16.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 211/1


FÓGRA ÓN GCOIMISIÚN

maidir le léirmhíniú agus cur chun feidhme forálacha dlíthiúla áirithe de Rialachán an Aontais maidir le Tacsanomaíocht agus naisc leis an Rialachán maidir le Nochtadh Airgeadais Inbhuanaitheachta

(2023/C 211/01)

Is é is aidhm don doiciméad Ceisteanna Coitianta seo roinnt soiléirithe a thabhairt i dtaca leis an gcaoi ar cheart d’oibreoirí breithniú ar na ceanglais maidir le comhlíonadh coimircí íosta faoi Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) (dá ngairtear ‘an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht’ anseo feasta). Tá sé d’aidhm ag an doiciméad seo freisin soiléiriú a dhéanamh ar stádas infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí agus i sócmhainní eacnamaíocha atá ailínithe leis an Tacsanomaíocht faoi Rialachán (AE) 2019/2088, i.e. an Rialachán maidir le Nochtadh Airgeadais Inbhuanaitheachta (dá ngairtear ‘SFDR’ anseo feasta) (2).

Leis na ceisteanna coitianta sa doiciméad seo, soiléirítear na forálacha atá ann cheana sa reachtaíocht is infheidhme. Ní leathnaítear leo ar aon bhealach na cearta agus na hoibleagáidí a eascraíonn as an reachtaíocht sin ná ní thugtar isteach leo aon cheanglas breise le haghaidh na n-oibreoirí lena mbaineann ná le haghaidh na n-údarás inniúil. Níl sé d’aidhm ag na ceisteanna coitianta ach cabhrú le gnóthais airgeadais agus neamhairgeadais na forálacha dlíthiúla ábhartha a chur chun feidhme. Is í Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus í sin amháin, atá inniúil ar dhlí an Aontais a léirmhíniú. Leis na tuairimí a léirítear san Fhógra seo, ní féidir réamhbhreith a dhéanamh ar an seasamh a d’fhéadfadh an Coimisiún Eorpach a ghlacadh os comhair an Aontais Eorpaigh agus os comhair na gcúirteanna náisiúnta.

Clár na n-ábhar

Coimircí íosta faoi Rialachán an Aontais maidir le Tacsanomaíocht 2

1.

Cén ról atá ag na coimircí íosta i Rialachán an Aontais maidir le Tacsanomaíocht? 2

2.

Cén chaoi a sainítear na coimircí íosta faoi Airteagal 18 den Tacsanomaíocht AE? 2

3.

Cé na príomhionchais atá ag gnóthais faoi Airteagal 18 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht? 3
Idirghníomhaíochtaí le SFDR 5

4.

An gcáilíonn infheistíochtaí ailínithe leis an Tacsanomaíocht mar ‘infheistíocht inbhuanaithe’ faoi SFDR? 5

Coimircí íosta faoi Rialachán an Aontais maidir le Tacsanomaíocht

1.   Cén ról atá ag na coimircí íosta i Rialachán an Aontais maidir le Tacsanomaíocht?

Foráiltear leis an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht nach féidir le gníomhaíocht eacnamaíoch cáiliú mar ghníomhaíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de ach amháin, sa bhreis ar cheanglais eile in Airteagal 3 a chomhlíonadh (3), go ndéantar í i gcomhréir leis na coimircí íosta a leagtar síos in Airteagal 18’. Tá an méid sin i gcomhréir leis na prionsabail a chumhdaítear i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta chun tacú le fás inbhuanaithe cuimsitheach, agus leis na híoschaighdeáin ábhartha idirnáisiúnta maidir le cearta an duine agus cearta saothair.

Dá bhrí sin, is cuid dhílis den Tacsanomaíocht iad na coimircí íosta agus tá siad ar cheann de na ceithre chritéar a leagtar síos in Airteagal 3 nach mór a chomhlíonadh chun gníomhaíochtaí eacnamaíocha a mheas a bheith inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Le coimircí íosta a chuimsiú sa chreat Tacsanomaíochta, féachtar lena áirithiú, maidir le heintitis a dhéanann gníomhaíochtaí eacnamaíocha a mheastar a bheith ailínithe leis an Tacsanomaíocht, go gcomhlíonfaidh siad íoschaighdeáin shóisialta agus rialachais áirithe.

