8.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 200/10


Foilsiú iarratais ar leasú ar shonraíocht le haghaidh ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(2023/C 200/08)

Leis an bhfoilseachán seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 2 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.

IARRATAS AR LEASÚ AR AN tSONRAÍOCHT TÁIRGE

‘Açores’

PGI-PT-A1447-AM01

Dáta cur i bhfeidhm: 22.3.2017

1.   Rialacha is infheidhme maidir leis an leasú

Airteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh.°1308/2013 – Modhnú nach mion

2.   Tuairisc agus cúiseanna leis an leasú

2.1.   Faisnéis a bhaineann leis an iarratasóir

Tuairisc: Faisnéis a bhaineann leis an iarratasóir a thabhairt cothrom le dáta.

Cúiseanna: Tá an fhaisnéis as dáta mar sin is gá í a thabhairt cothrom le dáta. Tá gá leis sin chun a áirithiú go ndéanann an tsonraíocht an reachtaíocht is infheidhme a chomhlíonadh agus chun an tuairisc a cuireadh ar fáil cheana a shoiléiriú.

Ranna leasaithe sa doiciméad aonair: Ní bhaineann an leasú seo leis an doiciméad aonair.

Ranna leasaithe sa tsonraíocht táirge: ‘Faisnéis eile’ - Sonraí an iarratasóra.

2.2.   Faisnéis a bhaineann le páirtithe leasmhara

Tuairisc: Faisnéis a bhaineann le páirtithe leasmhara a scriosadh.

Cúiseanna: Mar gheall ar mhíthuiscint, iontráladh sonraí an iarratasóra sa réimse sin trí bhotún. Tá an fhaisnéis sin scriosta anois. Tá gá leis sin chun a áirithiú go ndéanann an tsonraíocht an reachtaíocht is infheidhme a chomhlíonadh agus chun an tuairisc a cuireadh ar fáil cheana a shoiléiriú.

Ranna leasaithe sa doiciméad aonair: Ní bhaineann an leasú seo leis an doiciméad aonair.

Ranna leasaithe sa tsonraíocht táirge: ‘Faisnéis eile’ - Páirtithe leasmhara.

2.3.   Faisnéis a bhaineann le comhlachtaí rialála

Tuairisc: Faisnéis a bhaineann le comhlachtaí rialála a thabhairt cothrom le dáta.

Cúiseanna: Tá an fhaisnéis as dáta mar sin is gá í a thabhairt cothrom le dáta. Tá gá leis sin chun a áirithiú go ndéanann an tsonraíocht an reachtaíocht is infheidhme a chomhlíonadh agus chun an tuairisc a cuireadh ar fáil cheana a shoiléiriú.

Ranna leasaithe sa doiciméad aonair: Ní bhaineann an leasú seo leis an doiciméad aonair.

Ranna leasaithe sa tsonraíocht táirge: ‘Faisnéis eile’ – Faisnéis a bhaineann le comhlachtaí rialála.

2.4.   Faisnéis a bhaineann le húdaráis mhaoirseachta inniúla

Tuairisc: Faisnéis a bhaineann le húdaráis mhaoirseachta inniúla a thabhairt cothrom le dáta.

Cúiseanna: Tá an fhaisnéis as dáta mar sin is gá í a thabhairt cothrom le dáta. Tá gá leis sin chun a áirithiú go ndéanann an tsonraíocht an reachtaíocht is infheidhme a chomhlíonadh agus chun an tuairisc a cuireadh ar fáil cheana a shoiléiriú.

Ranna leasaithe sa doiciméad aonair: Ní bhaineann an leasú seo leis an doiciméad aonair.

Ranna leasaithe sa tsonraíocht táirge: ‘Faisnéis eile’ – Faisnéis a bhaineann le húdaráis mhaoirseachta inniúla.

2.5.   Catagóir táirge - catagóir nua táirgí fíniúna a chur leis

Tuairisc: Cuireadh an chatagóir ‘Fíon súilíneach’ leis.

Cúiseanna: Is é an rún luach eacnamaíoch táirge atá sa réigiún cheana féin a fheabhsú, trí iarratas a dhéanamh ar aitheantas dó faoi TGFC.

