7.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 317/6


Fógra maidir le dul in éag atá le tarlú i dtaca le bearta frithdhumpála áirithe

(2023/C 317/05)

1.   

Mar a fhoráiltear in Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1), tá an Coimisiún ag tabhairt fógra go rachaidh na bearta frithdhumpála a luaitear thíos in éag ar an dáta a luaitear sa tábla thíos mura dtionscnófar athbhreithniú i gcomhréir leis an nós imeachta seo a leanas.

2.   Nós imeachta

Féadfaidh táirgeoirí de chuid an Aontais iarraidh i scríbhinn a dhéanamh ar athbhreithniú. Ní mór fianaise leordhóthanach a bheith san iarraidh sin gur dócha go leanfar le dumpáil agus le díobháil nó go gcuirfear tús leo arís mar thoradh ar dhul in éag na mbeart. Má chinneann an Coimisiún na bearta lena mbaineann a athbhreithniú, tabharfar deis ansin d’allmhaireoirí, d’onnmhaireoirí, d’ionadaithe na tíre is onnmhaireoir agus do tháirgeoirí de chuid an Aontais a mbarúil a thabhairt ar na hábhair a leagtar amach san iarraidh ar athbhreithniú, nó béim a leagan ar na hábhair sin, nó iad a bhréagnú.

3.   Teorainn ama

Ar bhonn an mhéid thuas féadfaidh táirgeoirí an Aontais iarraidh i scríbhinn a dhéanamh ar athbhreithniú, iarraidh nach mór a bheith faighte ag an gCoimisiún Eorpach ag an seoladh seo: Commission européenne, Direction générale du commerce (Unité G-1), CHAR 4/39, 1049 Bruxelles/Brussel, an Bheilg (2) tráth ar bith tar éis fhoilsiú an fhógra seo ach tráth nach déanaí ná trí mhí roimh an dáta a luaitear sa tábla thíos.

4.

Foilsítear an fógra seo i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036.

Táirge

Tír/tíortha tionscnaimh nó tír/tíortha is onnmhaireoir

Bearta

Tagairt

Dáta éaga (3)

Scragall alúmanaim ina rollaí

Daon-Phoblacht na Síne

Dleacht frithdhumpála

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2019/915 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí scragall alúmanaim áirithe atá i rollaí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne i ndiaidh athbhreithniú éaga faoi Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 146, 5.6.2019, lch. 63)

6.6.2024


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  TRADE-Defence-Complaints@ec.europa.eu

(3)  Téann an beart in éag ag meán oíche (00:00) an lá a luaitear sa cholún seo.