8.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 200/2


Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh

(2023/C 200/02)

De bhun Airteagal 9(1)(a) de Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 (1) ón gComhairle, leasaítear leis seo na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh (2) mar a leanas:

Ar leathanach 169, sa Nóta Míniúcháin a ghabhann leis an gceannteideal AC ‘3004 Íoca leighis (seachas earraí atá faoi cheannteideal 3002, 3005 nó 3006) arb é atá iontu táirgí measctha nó táirgí neamh-mheasctha chun úsáidí teiripeacha nó próifiolacsacha, atá cóirithe ina ndáileoga tomhaiste (lena n-áirítear iad siúd atá i bhfoirm córas riarachán trasdeirmeach) nó i bhfoirmeacha nó i bpacáistí lena miondíol’ , scriostar an séú agus an seachtú mír agus an tábla agus a fhotheideal ina dhiaidh sin agus cuirtear an méid seo a leanas ina ionad:

‘Áirítear leis an gceannteideal, inter alia, ullmhóidí ina bhfuil cainníocht leordhóthanach de shubstaintí gníomhacha in aghaidh na dáileoige laethúla (e.g. hormóin nó comhfhachtóirí) chun éifeachtaí teiripeacha nó próifiolacsacha in aghaidh galar nó breoiteacht shonrach a sholáthar. Is ar an lipéad, an pacáistiú nó sna treoracha don úsáideoir a ghabhann le táirgí den sórt sin atá an dáileog laethúil mholta le feiceáil.

Is ar an Innéacs de Cheimiceáin Theiripeacha Anatamaíocha (innéacs WHO ATC-DDD) (https://www.whocc.no/atc_ddd_index/), arna fhorbairt ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS), a thaispeántar an Dáileog Laethúil Shainithe (DDD) lena sholáthraítear éifeacht theiripeach nó phróifiolacsach nuair a úsáidtear í i gcainníochtaí atá cothrom na méideanna a liostaítear san innéacs sin nó níos mó ná na méideanna sin.

Is sa tábla seo a leanas a thaispeántar an DDD le haghaidh na substaintí a liostaítear:

Ainm na substainte gníomhaí

Dáileog Laethúil Shainithe

Aonad

Bealach riartha

aigéad α-liopóch nóaigéad alfa-liopóch

0,6

g

tríd an mbéal

0,6

g

ullmhóid phaireintreach

Sulfáit ghlúcósaimín

1,5

g

tríd an mbéal

Léabhacarnaítín

2

g

tríd an mbéal

2

g

ullmhóid phaireintreach

Lovastatinum

45

mg

tríd an mbéal

Meileatoinin

2

mg

tríd an mbéal

N-aicéitilcistéin

0,5

g

tríd an mbéal

Iohimbín

15

mg

tríd an mbéal’


(1)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

(2)  IO C 119 29.3.2019, lch. 1 arna leasú le IO C 248, 24.7.2019, lch. 3.