|
11.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 282/4 |
Fógra tionscnaimh maidir le himeachtaí frithdhumpála i ndáil le hallmhairí eistear fosfáite ailcile áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne
(2023/C 282/04)
Fuair an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) gearán de bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), ina líomhnaítear go bhfuil allmhairí eistear fosfáite ailcile áirithe de thionscnamh na Síne á ndumpáil agus go bhfuil siad ag déanamh díobháil (2) do thionscal an Aontais dá bhrí sin.
1. An Gearán
Rinne ICL Europe U.A., Lanxess Deutschland GmbH agus PCC Rokita S.A (‘na gearánaigh’) an gearán a thaisceadh an 30 Meitheamh 2023. Ba é tionscal eistir fosfáite ailcile áirithe an Aontais a rinne an gearán de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán.
Tá leagan oscailte den ghearán mar aon le hanailís ar a mhéid a thacaíonn táirgeoirí de chuid an Aontais leis an ngearán ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara. I roinn 5.6 den Fhógra seo, tá faisnéis le fáil faoi rochtain ar an gcomhad le haghaidh páirtithe leasmhara.
2. An táirge faoi imscrúdú
Is é atá sa táirge atá faoi réir an imscrúdaithe seo eistir fosfáite ailcile áirithe atá bunaithe go heisiach ar thaobhshlabhraí a bhfuil fad dhá nó trí adamh carbóin acu (lena n-áirítear slabhraí ailcile clóirínithe freisin) agus ina bhfuil cion fosfair 9 % (de réir meáchain) ar a laghad agus slaodacht idir 1 agus 100 mPa.s (3) (ag 20-25°C) a thagann faoi uimhreacha Sheirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha 13674-84-5, 1244733-77-4 agus 78-40-0 agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (‘an táirge faoi imscrúdú’).
Gach páirtí leasmhar ar mian leis faisnéis a chur isteach maidir leis an raon táirge, ní mór dó é sin a dhéanamh laistigh de 10 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo (4).
3. Líomhain maidir le dumpáil
An táirge a líomhnaítear go bhfuil sé á dhumpáil, is é an táirge faoi imscrúdú é, is de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tír lena mbaineann’) é agus tá sé aicmithe faoi chód ex CN 2919 90 00 (cóid TARIC 2919900050 agus 2919900065) agus cód ex CN 3824 99 92 (cód TARIC 3824999238) faoi láthair. Tugtar liosta na gcód TARIC i gcomhair faisnéise amháin gan dochar do leasú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin ag céimeanna eile den nós imeachta a thiocfaidh i gceist amach anseo. Tá raon feidhme an imscrúdaithe seo faoi réir shainiú an táirge faoi imscrúdú, sainiú atá i Roinn 2.
Is éard a mhaígh na gearánaigh nárbh iomchuí praghsanna agus costais intíre i nDaon-Phoblacht na Síne a úsáid mar ba ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a), pointe (b) den bhun-Rialachán.
Chun bunús a thabhairt leis na líomhaintí maidir le saobhadh suntasach, bhí na gearánaigh ag brath ar an bhfaisnéis a bhí sa Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun Críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála (5). Go háirithe, mhaígh na gearánaigh gur cosúil go mbeadh tionchar ag tosca áirithe ar tháirgeadh agus ar dhíol an táirge faoi imscrúdú, is iad sin, inter alia, na tosca a luaitear sna caibidlí den tuarascáil maidir le talamh, fuinneamh, caipiteal, amhábhair, saothar agus an earnáil ceimiceán.
Ina theannta sin, bhí na gearánaigh ag brath ar fhaisnéis a bhí ar fáil go poiblí, go háirithe an Achoimre ar an 14ú Plean Cúig Bliana de chuid Dhaon-Phoblacht na Síne le haghaidh Forbairt Eacnamaíoch agus Shóisialta Náisiúnta agus Cuspóirí Fadtéarmacha do 2035 (6), an 14ú Plean Cúig Bliana le haghaidh Forbairt Thionscal na nÁbhar Tógála (7), an 14ú Plean Cúig Bliana le haghaidh Forbairt na Lóistíochta Slabhra Fhuair (8), an 14ú Plean Cúig Bliana Plean Speisialta le haghaidh Nuálaíocht Eolaíoch agus Theicneolaíoch i Réimse na Timpeallachta Éiceolaíche (9), doiciméid an 14ú Plean Cúig Bliana maidir le forbairt thionscal na n-ábhar nua i gcúigí Zhejiang (10), Hubei (11) agus Anhui (12), Coimisiún Slándála um Pleanáil Oibre Dóiteáin Náisiúnta an 14ú Plean Cúig Bliana (13), an Ciorclán maidir leis an 14ú Plean Cúig Bliana i dtaca le Plean Forbartha Chaighdeánú an Bhainistithe Éigeandála (14), na Tuairimí Treorach ar Fhorbairt Ardcháilíochta an Tionscail Snáithíní Ceimiceacha (15), Tuarascáil 2019 ó Ionadaí Trádála na Stát Aontaithe maidir le Comhlíontacht EDT na Síne (16), Lánléargas Thionscal Lasairmhoillitheach na Síne in 2022 (17), an fógra Made in China 2025 (18), nó an Chatalóg is déanaí maidir le hOiriúnú an Struchtúir Thionsclaíoch a Threorú (2019) arna foilsiú ag an gCoimisiún um Fhorbairt agus Athchóiriú Náisiúnta (19). Ar deireadh, bhí an t-iarratasóir ag brath freisin ar thorthaí an Choimisiúin i roinnt imscrúduithe frithdhumpála a rinneadh le déanaí, agus ar thuarascálacha bliantúla na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne chun fóirdheontais a fháil.
Dá bhrí sin, i bhfianaise Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, an líomhain go bhfuiltear ag dumpáil, tá sí bunaithe ar chomparáid idir gnáthluach ríofa ar bhonn costais táirgthe agus díolachán a léiríonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa, agus praghas onnmhairiúcháin an táirge faoi imscrúdú (ar leibhéal an phraghais díreach ón monarcha) ón tír nuair a dhíoltar é lena onnmhairiú chuig an Aontas.
Na corrlaigh dumpála arna ríomh ar bhonn na comparáide sin, is corrlaigh mhóra iad i gcás na tíre lena mbaineann.
I bhfianaise na faisnéise atá ar fáil, measann an Coimisiún gur leor an fhianaise atá ann de bhun Airteagal 5(9) den bhun-Rialachán a léiríonn go hiondúil nach iomchuí na praghsanna agus na costais intíre sa tír lena mbaineann a úsáid i ngeall ar shaobhadh suntasach a dhéanann difear do phraghsanna agus do chostais, rud a fhágann gur gá imscrúdú a thionscnamh de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.
Tá an tuarascáil tíre ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála (20).
4. Líomhain maidir le díobháil agus an nasc cúisíoch
4.1. Líomhain maidir le díobháil agus an nasc cúisíoch
Chuir na gearánaigh fianaise ar fáil gur tháinig méadú foriomlán, i ndearbhthéarmaí agus ó thaobh sciar den mhargadh de, ar allmhairí an táirge faoi imscrúdú ón tír lena mbaineann.
Léiríonn an fhianaise a sholáthair na gearánaigh gur imir méid agus praghsanna an táirge onnmhairithe faoi imscrúdú tionchar diúltach, i measc iarmhairtí eile, ar na cainníochtaí a dhíol tionscal an Aontais, ar leibhéal na bpraghsanna a ghearr sé agus ar an sciar den mhargadh a bhí aige, agus ba ann d'éifeachtaí díobhálacha substainteacha ar fheidhmíocht fhoriomlán agus staid airgeadais thionscal an Aontais.