Is é sin le rá, is é cuspóir na gcoimircí íosta faoin Rialachán maidir le Tacsanomaíocht cosc a chur ar ghníomhaíochtaí agus infheistíochtaí a mheas a bheith ‘inbhuanaithe’ má bhaineann siad le sáruithe ar phríomhphrionsabail shóisialta agus ar chearta an duine agus ar chearta saothair nó mura bhfuil siad ailínithe leis na caighdeáin íosta maidir le hiompar gnó freagrach.

2.   Cén chaoi a sainítear na coimircí íosta faoi Airteagal 18 den Tacsanomaíocht AE?

Leagtar síos le hAirteagal 18 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht ceanglais shonracha maidir le coimircí íosta lena dtagraítear do chaighdeáin idirnáisiúnta maidir le hiompar gnó freagrach faoi Airteagal 18(1) agus do phrionsabal SFDR ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ (4) faoi Airteagal 18(2).

Faoi Airteagal 18(1), tá coimircí íosta le tuiscint mar nósanna imeachta díchill chuí agus réitigh arna gcur chun feidhme ag cuideachta a dhéanann gníomhaíocht eacnamaíoch chun ailíniú a áirithiú leis na Treoirlínte ón Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta maidir le Fiontair Ilnáisiúnta (FINanna ECFE) agus le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine (Prionsabail Threoracha NA (PTNAnna). Áirítear leis na PTNAnna na prionsabail agus na cearta a leagtar amach in ocht gcinn de na deich gcoinbhinsiún bhunúsacha a shainaithnítear i nDearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha ag an Obair (5) agus sa Bhille Idirnáisiúnta um Chearta an Duine (6).

Tugtar le chéile i dTreoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta na réimsí téamacha uile a bhaineann le hiompar gnó freagrach agus bainistiú freagrach slabhra soláthair. Chomh maith leis sin, moltar d’fhiontair dea-chleachtais rialachais chorparáidigh a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear dícheall cuí (7) mar a leagtar amach i bPrionsabail ECFE um Rialachas Corparáideach.

Le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine (i)sonraítear caighdeán iompair do ghnólachtaí chun sáruithe ar chearta an duine a chosc; agus (ii) tugtar aghaidh ar aon riosca a d’fhéadfadh teacht as na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a dhéanann gnólachtaí. Tagraíonn an fhreagracht atá ar eintitis ghnó cearta an duine a urramú do chearta a aithnítear go hidirnáisiúnta a thuigtear, ar a laghad, mar na cearta a léirítear in ocht gcinn de na deich gcoinbhinsiún bhunúsacha de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair agus sa Bhille Idirnáisiúnta um Chearta an Duine

Le hAirteagal 18(2) tugtar isteach nasc díreach leis an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ dá dtagraítear in Airteagal 2(17) de SFDR. Cinntíonn sé sin go sainítear íoschaighdeáin shóisialta ar an leibhéal Eorpach, agus go bhfuil comhsheasmhacht sa reachtaíocht Eorpach.

Sonraítear mionsonraí an phrionsabail de SFDR ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ i Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 a ghlac an Coimisiún Eorpach i mí Aibreáin 2022. De réir an rialacháin sin, chomh maith lena nochtadh an bhfuil an infheistíocht inbhuanaithe ailínithe le FINanna ECFE agus le Prionsabail Threoracha NA, ní mór liosta de tháscairí díobhálacha príomha a bhreithniú chun prionsabal SFDR gan dochar suntasach a dhéanamh a chur chun feidhme. Measann an Coimisiún Eorpach, i gcomhthéacs Airteagal 18(2) den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, go bhfuil an nasc idir na coimircí íosta agus prionsabal SFDR gan dochar suntasach a dhéanamh, le tuiscint, ar a laghad, trí tháscairí drochthionchair phríomha SFDR le haghaidh ábhair shóisialta agus fostaithe, urraim do chearta an duine, ábhair frithéillithe agus ábhair frithbhreabaireachta a liostaítear i dtábla 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe SFDR (8).