Tá an cineál sin táirge, a bhfuil clú air mar gheall ar a cháilíocht agus a shuaithinseacht, á dhéanamh ag na táirgeoirí cheana i gcomhréir leis na cleachtais thraidisiúnta sa réigiún. Leis an gcinneadh an táirge sin a áireamh faoi TGFC ‘Açores’, admhaítear a thábhacht agus a cháilíocht agus an luach a thugann sé do tháirgeoirí.

Ranna leasaithe sa doiciméad aonair: ‘Catagóirí na dtáirgí fíniúna’, ‘Tuairisc ar na fíonta’, ‘Cleachtais fhíoneolaíocha’, ‘Nasc leis an limistéar geografach’ agus ‘Coinníollacha breise’.

Ranna leasaithe sa tsonraíocht táirge: ‘Catagóirí na dtáirgí fíniúna’, ‘Tuairisc ar na fíonta’, ‘Cleachtais fhíoneolaíocha’, ‘Nasc leis an limistéar geografach’ agus ‘Coinníollacha breise’.

2.6.   Catagóir táirge - catagóir nua táirgí fíniúna a chur leis

Tuairisc: Cuireadh an chatagóir ‘Fíon licéir’ leis.

Cúiseanna: Is é an rún luach eacnamaíoch táirge atá sa réigiún cheana féin a fheabhsú, trí iarratas a dhéanamh ar aitheantas dó faoi TGFC.

Tá an cineál sin táirge, a bhfuil clú air mar gheall ar a cháilíocht agus a shuaithinseacht, á dhéanamh ag na táirgeoirí cheana i gcomhréir leis na cleachtais thraidisiúnta sa réigiún. Leis an gcinneadh an táirge sin a áireamh faoi TGFC ‘Açores’, admhaítear a thábhacht agus a cháilíocht agus an luach a thugann sé do tháirgeoirí.

Ranna leasaithe sa doiciméad aonair: ‘Catagóirí na dtáirgí fíniúna’, ‘Tuairisc ar na fíonta’, ‘Cleachtais fhíoneolaíocha’, ‘Nasc leis an limistéar geografach’ agus ‘Coinníollacha breise’.

Ranna leasaithe sa tsonraíocht táirge: ‘Catagóirí na dtáirgí fíniúna’, ‘Tuairisc ar na fíonta’, ‘Cleachtais fhíoneolaíocha’, ‘Nasc leis an limistéar geografach’ agus ‘Coinníollacha breise’.

2.7.   Tuairisc ar fhíonta – catagóir fíona

Tuairisc: Feabhsaíodh agus leasaíodh an tuairisc ar na fíonta.

Cúiseanna: Sainaithníodh gur tuairisc ghinearálta a bhí sa tuairisc a bhí ann roimhe agus nach raibh sí sonrach go leor, mar sin oiriúnaíodh í chun na saintréithe atá comhlachaithe le táirgí a chumhdaítear le TGFC ‘Açores’ a áireamh. Tá gá leis sin chun a áirithiú go ndéanann an doiciméad aonair agus an tsonraíocht an reachtaíocht is infheidhme a chomhlíonadh.

Ranna leasaithe sa doiciméad aonair: ‘Tuairisc ar Fhíonta’ – Catagóir fíona.

Ranna leasaithe sa tsonraíocht táirge: ‘Tuairisc ar Fhíonta’ – Catagóir fíona.

2.8.   Cleachtais fíonsaothrúcháin – Uastáirgeachtaí

Tuairisc: Uastáirgeacht leasaithe go 75 heictilítear; eisceacht scriosta.

Cúiseanna: Laghdaíodh an uastáirgeacht beagáinín chun an figiúr sin a thabhairt i gcomhréir le leibhéil táirgthe atá ann faoi láthair. Is é an rún critéir shoiléire, oibiachtúla a shocrú le haghaidh an pharaiméadair seo, rud a áiritheoidh aonfhoirmeacht agus intuarthacht na ndálaí táirgthe.

Ranna leasaithe sa doiciméad aonair: ‘Cleachtais fhíoneolaíocha’.

Ranna leasaithe sa tsonraíocht táirge: ‘Cleachtais fhíoneolaíocha’.

2.9.   Cleachtais fíonsaothrúcháin - Cleachtais fhíoneolaíocha - Catagóir fíona

Tuairisc: An tréimhse íosta aosaithe a scriosadh mar chleachtas fíoneolaíoch le haghaidh na catagóra Fíona.