4.2. Líomhain maidir le saobhadh amhábhair
Tá fianaise leordhóthanach curtha ar fáil ag na gearánaigh go bhféadfadh saobhadh amhábhair a bheith ann sa tír lena mbaineann maidir leis an táirge faoi imscrúdú. De réir na fianaise sa ghearán, tá ocsaíd phróipiléine a tháirgtear ar bhealach eile seachas trí ocsaídiú díreach agus comhocsaídiú faoi réir toirmeasc onnmhairiúcháin sa tír lena mbaineann. Is ionann ocsaíd phróipiléine agus os cionn 50 % de chostas táirgthe an táirge faoi imscrúdú. Ar bhonn comparáide idir praghas na ocsaíde próipiléine a tháirgtear san Aontas mar thagarmharc don mhéid a tháirgtear sa tír lena mbaineann, suitear leis an ngearán go ndealraíonn sé go bhfuil praghsanna ann atá go suntasach faoi bhun phraghsanna na margaí ionadaíocha idirnáisiúnta mar thoradh ar shaobhadh amhábhair.
Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 7(2a) den bhun-Rialachán, déanfar scrúdú ar an saobhadh líomhnaithe san imscrúdú chun a mheas, más ábhartha, an mbeadh dleacht níos ísle ná an corrlach dumpála leordhóthanach chun deireadh a chur leis an díobháil a bhaint. Má shainaithnítear saobhadh eile a chumhdaítear le hAirteagal 7(2a) den bhun-Rialachán le linn an imscrúdaithe, féadfaidh an t-imscrúdú an saobhadh sin a chumhdach freisin.
5. Nós imeachta
Arna chinneadh don Choimisiún, tar éis dó na Ballstáit a chur ar an eolas, gur chuir tionscal an Aontais an gearán isteach, nó gur cuireadh isteach thar ceann thionscal an Aontais é, agus gur leor an fhianaise atá ann chun údar cuí a thabhairt le himeachtaí a thionscnamh, tá an Coimisiún, leis seo, ag cur tús le imscrúdú de bhun Airteagal 5 den bhun-Rialachán.
Is éard a chinnfear leis an imscrúdú an bhfuil dumpáil á déanamh i gcás an táirge faoi imscrúdú de thionscnamh na tíre lena mbaineann agus ar bhain díobháil do thionscal an Aontais i ngeall ar na hallmhairí dumpáilte.
Más deimhneach na conclúidí, scrúdófar san imscrúdú an mbeadh sé chun leas an Aontais dá bhforchuirfí bearta faoi Airteagal 21 den bhun-Rialachán. Chun a chinneadh an bhfuil feidhm ag Airteagal 7(2a), déanfaidh an t-imscrúdú scrúdú freisin ar thástáil maidir le leas an Aontais faoi Airteagal 7(2b) den bhun-Rialachán.
5.1. An tréimhse imscrúdúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú
Leis an imscrúdú ar dhumpáil agus díobháil, cumhdófar an tréimhse ón 1 Iúil 2022 go dtí an 30 Meitheamh 2023 (‘tréimhse an imscrúdaithe’). Leis an scrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir le measúnú na díobhála, cumhdófar an tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí deireadh thréimhse an imscrúdaithe (‘an tréimhse faoi bhreathnú’).
5.2. Barúlacha maidir leis an ngearán agus tionscnamh an imscrúdaithe
Gach páirtí leasmhar ar mian leis barúil a thabhairt maidir leis an ngearán (lena n-áirítear ábhair a bhaineann le díobháil agus cúisíocht) nó maidir le haon ghé a bhaineann le tionscnamh an imscrúdaithe (lena n-áirítear a mhéid a thacaítear leis an ngearán), ní mór dó déanamh amhlaidh laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fógra seo.
Aon iarraidh ar éisteacht maidir le tionscnamh an imscrúdaithe, ní mór í a chur isteach laistigh de 15 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.
5.3. Nós imeachta um dhumpáil a chinneadh
Táirgeoirí onnmhairiúcháin (21) an táirge faoi imscrúdú ón tír lena mbaineann, iarrtar orthu a bheith rannpháirteach in imscrúdú an Choimisiúin.
5.3.1. Imscrúdú a dhéanamh ar tháirgeoirí onnmhairiúcháin
5.3.1.1. Nós imeachta chun táirgeoirí onnmhairiúcháin atá le himscrúdú i nDaon-Phoblacht na Síne a roghnú
(a) Sampláil
Ó tharla go bhféadfadh líon mór táirgeoirí onnmhairiúcháin sa tír lena mbaineann a bheith bainteach leis na himeachtaí seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche le linn teorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur leis an líon tairgeoirí a dhéanfar imscrúdú orthu, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar ‘sampláil’ ar an bpróiseas sin). Is i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán a dhéanfar an tsampláil.
Chun gur féidir leis an gCoimisiún a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, iarrtar ar na tairgeoirí onnmhairiúcháin uile, nó ar na hionadaithe atá ag gníomhú thar a gceann, faisnéis faoina gcuideachta a chur ar fáil don Choimisiún laistigh de 7 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo. Ní mór an fhaisnéis sin a chur ar fáil trí TRON.tdi (‘TRON’) ag an seoladh seo a leanas:
https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/tdi/form/AD694_SAMPLING_FORM_FOR_EXPORTING_PRODUCER
I ranna 5.6 agus 5.8 thíos, tá faisnéis le fáil faoi rochtain ar TRON.
An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach chun sampla na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a roghnú, chun an fhaisnéis sin a fháil, rinne sé teagmháil le húdaráis Dhaon-Phoblacht na Síne freisin agus is féidir go ndéanfaidh sé teagmháil le haon chomhlachas aitheanta de tháirgeoirí onnmhairiúcháin.
Má tá gá le sampla, féadfar na tairgeoirí onnmhairiúcháin a roghnú ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó d'allmhairí chuig an Aontais ar féidir imscrúdú a dhéanamh air go réasúnta le linn an ama atá ar fáil. Gach táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta, údaráis Dhaon-Phoblacht na Síne, agus comhlachais táirgeoirí onnmhairiúcháin, tabharfaidh an Coimisiún fógra dóibh, trí údaráis Dhaon-Phoblacht na Síne más iomchuí, faoi na cuideachtaí a roghnaíodh le bheith sa sampla.
Nuair a gheobhaidh an Coimisiún an fhaisnéis is gá chun sampla de na táirgeoirí onnmhairiúcháin a roghnú, cuirfidh sé na páirtithe lena mbaineann ar an eolas faoina chinneadh iad a roghnú nó gan iad a roghnú le bheith sa sampla. Beidh ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá ón dáta a tugadh fógra dóibh faoin gcinneadh iad a roghnú le bheith sa sampla, mura sonraítear a mhalairt.
Cuirfidh an Coimisiún nóta a léiríonn roghnú an tsampla leis an gcomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara. Aon bharúil maidir le roghnú an tsampla, ní mór í a bheith faighte laistigh de thrí lá ón dáta a fógraíodh an cinneadh faoin sampla.
Tá cóip den cheistneoir le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireachta na Trádála:
https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2676
Cuirfear an ceistneoir ar fáil freisin d’aon chomhlachas aitheanta de tháirgeoirí onnmhairiúcháin agus d’údaráis na tíre sin.
Gan dochar do chur i bhfeidhm féideartha Airteagal 18 den bhun-Rialachán, na táirgeoirí onnmhairiúcháin a bhí toilteanach a bheith sa sampla ach nár roghnaíodh iad le bheith ann, measfar gur táirgeoirí comhoibríocha atá iontu (‘táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha neamhshampláilte’). Gan dochar do roinn 5.3.1.1(b) thíos, an dleacht frithdhumpála a fhéadfar a chur i bhfeidhm maidir le hallmhairí ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha neamhshampláilte, ní sháróidh sí an meánchorrlach ualaithe dumpála a shuitear le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sa sampla (22).
