sin na treochláir pholaitiúla lena n-áirithítear nach bhfágfar aon duine ar lár.

12.

Tá sé á chur in iúl ag CESE go bhfuil sé faoi réir – agus go bhfuil an dlisteanacht aige anois níos mó ná riamh – feidhmiú mar mhol lárnach do shaoránaigh agus do rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe, lena n-áirítear painéil saoránach a bheidh ann amach anseo. Is é an ról a bheadh ag mol den sórt sin tionchar na gcomhairliúchán leanúnach leis na saoránaigh arna n-eagrú ag an gCoimisiún Eorpach agus ag institiúidí eile a neartú, agus aiseolas a bhailiú go córasach ó shochaí shibhialta eagraithe na hEorpa maidir le príomhthosaíochtaí agus príomhbheartais uile chlár oibre polaitiúil na hEorpa. Cuideoidh sé sin le muinín an phobail as tionscadal agus institiúidí an Aontais a fheabhsú trí ról éifeachtach a thabhairt do shaoránaigh sa phróiseas cinnteoireachta poiblí. Ina cháil mar óstach, bheadh CESE in ann próisis mhachnamhacha a threorú, a dhearadh, a eagrú, a reáchtáil, a éascú agus maoirseacht a dhéanamh orthu le cabhair ó shaineolaithe seachtracha agus ionadaithe ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Cuireann an tairiscint sin, go háirithe, leis an tuarascáil deiridh ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa an 9 Bealtaine 2022 ina n-iarrtar go sainráite go ndéanfaí “ról institiúideach CESE a fheabhsú agus é a chumhachtú mar éascaitheoir agus ráthóir gníomhaíochtaí an daonlathais rannpháirtíochta amhail idirphlé struchtúrtha le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le painéil saoránach”. Sa chomhthéacs sin, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar mholtaí na dtuairimí féintionscnaimh ó CESE agus na dtústuairimí arna n-iarraidh ag an gCoimisiún trí mheastóireachtaí ar bheartais an Aontais, i gcás inarb ábhartha sin.

13.

Tá CESE den tuairim go bhféadfadh comhairliúcháin le painéil saoránach agus le ESSanna díriú ar chláir oibre a shocrú, amhail clár oibre an Choimisiúin a ullmhú, nó go bhféadfaí iad a nascadh le saolré na bpríomhthosaíochtaí reachtacha. D’fhéadfadh sé gurbh úsáidí ionchur na saoránach ag an gcéim réamhreachtach ionas go bhféadfaí plé a dhéanamh agus moltaí a dhéanamh roimh phríomhthograí (reachtacha) áirithe. Chuige sin, d’fhéadfaí comhairliúcháin le painéil saoránach agus le ESSanna a dhéanamh ar bhonn treochlár bliantúil agus amlíne bhliantúil, arna mbunú ag CESE i gcomhar leis na hinstitiúidí Eorpacha. D’fhéadfaí a áireamh leis sin iarrataí sonracha ón gCoimisiún Eorpach, ó Pharlaimint na hEorpa nó ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh, ó CESE féin ar a thionscnamh féin, nó ar thionscnamh a chomheagraíochta, Coiste Eorpach na Réigiún.

14.

Athdhearbhaíonn CESE go bhféadfaí tús a chur leis an timthriall gníomhaíochta leis an óráid ar Staid an Aontais agus leis an dearbhú intinne maidir le clár oibre bliantúil an Choimisiúin Eorpaigh don bhliain dar gcionn. Dhéanfaí comhairliúcháin sa chéad leath den bhliain dar gcionn.

15.

Leanfaidh CESE de bheith ag moladh d’institiúidí eile de chuid an Aontais Eorpaigh Fóram bliantúil an Aontais maidir le Cearta Bunúsacha, Cearta an Duine agus an Smacht Reachta a bhunú agus é sin mar chomhlánú ar uirlisí chun an smacht reachta a neartú. Áiritheofar leis an bhfóram sin go mbeidh an tsochaí shibhialta eagraithe agus eagraíochtaí pobail ó Bhallstáit uile an Aontais in ann luathrabhadh a thabhairt do chinnteoirí an Aontais maidir le cur i bhfeidhm iomlán agus trédhearcach Airteagal 2 CAE, rud lena gcuirfear feabhas ar an bhfaireachán. Thairis sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach caibidil maidir leis an tsochaí shibhialta a áireamh san athbhreithniú atá le déanamh ar an bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach. Beidh ról tábhachtach ag CESE freisin maidir le faireachán a dhéanamh ar phróisis aontachais na dtíortha is iarrthóirí agus éascóidh sé plé fóinteach leis na páirtithe lena mbaineann chun a áirithiú go n-urramófar luachanna Eorpacha, lena n-áirítear na luachanna sin a dhéanann difear do mhionlaigh náisiúnta agus eitneacha.

16.

Seolfaidh CESE Seachtain Eorpach na Sochaí Sibhialta chun an ról atá aige mar Theach na Sochaí Sibhialta Eorpaí a neartú agus chun cur leis an teacht a bhíonn ar na tionscnaimh shuaitheanta atá aige, amhail Laethanta na Sochaí Sibhialta, Lá an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, YEYS agus Duais na Sochaí Sibhialta. Leis an tionscnamh sin, tabharfar le chéile príomhghníomhaithe in eagraíochtaí Eorpacha agus náisiúnta na sochaí sibhialta, agus cuirfear fóram ar fáil le haghaidh idirphlé maidir le saincheisteanna is ábhar imní do gheallsealbhóirí na sochaí sibhialta ar an leibhéal Eorpach. Féachfaidh CESE le gníomhaíocht an phobail a neartú chun teagmháil a dhéanamh, a mhéid is féidir, leo siúd nach bhfuil ach deiseanna teoranta acu páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí ar shaincheisteanna Eorpacha agus chun a áirithiú go gcuirfear a dtuairimí san áireamh sna próisis chinnteoireachta.

An Bhruiséil, an 23 Márta 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Airteagal 2 agus Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.