Cúiseanna: Ós rud é nach coinníoll é a mbíonn tionchar suntasach aige ar shaintréithe fíona faoi TGFC ‘Açores’, scriosadh an ceanglas íosta aosaithe.

Ranna leasaithe sa doiciméad aonair: ‘Cleachtais fhíoneolaíocha’.

Ranna leasaithe sa tsonraíocht táirge: ‘Cleachtais fhíoneolaíocha’.

2.10.   Príomhchineálacha fíonchaoire – leasú/oiriúnú ar an liosta cineálacha

Tuairisc: Tugadh ainmneacha [na gcineálacha fíonchaoire] i gcomhréir leis an liosta náisiúnta nua. Cineálacha curtha leis: Alicante Bouschet, Alvarinho, Arinto dos Açores, Bastardo, Caladoc, Grenache, Grüner-Veltliner, Loureiro, Malvarisco, Moscatel-Galego Branco, Petit Verdot, Roupeiro-Branco, Sauvignon, Síria, Syrah, Trincadeira, Verdejo, Verdelho Roxo, Vital.

Cúiseanna: Ba ghá na cineálacha atá sainithe maidir le táirge fíonta i réigiún TGFC ‘Açores’ a oiriúnú agus a thabhairt cothrom le dáta chun iad a thabhairt i gcomhréir le creat dlíthiúil nua an liosta náisiúnta cineálacha atá oiriúnach le haghaidh táirgeadh fíona sa Phortaingéil. Cuimsíodh leis sin cineálacha a bhíodh sa léarscáil chineálacha le haghaidh an limistéir gheografaigh, atá ábhartha maidir le saintréithe tháirgí TGFC ‘Açores’ a shainiú. Níl aon athrú ar shaintréithe suntasacha tháirgí TGFC ‘Açores’ i gceist leis an gcuimsiú sin; a mhalairt atá i gceist, is é an éifeacht a bhíonn aige go bhfeabhsaítear iad.

Ranna leasaithe sa doiciméad aonair: ‘Príomhchineálacha fíonchaoire’.

Ranna leasaithe sa tsonraíocht táirge: ‘Príomhchineálacha fíonchaoire’.

2.11.   Nasc leis an limistéar geografach – gach catagóir

Tuairisc: Rinneadh oiriúnú ar an tuairisc ar an nasc leis an limistéar geografach agus feabhsaíodh í.

Cúiseanna: Ós rud é gur aithníodh an tuairisc a bhí ann roimhe ar an nasc ‘Catagóir fíona’ mar thuairisc ghinearálta nach raibh sonrach go leor, agus gur ghá catagóirí nua táirge (Fíon súilíneach agus Fíon licéir) a áireamh sa tuairisc ar an nasc, athscríobhadh ábhar na roinne seo chun na catagóirí táirge go léir a áireamh anois. Leis sin feabhsaítear oibiachtúlacht an ábhair, mar go mbaineann an nasc leis an limistéar geografach leis na catagóirí go léir.

Ranna leasaithe sa doiciméad aonair: ‘Nasc leis an limistéar geografach’.

Ranna leasaithe sa tsonraíocht táirge: ‘Nasc leis an limistéar geografach’.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm an táirge

Na hAsóir

2.   Cineál táisc gheografaigh

TGFC — Tásc Geografach faoi Chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

3.

Fíon licéir

4.

Fíon súilíneach

4.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta

1.   Fíonta geala, fíonta rosé

Fíonta geala – I dtéarmaí cuma don tsúil, bíonn dath glasbhuí nó buí orthu, a éiríonn beagáinín níos tréine tar éis tréimhse aosaithe nó nuair a choiptear sa bhairille iad. Bíonn blasanna torthaíocha agus bláthacha ar na dea-bholaithe, ag brath ar na cineálacha fíniúna a úsáidtear. Tar éis tréimhse áirithe, d’fhéadfadh go dtiocfadh dea-bholaithe an aosaithe agus blas soiléir ocsaídiúcháin orthu. Sa bhéal, is iad a saintréithe aigéadacht mhaith, salandacht, mianracht shoiléir agus cothroime idir aigéadacht agus alcól; féadfaidh blais toite agus ocsaídiúcháin forbairt le haosú.