(b) An corrlach dumpála aonair le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin nach bhfuil sa sampla
De bhun Airteagal 17(3) den bhun-Rialachán, féadfaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha neamhshampláilte a iarraidh ar an gCoimisiún a gcorrlaigh dumpála aonair a shuí. Na táirgeoirí onnmhairiúcháin ar mian leo corrlach dumpála aonair a éileamh, ní mór dóibh ceistneoir a líonadh isteach go cuí agus a chur ar ais laistigh de 30 lá ón lá a tugadh fógra faoi roghnú an tsampla, mura sonraítear a mhalairt.
Tá cóip den cheistneoir le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireachta na Trádála:
https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2676
Déanfaidh an Coimisiún scrúdú chun a chinneadh cé acu is féidir nó nach féidir dleacht aonair a dheonú do tháirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha neamhshampláilte i gcomhréir le hAirteagal 9(5) den bhun-Rialachán.
I gcás táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha neamhshampláilte atá ag éileamh corrlach dumpála aonair, áfach, ba cheart a fhios a bheith acu go bhféadfadh sé go mbeartódh an Coimisiún mar sin féin gan a gcorrlach dumpála aonair a chinneadh, más amhlaidh, cuir i gcás, go bhfuil líon na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha neamhshampláilte chomh mór sin go mbeadh ualach míchuí ag baint leis an gcinneadh sin agus go gcuirfeadh sé bac ar thabhairt i gcrích tráthúil an imscrúdaithe.
5.3.2. Nós imeachta breise maidir leis an tír lena mbaineann atá faoi réir saobhadh suntasach
Faoi réir fhorálacha an Fhógra seo, iarrtar ar gach páirtí leasmhar a chuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach, agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Mura sonraítear a mhalairt, ní mór an fhaisnéis agus an fhianaise thacaíochta sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.
Go háirithe, iarrann an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara uile a dtuairim a chur in iúl maidir leis na hionchuir agus maidir le cóid an Chórais Chomhchuibhithe (HS) a sholáthraítear sa ghearán, tír ionadaíoch nó tíortha ionadaíocha iomchuí a mholadh agus céannacht tháirgeoirí an táirge faoi imscrúdú sna tíortha sin a chur ar fáil. Ní mór an fhaisnéis agus an fhianaise thacaíochta sin a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 15 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.
De bhun Airteagal 2(6a), pointe (e) den bhun-Rialachán, go gairid tar éis a thionscanta, cuirfidh an Coimisiún páirtithe san imscrúdú ar an eolas faoi na foinsí ábhartha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, roghnú tríú tír ionadaíoch iomchuí a bhfuil sé beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh de bhun Airteagal 2(6a) trí bhíthin nóta a bheidh ag gabháil leis an gcomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara. Tabharfar 10 lá do na páirtithe san imscrúdú a mbarúlacha a thabhairt maidir leis an nóta, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a), pointe (e).
D’fhonn an tríú tír ionadaíoch iomchuí a roghnú ar deireadh, scrúdóidh an Coimisiún an bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche ag na tríú tíortha sin atá cosúil le leibhéal forbartha eacnamaíche na tíre lena mbaineann, an bhfuil táirgeadh agus díolachán an táirge faoi imscrúdú iontu agus an bhfuil sonraí ábhartha ar fáil go héasca iontu. I gcás ina bhfuil níos mó ná rogha amháin ann i ndáil le tríú tír ionadaíoch, tabharfar tús áite, i gcás inarb iomchuí, do thíortha inar leordhóthanach leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil atá iontu. De réir na faisnéise atá ar fáil don Choimisiún, d'fheadfadh an Bhrasaíl a bheith ina tríú tír ionadaíoch iomchuí.
I gcomhthéacs an phróisis sin, iarrann an Coimisiún ar tháirgeoirí uile na tíre lena mbaineann faisnéis a chur ar fáil maidir leis na hábhair (amh agus próiseáilte) agus an fuinneamh a úsáidtear chun an táirge faoi imscrúdú a tháirgeadh laistigh de 15 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo. Ní mór an fhaisnéis sin a chur ar fáil trí TRON.tdi ag an seoladh seo a leanas:
https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/tdi/form/AD694_INFO_ON_INPUTS_FOR_EXPORTING_PRODUCER_FORM
I ranna 5.6 agus 5.8 thíos, tá faisnéis le fáil faoi rochtain ar TRON.
Thairis sin, ní mór aon fhaisnéis fhíorasach a chuirtear isteach chun luach a chur ar chostais agus ar phraghsanna de bhun Airteagal 2(6a), pointe (a) den bhun-Rialachán a chomhdú laistigh de 65 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo. Is ó fhoinsí poiblí atá ar fáil go héasca ba cheart an fhaisnéis fhíorasach sin a thógáil, agus ó na foinsí sin amháin.
5.3.3. Imscrúdú a dhéanamh ar allmhaireoirí neamhghaolmhara (23) (24)
Allmhaireoirí neamhghaolmhara a allmhairíonn an táirge faoi imscrúdú ó Dhaon-Phoblacht na Síne chuig an Aontas, iarrtar orthu a bheith rannpháirteach san imscrúdú seo.
Ó tharla go bhféadfadh líon mór allmhaireoirí neamhghaolmhara a bheith bainteach leis na himeachtaí seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche le linn na dteorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur leis an líon allmhaireoirí neamhghaolmhara a dhéanfar imscrúdú orthu, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar ‘sampláil’ ar an bpróiseas sin freisin). Is i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán a dhéanfar an tsampláil.
Chun gur féidir leis an gCoimisiún a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, iarrtar ar na hallmhaireoirí neamhghaolmhara uile, nó ar na hionadaithe atá ag gníomhú thar a gceann, an fhaisnéis faoina gcuideachta nó faoina gcuideachtaí arna hiarraidh san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bhFógra seo a chur ar fáil don Choimisiún laistigh de 7 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.
An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach chun sampla na dtáirgeoirí a roghnú, chun an fhaisnéis sin a fháil, is féidir go ndéanfaidh sé teagmháil le haon chomhlachas aitheanta d’allmhaireoirí.
Má tá gá le sampla, féadfar na tairgeoirí onnmhairiúcháin a roghnú ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó de dhíolacháin an táirge faoi imscrúdú san Aontais ar féidir imscrúdú a dhéanamh air go réasúnta le linn an ama atá ar fáil.
Nuair a gheobhaidh an Coimisiún an fhaisnéis is gá chun sampla a roghnú, cuirfidh sé na páirtithe lena mbaineann ar an eolas faoina chinneadh maidir le sampla na n-onnmhaireoirí. Cuirfidh an Coimisiún nóta a léiríonn roghnú an tsampla leis an gcomhad iniúchadh ag na páirtithe leasmhara. Aon bharúil maidir le roghnú an tsampla, ní mór í a bheith faighte laistigh de thrí lá ón dáta a fógraíodh an cinneadh faoin sampla.
An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach le haghaidh a imscrúdaithe, chun an fhaisnéis sin a fháil, cuirfidh sé ceistneoirí ar fáil do na hallmhaireoirí neamhghaolmhara sampláilte. Ní mór do na páirtithe sin ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá ón dáta a tugadh fógra faoin sampla, mura sonraítear a mhalairt.