Táscaire drochthionchair inbhuanaitheachta Tábla 1

Méadrach

Sáruithe ar phrionsabail Chomhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe agus ar Threoirlínte na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) maidir le Fiontair Ilnáisiúnta

An sciar d’infheistíochtaí i gcuideachtaí infheistiúcháin a raibh baint acu le sáruithe ar phrionsabail Chomhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe nó ar Threoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta

Easpa próiseas agus sásraí comhlíontachta chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht le prionsabail Chomhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe agus le Treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta

An sciar d’infheistíochtaí i gcuideachtaí infheistiúcháin nach bhfuil beartais acu chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht le prionsabail Chomhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe nó le Treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta ná sásraí láimhseála casaoidí/ gearán chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe ar phrionsabail Chomhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe nó ar Threoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta

Bearna phá neamhchoigeartaithe idir na hinscní

Meánbhearna phá neamhchoigeartaithe idir na hinscní de chuid cuideachtaí infheistiúcháin

Éagsúlacht inscne an bhoird

An meánchóimheas idir comhaltaí boird baineanna agus comhaltaí boird fireanna i gcuideachtaí infheistiúcháin, arna shloinneadh mar chéatadán de na comhaltaí boird uile

Neamhchosaint ar airm chonspóideacha (mianaigh frithphearsanra, cnuasmhuinisin, airm cheimiceacha agus airm bhitheolaíocha)

An sciar d’infheistíochtaí i gcuideachtaí infheistiúcháin a bhfuil baint acu le monarú nó díol arm conspóideach

3.   Cé na príomhionchais atá ag gnóthais faoi Airteagal 18 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht?

Beidh ar ghnóthais a nochtann a n-ailíniú leis an Tacsanomaíocht a mheasúnú an gcomhlíonann siad coimircí íosta na Tacsanomaíochta faoi Airteagal 18(1) agus Airteagal 18(2) araon.

Faoi Airteagal 18(1), maidir le gnóthais a bhfuil a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha le meas a bheith ailínithe leis an Tacsanomaíocht, ní mór dóibh nósanna imeachta díchill chuí agus nósanna imeachta réitigh a bheith curtha chun feidhme acu chun an t-ailíniú a áirithiú leis na caighdeáin maidir le hiompar gnó freagrach a luaitear i dTreoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus i bPrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine (féach ceist 2). Leagtar amach go forleathan sa dá théacs sin conas is féidir prionsabail agus feidhmiú an díchill chuí a chur chun feidhme.

Is é atá sa cheanglas lárnach faoi Airteagal 18(1) nach mór do ghnóthas nósanna imeachta iomchuí a chur chun feidhme, lena n-áirítear nósanna imeachta chun drochthionchair ábhartha iarbhír agus fhéideartha a bhaineann lena n-oibríochtaí féin, lena slabhraí luacha agus lena gcaidrimh ghnó féin a shainaithint, a chosc, a mhaolú nó a leigheas ar bhonn leanúnach chun a áirithiú go ndéanfar a ngníomhaíochtaí i gcomhréir leis na caighdeáin sin.

Uaireanta, d’ainneoin na nósanna imeachta iomchuí go léir a chur chun feidhme, ní féidir le gnóthas aghaidh a thabhairt ar rioscaí áirithe ná deireadh a chur le tionchair dhiúltacha áirithe. Ní gá go gciallaíonn sé sin nach gcomhlíonann an gnóthas na coimircí íosta,más rud é gur nocht an gnóthas na tionchair fhéideartha sin go soiléir agus gur mhínigh sé cad a rinne sé chun iad a shainaithint, a chosc, a mhaolú nó a leigheas agus cén fáth nach bhféadfadh sé tionchair áirithe a dhíothú. Go deimhin, aithnítear go bhféadfadh cásanna a bheith ann, d’ainneoin bearta díchill chuí réasúnta, go bhféadfadh sé nach mbeadh gnóthais fós in ann drochthionchair a chosc, a stopadh ná a mhaolú a mhéid a bhaineann leis na drochthionchair i slabhra luacha an ghnóthais.