Fíonta rosé – Bíonn dath an bhradáin nó dath bándearg ar na fíonta rosé, agus dea-bholaithe torthaíocha orthu a mheascann go maith leis an tsalandacht; aigéadacht agus mianracht shuntasach sa bhéal. Fíonta úra a bhíonn iontu de ghnáth agus cothroime iontu idir aigéadacht agus alcól.

Le haghaidh na bparaiméadar anailíseach eile, tá feidhm ag na teorainneacha dlíthiúla atá i bhfeidhm faoi láthair.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

11

Íosmhéid aigéadachta iomláine

46,6  milleachoibhéis in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

18

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

200

2.   Fíonta dearga

Fíonta dearga - Bíonn dath dearg ar na fíonta sin, le dea-bholaithe torthaíocha agus blasanna beagáinín toite. Le haosú téann an blas deataigh i léig agus tagann na dea-bholaithe ón aosú chun tosaigh. Ó thaobh blais, tá siad úr le blasanna beagáinín toite agus cothroime iontu idir tainniní agus alcól.

Le haghaidh na bparaiméadar anailíseach eile, tá feidhm ag na teorainneacha dlíthiúla atá i bhfeidhm faoi láthair.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

11

Íosmhéid aigéadachta iomláine

46,6  milleachoibhéis in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

20

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

150

3.   Fíonta súilíneacha - fíonta geala agus rosé

Bíonn dath buí éadrom ar na fíonta geala súilíneacha. Bíonn dea-bholaithe torthaíochta orthu, le blasanna citris agus mianraigh agus blasanna beagáinín toite. Ag brath ar a n-am aosaithe, féadann dea-bholaithe tóstáilte teacht orthu. Sa bhéal, bíonn siad úr, tirim agus neart aigéadachta, salandachta agus mianrachta iontu, agus baineann tathag agus iarbhlas fada leo. Bíonn mús fíneáilte iontu, agus bolgáin mhíne iontu a mhaireann go fada.

Bíonn dath bándearg, dath chraiceann an oinniúin agus dath seadóige ar na fíonta súilíneacha rosé. Ó thaobh na ndea-bholaithe, is iad na torthaí dearga is treise, agus blasanna mianra iontu freisin. Ag brath ar a n-am aosaithe, féadann dea-bholaithe tóstáilte teacht orthu. Sa bhéal, bíonn siad úr, tirim agus neart aigéadachta, salandachta agus mianrachta iontu, agus baineann tathag agus iarbhlas fada leo. Bíonn mús fíneáilte iontu, agus bolgáin mhíne iontu a mhaireann go fada.

Le haghaidh na bparaiméadar anailíseach eile, tá feidhm ag na teorainneacha dlíthiúla atá i bhfeidhm faoi láthair.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

11

Íosmhéid aigéadachta iomláine

46,6  milleachoibhéis in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

18

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

185

4.   Fíonta súilíneacha – Dearga

Bíonn dath idir dhearg agus dath dearg an rúibín ar na fíonta dearga súilíneacha. Seo a leanas na dea-bholaithe: torthaí dearga, le blasanna toite agus mianra. Ag brath ar a n-am aosaithe, féadann dea-bholaithe tóstáilte teacht orthu. Sa bhéal, bíonn siad úr, tirim, le neart aigéadachta, salandachta agus mianrachta, le blas tainniní, tathag mheasartha agus iarbhlas fada. Bíonn mús fíneáilte iontu, agus bolgáin mhíne a fhoirmítear go tapa.

Le haghaidh na bparaiméadar anailíseach eile, tá feidhm ag na teorainneacha dlíthiúla atá i bhfeidhm faoi láthair.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

11

Íosmhéid aigéadachta iomláine

46,6  milleachoibhéis in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

20

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

185

5.   Fíonta licéir

Bíonn idir dath ómra agus dath donn órga ar na fíonta licéir. Ó thaobh dea-bholaithe, bíonn siad torthaíoch agus féadann siad blasanna meala, caramail, tóstáilte agus toite a áireamh, chomh maith le dea-bholaithe spíosraí de thoradh ar an am a chaitear ag aosú i mbairillí. Sa bhéal, bíonn siad tirim nó measartha tirim, le neart aigéadachta, salandachta, mianrachta, agus tathaig, torthaí triomaithe, toite, gnéithe den mhil agus iarbhlas fada.

