15.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 208/68


Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas leasaithe chaighdeánaigh le sonraíocht táirge i ndáil le hainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2023/C 208/10)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

TEACHTAIREACHT MAIDIR LE FORMHEAS AR LEASÚ CAIGHDEÁNACH

‘Haute Vallée de l’Orb’

PGI-FR-A1163-AM01

Dáta teachtaireachta: 31.3.2023

TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS

1.   Tuairisc orgánaileipteach ar na táirgí

Forlíonadh Caibidil I, roinn 3.3 den tsonraíocht le haghaidh tásc geografach faoi chosaint ‘Haute Vallée de l’Orb’, chun an tuairisc orgánaileipteach ar na fíonta ar a bhfuil an TGFC a chríochnú.

Forlíonadh an doiciméad aonair ag an bpointe dar teideal ‘Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta’.

2.   Limistéar díreach in aice láimhe

Leasaíodh Caibidil I, roinn 4.2 – Limistéar díreach in aice láimhe – den tsonraíocht le haghaidh tásc geografach faoi chosaint ‘Haute Vallée de l’Orb’ chun na trí bhardas seo a leanas a chur léi: ‘Caussiniojouls, Laurens, agus Saint-Pons-de-Thomières’. Is é an cuspóir an limistéar ina bhfuil na saoráidí fíonóireachta a chur san áireamh, ar saoráidí fíonóireachta de chuid na n-oibreoirí a shainaithnítear sa limistéar táirgthe iad. Tá na bardais seo cóngarach don limistéar atá ann cheana díreach in aice láimhe, agus ar an gcaoi sin áirithítear go gcoinnítear imlíne aonfhoirmeach.

Forlíonadh an roinn sa doiciméad aonair dar teideal ‘Coinníollacha breise – limistéar díreach in aice láimhe’.

3.   Cineálacha fíniúna

Leasaíodh Caibidil I roinn 5 den tsonraíocht le haghaidh tásc geografach faoi chosaint ‘Haute Vallée de l’Orb’ chun na cineálacha fíniúnacha seo a leanas a formheasadh le haghaidh táirgeadh na bhfíonta ar a bhfuil an TGFC a chur leis:

cineálacha fíniúna: Cabernet blanc B, Colombard B, Floreal B, Muscaris B, Sauvignac B, Soreli B, Souvignier gris B, Voltis B.

cineálacha dubha: Aramon N, Artaban N, Cabernet Cortis N, Caladoc N, Chenanson N, Vidoc N.

cineálacha liatha: Pinot gris G.

Tá na cineálacha sin frithsheasmhach in aghaidh triomaigh agus galar fungasach. Tá saintréithe fiseolaíocha agus fíoneolaíochta acu atá cosúil leis na cineálacha a úsáidtear i dtáirgeacht TGFC agus laghdaíonn sin an gá le táirgí cosanta plandaí. Ní dhéanann siad difear do shaintréithe fíonta TGFC.

Ní dhéanann tabhairt isteach na gcineálacha sin difear don doiciméad aonair. Cuireadh iad leis faoin gceannteideal ‘Cineálacha fíonchaoire’.

4.   Toradh táirgeachta uasta

Leasaíodh Caibidil I, roinn 6 – Táirgeacht – den tsonraíocht le haghaidh tásc geografach faoi chosaint ‘Haute Vallée de l’Orb’. Tá fíonta gan súilíní ar a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint ‘Haute Vallée de l’Orb’ le táirgeadh suas go huastáirgeacht 80 heictilítear in aghaidh an heicteáir le haghaidh fíonta dearga, rosé agus geala in ionad 65 hl/ha le haghaidh fíonta dearga agus 70 hl/ha le haghaidh fíonta rosé agus fíonta geala. Is é is cuspóir leis sin ligean do tháirgeacht faoin TGFC seo a fhorbairt, mar go bhfuil an margadh an-dinimiciúil, agus a teorainneacha táirgeachta a choigeartú don chuid den mhargadh fíonta TGFC ón réigiún.

Leasaíodh an roinn ‘Uastáirgeacht’ den doiciméad aonair.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Leasaíodh an mhír dheireanach de Chaibidil I, roinn 8.1 den tsonraíocht le haghaidh tásc geografach faoi chosaint ‘Haute Vallée de l’Orb’ chun feabhas a chur ar thuairisc an limistéir gheografaigh.

Leasaíodh an roinn ‘Nasc leis an limistéar geografach’ den doiciméad aonair agus forlíonadh é.