Mar chuid de na nósanna imeachta díchill chuí agus réitigh sin, ceanglaítear ar chuideachtaí faoi Airteagal 18(2) táscairí drochthionchair phríomha SFDR a bhaineann le hábhair shóisialta agus fostaithe, urraim do chearta an duine, ábhair frithéillithe agus ábhair frithbhreabaireachta dá dtagraítear faoi cheist 2 a chur san áireamh (9).

Is í an t-aon saincheist a chumhdaítear le hAirteagal 18(2) amhail ón lá inniu nach gcumhdaítear go sainráite le hAirteagal 18(1) an drochthionchar príomha a bhaineann le neamhchosaint ar airm chonspóideacha mar a shainmhínítear faoi Rialachán Tarmligthe SFDR (10) (mianaigh frithphearsanra, cnuasmhuinisin, airm cheimiceacha agus airm bhitheolaíocha). Dá bhrí sin, de bhua Airteagal 18(2), tá gnóthais lena áirithiú go bhfágann a nósanna imeachta díchill chuí agus réitigh gur féidir aon neamhchosaint iarbhír nó fhéideartha ar mhonarú nó ar dhíol arm conspóideach a shainaithint, a chosc, a mhaolú nó a cheartú.

Lasmuigh d’fhorálacha Airteagal 18(2) a dtugtar tuairisc orthu thuas, sa mheasúnú ar choimircí íosta sa Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, níl tuilleadh breithnithe ann i dtaca le hairm nó trealamh agus teicneolaíochtaí a bhaineann le cosaint. Mar a luaitear sa Dréachtfhógra ón gCoimisiún maidir le léirmhíniú agus cur chun feidhme forálacha dlíthiúla áirithe de Ghníomh Tarmligthe an Aontais maidir le Tacsanomaíocht Aeráide (11), aithníonn an Coimisiún gur gá rochtain ar mhaoiniú agus ar infheistíocht a áirithiú, lena n-áirítear ón earnáil phríobháideach le haghaidh gach earnáil straitéiseach, an tionscal cosanta san áireamh. Aithnítear gur ríthábhachtach an rannchuidiú ón tionscal cosanta le hathléimneacht agus slándáil an Aontais agus, dá bhrí sin, leis an tsíocháin agus leis an inbhuanaitheacht shóisialta (12).

An liosta táscairí SFDR a bhaineann le hábhair shóisialta agus fostaithe, urraim do chearta an duine, ábhair frithéillithe agus ábhair frithbhreabaireachta, d’fhéadfadh athrú teacht ar an liosta sin de thairbhe athbhreithnithe a d’fhéadfaí a dhéanamh amach anseo ar an ngníomh tarmligthe SFDR. Sin é an fáth nach mór do ghnóthais aon saincheist a bhféadfaí aghaidh a thabhairt uirthi amach anseo le táscairí drochthionchair phríomha SFDR a chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 18(2).

Cuideoidh an tuairisciú i gcomhréir leis an Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáidí (13) (CSRD) le cuideachtaí measúnú a dhéanamh ar a gcomhlíonadh le ceanglais Airteagal 18 agus cabhróidh sé le hinfheisteoirí an fhaisnéis riachtanach a fháil ó chuideachtaí infheistiúcháin (14). Ní cheanglaítear nochtadh breise le hAirteagal 18 de Rialachán an Aontais maidir le Tacsanomaíocht, dá bhrí sin níl aon dúbláil ann le ceanglais tuairiscithe CSRD.

Chun tuilleadh comhairle neamhfhoirmiúla a fháil maidir le dea-chleachtais, is féidir le húsáideoirí Final Report on Minimum Safeguards of the Platform on Sustainable Finance [Tuarascáil Deiridh maidir le Coimircí Íosta an Ardáin maidir le Maoiniú Inbhuanaithe] a cheadú, tuairisc a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair 2022.

Idirghníomhaíochtaí le SFDR

4.   An gcáilíonn infheistíochtaí ailínithe leis an Tacsanomaíocht mar ‘infheistíocht inbhuanaithe’ faoi SFDR?

Soiléirítear in Aithris 19 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht go n-áirítear le ‘infheistíochtaí inbhuanaithe’ faoi SFDR infheistíochtaí i ‘ngníomhaíochtaí eacnamaíocha inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil’ de réir bhrí an Rialacháin maidir le Tacsanomaíocht.