Le haghaidh na bparaiméadar anailíseach eile, tá feidhm ag na teorainneacha dlíthiúla atá i bhfeidhm faoi láthair.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

16

Íosmhéid aigéadachta iomláine

46,6  milleachoibhéis in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

30

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

150

5.   Cleachtais fhíoneolaíocha

a.   Cleachtais fhíoneolaíocha fhíor-riachtanacha

1.   Fíonta, fíonta súilíneacha agus fíonta licéir - cleachtais fíonsaothrúcháin agus ithreacha

Modhanna saothraithe

Na modhanna saothraithe a úsáidtear i bhfíonghoirt chun fíonta, fíonta súilíneacha agus fíonta licéir a tháirgeadh a bheadh i dteideal TGFC ‘Açores’, ní mór iad a bheith ina modhanna atá traidisiúnta sa réigiún.

Ní mór fíniúnacha a bheartaítear chun táirgí fíniúna a dhéanamh a bheadh i dteideal TGFC ‘Açores’ a úsáid a chur nó ní mór go mbeidís ag fás cheana in ithreacha lena ngabhann na saintréithe seo a leanas:

Ithreacha liteacha agus liteasail neamh-húmasacha ar shubstráit chomhdhlúite basailt nó carraigeacha cosúla;

Ithreacha donna andasalacha caighdeánacha, atá tanaí nó sáithithe;

Reigeasail agus ithreacha reigealacha díorthaithe ó charraigeacha basailt, carraigeacha traicíte nó ábhar pireaclastach a luíonn ar bhasalt éadomhain;

Ithreacha nó mollasail.

2.   Fíonta - neart alcóil nádúrtha de réir toirte

Srianadh ábhartha maidir leis na fíonta a dhéanamh

Maidir le húrfhíonta a bheartaítear chun fíonta a tháirgeadh a bheadh i dteideal TGFC ‘Açores’ a úsáid ní mór neart alcóil nádúrtha íosta de 10 % de réir toirte a bheith acu.

3.   Fíonta súilíneacha - neart alcóil nádúrtha de réir toirte

Srianadh ábhartha maidir leis na fíonta a dhéanamh

Maidir le húrfhíonta a bheartaítear chun fíonta súilíneacha a tháirgeadh a bheadh i dteideal TGFC ‘Açores’ a úsáid ní mór neart alcóil nádúrtha íosta de 9 % de réir toirte a bheith acu.

4.   Fíonta licéir - neart alcóil nádúrtha de réir toirte

Srianadh ábhartha maidir leis na fíonta a dhéanamh

Maidir le húrfhíonta a bheartaítear chun fíonta licéir a tháirgeadh a bheadh i dteideal TGFC ‘Açores’ a úsáid ní mór neart alcóil nádúrtha íosta 10 % de réir toirte a bheith acu.

5.   Fíonta súilíneacha – modh

Cleachtas fíoneolaíoch sonrach

Is é an modh teicneolaíoch atá le húsáid agus an fíon á dhéanamh ná coipeadh clasaiceach sa bhuidéal.

6.   Fíonta licéir – tréimhse aosaithe

Cleachtas fíoneolaíoch sonrach

Déantar fíonta licéir a aosú ar feadh 12 mhí ar a laghad.

7.   Fíonta licéir – an modh táirgthe

Déantar fíonta licéir faoi TGFC ‘Açores’ d’úrfhíon fíonchaor a chomhlíonann na coinníollacha le haghaidh táirgeadh fíonta atá i dteideal TGFC ‘Açores’ a úsáid, a fhéadfar alcól neodrach fíona nó driogáit fíona a chur leo ar choinníoll go n-urramaítear na saintréithe atá leagtha síos sa reachtaíocht is infheidhme.

b.   Táirgeacht uasta

Fíonta TGFC ‘Açores’, fíonta súilíneacha agus fíonta licéir

75 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Tá an limistéar geografach ina dtáirgtear fíonta TGFC ‘Açores’ déanta suas de na hoileáin go léir in oileánra na nAsór.