6.   Comhlacht cigireachta

Leasaíodh Caibidil III den tsonraíocht le haghaidh tásc geografach faoi chosaint ‘Haute Vallée de l’Orb’ chun an roinn dar teideal ‘Comhlacht cigireachta’ a shimpliú, ag sonrú gur gá comhlíontacht leis an tsonraíocht táirge a sheiceáil ar bhonn plean rialaithe formheasta agus trí chomhlacht tríú páirtí atá tarmligthe ag INAO agus a thugann ráthaíochtaí maidir le inniúlacht, neamhchlaontacht agus neamhspleáchas.

Ní dhéanann an simpliú sin difear don doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm(neacha)

Haute Vallée de l'Orb

2.   Cineál an táisc gheografaigh:

TGFC – Tásc geografach faoi chosaint

3.   Catagóirí táirgí fíniúna

1.

Fíon

5.

Fíon súilíneach ar ardchaighdeán

16.

Fíon ó fhíonchaora ró-aibí

4.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta

1.   Fíonta socra atá dearg, rosé agus bán

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Forchoimeádtar an tásc geografach faoi chosaint ‘Haute Vallée de l’Orb’ le haghaidh fíonta dearga, geala agus rosé sna catagóirí fíona shocair, fíona shúilínigh ar ardchaighdeán agus fíona ó fhíonchaora ró-aibí.

Is iad a léiriú aramatach dian agus a n-úire is príomhshaintréithe do na fíonta a tháirgtear .

Tá dath caordhearg go dath an rúibín dhomhain ar fhíonta dearga a tháirgtear ó fhíonchaora Syrah, Pinot, Merlot nó Marselan a bhuaintear i ndiaidh aibiú mall ar cheapacha le barra measartha, an-tiubhaithe sa bhéal agus tá struchtúr tainniní acu atá suntasach ach mín chomh maith le húire a chuireann teannas áirithe leis. Is iad príomhghnéithe an bholaidh bolaithe torthaí dearga, sméar dubh agus piobair dhuibh.

Déantar na fíonta geala as fíonchaora Chardonnay, Sauvignon nó Viognier a aibíonn ar a laghad 10 lá níos déanaí ná na fíonchaora sa chuid eile den roinn. Bíonn dath idir glasbhuí agus buí an tuí orthu. Bíonn siad thar a bheith aramatach, agus bolaithe bláthanna bána, torthaí citris, crainn bhosca agus torthaí andúchasacha uathu; spleodrach agus le fad taitneamhach sa bhéal mar gheall ar an aigéadacht.

Déantar na fíonta rosé as fíonchaora ó Cinsaut, Syrah, Cabernet Sauvignon a bhuaintear go luath chun a gcuid aigéadachta agus neart alcóil measartha a chaomhnú. Tá dath measartha éadrom orthu idir caordhearg éadrom agus ábhairín de lí an bhradáin, agus mionbhlasanna de chaordhearg, cuiríní dubha agus aimile orthu. Tá siad furasta le hól agus tá fad taitneamhach iontu mar gheall ar an aigéadacht.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

11.5

Íosmhéid aigéadachta iomláine

 

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

2.   Fíonta atá dearg, rosé agus geal ó fhíonchaora ró-aibí.

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Bíonn na fíonta atá déanta as fíonchaora ró-aibí sa raon dathanna ómra i gcás na bhfíonta geala agus bíonn éagsúlacht iontu idir dath an ghairnéid agus donnrua i gcás na bhfíonta dearga. Cruinn agus téagartha sa bhéal, cothromaítear a milseacht éadrom leis an aigéadacht, agus forbraítear dea-bholaithe casta de thorthaí dubha, spíosraí amhail cainéal, clóibh, agus gallchnónna.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

 

Íosmhéid aigéadachta iomláine

 

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

3.   Fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán (dearg, rosé agus bán)

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Tá na fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán le déanamh go heisiach ar an modh coipthe buidéil thánaistigh. Bíonn súilíní míne, galánta iontu agus dea-bholaithe bláthacha nó torthaíocha orthu ag brath ar na cineálacha a úsáidtear le haghaidh an cuvée.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

 

Íosmhéid aigéadachta iomláine

 

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

5.   Cleachtais fíonóireachta

5.1.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

1.

Cleachtas fíoneolaíochta sonrach

Tá na fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán ar a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint ‘Haute Vallée de l’Orb’ le déanamh go heisiach tríd an modh coipthe buidéil thánaistigh.

Anuas ar an bhforáil thuasluaite, ní mór go gcomhlíonfar leis na cleachtais fíoneolaíochta a bhaineann leis na fíonta sin na ceanglais a leagtar síos ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus sa Chód Tuaithe agus Iascaireachta Muirí.

