27.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 146/1


Rún ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — “an Úcráin: Bliain amháin ó thosaigh ionradh na Rúise – dearcadh shochaí shibhialta na hEorpa”

(2023/C 146/01)

Rapóirtéirí:

Stefano MALLIA

Oliver RÖPKE

Séamus BOLAND

Bunús dlí

Riail 52(4) de na Rialacha Nós Imeachta

Dáta a ghlactha sa seisiún iomlánach

23.2.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

576

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

160/1/4

TÁ COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA HEORPA (CESE),

I ndáil le haontachas na hÚcráine leis an Aontas Eorpach

1.

á chur i bhfios go bhfuil daoine fós á gcailleadh san Úcráin ar son an daonlathais agus nach mór diongbháilteacht na tíre chun bheith ina Ballstát de chuid an Aontais a aithint ar dhóigh fhónta inbhraite;

2.

á chur chun suntais gur próiseas é próiseas an mhéadaithe a théann chun tairbhe don dá thaobh óir cuireann sé le cobhsaíocht an Aontais, neartaíonn sé an seasamh geopholaitiúil atá aige, cuireann sé an tsíocháin, luachanna AE agus dea-bhail mhuintir na hEorpa chun cinn (1) agus téann sé chun leas an uile dhuine trí mhargadh aonair níos mó; á chur in iúl, san am céanna, gur fearr a bheidh an Úcráin in ann an daonlathas, an smacht reachta agus cearta an duine a neartú a bhuíochas sin ar phróiseas an mhéadaithe;

3.

á chur i bhfáth nach mór do Bhallstáit an Aontais seasamh le chéile a mhéid a bhaineann le próiseas aontachais na hÚcráine; á mholadh go leanfaí sampla na dtíortha eile in Oirthear na hEorpa a tháinig isteach san Aontas idir 2004 agus 2013. Chuige sin, ní mór meithleacha um lánpháirtiú na hEorpa a chur ar bun faoi choimirce na n-aireachtaí ábhartha, meithleacha ina bhféadfaí oiliúint a chur ar oifigigh maidir le comhchuibhiú le caighdeáin, noirm, nósanna imeachta agus acquis an Aontais i gcoitinne;

4.

á thabhairt dá aire, bíodh is gur gá déanamh de réir phróiseas aontachais an Aontais, gur follas nach foláir tabhairt faoi phróiseas aontachais na hÚcráine (dála phróisis na dtíortha is iarrthóirí sna Balcáin Thiar agus i gComhpháirtíocht an Oirthir) ar an dóigh is praiticiúla is féidir agus trí na hathchóirithe ábhartha a dhéanamh i réimse an daonlathais, an smachta reachta, chearta an duine, na saoirsí bunúsacha, an gheilleagair mhargaidh agus chur chun feidhme acquis an Aontais;

I ndáil le binse idirnáisiúnta speisialta maidir le coir an fhogha faoin Úcráin agus smachtbhannaí i gcoinne Chónaidhm na Rúise

5.

go hiomlán i bhfabhar an rúin ó Pharlaimint na hEorpa ina n-iarrtar go mbunófaí binse idirnáisiúnta speisialta maidir le coir an fhogha faoin Úcráin (2). Ba cheart binse den sórt sin a bhunú i ndlúthchomhar leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus leis na Náisiúin Aontaithe; ag tathant ar an Aontas freisin a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le cúnamh idirnáisiúnta a chur ar fáil le himscrúdú a dhéanamh ar choireanna cogaidh, ar choireanna in aghaidh an chine daonna agus ar an gcinedhíothú;

6.

ag tacú leis an rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le Cónaidhm na Rúise a aithint mar stát is urraitheoir ar an sceimhlitheoireacht (3); á chur in iúl gur geal leis go sonrach an clásal ina n-iarrtar ar an Aontas agus ar na Ballstáit creat dlíthiúil AE a chur le chéile chun na stáit a thacaíonn leis an sceimhlitheoireacht agus a úsáideann modhanna sceimhlitheoireachta a ainmniú. Táthar ag súil leis go dtiocfaidh ann do bhearta suntasacha sriantacha i gcoinne na stát sin ó thaobh an gheilleagair, na polaitíochta, na sochaí agus an chultúir de thoradh ar chur chun feidhme creata dhlíthiúil AE den saghas sin;

7.

á chur in iúl go bhfuil sé i bhfách leis an moladh go n-áireofaí Grúpa Wagner ar liosta an Aontais Eorpaigh de sceimhlitheoirí;

I ndáil le “tuirse na hÚcráine” a chosc

8.

ag cur béim air go mba thubaiste amach is amach don daonlathas ar fud an domhain é dá gcaillfeadh an Úcráin an cogadh i gcoinne na Rúise. Ní mór don Aontas Eorpach gach a bhfuil ar a chumas a dhéanamh chun féachaint chuige nach dtiocfaidh tuirse ar an Úcráin. I bhfianaise an tionscadail síochána atá aige féin, tá sé de dhualgas morálta ar an Aontas tacú leis an Úcráin ar gach bealach dá bhfuil ann dá fhad a ghlacfaidh sé, lena n-áirítear trí chabhair dhaonnúil agus ó thaobh an bhonneagair de;

I ndáil le hatógáil agus téarnamh na hÚcráine

9.

á thabhairt le fios nach mór don Aontas na pleananna agus na huirlisí a bhfuil gá leo le haghaidh atógáil na hÚcráine a cheapadh gan a thuilleadh moille. Comhartha soiléir atá san ardán ilghníomhaireachtaí comhordaithe deontóirí don Úcráin go bhfuil an pobal idirnáisiúnta ag seasamh leis an Úcráin agus go leanfaidh sé air mar sin. Mar sin féin, de bhreis ar an aird a thugann an t-ardán ar chúnamh gearrthéarmach, ní mór dó an aird chéanna a thabhairt ar atógáil fhadtéarmach na hÚcráine;

10.