Agus an méid is gá chun gníomhaíocht a mheas mar ghníomhaíocht ‘inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de’ á leagan amach, déantar nasc, le hAirteagal 18(2), idir an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht agus SFDR trí cheann de na céimeanna riachtanacha den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht: comhlíontacht coimircí íosta. De réir na treoraíochta a thugtar faoi cheisteanna 1 agus 2 thuas, meastar go gcloítear le gnéithe sóisialta an phrionsabail ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ ar leibhéal an eintitis maidir le gnóthas a nochtann gníomhaíochtaí mar ghníomhaíochtaí atá ‘inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de’ faoi Thacsanomaíocht an Aontais.

Thairis sin, de réir na treoraíochta a thugtar faoi cheisteanna 1 agus 2 thuas, maidir le prionsabal SFDR ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ agus an ceanglas chun a áirithiú go gcloíonn cuideachta infheistiúcháin le dea-chleachtais rialachais, meastar go gcloítear leo le haghaidh infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht toisc go gcomhlíonann siad coimircí íosta na Tacsanomaíochta. Leis na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2020/852, is féidir a mheas go sásaítear na ceithre ghné den dea-rialachas dá dtagraítear i bpointe 17 d’Airteagal 2 de SFDR (is iad sin struchtúir bhainistíochta fhónta, caidreamh fostaithe, luach saothair foirne agus comhlíonadh cánach (15)).

Dá bhrí sin, is féidir infheistíochtaí den sórt sin i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ailínithe leis an Tacsanomaíocht agus ‘inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de’ a cháiliú go huathoibríoch mar ‘infheistíochtaí inbhuanaithe’ i gcomhthéacs na gceanglas maidir le nochtadh ar leibhéal an táirge faoi SFDR. Ciallaíonn sé sin gur féidir infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha sonracha a mheas mar infheistíochtaí inbhuanaithe.

Mar sin féin, má infheistíonn rannpháirtí sa mhargadh airgeadais i ngnóthas atá ailínithe go pointe leis an tacsanomaíocht trí ionstraim chistiúcháin nach sonraíonn úsáid na bhfáltas, amhail cothromas ginearálta nó fiachas ginearálta, níor mhór don rannpháirtí sa mhargadh airgeadais gnéithe breise a sheiceáil fós faoi SFDR chun an infheistíocht iomlán sa ghnóthas sin a mheas mar infheistíocht inbhuanaithe. Ciallaíonn sé sin go mbeadh ar an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais an méid seo a leanas a dhéanamh go fóill: (i) seiceáil an gcomhlíonann gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile an ghnóthais na gnéithe comhshaoil de phrionsabal SFDR ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’; agus (ii) measúnú a dhéanamh an measann sé/sí gur leor an rannchuidiú leis an gcuspóir comhshaoil.


(1)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

(2)  Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1)

(3)  Sna ceithre chritéar a leagtar síos in Airteagal 3 den Rialachán Tacsanomaíochta, sonraítear go ndéanfar an méid seo a leanas le gníomhaíocht eacnamaíoch: (a) rannchuidíonn sí go substaintiúil le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach in Airteagal 9 i gcomhréir le hAirteagail 10 go 16; (b) ní dhéanann sí dochar suntasach d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach in Airteagal 9 i gcomhréir le hAirteagal 17; (c) déantar i gcomhréir leis na coimircí íosta a leagtar síos in Airteagal 18 í; agus (d) comhlíonann sí critéir scagtha theicniúla a bhunaigh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagail 10(3), 11(3), 12(2), 13(2), 14(2) nó 15(2).