7.   Príomhchineál(acha) fíonchaor

 

Agronómica

 

Alicante-Bouschet

 

Alvarinho

 

Aragonez - Tinta-Roriz; Tempranillo

 

Arinto - Pedernã

 

Arinto-dos-Açores - Terrantez-da-Terceira

 

Bastardo - Graciosa

 

Bical - Borrado-das-Moscas

 

Cabernet-Franc

 

Cabernet-Sauvignon

 

Caladoc

 

Castelão - João-de-Santarém(1); Periquita

 

Chardonnay

 

Complexa

 

Fernão-Pires - Maria-Gomes

 

Galego -Dourado

 

Generosa

 

Gewürztraminer

 

Gouveio

 

Grenache

 

Grüner-Veltliner

 

Loureiro

 

Malvarisco

 

Malvasia

 

Malvasia-Fina - Boal; Bual

 

Merlot

 

Moscatel-Galego-Branco - Muscat-à-Petits-Grains

 

Moscatel-Graúdo - Moscatel-de-Setúbal

 

Petit-Verdot

 

Pinot-Gris - Pinot-Grigio

 

Pinot-Noir

 

Riesling

 

Rio-Grande

 

Roupeiro-Branco

 

Rufete - Tinta-Pinheira

 

Sauvignon - Sauvignon-Blanc

 

Seara-Nova

 

Sercial - Esgana-Cão

 

Syrah - Shiraz

 

Síria - Roupeiro, Códega

 

Terrantez-do-Pico

 

Tinta -Barroca

 

Tinta Negra Mole, Saborinho

 

Touriga-Franca

 

Touriga-Nacional

 

Trincadeira - Tinta-Amarela, Trincadeira-Preta

 

Tália - Ugni-Blanc; Trebbiano-Toscano

 

Verdejo

 

Verdelho

 

Verdelho-Roxo

 

Vinhão - Sousão

 

Viosinho

 

Vital

8.   Tuairisc ar an nasc (na naisc)

Fíonta TGFC ‘Açores’, fíonta súilíneacha agus fíonta licéir

Mionsonraí faoin limistéar geografach is ábhartha maidir leis an nasc

Baineann na sonraí sin le fíonta, fíonta licéir agus fíonta súilíneacha.

Tosca nádúrtha

Is de bhunús bolcánach oileánra na nAsór agus é suite san Atlantach ag fad 1 600 km siar ó chósta mhórthír na Portaingéile.

Tá an t-oileánra déanta suas de 9 n-oileán, a bhfuil achar idir 17 agus 749 km2 orthu, áit a dtrasnaíonn na plátaí teicteonacha Meiriceánacha, Eorpacha agus Afracacha a chéile.

Tá aeráid mhuirí mheasartha ag oileánra na nAsór le teochtaí séimhe idir 16 °C sa gheimhreadh agus 26 °C sa samhradh.

Mar gheall ar thionchar Shruth na Murascaille, bíonn teocht na farraige séimh freisin, agus é idir 14 agus 22 °C ar an meán.

Bíonn sé grianmhar ar feadh 3 nó 4 uair an chloig in aghaidh an lae sa gheimhreadh agus ar feadh 7 nó 8 n-uair an chloig in aghaidh an lae sa samhradh.

Bíonn sé ag cur báistí ar leibhéil éagsúla ar feadh na bliana, agus an bháisteach níos troime agus níos seasmhaí de ghnáth idir mí Dheireadh Fómhair agus mí an Mhárta. I ngach ceann de na míonna sin, sáraíonn an mheánbháisteach 100 mm agus bíonn sé ag cur báistí ar feadh thart ar 20 lá in aghaidh na míosa. Is gnách go dtiteann an bháisteach sna hAsóir i bhfoirm ceathanna a fhéadann a bheith trom uaireanta. Bíonn an bhogthaise choibhneasta aeir (meán bliantúil) ag thart ar 75 %.

De thoradh na n-aermhaiseanna ag bualadh faoina cheile, tá an ghaoth ina saintréith shuntasach den aeráid ar fud oileánra na nAsór. Is é is cúis leis sin an bhogthaise agus an tsalandacht a ghabhann léi, a shainítear ar bhealach ag an tír-raon agus an ghné den rilíf ar gach ceann de na hoileáin sin.

Mar gheall ar a mbunús geolaíoch bolcánach atá réasúnta deireanach, tá na hithreacha éadomhain agus flúirse eilimintí garbha (púróga) iontu, agus foirmítear go príomha iad ar charraigeacha basaltacha, traicíte agus aindéisíte.