Tá cóip den cheistneoir le haghaidh allmhaireoirí ar fáil sa chomhad iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin na hArd-Stiúrthóireachta Trádála:
https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2676
5.4. Nós imeachta um dhíobháil a chinneadh agus um imscrúdú a dhéanamh ar tháirgeoirí Aontais
Is ar fhianaise dheimhneach a bhunaítear cinneadh i leith díobhála, agus cuimsíonn sé imscrúdú oibiachtúil ar mhéid na n-allmhairí dumpáilte, ar a n-éifeacht ar phraghsanna ar mhargadh an Aontais agus ar thionchar na n-allmhairí sin ar thionscal an Aontais ina dhiaidh sin. Chun a shuí ar bhain díobháil do thionscail an Aontais, iarrtar ar tháirgeoirí an táirge faoi imscrúdú a bheith rannpháirteach in imscrúdú an Choimisiúin.
I bhfianaise an líon mór táirgeoirí de chuid an Aontais lena mbaineann, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche le linn na dteorainneacha ama reachtúla, chinn an Coimisiún teorainn a chur leis an líon táirgeoirí de chuid an Aontais a dhéanfar imscrúdú orthu, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar ‘sampláil’ ar an bpróiseas seo freisin). Is i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán a dhéantar an tsampláil.
Roghnaigh an Coimisiún sampláil táirgeoirí de chuid an Aontais go sealadach. Is féidir na sonraí a fháil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara. Iarrtar ar pháirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt ar an sampla sealadach. Sa bhreis air sin, táirgeoirí eile den Aontais, nó ionadaithe atá ag gníomhú thar a gceann, a mheasann gurb ann do chúiseanna ar cheart dóibh a chuimsiú sa tsampláil, ní mór dóibh teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún laistigh de 7 lá ó lá foilsithe an Fhógra seo. Ní mór na barúlacha uile maidir leis an sampla sealadach a fháil laistigh de 7 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt.
Tabharfaidh an Coimisiún fógra do gach táirgeoir aitheanta de chuid an Aontais agus do gach comhlachas aitheanta de tháirgeoirí de chuid an Aontais faoi na cuideachtaí a roghnaíodh ar deireadh le bheith sa sampla.
Beidh ar na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá ón dáta a tugadh fógra dóibh faoin gcinneadh iad a roghnú le bheith sa sampla, mura sonraítear a mhalairt.
Tá cóip den cheistneoir le haghaidh táirgeoirí de chuid an Aontais ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireachta na Trádála:
https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2676
5.5. Nós imeachta chun measúnú a dhéanamh ar leas an Aontais i gcás líomhaintí maidir le saobhadh amhábhair
I gcás saobhadh amhábhar mar a shainaithnítear in Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán, déanfaidh an Coimisiún tástáil maidir le leas an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 7(2b) den Rialachán sin.
Iarrtar ar pháirtithe leasmhara an fhaisnéis ábhartha uile a chur ar fáil lena gcuirfear ar chumas an Choimisiúin a chinneadh an bhfuil sé chun leas an Aontais leibhéal na mbeart a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 7(2a) den bhun-Rialachán. Go háirithe, iarrtar ar pháirtithe leasmhara aon fhaisnéis a chur ar fáil maidir le hacmhainneachtaí breise sa tír lena mbaineann, iomaíocht le haghaidh amhábhar agus an éifeacht ar shlabhraí soláthair do chuideachtaí san Aontas. In éagmais comhoibriú, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go bhfuil sé i gcomhréir le leas an Aontais Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm.
In aon chás, déanfar cinneadh, de bhun Airteagal 21 den bhun-Rialachán, an mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais nó nach mbeadh dá bhforchuirfí bearta frith-dhumpála. Táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, úsáideoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, ceardchumainn agus eagraíochtaí tomhaltóirí ionadaíocha, iarrfar orthu faisnéis a thabhairt don Choimisiún maidir le leas an Aontais.
Aon fhaisnéis a bhaineann leis an measúnú ar leas an Aontais, ní mór í a sholáthar laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt. Féadfar an fhaisnéis seo a chur in iúl i bhformáid shaor nó trí cheistneoir arna ullmhú ag an gCoimisiún a líonadh isteach. Tá cóip den cheistneoir, lena n-áirítear an ceistneoir le haghaidh úsáideoirí an táirge faoi imscrúdú, ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin na hArd-Stiúrthóireachta Trádála:
https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2676
An fhaisnéis a chuirtear isteach de bhun Airteagal 21 den bhun-Rialachán, ní chuirfear san áireamh í ach amháin má tá fianaise fhíorasach ag teacht léi tráth a chuirtear isteach í.
5.6. Páirtithe leasmhara
Chun bheith rannpháirteach san imscrúdú, ní mór do pháirtithe leasmhara, amhail táirgeoirí onnmhairiúcháin, táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, úsáideoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, ceardchumainn agus eagraíochtaí tomhaltóirí ionadaíocha, ní mór dóibh a léiriú gurb ann do nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi imscrúdú.
Táirgeoirí onnmhairiúcháin, táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí agus comhlachais ionadaíocha a chur faisnéis ar fáil i gcomhréir leis na nósanna imeachta a shonraítear i ranna 5.3.1, 5.3.3 agus 5.4 thuas, measfar gur páirtithe leasmhara atá iontu má bhíonn nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi imscrúdú.
Beidh páirtithe eile in ann a bheith rannpháirteach san imscrúdú mar pháirtithe leasmhara ón uair a chuirfidh siad iad féin in aithne agus ón uair sin amháin, ar choinníoll gurb ann do nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi imscrúdú. Is gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 18 den bhun-Rialachán a mheastar go bhfuil páirtí ina pháirtí leasmhar.
Is féidir an comhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara a rochtain trí Tron.tdi ag an seoladh seo a leanas: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/TDI Lean na treoracha ar an leathanach sin chun rochtain a fháil (25).
5.7. An deis éisteacht a fháil le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin
Féadfaidh gach páirtí leasmhar éisteacht a iarraidh le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiún.
Aon iarraidh ar éisteacht, ní mór í a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór cúiseanna na hiarrata a shonrú inti mar aon le hachoimre ar an méid ar mian leis an bpáirtí leasmhar a phlé le linn na héisteachta. Beidh an éisteacht teoranta do na saincheisteanna arna leagan amach ag na páirtithe leasmhara i scríbhinn roimh ré.
Is mar seo a leanas an creat ama le haghaidh na n-éisteachtaí:
|
— |
Chun aon éisteacht a reáchtáil roimh an sprioc-am le haghaidh fhorchur na mbeart sealadach, ba cheart iarraidh a dhéanamh laistigh de 15 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo. De ghnáth, reáchtálfar an éisteacht laistigh de 60 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo. |
|
— |
Tar éis chéim na dtorthaí sealadacha, ba cheart iarraidh a dhéanamh laistigh de 5 lá ón dáta a nochtfar na cinntí sealadacha nó an doiciméad faisnéise. De ghnáth, reáchtálfar an éisteacht laistigh de 15 lá ó dháta an nochta deiridh nó ó dháta an doiciméid faisnéise. |
|
— |
Ag céim na dtorthaí cinntitheacha, ba cheart iarraidh a dhéanamh laistigh de 3 lá ó dháta an nochta deiridh. De ghnáth, reáchtálfar an éisteacht laistigh den tréimhse a thugtar chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh. Más ann do nochtadh deiridh breise, ba cheart iarraidh a dhéanamh a luaithe a gheofar an nochtadh deiridh breise sin. De ghnáth, reáchtálfar an éisteacht ansin roimh an sprioc-am i ndáil le barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh sin. |
Tá an creat ama sonraithe gan dochar do cheart sheirbhísí an Choimisiúin glacadh le héisteachtaí lasmuigh den chreat ama i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus tá sé gan dochar do cheart an Choimisiúin diúltú d’éisteachtaí i gcásanna a bhfuil údar cuí leo. I gcás ina ndiúltóidh seirbhísí an Choimisiúin d’iarraidh ar éisteacht, cuirfear na cúiseanna leis an diúltú sin in iúl don pháirtí lena mbaineann.