á chur chun suntais gur gá a áireamh sna pleananna atógála agus téarnaimh do shochaí agus críoch na hÚcráine dálaí oibre cothroma, forfheidhmiú dhlí an tsaothair, cur chun cinn na hoibre cuibhiúla, an ceart chun dálaí oibre sábháilte agus sláintiúla, agus deiseanna oiliúna do chách chomh maith;

11.

á chur i bhfáth nach aon dóithín é an Úcráin a atógáil agus nach mór na forálacha uile is gá a chur i bhfeidhm anois i dtreo go mbeidh muintir na hÚcráine in ann filleadh ar an saol mar a bhí a luaithe is féidir nuair a bheidh deireadh leis an gcogadh agus go mbeadh an tír in ann in ann geilleagar iomaíoch a thógáil a mbeidh an t-aistriú glas, an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú cóir mar chuid de agus a chruthóidh rathúnas do mhuintir uile na hÚcráine. Ar a mhuin sin, ba cheart a áireamh sna próisis sin tacaíocht chun na poist a cailleadh san Úcráin de dheasca ionradh na Rúise a athchruthú;

12.

á iarraidh go mbeadh lámh ag na comhpháirtithe sóisialta agus ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta eagraithe i gceapadh agus i gcur chun feidhme na bpleananna atógála agus téarnaimh agus san fhaireachán orthu. Ar an gcaoi sin, d’áiritheofaí trédhearcacht agus cothroime agus chinnteofaí go n-úsáidfí acmhainní sna réimsí is mó a bhfuil gá leo;

13.

á thabhairt chun cuimhne gur chun leas an Aontais agus na hÚcráine araon cuidiú le gnólachtaí den uile chineál san Úcráin teacht slán as an gcogadh agus tacú leo an bhunchloch a leagan síos le haghaidh geilleagar rathúil le linn phróiseas na hatógála. Anuas ar an Úcráin a thabhairt isteach i gClár an Mhargaidh Aonair, is gá rochtain a bheith aici ar chláir lárnacha eile de chuid an Aontais. Tá bearta tacaíochta leanúnacha agus feabhsaithe de dhíth ar ghnólachtaí maidir le comhroinnt eolais, an lóistíocht agus rochtain ar mhaoiniú díreach agus indíreach;

14.

á iarraidh go n-athbhunófaí an t-idirphlé sóisialta san Úcráin faoin dlí airm d’ainneoin na ndúshlán a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil leis sin. Gné lárnach de choinbhinsiúin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) agus den Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin is ea an t-idirphlé sóisialta agus beidh sé ar cheann de na príomhionstraimí sna comhairliúcháin idir an rialtas, na fostóirí agus na hoibrithe maidir le saincheisteanna a bhaineann le hatógáil eacnamaíoch agus shóisialta na hÚcráine;

15.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó na comhaontuithe dearfacha tríthaobhacha maidir le hathchóirithe ar dhlí an tsaothair san Úcráin agus an feabhas is dócha a thiocfaidh ar fhorálacha reachtacha maidir le comhaontuithe comhchoiteanna; ag leagan béim air gur gá saineolaithe ón Úcráin, ó EIS agus ón Aontas a bheith rannpháirteach sa phróiseas chun caighdeáin saothair idirnáisiúnta agus ráthaíochtaí sóisialta agus saothair a chur chun feidhme;

I ndáil le tacaíocht don tsochaí shibhialta agus teagmhálacha idirphearsanta

16.

ag moladh eagraíochtaí na sochaí sibhialta san Aontas agus san Úcráin as an dlúthpháirtíocht a léirigh siad trí gharchabhair agus tacaíocht a thabhairt dóibh siúd atá ar teitheadh ón gcogadh;

17.

ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé sásra AE a bhunú chun sochaí shibhialta na hÚcráine a chumhachtú trí chistiú a chur ar fáil agus trína rannpháirtíocht i líonraí sochaí sibhialta an Aontais a éascú. Ba chóir aird faoi leith a thabhairt ar thacaíocht airgeadais agus riaracháin a chur ar fáil agus a chomhordú d’Ardán Sochaí Sibhialta AE-na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin agus d’eagraíochtaí eile na sochaí sibhialta san Úcráin, bratlíonraí atá lonnaithe sa Bhruiséil agus eagraíochtaí diaspóra na hÚcráine san áireamh.

18.

á iarraidh go méadófaí an buiséad faoin gclár Erasmus+ don Úcráin in 2024 chun gur féidir le 1 000 duine breise ón Úcráin páirt a ghlacadh sa chlár agus, ar an dóigh sin, chun gur líonmhaire láidre na naisc idir an tAontas agus sochaí shibhialta na hÚcráine. Ach tréimhsí oiliúna agus deiseanna malartaithe den chineál sin a bheith ar fáil in CESE agus in institiúidí AE eile, is mó an fheasacht a bheadh ag daoine óga na hÚcráine ar na tairbhí sóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann le lánpháirtiú san Aontas Eorpach.

An Bhruiséil, an 23 Feabhra 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

(2)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Eanáir 2023 maidir le binse a bhunú i dtaca le coir an fhogha i gcoinne na hÚcráine (2022/3017(RSP)).

(3)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Samhain 2022 maidir le cónaidhm na Rúise a aithint mar stát is urraitheoir ar an sceimhlitheoireacht (2022/2896(RSP)).