5.2.   Uastáirgeacht

1.   Fíon neamhcharbónáitithe

80 heictilítear in aghaidh an heicteáir

2.   Fíon ó fhíonchaora ró-aibí

30 heictilítear in aghaidh an heicteáir

3.   Fíon súilíneach ar ardchaighdeán

70 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Ní mór gur ar chríoch na mbardas seo a leanas de chuid roinn Aude a dhéantar na fíonchaora a bhuain agus na fíonta ar a bhfuil TGFC ‘Haute Vallée de l’Orb’ a tháirgeadh agus a fhorbairt:

Avène, Les Aires, Bédarieux, Le Bousquet-d’Orb, Camplong, Carlencas-et-Levas, Colombières-sur-Orb, Combes, Dio-et-Valquières, Graissessac, Hérépian, Joncels, Lamalou-les-Bains, Lunas, Mons, Olargues, Pézènes-les-Mines, Le Poujol-sur-Orb, Le Pradal, Prémian, Roquebrun, Rosis, Saint-Etienne-d’Albagnan, Saint-Etienne-d’Estréchoux, Saint-Gervais-sur-Mare, Saint-Julien, Saint-Martin-de-l’Arçon, Saint-Vincent-d’Olargues, Taussac-la-Billière, La Tour-sur-Orb, Vieussan, Villemagne.

7.   Cineál/cineálacha fíniúna

 

Aramon N

 

Artaban N

 

Bourboulenc B – Doucillon blanc

 

Cabernet Blanc B

 

Cabernet cortis N

 

Cabernet Franc N

 

Cabernet-Sauvignon N

 

Caladoc N

 

Carignan N

 

Carignan blanc B

 

CHARDONNAY B

 

Chasan B

 

Chenanson N

 

Cinsaut N – Cinsault

 

Clairette B

 

Colombard B

 

Côt N - Malbec

 

Floreal B

 

Grenache N

 

Grenache blanc B

 

Grenache gris G

 

Macabeu B – Macabeo

 

Marsanne B

 

Marselan N

 

Merlot N

 

Morrastel N – Minustellu, Graciano

 

Mourvèdre N – Monastrell

 

Muscaris B

 

Muscat à petits grains blancs B – Muscat, Moscato

 

Muscat à petits grains blancs B – Muscat, Moscato

 

Petit Verdot N

 

Pinot gris G

 

Pinot Noir N

 

Roussanne B

 

Sauvignac

 

Sauvignon B – Sauvignon Blanc

 

Soreli B

 

Souvignier gris Rs

 

Syrah N – Shiraz

 

Tempranillo N

 

Terret blanc B

 

Terret gris G

 

Terret noir N

 

Vermentino B – Rolle

 

Vidoc N

 

Viognier B

 

Voltis B

8.   Tuairisc ar an nasc (na naisc)

8.1.   Sainiúlacht an limistéir gheografaigh

Tá teorainn nádúrtha dea-shainithe arna déanamh ag na sléibhte thart timpeall air ag an limistéar geografach le haghaidh an táisc gheografaigh seo lonnaithe i Roinn Hérault i ndeisceart na Fraince:

Espinouse agus Caroux (airde 1 065 m) ó thuaidh,

Avants-Monts (aired 753 m) ó dheas,

Monts d’Orb agus Escandorgue anoir siar.

Tá an réigiún seo i gcianiarthar Cévennes, arb é Montagne Noire an chuid is faide siar de. Síneann trí ghleann feadh na bpríomhéasc (Orb, Mare agus Jaur) trí na sléibhte rud a léiríonn imlínte géara na rilífe. Tá roinnt substráití éagsúla i nGleann Uachtarach Orb. Tá sé lonnaithe i limistéar na mbristeacha geolaíocha i réigiún Cévennes taobh thuaidh den Massif Central.

Tá na hithreacha éagsúil i dtéarmaí a gcomhdhéanaimh cheimicigh agus a n-uigeachta. Sainaithníodh seacht n-aonad ithreach agus tírdhreacha (i dtéarmaí fánaí, doimhneachtaí agus clochachta), áit a mbíonn iompar na bhfíniúnacha aonfhoirmeach: ardchláir anuas ar fhoirmíochtaí bolcánacha, cnoic anuas ar shubstráití meiteamorfacha, fánaí anuas ar ghaineamhchloch agus marla, limistéar ‘Ruffes du Lodévois’ (ithir dhearg), ardchláir agus cnoic chailcrigh, mánna snaíochair le déanaí, agus gaineamhchloch aigéadach.