(4)  Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1)

(5)  Is iad seo a leanas príomhchoinbhinsiúin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair: An Coinbhinsiún maidir le Saoirse Comhlachais agus Cosaint an Chirt Eagrúcháin, 1948 (Uimh. 87) An Coinbhinsiún i dtaca leis an gceart eagrúcháin agus leis an gcómhargáil, 1949 (Uimh. 98) An Coinbhinsiún maidir le hObair Éigeantais, 1930 (Uimh. 29) (agus Prótacal 2014 lena mbaineann); An Coinbhinsiún maidir le Saothar Éigeantach a Chur ar Ceal, 1957 (Uimh. 105) An Coinbhinsiún maidir leis an Aois Íosta, 1973 (Uimh. 138); An Coinbhinsiún maidir leis na Cineálacha is Measa de Shaothar Leanaí, 1999 (Uimh. 182); An Coinbhinsiún maidir le Luach Saothair Comhionann, 1951 (Uimh. 100) An Coinbhinsiún maidir le hIdirdhealú (Fostaíocht agus Slí Bheatha), 1958 (Uimh. 111)

(6)  Áirítear leis sin: Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine (1948); An Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla (1966); agus an Cúnant Idirnáisiúnta maidir le Cearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha (1966).

(7)  Féach freisin Treoir ECFE um Dhícheall Cuí maidir le hIompar Gnó Freagrach (2018) agus treoir earnála ECFE, atá le fáil ag: https://mneguidelines.oecd.org/mneguidelines/, lena gcuirtear tacaíocht phraiticiúil ar fáil d’fhiontair maidir le cur chun feidhme Threoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta.

(8)  Is féidir teacht ar an modheolaíocht chun na táscairí sin a ríomh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288. Comhfhreagraíonn an téarma ‘cuideachtaí infheistiúcháin’ i dtábla 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 do thagairtí do ‘gnóthais’ sa Rialachán maidir le Tacsanomaíocht.

(9)  Is féidir teacht ar an modheolaíocht chun na táscairí sin a ríomh i dTáblaí 1 agus 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 (IO L 196, 25.7.2022, lch. 1).

(10)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na mionsonraí maidir le hábhar agus cur i láthair na faisnéise i ndáil leis an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’, lena sonraítear ábhar, modheolaíochtaí agus cur i láthair na faisnéise i ndáil le táscairí inbhuanaitheachta agus drochthionchair inbhuanaitheachta, agus ábhar agus cur i láthair na faisnéise i ndáil le cur chun cinn saintréithe comhshaoil nó sóisialta agus cuspóirí infheistíochta inbhuanaithe i ndoiciméid réamhchonarthacha, ar shuíomhanna gréasáin agus i dtuarascálacha tréimhsiúla (IO L 196, 25.7.2022, lch. 1).

(11)  Ceist 11 ‘Conas atá feidhm ag an gcreat maoinithe inbhuanaithe maidir le cistiú príobháideach le haghaidh an tionscail cosanta?’ lch. 16

(12)  Féach an togra ón gCoimisiún le haghaidh Togra le haghaidh Gníomh chun Tacú le Táirgeadh Armlón., COM(2023) 237 final.

(13)  Treoir (AE) 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Treoir 2013/34/AE, a mhéid a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáidí (IO L 322, 16.12.2022, lch. 15).

(14)  Ceanglaítear le CSRD go mbeidh an fhaisnéis is gá do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais chun a n-oibleagáidí nochta a chomhlíonadh sna caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta a cheanglaítear ar ghnóthais a úsáid chun a n-oibleagáidí nochta faoi SFDR a chomhlíonadh. Sa chleachtas, ciallaíonn sé sin go gceanglófar ar ghnóthais an fhaisnéis atá ar aon dul leis an bhfaisnéis le haghaidh na dtáscairí drochthionchair phríomha a cheanglaítear faoi rialachán tarmligthe SFDR a thuairisciú. Airteagal 29b(5)(b) de Threoir 2013/34/AE

‘5. Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh aige de bhun mhír 1, cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas san áireamh, a mhéid is féidir: […] b) an fhaisnéis atá ag teastáil ó rannpháirtithe margaidh airgeadais chun a n-oibleagáidí maidir le nochtadh a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/2088 agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin sin a chomhlíonadh’.

(15)  Tugadh liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach cothrom le dáta i mí Feabhra 2023. Tá treoraíocht úsáideach le fáil ann chun tíortha a shainaithint nár chomhlíon a ngealltanais critéir dea-rialachais cánach a chomhlíonadh laistigh d’achar ama sonrach, agus tíortha a dhiúltaigh déanamh amhlaidh.