I bprionsabal, ní úsáidfear éisteachtaí chun faisnéis fhíorasach nach bhfuil sa chomhad go fóill a chur i láthair. Mar sin féin, ar mhaithe le dea-riarachán agus chun gur féidir le seirbhísí an Choimisiúin dul ar aghaidh leis an imscrúdú, féadfar iarraidh ar pháirtithe leasmhara faisnéis fhíorasach nua ábhartha a chur ar fáil tar éis na héisteachta.
5.8. Treoracha maidir le haighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh, agus maidir le ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras a sheoladh
Maidir le faisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin chun críche imscrúduithe cosanta trádála, beidh an fhaisnéis sin saor ó chóipcheart. Ní mór do pháirtithe leasmhara, sula gcuirfidh siad faisnéis agus/nó sonraí atá faoi réir cóipcheart tríú páirtí faoi bhráid an Choimisiúin, cead a iarraidh go sonrach ar shealbhóir an chóipchirt lena gceadaítear don Choimisiún a) an fhaisnéis agus na sonraí a úsáid chun críoch na n-imeachtaí cosanta trádála seo agus b) an fhaisnéis agus/nó na sonraí a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara san imscrúdú sin i bhfoirm a fhágfaidh go mbeidh siad in ann a gceart chun cosanta a fheidhmiú.
Gach aighneacht i scríbhinn, lena n-áirítear an fhaisnéis a iarrtar san Fhógra seo, ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras arna gcur ar fáil ag páirtithe leasmhara a n-iarrtar gur i modh rúin a chaithfí leo, cuirfear an lipéad ‘Íogair’ (26) orthu. Páirtithe a chuireann faisnéis isteach le linn an imscrúdaithe seo, iarrtar orthu údar a thabhairt lena n-iarraidh go gcaithfear mar fhaisnéis rúnda í.
Ní mór do pháirtithe a sholáthraíonn faisnéis ‘Íogair’ achoimrí neamhrúnda uirthi a chur ar fáil de bhun Airteagal 19(2) den bhun-Rialachán achoimrí a lipéadófar ‘Lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara’. Ba cheart do na hachoimrí sin a bheith mionsonraithe a ndóthain le go bhféadfar bunús na faisnéise a cuireadh isteach faoi rún a thuiscint go réasúnta.
Mura féidir leis an bpáirtí a sholáthraíonn faisnéis rúnda cúis mhaith a thabhairt lena iarraidh gur i modh rúin a chaithfear léi nó mura dtugann sé achoimre neamhrúnda uirthi san fhormáid agus den cháilíocht a iarradh, féadfaidh an Coimisiún neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin mura féidir a thaispeáint go sásúil ó fhoinsí iomchuí go bhfuil an fhaisnéis ceart.
Iarrtar ar pháirtithe leasmhara gach aighneacht agus iarraidh a dhéanamh trí TRON.tdi (https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/TDI) lena n-áirítear cumhachtaí aturnae agus bileoga deimhniúcháin scanta.
Trí TRON.tdi nó ríomhphost a úsáid, cuireann páirtithe leasmhara in iúl go n-aontaíonn siad leis na rialacha is infheidhme maidir le haighneachtaí leictreonacha atá sa doiciméad ‘COMHFHREAGRAS LEIS AN gCOIMISIÚN EORPACH I gCÁSANNA COSANTA TRÁDÁLA’, arna fhoilsiú ar shuíomh gréasáin AS na Trádála: https://europa.eu/!7tHpY3
Ní mór do na páirtithe leasmhara a n-ainm, a seoladh, a n-uimhir theileafóin agus a seoladh ríomhphoist bailí a thabhairt, agus ba cheart dóibh a áirithiú gur ríomhphost oifigiúil feidhmiúil gnó é an seoladh ríomhphoist a chuirtear ar fáil, seoladh a sheiceáiltear ar bhonn laethúil.
Tráth a chuirfear sonraí teagmhála ar fáil, ní dhéanfaidh an Coimisiún cumarsáid le páirtithe leasmhara ach amháin trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, mura n-iarrfaidh siad go sainráite na doiciméid uile ón gCoimisiún trí mheán eile cumarsáide, nó mura gá post cláraithe a úsáid mar gheall ar chineál an doiciméid atá le seoladh. Le haghaidh tuilleadh rialacha agus faisnéise a fháil maidir le comhfhreagras leis an gCoimisiún, lena n-áirítear prionsabail a bhaineann le haighneachtaí trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, ba cheart do pháirtithe leasmhara féachaint ar na treoracha dá dtagraítear thuas maidir le cumarsáid le páirtithe leasmhara.
Seoladh poist an Choimisiúin:
|
An Coimisiún Eorpach |
|
Ard-Stiúrthóireacht na Trádála |
|
Ard-Stiúrthóireacht G |
|
Oifig: CHAR 04/039 |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
Ríomhphost maidir le gnéithe dumpála: TRADE-AD694-APE-DUMPING@ec.europa.eu
Ríomhphost maidir le díobháil agus leas an Aontais: TRADE-AD694-APE-INJURY@ec.europa.eu
6. Sceideal an imscrúdaithe
Cuirfear an t-imscrúdú i gcrích, de bhun Airteagal 6(9) den bhun-Rialachán, laistigh de 13 mhí de ghnáth, ach tráth nach faide ná 14 mhí ó dháta foilsithe an Fhógra seo. I gcomhréir le hAirteagal 7(1) den bhun-Rialachán, féadfar bearta sealadacha a fhorchur tráth nach déanaí ná 7 mí de ghnáth, ach in aon chás, tráth nach déanaí ná 8 mí tar éis fhoilsiú an Fhógra seo.
I gcomhréir le hAirteagal 19a den bhun-Rialachán, soláthróidh an Coimisiún faisnéis faoi fhorchur beartaithe na ndleachtanna sealadacha 4 seachtaine roimh fhorchur na mbeart sealadach. Tabharfar 3 lá oibre do pháirtithe leasmhara chun barúlacha i scríbhinn a thabhairt maidir le cruinneas na ríomhanna.
Sna cásanna ina bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún gan dleachtanna sealadacha a fhorchur ach ina bhfuil sé beartaithe aige dul ar aghaidh leis an imscrúdú, cuirfear in iúl do na páirtithe leasmhara trí bhíthin doiciméad faisnéise nach bhforchuirfear dleachtanna, agus déanfar é sin 4 seachtaine roimh dhul in éag an sprioc-ama faoi Airteagal 7(1) den bhun-Rialachán.
Tabharfar 15 lá do na páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt i scríbhinn maidir leis na torthaí sealadacha nó maidir leis an doiciméad faisnéise, agus tabharfar 10 lá dóibh barúlacha a thabhairt i scríbhinn maidir leis na torthaí críochnaitheacha, mura sonraítear a mhalairt. I gcás inarb infheidhme, sonróidh na nochtaí críochnaitheacha breise an sprioc-am le haghaidh barúlacha i scríbhinn ó na páirtithe leasmhara.