Ó thaobh aeráide, tá méisea-aeráid chaolaithe na Meánmhara ag an nGleann Uachtarach Orb. Tá na saintréithe seo a leanas ag an gcuid is mó den limistéar fíonsaothrúcháin:

leibhéil éagsúla taise, ag fáil idir 800 agus 1 200 mm uisce in aghaidh na bliana;

fíniúnacha suite i limistéar atá ‘idir fionnuar agus fuar’, ina mbíonn suim na dteochtaí gníomhacha níos lú ná 1 350o le linn séasúr fáis na fíniúna.

Níl aon srianta luatha uisce. Bíonn srianta uisce measartha ann nuair a bhíonn na fíniúnacha aibí.

Mar réigiún sléibhtiúil ina bhfuil an iliomad tailte éagsúla ó ghleann amháin nó fána amháin go dtí ceann eile, is saintréith an limistéar táirgthe í an aeráid tipiciúil samhraidh. Malartaíonn laethanta teo le hoícheanta fuara ar feadh thimthriall forbartha agus aibithe na bhfíonchaor. Leis an raon teirmeach sainiúil seo is féidir aibiú láidir a bheith ann mar gheall ar na meánteochtaí ardaithe, agus caomhnaíonn na teochtaí ísle i rith na hoíche na dea-bholaithe agus an aigéadacht, rud a fhágann gurb ann d’fhíonta a mbíonn úire agus léiriú aramatach acu.

8.2.   Sainiúlacht an táirge

Tugadh fíniúnacha isteach sa réigiún sna cianta cairbreacha. Faoi na Meánaoiseanna, bhí na manaigh sna mainistreacha Joncels agus Villemagne, bardais sa limistéar TGFC, ag forbairt fíonghort ar fhánaí de Ghleann Uachtarach Orb.

Bhí talmhaíocht sna cantúin ardtailte áfach fós éagsúlaithe agus dírithe ar chothú: feirmeoireacht beostoic, roinnt barr, castáin agus fíniúnacha.

Ba é sa 19ú céad, nuair a forbraíodh mianadóireacht, a thosaigh roinnt mhaith mianadóirí dáileachtaí fíonghort beaga a shaothrú, ag cuidiú dá réir sin fíonsaothrú a fhorbairt sa limistéar áitiúil.

Níos déanaí, d’fhorbair táirgeoirí a raibh fonn orthu freastal ar éileamh tomhaltóirí nua táirgeadh fíonta a raibh léiriú aramatach iontach acu.

Tá cáilíocht agus saintréithe suntasacha na bhfíonta rathaithe ag na coinníollacha táirgthe dochta.

Tugadh aitheantas do ‘Vin du pays de la Haute Vallée de l’Orb’ leis an bhForaithne an 5 Aibreán 1982. Tá thart ar dheichniúr déantóirí fíona ann faoi láthair a tháirgeann 5 000 heictilítir fíonta dearga, rosé agus geala, a ndéantar an chuid is mó díobh a bhuidéalú sa limistéar táirgthe.

I gcomparáid leis na fíonta a tháirgtear in áiteanna níos faide ó dheas agus ag airde níos ísle, nochtar le linn ócáidí blaiste go mbaineann dea-bholaithe níos cumhachtaí de chineálacha éagsúla leis na táirgí: dea-bholaithe torthaíocha agus bláthacha do na fíonta geala, agus dea-bholaithe torthaíocha agus spíosracha ar na fíonta dearga agus rosé. Tá an aigéadacht níos suntasaí, rud a chuireann borradh faoi úire na bhfíonta geala agus leis na fíonta geala agus rosé chun go mbeidh siad giota beag spleodrach. Bíonn dathanna na bhfíonta dearg níos doimhne agus tá struchtúr mín tainniní iontu.

8.3.   Nasc cúisíoch idir sainiúlacht an limistéir gheografaigh agus sainiúlacht an táirge

I dtéarmaí ginearálta, le dálaí nádúrtha Gleanna Uachtaraigh Orb áirithítear go n-aibíonn na fíniúnacha mar is ceart agus go mbíonn na fíonchaora sláintiúil. Is é an limistéar geografach seo is cúis le saintréithe sonracha uile na bhfíonta.

Áirithítear le héagsúlacht a ithreacha soláthar maith uisce do na fíonghoirt ag gach céim den timthriall fáis. A bhuí leis an suíomh geografach áirithe i sléibhte mean-raoin ina bhfuil éagsúlacht fánaí, neamhchosaintí agus airdí, an limistéir gheografaigh seo, is féidir, le hilchineálacht na miocraeráidí, an bealach ina gcuirtear gach cineál a bharrfheabhsú agus suíomh na dáileachta á chur san áireamh ag an am céanna.