Tosca daonna

Téann fíonsaothrú in oileánra na nAsór siar go dtí an tréimhse a tháinig lonnaitheoirí chun cónaí ann i lár an 15ú céad. Meastar gur bráithre Proinsiasacha a thug fíniúnacha isteach. Ón uair a tháinig siad chuig an gcríoch, thug na manaigh sin faoi deara go raibh cosúlachtaí idir na dálaí ithreach agus aeráide sa tSicil agus roinnt oileán san oileánra. Mar thoradh air sin thóg siad isteach cineálacha as an Iodáil, Verdelho go háirithe, a scaip go tapa.

Ón tús, ba ghá na limistéir ba mhó a bhí nochta do dhrochthionchar na ngaoth ón Atlantach a chur in oiriúint le go bhféadfaí na fíniúnacha a fhás. Múnlaíodh an tírdhreach leis sin, agus tógadh ‘currais’ nó ‘curraletas’ (dáileachtaí talún a críochaíodh le ballaí cloiche tirime). Bhí dhá chuspóir acu siúd: clocha iomarcacha a bhaint de na hithreacha agus cosaint a thabhairt ar an ngaoth.

D’aithin UNESCO an tírdhreach daonnúil sainiúil sin, a cruthaíodh mar gheall ar an ngá leis na fíonghoirt a chosaint ar na gaotha Atlantacha, mar Thírdhreach Cultúrtha Oidhreachta Domhanda.

Baineann saintréithe sonracha na dtáirgí leis an limistéar geografach:

 

Fíonta, fíonta licéir agus fíonta súilíneacha

Táirgí iad fíonta, fíonta súilíneacha agus fíonta licéir TGFC ‘Açores’ a roinneann saintréithe uathúla, sainiúla, go háirithe a n-úire, a salandacht, a mianracht, a n-aigéadacht mhaith agus a ndea-bholaithe torthaíocha.

Nasc leis an limistéar geografach:

 

Fíonta, fíonta licéir agus fíonta súilíneacha

Tá dálaí sonracha an limistéir gheografaigh ríthábhachtach ó thaobh na saintréithe sainiúla a ghabhann le táirgí fíniúna TGFC ‘Açores’ a chinneadh.

Cuidíonn na leibhéil arda báistí agus bogthaise le haibiú na bhfíonchaor céim ar chéim, agus ar an mbealach sin cuireann siad le haigéadacht agus úire shuntasach fhíonta, fhíonta súilíneacha agus fhíonta licéir TGFC ‘Açores’.

Mar gheall ar an ábhar garbh san ithir méadaítear frithchaitheamh an teasa, rud atá fabhrach d’aibiú na bhfíonchaor agus léiriú na gcomhdhúl aramatach sna cineálacha fíonchaoire, as a dtagann fíonta, fíonta súilíneacha agus fíonta licéir a mbíonn dea-bholaithe sainiúla orthu.

Is iad na hithreacha bolcánacha, in éineacht leis an tionchar láidir Atlantach mar gheall ar shuíomh an oileáin, a thugann an mhianracht agus an tsalandacht atá mar shaintréith ag táirgí fíniúna TGFC ‘Açores’.

Tá an toisc dhaonna, lena gcaomhnaítear an traidisiún atá ann ar feadh na n-aoiseanna, léirithe i dtógáil na ndáileachtaí (ar a dtugtar ‘currais’ agus ‘curraletas’), atá ríthábhachtach chun na fíniúnacha a chosaint ar nochtadh do na gaotha Atlantacha agus chun na dálaí fáis is fearr a chruthú le haghaidh na bhfíniúnacha, rud lena mbaineann tábhacht mhór ó thaobh na dálaí cearta a áirithiú le go bhféadann na fíonchaora aibiú, chomh maith le cur le cothroime na ndea-bholaithe sna fíonta, sna fíonta súilíneacha agus sna fíonta licéir a tháirgtear.

9.   Coinníollacha fíor-riachtanacha breise

Fíonta TGFC ‘Açores’, fíonta súilíneacha agus fíonta licéir

Creat dlíthiúil:

Sa reachtaíocht náisiúnta

An cineál coinníll bhreise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Measúnú ar lipéadú roimh chur ar an margadh.

Léiriú éigeantach ar an lipéad atá sa mharc.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://www.ivv.gov.pt/np4/8616.html


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.