7. Faisnéis a chur isteach
Go hiondúil, ní fhéadfaidh na páirtithe leasmhara faisnéis a chur isteach ach amháin laistigh de na creataí ama a shonraítear i ranna 5 agus 6 den Fhógra seo. Chun aon fhaisnéis eile a chur isteach ar faisnéis í nach bhfuil cumhdaithe leis na ranna sin, ba cheart an t-amchlár seo a leanas a urramú:
|
— |
Aon fhaisnéise le haghaidh chéim na dtorthaí sealadacha, ba cheart í a chur isteach laistigh de 70 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt. |
|
— |
Mura sonraítear a mhalairt, níor cheart do na páirtithe leasmhara faisnéis fhíorasach nua a chur isteach tar éis an sprioc-ama do bharúlacha maidir le nochtadh na dtorthaí sealadacha nó maidir leis an doiciméad faisnéise ag céim na dtorthaí sealadacha. Tar éis an sprioc-ama sin, ní fhéadfaidh páirtithe leasmhara faisnéis fhíorasach nua a chur isteach ach amháin más féidir leo a léiriú go bhfuil gá leis an bhfaisnéis fhíorasach nua sin chun líomhaintí fíorasacha a rinne páirtithe leasmhara eile a bhréagnú agus ar choinníoll gur féidir an fhaisnéis fhíorasach nua sin a fhíorú laistigh den am atá ar fáil chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche go tráthúil. |
|
— |
Chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche laistigh de na sprioc-amanna sainordaitheacha, ní ghlacfaidh an Coimisiún le haighneachtaí ó pháirtithe leasmhara tar éis an sprioc-ama chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh críochnaitheach nó, i gcás inarb infheidhme, tar éis an sprioc-ama chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh críochnaitheach breise. |
8. An deis barúlacha a thabhairt maidir le haighneachtaí ó pháirtithe eile
Chun cearta na cosanta a ráthú, ba cheart an deis a bheith ag páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt den fhaisnéis a chuireann páirtithe leasmhara eile isteach. Agus é sin á dhéanamh acu, féadfaidh na páirtithe leasmhara díriú ar shaincheisteanna a ardaítear in aighneachtaí o pháirtithe eile agus ar na saincheisteanna sin amháin, agus ní fhéadfaidh siad saincheisteanna nua a ardú.
Ba cheart na barúlacha sin a dhéanamh de réir an chreata ama seo a leanas:
|
— |
Aon bharúil maidir le faisnéis a chuirfidh páirtithe leasmhara eile isteach roimh fhorchur na mbeart sealadach, ba cheart í a dhéanamh ar an 75 lá ar a dhéanaí ó dháta foilsithe an Fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt. |
|
— |
Barúlacha maidir leis an bhfaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar nochtadh na dtorthaí sealadacha nó an doiciméid faisnéise, ba cheart iad a chur isteach laistigh de 7 lá ón sprioc-am chun barúlacha a thabhairt maidir leis na torthaí sealadacha nó maidir leis an doiciméad faisnéise, mura sonraítear a mhalairt. |
|
— |
Barúlacha maidir leis an bhfaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar an nochtadh deiridh, ba cheart iad a chur isteach laistigh de 3 lá ón sprioc-am chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh, mura sonraítear a mhalairt. Más ann do nochtadh críochnaitheach breise, barúlacha maidir leis an bhfaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar an nochtadh sin, ba cheart iad a chur isteach laistigh de 1 lá ón sprioc-am chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh sin, mura sonraítear a mhalairt. |
An creat ama arna leagan amach, tá sé gan dochar do cheart an Choimisiúin faisnéis bhreise a iarraidh ar pháirtithe leasmhara i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.
9. Síneadh leis na teorainneacha ama a shonraítear san Fhógra seo
Níor cheart síneadh ar na teorainneacha ama a shonraítear san Fhógra seo a iarraidh ach amháin in imthosca eisceachtúla agus ní cheadófar é ach amháin má tá údar cuí leis agus cúis mhaith léirithe.
In aon chás, beidh teorainn 3 lá de ghnáth le síneadh a chur leis an sprioc-am chun freagra a thabhairt ar cheistneoirí, agus mar riail ghinearálta ní rachaidh sé thar 7 lá.
Maidir le teorainneacha ama le haghaidh faisnéis eile seachas an fhaisnéis a shonraítear san Fhógra Tionscnaimh a chur isteach, ní rachaidh an síneadh thar 3 lá, mura léirítear gurb ann d’imthosca eisceachtúla.
10. Neamh-chomhoibriú
I gcás ina ndiúltóidh aon pháirtí leasmhar rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis is gá nó mura gcuireann sé an fhaisnéis sin ar fáil laistigh de na teorainneacha ama, nó má chuireann sé bac suntasach ar an imscrúdú, féadfar torthaí sealadacha nó críochnaitheacha, bídís deimhneach nó diúltach, a dhéanamh ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán.
I gcás ina ndéanfar amach gur sholáthair páirtí leasmhar faisnéis a bhí bréagach nó míthreorach, féadfar neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin agus úsáid a bhaint as na fíorais atá ar fáil.
Mura gcomhoibríonn páirtí leasmhar nó mura gcomhoibríonn sé ach i bpáirt agus, dá bhrí sin, má tá na torthaí bunaithe ar fhíorais atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, féadfaidh an toradh gan a bheith chomh fabhrach don pháirtí sin agus a bheadh dá mbeadh comhoibriú déanta aige.
Mura dtugtar freagairt leictreonach, ní mheasfar go bhfuil neamh-chomhoibriú i gceist ar choinníoll go léireoidh an páirtí leasmhar lena mbaineann go mbeadh ualach breise míréasúnta nó costas breise míréasúnta ag baint leis an bhfreagairt a thíolacadh. Sa chás sin, ba cheart don pháirtí leasmhar teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún láithreach.
11. An tOifigeach Éisteachta
Féadfaidh páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta le haghaidh imeachtaí trádála a iarraidh. Déanann an tOifigeach Éisteachta athbhreithniú ar iarrataí ar rochtain ar an gcomhad, ar dhíospóidí maidir le rúndacht doiciméad, ar iarrataí ar shíneadh teorainneacha ama agus ar aon iarraidh eile a bhaineann le cearta cosanta páirtithe leasmhara agus tríú páirtithe a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn na n-imeachtaí.
Féadfaidh an tOifigeach Éisteachta éisteachtaí a eagrú agus idirghabháil a dhéanamh idir an páirtí leasmhar/na páirtithe leasmhara agus seirbhísí an Choimisiúin chun a áirithiú go bhfuil cearta cosanta na bpáirtithe leasmhara á bhfeidhmiú go hiomlán. Ba cheart iarraidh ar éisteacht leis an Oifigeach Éisteachta a dhéanamh i scríbhinn agus ba cheart na cúiseanna atá leis an iarraidh a shonrú inti. Déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna atá leis na hiarrataí. Níor cheart na héisteachtaí sin a reáchtáil ach amháin murar réitíodh na saincheisteanna le seirbhísí an Choimisiúin in am trátha.
Ní mór aon iarraidh a chur isteach in am trátha agus go gasta ionas nach gcuirfear stiúradh ordúil na n-imeachtaí i mbaol. Chuige sin, ba cheart do pháirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh a luaithe is féidir tar éis an teagmhais is údar le hidirghabháil den sórt sin a bheith ann. Déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna le hiarrataí ar idirghabhálacha, ar chineál na saincheisteanna a ardaíodh agus ar thionchar na saincheisteanna sin ar chearta cosanta, ag féachaint go cuí do leasanna an dea-riaracháin agus don imscrúdú a thabhairt chun críche go tráthúil.
Chun tuilleadh faisnéise agus sonraí teagmhála a fháil, féadfaidh páirtithe leasmhara féachaint ar leathanaigh ghréasáin an Oifigigh Éisteachta ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://policy.trade.ec.europa.eu/contacts/hearing-officer_en
12. Próiseáil sonraí pearsanta
Aon fhaisnéis phearsanta a bhailítear le linn an imscrúdaithe seo, caithfear léi i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27).