Dá dheasca sin, in athstruchtúrú na bhfíonghort le déanaí, tugadh tús áite do chineálacha de thionscnamh thuaidh nó aigéanach: Ní dhearnadh neamhaird ar Chardonnay B, Viognier B, Sauvignon B, Syrah N, Cabernet Sauvignon N, Cabernet Franc N, Merlot N, Pinot N, na cineálacha a bhaineann níos mó go traidisiúnta leis an Meánmhuir (Clairette B, Muscat à petits grains B, Grenache B agus N, Cinsault N, Carignan N, Mourvèdre N, etc.) ach forchoimeádtar iad le haghaidh na suíomhanna is teo (airde, fána, neamhchosaint). A mhéid a bhaineann le córais treoraíocht fíniúnacha, mar gheall ar an dóchúlacht go mbeadh aibiú deacair i suíomhanna áirithe tá gá le spriocanna táirgeachta iomchuí a shainiú, bunaithe ar mhodhanna oiliúna atá curtha in oiriúint don fhéidearthacht arb iad an aeráid agus an ithir is cúis léi.

In ainneoin na dteaglamaí uile atá ann faoi láthair, bíonn comhghaolú i gcónaí ann idir aeráid na Meánmhara gona héagsúlachtaí suntasacha teochta lae/oíche agus cáilíocht intreach na bhfíonchaor aibí. Bíonn aigéid orgánacha, comhdhúile polaifeanólacha agus réamhtheachtaithe aramatacha díghrádaithe níos lú ná mar a bhíonn siad i suíomhanna ina mbíonn an teocht ard sa samhradh i rith an lae agus istoíche araon. Is féidir go mbeidh struchtúr cothromaithe taitneamhach ag na fíonta a dhéantar dá bharr, rud a thugann le tuiscint go mbíonn siad éadrom.

Toisc gur trí dhíolachán díreach go príomha a dhíoltar na fíonta ‘Haute Vallée de l’Orb’ tá áit speisialta acu i bhforbairt eacnamaíoch na gcantún ardtailte, go háirithe tríd an turasóireacht fíona, rud a thugann ar líon méadaitheach turasóirí gach bliain teacht chun bualadh leis na déantóirí fíona ag a bhfíonlanna agus páirt a ghlacadh sna féilte fíonsaothrúcháin.

9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Creat dlíthiúil:

 

Reachtaíocht náisiúnta

An cineál coinníll bhreise:

 

Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll:

 

An limistéar i ndlúthghaireacht, arna shainiú ag maolú maidir le táirgeadh agus forbairt fíonta, ar fíonta iad ag a bhfuil tásc geografach faoi chosaint ‘Haute Vallée de l’Orb’, áirítear ann na bardais seo a leanas atá comhtheorannach leis an limistéar geografach:

 

Berlou, Brénas, Cabrerolles, Cambon-et-Salvergues, Castanet-le-Haut, Causses-et-Veyran, Caussiniojouls, Ceilhes-et-Rocozels Cessenon, Faugères, Ferrières-Puissarou, Fos, Fraïsse-sur-Agout, Laurens, Lodève, Lavalette, Les Plans, Octon, Mérifons, Montesquieu, Riols, Roqueredonde, Roquessels, Saint-Géniès-de-Varansal, Saint-Nazaire-de-Ladarez, Saint-Pons-de-Thomières, Salasc, Valmascle.

Creat dlíthiúil:

 

Reachtaíocht náisiúnta

An cineál coinníll bhreise:

 

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

 

Féadfar ainm cineáil fíonchaoire amháin nó níos mó a chur leis an tásc geografach faoi chosaint ‘Haute Vallée de l’Orb’.

 

Féadfar na téarmaí ‘primeur’ nó ‘nouveau’ a chur leis an tásc geografach faoi chosaint ‘Haute Vallée de l’Orb’. Forchoimeádtar na téarmaí ‘primeur’ (luath) agus ‘nouveau’ (nua) le haghaidh fíonta socra amháin.

 

Nuair a chuirtear an téarma traidisiúnta ‘Vin de Pays’ in ionad an téarma ‘Indication géographique protégée’ (Tásc Geografach Faoi Chosaint), ní mór lógó TGFC an Aontais Eorpaigh a bheith ar an lipéad.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-70f18729-e4b2-4879-ae2c-5390d5fb9833


(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.