Tá fógra cosanta sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, fógra a chuireann gach duine ar an eolas faoi phróiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí cosanta trádála an Choimisiúin: https://europa.eu/!vr4g9W
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.
(2) Tagraíonn an téarma ginearálta ‘díobháil’ do dhíobháil ábhartha mar aon le bagairt díobhála ábhartha nó moill ábhartha ar bhunú tionscail mar a leagtar amach in Airteagal 3(1) den bhun-Rialachán.
(3) Soicindí millipascal
(4) Le tagairtí do fhoilsiú an Fhógra seo, is é foilsiú an Fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh atá i gceist.
(5) Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun Críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála, an 20 Nollaig 2017, SWD (2017) 483 final/2, atá ar fáil ag: https://ec.europa.eu/transparency/documents-register/detail?ref=SWD(2017)483&lang=en
(6) Georgetown University Center for Security and Emerging Technology, ‘Aistriúchán: Achoimre ar an 14ú Plean Cúig Bliana de chuid Dhaon-Phoblacht na Síne le haghaidh Forbairt Eacnamaíoch agus Shóisialta Náisiúnta agus Cuspóirí Fadtéarmacha le haghaidh 2035’, 13 Bealtaine 2021, https://cset.georgetown.edu/wp-content/uploads/t0284_14th_Five_Year_Plan_EN.pdf
(7) Tuairimí maidir le Cur Chun Feidhme an ‘14ú Plean Cúig Bliana’ maidir le Tionscal na nÁbhar Foirgníochta, CNBM Lianxing Fa [2022] Uimh. 70, http://www.standardcnjc.com/index/news/detail/id/271.html
(8) An ‘14ú Plean Cúig Bliana’ le haghaidh Forbairt na Lóistíochta Slabhra Fhuair, Stát Banfa [2021] Uimh. 46, http://www.gov.cn/zhengce/content/2021-12/12/content_5660244.htm
(9) An ‘14ú Plean Cúig Bliana’ Plean Speisialta le haghaidh Nuálaíocht Eolaíoch agus Theicneolaíoch i Réimse na Timpeallachta Éiceolaíche, Guokefashe [2022] Uimh. 238, http://www.gov.cn/zhengce/zhengceku/2022-11/02/content_5723769.htm
(10) An ‘14ú Plean Cúig Bliana’ chun tionscal ábhar nua a fhorbairt i gCúige Zhejiang [2021], https://jxt.zj.gov.cn/art/2021/6/1/art_1562871_58926648.html
(11) An ‘14ú Plean Cúig Bliana’ le haghaidh Forbairt Ardcháilíochta Thionscal na nÁbhar Nua i gCúige Hubei [2021], https://jxt.hubei.gov.cn/fbjd/xxgkml/jhgh/202203/t20220325_4056642.shtml
(12) ‘14ú Plean Cúig Bliana’ de chuid Chúige Anhui le haghaidh Forbairt Thionscal na nÁbhar Nua, http://jx.ah.gov.cn/group6/M00/05/44/wKg8BmJPt0-AQaUVAAW71keJpS0518.pdf
(13) Coiste um Tháirgeadh Sábháilteachta na Comhairle Stáit ar eisiúint fógra faoi ‘an 14ú Plean Cúig Bliana’ maidir leis an gCoimisiún Slándála um Pleanáil Oibre Dóiteáin Náisiúnta [2022] Uimh. 2, https://www.mem.gov.cn/gk/zfxxgkpt/fdzdgknr/202204/t20220414_411713.shtml
(14) Ciorclán na hAireachta Bainistithe Éigeandála maidir le Priontáil agus Dáileadh an ‘14ú Plean Cúig Bliana’ Plean Forbartha Chaighdeánú an Bhainistithe Éigeandála, Práinnfhreagairt [2022] Uimh. 34, http://www.gov.cn/zhengce/zhengceku/2022-05/07/content_5688990.htm
(15) Tuairimí Treorach ón gCoimisiún um Fhorbairt agus Athchóiriú Náisiúnta na hAireachta Tionscail agus Teicneolaíochta Faisnéise maidir le Forbairt Ardcháilíochta an Tionscail Snáithín Ceimiceach [2022], https://jxt.zj.gov.cn/art/2022/12/6/art_1229560971_2450348.html
(16) Ionadaí Trádála na Stát Aontaithe, ‘2019 Report on China’s WTO Compliance’, Márta 2020, 2019_Report_on_China’s_WTO_Compliance.pdf (ustr.gov)
(17) Wu Xiaoyan, ‘Aistriúchán: ‘Tuar 2022: “Lánléargas Thionscal Lasairmhoillitheach na Síne in 2022” (le méid an mhargaidh, patrún iomaíochta, ionchais forbartha, etc.)’ https://www.qianzhan.com/analyst/detail/220/220610-b767b138.html
(18) Fógra ón gComhairle Stáit maidir le foilsiú ‘Made in China 2025’, Guofa [2015] Uimh. 28, http://www.gov.cn/zhengce/content/2015-05/19/content_9784.htm
(19) An Chatalóg Threorach maidir le hOiriúnú an Struchtúir Thionsclaíoch (2019), http://www.gov.cn/xinwen/2019-11/06/5449193/files/26c9d25f713f4ed5b8dc51ae40ef37af.pdf
(20) Féadfar na doiciméid a luaitear sa tuarascáil tíre a fháil freisin arna iarraidh sin go cuí-réasúnaithe.
(21) Is éard is táirgeoir onnmhairiúcháin ann aon chuideachta sa tír lena mbaineann a tháirgeann agus a onnmhairíonn an táirge faoi imscrúdú go díreach, sin nó trí thríú páirtí, chuig margadh an Aontais, lena n-áirítear aon cheann dá chuideachtaí gaolmhara a bhfuil baint aici le táirgeadh, díolacháin intíre nó onnmhairí an táirge faoi imscrúdú.
(22) De bhun Airteagal 9(6) den bhun-Rialachán, aon chorrlach de mhéid nialais nó de minimis a shuítear i gcomhréir leis na cúinsí dá dtagraítear in Airteagal 18 den bhun-Rialachán, tabharfar neamhaird air.
(23) Sa roinn seo ní chumhdaítear ach na hallmhaireoirí nach bhfuil gaolmhar le táirgeoirí onnmhairiúcháin. Ní mór d’allmhaireoirí atá gaolmhar le táirgeoirí onnmhairiúcháin Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gceistneoir le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sin a líonadh isteach. I gcomhréir le hAirteagal 127 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, measfar beirt a bheith gaolmhar sna cásanna seo a leanas: (a) más oifigeach nó stiúrthóir duine acu i ngnólacht an duine eile; (b) más comhpháirtithe gnó iad a bhfuil aitheantas dlíthiúil acu; (c) más fostóir agus fostaí iad; (d) más ag tríú páirtí 5 % nó níos mó den stoc vótála gan íoc nó de scaireanna an dá cheann, nó má rialaíonn nó má choinníonn tríú páirtí iad, go díreach nó go hindíreach; (e) má stiúrann duine acu an duine eile go díreach nó go hindíreach; (f) má tá an bheirt acu faoi stiúradh díreach nó indíreach ag tríú páirtí; (g) má rialaíonn siad tríú duine go díreach nó go hindíreach le chéile; nó (h) más daoine ón teaghlach céanna iad (IO L 343, 29.12.2015, lch 558). Ní mheasfar gur daoine den teaghlach céanna iad daoine ach amháin má tá ceann amháin de na gaoil seo a leanas eatarthu: (i) fear céile agus bean chéile, (ii) tuismitheoir agus duine clainne, (iii) deartháir agus deirfiúr (nó leathdheartháir agus leathdheirfiúr), (iv) seantuismitheoir agus garpháiste, (v) uncail nó aintín agus nia nó neach, (vi) athair céile nó máthair chéile agus cliamhain nó banchliamhain, (vii) deartháir céile agus deirfiúr chéile. I gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, ciallaíonn ‘duine’ duine nádúrtha, duine dlítheanach agus aon chumann de dhaoine nach bhfuil ina dhuine dlítheanach ach a n-aithnítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta go bhfuil an inniúlacht aige gníomhartha dlíthiúla a dhéanamh (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).
(24) Na sonraí a chuireann allmhaireoirí neamhghaolmhara ar fáil, féadfar iad a úsáid i ndáil le gnéithe den imscrúdú seo nach mbaineann le dumpáil a chinneadh.
(25) I gcás fadhbanna teicniúla, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Deasc Seirbhíse Trádála trí ríomhphost a sheoladh chuig trade-service-desk@ec.europa.eu nó ar an nguthán + 32 22979797.
(26) Is doiciméad ‘Íogair’ doiciméad a meastar a bheith rúnda de bhun Airteagal 19 den bhun-Rialachán agus Airteagal 6 de Chomhaontú EDT maidir le cur chun feidhme Airteagal VI de GATT 1994 (An Comhaontú Frithdhumpála). Is doiciméad é freisin atá cosanta de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).
(27) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
IARSCRÍBHINN
|
☐ |
Leagan ‘íogair’ |
|
☐ |
Leagan ‘le hiniúchadh ag na páirtithe leasmhara’ |
|
(Cuir tic sa bhosca iomchuí) |
|
AD694 - IMEACHTAÍ FRITHDHUMPÁLA I NDÁIL LE HALLMHAIRÍ EISTEAR FOSFÁITE AILCILE ÁIRITHE DE THIONSCNAMH DHAON-PHOBLACHT NA SÍNE
FAISNÉIS MAIDIR LE ROGHNÚ SHAMPLA NA DTÁIRGEOIRÍ NEAMHGHAOLMHARA
Tá an fhoirm seo ceaptha chun cabhrú le hallmhaireoirí neamhghaolmhara freagairt don iarraidh ar fhaisnéis samplála a dhéantar i bpointe 5.3.3 den fhógra tionscnaimh.
Ba cheart an leagan ‘Íogair’ agus an leagan ‘Le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara’ a chur ar ais chuig an gCoimisiún de réir mar a leagtar amach san Fhógra tionscnaimh.
1. CÉANNACHT AGUS SONRAÍ TEAGMHÁLA
Tabhair na sonraí seo a leanas faoi do chuideachta:
|
Ainm na cuideachta |
|
|
Seoladh |
|
|
Teagmhálaí |
|
|
Seoladh ríomhphoist |
|
|
Teileafón |
|
2. LÁIMHDEACHAS AGUS MÉID NA NDÍOLACHÁN
Maidir leis an táirge faoi imscrúdú mar a shainmhínítear san fhógra tionscnaimh, léirítear láimhdeachas iomlán na cuideachta in euro (EUR), an luach in euro (EUR) agus an méid i dtonaí i gcás allmhairí chuig an Aontas agus athdhíol ar mhargadh an Aontais tar éis allmhairiú ó Dhaon-Phoblacht na Síne, le linn thréimhse an imscrúdaithe.
|
|
Tonaí |
Luach in euro (€) |
|
Láimhdeachas iomlán do chuideachta in euro (€) |
|
|
|
Allmhairí den táirge atá faoi imscrúdú de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne isteach san Aontas |
|
|
|
Allmhairiú an táirge faoi imscrúdú chuig an Aontas (de gach tionscnamh) |
|
|
|
Athdhíolacháin an táirge faoi imscrúdú ar mhargadh an Aontais tar éis an allmhairithe ó Dhaon-Phoblacht na Síne |
|
|
3. GNÍOMHAÍOCHTAÍ DO CHUIDEACHTA AGUS NA GCUIDEACHTAÍ GAOLMHARA (1)
Tabhair sonraí maidir le gníomhaíochtaí beachta na cuideachta agus gach cuideachta gaolmhaire (liostaigh iad agus sonraigh an gaol idir iad agus do chuideachta) atá bainteach le táirgeadh agus/nó díol (onnmhairiúcháin agus/nó intíre) an táirge faoi imscrúdú. D’fhéadfaí a áireamh ar na gníomhaíochtaí sin ceannach an táirge faoi imscrúdú, é a tháirgeadh faoi shocruithe fochonarthachta, nó é a phróiseáil nó a thrádáil, agus gníomhaíochtaí eile nach iad.
|
Ainm agus suíomh na cuideachta |
Gníomhaíochtaí |
Gaol |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
4. FAISNÉIS EILE
Tabhair aon fhaisnéis ábhartha eile a mheasann an chuideachta a bheith úsáideach chun cuidiú leis an gCoimisiún an tsampláil a roghnú.
5. DEIMHNIÚCHÁN
Tríd an bhfaisnéis thuas a sholáthar, aontaíonn an chuideachta lena rannpháirtiú féideartha sa sampla. Má roghnaítear an chuideachta le bheith sa sampla, beidh ar an gcuideachta sin ceistneoir a líonadh isteach agus glacadh le cuairt ar a háitreabh chun a freagairt a fhíorú. Má thugann an chuideachta le fios nach mbeadh sí sásta a bheith sa sampla, measfar nár chomhoibrigh sí leis an imscrúdú. Is ar na fíorais atá ar fáil a bhunaíonn an Coimisiún torthaí a imscrúdaithe i gcás allmhaireoirí neamh-chomhoibríocha, agus d’fhéadfadh sé nach mbeidís chomh fabhrach don chuideachta sin agus a bheidís dá mbeadh sí tar éis comhoibriú.
Síniú an oifigigh údaraithe:
Ainm agus teideal an oifigigh údaraithe:
Dáta:
(1) I gcomhréir le hAirteagal 127 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, measfar beirt a bheith gaolmhar sna cásanna seo a leanas: (a) más oifigeach nó stiúrthóir duine acu i ngnólacht an duine eile; (b) más comhpháirtithe gnó iad a bhfuil aitheantas dlíthiúil acu; (c) más fostóir agus fostaí iad; (d) más ag tríú páirtí 5 % nó níos mó den stoc vótála gan íoc nó de scaireanna an dá cheann, nó má rialaíonn nó má choinníonn tríú páirtí iad, go díreach nó go hindíreach; (e) má stiúrann duine acu an duine eile go díreach nó go hindíreach; (f) má tá an bheirt acu faoi stiúradh díreach nó indíreach ag tríú páirtí; (g) má rialaíonn siad tríú duine go díreach nó go hindíreach le chéile; nó (h) más daoine ón teaghlach céanna iad (IO L 343, 29.12.2015, lch 558). Ní mheasfar gur daoine den teaghlach céanna iad daoine ach amháin má tá ceann amháin de na gaoil seo a leanas eatarthu: (i) fear céile agus bean chéile, (ii) tuismitheoir agus duine clainne, (iii) deartháir agus deirfiúr (nó leathdheartháir agus leathdheirfiúr), (iv) seantuismitheoir agus garpháiste, (v) uncail nó aintín agus nia nó neach, (vi) athair céile nó máthair chéile agus cliamhain nó banchliamhain, (vii) deartháir céile agus deirfiúr chéile. I gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, ciallaíonn ‘duine’ duine nádúrtha, duine dlítheanach agus aon chomhlachas daoine nach bhfuil ina dhuine dlítheanach ach a n-aithnítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta go bhfuil an inniúlacht aige gníomhartha dlíthiúla a dhéanamh (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).